This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1348
Regulation (EU) 2024/1348 of the European Parliament and of the Council of 14 May 2024 establishing a common procedure for international protection in the Union and repealing Directive 2013/32/EU
Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE
Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE
PE/16/2024/REV/1
IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
27/02/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1348 |
22.5.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1348 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Bealtaine 2024
lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), pointe (d), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is cuspóir don Rialachán seo socruithe nós imeachta na mBallstát a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí nós imeachta coiteann a bhunú le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déantar líon áirithe athruithe substainteacha ar Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ba cheart an Treoir a aisghairm agus Rialachán a chur ina hionad. Ba cheart tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. |
|
(2) |
Tá comhbheartas ar thearmann atá bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán agus cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), ina chuid dhílis de chuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile atá oscailte do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a lorgaíonn cosaint san Aontas. Ba cheart an beartas sin a bheith rialaithe ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear a impleachtaí airgeadais, i measc na Ballstáit. |
|
(3) |
Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET) bunaithe ar chaighdeáin choiteanna maidir le nósanna imeachta tearmainn, aitheantas agus cosaint a thugtar ar leibhéal an Aontais agus dálaí glactha agus bunaítear leis córas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta i bhforbairt CET, tá neamhréireachtaí suntasacha ann fós idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta a mbaintear úsáid astu, na rátaí aitheantais, an cineál cosanta a thugtar, leibhéal na ndálaí glactha ábharacha agus na sochair a thugtar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. Cúis mhór le gluaiseacht thánaisteach iad na neamhréireachtaí sin agus baineann siad an bonn den chuspóir chun a áirithiú go gcaitear, in CET, le gach iarratasóir go cothrom cibé áit a ndéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas. |
|
(4) |
I dteachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Towards a Reform of the Common European Asylum System and Enhancing Legal Avenues to Europe’ [I dtreo Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus Bealaí Dlíthiúla chun an Eoraip a Fheabhsú], leag an Coimisiún amach réimsí tosaíochta inar cheart CET a fheabhsú ó thaobh struchtúir de, eadhon córas inbhuanaithe cóir a bhunú chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, córas Eurodac a threisiú, cóineasú níos fearr a bhaint amach sa chóras tearmainn, gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas a chosc agus sainordú feabhsaithe le haghaidh Ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh um Thearmann arna bunú le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘an Ghníomhaireacht um Thearmann’). Tá an teachtaireacht sin i gcomhréir le héileamh na Comhairle Eorpaí an 18-19 Feabhra 2016 dul chun cinn a dhéanamh maidir le creat reatha an Aontais a athchóiriú chun beartas tearmainn atá daonna, cóir agus éifeachtach a áirithiú. Moltar sa teachtaireacht sin chomh maith bealach chun cinn i gcomhréir leis an gcur chuige iomlánaíoch maidir leis an imirce arna leagan amach ag Parlaimint na hEorpa i rún uaithi an 12 Aibreán 2016 maidir leis ‘An staid sa Mheánmhuir agus an gá atá le cur chuige iomlánaíoch ón Aontas i leith na himirce’. |
|
(5) |
Ar mhaithe le dea-fheidhmiú CET, ba cheart dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh maidir le cóineasú na gcóras náisiúnta tearmainn. Ba cheart nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar is infheidhme i ngach Ballstát de bhun Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur in ionad na nósanna imeachta tearmainn éagsúla atá ag gach Ballstát faoi láthair, chun tráthúlacht agus éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú. Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar iarratais a dhéanann náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar chosaint idirnáisiúnta i nós imeachta atá á rialú ag na rialacha céanna, gan beann ar an mBallstát ina dtaisctear an t-iarratas chun cothromas sa chaoi ina ndéileálfar le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don iarratasóir aonair. |
|
(6) |
Ba cheart comhchuibhiú agus cóineasú na gcóras náisiúnta tearmainn a bhaint amach gan cosc a chur ar na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil i gcás ina ndéantar foráil don mhéid sin sa Rialachán seo. |
|
(7) |
Le nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, ba cheart teorainn a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta idir na Ballstáit, i gcás inar dhifríochtaí idir creata dlíthiúla ba chúis leis na gluaiseachtaí sin, trí nósanna imeachta a chuíchóiriú agus trí chearta agus oibleagáidí na n-iarratasóirí mar aon leis na hiarmhairtí a leanann neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin a shoiléiriú, agus coinníollacha coibhéiseacha a chruthú chun Rialachán (AE) 2024/1347 a chur i bhfeidhm sna Ballstáit. |
|
(8) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanfar ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear na hiarratais sin a dhéanfar ag an teorainn sheachtrach, ar an bhfarraige theorann nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát, agus maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar. Daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu agus atá i láthair ar fharraige theorann Ballstáit, ba cheart iad a dhíbhordáil agus scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratais i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta i nós imeachta ina scrúdófar an gcáilíonn na hiarratasóirí mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347. I dteannta na cosanta idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit freisin stádais dhaonnúla náisiúnta eile a dheonú faoina ndlí náisiúnta dóibh siúd nach gcáilíonn do stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí. Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta i mBallstáit, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin ar iarratais ar aon chineál eile cosanta den sórt sin. |
|
(10) |
Maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag oibleagáidí faoi na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad. |
|
(11) |
Ba cheart é a bheith indéanta acmhainní an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais (‘na Cistí’), a shlógadh chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear úsáid na gCistí ábhartha agus gan dochar do thosaíochtaí eile a dtacaíonn na Cistí leo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as na leithdháiltí faoina gcláir faoi seach, lena n-áirítear na méideanna a chuirtear ar fáil tar éis an athbhreithnithe meántéarma. Is féidir, go háirithe, tacaíocht airgeadais ó na Cistí a chuirtear ar fáil faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a thabhairt do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit chun acmhainneacht leordhóthanach a chur i bhfeidhm chun an nós imeachta teorann a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht bhreise a chur ar fáil faoi na saoráidí téamacha, go háirithe do na Ballstáit sin a bhféadfadh sé go mbeadh orthu a n-acmhainneachtaí a mhéadú ag na teorainneacha seachtracha nó a bhfuil brú ar leith orthu nó riachtanais shonracha acu a bhaineann lena gcórais tearmainn agus ghlactha agus lena dteorainneacha seachtracha. |
|
(12) |
Ba cheart do Ghníomhaireacht um Thearmann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá riachtanach a sholáthar do na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go háirithe trí shaineolaithe a sholáthar chun cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus a chlárú agus chun cuidiú leis an údarás cinntitheach i ndéanamh a chúraimí lena n-áirítear maidir leis an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus trí fhaisnéis atá cothrom le dáta agus anailís a chur ar fáil maidir le tríú tíortha, lena n-áirítear faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus treoraíocht faoin staid i dtíortha tionscnaimh sonracha. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht um Thearmann a chur san áireamh. |
|
(13) |
Ar mhaithe leis na daoine sin a bhfuil cosaint de dhíth orthu a shainaithint i gceart mar dhídeanaithe de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive nó mar dhaoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach, ba cheart rochtain éifeachtach ar an nós imeachta a bheith ag gach iarratasóir, chomh maith leis an deis comhoibriú go hiomlán agus cumarsáid chuí a dhéanamh leis na húdaráis inniúla chun, go háirithe, fíorais ábhartha a cháis nó a cáis a chur i láthair, agus ráthaíochtaí nós imeachta ar leor iad chun leanúint dá chás nó dá cás trí chéimeanna uile an nós imeachta. |
|
(14) |
Ba cheart deis éifeachtach a thabhairt don iarratasóir na heilimintí uile atá ar fáil dó nó di, lena dtugtar bunús leis an iarratas nó atá ábhartha do na nósanna imeachta i gcomhréir leis an Rialachán seo, a chur faoi bhráid na n-údarás inniúla. Ar an ábhar sin, ba cheart an ceart a bheith ag an iarratasóir, faoi réir eisceachtaí teoranta, éisteacht a fháil trí agallamh pearsanta maidir le hinghlacthacht nó tuillteanais a iarratais nó a hiarratais, de réir mar is iomchuí. Mura bhfuil an t-iarratasóir in ann freastal ar an agallamh pearsanta, d’fhéadfadh na húdaráis a iarraidh ar an iarratasóir deimhniú leighis a chur ar fáil. Chun ceart éifeachtach a bheith sa cheart chun agallaimh phearsanta, ba cheart cúnamh ateangaire a bheith ag an iarratasóir i gcás inar gá sin chun cumarsáid iomchuí a áirithiú agus ba cheart an deis a thabhairt dó nó di míniú a thabhairt ar a iarratas nó ar a hiarratas ar bhealach cuimsitheach. Ba cheart dóthain ama a thabhairt don iarratasóir ullmhú agus dul i gcomhairle lena chomhairleoir nó lena comhairleoir dlí nó le comhairleoir eile a ghlactar nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta chun comhairle dlí a thabhairt (‘an comhairleoir dlí’) nó duine ar a gcuirtear de chúram comhairleoireacht dhlíthiúil a thabhairt. Le linn an agallaimh, ba cheart cead a bheith ag an iarratasóir cúnamh a fháil ón gcomhairleoir dlí. Ba cheart an t-agallamh pearsanta a dhéanamh faoi choinníollacha lena n-áirithítear príobháideacht agus rúndacht iomchuí agus ba cheart baill foirne atá oilte agus inniúil go hiomchuí é a dhéanamh, lena n-áirítear más gá, saineolaithe arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht um Thearmann nó baill foirne ó údaráis Ballstát eile. I gcás ina bhfágfar an t-agallamh maidir le tuillteanais ar lár, d’fhonn rochtain thapa ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart nár dhochar é sin don oibleagáid scrúdú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1347 chun stádas dídeanaí a fháil sula scrúdófar an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le cosaint choimhdeach a fháil. Ós rud é gur cuid riachtanach é an t-agallamh pearsanta den scrúdú ar an iarratas, ba cheart an t-agallamh a thaifeadadh agus ba cheart rochtain a thabhairt do na hiarratasóirí, dá n-ionadaithe agus dá gcomhairleoirí dlí ar an taifead nó na tras-scríbhinní den agallamh sin a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, i gcás ar bith, in am trátha sula ndéanann an t-údarás cinntitheach cinneadh. |
|
(15) |
Cuid riachtanach de nós imeachta tearmainn atá éifeachtach agus cothrom is ea an t-agallamh pearsanta. D’fhonn timpeallacht optamach cumarsáide a áirithiú, ba cheart tús áite a thabhairt d’agallaimh i láthair go pearsanta, agus ba cheart gurb eisceacht a bheadh sna cianagallaimh trí fhíschomhdháil. Cé is moite de bhreithnithe sláinte poiblí, d’fhéadfadh forais dhlisteanacha a bheith ann go mbeadh ar an údarás cinntitheach dul i muinín cianagallamh trí fhíschomhdháil, mar shampla i gcás ina bhfágann leochaileachtaí nach féidir le hiarratasóirí tearmainn taisteal nó go mbeadh sé deacair air nó uirthi taisteal i ngeall ar chúiseanna sláinte nó teaghlaigh, agallaimh a dhéanamh le hiarratasóirí atá faoi choinneáil nó i gcríocha thar lear, nó i gcásanna ina bhfuil gá le rannpháirtíocht chianda ateangaire ag a bhfuil sainscileanna ateangaireachta. I gcás cianagallaimh, ba cheart a cheangal ar an údarás cinntitheach gach coimirce nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm i gcás agallaimh i láthair go pearsanta a chur i bhfeidhm chun príobháideacht agus rúndacht a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt ar chosaint sonraí. Ba cheart oiriúnacht úsáid an chianagallaimh trí fhíschomhdháil a mheas ar bhonn aonair roimh an agallamh toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh cianagallaimh oiriúnach do gach iarratasóir ar thearmann i ngeall ar a aois óg nó a haois óg, lagú amhairc nó éisteachta a bheith aige nó aici, nó staid a mheabhairshláinte nó a meabhairshláinte, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha áirithe, amhail íospartaigh na céastóireachta nó iarratasóirí a bhfuil tráma orthu. Ba cheart leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dheacrachtaí teicneolaíochta a d’fhéadfadh tionchar suaiteach a bheith acu ar an agallamh, a bhféadfadh taifead neamhiomlán nó dothuigthe a bheith mar thoradh orthu nó a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar stóráil agus aisghabháil an taifeadta. |
|
(16) |
Is chun leasa na mBallstát agus na n-iarratasóirí araon go bhfaigheann iarratasóirí, ag céim an-luath, faisnéis chuimsitheach maidir leis an nós imeachta atá le leanúint agus maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí. De bhreis air sin, is bunriachtanach é a áirithiú go ndéantar riachtanais cosanta idirnáisiúnta a shainaithint i gceart ag céim an nós imeachta riaracháin féin trí fhaisnéis agus tacaíocht dlí de dhea-cháilíocht a sholáthar sa dóigh gur éifeachtúla an chinnteoireacht agus gur fearr cáilíocht na cinnteoireachta. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a bheith ina gcuid dhílis den nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Ba cheart, comhairleoireacht dlí saor in aisce a chur ar fáil d’iarratasóirí le linn an nós imeachta riaracháin, arna iarraidh sin dóibh, a luaithe is féidir tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith cláraithe. Thairis sin, chun cosaint éifeachtach ar chearta an iarratasóra a áirithiú, go háirithe an ceart chun cosanta agus prionsabal na cothroime, ba cheart, arna iarraidh sin dóibh agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a chur ar fáil d’iarratasóirí sa nós imeachta achomhairc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin maidir le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce le linn an nós imeachta riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
|
(17) |
D’fhéadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth ar iarratasóirí áirithe mar thoradh ar, inter alia, a n-aois, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne, ar mhíchumas, breoiteacht nó neamhoird thromchúiseacha fhisiciúla nó mheabhracha, lena n-áirítear nuair is de thoradh an chéasta, an éignithe nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiciúil, gnéasach nó bunaithe ar inscne an bhreoiteacht nó na neamhoird sin. Is gá a mheasúnú i leith aon iarratasóra aonair an bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air nó uirthi. |
|
(18) |
Maidir le baill foirne ábhartha údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis an liachleachtóir nó an síceolaí a dhéanann an measúnú ar an ngá le sainráthaíochtaí nós imeachta, ba cheart iad a bheith oilte go hiomchuí chun comharthaí leochaileachta a bhrath i dtaca le hiarratasóirí a bhféadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth orthu agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin nuair a shainaithnítear iad. |
|
(19) |
Ní dochar an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2303, a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann a fhorbairt. |
|
(20) |
Maidir le hiarratasóirí a shainaithnítear mar iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu, ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt dóibh chun na dálaí is gá a chruthú le haghaidh fíor-rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta. I gcás nach féidir tacaíocht iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann, ba cheart iarratasóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air nó uirthi a dhíolmhú ó na nósanna imeachta sin. |
|
(21) |
D’fhonn comhionannas substainteach idir iarratasóirí baineanna agus fireanna a áirithiú, ba cheart do na nósanna imeachta scrúdaithe a bheith íogair ó thaobh inscne de. Go háirithe, ba cheart agallaimh phearsanta a eagrú ar shlí a chuireann ar a gcumas d’iarratasóirí baineanna agus fireanna labhairt go hoscailte faoina n-eispéiris san am atá thart, lena n-áirítear i gcásanna a bhaineann le géarleanúint bunaithe ar inscne, féiniúlacht inscne nó gnéaschlaonadh. Chun na críche sin, ba cheart deis éifeachtach a thabhairt do na hiarratasóirí agallamh a dhéanamh ar leithligh óna nuachar, páirtí nó baill teaghlaigh eile. Arna iarraidh sin ag an iarratasóir agus i gcás inar féidir, ba cheart rogha a bheith ag an iarratasóir maidir le hinscne na n-agallóirí agus na n-ateangairí. Ba cheart castacht na n-éileamh a bhaineann le hinscne a chur san áireamh go cuí le linn gach nós imeachta. |
|
(22) |
I gcás ina bhfuil gá agus údar cuí leis chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann a chur de cheangal go ndéanfaí an t-iarratasóir nó giuirléidí an iarratasóra a chuardach. D’fhéadfadh gléasanna leictreonacha ar nós ríomhairí glúine, ríomhairí táibléid nó fóin phóca a bheith san áireamh ar na giuirléidí sin. Ba cheart aon chuardach den sórt sin a dhéanamh ar shlí a n-urramaíonn cearta bunúsacha agus prionsabal na comhréireachta. |
|
(23) |
Ba cheart leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus Coinbhinsiún 1989 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Agus leas an linbh á mheas, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, dea-bhail agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, lena n-áirítear a chúlra nó a cúlra, a chur san áireamh. I bhfianaise Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh i dtaca le ceart an linbh éisteacht a fháil, ba cheart don údarás cinntitheach an fhéidearthacht a thabhairt do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh, ach amháin mura bhfuil sé sin chun leasa an linbh. Ba cheart don údarás cinntitheach agallamh pearsanta a eagrú do mhionaoiseach agus aois agus aibíocht an mhionaoisigh go háirithe á gcur san áireamh. |
|
(24) |
Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le náisiúntacht ná don fhíoras, faoin dlí idirnáisiúnta, gur faoi na Ballstáit atá sé, ag féachaint go cuí do dhlí an Aontais, na coinníollacha a leagan síos maidir le náisiúntacht a fháil agus a chailliúint, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí idirnáisiúnta i leith daoine gan stát a urramú, i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta dlí um chearta an duine, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faoin gCoinbhinsiún i dtaobh Stádas Daoine gan Stát, a glacadh i Nua-Eabhrac an 28 Meán Fómhair 1954. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh daoine gan stát a shainaithint agus a gcosaint a neartú, sa chaoi go mbeidh daoine gan stát in ann leas a bhaint as príomhchearta bunúsacha agus go laghdófaí riosca an idirdhealaithe nó na córa neamh-chomhionainne. |
|
(25) |
I gcás ina gcinntear, tar éis measúnú críochnúil a bheith déanta ag na húdaráis inniúla náisiúnta, go bhfuil an t-iarratasóir ina chontúirt nó ina contúirt don tslándáil náisiúnta nó don bheartas poiblí, go háirithe i ndáil le coireanna tromchúiseacha nó sceimhlitheoireacht, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann eisceacht a dhéanamh i dtaca le ceart an iarratasóra fanacht ar a chríoch le linn an nós imeachta riaracháin, ar choinníoll nach mbeidh sé mar thoradh ar an eisceacht sin go n-aistreofar an t-iarratasóir go tríú tír de shárú ar phrionsabal an non-refoulement. |
|
(26) |
Leis an nós imeachta coiteann, déantar cuíchóiriú ar na teorainneacha ama don duine aonair aontú don nós imeachta agus don údarás cinntitheach scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Ó tharla go bhféadfadh an chontúirt a bheith ann go gcuirfeadh líon díréireach iarratas, arna ndéanamh taobh istigh den tréimhse chéanna ama, moill ar rochtain ar an nós imeachta agus ar scrúdú na n-iarratas, d’fhéadfadh sé gur gá roinnt solúbthachta chun síneadh a chur leis na teorainneacha ama sin go heisceachtúil ag amanna áirithe. Chun próiseas éifeachtach a áirithiú, áfach, ba cheart síneadh na dteorainneacha ama sin a bheith ina rogha dheiridh de bhrí gur cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar a riachtanais d’fhonn córas tearmainn éifeachtúil a choimeád ar bun, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a ullmhú más gá, agus de bhrí gur cheart don Ghníomhaireacht um Thearmann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá riachtanach a sholáthar do na Ballstáit. I gcás ina measann na Ballstáit nach mbeidh siad in ann na teorainneacha ama atá socraithe a chomhlíonadh, ba cheart dóibh cúnamh a iarraidh ón nGníomhaireacht um Thearmann. I gcás nach ndéantar iarraidh den sórt sin agus, mar thoradh ar an mbrú díréireach, ina n-éiríonn an córas tearmainn i mBallstát neamhéifeachtach maidir le feidhmiú CET, ba cheart don Ghníomhaireacht um Thearmann a bheith in ann, ar bhonn gníomh cur chun feidhme ón gComhairle tar éis togra ón gCoimisiún, bearta a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin. |
|
(27) |
Ba cheart rochtain ar an nós imeachta coiteann a bheith bunaithe ar chur chuige trí chéim mar atá iarratas a dhéanamh, a chlárú agus a thaisceadh. Is é an t-iarratas a dhéanamh an chéad chéim agus is leis sin a chuirtear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i ngníomh. Meastar go bhfuil iarratas déanta ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát má tá mian curtha in iúl ag an náisiúnach nó ag an duine sin cosaint idirnáisiúnta a fháil ó Bhallstát. I gcás inarb údarás nach bhfuil freagrach as iarratais a chlárú a fhaigheann an t-iarratas, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus lena n-eagrúchán, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ionas gur féidir rochtain éifeachtach ar an nós imeachta a áirithiú. Ba cheart é a bheith indéanta an mian maidir le cosaint idirnáisiúnta a fháil ó Bhallstát a chur in iúl i bhfoirm ar bith agus ní gá don iarratasóir aonair focail shonracha a úsáid amhail ‘cosaint idirnáisiúnta’, ‘tearmann’ nó ‘cosaint choimhdeach’. Is í an phríomhghné ba cheart a bheith ann go gcuireann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát eagla in iúl go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi nó go bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt ar fhilleadh ar a thír thionscnaimh dó nó di, nó i gcás duine gan stát, ar fhilleadh ar an tír ina mbíodh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin. I gcás ina bhfuil amhras ann an féidir dearbhú áirithe a fhorléiriú mar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart fiafraí go sainráite den náisiúnach tríú tír nó den duine gan stát an mian leis nó léi cosaint idirnáisiúnta a fháil. Ba cheart don iarratasóir tairbhiú de na cearta faoin Rialachán seo agus Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a luaithe agus a dhéanann sé nó sí iarratas. |
|
(28) |
Ba cheart iarratas a chlárú go pras tar éis a dhéanta. Ag an gcéim sin, ba cheart do na húdaráis inniúla atá freagrach as iarratais a chlárú, nó na saineolaithe arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht um Thearmann a chuidíonn leo leis an tasc sin, an t-iarratas agus sonraí pearsanta an iarratasóra a chlárú. Ba cheart do na húdaráis nó na saineolaithe sin an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir lena chearta nó a cearta agus lena oibleagáidí nó a hoibleagáidí, chomh maith leis na hiarmhairtí don iarratasóir i gcás nach gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin. Ba cheart do na heagraíochtaí a oibríonn leis na húdaráis inniúla agus a thugann cúnamh dóibh a bheith in ann an fhaisnéis sin a thabhairt freisin. Ba cheart doiciméad a thabhairt don iarratasóir lena dtugtar le fios go ndearnadh iarratas agus gur cláraíodh é. Is ag an uair a chláraítear iarratas a chuirtear tús leis an tréimhse ama ina mbeidh an t-iarratas le taisceadh. |
|
(29) |
Is é taisceadh an iarratais an gníomh a chuireann an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn foirmiúil. Ba cheart an fhaisnéis is gá a thabhairt don iarratasóir maidir le conas agus cén áit an t-iarratas a thaisceadh agus ba cheart deis éifeachtach a thabhairt dó nó di é sin a dhéanamh. Ag an gcéim sin, ceanglaítear air nó uirthi na heilimintí agus na doiciméid uile atá ar láimh agus atá de dhíth a chur isteach a luaithe is féidir chun a léiriú go bhfuil bunús leis an iarratas agus chun é a chomhlánú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo. Cuirtear tús leis an tréimhse ama ina gcaitear an nós imeachta riaracháin a dhéanamh nuair a thaisctear iarratas. Go gairid tar éis an t-iarratas a thaisceadh, ba cheart doiciméad a thabhairt don iarratasóir ina sonraítear a stádas mar iarratasóir. |
|
(30) |
Tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go gcuirtear faisnéis ar fáil do mhionaoisigh ar bhealach atá fabhrach don leanbh. |
|
(31) |
Ba cheart an t-iarratasóir a chur ar an eolas go cuí faoina chearta nó a cearta agus faoina oibleagáidí nó a hoibleagáidí ar bhealach tráthúil agus i dteanga a thuigeann sé nó sí nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí í, i scríbhinn agus ó bhéal más gá. Ag féachaint don fhíoras go ndiúltaítear don iarratas nó go ndearbhaítear gur tarraingíodh siar go hintuigthe é, i gcás, mar shampla, ina ndiúltaíonn an t-iarratasóir comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta trí, go háirithe, gan na heilimintí is gá chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a sholáthar nó gan a mhéarloirg nó a méarloirg nó íomhá dá aghaidh nó dá haghaidh a sholáthar, is gá an iarratasóir a chur ar an eolas roimh ré faoi na hiarmhairtí a bheadh ann mura gcomhlíonfaí na hoibleagáidí sin. |
|
(32) |
Chun a bheith in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, ba cheart an t-eolas iomchuí a bheith ag baill foirne na n-údarás a mbíonn an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu agus ba cheart oiliúint a chur orthu i réimse na cosanta idirnáisiúnta, lena n-áirítear le tacaíocht ón nGníomhaireacht um Thearmann. Ina theannta sin, ba cheart na hacmhainní iomchuí, lena n-áirítear na baill foirne inniúla is leordhóthanach, a thabhairt dóibh agus an treoir iomchuí a thabhairt dóibh chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh go rialta ar riachtanais an údaráis chinntithigh agus na n-údarás inniúil eile lena áirithiú go bhfuil sé ar acmhainn acu i gcónaí déileáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar bhealach éifeachtach, go háirithe i gcás ina bhfuil líon díréireach iarratas á fháil laistigh den tréimhse ama chéanna. |
|
(33) |
Chun go mbeidh rochtain éifeachtach ar an nós imeachta scrúdúcháin ag pointí trasnaithe teorann agus i saoráidí coinneála, ba cheart faisnéis a chur ar fáil faoin bhféidearthacht atá ann iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart an bhunchumarsáid is gá a áirithiú trí shocruithe ateangaireachta chun gur féidir leis na húdaráis inniúla a thuiscint má dhearbhaíonn daoine gur mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
(34) |
Ba cheart a fhoráil leis an Rialachán seo go bhféadfadh iarratasóirí iarratas a thaisceadh thar ceann daoine fásta a dteastaíonn cúnamh uathu chun inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú agus thar ceann mionaoiseach i gcás nach bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil acu faoin dlí náisiúnta iarratas a thaisceadh ina n-ainm féin. Ba cheart scrúdú comhpháirteach ar na hiarratais sin a cheadú. |
|
(35) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag mionaoisigh neamhthionlactha ar an nós imeachta, go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as na cearta, agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, Rialachán (AE) 2024/1351 (9), Treoir (AE) 2024/1346 agus Rialachán (AE) 2024/1358 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart ionadaí a cheapadh dóibh lena n-áirítear i gcás ina bhfaightear amach aon tráth le linn an nós imeachta tearmainn gur mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir. Ba cheart don ionadaí cúnamh agus treoir a thabhairt don mhionaoiseach tríd an nós imeachta d’fhonn leas an linbh a choimirciú agus ba cheart dó, go háirithe, cuidiú le taisceadh an iarratais agus leis an agallamh pearsanta. I gcás inar gá, ba cheart don ionadaí an t-iarratas a thaisceadh thar ceann an mhionaoisigh. Ba cheart duine a ainmniú chun cuidiú le mionaoisigh neamhthionlactha go dtí go gceapfar ionadaí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le is an nós imeachta um measúnú aoise agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2024/1351 agus Rialachán (AE) 2024/1358. Chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do mhionaoisigh neamhthionlactha, ba cheart ionadaithe nó duine atá oiriúnach feidhmiú go sealadach mar ionadaí a chur i bhfeighil ar líon comhréireach teoranta mionaoiseach neamhthionlactha, agus faoi na gnáthchúinsí, gan níos mó ná 30 mionaoiseach neamhthionlactha a bheidh faoina gcúram, ag an am amháin. Ba cheart do na Ballstáit údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nó eintitis eile a cheapadh a bheadh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hionadaithe sin go tráthrialta agus a gcúramaí á ndéanamh acu. Ba cheart an ceart a bheith ag mionaoiseach neamhthionlactha iarratas a thaisceadh ina ainm nó ina hainm féin má tá an inniúlacht dhlíthiúil aige nó aici i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chun cearta agus ráthaíochtaí nós imeachta mionaoisigh neamhthionlactha, nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a choimirciú, ba cheart don ionadaí an t-iarratas a thaisceadh a luaithe is féidir agus leas an linbh á chur san áireamh. Más rud é go roghnaíonn mionaoiseach neamhthionlactha iarratas a thaisceadh ina ainm féin nó ina hainm féin, níor cheart, dá bharr sin, sannadh ionadaí dó nó di a chosc. |
|
(36) |
Chun a áirithiú go ndéantar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil agus aird chuí á tabhairt ar chearta an linbh, tá coimircí sonracha nós imeachta atá íogair do leanaí agus dálaí glactha speisialta le soláthar do mhionaoisigh. I gcás, tar éis ráitis ó iarratasóir, ina bhfuil forais amhrais ann i dtaobh an mionaoiseach an t-iarratasóir nó nach bhfuil, ba cheart don t-údarás cinntitheach a bheith in ann measúnú aoise a dhéanamh ar an duine lena mbaineann. D’fhéadfadh amhras a bheith ann maidir le haois iarratasóra nuair a éilíonn an t-iarratasóir gur mionaoiseach é nó í ach nuair a mhaíonn siad gur duine fásta é nó í freisin. I bhfianaise leochaileacht ar leith mionaoiseach neamhthionlactha, ar dócha nach mbeidh doiciméid aitheantais nó doiciméid eile acu, tá sé ríthábhachtach go mbeidh coimircí láidre ann chun a áirithiú nach mbeidh iarratasóirí den sórt sin faoi réir nósanna imeachta measúnaithe aoise atá mícheart nó míréasúnta. |
|
(37) |
I ngach cás, ba cheart measúnuithe aoise a dhéanamh ar bhealach lena gcuirtear leas an linbh san áireamh mar na dálaí is tábhachtaí le linn an nós imeachta. Ba cheart measúnú aoise a dhéanamh in dhá chéim. Ba cheart measúnú ildisciplíneach a bheith sa chéad chéim, lena bhféadfaí measúnú síceasóisialta agus modhanna neamhleighis eile a áireamh, mar shampla agallamh, measúnú amhairc bunaithe ar chuma fhisiciúil nó ar mheasúnú doiciméad. Ba cheart do ghairmithe an measúnú sin a dhéanamh, ar gairmithe iad a bhfuil saineolas acu ar mheastachán aoise agus ar fhorbairt leanaí, mar shampla oibrithe sóisialta, síceolaithe nó péidiatraiceoirí, chun measúnú a dhéanamh ar thosca éagsúla ar nós tosca fisiciúla, síceolaíocha, forbartha, comhshaoil agus cultúrtha. Má bhíonn toradh neamhchonclúideach ar an measúnú aoise ildisciplíneach, ba cheart don údarás cinntitheach a bheith in ann, mar dhara céim, scrúdú leighis a iarraidh, mar rogha dheiridh, agus dínit an duine aonair á hurramú go hiomlán. I gcás ina bhféadfar nósanna imeachta éagsúla a leanúint, ba cheart tús áite a thabhairt i scrúdú leighis do na nósanna imeachta is íosionraí sula rachfar ar aghaidh chuig nósanna imeachta níos ionraí, agus treoir ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann á cur san áireamh i gcás inarb ábhartha. Más rud é, tar éis an mheasúnaithe aoise, gur torthaí neamhchonclúideacha a bheidh ann i gcónaí, ba cheart don údarás cinntitheach glacadh leis gur mionaoiseach é an t-iarratasóir. |
|
(38) |
Chun cearta na n-iarratasóirí a ráthú, ba cheart na cinntí a dhéanamh i dtaca leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn na bhfíoras, go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus ar bhonn an duine aonair i ndiaidh scrúdú críochnúil a chuireann san áireamh na heilimintí uile a sholáthraíonn an t-iarratasóir agus cúinsí an iarratasóra féin. Chun dianscrúdú ar iarratas a chinntiú, ba cheart don údarás cinntitheach faisnéis ábhartha bheacht atá cothrom le dáta a chur san áireamh maidir leis an staid atá ann i dtír thionscnaimh an iarratasóra tráth a dhéantar cinneadh maidir leis an iarratas. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ó fhoinsí eile mar shampla Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Ba cheart don údarás cinntitheach, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha sonracha tionscnaimh agus na nótaí treorach arna bhforbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a chur san áireamh freisin. I gcás ina gcuirfear siar cur i gcrích an nós imeachta, ba cheart cloí go hiomlán le hoibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2024/1347 agus leis an gceart chun dea-riaracháin, gan dochar d’éifeachtúlacht agus cothroime an nós imeachta faoin Rialachán seo. |
|
(39) |
Chun cearta an iarratasóra a áirithiú, ba cheart cinneadh i dtaca lena iarratas nó lena hiarratas a thabhairt i scríbhinn. I gcás nach ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta leis an gcinneadh, ba cheart na cúiseanna de réir fíorais agus dlí atá leis an gcinneadh a thabhairt don iarratasóir mar aon le faisnéis maidir le hiarmhairtí an chinnidh agus na módúlachtaí trínar féidir agóid a dhéanamh ina choinne. |
|
(40) |
Chun cur le héifeachtúlacht na nósanna imeachta agus chun an riosca éalaithe agus an dóchúlacht go dtarlóidh gluaiseachtaí neamhúdaraithe a laghdú, níor cheart aon bhearna nós imeachta a bheith idir cinneadh diúltach a eisiúint maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus cinneadh um fhilleadh a eisiúint. Ba cheart cinneadh um fhilleadh a eisiúint láithreach d’iarratasóirí a ndiúltaítear a n-iarratas. Gan dochar don cheart chun leighis éifeachtaigh, ba cheart an cinneadh um fhilleadh a bheith ina chuid den chinneadh diúltach maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó, más gníomh ar leith é, é a eisiúint ag an am céanna leis an gcinneadh diúltach agus i dteannta leis nó gan moill mhíchuí ina dhiaidh sin. |
|
(41) |
I gcás eiseachadta, tabhairt suas nó aistriú chuig tríú tír nó chuig Ballstát eile arna chinneadh ag cúirt chóiriúil idirnáisiúnta nó binse coiriúil idirnáisiúnta, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil ábhartha eilimintí arna mbreithniú a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis an eiseachadadh, an tabhairt suas nó an t-aistriú, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le measúnú ar an riosca a bhaineann le refoulement díreach nó indíreach. |
|
(42) |
Is gá gurb iad údaráis a bhfuil an t-eolas iomchuí ag a mball foirne agus an oiliúint leordhóthanach curtha orthu a dhéanann na cinntí maidir le cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear an oiliúint ábhartha sa Ghníomhaireacht um Thearmann, sna caighdeáin ábhartha is infheidhme i réimse an dlí tearmainn agus dídeanaithe, agus is gá dóibh a ngníomhaíochtaí a dhéanamh le hurramú iomchuí do na prionsabail eitice is infheidhme. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le baill foirne na n-údarás ó Bhallstáit eile agus maidir le saineolaithe arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht um Thearmann a úsáidtear chun cúnamh a thabhairt d’údarás cinntitheach Ballstáit a mhéid a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
(43) |
Gan dochar do scrúdú iomchuí agus iomlán a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is chun leasa na mBallstát agus na n-iarratasóirí cinneadh a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Ba cheart teorainneacha ama uasta d’fhad an nós imeachta riaracháin a bhunú chun an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chuíchóiriú. Ar an dóigh sin, ba cheart d’iarratasóirí a bheith in ann cinneadh a fháil i dtaca lena n-iarratas laistigh den mhéid ama is lú is féidir sna Ballstáit uile agus nós imeachta tapa agus éifeachtúil á áirithiú ar an gcaoi sin. |
|
(44) |
Chun fad foriomlán an nós imeachta a ghiorrú i gcásanna áirithe, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit, i gcomhréir lena riachtanais náisiúnta, tosaíocht a thabhairt don scrúdú ar aon iarratas trína scrúdú roimh iarratais eile a rinneadh roimhe. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do scrúdú ar iarratais gan maolú ar na nósanna imeachta is infheidhme de ghnáth, go háirithe an nós imeachta inghlacthachta nó an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, teorainneacha ama, prionsabail agus ráthaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas, faoin Rialachán seo, maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratais áirithe i gcomhréir leis an nós imeachta brostaithe nó leis an nós imeachta teorann, a bheith gan dochar do sholúbthacht a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le tosaíocht a thabhairt do na hiarratais sin nó gan tosaíocht a thabhairt dóibh. I gcúinsí ar leith, go háirithe nuair is teaghlaigh ina bhfuil mionaoisigh a chuirtear faoi réir an nós imeachta teorann, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratais. |
|
(45) |
Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha, mar shampla, i gcás ina meastar, maidir le tír nach Ballstát í, gurb í tír an chéad tearmainn í nó gur tríú tír shábháilte í don iarratasóir nó i gcás inar chuir cúirt idirnáisiúnta nó binse idirnáisiúnta athshocrú sábháilte ar fáil don iarratasóir chuig Ballstát nó tríú tír nó i gcás nach ndearnadh an t-iarratas ach breis agus 7 lá oibre ón dáta a fuair an t-iarratasóir an cinneadh um fhilleadh, ar choinníoll gur cuireadh ar an eolas é nó í faoi na hiarmhairtí a bheadh ann mura ndéanfaí iarratas laistigh den teorainn ama sin agus nár tháinig aon eilimintí ábhartha nua chun cinn. Ós rud é go bhfuil an Comhchóras Eorpach Tearmainn bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar thoimhde go bhfuil cearta bunúsacha á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na cearta atá bunaithe ar Choinbhinsiún na Ginéive agus ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, má bhíonn cosaint idirnáisiúnta deonaithe cheana féin ag Ballstát eile, mar riail, is cúis é sin le hiarratas ón iarratasóir céanna a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha i gcás inar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta cheana féin d’iarratasóir i mBallstát eile. Ina theannta sin, ba cheart a mheas go bhfuil iarratas neamh-inghlactha nuair is iarratas iardain é gan eilimintí ábhartha nua. |
|
(46) |
Chun coincheap thír an chéad tearmainn agus coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm, tá sé fíor-riachtanach go bhfuil an tríú tír a gcuirtear na coincheapa i bhfeidhm ina leith ina páirtí i gCoinbhinsiún na Ginéive agus go gcomhlíonann sí é, mura bhforáiltear ar shlí eile sa tríú tír sin do chosaint éifeachtach sa dlí agus sa chleachtas i gcomhréir le caighdeáin bhunúsacha maidir le cearta an duine mar shampla rochtain ar chóir mhaireachtála ar leor í chun caighdeán maireachtála leordhóthanach a choinneáil a mhéid a bhaineann le staid fhoriomlán an tríú tír is óstach sin, rochtain ar chúram sláinte agus ar chóireáil riachtanach breoiteachta, agus rochtain ar an oideachas faoi na coinníollacha dá bhforáiltear go coitianta sa tríú tír sin. Ba cheart an chosaint éifeachtach sin a bheith ar fáil go dtí go dtiocfar ar réiteach buan. Ba cheart a bheith in ann tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir. |
|
(47) |
Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit coincheap thír an chéad tearmainn a chur i bhfeidhm mar fhoras neamh-inghlacthachta i gcás inar théachtaigh an t-iarratasóir cosaint éifeachtach agus inar féidir leis nó léi leas a bhaint as an gcosaint sin fós i dtríú tír, i gcás nach bhfuil a shaol nó a saol nó a shaoirse nó a saoirse faoi bhagairt mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairim pholaitiúil, i gcás nach bhfuil géarleanúint á déanamh air nó uirthi ná nach bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1347 agus i gcás ina gcosnaítear an t-iarratasóir ar refoulement agus ar aistriú, de shárú ar an gceart chun cosanta ar chéasadh agus íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta. |
|
(48) |
Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm mar fhoras neamh-inghlacthachta i gcás inarb ann don fhéidearthacht don iarratasóir cosaint éifeachtach a iarraidh ar thríú tír agus, má chomhlíontar na coinníollacha, an chosaint sin a fháil inti, i gcás nach bhfuil a shaol nó a saol agus a shaoirse nó a saoirse faoi bhagairt mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairim pholaitiúil, i gcás nach bhfuil géarleanúint á déanamh air nó uirthi ná nach bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2024/1347 agus i gcás ina gcosnaítear é nó í ar refoulement agus ar aistriú, de shárú ar an gceart chun cosanta ar chéasadh agus íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta. Mar sin féin, ba cheart d’údaráis chinntitheacha na mBallstát an ceart a choimeád measúnú a dhéanamh ar thuillteanais iarratais fiú má chomhlíontar na coinníollacha maidir lena mheas mar neamh-inghlactha, go háirithe nuair a chuirtear iallach orthu sin a dhéanamh de bhun a n-oibleagáidí náisiúnta. Níor cheart do Bhallstát a bheith in ann coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil nasc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír ar ar a bonn a bheadh sé réasúnach don iarratasóir dul chuig an tír sin. D’fhéadfaí a mheas gur nasc bunaithe atá sa nasc idir an t-iarratasóir agus an tríú tír shábháilte go háirithe i gcás ina bhfuil baill teaghlaigh an iarratasóra i láthair sa tír sin nó ina chuir an t-iarratasóir faoi nó inar fhan sé sa tír sin. |
|
(49) |
Níl feidhm ag toimhde na sábháilteachta maidir le tríú tíortha lenar tugadh comhaontuithe den chineál dá dtagraítear sa Rialachán seo i gcrích i gcás ina gcuirfear na comhaontuithe sin ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(50) |
Níor cheart coincheap thír an chéad tearmainn agus coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm maidir le hiarratasóir a dhéanann iarratas agus atá i dteideal tairbhiú, sa Bhallstát a scrúdaíonn an t iarratas, de na cearta a leagtar amach i dTreoir 2003/86/CE (11) ón gComhairle nó Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar bhall teaghlaigh náisiúnaigh tríú tír nó saoránaigh de chuid an Aontais. |
|
(51) |
Agus measúnú á dhéanamh féachaint an bhfuil na critéir maidir le cosaint éifeachtach mar a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag tríú tír, ba cheart a thuiscint le rochtain ar chóir mhaireachtála ar leor í chun caighdeán maireachtála leordhóthanach a choinneáil go n-áirítear leis rochtain ar bhia, ar éadaí, ar thithíocht nó ar dhídean agus an ceart a bheith páirteach i bhfostaíocht shochrach, mar shampla trí rochtain ar an margadh saothair, faoi choinníollacha atá chomh fabhrach céanna leis na coinníollacha do dhaoine nach náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann na cúinsí céanna i gcoitinne. |
|
(52) |
Chun go mbeidh na Ballstáit in ann iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha bunaithe ar bhonn choincheap thír an chéad tearmainn nó ar choincheap an tríú tír shábháilte ba cheart measúnú aonair a dhéanamh ar chúinsí ar leith an iarratasóra, lena n-áirítear aon eilimintí a thíolacfaidh an t-iarratasóir lena míneofar an fáth nach mbeadh na coincheapa sin infheidhme maidir leis nó léi. I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, ba cheart don údarás inniúla leas an linbh, go háirithe maidir le hinfhaighteacht aire iomchuí inbhuanaithe agus socruithe coinneála a chur san áireamh. |
|
(53) |
Níor cheart iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha ar bhonn choincheap thír an chéad tearmainn nó ar choincheap an tríú tír shábháilte i gcás inar léir cheana féin ag céim an scrúdaithe inghlacthachta nach ligfidh an tríú tír lena mbaineann isteach an t-iarratasóir nó nach n-athligfidh sí isteach é nó í. Thairis sin, mura ndéantar an t-iarratasóir a ligean isteach sa tríú tír nó a athligean isteach sa tríú tír sa deireadh tar éis don iarratas a bheith diúltaithe toisc é a bheith neamh-inghlactha, ba cheart rochtain a bheith ag an iarratasóir arís ar an nós imeachta cosanta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(54) |
Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta chun a chinneadh an gcáilíonn iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347. Ní gá scrúdú a dhéanamh ar a thuillteanais i gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil Ballstát eile freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351 nó i gcás ina ndearbhaítear gur tarraingíodh siar go hintuigthe nó go sainráite é. |
|
(55) |
Ba cheart dlús a chur leis an scrúdú ar iarratas agus é a chur i gcrích laistigh de 3 mhí ar a mhéad i líon teoranta cásanna lena n-áirítear cásanna ina dtagann iarratasóir ó thír shábháilte tionscnaimh nó ina bhfuil iarratas á dhéanamh ag iarratasóir chun moill nó bac a chur ar fhorghníomhú cinnidh maidir le haistriú, nó i gcás ina mbíonn ábhar mór imní ann i dtaobh na slándála náisiúnta nó an oird phoiblí. Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha ach amháin laistigh de na cúinsí teoranta a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(56) |
Ar mhaithe le nósanna imeachta tapa cothroma do gach iarratasóir, agus lena áirithiú san am céanna nach gcuirfear síneadh míchuí le tréimhse fanachta iarratasóirí nach bhfuil incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas, lena n-áirítear iad siúd ar náisiúnaigh tríú tír iad atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu de bhun Rialachán (AE) 2018/1806, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur le scrúdú ar iarratas iarratasóirí ar náisiúnaigh tríú tír iad, nó i gcás daoine gan stát, a raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tír roimhe seo, ar tír í a raibh an sciar de na cinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta cothrom le 20 % de líon iomlán na gcinntí nó níos lú ná sin i gcás an tríú tír sin, agus na difríochtaí suntasacha idir na cinntí céadchéime agus cinntí críochnaitheacha, inter alia, á gcur san áireamh. I gcás inar tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí Eurostat ábhartha, agus an nóta treorach á chur san áireamh de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303 nó i gcás ina mbaineann an t-iarratasóir le catagóir shonrach daoine nach féidir a mheas go bhfuil an ráta íseal aitheantais atá acu ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta de bhrí go bhfuil foras sonrach géarleanúna i gceist, níor cheart dlús a chur le scrúdú an iarratais. Cásanna inar féidir a mheas gur tír shábháilte thionscnaimh nó tríú tír shábháilte don iarratasóir í an tríú tír de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart na cásanna sin a bheith infheidhme i gcónaí mar fhoras ar leith maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó leis an nós imeachta inghlacthachta faoi seach. |
|
(57) |
Is iomaí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar ag teorainn sheachtrach nó i limistéar idirthurais de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ó dhaoine a ghabhtar i dtaca le trasnú neamhrialta thar an teorainn sheachtrach, is é sin le rá, ag tráth an trasnaithe neamhrialta thar an teorainn sheachtrach nó gar di tar éis an trasnaithe, nó ó dhaoine a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a bheith ar siúl. Ionas go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát lena mbaineann a dhíriú ar na nósanna imeachta ábhartha, is gá scagadh céannachta, slándála agus sláinte a dhéanamh ag an teorainn sheachtrach. Tar éis an scagtha, ba cheart náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a threorú chuig an nós imeachta um thearmann nó an nós imeachta um fhilleadh is iomchuí, nó cead isteach a dhiúltú dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart céim réamhiontrála a bhunú arb é a bheidh inti scagadh agus nósanna imeachta teorann um thearmann agus filleadh. Ba cheart naisc éifeachtúla gan uaim a bheith idir gach céim de na nósanna imeachta ábhartha le haghaidh gach duine a thagann isteach ar bhealach neamhrialta. |
|
(58) |
Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag an nós imeachta teorann um thearmann agus filleadh a mheas go tapa, i bprionsabal, ag na teorainneacha seachtracha an bhfuil iarratais gan bhunús nó neamh-ghlactha agus daoine nach bhfuil aon cheart fanachta acu a fhilleadh go pras, ar bhealach ina dtugtar lánurraim do phrionsabal an non-refoulement, agus ag áirithiú san am céanna go ndéanfar daoine a bhfuil bunús maith lena n-éileamh a threorú chuig an nós imeachta rialta agus go gcuirfear rochtain thapa ar chosaint idirnáisiúnta ar fáil dóibh. Dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, de ghnáth, a cheangal ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta cónaí ag an teorainn sheachtrach nó gar di nó i gcrios idirthurais nó i suíomhanna ainmnithe eile laistigh dá gcríoch ar mhaithe le hinghlacthacht na n-iarratas a mheas. I gcúinsí dea-shainithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le scrúdú a dhéanamh ar thuillteanais iarratais agus, i gcás ina ndiúltófar don iarratas, foráil a dhéanamh maidir le náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát lena mbaineann a fhilleadh. Chun an nós imeachta teorann um thearmann agus an nós imeachta teorann um fhilleadh, arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun acmhainneacht leordhóthanach a bhunú, ó thaobh glacadh agus acmhainní daonna de, baill foirne cháilithe a bhfuil oiliúint mhaith orthu go háirithe, atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ag aon tráth ar líon sainaitheanta iarratas agus chun cinntí um fhilleadh a fhorfheidhmiú. |
|
(59) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil le ríomh na n-uimhreacha a chomhfhreagraíonn d’acmhainneacht leordhóthanach gach Ballstáit agus an líon uasta iarratas a cheanglaítear ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh orthu sa nós imeachta teorann in aghaidh na bliana, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit a bhunú trí fhoirmle atá bunaithe ar thrasnuithe teorann neamhrialta a chomhiomlánú, mar a thuairiscíonn na Ballstáit don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (‘Frontex’), lena n-áirítear teacht isteach daoine tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála freisin, agus daoine dár diúltaíodh cead isteach ag an teorainn sheachtrach, de réir shonraí Eurostat, arna ríomh thar thréimhse 3 bliana. Nuair a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart a ghlacadh a ailíniú le glacadh na Tuarascála Bliantúla Eorpaí ar Bhainistiú Tearmainn agus Imirce faoi Rialachán (AE) 2024/1351, ina ndéantar measúnú ar an staid mar atá feadh na mbealaí imirce uile agus sna Ballstáit uile. Mar ghné bhreise de chobhsaíocht agus d’intuarthacht, ba cheart líon uasta na n-iarratas a mbeadh sé de cheangal ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh orthu in aghaidh na bliana faoin nós imeachta teorann a shocrú ag ceithre huaire acmhainneacht leordhóthanach an Bhallstáit sin. Maidir le méid na hoibleagáide atá ar an mBallstát an acmhainneacht leordhóthanach a chur ar bun, ba cheart aird iomchuí a thabhairt ar ábhair imní na mBallstát maidir leis an tslándáil náisiúnta agus leis an mbeartas poiblí. Is iad na hiarratais atá faoi réir an nós imeachta teorann amháin ba cheart a chur sa chuntas agus an acmhainneacht leordhóthanach á ríomh. |
|
(60) |
Ba cheart do na Ballstáit iarratais a mheas trí nós imeachta teorann i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir ina chontúirt nó ina contúirt don tslándáil náisiúnta nó don bheartas poiblí, i gcás inar chuir an t-iarratasóir, tar éis deis chuí a bheith aige cúis mhaith a thabhairt, na húdaráis ar míthreoir d’aon ghnó trí fhaisnéis bhréagach nó doiciméid bhréagacha a chur i láthair nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar i ndáil lena chéannacht nó lena céannacht nó lena náisiúntacht a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh, agus i gcás inar dócha go bhfuil an t-iarratas gan bhunús de bhrí gur náisiúnach an t-iarratasóir de chuid tíre ar tír í a raibh cion na gcinntí lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta cothrom le 20 % de líon iomlán na gcinntí nó níos lú ná sin i gcás an tríú tír sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 50, an tríú fomhír, den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. I gcásanna eile, mar shampla cás inarb as tír shábháilte thionscnaimh nó tríú tír shábháilte don iarratasóir, ba cheart úsáid an nós imeachta teorainn a bheith roghnach do na Ballstáit. |
|
(61) |
De bhun Chaibidil IV de Threoir (AE) 2024/1346, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a sholáthraíonn saoráidí glactha chun an nós imeachta teorann um thearmann a dhéanamh riocht agus riachtanais speisialta daoine leochaileacha a chur san áireamh, lena n-áirítear mionaoisigh, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. Dá bhrí sin, níor cheart na daoine sin a ligean isteach i nós imeachta teorann ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na dálaí glactha laistigh den nós imeachta sin na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IV den Treoir sin. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann na dálaí glactha atá ar fáil mar chuid de nós imeachta teorann na ceanglais agus na caighdeáin a leagtar síos i gCaibidil IV den Treoir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta teorann maidir leis na daoine lena mbaineann a thuilleadh. |
|
(62) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh cúinsí ann freisin, gan beann ar na saoráidí atá ar fáil, ina gcoiscfeadh riocht sonrach nó riachtanais speisialta iarratasóirí ar aon nós imeachta iad a ligean isteach nó fanacht i nós imeachta teorann. Sa chomhthéacs sin, níor cheart nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, nó ba cheart go dtiocfadh deireadh leis an bhfeidhm sin, i gcás nach féidir tacaíocht riachtanach a thabhairt d’iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu nó i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais sláinte, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann le meabhairshláinte duine. Ar an gcuma chéanna, ag féachaint don tábhacht a bhaineann le cearta an linbh agus don ghá le leas an linbh a chur san áireamh, níor cheart mionaoisigh neamhthionlactha, de ghnáth, a bheith faoi réir an nós imeachta teorann mura bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an mionaoiseach ina chontúirt nó ina contúirt do shlándáil náisiúnta nó beartas poiblí an Bhallstáit nó gur díbríodh an t-iarratasóir le forneart ar chúiseanna tromchúiseacha a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta nó leis an mbeartas poiblí faoin dlí náisiúnta. |
|
(63) |
Níor cheart nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm nó ba cheart deireadh a chur leis an bhfeidhm sin i gcás ina ndéantar iarratasóirí a choinneáil mar thoradh air agus nach gcomhlíontar na coinníollacha chun daoine a choinneáil ná na ráthaíochtaí is infheidhme maidir le coinneáil mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/1346. |
|
(64) |
Ós rud é gurb é is cuspóir don nós imeachta teorann, inter alia, measúnú gasta a dhéanamh ar iarratais ar dócha iad a bheith neamh-inghlactha nó gan bhunús, d’fhonn iad siúd nach bhfuil aon cheart fanachta acu a chur ar ais go tapa, níor cheart an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm nó ba cheart gan feidhm a bheith aige a thuilleadh, i gcás ina measann an t-údarás cinntitheach nach infheidhme a thuilleadh na forais le hiarratas a dhiúltú nó leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm toisc iad a bheith neamh-inghlactha. |
|
(65) |
Agus an nós imeachta teorann maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na socruithe is gá chun na hiarratasóirí a chur i gcóiríocht ag an teorainn sheachtrach nó na criosanna idirthurais nó gar dóibh mar riail ghinearálta, i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346. Féadfaidh na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais in ionad ag an teorainn sheachtrach seachas san áit ina ndearnadh an t-iarratas ar thearmann, rud a dhéanfar trí iarratasóirí a aistriú chuig ionad sonrach ina bhfuil saoráidí iomchuí ag teorainn sheachtrach an Bhallstáit lena mbaineann nó gar di, nó in ionaid ainmnithe eile laistigh dá chríoch. Ba cheart lánrogha a fhágáil ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu cé na hionaid shonracha inar cheart na saoráidí sin a chur ar bun. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le srian a chur leis an ngá iarratasóirí a aistriú chun na críche sin, áfach, agus dá bhrí sin díriú ar na saoráidí sin a chur ar bun sa tslí go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag pointí trasnaithe teorann, nó ag codanna den teorainn sheachtrach, áit a ndéantar formhór na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus ba cheart dóibh a chur san áireamh freisin agus na saoráidí sin á gcur ar bun fad na teorann seachtraí agus líon na bpointí trasnaithe teorann nó criosanna idirthurais atá ann. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na háiteanna sonracha ina ndéanfar na nósanna imeachta teorann. |
|
(66) |
Ós rud é go bhféadfadh saoráidí áirithe a bheith in áiteanna ina bhfuil deacrachtaí inrochtaineachta, ba cheart do na Ballstáit rochtain leordhóthanach a áirithiú do bhaill foirne atá ag obair i saoráidí den sórt sin. |
|
(67) |
Ba cheart leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus forálacha an Rialacháin seo, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhionaoisigh, á gcur i bhfeidhm acu. Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise riachtanais ghlactha speisialta mionaoiseach, i gcás ina gcuirtear an nós imeachta teorann i bhfeidhm agus inar mó líon na n-iarratasóirí ag am ar leith ná an líon a chomhfhreagraíonn d’acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit, níor cheart don Bhallstát sin tosaíocht a thabhairt do mhionaoisigh agus dá mbaill teaghlaigh agus cinneadh á dhéanamh i dtaca le cé a chuirfear faoi réir nós imeachta teorann, ach amháin má mheastar, ar fhorais thromchúiseacha, go bhfuil siad ina gcontúirt do shlándáil náisiúnta agus beartas poiblí Ballstáit. I gcás ina bhfuil siad faoi réir nós imeachta teorann, ba cheart tús áite a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar iarratais ó mhionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh. Ba cheart saoráidí glactha do mhionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh a bheith in oiriúint dá riachtanais, agus lánurraim á tabhairt don Treoir (AE) 2024/1346. Ós rud é go bhfuil cosaint leanaí ríthábhachtach, i gcás ina léirítear san fhaisnéis a fhaightear tríd an bhfaireachán arna dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2021/2303 go dteipeann ar Bhallstát na ceanglais ghlactha maidir le mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a mholadh go gcuirfí ar fionraí an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ar theaghlaigh le mionaoisigh, agus ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh atá sa mholadh ón gCoimisiún. Ba cheart an moladh a chur ar fáil don phobal. |
|
(68) |
Ba cheart fad an nós imeachta teorann maidir le scrúdú a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta a bheith chomh gearr agus is féidir agus scrúdú iomlán cothrom ar na héilimh a áirithiú san am céanna. In aon chás, níor cheart go mairfeadh sé níos faide ná 12 sheachtain, lena n-áirítear cinneadh an Bhallstáit fhreagraigh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh a chur leis an spriocdháta suas go 16 seachtaine i gcás ina n-aistrítear an duine de bhun Rialachán (AE) 2024/1351. Ba cheart an spriocdháta sin a thuiscint mar spriocdháta nach mbaineann ach leis an nós imeachta teorann um thearmann, ó chlárú an iarratais go dtí nach mbeidh ceart fanachta ag an iarratasóir agus nach mbeidh cead aige fanacht. Laistigh den tréimhse sin, beidh na Ballstáit i dteideal sprioc-am a leagan síos sa dlí náisiúnta le haghaidh chéim an riaracháin agus na gcéimeanna nós imeachta éagsúla ina dhiaidh sin, ach ba cheart dóibh iad a leagan síos sa chaoi go n-áiritheofar go gcuirfear an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích, agus más ábhartha, go n-eiseofar an cinneadh maidir le hiarratas ar fhanacht agus, más ábhartha, an cinneadh maidir le hachomharc laistigh de 12 sheachtain nó, más ábhartha, laistigh de 16 seachtaine. Tar éis na tréimhse sin, má theip ar an mBallstát na cinntí ábhartha a dhéanamh ar aon chuma, ba cheart don iarratasóira bheith údaraithe chun teacht isteach ar chríoch an Bhallstáit, faoi réir eisceachtaí ar leith, chun gur féidir leanúint leis an nós imeachta iomchuí. Ní údaraítear dul isteach ar chríoch an Bhallstáit, áfach, i gcás nach mbeidh aon cheart fanachta ag an iarratasóir, i gcás nár iarr sé nó sí cead fanachta chun críoch nós imeachta achomhairc, nó i gcás inar chinn cúirt nó binse nár cheart ceadú dó nó di fanacht go dtí go bhfaighfí toradh an nós imeachta achomhairc. Sna cásanna sin, chun leanúnachas a áirithiú idir an nós imeachta tearmainn agus an nós imeachta um fhilleadh, déantar an nós imeachta teorann um fhilleadh freisin i gcomhthéacs nós imeachta teorann dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1349 a mhairfidh tréimhse nach faide ná 12 sheachtain. |
|
(69) |
Cé gur féidir an nós imeachta teorann um scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm gan dul ar iontaoibh na coinneála, ba cheart do na Ballstáit, mar sin féin, a bheith in ann forais na coinneála a chur i bhfeidhm le linn an nós imeachta teorann i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2024/1346 chun cinneadh a dhéanamh maidir le ceart an iarratasóra dul isteach ar an gcríoch. I gcás ina n-úsáidfear an choinneáil le linn an nós imeachta sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha coinneála na Treorach sin, lena n-áirítear na ráthaíochtaí le haghaidh iarratasóirí atá faoi choinneáil, na dálaí coinneála, rialú breithiúnach, agus an fíoras gur gá measúnú ar leith a dhéanamh ar gach cás. De ghnáth, níor cheart mionaoisigh a choinneáil. Níor cheart a bheith in ann mionaoisigh a choinneáil ach amháin i gcúinsí eisceachtúla mar bheart atá ina rogha dheiridh agus tar éis é a bheith suite nach féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach, inter alia socrúcháin neamhchoinneála phobalbhunaithe, agus tar éis a mheas go bhfuil an choinneáil chun a leasa i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346. |
|
(70) |
I gcás ina ndiúltófar iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, ba cheart don iarratasóir, don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát lena mbaineann a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh láithreach nó, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar amach in Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ba cheart dó a bheith faoi réir cead isteach a dhiúltú láithreach. Chun a ráthú go gcaithfear go cothrom le gach náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát ar diúltaíodh dá n-iarratas i gcomhthéacs an nós imeachta teorann, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag Ballstát gan forálacha Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a chur i bhfeidhm de bhun an mhaolaithe ábhartha a leagtar amach inti maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát agus i gcás nár eisigh an Ballstát sin cinneadh um fhilleadh don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ba cheart cóireáil agus leibhéal cosanta an iarratasóra, an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann a bheith i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE maidir le forálacha níos fabhraí i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a eisítear ó raon feidhme na Treorach sin agus a bheith comhionann leis an gcóireáil agus leis an leibhéal cosanta is infheidhme i gcás daoine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh. |
|
(71) |
Ba cheart an nós imeachta teorann a dhéanamh i gcomhréir iomlán leis an gCairt agus le dlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do gach Ballstát foráil a dhéanamh maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha i ndáil leis an nós imeachta teorann, ar sásra é a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
|
(72) |
Laistigh dá sainorduithe faoi seach, ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus go háirithe an Ghníomhaireacht um Thearmann, a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh, d’fhonn cur chun feidhme agus feidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na nósanna imeachta brostaithe agus teorann. Féadfaidh gníomhaireachtaí an Aontais, agus go háirithe an Ghníomhaireacht um Thearmann, tacaíocht shonrach a mholadh do Bhallstát. |
|
(73) |
Ba cheart do Bhallstát chuig a n-aistreofar iarratasóir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351 a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar an iarratas faoi nós imeachta teorann ar choinníoll nár údaraíodh don iarratasóir fós dul isteach ar chríoch na mBallstát lena mbaineann agus go bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta sin á gcomhlíonadh sa Bhallstát ónar aistríodh an t-iarratasóir agus ag an mBallstát ar aistríodh an t-iarratasóir chuige. |
|
(74) |
Féadfaidh coincheap an oird phoiblí, inter alia, ciontú i gcoir thromchúiseach a chuimsiú. |
|
(75) |
Fad is féidir le hiarratasóir cúis mhaith a léiriú, ní bheidh easpa doiciméad ar dhul isteach dó nó di ná úsáid doiciméad brionnaithe ina cúis per se le taobhú uathfheidhmeach nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann brostaithe. |
|
(76) |
I gcás nach gcomhlíonfaidh iarratasóir oibleagáidí áirithe a eascraíonn as an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2024/1351 nó Treoir (AE) 2024/1346, níor cheart scrúdú breise a dhéanamh ar an iarratas agus ba cheart, mar phrionsabal, diúltú dó nó a dhearbhú gur tarraingíodh siar go hintuigthe é, agus ba cheart aon iarratas nua sna Ballstáit a dhéanann an t-iarratasóir céanna tar éis an chinnidh sin a mheas mar iarratas iardain. I gcás ina ndearna duine iarratas iardain i mBallstát eile agus ina n-aistrítear é chuig an mBallstát freagrach de bhun Rialachán (AE) 2024/1351, níor cheart oibleagáid a bheith ar an mBallstát atá freagrach scrúdú a dhéanamh ar an iarratas arna dhéanamh sa Bhallstát eile. |
|
(77) |
I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas iardain gan eilimintí nua a thabhairt ar aird a mhéadaíonn go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh sé nó sí mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta nó a bhaineann leis na fáthanna ar diúltaíodh an t-iarratas roimhe sin mar iarratas neamh-inghlactha, níor cheart nós imeachta scrúdúcháin iomlán eile a sheoladh maidir leis an iarratas iardain sin. Sna cásanna sin, tar éis réamhscrúdú, ba cheart diúltú d’iarratais toisc iad a bheith neamh-inghlactha i gcomhréir le prionsabal res judicata. Ba cheart an réamhscrúdú a dhéanamh ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn nó agallamh pearsanta. Féadfar gan an t-agallamh pearsanta a dhéanamh, go háirithe, i gcás inar léir ó na haighneachtaí i scríbhinn nach bhfuil eilimintí nua ag eascairt as an iarratas. I gcás iarratas iardain, féadfar eisceachtaí a dhéanamh ar cheart an duine aonair fanacht ar chríoch Bhallstáit. |
|
(78) |
Iarratasóir a thaiscfidh iarratas iardain ag an nóiméad deiridh ar féidir nach bhfuil aon chuspóir aige seachas moill nó bac a chur ar an aistriú, níor cheart an duine sin a údarú fanacht go dtí go ndéanfar an cinneadh críochnaitheach lena ndearbhófar go bhfuil an t-iarratas neamh-ghlactha i gcás inar léir láithreach don údarás cinntitheach nár cuireadh eilimintí nua ar bith i láthair agus nach bhfuil aon bhaol refoulement ann. Ba cheart don údarás cinntitheach cinneadh faoin dlí náisiúnta a eisiúint lena ndearbhófar go gcomhlíontar na critéir sin chun nach n-údarófar don iarratasóir fanacht. |
|
(79) |
Tugtar aird ar leith ar shábháilteacht an iarratasóra ina thír nó ina tír thionscnaimh nuair atáthar á mheas an bhfuil bunús maith le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Óir is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/1347 leibhéal ard cóineasaithe a fháil maidir le cáilitheacht náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, leagtar síos leis an Rialachán seo critéir choiteanna chun tríú tíortha a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh, i bhfianaise an ghá neartú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh mar uirlis riachtanach chun tacú le scrúdú tapa a dhéanamh ar iarratais ar dócha nach mbeidh bunús leo. |
|
(80) |
Ba cheart a bheith in ann tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir. De bhreis air sin, ní ráthaíocht iomlán sábháilteachta é do náisiúnaigh tríú tír an tríú tír sin a bheith ar áireamh i liosta de thíortha sábháilte tionscnaimh, fiú dóibh siúd nach mbaineann le catagóir daoine dá ndéantar an eisceacht sin, agus dá bhrí sin ní ligtear ar ceal an gá scrúdú iomchuí sainiúil a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Mar gheall ar a shainchineál, ní féidir a chur san áireamh sa mheasúnú sin is bonn leis an ainmniú ach cúinsí sibhialta, dlíthiúla agus polaitiúla na tíre sin i gcoitinne agus an gcuirtear pionós, go praiticiúil, ar ghníomhaithe géarleanúna, céasta nó íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach má dhéantar amach gurb iad atá freagrach sa tír sin. Ar an ábhar sin, níor cheart a bheith in ann coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach bhféadfaidh an t-iarratasóir eilimintí a sholáthar lena dtugtar údar nach bhfuil coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh infheidhme maidir leis nó léi, faoi chuimsiú measúnú aonair. |
|
(81) |
Ba cheart cuid de na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir liostaí náisiúnta na mBallstát de thíortha sábháilte a réiteach trí thíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte a ainmniú ar leibhéal an Aontais. Cé gur cheart do na Ballstáit an ceart a choimeád reachtaíocht a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach lena gceadófar ainmniú náisiúnta tríú tíortha seachas na cinn sin atá ainmnithe ar leibhéal an Aontais mar thríú tíortha sábháilte nó tíortha sábháilte tionscnaimh, ba cheart a áirithiú, agus an t-ainmniú nó an liosta coitinn sin á leagan síos, go gcuirfidh na Ballstáit uile na coincheapa i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach i dtaca le hiarratasóirí a bhfuil a dtíortha tionscnaimh ainmnithe nó a bhfuil tríú tír shábháilte ann dóibh. Ba cheart dó sin cuidiú le cóineasú maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta agus, ar an gcaoi sin bac a chur ar ghluaiseachtaí tánaisteacha na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
(82) |
Ba cheart don Choimisiún, le cuidiú ón nGníomhaireacht um Thearmann, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás i dtríú tíortha atá ainmnithe ar leibhéal an Aontais mar thríú tíortha sábháilte nó tíortha sábháilte tionscnaimh. I gcás ina mbeidh athrú suntasach chun donais ar staid an tríú tír sin agus tar éis measúnú réasúnaithe a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ainmniú, ar leibhéal an Aontais, an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte nó tír shábháilte thionscnaimh a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta ama trí bhíthin gníomh tarmligthe. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann síneadh a chur le fionraí ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais go ceann tréimhse 6 mhí, agus ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an síneadh sin a athnuachan uair amháin. Chun aghaidh a thabhairt ar athruithe suntasacha chun donais i dtríú tír atá ainmnithe ar leibhéal an Aontais mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cur ar fionraí ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar feadh tréimhse 6 mhí i gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn measúnú réasúnaithe, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh agus chun síneadh a chur le fionraí ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais go ceann tréimhse 6 mhí, agus an fhéidearthacht a bheith ann an síneadh sin a athnuachan uair amháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna a fhaigheann na saineolaithe sna Ballstáit iad, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(83) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid sa tríú tír sin agus, inter alia, faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht um Thearmann maidir le hathruithe ina dhiaidh sin ar staid an tríú tír sin á cur san áireamh aige. Ina theannta sin, sa chás sin, ba cheart don Choimisiún leasú a mholadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach chun ainmniú an tríú tír sin mar thír shábháilte ar leibhéal an Aontais a bhaint laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an ghnímh tharmligthe lena gcuirtear an tríú tír sin ar fionraí. Chun críocha an mheasúnaithe sin a mbeidh bunús leis, ba cheart don Choimisiún raon d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil dó a chur san áireamh lena n-áirítear go háirithe a thuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le tríú tíortha arna n-ainmniú mar thíortha is iarrthóirí ag an gComhairle Eorpach, tuarascálacha rialta ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an fhaisnéis ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. |
|
(84) |
Nuair a rachaidh tréimhse bhailíochta an ghnímh tharmligthe agus a shíntí in éag, gan gníomh tarmligthe nua a bheith glactha, níor cheart ainmniú an tríú tír mar thríú tír shábháilte nó tír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais a bheith ar fionraí a thuilleadh. Ba cheart sin a bheith gan dochar d’aon leasú a bheidh beartaithe chun ainmniú an tríú tír a bhaint. |
|
(85) |
Ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht um Thearmann, athbhreithniú a dhéanamh ar an staid i dtríú tíortha ar baineadh díobh an t-ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh nó tríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún go measann sé, ar bhonn measúnú réasúnaithe, i ndiaidh athruithe i staid an tríú tír sin, go gcomhlíonann sí arís na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo le bheith ainmnithe mar thír shábháilte. Sa chás sin, d'fhéadfadh na Ballstáit an tríú tír sin a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nó tríú tír shábháilte ar an leibhéal náisiúnta fad is nach ndéanann an Coimisiún agóidí in aghaidh an ainmnithe sin laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis an dáta a baineadh an t-ainmniú mar thríú tír sábháilte nó tír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais den tír sin. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta, féadfaidh sé leasú a mholadh ar ainmniú na dtríú tíortha sábháilte nó na dtíortha sábháilte tionscnaimh ar leibhéal an Aontais chun an tríú tír a chuimsiú. |
|
(86) |
Maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a tharraingt siar, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar fógra iomchuí do dhaoine atá ag baint tairbhe as cosaint idirnáisiúnta i dtaca le hathbhreithniú féideartha ar a stádas agus go dtugtar an deis dóibh a dtuairim a thabhairt ar aird, laistigh d’am réasúnach, trí bhíthin ráiteas i scríbhinn agus in agallamh pearsanta, sular féidir leis na húdaráis cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a stádas a tharraingt siar. |
|
(87) |
Maidir le cinntí a dhéantar i ndáil le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta lena ndiúltaítear é toisc é a bheith neamh-inghlactha, a bheith gan bhunús nó toisc gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí, nó gur tarraingíodh siar go hintuigthe é chomh maith le cinntí i ndáil le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a tharraingt siar, ba cheart iad a bheith faoi réir leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse i gcomhréir leis na ceanglais agus na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. Chun éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú, ba cheart don iarratasóir a achomharc a thaisceadh laistigh de theorainn ama shocraithe. Má tá an t-iarratasóir le bheith in ann cloí leis na teorainneacha ama sin agus d'fhonn rochtain éifeachtach ar athbhreithniú breithiúnach a áirithiú, ba cheart dó nó di a bheith i dteideal cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil saor in aisce. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag iarratasóirí nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta leas a bhaint as leigheasanna eile is infheidhme go ginearálta dá bhforáiltear ar an leibhéal náisiúnta nach mbaineann go sonrach leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a tharraingt siar. |
|
(88) |
I roinnt Ballstát, ceanglaítear le forálacha dlíthiúla nós imeachta go mbeidh an dara leibhéal achomhairc ann thar an leibhéal a cheanglaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. I bhfianaise phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, agus aird chuí á tabhairt ar neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nós imeachta de, chomh maith le cuspóirí an Rialacháin seo, is iomchuí foráil a dhéanamh do shainmhíniú solúbtha ar cad is cinneadh críochnaitheach ann trí thagairt a dhéanamh don dlí náisiúnta, agus ar an tuiscint gur cheart do na Ballstáit na leigheasanna a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, ar a laghad, a sholáthar sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás ina ndearnadh iarratas iardain sula ndearnadh cinneadh críochnaitheach faoin iarratas roimhe sin, ba cheart é a mheas mar ionadaíocht bhreise agus scrúdú a dhéanamh air faoi chuimsiú an nós imeachta riaracháin nó achomhairc atá ar siúl faoi láthair de réir mar is iomchuí. |
|
(89) |
Is coincheap a rialaítear le dlí an Aontais an chiall atá le cúirt nó binse, mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní féidir aon chiall eile a bhaint as an gcoincheap sin, agus as nithe eile nach é, ach údarás a ghníomhaíonn mar thríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh is ábhar na n-imeachtaí. Ba cheart don údarás sin feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú agus níl sé cinntitheach an mar chúirt nó mar bhinse a aithnítear é faoin dlí náisiúnta. Níor cheart go ndéanfadh an rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát a gcóras cúirte náisiúnta a eagrú agus líon na ndeiseanna achomhairc a chinneadh. I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta don fhéidearthacht achomhairc bhreise a thaisceadh i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó i gcoinne cinnidh achomhairc iardain, ba cheart an nós imeachta agus éifeacht fionraíochta na n-achomharc sin a rialáil sa dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta. |
|
(90) |
Chun críocha an nós imeachta achomhairc, d’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí éisteachtaí os comhair cúirt nó binse céadchéime a thionól trí fhíschomhdháil, ar choinníoll go mbeidh na socruithe is gá i bhfeidhm. |
|
(91) |
Ionas go mbeidh iarratasóir in ann a cheart nó ceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart éifeachtaí uile an chinnidh um fhilleadh a chur ar fionraí go huathoibríoch fad a bheidh ceart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit nó ar feadh na tréimhse a ceadaíodh dó nó di fanacht uirthi. |
|
(92) |
Ba cheart, i bprionsabal, an ceart a bheith ag iarratasóirí fanacht ar chríoch Bhallstáit, ar feitheamh thoradh an achomhairc, go dtí go rachaidh an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh os comhair cúirt nó binse céadchéime in éag, agus, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart sin laistigh den teorainn ama atá socraithe,. Is sna cásanna teoranta a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna cásanna sin amháin, inar dócha go bhfuil iarratais gan bhunús, agus gan dochar do phrionsabal an non-refoulement, nár cheart ceart fanachta uathoibríoch a bheith ag an iarratasóir chun críocha an achomhairc. |
|
(93) |
I gcásanna nach mbeidh aon cheart fanachta uathoibríoch ag an iarratasóir chun críocha an achomhairc, ba cheart do chúirt nó binse a bheith fós in ann a cheadú don iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, arna iarraidh sin ag an iarratasóir nó ag gníomhú don dlínse sin as a stuaim féin. Sna cásanna sin, ba cheart ceart fanachta a bheith ag iarratasóirí, ar feitheamh thoradh an achomhairc, go dtí go rachaidh an teorainn ama chun cead fanachta a iarraidh ar chúirt nó binse in éag agus, i gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir an iarraidh in isteach laistigh den teorainn ama atá socraithe. Chun iarratais mhí-úsáideacha iardain nó ag an nóiméad deiridh a dhíspreagadh, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil sa dlí náisiúnta nár cheart aon cheart fanachta a bheith ag iarratasóirí le linn na tréimhse sin i gcás inar diúltaíodh iarratais iardain, d’fhonn tuilleadh iarratas iardain gan bhunús a chosc. I gcomhthéacs an nós imeachta lena gcinntear ar cheart nó nár cheart cead a thabhairt don iarratasóir fanacht go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc, ba cheart cearta cosanta an iarratasóra a ráthú go leormhaith tríd an gcúnamh ateangaireachta agus dlí is gá a chur ar fáil dó nó di. Thairis sin, ba cheart an chúirt nó an binse inniúil a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar an cinneadh lena ndiúltaítear do chosaint idirnáisiúnta a dheonú i dtéarmaí fíoras agus pointí dlí. |
|
(94) |
Chun filleadh éifeachtach a áirithiú, níor cheart go mbeadh ceart fanachta ag iarratasóirí fanacht ar chríoch an Bhallstáit ag céim an dara leibhéal achomhairc nó leibhéal eile achomhairc ina dhiaidh sin roimh chúirt nó binse, is é sin achomharc i gcoinne cinneadh diúltach maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag cúirt nó binse cead a thabhairt don iarratasóir fanacht. |
|
(95) |
Maidir leis an athbhreithniú dlíthiúil a dhéanann cúirt nó binse ar chinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun a áirithiú go bhfuil an t-athbhreithniú sin comhsheasmhach leis an gcinneadh um fhilleadh a ghabhann leis, agus d’fhonn dlús a chur leis an scrúdú ar an gcás agus an t-ualach ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a laghdú, ba cheart na cinntí sin, má ghlactar iad mar chuid den chinneadh gaolmhar maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó maidir leis an gcinneadh chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar, a bheith faoi réir imeachtaí comhchoiteanna os comhair na cúirte céanna nó an bhinse chéanna. |
|
(96) |
Chun cothroime agus oibiachtúlacht a áirithiú maidir le bainistiú iarratas agus éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis an nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, ba cheart teorainneacha ama a shocrú le haghaidh an nós imeachta riaracháin. |
|
(97) |
I gcomhréir le hAirteagal 72 CFAE, ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach a chosaint. |
|
(98) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir leis an bpróiseáil sonraí a dhéanann na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. |
|
(99) |
Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht um Thearmann faoi chuimsiú an Rialacháin seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), chomh maith le Rialachán (AE) 2021/2303 agus ba cheart do, go háirithe, prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú. |
|
(100) |
Ba cheart a mheas go bhfuil aon sonraí pearsanta a bhailítear nuair a chláraítear agus nuair a chuirtear isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus le linn an agallaimh phearsanta, ina gcuid de chomhad an iarratasóra agus ba cheart iad a choinneáil ar feadh líon leordhóthanach blianta toisc go mb’fhéidir go ndéanfadh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a lorgóidh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát amháin iarracht cosaint idirnáisiúnta a lorg i mBallstát eile nó tuilleadh iarratas iardain a dhéanamh sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile sna blianta atá le teacht. Ós rud é go mbeidh stádas lonnaithe nó fiú saoránacht Ballstáit bainte amach ag formhór na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a d'fhan san Aontas ar feadh roinnt blianta i ndiaidh tréimhse 10 mbliana ón uair a dheonaítear cosaint idirnáisiúnta dóibh, ba cheart an tréimhse sin a mheas mar thréimhse riachtanach chun sonraí pearsanta, lena n-áirítear méarloirg agus íomhánna d’aghaidheanna, a stóráil. |
|
(101) |
Ní dhéileálann an Rialachán seo le nósanna imeachta idir Ballstáit arna rialú ag Rialachán (AE) 2024/1351, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hachomhairc i gcomhthéacs na nósanna imeachta sin. |
|
(102) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratasóirí a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1351 maidir leo, chomh maith le forálacha an Rialacháin sin agus gan dochar dóibh. |
|
(103) |
D’fhonn cur chun feidhme comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú faoin tráth a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, ba cheart pleananna cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta lena sainaithneofar bearnaí agus céimeanna oibríochtúla do gach Ballstát a fhorbairt agus a chur chun feidhme. |
|
(104) |
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go tráthrialta. |
|
(105) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nós imeachta coiteann a bhunú chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(106) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(107) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(108) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le lánurraim a áirithiú do dhínit an duine agus le cur i bhfeidhm Airteagail 1, 4, 8, 18, 19, 21, 23, 24 agus 47 den Chairt a chur chun cinn, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar de bhun Rialachán (AE) 2024/1347.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar i gcríoch na mBallstát, lena n-áirítear na cinn sin a dhéantar ag an teorainn sheachtrach, ar an bhfarraige theorann nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát, agus maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus le hiarrataí ar thearmann taidhleoireachta nó críochach a chuirtear faoi bhráid ionadaíochtaí na mBallstát.
3. Féadfaidh Ballstáit a chinneadh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar chosaint nach mbaineann Rialachán (AE) 2024/1347 leo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘dídeanaí’ náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin, nó duine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo, ar na cúiseanna sin a luaitear thuas agus nach bhfuil in ann nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach, filleadh ar an tír sin, i gcás inar duine é nó í nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1347 maidir leis nó léi; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcáilíonn mar dhídeanaí ach ar taispeánadh ina leith go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh fíorbhaol ann, dá bhfillfeadh an duine sin ar a thír thionscnaimh nó ar a tír thionscnaimh nó, i gcás duine gan stát, dá bhfillfeadh sé nó sí ar an tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo, go mbeadh sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1347, agus ar duine é nó í nach bhfuil feidhm ag Airteagal 17(1) agus (2) den Rialachán sin maidir leis nó léi, agus nach bhfuil in ann nó, de bharr an bhaoil sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘stádas dídeanaí’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhídeanaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhuine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘cosaint idirnáisiúnta’ stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a bhaineann críoch na mBallstát amach gan tionlacan duine fásta atá freagrach as nó aisti, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar an mionaoiseach sin go héifeachtach faoi chúram duine fásta den sórt sin, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó nó di dul isteach i gcríoch na mBallstát; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘cinneadh críochnaitheach’ cinneadh i dtaobh cé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát de bhun Rialachán (AE) 2024/1347, lena n-áirítear cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha nó cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc gur tarraingíodh siar go hintuigthe nó go sainráite é, nach bhfuil faoi réir leighis a thuilleadh faoi chuimsiú Chaibidil V den Rialachán seo nó atá tagtha chun bheith críochnaitheach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an ceart fanachta ag an iarratasóir i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ scrúdú ar inghlacthacht nó ar thuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (s), de Rialachán (AE) 2024/1358; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘acmhainneacht leordhóthanach’ an acmhainneacht is gá ag aon tráth chun an nós imeachta teorann um thearmann, agus an nós imeachta teorann um fhilleadh arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1349 nó, i gcás inarb infheidhme, nós imeachta teorann coibhéiseach um fhilleadh arna bhunú faoin dlí náisiúnta, a dhéanamh; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ nó ‘iarratas’ iarraidh ar chosaint ó Bhallstát a dhéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, ar duine é nó í is féidir a thuiscint mar dhuine atá ag iarraidh bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘iarratasóir’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas déanta aige nó aici ar chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta maidir leis an iarratas sin go fóill; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘iarratasóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air nó uirthi’ iarratasóir a bhfuil a chumas nó a cumas tairbhe a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh teoranta mar gheall ar chúinsí aonair, amhail leochaileachtaí sonracha; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘duine gan stát’ duine nach measann aon Stát gur náisiúnach é nó í trí fheidhmiú a dhlí; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘údarás cinntitheach’ aon chomhlacht garbhreithiúnach nó riaracháin i mBallstát ar comhlacht é atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus atá inniúil chun cinntí a dhéanamh faoin nós imeachta riaracháin; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar’ cinneadh ó údarás cinntitheach nó ó chúirt nó binse inniúil cosaint idirnáisiúnta a chúlghairm nó deireadh a chur léi, lena n-áirítear trí dhiúltú cosaint idirnáisiúnta a athnuachan, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘fanacht sa Bhallstát’ fanacht ar chríoch an Bhallstáit, lena n-áirítear ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais, ina ndearnadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ina bhfuil sé á scrúdú; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘iarratas iardain’ iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar in aon Bhallstát tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta i dtaobh iarratas roimhe sin lena n-áirítear cásanna inar diúltaíodh d’iarratas toisc gur tarraingíodh siar go sainráite nó go hintuigthe é; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘Ballstát freagrach’ an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351. |
Airteagal 4
Na húdaráis inniúla
1. Ainmneoidh gach Ballstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, údarás cinntitheach chun na chúraimí a leagtar air a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2024/1347, go háirithe na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus scrúdú a dhéanamh air; |
|
(b) |
cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta; |
|
(c) |
cinntí a dhéanamh maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar. |
Is é an t-údarás cinntitheach an t-aon údarás, le linn an nós imeachta riaracháin, ag a bhfuil an chumhacht cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht agus tuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.
2. Gan dochar do mhír 1, cuirfidh na Ballstáit de chúram ar údaráis náisiúnta ábhartha eile iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil chomh maith le hiarratasóirí a chur ar an eolas faoi cá háit agus conas iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 28. Áireofar ar na húdaráis náisiúnta eile sin, ar a laghad, na póilíní, na húdaráis inimirce, na gardaí teorann agus na húdaráis atá freagrach as saoráidí coinneála nó saoráidí glactha.
3. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú. Féadfaidh na Ballstáit a chur de chúram ar an údarás cinntitheach nó ar údaráis ábhartha eile iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú.
4. I gcás ina bhfaighidh údarás iarratas gan an chumhacht aige é a chlárú, cuirfidh an t-údarás sin an t-údarás atá freagrach as iarratais a chlárú ar an eolas go pras agus clárófar an t-iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 27. Cuirfidh an t-údarás atá freagrach as an iarratas a fháil in iúl don iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta cén t-údarás atá freagrach as an iarratas a chlárú freisin.
5. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, faoin 12 Meitheamh 2026, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na húdaráis atá ainmnithe aige chun na cúraimí dá dtagraítear sna míreanna sin a dhéanamh, agus sonróidh siad na cúraimí a shanntar dóibh. Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún faoi aon athruithe maidir le sainaithint na n-údarás sin.
6. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil údarás seachas an t-údarás cinntitheach le bheith freagrach as an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351.
7. Soláthróidh gach Ballstát na hacmhainní iomchuí don údarás cinntitheach agus do na húdaráis inniúla eile arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear a dhóthain ball foirne inniúil chun a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-eolas iomchuí ag baill foirne na n-údarás inniúil a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm agus gur cuireadh oiliúint orthu, lena n-áirítear an oiliúint ábhartha faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/2303, agus go mbeidh treoir faighte acu chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.
Airteagal 5
Cúnamh a tabhairt do na húdaráis inniúla
Gan dochar d’Airteagal 4, míreanna 7 agus 8, arna iarraidh sin don Bhallstát, féadfaidh údaráis inniúla arna sainaithint faoi Airteagal 4, chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus a chlárú agus chun an scrúdú a dhéantar ar iarratais a éascú, lena n-áirítear i dtaca leis an agallamh pearsanta, cúnamh a fháil ó:
|
(a) |
saineolaithe arna n-imscaradh ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘an Ghníomhaireacht um Thearmann’) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2303, agus |
|
(b) |
údaráis inniúla Ballstáit eile ar leag an Ballstát sin mar chúram orthu iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú nó scrúdú a dhéanamh air. |
Ní fhéadfaidh údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 4 cúnamh a thabhairt d’údaráis Ballstáit eile ach amháin maidir leis na cúraimí ar leag a mBallstát mar chúram orthu.
Is ag údarás cinntitheach an Bhallstáit fhreagraigh, agus ag an údarás sin amháin, a bheidh an inniúlacht maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.
Airteagal 6
Ról Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe
1. Ceadóidh na Ballstáit d’Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe:
|
(a) |
rochtain a bheith aige ar iarratasóirí, lena n-áirítear iad siúd in ionaid glactha, faoi choinneáil, ag an teorainn agus i gcriosanna idirthurais; |
|
(b) |
rochtain a bheith aige ar fhaisnéis i dtaca le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, ar chúrsa an nós imeachta agus ar na cinntí a rinneadh, faoi réir thoiliú an iarratasóra; |
|
(c) |
a thuairimí a chur in iúl, i bhfeidhmiú a fhreagrachtaí maoirseachta faoi Airteagal 35 de Choinbhinsiún an 28 Iúil 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), d’údarás inniúil ar bith maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta ag céim ar bith den nós imeachta. |
2. Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le heagraíocht atá ag obair ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann thar ceann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe de bhun comhaontaithe leis an mBallstát sin.
Airteagal 7
Prionsabal na rúndachta
1. Beidh na húdaráis a chuirfidh an Rialachán seo i bhfeidhm faoi cheangal ag prionsabal na rúndachta maidir le haon fhaisnéis phearsanta a gheobhaidh siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear aon mhalartú faisnéise idir údaráis na mBallstát a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ar faisnéis í atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Le linn an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus tar éis cinneadh críochnaitheach i dtaca leis an iarratas, ní dhéanfaidh na húdaráis an méid seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis a bhaineann leis an iarratas aonair ar chosaint idirnáisiúnta nó an fíoras go ndearnadh iarratas a nochtadh leis na daoine a bhfuil sé líomhnaithe gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad; |
|
(b) |
aon fhaisnéis a fháil ó na daoine a bhfuil sé líomhnaithe gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad ar bhealach a d’fhágfadh go gcuirfí in iúl do na gníomhaithe sin go bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir atá i gceist. |
CAIBIDIL II
PRIONSABAIL BHUNÚSACHA AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ BUNÚSACHA
ROINN I
CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ IARRATASÓIRÍ
Airteagal 8
Ráthaíochtaí ginearálta d’iarratasóirí
1. Le linn an nós imeachta riaracháin dá dtagraítear i gCaibidil III, beidh ag iarratasóirí na ráthaíochtaí atá leagtha amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo.
2. Cuirfidh an t-údarás cinntitheach nó, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla nó eagraíochtaí eile ar leag na Ballstáit an cúram sin orthu, na hiarratasóirí ar an eolas, i dteanga is féidir leo a thuiscint nó a gceaptar le réasún go dtuigfidh siad í, faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
an ceart chun iarratas aonair a thaisceadh; |
|
(b) |
na teorainneacha ama agus céimeanna an nós imeachta atá le leanúint; |
|
(c) |
a gcearta agus a n-oibleagáidí le linn an nós imeachta, lena n-áirítear iad siúd faoi Rialachán (AE) 2024/1351, agus na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiarratas a tharraingt siar go sainráite nó go hintuigthe; |
|
(d) |
an ceart chun comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a fháil chun an t-iarratas aonair a thaisceadh agus chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil ag gach céim den nós imeachta de bhun Roinn III den Chaibidil seo agus i gcomhréir le hAirteagail 15, 16, 17, 18 agus 19; |
|
(e) |
na hacmhainní trínar féidir leo an oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis na heilimintí a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(f) |
cinneadh an údaráis chinntithigh i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Déanfar an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil a luaithe is féidir chun a chur ar a gcumas d’iarratasóirí na cearta a ráthaítear sa Rialachán seo a fheidhmiú agus chun a chur ar a gcumas dóibh na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9 a chomhlíonadh go hiomchuí. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (e), den mhír seo ar fáil don iarratasóir ar a dhéanaí nuair a chlárófar an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil trí bhíthin na bileoige dá dtagraítear i mír 7, agus cuirfear ar fáil go fisiciúil nó go leictreonach í, agus, i gcás inar gá, ó bhéal. Cuirfear faisnéis ar fáil do mhionaoisigh ar bhealach atá fabhrach don leanbh agus le rannpháirtíocht an ionadaí nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a), den Rialachán seo.
Tabharfar an deis don iarratasóir a dheimhniú go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis. Déanfar an deimhniú sin a dhoiciméadú i gcomhad an iarratasóra. Má dhiúltaíonn an t-iarratasóir a dheimhniú go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis, cuirfear nóta ina thaobh sin isteach ina chomhad nó ina comhad.
3. Le linn an nós imeachta riaracháin, cuirfear seirbhísí ateangaire ar fáil d’iarratasóirí chun iarratas a chlárú agus a thaisceadh agus, i gcás inarb infheidhme, don agallamh pearsanta, nuair nach féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú ar shlí eile. Íocfar as na seirbhísí ateangaireachta ó chistí poiblí.
4. Tabharfaidh na húdaráis inniúla an deis d’iarratasóirí, a luaithe is féidir agus roimh an spriocdháta chun iarratas a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1), cumarsáid a dhéanamh le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe nó le haon eagraíocht eile a chuireann comhairle dlí nó comhairleoireacht eile ar fáil d’iarratasóirí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
5. Áiritheoidh an t-údarás cinntitheach go bhfuil rochtain ag iarratasóirí agus, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe nó a gcomhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile a aithnítear nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta chun comhairle dlí a chur ar fáil (‘comhairleoirí dlí’), rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(2), pointí (b) agus (c), atá de dhíth chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus ar an bhfaisnéis a thugann na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 34(3), i gcás inar chuir an t-údarás cinntitheach an fhaisnéis sin san áireamh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca lena n-iarratas.
6. Tabharfaidh an t-údarás cinntitheach fógra i scríbhinn a luaithe is féidir d’iarratasóirí maidir leis an gcinneadh a rinneadh i dtaca lena n-iarratas. I gcás ina ndéanann ionadaí nó comhairleoir dlí ionadaíocht dhlíthiúil d’iarratasóir, féadfaidh an t-údarás cinntitheach fógra i dtaca leis an gcinneadh a thabhairt don ionadaí sin nó don chomhairleoir dlí sin in ionad an iarratasóra.
7. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Thearmann, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le gach Ballstát, bileoga eolais a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis a éilítear leis an Airteagal seo. Tarraingeofar suas na bileoga eolais sin ar bhealach a chuirfidh ar chumas na mBallstát iad a chomhlánú le faisnéis bhreise atá sonrach don Bhallstát lena mbaineann agus cuirfear san áireamh iontu sainiúlachtaí iarratasóirí leochaileacha, mar shampla mionaoisigh nó daoine faoi mhíchumas.
Airteagal 9
Oibleagáidí na n-iarratasóirí
1. Déanfaidh an t-iarratasóir a iarratas nó a hiarratas sa Bhallstát dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1351.
2. Comhoibreoidh an t-iarratasóir go hiomlán leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4 sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointí (a), (b) agus (d) a sholáthar; |
|
(b) |
míniú a thabhairt i gcás nach bhfuil doiciméad céannachta nó taistil ina sheilbh aige nó ina seilbh aici; |
|
(c) |
faisnéis a sholáthar maidir le haon athruithe ar a áit chónaithe nó a háit chónaithe, ar a sheoladh nó a seoladh, ar a uimhir theileafóin nó a huimhir theileafóin ar a sheoladh ríomhphoist nó seoladh ríomhphoist; |
|
(d) |
sonraí bithmhéadracha a sholáthar; |
|
(e) |
a iarratas nó a hiarratas a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus é a bheith ar fáil i gcónaí le linn an nós imeachta; |
|
(f) |
doiciméid atá ina sheilbh nó ina seilbh atá ábhartha don scrúdú ar an iarratas a thabhairt ar láimh a luaithe is féidir; |
|
(g) |
freastal ar an agallamh pearsanta, gan dochar d’Airteagal 13; |
|
(h) |
fanacht ar chríoch an Bhallstáit ina gceanglaítear air nó uirthi a bheith i láthair i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1351. |
I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla aon doiciméad dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a choinneáil, áiritheoidh siad go bhfaighidh an t-iarratasóir cóipeanna de na bundoiciméid láithreach. I gcás aistriú de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1351, tabharfaidh na húdaráis inniúla na doiciméid sin ar ais don iarratasóir tráth an aistrithe.
3. Glacfaidh an t-iarratasóir le haon teachtaireacht ó na húdaráis inniúla ag an áit chónaithe nó seoladh is deireanaí, tríd an uimhir theileafóin nó an seoladh ríomhphoist a chuirfidh sé nó sí in iúl do na húdaráis inniúla, go háirithe nuair a thaiscfidh sé nó sí iarratas i gcomhréir le hAirteagal 28.
Bunóidh na Ballstáit sa dlí náisiúnta an modh cumarsáide agus an tráth a mheasfar an chumarsáid a bheith faighte ag an iarratasóir.
4. Comhlíonfaidh an t-iarratasóir oibleagáidí maidir le tuairisciú chuig na húdaráis inniúla ag am sonraithe nó ag eatraimh réasúnta nó fanacht i limistéar geografach ainmnithe ar a chríoch i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346, de réir mar a fhorchuirfidh an Ballstát ina gceanglaítear air nó uirthi a bheith i láthair i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351.
5. Gan dochar d’aon chuardach a dhéanfar ar chúiseanna slándála, i gcás ina bhfuil gá agus údar cuí leis chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an iarratasóir go ndéanfar cuardach air nó uirthi nó go ndéanfar a chuid nó a cuid giuirléidí a chuardach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Míneoidh an t-údarás inniúil na cúiseanna leis an gcuardach don iarratasóir agus cuirfidh sé i gcomhad an iarratasóra iad. Déanfaidh duine den ghnéas céanna aon chuardach atá le déanamh ar phearsa an iarratasóra faoin Rialachán seo agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabail dhínit an duine agus na sláine fisiciúla agus síceolaíche.
Airteagal 10
An ceart fanachta le linn an nós imeachta riaracháin
1. Beidh an ceart ag iarratasóirí fanacht ar chríoch an Bhallstáit ina gceanglaítear orthu a bheith i láthair i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1351 go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás cinntitheach maidir leis an iarratas sa nós imeachta riaracháin dá bhforáiltear i gCaibidil III.
2. Ní hionann an ceart fanachta agus teidlíocht ar chead cónaithe agus ní thabharfaidh sé an ceart don iarratasóir taisteal chuig críoch Ballstát eile gan doiciméad taistil mar a fhoráiltear in Airteagal 6(3) de Threoir (AE) 2024/1346.
3. Ní bheidh sé de cheart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann le linn an nós imeachta riaracháin i gcás ina bhfuil an duine faoi réir tabhairt suas do Bhallstát eile de bhun oibleagáidí i gcomhréir le barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (21).
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ó cheart an iarratasóra fanacht ar a gcríoch le linn an nós imeachta riaracháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
ina ndéanann sé nó sí iarratas iardain i gcomhréir le hAirteagal 55 agus ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 56; |
|
(b) |
ina ndéantar nó ina ndéanfar é nó í a eiseachadadh, a thabhairt suas nó a aistriú chuig Ballstát eile, chuig tríú tír, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó chuig cúirt idirnáisiúnta nó binse idirnáisiúnta eile chun ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú; |
|
(c) |
go bhfuil sé nó sí ina chontúirt nó ina contúirt don bheartas poiblí nó don tslándáil náisiúnta, gan dochar d’Airteagail 12 agus 17 de Rialachán (AE) 2024/1347, ar choinníoll nach mbeidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm na heisceachta sin go n-aistreofar an t-iarratasóir go tríú tír de shárú ar phrionsabal an non-refoulement. |
5. Ní fhéadfaidh Ballstát iarratasóir a eiseachadadh, a thabhairt suas nó a aistriú chuig tríú tír nó chuig cúirt idirnáisiúnta nó binse idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), ach amháin i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach mbeidh refoulement díreach nó indíreach a sháraíonn oibleagáidí an Bhallstáit sin faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais mar thoradh ar an gcinneadh sin chun eiseachadadh, tabhairt suas nó aistriú a dhéanamh.
ROINN II
AGALLAIMH PHEARSANTA
Airteagal 11
Agallamh inghlacthachta
1. Gan dochar d’Airteagal 38(1) agus d’Airteagal 55(4), sula ndéanfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh maidir le neamh-inghlacthacht iarratais i gcomhréir le hAirteagal 38, tabharfar an deis don iarratasóir agallamh pearsanta a dhéanamh maidir le hinghlacthacht (‘an t-agallamh inghlacthachta’).
2. San agallamh inghlacthachta, ba cheart an deis a thabhairt don iarratasóir cúiseanna a sholáthar i dtaca leis an bhfáth nach mbeadh na forais neamh-inghlacthachta dá bhforáiltear in Airteagal 38 infheidhme maidir leis nó léi.
Airteagal 12
Agallamh substainteach
1. Sula ndéanann an t-údarás cinntitheach cinneadh i dtaca le tuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, tabharfar an deis don iarratasóir agallamh substainteach a dhéanamh i dtaca lena iarratas nó lena hiarratas (‘an t-agallamh substainteach’). Féadfar an t-agallamh substainteach a dhéanamh ag an am céanna leis an agallamh inghlacthachta ar choinníoll gur cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas roimh ré faoin bhféidearthacht sin agus go raibh sé nó sí in ann dul i gcomhairle lena chomhairleoir dlí nó lena comhairleoir dlí i gcomhréir le hAirteagal 15 nó le duine a bhfuil sé de chúram air nó uirthi comhairleoireacht dhlíthiúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 16.
2. San agallamh substainteach, tabharfar an deis don iarratasóir na heilimintí a thabhairt ar aird atá de dhíth chun a léiriú go bhfuil bunús lena iarratas nó lena hiarratas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347, agus soláthróidh sé nó sí na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin a iomláine agus is féidir. Tabharfar an deis don iarratasóir míniú a thabhairt maidir le heilimintí a d’fhéadfadh a bheith ar iarraidh nó maidir le haon neamhréireachtaí nó bréagnuithe ina ráitis.
Airteagal 13
Riachtanais i dtaca le hagallaimh phearsanta
1. Déanfar agallaimh phearsanta dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12 i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear sa Rialachán seo.
2. I gcás ina dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 31, tabharfar an deis don duine fásta atá freagrach dá dtagraítear san fhoráil sin agallamh pearsanta a dhéanamh de bhun Airteagal 11 agus 12. Tabharfar an deis don iarratasóir freisin páirt a ghlacadh san agallamh sin ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag mír 11, pointe (c), den Airteagal seo.
3. Déanfar na hagallaimh phearsanta faoi dhálaí a áiritheoidh príobháideachas agus rúndacht iomchuí agus a cheadóidh d’iarratasóirí na forais dá n-iarratais a thabhairt ar aird ar bhealach cuimsitheach.
4. Áiritheofar go mbeidh comhairleoir dlí an iarratasóra i láthair ag an agallamh pearsanta, i gcás inar chinn an t-iarratasóir leas a bhaint as cúnamh dlí i gcomhréir le Roinn III den Chaibidil seo.
5. Cuirfear ateangaire ar fáil a bheidh in ann cumarsáid iomchuí a áirithiú idir an t-iarratasóir agus an duine a dhéanfaidh an t-agallamh do na hagallaimh phearsanta.
Féadfar idirghabhálaí cultúrtha a chur ar fáil le linn na n-agallamh pearsanta.
Tabharfaidh na Ballstáit tús áite d’ateangairí agus d’idirghabhálaithe cultúrtha ar cuireadh oiliúint orthu, amhail oiliúint dá dtagraítear in Airteagal 8(4), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/2303.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ateangairí agus idirghabhálaithe cultúrtha ar an eolas faoi na príomhchoincheapa agus faoin téarmaíocht ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, mar shampla trí bhileog chaighdeánach nó trí threoirleabhar. Déanfar cumarsáid sa teanga is rogha leis an iarratasóir mura dtuigeann sé nó sí teanga eile agus mura bhfuil sé nó sí in ann cumarsáid a dhéanamh go soiléir sa teanga sin.
6. Déanfaidh baill foirne de chuid an údaráis chinntithigh na hagallaimh phearsanta.
I gcás ina bhfuil líon díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a dhéanann iarratas laistigh den tréimhse chéanna ama, rud a fhágfaidh nach féidir agallaimh phearsanta tráthúla a dhéanamh ar gach iarratasóir, féadfaidh baill foirne údarás eile de chuid an Bhallstáit sin cúnamh sealadach a thabhairt don údarás cinntitheach agus gheobhaidh siad an oiliúint ábhartha roimh ré, lena n-áireofar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/2303 chun agallaimh mar sin a dhéanamh nó ón nGníomhaireacht um Thearmann i gcomhréir le hAirteagal 5.
7. Maidir leis an duine a dhéanfaidh an t-agallamh:
|
(a) |
beidh siad inniúil ar na cúinsí pearsanta agus ginearálta a bhaineann leis an iarratas a chur san áireamh, lena n-áirítear an staid mar atá i dtír thionscnaimh an iarratasóra, bunadh cultúrtha, aois, inscne, féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh, leochaileacht agus sainriachtanais nósanna imeachta an iarratasóra; |
|
(b) |
ní bheidh éide mhíleata ná éide forfheidhmithe dlí á caitheamh aige nó aici. |
8. Beidh an méid seo a leanas fíor i gcás na mball foirne a chuirfidh iarratasóirí faoi agallamh, lena n-áirítear saineolaithe arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht um Thearmann:
|
(a) |
beidh eolas ginearálta acu faoi imthosca a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar chumas an iarratasóra dul faoi agallamh, mar shampla, comharthaí gur céasadh an duine san am a chuaigh thart nó gur íospartach na gáinneála ar dhaoine é nó í; |
|
(b) |
cuireadh oiliúint orthu, roimh ré, lena n-áirítear eilimintí ábhartha ó na cinn sin a liostaítear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2021/2303. |
9. Arna iarraidh sin don iarratasóir agus i gcás inar féidir, áiritheoidh an t-údarás cinntitheach go bhfuil na hagallóirí agus na hateangairí den inscne is fearr leis an iarratasóir, ach amháin má tá cúiseanna aige lena mheas nach mbaineann an iarraidh sin le deacrachtaí an iarratasóra forais a iarratais nó a hiarratais a chur i láthair ar bhealach cuimsitheach.
10. De mhaolú air sin, féadfaidh an t-údarás cinntitheach an t-agallamh pearsanta a reáchtáil trí fhíschomhdháil i gcás ina mbeidh údar cuí leis de bharr na gcúinsí.
I gcás den sórt sin, áiritheoidh an t-údarás cinntitheach na socruithe is gá le haghaidh na saoráidí, na gcaighdeán nós imeachta agus teicniúil, an chúnaimh dlí agus an ateangaireacht iomchuí, agus treoir ón nGníomhaireacht um Thearmann á cur san áireamh.
11. Féadfar an t-agallamh inghlacthachta nó an t-agallamh substainteach, de réir mar is infheidhme, a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá an t-údarás cinntitheach in ann cinneadh dearfach a dhéanamh maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí ar bhonn na fianaise atá ar fáil, ar choinníoll go bhfuil na cearta agus na sochair chéanna ag an stádas cosanta coimhdí agus atá ag stádas dídeanaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta; |
|
(b) |
measann an t-údarás cinntitheach nach bhfuil an t-iarratas neamh-inghlactha ar bhonn na fianaise atá ar fáil; |
|
(c) |
tá an t-údarás cinntitheach den tuairim nach bhfuil an t-iarratasóir inniúil ná in ann dul faoi agallamh mar gheall ar chúinsí marthanacha nach bhfuil neart aige orthu; |
|
(d) |
i gcás iarratais iardain, ina déantar an réamhscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 55(4) ar bhonn ráitis i scríbhinn; |
|
(e) |
measann an t-údarás cinntitheach nach bhfuil an t-iarratas inghlactha de bhun Airteagal 38(1) pointe (c). |
Má fhágtar agallamh pearsanta ar lár de bhun phointe (c) den chéad fhomhír, ní dhéanfaidh sin dochar do chinneadh an údaráis chinntithigh. I gcás ina bhfágfar an t-agallamh pearsanta ar lár de bhun an phointe sin, tabharfaidh an t-údarás cinntitheach deis éifeachtach don iarratasóir tuilleadh faisnéise a chur isteach i scríbhinn.
Nuair a bheidh amhras ann faoi inniúlacht nó cumas an iarratasóra dul faoi agallamh, rachaidh an t-údarás cinntitheach i gcomhairle le gairmí leighis chun a chinneadh an de chineál sealadach nó de chineál marthanach an riocht a fhágann nach bhfuil an t-iarratasóir inniúil nó in ann dul faoi agallamh. I gcás inar léir, tar éis dul i gcomhairle leis an ngairmí leighis sin, gur de chineál sealadach an riocht a fhágann nach bhfuil an t-iarratasóir inniúil nó nach féidir é a chur faoi agallamh, cuirfidh an t-údarás cinntitheach an t-agallamh pearsanta ar athlá go dtí go mbeidh an t-iarratasóir inniúil nó in ann dul faoi agallamh.
I gcás nach bhfuil an t-iarratasóir in ann freastal ar an agallamh pearsanta mar gheall ar chúinsí sonracha nach raibh neart aige nó aici orthu, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an t-agallamh pearsanta a athsceidealú
12. Beidh iarratasóirí i láthair ag an agallamh pearsanta agus beidh orthu freagra a thabhairt go pearsanta ar na ceisteanna a chuirfear.
13. Ceadófar d’iarratasóir cúnamh a fháil ó chomhairleoir dlí san agallamh pearsanta, lena n-áirítear nuair a thionóltar trí fhíschomhdháil é.
Ní chuirfidh neamhláithreacht an chomhairleora dlí cosc ar an údarás cinntitheach an t-agallamh a dhéanamh.
Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos sa dlí náisiúnta, i gcás ina nglacfaidh comhairleoir dlí páirt san agallamh pearsanta, nach bhféadfaidh an comhairleoir dlí idirghabháil a dhéanamh ach amháin ag deireadh an agallaimh phearsanta.
14. Gan dochar d’Airteagal 11(1) agus 12(1) agus ar choinníoll go ndearnadh iarrachtaí leordhóthanacha chun a áirithiú gur tugadh deis don iarratasóir agallamh pearsanta a dhéanamh, ní chuirfidh easpa agallaimh phearsanta cosc ar an údarás cinntitheach cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.
Airteagal 14
Tuairisciú agus taifeadadh ar agallaimh phearsanta
1. Déanfaidh an t-údarás cinntitheach nó aon údarás nó saineolaithe eile a chuidíonn leis i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 13(6) na hagallaimh phearsanta a dhéanamh tuarascáil chríochnúil fhíorasach ina mbeidh príomheilimintí uile an agallaimh phearsanta, nó tras-scríbhinn den agallamh nó tras-scríbhinn de thaifeadadh den agallamh sin a bheidh le cur i gcomhad an iarratasóra.
2. Déanfar na hagallaimh phearsanta a thaifeadadh trí bhíthin modhanna taifeadta fuaime. Cuirfear in iúl don iarratasóir roimh ré go bhfuil taifeadadh mar sin á dhéanamh agus míneofar an cuspóir atá leis. Tabharfar aird ar leith ar riachtanais na n-iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu. Cuirfidh an t-údarás cinntitheach an taifeadadh i gcomhad an iarratasóra.
3. Tabharfar an deis don iarratasóir tráchtanna a thabhairt nó soiléiriú a thabhairt ó bhéal nó i scríbhinn maidir le haon aistriúcháin mhíchearta nó míthuiscintí nó botúin fhíorasacha eile atá sa tuarascáil, i dtras-scríbhinn an agallaimh nó i dtras-scríbhinn an taifeadta, ag deireadh an agallaimh phearsanta nó laistigh de theorainn ama shonraithe sula ndéanfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh. Chun na críche sin, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi ábhar iomlán na tuarascála, faoi thras-scríbhinn an agallaimh nó faoi thras-scríbhinn an taifeadta, le cúnamh ó ateangaire, i gcás inar gá.
4. Iarrfar ar an iarratasóir a dhearbhú gur léiriú ceart ar an agallamh pearsanta é ábhar na tuarascála nó tras-scríbhinn an agallaimh. I gcás ina ndiúltóidh an t-iarratasóir an t-ábhar a dhearbhú, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin isteach i gcomhad an iarratasóra. Ní chuirfidh an diúltú sin cosc ar an údarás cinntitheach cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an iarratas. I gcás ina mbeidh amhras ann faoi na ráitis a rinne an t-iarratasóir le linn an agallaimh phearsanta, is ag an taifeadadh fuaime a bheidh an forlámhas.
5. Ní gá go n-iarrfaí ar an iarratasóir tuairimí a thabhairt nó soiléirithe a thabhairt maidir leis an tuarascáil nó tras-scríbhinn an agallaimh, ná a dhearbhú go léiríonn ábhar na tuarascála nó tras-scríbhinn an agallaimh an t-agallamh i gceart sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
faoin dlí náisiúnta, féadfar an taifeadadh nó an tras-scríbhinn de a ghlacadh mar fhianaise sa nós imeachta achomhairc, nó |
|
(b) |
is léir don údarás cinntitheach go mbronnfar stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí ar an iarratasóir ar choinníoll go bhfuil na cearta agus na sochair chéanna ag an stádas cosanta coimhdí agus atá ag stádas dídeanaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. |
6. Beidh rochtain ag iarratasóirí agus, i gcás inar ceapadh iad, ag a n-ionadaithe agus ag a gcomhairleoirí dlí ar an tuarascáil nó na tras-scríbhinní dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir tar éis an agallaimh agus, in aon chás, in am trátha sula ndéanfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh.
Tabharfar rochtain freisin ar an taifeadadh sa nós imeachta achomhairc.
ROINN III
COMHAIRLEOIREACHT DHLÍTHIÚIL AGUS CÚNAMH DLÍ AGUS IONADAÍOCHT DHLÍTHIÚIL A SHOLÁTHAR
Airteagal 15
An ceart chun comhairleoireacht dhlíthiúil agus cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil
1. Beidh dé de cheart ag iarratasóirí dul i gcomhairle, ar bhealach éifeachtach, le comhairleoir dlí nó comhairleoir eile i dtaca le hábhair a bhaineann lena n-iarratais ag céimeanna uile an nós imeachta.
2. Gan dochar do cheart an iarratasóra a chomhairleoir dlí nó a comhairleoir féin nó comhairleoir eile a roghnú ar a chostas nó ar a costas féin, féadfaidh iarratasóir comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh sa nós imeachta riaracháin dá bhforáiltear i gCaibidil III, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh sa nós imeachta achomhairc dá bhforáiltear i gCaibidil V, i gcomhréir le hAirteagal 17.
Cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tráth a chlárófar an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 27 faoina cheart nó faoina ceart comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce nó cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeachta riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
4. Féadfaidh na Ballstáit soláthar comhairleoireachta dlíthiúil agus cúnaimh dlí agus ionadaíochta dlíthiúla a eagrú i gcomhréir lena gcórais náisiúnta.
Airteagal 16
Comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeachta riaracháin
1. Arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh na Ballstáit comhairleoireacht dhlíthiúil ar fáil saor in aisce sa nós imeachta riaracháin dá bhforáiltear i gCaibidil III.
Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar rochtain éifeachtach ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a áirithiú tríd an gcúram a leagann ar dhuine comhairleoireacht dhlíthiúil a chur ar fáil ag céim riaracháin an nós imeachta do roinnt iarratasóirí ag an am céanna.
2. Chun críocha an nós imeachta riaracháin, cuirfear an méid seo a leanas ar fáil mar chuid de chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce:
|
(a) |
treoir agus míniú maidir leis an nós imeachta riaracháin lena n-áirítear faisnéis maidir le cearta agus oibleagáidí le linn an nós imeachta sin; |
|
(b) |
cúnamh maidir leis an iarratas a thaisceadh agus treoir maidir leis an méid seo a leanas:
|
3. Gan dochar do mhír 1, féadfar comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce a eisiamh sa nós imeachta riaracháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
is é atá san iarratas an chéad iarratas iardain a mheastar nár taisceadh é ach chun moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh um fhilleadh, rud a d’fhágfadh go gcuirfí an t-iarratasóir as an mBallstát go luath; |
|
(b) |
is dara hiarratas nó iarratas iardain eile atá san iarratas; |
|
(c) |
tá comhairleoir dlí ag an iarratasóir cheana féin agus déanann sé ionadaíocht air. |
4. Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann. Ina theannta sin, féadfar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil trí chistí an Aontais do na Ballstáit, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena rialaítear na cistí sin.
Airteagal 17
Cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeachta achomhairc
1. Sa nós imeachta achomhairc, áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don iarratasóir, go gcuirfear cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil dó nó di. Áireofar ar chúnamh dlí agus ar ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce den sórt sin na doiciméid nós imeachta is gá faoin dlí náisiúnta a ullmhú, an t-achomharc a ullmhú agus, i gcás éisteachta, rannpháirtíocht san éisteacht sin os comhair cúirte nó binse.
2. Féadfaidh na Ballstáit soláthar cúnaimh dlí agus ionadaíochta dlíthiúla saor in aisce sa nós imeacht achomhairc a eisiamh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
meastar go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an iarratasóir, a nochtfaidh a staid airgeadais, chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a thabhairt ar a chostas nó ar a costas féin; |
|
(b) |
meastar nach dócha go mbeidh rath ar an achomharc nó gur achomharc mí-úsáideach é; |
|
(c) |
tá an t-achomharc nó an t-athbhreithniú ar an dara leibhéal d’achomharc nó ar leibhéal níos airde mar a fhoráiltear dó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear athéisteachtaí nó athbhreithnithe ar achomharc; |
|
(d) |
tá comhairleoir dlí ag an iarratasóir cheana féin nó tá comhairleoir dlí ag déanamh ionadaíocht air. |
3. I gcás ina ndéanfaidh údarás nach cúirt ná binse cinneadh gan cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a dheonú ar an bhforas go meastar nach dócha go mbeidh rath ar an achomharc nó go bhfuil sé mí-úsáideach, beidh sé de cheart ag an iarratasóir leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne an chinnidh sin. Chun na críche sin, beidh an t-iarratasóir i dteideal cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh.
Airteagal 18
Raon feidhme na comhairleoireachta dlíthiúla, an chúnaimh dlí agus na hionadaíocht dlíthiúla
1. Maidir le comhairleoir dlí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil d’iarratasóir faoi choinníollacha an dlí náisiúnta, tabharfar rochtain dó ar an bhfaisnéis ar chomhad an iarratasóra a rinneadh cinneadh ar a bhonn nó a bhfuil cinneadh le déanamh ar a bhonn.
2. Féadfar rochtain ar an bhfaisnéis nó ar na foinsí i gcomhad an iarratasóra a dhiúltú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina ndéanfadh nochtadh faisnéise nó foinsí dochar don tslándáil náisiúnta, do shlándáil na n-eagraíochtaí nó na ndaoine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do shlándáil na ndaoine lena mbaineann an fhaisnéis nó i gcás ina gcuirfí na leasanna imscrúdaitheacha a bhaineann le scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag údaráis inniúla na mBallstát nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát i mbaol nó i gcás ina ndéanfaí an fhaisnéis nó na foinsí a aicmiú faoin dlí náisiúnta. Sna cásanna sin, déanfaidh an t-údarás cinntitheach:
|
(a) |
rochtain ar fhaisnéis nó foinsí mar sin a chur ar fáil do na cúirteanna nó binsí sa nós imeachta achomhairc; agus |
|
(b) |
a áirithiú go n-urramaítear do cheart cosanta an iarratasóra. |
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, deonóidh na Ballstáit rochtain ar fhaisnéis nó ar fhoinsí do chomhairleoir dlí, a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an iarratasóir, agus a ndearnadh seiceáil slándála air, a mhéid atá an fhaisnéis ábhartha chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas nó chun a cinneadh an chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.
3. Beidh rochtain ag comhairleoir dlí an iarratasóra nó ag an duine a bhfuil sé de chúram air comhairleoireacht dhlíthiúil a sholáthar, a chomhairlíonn nó a thugann cúnamh nó a dhéanann ionadaíocht d’iarratasóir, ar limistéir dhúnta, mar shampla saoráidí coinneála agus limistéir idirthurais, chun críche comhairleoireachta, cabhrú leis an iarratasóir sin nó ionadaíocht a dhéanamh dó, i gcomhréir le Treoir. (AE) 2024/1346.
Airteagal 19
Coinníollacha chun comhairleoireacht dhlíthiúil agus cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar
1. Déanfaidh comhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile a aithnítear nó a cheadaítear dóibh faoin dlí náisiúnta comhairle nó cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí nó ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha atá creidiúnaithe faoin dlí náisiúnta chun seirbhísí dlíthiúla nó ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar d’iarratasóirí, comhairleoireacht dhlíthiúil, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil saor in aisce.
2. Leagfaidh na Ballstáit síos sainrialacha nós imeachta maidir leis na socruithe chun iarrataí a chomhdú agus a phróiseáil chun comhairleoireacht dhlíthiúil, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta nó cuirfidh siad i bhfeidhm na rialacha atá ann cheana maidir le héilimh intíre den chineál céanna, ar choinníoll nach bhfuil na rialacha sin níos sriantaí nó nach bhfágann siad rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce nó ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce dodhéanta nó ródheacair.
3. Déanfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos maidir le soláthar na comhairleoireachta dlíthiúla, an chúnaimh dlí agus na hionadaíochta dlíthiúla saor in aisce a eisiamh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus le hAirteagal 17(2), faoi seach.
4. Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha airgeadaíochta nó teorainneacha ama a fhorchur freisin maidir le comhairleoireacht dhlíthiúil, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar, ar choinníoll nach bhfuil na teorainneacha sin treallach agus nach gcuireann siad srian míchuí ar rochtain ar chomhairleoireacht dhlíthiúil, cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce. Maidir le táillí agus costais eile, ní bheidh an chóir a chuirfear ar iarratasóirí níos mífhabhraí ná an chóir a chuirtear i gcoitinne ar a gcuid náisiúnaigh in ábhair a bhaineann le cúnamh dlí.
5. Féadfaidh na Ballstáit aisíocaíocht iomlán nó pháirteach na gcostas arna dtabhú i ndáil le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar a iarraidh ar an iarratasóir i gcás ina dtiocfaidh feabhas mór ar staid airgeadais an iarratasóra le linn an nós imeachta nó i gcás ina ndearnadh an cinneadh cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar ar bhonn faisnéis bhréagach arna soláthar ag an iarratasóir. Chun na críche sin, cuirfidh iarratasóirí na húdaráis inniúla ar an eolas láithreach faoi aon athrú suntasach ar a staid airgeadais.
ROINN IV
SAINRÁTHAÍOCHTAÍ
Airteagal 20
Measúnú ar an ngá atá le sainráthaíochtaí nós imeachta
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas, ar bhonn aonair, an bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar aniarratasóir, le cúnamh ó ateangaire, i gcás inar gá sin. Féadfar an measúnú sin a chomhtháthú le nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana nó leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2024/1346 agus ní gá go mbeadh sé i bhfoirm nós imeachta riaracháin. I gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, féadfar an measúnú a chur ar fáil, agus féadfar torthaí an mheasúnaithe a tharchur, chuig an údarás cinntitheach, faoi réir thoiliú an iarratasóra.
2. Tionscnófar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir tar éis iarratas a bheith déanta trína shainaithint an gcuirtear in iúl nó nach gcuirtear leis na chéad tásca go bhféadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth ar iarratasóir. Beidh an tsainaithint sin bunaithe ar chomharthaí infheicthe, ar ráitis nó iompar an iarratasóra, nó ar aon doiciméid ábhartha. I gcás mionaoiseach, cuirfear san áireamh freisin ráitis na dtuismitheoirí, an duine fásta atá freagrach as nó aisti, cibé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann nó ráitis ionadaí an iarratasóra. Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir le haon chéadtásc mar sin a áireamh i gcomhad an iarratasóra agus an t-iarratas á chlárú agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don údarás cinntitheach.
3. Leanfar leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 tar éis thaisceadh an iarratais, agus aon fhaisnéis i gcomhad an iarratasóra.
Cuirfear an measúnú dá dtagraítear i mír 1 i gcrích a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 30 lá. Déanfar é a athbhreithniú i gcás aon athruithe ábhartha ar imthosca an iarratasóra nó i gcás inar léir go bhfuil gá le sainráthaíochtaí nós imeachta tar éis an measúnú a bheith curtha i gcrích.
4. Féadfaidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir a atreorú, faoi réir a thoilithe nó a toilithe roimh ré, chuig an liachleachtóir nó síceolaí iomchuí nó chuig gairmí eile chun comhairle a fháil faoin ngá atá ag an iarratasóir le sainráthaíochtaí nós imeachta, agus tús áite á thabhairt do chásanna ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh sé gur íospartaigh cheastóireachta, éignithe nó cineál tromchúiseach eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach, gnéasach nó inscnebhunaithe iad iarratasóirí agus go bhféadfadh sé sin dochar a dhéanamh dá gcumas páirt éifeachtach a ghlacadh sa nós imeachta. I gcás ina dtoilíonn an t-iarratasóir go ndéanfar an tarchur sin i gcomhréir leis an bhfomhír seo, measfar go n-áirítear leis sin go dtoilíonn an t-iarratasóir go seolfar torthaí an tarchuir chuig an údarás inniúil.
Cuirfidh an t-údarás cinntitheach an chomhairle a chuirfear ar fáil de bhun na chéad fhomhíre san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an gcineál sainráthaíochtaí nós imeachta is féidir a sholáthar don iarratasóir.
I gcás inarb infheidhme agus gan dochar don scrúdú leighis, féadfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú leis na scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 25.
5. Gheobhaidh baill foirne ábhartha na n-údarás inniúil agus aon liachleachtóir, síceolaí nó gairmí eile a thugann comhairle faoin ngá atá le sainráthaíochtaí nós imeachta oiliúint chun go mbeidh siad in ann comharthaí leochaileachta a bhrath ó iarratasóir a bhféadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin nuair a shainaithnítear iad.
Airteagal 21
Iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu
1. I gcás ina bhfuil iarratasóirí sainaitheanta mar go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu, tabharfar an tacaíocht is gá dóibh a chuirfidh ar a gcumas tairbhe a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ar feadh an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta.
2. I gcás ina measfaidh an t-údarás cinntitheach, lena n-áirítear ar bhonn measúnú údaráis náisiúnta ábhartha eile, nach féidir an tacaíocht is gá dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar faoi chuimsiú an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 42 ná an nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 43 agus aird ar leith á tabhairt ar íospartaigh céastóireachta, éignithe nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisiciúil, ghnéasaigh nó foréigin inscnebhunaithe, ní chuirfidh an t-údarás cinntitheach na nósanna imeachta sin i bhfeidhm, nó scoirfidh sé de na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir.
Airteagal 22
Ráthaíochtaí do mhionaoisigh
1. Beidh leas an linbh ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh ag na húdaráis inniúla agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.
2. Déanfaidh an t-údarás cinntitheach measúnú ar leas an linbh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2024/1346.
3. Tabharfaidh an t-údarás cinntitheach deis do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás ina ndéanfar iarratas thar ceann an mhionaoisigh i gcomhréir le hAirteagal 32 agus Airteagal 33(1), ach amháin nach bhfuil sé seo chun leas an linbh. Sa chás sin, tabharfaidh an t-údarás cinntitheach cúiseanna leis an gcinneadh gan deis a thabhairt do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh.
Is duine a bhfuil an t-eolas iomchuí aige ar chearta agus ar riachtanais speisialta mionaoiseach a chuirfidh agallamh pearsanta ar mhionaoiseach. Déanfar é ar bhealach atá íogair do leanaí agus oiriúnach don chomhthéacs, agus aois agus aibíocht an linbh á gcur san áireamh.
4. I gcás inar mionaoiseach faoi thionlacan é an mionaoiseach, déanfar an t-agallamh pearsanta i láthair duine fásta atá freagrach as nó aisti cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inar ceapadh duine, i láthair comhairleoir dlí. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inar gá, agus nuair is chun leasa an linbh é, an t-agallamh pearsanta a dhéanamh leis an mionaoiseach sin freisin i láthair duine ag a bhfuil na scileanna agus an saineolas is gá. Ar fhorais a bhfuil údar leo agus más chun leasa an linbh é agus sin amháin, féadfaidh an t-údarás cinntitheach an mionaoiseach a chur faoi agallamh gan duine fásta freagrach a bheith i láthair, ar choinníoll go n-áiritheoidh sé gur duine a bhfuil na scileanna agus an saineolas riachtanach aige é atá ag cúnamh leis an mionaoiseach le linn an agallaimh chun a leas a chosaint.
5. Is í baill foirne ábhartha an údaráis chinntithigh a ullmhóidh an cinneadh maidir le hiarratas mionaoisigh. Beidh an t-eolas is gá ag na baill foirne ábhartha sin agus beidh an oiliúint iomchuí curtha orthu maidir le cearta agus riachtanais speisialta mionaoiseach.
Airteagal 23
Sainráthaíochtaí do mhionaoisigh neamhthionlactha
1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar ionadaíocht ar mhionaoisigh neamhthionlactha agus go dtabharfar cúnamh dóibh ar bhealach a chuirfear ar a gcumas leas a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, Rialachán (AE) 2024/1351, Treoir (AE) 2024/1346 agus Rialachán (AE) 2024/1358.
2. I gcás ina ndéanfaidh duine a mhaíonn gur mionaoiseach é nó í, nó a bhfuil forais oibiachtúla ann lena chreidiúint gur mionaoiseach é nó í, agus atá neamhthionlactha, iarratas, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a) |
duine a ainmniú, a luaithe is féidir, agus i gcás ar bith ar bhealach tráthúil chun críocha phointe 6 agus, i gcás inarb infheidhme, mhír 7, ag a bhfuil na scileanna agus an saineolas is gá chun cúnamh a thabhairt go sealadach don mhionaoiseach chun leas agus dea-bhail ginearálta an mhionaoisigh sin a chosaint, rud a chuirfidh ar chumas an mhionaoisigh tairbhe a bhaint as na cearta faoin Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, feidhmiú mar ionadaí go dtí go gceapfar ionadaí; |
|
(b) |
ionadaí a cheapadh, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ón dáta a dhéantar an t-iarratas. |
Féadfaidh gurb ionann an t-ionadaí agus an duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo agus an t-ionadaí agus an duine dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2024/1346. Buailfidh sé nó sí leis an mionaoiseach neamhthionlactha agus cuirfidh sé nó sí tuairimí an mhionaoisigh féin san áireamh maidir lena riachtanais i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh.
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gur duine atá os cionn 18 mbliana d’aois gan aon amhras an t-iarratasóir a mhaíonn gur mionaoiseach é nó í, ní gá dó ionadaí a cheapadh i gcomhréir leis an mír seo.
Tiocfaidh deireadh le dualgais an ionadaí nó an duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a) den mhír seo, i gcás nach nglacfaidh na húdaráis inniúla leis, tar éis an mheasúnaithe aoise dá dtagraítear in Airteagal 25(1), gur mionaoiseach é an t-iarratasóir nó go measfaidh siad nach mionaoiseach é an t-iarratasóir nó i gcás nach mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir a thuilleadh.
3. I gcás líon díréireach iarratas arna ndéanamh ag mionaoisigh neamhthionlactha nó i gcásanna eisceachtúla eile, féadfar síneadh 10 lá oibre a chur leis an teorainn ama chun ionadaí a cheapadh dá dtagraítear i mír 2, céad fhomhír, pointe (b), gan dochar don tríú fomhír de mhír 2.
4. I gcás ina n-ainmneofar eagraíocht faoi mhír 2, ceapfaidh sí duine nádúrtha chun na cúraimí sin dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh i ndáil leis an mionaoiseach neamhthionlactha.
5. Déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas láithreach:
|
(a) |
an mionaoiseach neamhthionlactha a chur ar an eolas, ar bhealach atá fabhrach don leanbh agus i dteanga a thuigeann sé nó sí, faoi ainmniú an duine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a) agus faoina ionadaí nó faoina hionadaí agus faoin gcaoi le gearán a thaisceadh i gcoinne an duine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b) ar bhealach rúnda sábháilte. |
|
(b) |
a chur iúl don údarás cinntitheach agus don údarás inniúil chun an t-iarratas a chlárú, i gcás inarb infheidhme, gur ainmníodh ionadaí don mhionaoiseach neamhthionlactha; agus |
|
(c) |
an duine dá dtagraítear i mír 2 an chéad mhír, pointe (a) agus an t-ionadaí a chur ar an eolas faoi na fíorais ábhartha, na céimeanna nós imeachta agus na teorainneacha ama a bhaineann le hiarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha. |
Beidh rochtain ag an ionadaí agus ag an duine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a) ar a bhfuil sna doiciméid ábhartha i gcomhad an mhionaoisigh lena n-áirítear an t-ábhar sonrach faisnéise do mhionaoisigh neamhthionlactha.
6. Buailfidh an duine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a) leis an mionaoiseach neamhthionlactha agus déanfaidh sé, inter alia, na cúraimí seo a leanas, i gcás inarb iomchuí in éineacht leis an gcomhairleoir dlí:
|
(a) |
faisnéis ábhartha a sholáthar don mhionaoiseach neamhthionlactha maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha maidir leis an nós imeachta measúnaithe aoise dá dtagraítear in Airteagal 25; |
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh siad an fhaisnéis ábhartha don mhionaoiseach neamhthionlactha agus tabharfaidh siad cúnamh dó nó di i ndáil leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1358. |
7. Fad agus nár ceapadh ionadaí, féadfaidh na Ballstáit an duine dá dtagraítear i bpointe (a), an chéad fhomhír de mhír 2, a údarú chun cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach an t-iarratas a chlárú agus a thaisceadh nó an t-iarratas a thaisceadh thar ceann an mhionaoisigh i gcomhréir le hAirteagal 33.
8. Buailfidh an t-ionadaí leis an mionaoiseach neamhthionlactha agus déanfaidh sé nó sí, inter alia, na cúraimí seo a leanas, i gcás inarb iomchuí in éineacht leis an gcomhairleoir dlí:
|
(a) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis ábhartha a sholáthar don mhionaoiseach neamhthionlactha maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt maidir leis an nós imeachta measúnaithe aoise dá dtagraítear in Airteagal 25; |
|
(c) |
i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt chun an t-iarratas a chlárú; |
|
(d) |
i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt le taisceadh an iarratais nó an t-iarratas a thaisceadh thar ceann an mhionaoisigh neamhthionlactha i gcomhréir le hAirteagal 33; |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt leis an ullmhúchán don agallamh pearsanta agus a bheith i láthair don agallamh agus eolas a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha faoin gcuspóir agus faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an agallamh pearsanta agus faoi conas ullmhú don agallamh sin; |
|
(f) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis ábhartha a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha agus cúnamh a thabhairt dó nó di i ndáil leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1358. |
Le linn an agallaimh phearsanta, beidh deis ag an ionadaí agus ag an gcomhairleoir dlí ceisteanna a chur nó tuairimí a thabhairt laistigh den chreat a bheidh socraithe ag an duine a bheidh i mbun an agallaimh.
Féadfaidh an t-údarás cinntitheach a éileamh go mbeidh an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair ag an agallamh pearsanta, fiú má bhíonn an t-ionadaí nó an comhairleoir dlí i láthair.
9. Déanfaidh an t-ionadaí a dhualgais nó a dualgais i gcomhréir le prionsabal leas an linbh agus beidh na cáilíochtaí riachtanacha, an oiliúint agus an saineolas riachtanach aige nó aici chuige sin. Cuirfear oiliúint rialta ar ionadaithe chun a gcúraimí a dhéanamh agus ní bheidh taifead coiriúil acu, go háirithe maidir le haon choireanna nó cionta a bhaineann le leanaí.
Ní athrófar an t-ionadaí ach amháin i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla nach ndearnadh cúraimí an ionadaí sin nó an duine sin go leordhóthanach. Ní cheapfar ina n-ionadaí eagraíochtaí nó daoine nádúrtha a bhfuil a leasa i gcoinbhleacht nó a bhféadfadh a leasa a bheith i gcoinbhleacht le leasa an mhionaoisigh neamhthionlactha.
10. Cuirfidh na húdaráis inniúla duine nádúrtha atá ag gníomhú mar ionadaí nó duine atá oiriúnach chun gníomhú go sealadach mar ionadaí i gceannas ar líon comhréireach agus teoranta mionaoiseach neamhthionlactha nach mó, faoi ghnáthchúinsí, ná 30 mionaoiseach neamhthionlactha ag an am céanna, chun a áirithiú go mbeidh sé nó sí in ann a chúraimí nó a cúraimí a dhéanamh go héifeachtach.
I gcás líon díréireach iarratas ó mhionaoisigh neamhthionlactha nó i gcásanna eisceachtúla eile, féadfar líon na mionaoiseach neamhthionlactha in aghaidh an ionadaí a mhéadú go 50 mionaoiseach neamhthionlactha ar a mhéad.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nó eintitis eile freagrach as maoirseacht a dhéanamh, ar bhonn rialta, ar chomhlíonadh cuí cúraimí ag na hionadaithe agus na daoine arna n-ainmniú faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar thaifid choiriúla na n-ionadaithe arna gceapadh agus na ndaoine arna n-ainmniú, ar bhonn rialta, chun neamh-chomhoiriúnachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann lena ról a shainaithint. Déanfaidh na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha sin nó eintitis eile athbhreithniú ar ghearáin arna ndéanamh ag mionaoisigh neamhthionlactha i gcoinne na n-ionadaithe arna gceapadh nó na ndaoine arna n-ainmniú faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (a).
ROINN V
SCRÚDÚ LEIGHIS AGUS MEASÚNÚ AOISE
Airteagal 24
Scrúdú leighis
1. I gcás ina measfaidh an t-údarás cinntitheach go bhfuil sé ábhartha don scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, déanfaidh sé, faoi réir thoiliú an iarratasóra, scrúdú leighis ar an iarratasóir a iarraidh i dtaca le comharthaí agus airíonna a d’fhéadfadh a léiriú go ndearnadh géarleanúint nó gur d’fhulaing sé nó sí díobháil thromchúiseach san am a chuaigh thart agus go gcuifí ar an eolas é faoi thorthaí an scrúdaithe sin.
2. I gcás mionaoisigh, ní dhéanfar scrúdú leighis ach amháin i gcás ina dtoileoidh an tuismitheoir, an duine fásta atá freagrach as nó aisti, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, an t-ionadaí nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a) agus, i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, an t-iarratasóir.
Beidh an scrúdú leighis saor in aisce don iarratasóir agus íocfar as cistí poiblí é.
I gcás inarb infheidhme, féadfar na seiceálacha sláinte agus leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1356 a chur san áireamh don scrúdú leighis dá dtagraítear san Airteagal seo.
3. I gcás nach ndéanfar aon scrúdú leighis i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an t-údarás cinntitheach in iúl d’iarratasóirí go bhféadfaidh siad, ar a dtionscnamh féin agus ar a gcostas féin, scrúdú leighis a shocrú i dtaca le comharthaí agus airíonna a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go ndearnadh géarleanúint nó gur d’fhulaing sé nó sí díobháil thromchúiseach san am a chuaigh thart.
4. Déanfar torthaí na scrúduithe leighis dá dtagraítear i míreanna 1 nó 3 a chur faoi bhráid an údaráis chinntithigh agus an iarratasóra a luaithe agus is féidir agus déanfaidh an t-údarás cinntitheach iad a mheasúnú in éineacht le heilimintí eile an iarratais.
5. Beidh an scrúdú leighis chomh íosionraí is féidir agus is iad liachleachtóirí cáilithe amháin a dhéanfaidh é. Déanfar é ar bhealach ina n-urramaítear dínit an duine aonair.
6. I gcás ina ndiúltóidh iarratasóir dul faoi scrúdú leighis nó i gcás ina gcinnfidh sé nó sí dul faoi scrúdú leighis ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, i gcás nach ndéanfar an scrúdú sin laistigh d’achar ama oiriúnach, agus infhaighteacht na gcoinní le haghaidh scrúduithe leighis sa Bhallstát freagrach á cur san áireamh, ní chuirfidh sin cosc ar an údarás cinntitheach cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.
Airteagal 25
Measúnú ar aois mionaoiseach
1. I gcás, mar thoradh ar ráitis ón iarratasóir, ar fhianaise dhoiciméadach nó ar thásca ábhartha eile atá ar fáil, go bhfuil amhras ann i dtaobh an mionaoiseach an t-iarratasóir, féadfaidh an t-údarás cinntitheach measúnú ildisciplíneach a dhéanamh, lena n-áirítear measúnú síceasóisialta, ar measúnú é a dhéanfaidh gairmithe cáilithe, chun aois an iarratasóra a chinneadh faoi chuimsiú scrúdú ar an iarratas. Ní bheidh an measúnú ar an aois bunaithe go heisiach ar chuma fhisiciúil ná ar iompar an iarratasóra. Chun críocha an mheasúnaithe ar aois, measfar gur fíordhoiciméid iad na doiciméid atá ar fáil mura bhfuil fianaise ar a mhalairt ann, agus cuirfear ráitis ó mhionaoisigh san áireamh.
2. I gcás ina bhfuil amhras fós ann maidir le haois iarratasóra tar éis an mheasúnaithe ildisciplínigh, is féidir scrúduithe leighis a úsáid mar rogha dheiridh chun aois an iarratasóra a chinneadh faoi chuimsiú scrúdú ar an iarratas. I gcás nach toradh dochloíte atá i dtoradh an mheasúnaithe ar aois dá dtagraítear sa mhír seo a mhéid a bhaineann le haois an iarratasóra nó go gcuimsíonn sé raon aoise faoi bhun 18 mbliana, glacfaidh na Ballstáit leis gur mionaoiseach é an t-iarratasóir.
3. Déanfar aon scrúdú leighis arna dhéanamh chun na críoch a leagtar amach i mír 2 ar an mbealach is íosionraí is féidir agus ar bhealach a n-urramóidh dínit an duine aonair. Is iad gairmithe leighis a bhfuil taithí agus saineolas acu ó thaobh measúnú aoise de a dhéanfaidh an scrúdú leighis.
I gcás ina mbeidh feidhm ag an mír seo, déanfar anailís i dteannta a chéile ar thorthaí an scrúdaithe leighis agus an mheasúnaithe ildisciplínigh, agus ar an gcaoi sin, beifear in ann an toradh is iontaofa is féidir a bhaint amach.
4. I gcás ina n-úsáidfear scrúduithe leighis chun aois iarratasóra a mheas, áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear iarratasóirí, a dtuismitheoirí, an duine fásta atá freagrach as nó aisti, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, a n-ionadaithe nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a) ar an eolas roimh an scrúdú ar a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus i dteanga a thuigeann siad agus ar bhealach atá fabhrach don leanbh agus oiriúnach ó thaobh aoise de, go bhféadfadh sé go ndéanfaí a n-aois a mheas trí bhíthin scrúdú leighis. Áireofar leis sin faisnéis i dtaca leis an modh scrúdaithe, na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag toradh an scrúdaithe leighis don scrúdú a dhéantar ar an iarratas, agus an fhéidearthacht atá ag an iarratasóir diúltú dul faoin scrúdú leighis, agus i dtaca leis na hiarmhairtí a leanfadh sin. Beidh gach doiciméad a bhaineann leis an scrúdú leighis san áireamh i gcomhad an iarratasóra.
5. Ní dhéanfar scrúdú leighis chun aois iarratasóirí a mheas ach amháin i gcás ina dtoileoidh na hiarratasóirí, a dtuismitheoirí, an duine fásta atá freagrach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an t-ionadaí nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a), tar éis an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo a fháil.
6. I gcás ina ndiúltóidh na hiarratasóirí, a dtuismitheoirí, an duine fásta atá freagrach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a n-ionadaí nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a), dul faoi scrúdú leighis, ar scrúdú é a dhéantar chun an measúnú ar aois a dhéanamh, ní chuirfear cosc ar an údarás cinntitheach cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ní fhéadfar diúltú den sórt sin a mheas mar thoimhde infhrisnéise nach mionaoiseach é an t-iarratasóir.
7. Féadfaidh Ballstáit cinntí measúnaithe aoise arna ndéanamh ag Ballstáit eile a aithint i gcás ina ndearnadh na measúnuithe ar aois i gcomhréir le dlí an Aontais.
CAIBIDIL III
NÓS IMEACHTA RIARACHÁIN
ROINN I
ROCHTAIN AR AN NÓS IMEACHTA
Airteagal 26
An t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh
1. Measfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith déanta nuair a chuirfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, lena n-áirítear mionaoiseach neamhthionlactha, in iúl go pearsanta d’údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) gur mian leis nó léi cosaint idirnáisiúnta a fháil ó Bhallstát.
I gcás ina bhfuil amhras ar na hoifigigh ón údarás inniúil maidir le cé acu atá dearbhú áirithe le forléiriú mar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó nach bhfuil, fiafróidh siad go sainráite den duine an mian leis nó léi cosaint idirnáisiúnta a fháil.
2. Cuirfear in iúl do na húdaráis atá freagrach as na saoráidí glactha i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346, i gcás inar ábhartha, go ndearnadh iarratas. Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2024/1356, féadfaidh Ballstáit a roghnú gan an mhír sin a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh an scagadh críochnaithe.
Airteagal 27
An t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú
1. Gan dochar do na hoibleagáidí sonraí a bhailiú agus a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2024/1358, déanfaidh na húdaráis atá inniúil chun iarratais a chlárú, údaráis Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), den Rialachán seo nó na saineolaithe arna n-úsáid ag an nGníomhaireacht um Thearmann chun cuidiú leo leis an gcúram sin iarratas a chlárú go pras, agus i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón uair a dhéanfar é. Chun na críche sin, cláróidh siad an fhaisnéis seo a leanas a d’fhéadfadh teacht ón bhfoirm scagtha dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1356:
|
(a) |
ainm an iarratasóra, dáta agus áit bhreithe, inscne, náisiúntachtaí nó an fíoras gur duine gan stát é nó í, baill teaghlaigh mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2024/1351, agus i gcás mionaoiseach, siblíní nó gaolta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), den Rialachán sin atá i mBallstát, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le sonraí pearsanta eile an iarratasóra atá ábhartha don nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta agus chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach; |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh siad ar fáil, cineál, uimhir agus tréimhse bhailíochta aon doiciméid céannachta nó taistil de chuid an iarratasóra agus an tír a d’eisigh an doiciméad sin agus doiciméid eile a chuireann an t-iarratasóir ar fáil, a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha chun é nó í a shainaithint, ar mhaithe leis an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta agus chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach; |
|
(c) |
dáta an iarratais, an áit ina ndearnadh an t-iarratas agus an t-údarás a ndearnadh an t-iarratas chuige; |
|
(d) |
an áit ina bhfuil an t-iarratasóir nó áit chónaithe nó seoladh an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist mar ar féidir teagmháil a dhéanamh leis nó léi. |
I gcás ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír faighte ag na Ballstáit cheana féin sula ndéantar an t-iarratas, ní iarrfar arís iad.
2. I gcás ina maíonn duine aonair nach bhfuil náisiúntacht aige, déanfar an fíoras sin a chlárú go soiléir go dtí go gcinnfear an bhfuil an duine aonair gan stát.
3. I gcás ina ndéanfar iarratas chuig údarás a bhfuil sé de chúram air iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus nach bhfuil freagrach as iarratais a chlárú, tabharfaidh an t-údarás sin, go pras agus ar a dhéanaí laistigh de 3 lá oibre ón uair a dhéanfar an t-iarratas, fógra don údarás atá freagrach as iarratais a chlárú. Cláróidh an t-údarás atá freagrach as iarratais a chlárú an t-iarratas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 5 lá ón tráth a mbeidh an fhaisnéis faighte aige.
4. I gcás inarb é an t-údarás cinntitheach nó údarás eile atá ag cuidiú leis chun críche scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a bhailíonn an fhaisnéis, féadfar sonraí riachtanacha breise a bhailiú do scrúdú an iarratais ag am an chláraithe.
5. I gcás ina mbeidh líon díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a dhéanann iarratas laistigh den tréimhse chéanna ama, rud a fhágfaidh nach féidir iarratais a chlárú laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 3, clárófar an t-iarratas tráth nach déanaí ná 15 lá ón tráth a dhéanfar an t-iarratas.
6. Gan dochar do cheart an iarratasóra eilimintí nua a chur i láthair chun tacú leis an iarratas, i gcás iarratas iardain, agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (d), agus mír 2 ar fáil cheana féin don údarás inniúil, féadfaidh sé nach mbeidh air sonraí den sórt sin a bhailiú.
7. Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2024/1356, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo go dtí go mbeidh an scagadh críochnaithe.
Airteagal 28
Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh
1. Déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a thaisceadh le húdarás inniúil an Bhallstáit ina ndéanfar an t-iarratas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 21 lá ón tráth a chlárófar an t-iarratas, mura mbeidh feidhm ag mír 6 den Airteagal seo, ar choinníoll go dtabharfar deis éifeachtach dó nó di é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás nach ndéantar an t-iarratas a thaisceadh leis an údarás cinntitheach, cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás cinntitheach ar an eolas go pras gur taisceadh iarratas.
2. Tar éis aistriú i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1351, déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas a thaisceadh le húdaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 21 lá ón tráth a shainaithníonn an t-iarratasóir é nó í féin d’údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh.
3. Déanfar an t-iarratas a thaisceadh go pearsanta ar dháta agus in áit a shaineofar agus, i gcás ina gcuirfear in iúl é, ag am a shaineofar. Cuirfidh na húdaráis inniúla an dáta agus an áit sin in iúl don iarratasóir. Féadfaidh na húdaráis inniúla am a chur in iúl don iarratasóir.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh sa dlí náisiúnta go meastar iarratas a bheith taiscthe go pearsanta nuair a fhíoraíonn an t-údarás inniúil go raibh an t-iarratasóir i láthair go fisiciúil ar chríoch an Bhallstáit tráth a cláraíodh nó tráth a taisceadh iarratas.
4. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil sa dlí náisiúnta go bhféadfaidh an t-iarratasóir iarratas a thaisceadh trí bhíthin foirme, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh an t-iarratasóir sin in ann teacht i láthair go pearsanta de bharr imthosca tromchúiseacha marthanacha nach bhfuil neart aige nó aici orthu, mar shampla a bheith i bpríosún nó san ospidéal go fadtéarmach. Measfar gur taisceadh an t-iarratas ar choinníoll go dtíolacfaidh an t-iarratasóir an fhoirm laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1 agus ar choinníoll go gcinnfidh an t-údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha faoin mír seo. Sna cásanna sin, tosóidh an teorainn ama chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ón dáta a gheobhaidh an t-údarás inniúil an fhoirm.
5. Chun críocha na chéad fomhíre de mhír 3, i gcás ina ndéanann líon díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den tréimhse chéanna ama, rud a fhágfaidh nach féidir coinne a thabhairt do gach iarratasóir laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, tabharfar coinne don iarratasóir chun a iarratas nó a hiarratas a thaisceadh ar dháta nach déanaí ná 2 mhí ón tráth a cláraíodh an t-iarratas.
6. Agus iarratas á thaisceadh acu, ceanglaítear ar iarratasóirí, na heilimintí agus na doiciméid uile atá ar fáil dóibh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2024/1347 agus atá de dhíth chun bunús a thabhairt dá n-iarratas, a thíolacadh a luaithe is féidir. Tar éis dóibh a n-iarratas a thaisceadh, go háirithe ag a n-agallamh pearsanta, beidh cead ag iarratasóirí aon eilimintí breise atá ábhartha dá scrúdú a thíolacadh, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir lena n-iarratas faoin nós imeachta riaracháin.
Féadfaidh na Ballstáit sprioc-am a leagan síos laistigh den tréimhse ama sin maidir leis na heilimintí breise sin a thíolacadh agus déanfaidh an t-iarratasóir iarracht cloí leis an sprioc-am sin.
7. Féadfaidh na Ballstáit rochtain ar an nós imeachta a eagrú ionas gur ag an aon am amháin a dhéanfar, a chlárófar agus a thaiscfear an t-iarratas. I gcásanna mar sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) go (6) ag na hiarratasóirí uile. I gcás ina ndéantar, ina gcláraítear agus ina dtaisctear an t-iarratas ag an am céanna, beidh cead ag iarratasóirí na heilimintí agus na doiciméid uile atá ar fáil dóibh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2024/1347, a bhfuil gá leo chun bunús a thabhairt dá n-iarratas, a thíolacadh le linn a n-agallamh pearsanta.
Ina theannta sin, beidh cead ag iarratasóirí aon eilimintí breise atá ábhartha don scrúdú ar a n-iarratas a thíolacadh go dtí go ndéanfar cinneadh maidir lena n-iarratas faoin nós imeachta riaracháin. Féadfaidh na Ballstáit sprioc-am a leagan síos laistigh den tréimhse ama sin lenar féidir na heilimintí breise sin a thíolacadh agus déanfaidh an t-iarratasóir iarracht cloí leis an sprioc-am sin.
Airteagal 29
Doiciméid a chuirtear ar fáil don iarratasóir
1. Tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar chlárú iarratais dóibh, doiciméad ina ainm nó ina hainm féin don iarratasóir ina léireofar go ndearnadh agus gur cláraíodh iarratas. Beidh an doiciméad sin bailí go dtí go n-eiseofar an doiciméad dá dtagraítear i mír 4.
Tar éis aistriú i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1351, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh, nuair a shainaithníonn an t-iarratasóir é féin nó í féin, doiciméad ina ainm nó ina hainm a chur ar fáil don iarratasóir ina léireofar go ndearnadh agus gur cláraíodh iarratas agus gur aistríodh an duine. Beidh an doiciméad sin bailí go dtí go n-eiseofar an doiciméad dá dtagraítear i mír 4.
2. Ní gá an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar más féidir an doiciméad dá dtagraítear i mír 4 a eisiúint faoin am a chlárófar an t-iarratas.
3. Tarraingeofar siar an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 nuair a eiseofar an doiciméad dá dtagraítear i mír 4.
4. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar taisceadh an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (2), a luaithe is féidir tar éis thaisceadh an iarratais, doiciméad a eisiúint ina mbeidh ar a laghad na heilimintí seo a leanas, a bheidh le nuashonrú de réir mar is gá:
|
(a) |
ainm, dáta agus áit bhreithe, inscne agus náisiúntachtaí an iarratasóra nó, más infheidhme, léiriú ar a stádas mar dhuine gan stát, íomhá d’aghaidh an iarratasóra agus síniú an iarratasóra; |
|
(b) |
an t-údarás eisiúna, dáta agus áit na heisiúna agus tréimhse bhailíochta an doiciméid; |
|
(c) |
stádas an duine aonair mar iarratasóir; |
|
(d) |
ráiteas go bhfuil an ceart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit sin chun go ndéanfaí scrúdú ar an iarratas agus léiriú faoi cé acu atá nó nach bhfuil saoirse ag an iarratasóir gluaiseacht laistigh de chríoch uile nó de chuid de chríoch an Bhallstáit sin; |
|
(e) |
ráiteas nach doiciméad taistil é an doiciméad agus nach bhfuil cead ag an iarratasóir taisteal gan údarú chuig Ballstáit eile. |
5. Ní bheidh gá le doiciméid ar bith dá dtagraítear san Airteagal seo a eisiúint i gcás ina mbeidh an t-iarratasóir faoi choinneáil nó i bpríosún agus fad a bheidh sin amhlaidh.
Nuair a scaoilfear saor ó choinneáil nó ón bpríosún é, cuirfear an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 4 ar fáil don iarratasóir. I gcás ina gcuirfear an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir nuair a scaoilfear saor é nó í, gheobhaidh sé nó sí an doiciméad dá dtagraítear i mír 4 a luaithe is féidir.
6. I gcás mionaoisigh faoi thionlacan, féadfaidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo arna n-eisiúint do dhuine de tuismitheoirí an iarratasóra nó don duine fásta atá freagrach as nó aisti, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, an mionaoiseach a chumhdach freisin, más iomchuí.
7. Ní gá gur cruthúnas céannachta iad na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo ach measfar gur modhanna leordhóthanacha iad d’iarratasóirí chun a gcéannacht a chur in iúl do na húdaráis náisiúnta agus lena gcearta a rochtain fad a mhairfidh an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta.
8. Luafar dáta clárúcháin an iarratais sna doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4.
9. Beidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 4 bailí ar feadh suas le 12 mhí [nó go dtí go n-aistreofar an t-iarratasóir chuig Ballstát eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351. I gcás inarb é an Ballstát freagrach a eisíonn an doiciméad sin, déanfar bailíocht an doiciméid a athnuachan ionas go gcumhdófar an tréimhse ar lena linn a mbeidh ceart ag an iarratasóir fanacht ar a chríoch. Ní hionann tréimhse bhailíochta an doiciméid agus ceart fanachta i gcás ina ndearnadh an ceart sin a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 30
Rochtain ar an nós imeachta i saoráidí coinneála agus ag pointí trasnaithe teorann
1. I gcás ina bhfuil comharthaí ann gur mian le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá á gcoimeád i saoráidí coinneála nó atá ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirítear criosanna idirthurais, ag teorainneacha seachtracha, iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla faoi Airteagal 4 an fhaisnéis a bhaineann leis an méid sin a dhéanamh a thabhairt dóibh.
2. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas i saoráid choinneála, i bpríosún nó ag pointe trasnaithe teorann, lena n-áirítear criosanna idirthurais, ag teorainneacha seachtracha, déanfaidh na húdaráis inniúla faoi Airteagal 4 socruithe maidir le seirbhísí ateangaireachta a mhéid is gá chun rochtain ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a éascú.
3. Beidh rochtain éifeachtach ag eagraíochtaí a bhfuil cead acu faoin dlí náisiúnta comhairle agus comhairleoireacht a chur ar fáil d’iarratasóirí a choinnítear i saoráidí coinneála nó atá i láthair ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirítear criosanna idirthurais, ag teorainneacha seachtracha. Féadfaidh an rochtain sin a bheith faoi réir comhaontú roimh ré leis na húdaráis inniúla.
Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a fhorchur ar rochtain mar a thagraítear di sa chéad fhomhír, de bhua an dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil leo don tslándáil, don bheartas poiblí nó don bhainistiú riaracháin ar phointe trasnaithe teorann, lena n-áirítear criosanna idirthurais, nó ar shaoráid choinneála, ar choinníoll nach gcuirfear bac tromchúiseach ar an rochtain nó nach bhfágfar nach féidir aon rochtain a fháil.
Airteagal 31
Iarratais thar ceann daoine fásta dá dteastaíonn cúnamh chun inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú
1. I gcás duine fásta dá dteastaíonn cúnamh chun inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta (‘an duine fásta cleithiúnach’), féadfaidh duine fásta atá freagrach as an duine sin, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, iarratas a dhéanamh agus a thaisceadh thar ceann an duine fhásta chleithiúnaigh.
2. Beidh an duine fásta cleithiúnach i láthair nuair a thaiscfear an t-iarratas, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil údar cuí leo nach féidir leis nó léi a bheith i láthair nó nach bhfuil sé nó sí inniúil ar a bheith i láthair nó, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin sa dlí náisiúnta, go dtaisctear an t-iarratas trí bhíthin foirme.
Airteagal 32
Iarratais thar ceann mionaoisigh faoi thionlacan
1. Beidh sé de cheart ag mionaoiseach faoi thionlacan iarratas a thaisceadh ina ainm nó ina hainm féin má tá inniúlacht dhlíthiúil aige nó aici i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an mionaoiseach faoi thionlacan i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, taiscfidh tuismitheoir nó duine fásta eile, mar shampla cúramóir dlíthiúil nó seirbhísí cosanta leanaí, atá freagrach as an mionaoiseach, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, an t-iarratas thar ceann an mhionaoisigh.
2. I gcás mionaoiseach faoi thionlacan nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige nó aici i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus atá i láthair tráth a dhéanann nó a thaisceann an tuismitheoir nó duine fásta eile atá freagrach as an mionaoiseach sin, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar chríoch an Bhallstáit chéanna, go háirithe mura bhfuil aon mhodh dlíthiúil eile ag an mionaoiseach sin chun fanacht ar chríoch an Bhallstáit chéanna sin, measfar gurb ionann iarratas a dhéanann agus a thaisceann tuismitheoir nó duine fásta eile atá freagrach as an mionaoiseach sin, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar agus a thaisctear thar ceann an mhionaoisigh.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm freisin i gcás mionaoiseach faoi thionlacan a rugadh nó bhí i láthair le linn an nós imeachta riaracháin.
3. I gcás ina dtaiscfidh an tuismitheoir nó an duine fásta atá freagrach as an mionaoiseach faoi thionlacan dá dtagraítear i mír 2 an t-iarratas thar ceann an mhionaoisigh, beidh an mionaoiseach i láthair nuair a dhéanfar an t-iarratas a thaisceadh, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna le húdar cuí ann nach féidir leis an mionaoiseach a bheith i láthair nó nach bhfuil sé nó sí inniúil ar a bheith i láthair nó, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin sa dlí náisiúnta, go dtaisctear an t-iarratas thar ceann an mhionaoisigh trí bhíthin foirme.
Airteagal 33
Iarratais ó mhionaoisigh neamhthionlactha
1. Beidh sé de cheart ag mionaoiseach faoi thionlacan iarratas a thaisceadh ina ainm nó ina hainm féin má tá inniúlacht dhlíthiúil aige nó aici i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Chuige sin, cuirfear aois na hinniúlachta dlíthiúla sa Bhallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta in iúl don mhionaoiseach neamhthionlactha. I gcás nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an mionaoiseach neamhthionlactha i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, taiscfidh ionadaí nó duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a), an t-iarratas thar a cheann nó thar a ceann.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo gan dochar do cheart mionaoiseach neamhthionlactha comhairleoireacht dhlíthiúil agus cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16.
2. I gcás mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil aige nó aici i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfar an t-iarratas a thaisceadh laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 28(1) agus leas an linbh á chur san áireamh.
3. I gcás ina dtaiscfidh ionadaí mionaoisigh neamhthionlactha nó duine dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (a) an t-iarratas thar ceann an mhionaoisigh, beidh an mionaoiseach i láthair nuair a dhéanfar an t-iarratas a thaisceadh, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna le húdar cuí ann nach féidir leis an mionaoiseach a bheith i láthair nó nach bhfuil sé inniúil ar a bheith i láthair nó, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin sa dlí náisiúnta, go dtaisctear an t-iarratas thar ceann an mhionaoisigh trí bhíthin foirme.
ROINN II
NÓS IMEACHTA SCRÚDÚCHÁIN
Airteagal 34
Scrúdú ar iarratais
1. Scrúdóidh an t-údarás cinntitheach iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus déanfaidh sé cinntí ina leith i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II.
2. Déanfaidh an t-údarás cinntitheach cinntí i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta i ndiaidh scrúdú iomchuí maidir le hinghlacthacht nó tuillteanais iarratais. Scrúdóidh an t-údarás cinntitheach iarratais go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus ar bhonn aonair. Chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas, cuirfidh an t-údarás cinntitheach an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
na ráitis agus na doiciméid ábhartha a chuir an t-iarratasóir isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(b) |
faisnéis ábhartha bheacht atá cothrom le dáta a bhaineann leis an gcás i dtír thionscnaimh an iarratasóra tráth a dhéantar cinneadh maidir leis an iarratas, lena n-áirítear dlíthe agus rialacháin na tíre tionscnaimh agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm iad, faisnéis a fuarthas ó fhoinsí náisiúnta, ó fhoinsí de chuid an Aontais agus ó fhoinsí idirnáisiúnta, ar foinsí iad atá ábhartha agus atá ar fáil, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta leanaí agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh sonracha agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303; |
|
(c) |
i gcás ina gcuirtear coincheapa na chéad tíre tearmainn nó an tríú tír shábháilte i bhfeidhm, faisnéis ábhartha bheacht agus cothrom le dáta a bhaineann leis an staid atá sa tríú tír a mheastar a bheith ina céad tír thearmainn nó ina tríú tír shábháilte tráth a dhéantar cinneadh maidir leis an iarratas, lena n-áirítear faisnéis agus anailís maidir le tríú tíortha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2303; |
|
(d) |
staid aonair agus cúinsí pearsanta an iarratasóra, lena n-áirítear tosca mar shampla cúlra, aois, inscne, féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh an iarratasóra d’fhonn measúnú a dhéanamh maidir le cé acu, ar bhonn cúinsí pearsanta an iarratasóra, a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh gur géarleanúint nó díobháil thromchúiseach atá i gceist sna gníomhartha a rinneadh ar an iarratasóir nó a d'fhéadfaí a dhéanamh air; |
|
(e) |
maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne an t-iarratasóir ó d’fhág sé an tír thionscnaimh, an ndearna an t-iarratasóir iad gan ach aidhm amháin nó mar phríomhaidhm aige na dálaí riachtanacha a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, chun a mheasúnú an ndéanfadh na gníomhaíochtaí sin an t-iarratasóir a chur i mbaol géarleanúna nó díobháil thromchúiseach a fhulaingt dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1347, dá gcuirfí ar ais chuig an tír sin é; |
|
(f) |
an bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go mbainfeadh an t-iarratasóir tairbhe as cosaint tíre eile ina bhféadfadh sé nó sí saoránacht a dhearbhú; |
|
(g) |
ar choinníoll nach iad an Stát nó gníomhairí an Stáit gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí, cibé acu an bhfuil feidhm nó nach bhfuil ag an rogha mhalartach ar chosaint inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1347. |
3. Beidh an t-eolas iomchuí ag na baill foirne a scrúdaíonn na hiarratais agus a dhéanann cinntí agus cuirfear oiliúint orthu, lena n-áirítear an oiliúint ábhartha faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/2303, sna caighdeáin ábhartha is infheidhme i réimse an tearmainn agus na ndlíthe um dhídeanaithe. Beidh an deis acu comhairle a lorg, más gá, ó shaineolaithe ar shaincheisteanna ar leith, mar shampla saincheisteanna leighis, cultúrtha, reiligiúnacha, meabhairshláinte, agus saincheisteanna a bhaineann le leanaí nó inscne. Más gá, féadfaidh siad fiosruithe a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Thearmann i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2303.
4. Doiciméid a ndearna an t-údarás cinntitheach measúnú orthu mar dhoiciméid atá ábhartha don scrúdú ar iarratais, aistreofar iad, i gcás inar gá, le haghaidh an scrúdaithe sin.
Féadfaidh eintitis eile aistriúchán ar na doiciméid ábhartha sin a chur ar fáil agus féadfar íoc astu ó chistí poiblí i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Féadfaidh an t-iarratasóir, ar a chostas nó a costas féin, a áirithiú go n-aistreofar doiciméid eile. I gcás iarratais iardain, féadfar freagracht a chur ar an iarratasóir as doiciméid a aistriú.
5. Féadfaidh an t-údarás cinntitheach tús áite a thabhairt don scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go háirithe, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
measann sé gur dócha go bhfuil bunús maith leis an iarratas; |
|
(b) |
tá riachtanais ghlactha speisialta ag an iarratasóir de réir bhrí Airteagal 24 de Threoir (AE) 2024/1346 nó tá sainráthaíochtaí nós imeachta mar a thagraítear dóibh in Airteagail 20 go 23 den Rialachán seo de dhíth air nó uirthi, go háirithe i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha é nó í; |
|
(c) |
tá forais réasúnacha lena mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina chontúirt nó ina contúirt do shlándáil náisiúnta nó beartas poiblí an Bhallstáit; |
|
(d) |
is iarratas iardain é an t-iarratas; |
|
(e) |
bhí an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23(2), pointe (e), de Threoir (AE) 2024/1346, ina raibh baint aige le núis phoiblí a chruthú nó páirt glactha aige in iompar coiriúil. |
Airteagal 35
Fad an nós imeachta scrúdúcháin
1. An scrúdú chun a chinneadh an bhfuil iarratas neamh-inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 38 (1), pointí (a), (b), (c) agus (d), agus Airteagal 38 (2), cuirfear i gcrích é a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 mhí ón dáta a thaisctear an t-iarratas.
Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 38(1), pointe (e), cuirfidh an t-údarás cinntitheach an scrúdú i gcrích laistigh de 10 lá oibre.
Ní mheasfar an t-iarratas a bheith inghlactha ar an aon chúis amháin nach ndearnadh cinneadh maidir le neamh-inghlacthacht laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo agus i mír 2.
2. Féadfaidh an t-údarás cinntitheach síneadh nach faide ná 2 mhí a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina ndéanfaidh líon díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den tréimhse chéanna ama, rud a fhágfaidh nach mbeidh sé indéanta an nós imeachta inghlacthachta a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil saincheisteanna casta fíorais nó dlí i gceist; |
|
(c) |
i gcás gur léir gurb í mainneachtain an iarratasóra, agus í sin amháin, a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9, gurb í an mhainneachtain sin is cúis leis an moill. |
3. Cuirfidh an t-údarás cinntitheach an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe i gcrích a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a thaisctear an t-iarratas.
4. Áiritheoidh an t-údarás cinntitheach go gcuirfear nós imeachta scrúdúcháin i dtaca leis na tuillteanais, ar choinníoll nach nós imeachta scrúdúcháin brostaithe é, i gcrích a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí ón dáta a thaisctear an t-iarratas, gan dochar do scrúdú iomchuí agus iomlán.
5. Féadfaidh an t-údarás cinntitheach síneadh nach faide ná 6 mhí a chur leis an teorainn ama 6 mhí dá dtagraítear i mír 4 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina ndéanfaidh líon díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den tréimhse chéanna ama, rud a fhágfaidh nach féidir an nós imeachta a chur i gcrích laistigh den teorainn ama 6 mhí; |
|
(b) |
i gcás ina bhfuil saincheisteanna casta fíorais nó dlí i gceist; |
|
(c) |
i gcás inar léir gurb í mainneachtain an iarratasóra, agus í sin amháin, a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9, is cúis leis an moill. |
6. I gcás ina bhfuil iarratasóir faoi réir nós imeachta aistrithe mar a leagtar síos in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1351, tosóidh an teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ón dáta a thaisctear an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 28(2).
7. Féadfaidh an t-údarás cinntitheach tabhairt i gcrích an nós imeachta scrúdúcháin a chur siar i gcás nach féidir bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaidh sé cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 4 de bharr staid éiginnte sa tír thionscnaimh a mheastar a bheith sealadach. Sna cásanna sin, déanfaidh an t-údarás cinntitheach:
|
(a) |
athbhreithnithe ar an staid sa tír thionscnaimh a dhéanamh ar a laghad gach 4 mhí; |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh siad ar fáil, na hathbhreithnithe a rinne an Ghníomhaireacht um Thearmann ar an staid sa tír thionscnaimh sin a chur san áireamh; |
|
(c) |
na hiarratasóirí lena mbaineann a chur ar an eolas a luaithe is féidir, i dteanga a thuigeann siad, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh siad í, faoi na cúiseanna atá leis an nós imeachta a chur siar. |
Cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht um Thearmann a luaithe is féidir gur cuireadh siar na nósanna imeachta don tír thionscnaimh sin. Ar chaoi ar bith, cuirfidh an t-údarás cinntitheach an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích laistigh de 21 mhí ó thaisceadh iarratais.
8. Leagfaidh na Ballstáit síos teorainneacha ama maidir le tabhairt i gcrích an nós imeachta scrúdúcháin i gcásanna ina ndéanfaidh cúirt nó binse cinneadh an údaráis chinntithigh a chur ar neamhní agus a tharchur ar ais. Beidh na teorainneacha ama sin níos giorra ná na teorainneacha ama a leagtar amach san Airteagal seo.
ROINN III
CINNTÍ MAIDIR LE hIARRATAIS
Airteagal 36
Cinntí maidir le hiarratais
1. Tabharfar cinneadh i dtaca le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i scríbhinn agus tabharfar fógra don iarratasóir ina leith a luaithe is féidir i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás ina bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil á déanamh ag ionadaí nó comhairleoir dlí ar an iarratasóir, féadfaidh an t-údarás inniúil fógra i dtaca leis an gcinneadh a thabhairt dó nó di in áit an iarratasóra.
2. I gcás ina ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha, toisc go bhfuil sé gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí, toisc gur tarraingíodh siar go sainráite nó go hintuigthe é, luafar na cúiseanna leis an diúltú, de réir fíorais agus dlí, sa chinneadh.
3. Cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an chinnidh agus faoin gcaoi le hagóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh lena diúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha, gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí, nó gur tarraingíodh siar go hintuigthe é. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar mar chuid den chinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. I gcás nach bhfaighidh an t-iarratasóir cúnamh ó chomhairleoir dlí, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga a thuigeann an t-iarratasóir, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí í.
4. I gcás ina bhfaighidh an t-iarratasóir cúnamh ó chomhairleoir dlí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an iarratasóir, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar don chomhairleoir dlí sin amháin gan í a aistriú go teanga a thuigeann an iarratasóir nó a shíltear le réasún go dtuigfidh an sé nó sí í. I gcás mar sin, cibé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta, déanfar é sin a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir, mar eolas, i dteanga a thuigeann sé nó sí, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí í, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le conas agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
5. I gcás ina ndéantar iarratais thar ceann mionaoiseach nó daoine fásta cleithiúnacha nó i gcás ina bhfuil na hiarratais go léir bunaithe ar na forais bheachta chéanna ar a mbunaítear iarratas an duine fhásta atá freagrach as an mionaoiseach nó an duine fásta cleithiúnach sin, féadfaidh an t-údarás cinntitheach, tar éis measúnú aonair a dhéanamh ar gach iarratasóir, aon chinneadh amháin a dhéanamh, a chuimseoidh na hiarratasóirí uile, ach amháin, dá ndéanfaí sin, go nochtfaí cúinsí áirithe iarratasóra a d’fhéadfadh a leas a chur i mbaol, go háirithe i gcásanna a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, gáinneáil ar dhaoine, agus géarleanúint bunaithe ar inscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne nó aois. I gcásanna den sórt sin, eiseofar cinneadh ar leithligh agus tabharfar fógra ina leith don duine lena mbaineann i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 37
Iarratas a dhiúltú agus cinneadh um fhilleadh a eisiúint
I gcás ina ndiúltófar d’iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha, gan bhunús nó gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí araon, nó gur tarraingíodh siar go hintuigthe nó go sainráite é, eiseoidh na Ballstáit cinneadh um fhilleadh lena n-urramófar Treoir 2008/115/CE agus a bheidh i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement. I gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh nó cinneadh eile lena bhforchuirtear an oibleagáid um fhilleadh roimh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, ní bheidh gá leis an gcinneadh um fhilleadh faoin Airteagal seo. Eiseofar an cinneadh um fhilleadh mar chuid den chinneadh lena ndiúltaítear don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó mar ghníomh ar leith. I gcás ina n-eiseofar an cinneadh um fhilleadh mar ghníomh ar leith, eiseofar é ag an am céanna leis an gcinneadh lena ndiúltaítear don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus i dteannta leis nó gan moill mhíchuí ina dhiaidh sin.
Airteagal 38
Cinneadh i dtaca le hinghlacthacht an iarratais
1. Féadfaidh an t-údarás cinntitheach measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht iarratais, i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, agus féadfar é a údarú faoin dlí náisiúnta iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamh-inghlactha i gcás ina bhfuil ceann ar bith de na forais seo a leanas i bhfeidhm:
|
(a) |
meastar gur tír an chéad tearmainn don iarratasóir de bhun Airteagal 58 í tír nach Ballstát í, ach amháin más léir nach ndéanfar an t-iarratasóir a ghlacadh nó a athghlacadh sa tír sin; |
|
(b) |
meastar gur tríú tír shábháilte don iarratasóir de bhun Airteagal 59 í tír nach Ballstát í, ach amháin más léir nach ndéanfar an t-iarratasóir a ghlacadh nó a athghlacadh sa tír sin; |
|
(c) |
dheonaigh Ballstát eile nach é an Ballstát é a bhfuil an t-iarratas á scrúdú cosaint idirnáisiúnta don iarratasóir; |
|
(d) |
rinne cúirt choiriúil idirnáisiúnta nó binse coiriúil idirnáisiúnta an t-iarratasóir a athshocrú go sábháilte i mBallstát nó tríú tír, nó tá gníomhaíochtaí á ndéanamh gan aon éideimhne ag an gcúirt nó ag an mbinse chuige sin, ach amháin más rud é gur tháinig cúinsí ábhartha nua chun cinn nár chuir an chúirt nó an binse san áireamh nó mura raibh aon fhéidearthacht dhlíthiúil ann cúinsí atá ábhartha maidir le caighdeáin chearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta a ardú os comhair na cúirte coiriúla idirnáisiúnta nó an bhinse choiriúil idirnáisiúnta sin; |
|
(e) |
eisíodh cinneadh um fhilleadh don iarratasóir lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2008/115/CE agus rinne an t-iarratasóir a iarratas nó a hiarratas gan ach 7 lá oibre a bheith caite ón dáta a fuair sé nó sí an cinneadh sin um fhilleadh agus ar choinníoll gur cuireadh in iúl dó nó di na hiarmhairtí a thiocfadh as mura ndéanfadh sé nó sí iarratas laistigh den teorainn ama sin agus nár tháinig aon eilimintí ábhartha nua chun cinn ó dheireadh na tréimhse sin. |
2. Diúltóidh an t-údarás cinntitheach iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha i gcás inar iarratas iardain é, i gcás nár eascair nó nár thug an t-iarratasóir ar aird eilimintí nua ar bith dá dtagraítear in Airteagal 55(3) agus (5) i dtaca leis an scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an t-iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347 nó i dtaca leis an bhforas neamh-inghlacthachta a cuireadh i bhfeidhm cheana, a tháinig chun cinn nó a chuir an t-iarratasóir i láthair.
Airteagal 39
Cinneadh i dtaca le tuillteanais iarratais
1. Ní dhéanfar iarratas a scrúdú ar a thuillteanais sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá Ballstát eile freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1351; |
|
(b) |
diúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 38 nó; |
|
(c) |
tarraingítear iarratas siar go sainráite nó go hintuigthe, gan dochar d’Airteagail 40(2) agus 41(5). |
2. Agus scrúdú á dhéanamh aige ar iarratas ar a thuillteanais, déanfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh maidir le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an t-iarratasóir mar dhídeanaí agus, mura gcáilíonn, cinnfidh sé an bhfuil an t-iarratasóir incháilithe le haghaidh cosaint coimhdeach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347.
3. Diúltóidh an t-údarás cinntitheach d’iarratas toisc é a bheith gan bhunús i gcás ina suitear nach gcáilíonn an t-iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta faoi bhun Rialachán (AE) 2024/1347.
4. Féadfar an t-údarás cinntitheach a údarú faoin dlí náisiúnta chun a dhearbhú gur follasach nach bhfuil bunús leis an t-iarratas atá gan bhunús, más rud é, tráth a thabharfar an scrúdú i gcrích, go mbeidh feidhm ag aon cheann de na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus (3).
Airteagal 40
Iarratais a tharraingt siar go sainráite
1. Féadfaidh iarratasóir, as a stuaim féin, agus ag am ar bith le linn an nós imeachta, a iarratas nó a hiarratas a tharraingt siar. Déanfar an t-iarratas a tharraingt siar ag an iarratasóir i scríbhinn go pearsanta nó ag comhairleoir dlí an iarratasóra a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil air nó uirthi i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla, tráth tharraingt siar an iarratais, an t-iarratasóir a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (c), faoi na hiarmhairtí uile a bhaineann le nós imeachta a tharraingt siar mar sin i dteanga a thuigeann sé nó sí, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí í.
3. I gcás ina ndéantar an t-iarratas a tharraingt siar go sainráite os comhair údarás inniúil seachas an t-údarás cinntitheach, cuirfidh an t-údarás sin in iúl don údarás cinntitheach gur tarraingíodh siar an t-iarratas. Glacfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh lena ndearbhófar gur tarraingíodh siar an t-iarratas go sainráite. Beidh an cinneadh sin críochnaitheach agus ní bheidh sé faoi réir achomhairc mar a thagraítear dó i gCaibidil V den Rialachán seo.
4. I gcás, ag an gcéim ina ndéanann an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar go sainráite, gur chinn an t-údarás cinntitheach cheana féin nach gcáilíonn an t-iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2024/1347, féadfaidh sé fós cinneadh a dhéanamh diúltú don iarratas toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús.
Airteagal 41
Iarratais a tharraingt siar go hintuigthe
1. Dearbhófar gur tarraingíodh siar iarratas go hintuigthe sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
níl a iarratas nó a hiarratas taiscthe ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 28 gan cúis mhaith, cé go raibh deis éifeachtach aige nó aici é sin a dhéanamh; |
|
(b) |
ndiúltaíonn an t-iarratasóir comhoibriú toisc nach gcuireann sé nó sí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointí (a) agus (b) ar fáil, nó nach cuireann sé nó sí a shonraí bithmhéadracha nó a sonraí bithmhéadracha ar fáil; |
|
(c) |
diúltaíonn an t-iarratasóir a sheoladh nó a seoladh a thabhairt, i gcás ina bhfuil ceann aige nó aici, mura gcuireann na húdaráis inniúla tithíocht ar fáil; |
|
(d) |
ní raibh an t-iarratasóir i láthair, gan údar cuí, ag agallamh pearsanta cé go raibh sé de cheangal air nó uirthi é sin a dhéanamh de bhun Airteagal 13, nó gur dhiúltaigh an t-iarratasóir, gan údar cuí, freagra a thabhairt ar cheisteanna le linn an agallaimh sa chaoi is nár leor toradh an agallaimh chun cinneadh a ghlacadh ar thuillteanais an iarratais; |
|
(e) |
níor chomhlíon an t-iarratasóir dualgais tuairiscithe a forchuireadh air nó uirthi arís agus arís eile i gcomhréir le hAirteagal 9(4) nó nach bhfuil sé nó sí ar fáil do na húdaráis inniúla riaracháin nó bhreithiúnacha, mura féidir leis nó léi a léiriú nach raibh sé nó sí in ann a bheith ar fáil de bharr cúinsí sonracha nach raibh neart aige nó aici orthu; |
|
(f) |
thaisc an t-iarratasóir an t-iarratas i mBallstát nach é an Ballstát dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1351 é agus nach bhfanann an t-iarratasóir sa Bhallstát sin go dtí go gcinnfear cé acu Ballstát atá freagrach nó go dtí go gcuirfear an nós imeachta aistrithe chun feidhme, i gcás inarb infheidhme. |
2. I gcás inar údarás inniúil seachas an t-údarás cinntitheach é an t-údarás a mheasann ar tarraingíodh siar an t-iarratas go hintuigthe agus i gcás ina measann an t-údarás sin nach mór an t-iarratas a mheas mar iarratas a tarraingíodh siar go intuigthe, cuirfidh an t-údarás sin an t-údarás cinntitheach ar an eolas dá réir. Glacfaidh an t-údarás cinntitheach cinneadh lena ndearbhófar gur tarraingíodh siar an t-iarratas go sainráite.
3. Nuair a bheidh an t-iarratasóir i láthair, cuirfidh an t-údarás inniúil, tráth na tarraingthe siar, an t-iarratasóir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (c), faoi na hiarmhairtí uile a bhaineann le nós imeachta a tharraingt siar mar sin i dteanga a thuigeann sé nó sí, nó a shíltear le réasún go dtuigfidh sé nó sí í.
4. Féadfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta a chur ar fionraí chun deis a thabhairt don iarratasóir údar a thabhairt le neamhghníomhartha nó gníomhartha a leagtar amach i mír 1 nó iad a cheartú sula ndéanfar cinneadh lena ndearbhaítear gur tarraingíodh an t-iarratas siar go hintuigthe.
5. Féadfar iarratas a dhiúltú toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús i gcás, ag an gcéim ina dtarraingítear an t-iarratas siar go hintuigthe, ina bhfuil sé cinntithe ag an údarás cinntitheach cheanna féin nach gcáilíonn an t-iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2024/1347.
ROINN IV
NÓSANNA IMEACHTA SPEISIALTA
Airteagal 42
Nós imeachta scrúdúcháin brostaithe
1. Gan dochar d’Airteagal 21(2), déanfaidh an t-údarás cinntitheach, i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, an scrúdú ar thuillteanais iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhrostú, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
agus a iarratas nó a hiarratas á thaisceadh agus na fíorais á dtabhairt ar aird, nach raibh aon cheann de na saincheisteanna a d'ardaigh an t-iarratasóir ábhartha don scrúdú i dtaca le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn sé nó sí mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(b) |
go ndearna an t-iarratasóir ráitis ar léir iad a bheith neamhréireach nó frithráiteach, bréagach nó neamhdhóchúil, nó ráitis a thagann salach ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil i dtaca leis an tír thionscnaimh, agus ar an gcaoi sin gur léir go bhfuil a éileamh nó a héileamh gan mórán dealraimh i dtaca le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn sé nó sí mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(c) |
go meastar, tar éis deis iomlán a bheith tugtha don iarratasóir cúis mhaith a thabhairt, gur chuir sé nó sí na húdaráis ar míthreoir d’aon ghnó trí fhaisnéis bhréagach nó doiciméid bhréagacha a thíolacadh nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar, go háirithe i ndáil lena chéannacht nó lena céannacht nó lena náisiúntacht a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh nó go bhfuil forais shoiléire ann lena mheas gur scrios nó gur dhiúscair an t-iarratasóir, de mheon mímhacánta, doiciméad céannachta nó doiciméad taistil chun cosc a chur ar dheimhniú a chéannachta nó a céannachta nó a náisiúntachta; |
|
(d) |
nach ndéanann an t-iarratasóir iarratas ach chun moill a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh maidir lena aistriú nó lena haistriú ó chríoch Ballstáit nó chun forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ó rath nó cosc a chur air; |
|
(e) |
go bhféadfar a mheas gur tír thionscnaimh shábháilte í tríú tír don iarratasóir de réir bhrí an Rialacháin seo; |
|
(f) |
go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina chontúirt nó ina contúirt do shlándáil náisiúnta nó beartas poiblí na mBallstát, nó gur eiseachadadh an t-iarratasóir le forneart ar chúiseanna tromchúiseacha i dtaca leis an tslándáil phoiblí nó leis an mbeartas poiblí faoin dlí náisiúnta; |
|
(g) |
gur iarratas iardain é an t-iarratas agus nach bhfuil sé neamh-inghlactha; |
|
(h) |
gur tháinig an t-iarratasóir isteach ar chríoch an Bhallstáit go neamhdhleathach nó gur chuir an t-iarratasóir fad lena fhanacht nó lena fanacht go neamhdhleathach agus, gan cúis mhaith a thabhairt, nár chuir sé nó sí é féin nó í féin i láthair na n-údarás inniúil nó nach ndearna sé nó sí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chomh luath agus is féidir, i bhfianaise cúinsí a iontrála nó a hiontrála; |
|
(i) |
gur tháinig an t-iarratasóir isteach i gcríoch Ballstáit go dleathach, agus nach ndearna sé nó sí iarratas, gan cúis mhaith, ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir, i bhfianaise fhorais a iarratais nó a hiarratais; go bhfuil an pointe sin gan dochar don riachtanas cosanta idirnáisiúnta a eascraíonn ar an láthair; nó |
|
(j) |
gur náisiúnach tríú tír é nó í an t-iarratasóir, nó i gcás daoine gan stát, go raibh gnáthchónaí air nó uirthi i dtríú tír, ar 20 % nó níos ísle cion na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás cinntitheach lena mbronntar cosaint idirnáisiúnta, de réir an mheánráta uile-Aontais sna sonraí bliantúla nuashonraithe is déanaí atá le fáil ó Eurostat, mura mheasann an t-údarás cinntitheach gur tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí ábhartha ó Eurostat, nó go mbaineann an t-iarratasóir le catagóir shonrach daoine, agus nach féidir a mheas go bhfuil an cion 20 % nó níos ísle atá ann lena n-aghaidh ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta, agus na difríochtaí suntasacha idir na cinntí céadchéime agus na cinntí críochnaitheacha, inter alia, á gcur san áireamh. |
I gcás inar chuir an Ghníomhaireacht um Thearmann nóta treorach ar fáil maidir le tír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303 lena léirítear gur tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí ábhartha ó Eurostat, úsáidfidh na Ballstáit an nóta treorach sin mar thagairt chun an chéad fhomhír, pointe (j) den mhír seo a chur i bhfeidhm.
2. I gcás ina measann an t-údarás cinntitheach go mbaineann an scrúdú ar an iarratas le saincheisteanna fíorais nó dlí atá róchasta le scrúdú faoi nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, féadfaidh sé leanúint den scrúdú ar na tuillteanais i gcomhréir le hAirteagal 35(4) agus Airteagal 39. Sa chás sin, cuirfear an t-iarratasóir lena mbaineann ar an eolas faoin athrú sa nós imeachta.
3. Ní fhéadfar an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
is as tríú tír a fhéadfar a mheas gur tír shábháilte thionscnaimh í an t-iarratasóir de réir bhrí an Rialacháin seo; |
|
(b) |
go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an t-iarratasóir ina chontúirt nó ina contúirt do shlándáil náisiúnta nó beartas poiblí an Bhallstáit nó gur eiseachadadh an t-iarratasóir le forneart ar chúiseanna tromchúiseacha i dtaca leis an tslándáil náisiúnta nó leis an bheartas poiblí faoin dlí náisiúnta; |
|
(c) |
is iarratas iardain nach bhfuil neamh-inghlactha é an t-iarratas; |
|
(d) |
go meastar, tar éis deis iomlán a bheith tugtha don iarratasóir cúis mhaith a thabhairt, gur chuir sé nó sí na húdaráis ar míthreoir d’aon ghnó trí fhaisnéis bhréagach nó doiciméid bhréagacha a thíolacadh nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar, go háirithe i ndáil lena chéannacht nó lena céannacht nó lena náisiúntacht a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh nó, go bhfuil forais shoiléire ann lena mheas gur scrios nó gur dhiúscair an t-iarratasóir, de mheon mímhacánta, doiciméad céannachta nó doiciméad taistil chun cosc a chur ar dheimhniú a chéannachta nó a céannachta nó a náisiúntachta; nó |
|
(e) |
gur náisiúnach tríú tír é nó í an t-iarratasóir, nó i gcás daoine gan stát, go raibh gnáthchónaí air nó uirthi i dtríú tír, ar 20 % nó níos ísle cion na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás cinntitheach lena mbronntar cosaint idirnáisiúnta, de réir an mheánráta uile-Aontas sna sonraí bliantúla nuashonraithe is déanaí atá le fáil ó Eurostat, mura mheasann an t-údarás cinntitheach gur tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí ábhartha ó Eurostat, nó go mbaineann an t-iarratasóir le catagóir shonrach daoine, agus nach féidir a mheas go bhfuil an cion 20 % nó níos ísle atá ann lena n-aghaidh ionadaíoch ó thaobh a riachtanas cosanta, agus na difríochtaí suntasacha idir na cinntí céadchéime agus na cinntí críochnaitheacha, inter alia, á gcur san áireamh. |
I gcás inar chuir an Ghníomhaireacht um Thearmann nóta treorach ar fáil maidir le tír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303 lena léirítear gur tharla athrú suntasach sa tríú tír lena mbaineann ó foilsíodh na sonraí ábhartha ó Eurostat, úsáidfidh na Ballstáit an nóta treorach sin mar thagairt chun an chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 43
Coinníollacha maidir leis an nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm
1. Tar éis an scagtha a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1356, i gcás inarb infheidhme agus ar choinníoll nár údaraíodh an t-iarratasóir fós dul isteach i gcríoch na mBallstát, féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II, scrúdú a dhéanamh ar iarratas trí nós imeachta teorann i gcás inarb iarratas é a rinne náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach i gcríoch Bhallstáit faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399. Féadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm:
|
(a) |
tar éis iarratas a rinneadh ag pointe trasnaithe teorann seachtraí nó i gcrios idirthurais; |
|
(b) |
tar éis gabháil i taca leis an teorainn sheachtrach a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe; |
|
(c) |
tar éis díbhordáil i gcríoch Bhallstáit tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála; |
|
(d) |
tar éis athshocrú i gcomhréir le hAirteagal 67(11) de Rialachán (AE) 2024/1351. |
2. Iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann, ní údarófar iad le dul isteach i gcríoch Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 51(2) agus d’Airteagal 53(2). Aon bheart a dhéanfaidh na Ballstáit chun dul isteach neamhúdaraithe ina gcríoch a chosc, déanfar é i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346.
3. De mhaolú ar Airteagal 51(2), an chéad fhomhír, an abairt dheireanach, ní údarófar an t-iarratasóir le dul isteach i gcríoch an Bhallstáit i gcás:
|
(a) |
nach bhfuil aon cheart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 10(4), pointe (a) nó (c); |
|
(b) |
nach bhfuil aon cheart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 68 agus nár iarr sé cead fanacht chun críoch nós imeachta achomhairc laistigh den teorainn ama is infheidhme; |
|
(c) |
nach bhfuil aon cheart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 68 agus gur chinn cúirt nó binse nach mbeidh cead ag an iarratasóir fanacht go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta achomhairc. |
Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás inar eisíodh cinneadh um fhilleadh don iarratasóir i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE nó inar diúltaíodh cead isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1349.
4. Gan dochar don sásra faireacháin a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2303 agus comhlántach leis, déanfaidh gach Ballstát foráil do shásra chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha i ndáil leis an nós imeachta teorann lena gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/1356.
Airteagal 44
Cinntí faoi chuimsiú an nós imeachta teorann um thearmann
1. Agus nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm, féadfar cinntí a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
neamh-inghlacthacht iarratais i gcomhréir le hAirteagal 38; |
|
(b) |
tuillteanais iarratais má tá feidhm ag aon cheann de na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointí (a) go (g) agus (j), agus Airteagal 42(3), pointe (b). |
2. I gcás inar mó líon na n-iarratasóirí ná an líon dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le cé a chuirfear faoi réir nós imeachta teorann de bhun Airteagal 42(1), pointí (c), (f) nó (j) nó Airteagal 42(3), pointe (b), tabharfar tosaíocht do na catagóirí iarratas a leanas:
|
(a) |
iarratais ó náisiúnaigh tríú tír áirithe nó, i gcás daoine gan stát, ó dhaoine a raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tír roimhe sin, a bhfuil sé níos dóchúla, i gcás cinneadh diúltach, go bhfillfear iad, de réir mar is infheidhme, chuig a dtír thionscnaimh, an tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin, tríú tír shábháilte nó tír an chéad tearmainn, de réir bhrí an Rialacháin seo; |
|
(b) |
iarratais ó náisiúnach tríú tír áirithe nó, i gcás daoine gan stát, ó dhaoine a raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tíortha roimhe sin, a mheastar go bhfuil siad ina gcontúirt do shlándáil náisiúnta nó beartas poiblí Ballstáit; |
|
(c) |
gan dochar do phointe (b), iarratais ó náisiúnach tríú tír áirithe nó, i gcás daoine gan stát, ó dhaoine a raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tír roimhe seo, nach mionaoiseacha iad agus a mbaill teaghlaigh. |
3. I gcás ina gcuirfear an nós imeachta teorann i bhfeidhm maidir le mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh, tabharfar tosaíocht don scrúdú ar a n-iarratas.
Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt freisin don scrúdú ar iarratais ó náisiúnaigh tríú tír áirithe nó, i gcás daoine gan stát, ó dhaoine a raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tír roimhe seo, a bhfuil sé níos dóchúla, i gcás cinneadh diúltach, go bhfillfear iad, de réir mar is infheidhme, chuig a dtír thionscnaimh, an tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin, tríú tír shábháilte nó tír an chéad tearmainn, de réir bhrí an Rialacháin seo.
Airteagal 45
Cuir i bhfeidhm éigeantach an nós imeachta teorann um thearmann
1. Scrúdóidh Ballstát iarratas trí nós imeachta teorann sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(1) i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann de na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal (42)(1), pointe (c), (f) nó (j).
2. I gcás ina mbeidh feidhm ag na cúinsí in Airteagal 42(1), pointe (f), agus gan dochar d’Airteagal 54, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aontacht teaghlaigh a choimeád sa nós imeachta teorann a mhéid is féidir.
3. Chun críocha mhír 2, chun aontacht teaghlaigh a choinneáil, is é a thuigfear le ‘baill de theaghlach an iarratasóra’, a mhéid arbh ann don teaghlach cheana féin sular shroich an t-iarratasóir críoch na mBallstát, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra, ar baill teaghlaigh iad atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit chéanna i ndáil leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta:
|
(a) |
céile an iarratasóra nó a pháirtnéir neamhphósta nó a páirtnéir neamhphósta i gcaidreamh seasmhach, i gcás ina ndéileáiltear i ndlí nó cleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach is coibhéiseach leis an mbealach a dhéileáiltear le lánúineacha pósta; |
|
(b) |
leanaí mionaoiseacha na lánúineacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó an iarratasóra, ar choinníoll go bhfuil siad neamhphósta agus is cuma cé acu a rugadh nó nár rugadh de phósadh nó a uchtaíodh nó nár uchtaíodh iad mar a shainítear faoin dlí náisiúnta; |
|
(c) |
i gcás inar mionaoiseach neamhphósta an t-iarratasóir, an t-athair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an iarratasóir, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta i láthair; |
|
(d) |
i gcás inar mionaoiseach neamhphósta an t-iarratasóir, siblín nó siblíní an iarratasóra, ar choinníoll gur mionaoisigh neamhphósta iad. |
Chun críocha phointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír, ar bhonn measúnú aonair, measfar mionaoiseach a bheith neamhphósta i gcás nach bhféadfaí conradh a dhéanamh as a phósadh nó a pósadh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe agus aird á tabhairt ar aois dhlíthiúil an phósta.
4. I gcás ina mbeidh forais ag an gCoimisiún, ar bhonn faisnéise a fuarthas faoi chuimsiú an fhaireacháin arna dhéanamh de bhun Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2021/2303, lena mheas nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 54(2) á gcomhlíonadh ag Ballstát, molfaidh sé, gan mhoill, cur i bhfeidhm an nós imeachta teorann maidir le teaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu a chur ar fionraí de bhun Airteagal 53(2), pointe (b). Cuirfidh an Coimisiún an moladh sin ar fáil go poiblí.
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar mholadh an Choimisiúin i ndáil lena oibleagáidí faoi Airteagal 53(2), pointe (b) agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh arna sainaithint chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais Airteagal 54(2) go hiomlán. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun éifeacht a thabhairt don mholadh.
Airteagal 46
An acmhainneacht leordhóthanach ar leibhéal an Aontais
Measfar gurb é 30 000 an acmhainneacht leordhóthanach ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 47
Acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit
1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an uimhir a chomhfhreagraíonn d’acmhainneacht leordhóthanach gach Ballstáit a ríomh tríd an bhfoirmle a leagtar a leagtar síos i mír 4 a úsáid.
Gan dochar do mhír 3, socróidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an líon uasta iarratas a cheanglaítear ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh orthu sa nós imeachta teorann in aghaidh na bliana. Is é an líon uasta sin dhá uair an lín a fhaightear tríd an bhfoirmle a leagtar síos i mír 4 a úsáid ón 12 Meitheamh 2026, trí huaire an lín a fhaightear tríd an bhfoirmle a leagtar síos i mír 4 a úsáid ón 13 Meitheamh 2027 agus ceithre huaire an lín a fhaightear tríd an bhfoirmle a leagtar síos i mír 4 a úsáid ón 13 Meitheamh 2028.
2. I gcás ina sroichtear acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, ní cheanglófar ar an mBallstát sin nósanna imeachta teorann a chur dhéanamh a thuilleadh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(1) i gcás ina bhfuil feidhm ag na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (j).
3. I gcás ina mbeidh scrúdú déanta ag Ballstát ar an líon uasta iarratas dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, ní cheanglófar ar an mBallstát sin nósanna imeachta teorann a dhéanamh a thuilleadh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 43(1) i gcás ina mbeidh feidhm ag na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (c) nó pointe (j). Leanfaidh an Ballstát sin, dá ainneoin sin, de scrúdú a dhéanamh, tríd an nós imeachta teorann, ar iarratais ó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil feidhm ag na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (f) agus in Airteagal 42(3), pointe (b) maidir leo.
4. Ríomhfar an líon dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, tríd an líon a leagtar amach in Airteagal 46 a iolrú faoi shuim na dtrasnuithe neamhrialta ag an teorainn sheachtrach, líon na ndaoine a tháinig isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus líon na ndaoine dár diúltaíodh cead isteach ag an teorainn sheachtrach sa Bhallstát lena mbaineann le linn na 3 bliana roimhe sin agus tríd an toradh a fhaightear a roinnt ar shuim na dtrasnuithe neamhrialta ag an teorainn sheachtrach, líon na ndaoine a tháinig isteach tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus líon na ndaoine dár diúltaíodh cead isteach ag an teorainn sheachtrach san Aontas ina iomláine le linn na tréimhse céanna de réir na faisnéise Frontex agus Eurostat is déanaí atá ar fáil.
5. Déanfaidh an Coimisiún an chéad gníomh cur chun feidhme den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ar an 12 Lúnasa 2024 agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach 3 bliana ina dhiaidh sin.
Tar éis don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, áiritheoidh gach Ballstát, laistigh de 6 mhí ó ghlacadh an dara gníomh cur chun feidhme agus gach gníomh cur chun feidhme ina dhiaidh sin, go mbeidh an acmhainneacht leordhóthanach acu a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin. Chun críocha an chéad ghnímh cur chun feidhme sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an acmhainneacht leordhóthanach acu a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin roimh an 12 Meitheamh 2026.
Airteagal 48
Beart is infheidhme i gcás ina mbaintear acmhainneacht leordhóthanach Ballstáit amach
1. I gcás ina mbeidh líon na n-iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann i mBallstát ag aon tráth ar leith, in éineacht leis an líon daoine atá faoi réir nós imeachta teorann um fhilleadh arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1349 nó, i gcás inarb infheidhme, nós imeachta coibhéiseach teorann um fhilleadh arna bhunú faoin dlí náisiúnta, comhionann leis an líon a leagtar amach i leith an Bhallstáit sin sa ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 47(1), an chéad fhomhír nó os cionn an lín sin, féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún faoin méid sin.
2. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 1, de mhaolú ar Airteagal 45(1), ní cheanglaítear ar an mBallstát sin scrúdú a dhéanamh ar iarratais arna ndéanamh ag iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (j), trí nós imeachta teorann tráth a bheidh líon na n-iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann sa Bhallstát sin cothrom leis nó os cionn an lín dá dtagraítear in Airteagal 47(1), an chéad fhomhír.
3. Cuirfear an beart dá bhforáiltear i mír 2 i bhfeidhm ar bhonn insreabhadh agus eis-sreabhadh agus ceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann leanúint de scrúdú a dhéanamh trí nós imeachta teorann ar iarratais arna ndéanamh ag iarratasóirí mar a thagraítear dóibh in Airteagal 42(1), pointe (j) a luaithe a bheidh líon na n-iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann sa Bhallstát sin níos ísle, ag aon tráth, ná an líon dá dtagraítear in Airteagal 47(1), an chéad fhomhír.
4. Féadfaidh Ballstát an beart dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm don chuid eile den bhliain féilire chéanna ón lá tar éis an dáta a thugtar fógra faoi mhír 1.
Airteagal 49
Fógra ó Bhallstát i gcás ina mbaintear amach an acmhainneacht leordhóthanach
1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear in Airteagail 48:
|
(a) |
líon na n-iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann um thearmann, agus nós imeachta teorann um fhilleadh arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1349 nó, i gcás inarb infheidhme, faoi réir nós imeachta coibhéiseach teorann um fhilleadh arna bhunú faoin dlí náisiúnta, sa Bhallstát lena mbaineann tráth a dtugtar an fógra; |
|
(b) |
an beart dá dtagraítear in Airteagail 48 a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát lena mbaineann a chur i bhfeidhm nó leanúint dá chur i bhfeidhm; |
|
(c) |
réasúnú tacaíochta le hintinn an Bhallstáit lena mbaineann a bhfuil bunús leis, ina ndéantar cur síos ar an tslí a bhféadfaí cuidiú chun aghaidh a thabhairt ar an staid trí dhul i muinín an bhirt atá i gceist, agus i gcás inarb infheidhme, na bearta eile atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann nó atá beartaithe aige a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an staid a mhaolú, lena n-áirítear na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2024/1351. |
2. Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán seo mar chuid den fhógra dá dtagraítear in Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2024/1351, i gcás inarb infheidhme.
3. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagail 48, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin.
4. Ballstát a mbeidh an beart dá dtagraítear in Airteagal 48 á chur i bhfeidhm aige, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ar bhonn míosúil faoi na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
líon na n-iarratasóirí atá faoi réir an nós imeachta teorann sa Bhallstát sin an tráth sin; |
|
(b) |
forbairt insreabhadh agus eis-sreabhadh líon na ndaoine atá faoi réir nósanna imeachta teorann do gach seachtain den mhí sin; |
|
(c) |
líon na mball foirne atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais faoin nós imeachta teorann; |
|
(d) |
meánré an scrúdaithe le linn chéim riaracháin an nós imeachta; agus |
|
(e) |
meánfhad an scrúdaithe a dhéanann ag cúirt nó binse ar iarratas maidir le cead a fháil fanacht go dtí go bhfaighfear toradh an achomhairc. |
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo, agus chuige sin, déanfaidh sé athbhreithniú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1351, measúnú a thabhairt ar chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán seo i ngach Ballstát.
Airteagal 50
Fógra ó Bhallstát i gcás ina mbaintear amach líon uasta bliantúil na n-iarratas
I gcás ina bhfuil líon na n-iarratas a scrúdaíodh sa nós imeachta teorann i mBallstát in aon bhliain fhéilire amháin cothrom le nó os cionn líon uasta na n-iarratas a leagtar amach i ndáil leis an mBallstát sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 47(1), féadfaidh an Ballstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún dá réir.
I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an mBallstát don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún scrúdú, go pras, ar an bhfaisnéis a chuireann an Ballstát lena mbaineann ar fáil chun a fhíorú go bhfuil scrúdú déanta ag an mBallstát lena mbaineann, sa nós imeachta teorann ó thús na bliana féilire, ar líon iarratas atá cothrom le nó níos airde ná an líon a leagtar amach i ndáil leis an mBallstát sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 47(1).
Ar chur i gcrích an fhíoraithe, údaróidh an Coimisiún an Bhallstát lena mbaineann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, gan scrúdú a dhéanamh ar iarratais faoin nós imeachta teorann ó iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointí (c) agus (j).
Ní bheidh an Ballstát díolmhaithe, le húdarú den sórt sin, ón oibleagáid scrúdú a dhéanamh ar iarratais faoin nós imeachta teorann ó iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (f), agus Airteagal 42(5), pointe (b).
Airteagal 51
Sprioc-amanna
1. De mhaolú ar Airteagal 28 den Rialachán seo, déanfar iarratais atá faoi réir nós imeachta teorann a thaisceadh tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis clárú den chéad uair nó, tar éis aistriú de bhun Airteagal 67(11) de Rialachán (AE) 2024/1351, 5 lá ó shroich an t-iarratasóir an Ballstát athshocrúcháin tar éis aistriú mar sin ar choinníoll go dtugtar deis éifeachtach don iarratasóir é sin a dhéanamh. Mura gcomhlíontar an sprioc-am 5 lá, ní dhéanfar difear do chur i bhfeidhm leanúnach an nós imeachta teorann.
2. Beidh an nós imeachta teorann chomh gearr agus is féidir agus san am céanna, beifear in ann scrúdú iomlán, cothrom a dhéanamh ar na héilimh. Gan dochar don tríú fomhír den mhír seo, is é 12 sheachtain uasfhad an nós imeachta teorann ón uair a chláraítear an t-iarratas go dtí nach mbeidh ceart fanachta ag an iarratasóir a thuilleadh agus ní bheidh cead aige/aici fanacht. Tar éis na tréimhse sin, údarófar an t-iarratasóir le dul isteach i gcríoch an Bhallstáit seachas i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1349.
Leagfaidh na Ballstáit síos forálacha maidir le fad an nós imeachta scrúdúcháin de mhaolú ar Airteagal 35, maidir le fad an scrúdaithe a dhéanfaidh cúirt nó binse ar iarraidh fanacht ag an gcéim taiscthe i gcomhréir le hAirteagal 68(4) agus (5) agus, más infheidhme, maidir le fad an nós imeachta achomhairc. Áiritheofar leis an tréimhse a leagtar síos go dtabharfar na céimeanna nós imeachta sin ar fad chun críche laistigh de 12 sheachtain ón tráth a chlárófar an t-iarratas.
Féadfar an tréimhse 12 sheachtain a shíneadh go 16 seachtaine má tá an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm ag an mBallstát a n-aistreofar an duine chuige de bhun Airteagal 67(11) de Rialachán AE 2024/1351.
Airteagal 52
An Ballstát freagrach a chinneadh agus an t-athshocrú
1. I gcás ina mbeidh feidhm ag na coinníollacha maidir leis an nós imeachta teorann, cinnfidh na Ballstáit an nós imeachta a dhéanamh chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas de réir mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1351, ag na suíomhanna ina ndéanfar an nós imeachta teorann, gan dochar do na sprioc-amanna a bhunaítear in Airteagal 51(2) den Rialachán seo.
2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm sa Bhallstát óna n-aistreofar an t-iarratasóir, an Ballstát chuig a n-aistreofar an t-iarratasóir, féadfaidh sé nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 67(11) de Rialachán (AE) 2024/1351, gan dochar do na spriocdhátaí arna mbunú in Airteagal 51(2)(d) den Rialachán seo.
Airteagal 53
Eisceachtaí ón nós imeachta teorann um thearmann
1. Ní chuirfear an nós imeachta teorann i bhfeidhm maidir le mionaoisigh neamhthionlactha ach amháin sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(3), pointe (b). I gcás ina mbeidh amhras ann faoi aois an iarratasóra, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú aoise go pras i gcomhréir le hAirteagal 25.
2. Ní chuirfidh na Ballstáit an nós imeachta teorann i bhfeidhm nó scoirfidh siad dá chur i bhfeidhm ag aon chéim den nós imeachta i gcás:
|
(a) |
ina measfaidh an t-údarás cinntitheach nach infheidhme nó nach infheidhme a thuilleadh na forais maidir le hiarratas a dhiúltú dtoisc é a bheith neamh-inghlactha nó maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm; |
|
(b) |
nach féidir an tacaíocht riachtanach a thabhairt d’iarratasóirí ag a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta, lena n-áirítear mionaoisigh, i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1346, ag na háiteanna dá dtagraítear in Airteagal 54; |
|
(c) |
nach féidir an tacaíocht is gá a chur ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu sna suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 54; |
|
(d) |
a bheidh cúiseanna ábhartha leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cúiseanna meabhairshláinte; |
|
(e) |
nach gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar a thuilleadh na ráthaíochtaí agus na coinníollacha coinneála a leagtar síos in Airteagail 10 go 13 de Threoir (AE) 2024/1346, ná nach féidir an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir gan an t-iarratasóir a choinneáil. |
Sna cásanna a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, údaróidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir le dul isteach i gcríoch an Bhallstáit agus an nós imeachta iomchuí dá bhforáiltear i gCaibidil III a chur i bhfeidhm.
Airteagal 54
Suíomhanna chun an nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm
1. Le linn an scrúdaithe ar iarratais atá faoi réir nós imeachta teorann, ceanglóidh Ballstát, de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2024/1346 agus gan dochar d’Airteagal 10 di, go mbeidh cónaí ar na hiarratasóirí ag an teorainn sheachtrach nó gar di nó ag na criosanna idirthurais nó gar dóibh, mar riail ghinearálta, nó i suíomhanna ainmnithe eile laistigh dá gcríoch, agus cúinsí geografacha sonracha an Bhallstáit sin á gcur san áireamh go hiomlán.
2. Gan dochar d’Airteagal 47, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu ina gcónaí i saoráidí glactha atá oiriúnach dá riachtanais tar éis dóibh leas an linbh a mheas agus áiritheoidh siad caighdeán maireachtála atá leordhóthanach d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach, spioradálta, mhorálta agus shóisialta an mhionaoisigh agus ceanglais Chaibidil IV de Threoir (AE) 2024/1346 á n-urramú go hiomlán.
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, faoin 11 Aibreán 2026, faoi na suíomhanna ina ndéanfar an nós imeachta teorann i gcrích, lena n-áirítear nuair a bheidh Airteagal 45 á chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit gur leor acmhainneacht na suíomhanna sin chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais a chumhdaítear le hAirteagal 45. Aon athrú a dhéanfar maidir le sainaithint na suíomhanna ina ndéantar an nós imeachta teorann, tabharfar fógra don Choimisiún ina leith laistigh de 2 mhí ón dáta a ndéanfar na hathruithe.
4. An ceanglas maidir le cónaí in áit ar leith i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, ní mheasfar gur údarú é chun dul isteach i gcríoch Ballstáit agus fanacht ann.
5. I gcás inar gá iarratasóir atá faoi réir an nós imeachta teorann a aistriú chuig an údarás cinntitheach nó chuig cúirt nó binse inniúil céadchéime chun críocha an nós imeachta sin, nó i gcás inar gá é/í a aistriú chun cóir leighis a fháil, ní hionann an taisteal sin as féin agus dul isteach i gcríoch Ballstáit.
Airteagal 55
Iarratais iardain
1. Aon iarratas a dhéanfar i gcás nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta fós faoin iarratasóir céanna maidir le hiarratas a rinneadh roimhe sin, measfar gur ionadaíocht bhreise é agus ní mheasfar gur iarratas nua é.
Déanfar an ionadaíocht bhreise sin a scrúdú sa Bhallstát freagrach faoi chuimsiú an scrúdaithe leanúnaigh tríd an nós imeachta riaracháin nó faoi chuimsiú aon nós imeachta achomhairc atá ar siúl a mhéid a fhéadfaidh an chúirt inniúil nó an binse inniúil na heilimintí is bun leis an ionadaíocht bhreise a chur san áireamh.
2. Aon iarratas eile a dhéanfaí in aon Ballstát tar éis cinneadh críochnaitheach a bheith déanta maidir le hiarratas a rinne an t-iarratasóir céanna roimhe sin, measfar gur iarratas iardain é agus déanfaidh an Ballstát freagrach scrúdú air.
3. Beidh iarratas iardain faoi réir réamhscrúdú ina suífidh an t-údarás cinntitheach an bhfuil eilimintí nua tagtha chun cinn nó tugtha ar aird ag an iarratasóir agus:
|
(a) |
cibé an méadaíonn nó nach méadaíonn na heilimintí nua sin go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an t-iarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347; nó |
|
(b) |
cibé an mbaineann siad le foras neamh-inghlacthachta a cuireadh i bhfeidhm roimhe sin nó nach mbaineann, i gcás inar diúltaíodh don iarratas roimhe toisc é a bheith neamh-inghlactha. |
4. Déanfar an réamhscrúdú ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn nó agallamh pearsanta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II. Go háirithe, féadfar an t-agallamh pearsanta a ligean ar ceal sna cásanna sin inar léir, ó na haighneachtaí i scríbhinn, nach bhfuil aon eilimintí nua ann ag eascairt as an iarratas dá dtagraítear i mír 3.
5. Ní mheasfar na heilimintí arna dtíolacadh ag an iarratasóir a bheith nua ach amháin i gcás nach raibh an t-iarratasóir in ann, gan aon locht dá chuid nó dá cuid féin, na heilimintí sin a thíolacadh i gcomhthéacs an iarratais níos luaithe. Ní gá aon eilimintí a d’fhéadfadh an t-iarratasóir a thíolacadh níos luaithe a chur san áireamh mura gcuireann siad go mór leis an dóchúlacht nach beidh an t-iarratas inghlactha nó go gcáileoidh an t-iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta nó má diúltaíodh an t-iarratas roimhe sin toisc gur tarraingíodh siar go hintuigthe é i gcomhréir le hAirteagal 41 gan scrúdú a dhéanamh ar na tuillteanais.
6. I gcás inar thíolaic an t-iarratasóir eilimintí nua dá dtagraítear i mír 3 nó inar tháinig eilimintí nua chun cinn, déanfar scrúdú breise ar an iarratas ar a thuillteanais, mura bhféadfar a mheas go bhfuil an t-iarratas neamh-inghlactha ar bhonn foras eile dá bhforáiltear in Airteagal 38(1).
7. I gcás nár thíolaic an t-iarratasóir aon eilimintí nua dá dtagraítear i mír 3 nó nár tháinig aon cheann chun cinn, diúltófar an t-iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha de bhun Airteagal 38 (2).
Airteagal 56
Eisceacht ón gceart fanachta in iarratais iardain
Gan dochar do phrionsabal an non-refoulement, féadfaidh Ballstáit eisceacht a dhéanamh maidir leis an gceart fanacht ina gcríoch agus maolú ar Airteagal 68(5), pointe (d), i gcás:
|
(a) |
inar taisceadh an chéad iarratas iardain, agus gan aon chuspóir aige seachas moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh, arb é an toradh a bheadh air go n-aistreofaí an t-iarratasóir as an mBallstát go luath agus nach ndéanfaí scrúdú breise air de bhun Airteagal 55(7); nó |
|
(b) |
ina ndéantar an dara hiarratas iardain nó iarratas iardain breise in aon Bhallstát i ndiaidh cinneadh críochnaitheach lenar diúltaíodh iarratas iardain a rinneadh roimhe sin toisc é a bheith neamh-inghlactha gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús. |
ROINN V
COINCHEAPA TÍRE SÁBHÁILTE
Airteagal 57
Coincheap na cosanta éifeachtaí
1. Measfar, maidir le tríú tír a bhfuil Coinbhinsiún na Ginéive daingnithe aici agus a urramaíonn an Coinbhinsiún sin, go mbíonn cosaint éifeachtach á háirithiú aici laistigh de theorainneacha na maoluithe nó de theorainneacha arna mbunú ag an tríú tír sin, mar a cheadaítear faoin gCoinbhinsiún. I gcás teorainneacha geografacha arna ndéanamh ag an tríú tír, déanfar measúnú ar chosaint a bheith ann do dhaoine nach dtagann faoi raon feidhme Choinbhinsiún na Ginéive i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2.
2. I gcásanna seachas an cás dá dtagraítear i mír 1, measfar nach bhfuil cosaint éifeachtach á háirithiú ag an tríú tír ach i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
go gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 fanacht ar chríoch an tríú tír atá i gceist, |
|
(b) |
go bhfuil rochtain ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar ghléas leordhóthanach beatha chun caighdeán leordhóthanach maireachtála a choinneáil maidir le staid fhoriomlán an tríú tír óstach sin, |
|
(c) |
go bhfuil rochtain ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar chúram sláinte agus ar chóireáil riachtanach breoiteachta faoi na coinníollacha dá bhforáiltear go ginearálta sa tríú tír sin; |
|
(d) |
go bhfuil rochtain ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar oideachas faoi na coinníollacha dá bhforáiltear go ginearálta sa tríú tír sin; agus |
|
(e) |
go mbeidh cosaint éifeachtach ar fáil go dtí go dtiocfar ar réiteach buan. |
Airteagal 58
Coincheap thír an chéad tearmainn
1. Ní fhéadfar a mheas gur tír an chéad tearmainn í tríú tír d’iarratasóir ach amháin más rud é, sa tír sin:
|
(a) |
gur theacht an t-iarratasóir cosaint éifeachtach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive, dá dtagraítear in Airteagal 57(1), nó gur theacht sé nó sí cosaint éifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 57(2) roimh thaisteal chuig an Aontas, agus gur féidir leis nó léi fós tairbhe a bhaint as an gcosaint sin; |
|
(b) |
nach bhfuil bagairt ar bheatha ná saoirse an iarratasóra mar thoradh ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla; |
|
(c) |
nach bhfuil an t-iarratasóir i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(d) |
go gcosnaítear an t-iarratasóir ar refoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus ar aistriú, de shárú ar an gceart chun cosanta ar chéasadh agus íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta. |
2. Ní fhéadfar coincheap thír an chéad tearmainn a chur i bhfeidhm ach amháin ar choinníoll nach féidir leis an iarratasóir eilimintí a sholáthar lena dtugtar údar don chúis nach bhfuil coincheap thír an chéad tearmainn infheidhme maidir leis nó léi, faoi chuimsiú measúnú aonair.
3. Ní fhéadfar tríú tír a mheas mar thír an chéad tearmainn do mhionaoiseach neamhthionlactha ach amháin i gcás nach bhfuil sé sin ag teacht salach ar a leas agus i gcás ina bhfuair údaráis na mBallstát dearbhú ar dtús ó údaráis an tríú tír atá i gceist go nglacfaidh na húdaráis sin an mionaoiseach neamhthionlactha ar láimh agus go mbainfidh sé nó sí tairbhe láithreach as cosaint éifeachtach mar a shainmhínítear in Airteagal 57 í.
4. I gcás ina ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap thír an chéad tearmainn, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an méid seo a leanas:
|
(a) |
an t-iarratasóir a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 36; agus |
|
(b) |
doiciméad a thabhairt dó a chuireann in iúl d’údaráis an tríú tír sin atá i gceist, i dteanga na tíre sin, nár scrúdaíodh an t-iarratas ó thaobh substainte de mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap thír an chéad tearmainn. |
5. I gcás nach ndéanfaidh an tríú tír atá i gceist an t-iarratasóir a athligean isteach ar a críoch nó i gcás nach dtabharfaidh sí freagra laistigh de theorainn ama arna socrú ag an údarás inniúil, beidh rochtain ag an iarratasóir ar an nós imeachta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II agus i Roinn I de Chaibidil III.
Airteagal 59
Coincheap an tríú tír shábháilte
1. Ní fhéadfar tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte ach amháin i gcás, sa tír sin:
|
(a) |
nach bhfuil bagairt ar bheatha ná ar shaoirse na ndaoine nach náisiúnaigh iad mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla; |
|
(b) |
nach bhfuil na daoine nach náisiúnaigh iad i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1347; |
|
(c) |
go gcosnaítear daoine nach náisiúnaigh iad ar refoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive agus ar aistriú de shárú ar an gceart chun cosanta ar chéasadh agus íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar a leagtar síos sa dlí idirnáisiúnta; |
|
(d) |
gur ann don fhéidearthacht cosaint éifeachtach a iarraidh agus, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha, cosaint éifeachtach a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 57. |
2. Féadfar tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir.
3. Bunófar an measúnú i dtaca le cé acu an bhféadfaí tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte i gcomhréir leis an Rialachán seo ar raon foinsí faisnéise ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis ó na Ballstáit, ón nGníomhaireacht um Thearmann, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.
4. Féadfar coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm mar a leanas:
|
(a) |
i gcás ina bhfuil tríú tír ainmnithe mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60 nó Airteagal 64; nó |
|
(b) |
maidir le hiarratasóir ar leith i gcás nár ainmníodh an tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 maidir leis an iarratasóir sin. |
5. Ní fhéadfar coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ach amháin ar choinníoll:
|
(a) |
nach bhféadfaidh an t-iarratasóir eilimintí a sholáthar lena dtugtar údar leis an gcúis nach bhfuil coincheap an tríú tír shábháilte infheidhme maidir leis nó léi, faoi chuimsiú measúnú aonair; |
|
(b) |
go bhfuil nasc ann idir an t-iarratasóir agus an tríú tír lena mbaineann agus, ar bhonn an naisc sin, go mbeadh sé réasúnach dó nó di dul chuig an tír sin. |
6. Ní fhéadfar tríú tír a mheas mar thríú tír shábháilte do mhionaoiseach neamhthionlactha ach amháin i gcás nach bhfuil sé sin ag teacht salach ar a leas agus i gcás ina bhfuair údaráis na mBallstát dearbhú ó údaráis an tríú tír atá i gceist ar an gcéad dul síos go nglacfaidh na húdaráis sin an mionaoiseach neamhthionlactha ar láimh agus go mbeidh rochtain láithreach aige nó aici ar chosaint éifeachtach mar a shainmhínítear in Airteagal 57.
7. I gcás ina mbeidh an tAontas agus tríú tír tar éis teacht ar chomhaontú de bhun Airteagal 218 CFAE go ndéanfar imircigh arna nglacadh faoin gcomhaontú sin a chosaint i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an non-refoulement, féadfar a thoimhdiú go bhfuil coinníollacha an Airteagail seo maidir le stádas sábháilte tríú tír comhlíonta gan dochar do mhíreanna 5 agus 6.
8. I gcás ina ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte, déanfaidh an t-údarás cinntitheach:
|
(a) |
an t-iarratasóir a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 36; agus |
|
(b) |
doiciméad a thabhairt dó nó di a chuireann in iúl d’údaráis an tríú tír lena mbaineann, i dteanga na tíre sin, nár scrúdaíodh an t-iarratas ó thaobh substainte de mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte. |
9. I gcás nach ndéanfaidh an tríú tír atá i gceist an t-iarratasóir a ligean isteach nó a athligean isteach ar a críoch, beidh rochtain ag an iarratasóir ar an nós imeachta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II agus i Roinn I de Chaibidil III.
Airteagal 60
Tríú tíortha sábháilte a ainmniú ar leibhéal an Aontais
1. Déanfar tíortha a ainmniú mar thríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 59(1).
2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte le cúnamh ón nGníomhaireacht um Thearmann agus bunaithe ar na foinsí faisnéise eile dá dtagraítear in Airteagal 59(3).
3. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht um Thearmann, faisnéis agus anailís ar fáil dó maidir le tríú tíortha sonracha a d’fhéadfaí a mheas lena n-ainmniú mar thríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais. Breithneoidh an Coimisiún go pras aon iarraidh ó Bhallstát chun a mheas an bhféadfaí tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 a bhaineann le hainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais a chur ar fionraí faoi réir na gcoinníollacha mar a leagtar amach in Airteagal 63.
Airteagal 61
Coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh
1. Ní fhéadfar tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin, ar bhonn na staide dlí, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla i gcoitinne, i gcás inar féidir a léiriú nach bhfuil géarleanúint á déanamh inti mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1347 agus nach bhfuil fíorbhaol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 15 den Rialachán sin.
2. Féadfar tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir.
3. Bunófar an measúnú i dtaca le cé acu an tír shábháilte thionscnaimh an tríú tír i gcomhréir leis an Rialachán seo nó nach í ar réimse foinsí faisnéise ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis ó Bhallstáit, ón nGníomhaireacht um Thearmann, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus ó eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh ann, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, an anailís choiteann ar an bhfaisnéis ar thíortha tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303.
4. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á dhéanamh, cuirfear san áireamh, inter alia, a mhéid a thugtar cosaint ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach trí na bealaí seo a leanas:
|
(a) |
dlíthe agus rialacháin ábhartha na tíre agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm iad; |
|
(b) |
urramú na gceart agus na saoirsí a leagtar síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint nó i gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla nó Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta, go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach sin; |
|
(c) |
gan díbirt, baint nó eiseachadadh a bheith i bhfeidhm dá saoránaigh féin chuig tríú tíortha i gcás, inter alia, ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go mbeidís faoi réir phionós an bháis, céasadh, géarleanúint nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach, nó go mbeadh bagairt ar a mbeatha nó ar a saoirse mar thoradh ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a ngnéaschlaonadh, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, nó go bhfuil riosca tromchúiseach ann do ndéanfaí iad a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tír eile; |
|
(d) |
foráil maidir le córas de leigheasanna éifeachtacha i gcoinne sáruithe ar na cearta agus saoirsí sin. |
5. Ní fhéadfar coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm ach ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil náisiúntacht na tíre sin ag an iarratasóir nó gur duine gan stát é nó í agus go raibh gnáthchónaí air nó uirthi sa tír sin roimhe sin; |
|
(b) |
nach mbaineann an t-iarratasóir le catagóir daoine a ndearnadh eisceacht ina leith agus an tríú tír á hainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh; |
|
(c) |
nach féidir leis an iarratasóir eilimintí a sholáthar lena dtugtar údar leis an gcúis nach bhfuil coincheap an tríú tír shábháilte thionscnaimh infheidhme maidir leis nó léi, faoi chuimsiú measúnú aonair. |
Airteagal 62
Tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú ar leibhéal an Aontais
1. Déanfar tíortha a ainmniú mar thríú tíortha sábháilte tionscnaimh ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 61.
2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh, le cúnamh ón nGníomhaireacht um Thearmann agus bunaithe ar na foinsí faisnéise eile dá dtagraítear in Airteagal 61(3).
3. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht um Thearmann, faisnéis agus anailís ar fáil dó maidir le tríú tíortha sonracha a d’fhéadfaí a mheas lena n-ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh ar leibhéal an Aontais. Breithneoidh an Coimisiún go pras aon iarraidh ó Bhallstát chun a mheas an bhféadfaí tríú tír a ainmniú mar tír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 a bhaineann le hainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais a chur ar fionraí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63.
Airteagal 63
Ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais a chur ar fionraí agus a bhaint
1. I gcás athruithe suntasacha ar staid tríú tír atá ainmnithe mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún measúnú réasúnaithe ar an gcaoi a gcomhlíonann an tríú tír sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59 nó 61 agus, i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 74 lena gcuirfear ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar fionraí go ceann 6 mhí.
2. Déanfaidh an Choimisiún athbhreithniú leanúnach ar an staid sa tríú tír dá dtagraítear i mír 1 agus, inter alia, faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht um Thearmann maidir le hathruithe ina dhiaidh sin ar staid an tríú tír sin á cur san áireamh aige.
3. I gcás ina bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 lena gcuirtear ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar fionraí, déanfaidh sé, laistigh de 3 mhí ón dáta a ghlacfar an gníomh tarmligthe sin, togra a thíolacadh, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, maidir leis an Rialachán seo a leasú chun ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh a bhaint ar leibhéal an Aontais.
4. I gcás nár thíolaic an Coimisiún togra dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an ghnímh tharmligthe mar a thagraítear dó i mír 1, beidh deireadh le feidhm an ghnímh tharmligthe lena gcuirtear ainmniú an tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar fionraí. I gcás go dtíolacann an Coimisiún togra mar sin laistigh de 3 mhí ó glacadh an gníomh tarmligthe mar a thagraítear dó i mír 1, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, ar bhonn measúnú réasúnaithe, síneadh 6 mhí a chur le bailíocht an ghnímh tharmligthe sin, agus an deis ann an síneadh sin a athnuachan uair amháin.
5. Gan dochar do mhír 4, i gcás nach nglacfar an togra a thíolaic an Coimisiún chun ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais a bhaint laistigh de 15 mhí ón tráth a thíolaic an Coimisiún an togra, ní bheidh éifeacht a thuilleadh le fionraí ainmniú an tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 64
Tríú tíortha a ainmniú mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta
1. Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choimeád nó a thabhairt isteach lena gceadaítear ainmniú náisiúnta tríú tíortha sábháilte nó tíortha sábháilte tionscnaimh seachas iad siúd a ainmnítear ar leibhéal an Aontais chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.
2. I gcás ina gcuirfear ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar fionraí de bhun Airteagal 63(1), ní ainmneoidh na Ballstáit an tír sin mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta.
3. I gcás inar cuireadh ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais ar fionraí i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún go measann sé, i ndiaidh athruithe ar staid na tíre sin, go gcomhlíonann sí arís na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus Airteagal 61.
Áireoidh an fógra measúnú réasúnaithe ar a mhéid a chomhlíonann an tír sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus Airteagal 61 lena n-áirítear míniú ar na hathruithe sonracha ar staid an tríú tír a fhágann go gcomhlíonann an tír na coinníollacha sin arís.
Tar éis dó an fógra a thabhairt, iarrfaidh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht um Thearmann faisnéis agus anailís ar an staid sa tríú tír a thabhairt dó.
Ní féidir leis an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra an tríú tír sin a ainmniú mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta ach ar choinníoll nach ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an ainmnithe sin.
Beidh ceart agóide an Choimisiúin teoranta do thréimhse 2 bhliain tar éis an dáta ar baineadh ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais. Eiseoidh an Coimisiún aon agóid laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis an dáta a thabharfaidh an Ballstát gach fógra agus tar éis athbhreithniú cuí a dhéanamh ar an staid sa tríú tír sin, ag féachaint do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus in Airteagal 61 den Rialachán seo.
I gcás ina measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, chun an Rialachán seo a leasú chun an tríú tír sin a ainmniú mar thríú tír shábháilte nó mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais.
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht um Thearmann faoi na tríú tíortha atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte nó mar thíortha sábháilte tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta faoin 12 Meitheamh 2026 agus díreach tar éis gach ainmnithe nó tar éis athrú a dhéanamh ar an ainmniú. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht um Thearmann ar an eolas uair sa bhliain faoi na tríú tíortha sábháilte eile ar a gcuirtear an coincheap i bhfeidhm i dtaca le hiarratasóirí ar leith dá dtagraítear in Airteagal 59(4), pointe (b).
CAIBIDIL IV
NÓSANNA IMEACHTA CHUN COSAINT IDIRNÁISIÚNTA A THARRAINGT SIAR
Airteagal 65
Cosaint inmheánach a tharraingt siar
Cuirfidh an t-údarás cinntitheach nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, cúirt nó binse inniúil, tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó dhuine ar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát é nó í nuair a thiocfaidh eilimintí nó tátail nua chun cinn a léiríonn go bhfuil cúiseanna ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn sé nó sí le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14 agus 19 de Rialachán (AE) 2024/1347.
Airteagal 66
Rialacha nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar
1. I gcás ina gcuirfidh an t-údarás cinntitheach nó, i gcás ina bhforáiltear dó leis an dlí náisiúnta, cúirt nó binse inniúil, tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó náisiúnach tríú tír nó ó dhuine gan stát, beidh na ráthaíochtaí seo a leanas ag an duine lena mbaineann:
|
(a) |
cuirfear in iúl dó nó di i scríbhinn go bhfuil a cháiliú nó a cáiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta á athbhreithniú agus na cúiseanna maidir leis an athbhreithniú sin; |
|
(b) |
cuirfear é nó í ar an eolas faoin oibleagáid comhoibriú leis an údarás cinntitheach agus le húdaráis inniúla eile, go háirithe sa mhéid go gceanglófar air nó uirthi ráiteas i scríbhinn a dhéanamh agus teacht i láthair le haghaidh agallamh pearsanta nó éisteachta agus ceisteanna a fhreagairt; |
|
(c) |
cuirfear é nó í ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcomhoibríonn siad leis an údarás cinntitheach agus le húdaráis inniúla eile agus nach gcuirfear cosc ar an údarás cinntitheach ná ar an gcúirt nó ar an mbinse inniúil cinneadh a dhéanamh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar má theipeann air nó uirthi an ráiteas i scríbhinn a chur isteach agus freastal ar an agallamh pearsanta nó ar an éisteacht gan údar cuí; agus |
|
(d) |
tabharfar an deis dó nó di cúiseanna a thíolacadh maidir leis an bhfáth nár cheart a chosaint nó a cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar trí ráiteas i scríbhinn laistigh d’am réasúnach ón dáta a fhaigheann sé nó sí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus in agallamh pearsanta nó in éisteacht ar dháta arna leagan síos ag an údarás cinntitheach nó, i gcás ina bhforáiltear dó leis an dlí náisiúnta, an chúirt nó an binse inniúil. |
2. Chun críocha mhír 1, maidir leis an údarás cinntitheach nó an chúirt nó an binse inniúil:
|
(a) |
gheobhaidh siad faisnéis ábhartha, bheacht agus cothrom le dáta ó fhoinsí ábhartha agus ó fhoinsí náisiúnta, foinsí de chuid an Aontais agus foinsí idirnáisiúnta atá ar fáil, agus i gcás ina mbeidh fáil orthu, cuirfidh siad san áireamh an anailís choiteann ar an staid i dtír thionscnaimh shonrach agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303; agus |
|
(b) |
ní bhfaighidh siad aon fhaisnéis ó na gníomhaithe líomhnaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí ar bhealach a thabharfadh le fios do na gníomhaithe sin gur tairbhí de chosaint idirnáisiúnta an duine lena mbaineann a bhfuil a stádas faoi athbhreithniú. |
3. Tabharfar an cinneadh maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i scríbhinn a luaithe is féidir. Déanfar na cúiseanna sna fíorais agus sa dlí maidir leis an tarraing siar a lua sa chinneadh agus tabharfar faisnéis i scríbhinn ar an mbealach inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh agus maidir leis na teorainneacha ama ábhartha.
4. I gcás gur chinn an t-údarás cinntitheach nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, cúirt nó binse inniúil, cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 6, 17, 18 agus 19.
5. I gcás nach gcomhoibreoidh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát, mar shampla, gan ráiteas i scríbhinn a chur isteach, gan freastal ar an agallamh pearsanta nó ar an éisteacht nó gan ceisteanna a fhreagairt gan údar cuí, ní chuirfear cosc ar an údarás cinntitheach nó ar an gcúirt nó ar an mbinse inniúil cinneadh a dhéanamh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar de bharr nár tugadh ráiteas i scríbhinn nó nach raibh agallamh pearsanta nó éisteacht ann. Má dhiúltaítear comhoibriú, ní fhéadfar é sin a mheas ach mar thoimhde infhrisnéise nach mian leis an náisiúnach tríú tír ná an duine gan stát tairbhe a bhaint as cosaint idirnáisiúnta a thuilleadh.
6. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo maidir leis an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina dtréigeann sé nó sí go huile is go hiomlán a aitheantas nó a haitheantas mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta |
|
(b) |
i gcás go bhfuil sé nó sé tagtha chun bheith ina náisiúnach de Bhallstát; nó |
|
(c) |
i gcás inar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dó nó di ina dhiaidh sin i mBallstát eile. |
Déanfaidh na Ballstáit na cásanna a chumhdaítear leis an mír seo a chur i gcrích i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Ní gá gur i bhfoirm cinnidh a bheidh an méid sin, ach déanfar é a thaifeadadh ar a laghad i gcomhad an iarratasóra agus léiriú tugtha ar an bhforas dlíthiúil atá leis.
CAIBIDIL V
NÓS IMEACHTA ACHOMHAIRC
Airteagal 67
An ceart chun leighis éifeachtaigh
1. Beidh sé de cheart ag iarratasóirí agus ag daoine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II a bhaineann leis an nós imeachta achomhairc, i gcoinne an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha; |
|
(b) |
cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí araon; |
|
(c) |
cinneadh lenar diúltaíodh d’iarratas toisc gur tarraingíodh siar go hintuigthe é; |
|
(d) |
cinneadh lena dtarraingítear siar cosaint idirnáisiúnta; |
|
(e) |
cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo. |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil ina ndlí náisiúnta nach mbeidh na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 66(6) faoi réir achomhairc.
I gcás ina ndéanfar cinneadh um fhilleadh mar chuid de chinneadh gaolmhar dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír, déanfar achomharc ina gcoinne i gcomhpháirt leis an gcinneadh gaolmhar sin, os comhair na cúirte céanna nó an bhinse chéanna, laistigh de na himeachtaí breithiúnacha céanna agus laistigh de na teorainneacha ama céanna. I gcás ina n-eiseofar cinneadh um fhilleadh mar ghníomh ar leithligh de bhun Airteagal 37, féadfar achomharc a dhéanamh ina aghaidh in imeachtaí breithiúnacha ar leithligh. Ní rachaidh na teorainneacha ama le haghaidh na n-imeachtaí breithiúnacha ar leithligh sin thar na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo.
2. Gan dochar do mhír 1, beidh sé de cheart ag daoine a aithneofar a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne cinneadh lenar measadh go raibh a n-iarratas gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí.
3. Le leigheas éifeachtach mar a thagraítear dó i mír 1, déanfar foráil maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, os comhair cúirt nó binse céadchéime ar a laghad, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar na riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2024/1347.
4. Cuirfear ateangaireacht ar fáil d’iarratasóirí, do dhaoine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta agus do dhaoine a aithneofar a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach chun críche éisteachta os comhair na cúirte inniúla nó an bhinse inniúil i gcás ina mbeidh an éisteacht sin ann agus nach féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú mura ndéanfar sin.
5. I gcás ina measfaidh an chúirt nó an binse go bhfuil gá leis, áiritheoidh sé go n-aistreofar doiciméid ábhartha nár aistríodh cheana i gcomhréir le hAirteagal 34(4). De rogha air sin, féadfar aistriúcháin ar na doiciméid ábhartha sin a fháil ó eintitis eile agus íoc astu ó chistí poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Féadfaidh iarratasóir, duine atá faoi réir aistarraingt cosanta idirnáisiúnta agus duine atá aitheanta mar dhuine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, ar a chostas nó ar a costas féin, a áirithiú go n-aistreofar doiciméid eile.
6. Más rud é nach dtíolacfar na doiciméid in am trátha, de réir mar a chinnfidh an chúirt nó an binse, i gcás ina mbeidh an t-aistriúchán le cur ar fáil ag an iarratasóir, nó i gcás nach dtíolacfar na doiciméid in am don chúirt nó don bhinse chun a áirithiú go n-aistreofar iad i gcás inarb í an chúirt nó inarb é an binse a áirithíonn an t-aistriúchán, féadfaidh an chúirt nó an binse diúltú do na doiciméid sin a chur san áireamh.
7. Leagfaidh na Ballstáit síos na teorainneacha ama seo a leanas ina ndlí náisiúnta maidir le hiarratasóirí, daoine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta agus daoine a aithneofar a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach achomharc a thaisceadh in aghaidh na gcinntí dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
idir 5 lá, ar a laghad, agus 10 lá, ar a mhéad, i gcás cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheidh neamh-inghlactha, gur tarraingíodh siar go hintuigthe é, nó go bhfuil sé gan bhunús nó gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, má bhíonn feidhm ag aon cheann de na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) nó (3) tráth an chinnidh; |
|
(b) |
idir 2 sheachtain, ar a laghad, agus 1 mhí amháin, ar a mhéid, i ngach cás eile. |
8. Cuirfear tús leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 7 ón dáta a thabharfar fógra faoi chinneadh an údaráis chinntithigh nó, i gcás cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar agus i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, faoi chinneadh na cúirte inniúla nó an bhinse inniúil don iarratasóir, don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta, don duine a aithneofar a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach nó dá ionadaí nó dá hionadaí, nó dá chomhairleoir dlí nó dá comhairleoir dlí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an iarratasóir. Leagfar síos sa dlí náisiúnta an nós imeachta maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 68
Éifeacht fionraíochta achomhairc
1. Cuirfear éifeachtaí cinnidh um fhilleadh ar fionraí go huathoibríoch fad a bheidh ceart fanachta ag iarratasóir nó ag duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta nó a bheidh cead aige nó aici fanacht i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Beidh an ceart ag iarratasóirí agus ag daoine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go n-imeoidh an teorainn ama in éag ar laistigh di is féidir leo an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse a fheidhmiú agus, i gcás inar feidhmíodh ceart den sórt sin laistigh den teorainn ama, beidh an ceart ag iarratasóirí fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go bhfaighfear toradh an leighis.
3. Gan dochar do phrionsabal an non-refoulement, ní bheidh ceart fanachta de bhun mhír 2 ag an iarratasóir agus ag an duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta i gcás ina ndearna an t-údarás inniúil ceann de na cinntí seo a leanas:
|
(a) |
cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil an t-iarratas gan bhunús, más rud é, tráth an chinnidh:
|
|
(b) |
cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha de bhun Airteagal 38(1), pointe (a), (d) nó (e), nó Airteagal 38(2), ach amháin i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir atá faoi réir an nós imeachta teorann; |
|
(c) |
cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc gur tarraingíodh siar go hintuigthe é; |
|
(d) |
cinneadh lena ndiúltaítear iarratas iardain toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús; nó |
|
(e) |
cinneadh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (b), (d) nó (e), nó Airteagal 19(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1347. |
4. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, beidh sé de chumhacht ag cúirt nó binse a chinneadh, tar éis scrúdú ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, cé acu ar cheart nó nár cheart cead a thabhairt don iarratasóir nó don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta fanacht i gcríoch na mBallstát go dtí go bhfaighfear toradh an leighis arna iarraidh sin don iarratasóir nó don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta. Beidh sé de chumhacht ag an gcúirt nó ag an mbinse inniúil faoin dlí náisiúnta cinneadh a dhéanamh ex officio ar an ábhar sin.
5. Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas i gcás inarb ábhartha i gcás aon chinntí ex officio:
|
(a) |
beidh teorainn ama 5 lá, ar a laghad, ag an iarratasóir nó ag an duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh dó nó di chun cead a iarraidh fanacht ar an gcríoch go dtí go bhfaighfear toradh an leighis; |
|
(b) |
cuirfear ateangaireacht ar fáil don iarratasóir nó don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta i gcás éisteacht os comhair na cúirte inniúla nó an bhinse inniúil, nuair nach féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú mura ndéanfar sin; |
|
(c) |
cuirfear cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil ar fáil saor in aisce don iarratasóir nó don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta, arna iarraidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 17; |
|
(d) |
ní dhéanfar an t-iarratasóir nó an duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta a aistriú ó chríoch an Bhallstáit fhreagraigh:
|
|
(e) |
cuirfear an t-iarratasóir nó an duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta ar an eolas go cuí agus go tráthúil faoina chearta faoin mír seo. |
6. I gcásanna iarratais iardain, de mhaolú ar mhír 5, pointe (d), féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta nach mbeidh ceart fanachta ag an iarratasóir, gan dochar d’urramú phrionsabal an non-refoulement, má mheastar gur taisceadh an t-achomharc chun moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú cinnidh um fhilleadh agus chuige sin amháin arb é an toradh a bheadh air go n-aistreofaí an t-iarratasóir as an mBallstát go luath.
7. Iarratasóir nó duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta a thaiscfidh achomharc eile i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó an chinnidh achomhairc a rinneadh dá éis sin, ní bheidh an ceart aige nó aici fanacht i gcríoch an Bhallstáit, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfadh cúirt nó binse a cheadú don iarratasóir nó duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta fanacht arna iarraidh sin don iarratasóir nó don duine atá faoi réir tharraingt siar na cosanta idirnáisiúnta nó ag gníomhú ex officio dó i gcásanna ina ndéantar prionsabal an non-refoulement a agairt.
Airteagal 69
Fad an chéad leibhéil d’achomharc
Gan dochar do scrúdú iomchuí iomlán ar achomharc, leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta teorainneacha ama réasúnta don chúirt nó don bhinse chun scrúdú a dhéanamh ar chinntí i gcomhréir le hAirteagal 67(1).
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 70
Agóid arna déanamh ag údaráis phoiblí
Ní dhéanann an Rialachán seo difear don deis a bheith ag údaráis phoiblí agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí riaracháin nó breithiúnacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 71
Comhar
1. Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta i ndáil leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus seolfaidh sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.
2. Déanfaidh na Ballstáit, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, gach beart iomchuí chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir a n-údaráis inniúla, agus idir na húdaráis inniúla sin agus an Ghníomhaireacht um Thearmann.
3. Agus iad ag dul i muinín na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 13(6), 27(5), 28(5) agus 35(2) agus (5), cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht um Thearmann ar an eolas dá réir a luaithe a bheidh deireadh leis na cúiseanna chun na bearta eisceachtúla sin a chur i bhfeidhm agus ar bhonn bliantúil, ar a laghad. Áireofar san fhaisnéis sin, más féidir, sonraí ar chéatadán na n-iarratas a ndearnadh maoluithe ina leith as líon iomlán na n-iarratas a próiseáladh le linn na tréimhse sin.
Airteagal 72
Stóráil sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 14, 27 agus 28 a stóráil ar feadh 10 mbliana ó dháta cinnidh chríochnaithigh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Scriosfar na sonraí ar dhul in éag na tréimhse sin nó i gcás ina mbaineann siad le duine a bhfuil saoránacht de Bhallstát ar bith faighte aige roimh dul in éag na tréimhse sin a luaithe a chuirfear in iúl don Bhallstát go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.
2. Déanfar na sonraí uile a stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra agus stórála.
Airteagal 73
Ríomh na dteorainneacha ama
Mura bhforáiltear a mhalairt, déanfar aon tréimhse ama a fhorordaítear sa Rialachán seo a ríomh mar a leanas:
|
(a) |
ríomhfar tréimhse a shloinntear i laethanta, seachtainí nó míonna ón tráth a tharlaíonn teagmhas nó a dhéantar gníomhaíocht; ní áireofar an lá ar a dtarlaíonn an teagmhas sin nó an lá ar a ndéantar an ghníomhaíocht sin a áireamh sa tréimhse i dtrácht; |
|
(b) |
críochnóidh tréimhse a shloinntear i seachtainí nó míonna ag deireadh cibé lá sa tseachtain deiridh nó sa mhí dheiridh arb ionann é agus an lá céanna den tseachtain nó arb é an dáta céanna é sa mhí, faoi seach, agus an lá ar tharla an teagmhas nó ar ndearnadh an ghníomhaíocht óna bhfuil an tréimhse le ríomh; i gcás, i dtréimhse a shloinntear i míonna, nach lá i mí dheiridh na tréimhse é an lá ba cheart an tréimhse sin dul in éag, críochnóidh an tréimhse ag meán oíche ar lá deiridh na míosa sin; |
|
(c) |
áireofar Sathairn, Domhnaí agus laethanta saoire oifigiúla sa Bhallstát lena mbaineann sna teorainneacha ama; i gcás ina gcríochnaíonn teorainn ama ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúil, áireofar an chéad lá oibre eile mar an lá deiridh den teorainn ama. |
Airteagal 74
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 60, 62 agus 63 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 60, 62 agus 63 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22).
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 60, 62 nó 63 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 75
Bearta idirthréimhseacha
Faoin 12 Meán Fómhair 2024, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, plean comhchoiteann cur chun feidhme a chur faoi bhráid na Comhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit ullamh go leormhaith chun an Rialachán seo a chur chun feidhme faoin 1 Iúil 2026, lena ndéanfar measúnú ar aon bhearnaí a sainaithníodh agus ar na céimeanna oibríochtúla is gá, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.
Ar bhonn an phlean chomhchoitinn cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír, faoin 12 Nollaig 2024, déanfaidh gach Ballstát, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, plean náisiúnta cur chun feidhme a bhunú ina leagfar amach na gníomhaíochtaí agus an amlíne maidir lena gcur chun feidhme. Déanfaidh gach Ballstát cur chun feidhme a phlean a chur i gcrích faoin 1 Iúil 2026.
Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an tacaíocht ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus féadfar, trí Chistí an Aontais, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena rialaítear na comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus Cistí sin.
Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme.
Airteagal 76
Tacaíocht airgeadais
Na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit chun comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce agus acmhainneacht leordhóthanach a chur i bhfeidhm le go ndéanfar an nós imeachta teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh siad incháilithe don tacaíocht airgeadais ó na cistí a chuirtear ar fáil faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.
Airteagal 77
Faireachán agus meastóireacht
Faoin 13 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon leasuithe.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis chuige atá riachtanach chun a thuarascáil a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 9 mí sula rachaidh an teorainn ama sin in éag.
Faoin 12 Meitheamh 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfuil na huimhreacha a leagtar amach in Airteagal 46 agus in Airteagal 47(1), an dara fomhír, mar aon leis na heisceachtaí maidir leis an nós imeachta teorann um thearmann fós leordhóthanach i bhfianaise staid fhoriomlán na himirce san Aontas agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon leasuithe spriocdhírithe.
Faoin 12 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar choincheap an tríú tír sábháilte agus i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé aon leasuithe spriocdhírithe.
Airteagal 78
Aisghairm
1. Aisghairtear Treoir 2013/32/AE le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 79(2), gan dochar d’Airteagal 79(3).
2. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.
3. Sa mhéid gur lean Treoir 2005/85/CE ón gComhairle (23) de bheith ina ceangal ar na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir 2013/32/AE, déantar Treoir 2005/85/CE a aisghairm le héifeacht ón dáta a bheidh na Ballstáit sin faoi cheangal ag an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 79
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026.
3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú i ndáil le hiarratais a thaiscfear ón 12 Meitheamh 2026. Is le Treoir 2013/32/AE a rialófar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfear roimh an dáta sin. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcás ina gcuirfear tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar tar éis an 12 Meitheamh 2026. I gcás ina gcuirfear tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar roimh an 12 Meitheamh 2026, is le Treoir 2013/32/AE a rialófar an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.
4. I gcás na mBallstát sin nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir 2013/32/AE, déanfar tagairtí don Treoir sin i mír 3 den Airteagal seo a fhorléiriú mar thagairtí do Threoir 2005/85/CE.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 97 agus IO C 155, 30.4.2021, lch. 64.
(2) IO C 207, 30.6.2017, lch. 67 agus IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.
(4) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(5) Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir/2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).
(7) Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).
(8) Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(10) Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
(11) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).
(12) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(13) Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeacht teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 (IO L, 2024/1349, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj).
(14) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(16) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(17) Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).
(18) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(19) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(21) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1)
(22) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(23) Treoir 2005/85/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh nó a aistarraingt (IO L 326, 13.12.2005, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
|
Treoir 2013/32/AE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 2, pointe (a) |
— |
|
Airteagal 2, pointí (b), (c) agus (d) |
Airteagal 3, pointí (12), (13) agus (14) |
|
Airteagal 2, pointe (e) |
Airteagal 3, pointe (8) |
|
Airteagal 2, pointe (f) |
Airteagal 3, pointe (16) |
|
Airteagal 2, points (g) agus (h) |
Airteagal 3, pointí (1) agus (2) |
|
Airteagal 2, pointe (i) |
Airteagal 3, pointe (5) |
|
Airteagal 2, pointí (j) agus (k) |
Airteagal 3, pointí (3) agus (4) |
|
Airteagal 2, pointí (l) agus (m) |
Airteagal 3, pointí (6) agus (7) |
|
Airteagal 2, pointe (n) |
— |
|
Airteagal 2, pointe (o), (p) agus (q) |
Airteagal 3, pointí (17), (18) agus (19) |
|
— |
Airteagal 3, pointí (9), (10), (11), (15) agus (20) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 3(3) |
Airteagal 2(3) |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1) agus 4(7) |
|
Airteagal 4(2), pointe (a) |
Airteagal 4 (6) |
|
Airteagal 4(2), pointe (b) |
— |
|
— |
Airteagal 4(3) agus (5) |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(8) |
|
Airteagal 4(4) |
— |
|
Airteagal 4(5) |
— |
|
Airteagal 5 |
— |
|
— |
Airteagal 5 |
|
— |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 27(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt |
|
Airteagal 6(1), an dara fomhír |
Airteagal 4(4) agus Airteagal 27(3) |
|
Airteagal 6(1), an tríú fomhír |
Airteagal 4(2) |
|
— |
Airteagal 27(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), agus an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 27(2), (4), (6) agus (7) |
|
Airteagal 6(2) |
Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(1), point (a) |
|
— |
Airteagal 28(2) |
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 28(3) |
|
Airteagal 6(4) |
Airteagal 28(4) |
|
— |
Airteagal 28(5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 6(5) |
Airteagal 27(5) |
|
— |
Airteagal 29 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 31 agus 32 |
|
Airteagal 7(1) |
— |
|
Airteagal 7(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 31(1) |
|
Airteagal 7(2), an dara fomhír |
— |
|
— |
Airteagal 31(2) |
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 32(1) |
|
— |
Airteagal 32(2) agus (3) |
|
Airteagal 7(4) agus (5) |
— |
|
Airteagal 7(5) |
— |
|
— |
Airteagal 33 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 30(1) agus (2) |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 30(3) |
|
Airteagal 9(1) |
Airteagal 10(1) agus (2) |
|
Airteagal 9(2) |
Airteagal 10(3) agus Airteagal 10(4), pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 9(3) |
Airteagal 10(5) |
|
— |
Airteagal 10(4)(c) |
|
Airteagal 10(1) |
— |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagal 39(2) |
|
Airteagal 10(3) |
Airteagal 34(2) |
|
Airteagal 10(3), pointe (a) |
Airteagal 34(2) |
|
— |
Airteagal 34(2), pointe (a) |
|
Airteagal 10(3), pointe (b) |
Airteagal 34(2), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 34(2), pointi (c) go (g) |
|
Airteagal 10(3), pointí (c) agus (d) |
Airteagal 34(3) |
|
Airteagal 10(4) |
— |
|
Airteagal 10(5) |
Airteagal 34(4) |
|
Airteagal 11(1) |
Airteagal 36(1) |
|
Airteagal 11(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 36(2) agus (3) |
|
Airteagal 11(2), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 11(3) |
Airteagal 36(3) |
|
— |
Airteagal 36(4) |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 12(1), pointe (a) |
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointí (b),(c), (e), agus an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (d) |
|
— |
Airteagal 8(2), an tríú fomhir |
|
Airteagal 12(1), pointe (b) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 12(1), pointe (c) |
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 12(1), pointe (d) |
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 12(1), pointe (e) |
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 12(1), pointe (f) |
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (f) |
|
— |
Airteagal 8(7) |
|
Airteagal 12(2) |
— |
|
— |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 9(2) |
|
— |
Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointí (a),(b), (d), (e), (g) agus (h) |
|
Airteagal 13(2), pointe (a) |
Airteagal 9(4) |
|
Airteagal 13(2), pointe (b) |
Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (f) |
|
Airteagal 13(2), pointe (c) |
Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (c), agus Airteagal 9(3) |
|
Airteagal 13(2), pointe (d) |
Airteagal 9(5) |
|
Airteagal 13(2), pointe (e) |
— |
|
Airteagal 13(2), pointe (f) |
— |
|
— |
Airteagal 9(2), an dara fomhír |
|
Airteagal 14(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 11(1), Airteagal 12(1) agus Airteagal 13(6), an chéad abairt |
|
— |
Airteagal 11(2) |
|
— |
Airteagal 13(1), |
|
Airteagal 14(1), an dara fomhír |
Airteagal 13(6) |
|
Airteagal 14(1), an tríú fomhír |
Airteagal 13(2) |
|
Airteagal 14(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 22(3), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 14(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 13(11) |
|
Airteagal 14(2), pointe (a) |
Airteagal 13(11), pointe (a) |
|
— |
Airteagal 13 (8) agus (10) |
|
— |
Airteagal 13(11), an chéad fhomhír, pointí (b),(d) agus (e), agus an tríú fomhír |
|
— |
Airteagal 13(13), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 14(2), pointe (b) |
Airteagal 13(11), an chéad fhomhír, pointe (c) |
|
Airteagal 14(2), an dara fomhír |
Airteagal 13(11), an dara fomhír |
|
Airteagal 14(3) |
Airteagal 13(14) |
|
Airteagal 14(4) |
Airteagal 13(11), an dara fomhír |
|
Airteagal 14(5) |
Airteagal 41(1), pointe (d) |
|
Airteagal 15(1) |
— |
|
Airteagal 15(2) |
Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 15(3) |
Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 15(3), pointe (a) |
Airteagal 13(7), pointe (a) |
|
Airteagal 15(3), pointe (b) |
Airteagal 13(9) |
|
Airteagal 15(3), pointe (c) |
Airteagal 13(5) agus (9) |
|
Airteagal 15(3), pointe (d) |
Airteagal 13(7), pointe (b) |
|
Airteagal 15(3), pointe (e) |
Airteagal 22(3), an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 13(8) |
|
— |
Airteagal 13(10) |
|
— |
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 15(4) |
— |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 12(2) |
|
Airteagal 17(1) |
Airteagal 14(1) |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 14(2) |
|
Airteagal 17(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 14(3) and (4) |
|
Airteagal 17(3), an dara fomhír |
Airteagal 14(5) |
|
Airteagal 17(4) |
Airteagal 14(4) |
|
Airteagal 17(5), an chéad fhomhír |
Airteagal 14(6), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 17(5), an dara fomhír |
Airteagal 14(5), an dara fomhír |
|
Airteagal 17(5), an tríú fomhír |
— |
|
Airteagal 18(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 24(1) |
|
Airteagal 18(1), an dara fomhír |
Airteagal 24(5) agus (6) |
|
Airteagal 18(1), an tríú fomhír |
Airteagal 24(2), an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 24(2), an chéad fhomhír agus an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 24(5) agus (6) |
|
Airteagal 18(2) |
Airteagal 24(3) |
|
Airteagal 18(3) |
Airteagal 24(4) |
|
Airteagal 19 |
— |
|
— |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 20(1) |
Airteagal 17(1) |
|
Airteagal 20(2) |
Airteagal 15(3) |
|
— |
Airteagal 17(2) |
|
— |
Airteagal 17(2), pointe (a) |
|
Airteagal 20(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 17(2), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 17(2), pointí (c) agus (d) |
|
Airteagal 20(3), an dara fomhír |
Airteagal 17(3) |
|
Airteagal 20(3), an tríú fomhír |
Airteagal 19(2) |
|
Airteagal 20(4) |
— |
|
Airteagal 21(1) |
Airteagal 19(1) |
|
Airteagal 21(2) |
— |
|
Airteagal 21(3) |
Airteagal 19(2) |
|
Airteagal 21(4) |
Airteagal 19(4) |
|
Airteagal 21(5) |
Airteagal 19(5) |
|
— |
Airteagal 19(3) |
|
Airteagal 22(1) |
Airteagal 15(1) |
|
— |
Airteagal 15(2) agus (4) |
|
Airteagal 22(2) |
Airteagal 19(1) |
|
Airteagal 23(1) |
Airteagal 18(1) agus (2) |
|
Airteagal 23(2) |
Airteagal 18(3) |
|
Airteagal 23(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 13(4) |
|
Airteagal 23(3), an dara fomhír |
Airteagal 13(13), an tríú fomhír |
|
Airteagal 23(4), an chéad fhomhír |
— |
|
Airteagal 23(4), an dara fomhír |
Airteagal 13(12) |
|
Airteagal 23(4), an tríú fomhír |
Airteagal 13(13), an dara fomhír |
|
Airteagal 24(1) |
Airteagal 20(1) |
|
Airteagal 24(2) |
Airteagal 20(1) |
|
— |
Airteagal 20(2), (4) agus (5) |
|
— |
Airteagal 20(3), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 24(3) |
Airteagal 21(1) agus (2) |
|
Airteagal 24(4) |
Airteagal 20(3), an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 23(1) |
|
— |
Airteagal 23(2), an ceathrú fomhír |
|
— |
Airteagal 23(3) agus (4) |
|
— |
Airteagal 23(5), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), agus an dara fomhír |
|
— |
Airteagal 23(6) agus (7) |
|
Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Airteagal 23(2), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), agus an dara fomhír, Airteagal 23(5), an chéad fhomhír, pointe (a), agus Airteagal 23(9) |
|
Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 23(8) |
|
Airteagal 25(1), an dara fomhír |
Airteagal 23(8), an tríú fomhír |
|
— |
Airteagal 23(10) |
|
Airteagal 25(2) |
Airteagal 23(2), an tríú fomhír |
|
— |
Airteagal 22(2) agus (3) |
|
Airteagal 25(3), pointe (a) |
Airteagal 22(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 25(3), pointe (b) |
Airteagal 23(5) |
|
Airteagal 25(4) |
— |
|
Airteagal 25(5) |
Airteagal 25 |
|
Airteagal 25(5), an chéad fhomhír |
Airteagal 25(1) agus (3) |
|
Airteagal 25(5), an dara fomhír |
Airteagal 25(4) |
|
Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (a) |
Airteagal 25(4) |
|
Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (b) |
Airteagal 25(5) |
|
Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (c) |
— |
|
Airteagal 25(5), an ceathrú fomhír |
Airteagal 25(6) |
|
— |
Airteagal 25(7) |
|
Airteagal 25(6), an chéad fhomhír |
Airteagal 22(1) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a) |
Airteagal 42(3) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a)(i) |
Airteagal 42(3), pointe (a) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a)(ii) |
Airteagal 42(3), pointe (c) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a)(iii) |
Airteagal 42(3), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 42(3), pointí (d) agus (e) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b) |
Airteagal 53(1) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(i) |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(ii) |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(iii) |
Airteagal 53(1) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(iv) |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(v) |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)(vi) |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), an dara abairt |
— |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (c) |
Airteagal 59(5) agus (6) |
|
Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (d) |
— |
|
Airteagal 26 |
— |
|
Airteagal 27(1) |
Airteagal 40(1) and (3) |
|
— |
Airteagal 40(2) and (4) |
|
Airteagal 27(2) |
— |
|
Airteagal 28(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 41(5) |
|
Airteagal 28(1), an dara fomhír, pointe (a) |
Airteagal 41(1), pointe (d) |
|
Airteagal 28(1), an dara fomhír, pointe (b) |
Airteagal 41(1), pointí (e) agus (f) |
|
— |
Airteagal 41(1), pointí (a), (b) agus (c) |
|
Airteagal 28(1), an tríú fomhír |
— |
|
— |
Airteagal 41(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 28(2) |
— |
|
Airteagal 28(3) |
— |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 31(1) |
Airteagal 34(1) |
|
— |
Airteagal 34(2) |
|
— |
Airteagal 34(3) |
|
— |
Airteagal 34(4) |
|
— |
Airteagal 35 |
|
— |
Airteagal 35(1) |
|
— |
Airteagal 35(2) |
|
— |
Airteagal 35(3) |
|
Airteagal 31(2) |
Airteagal 35(4) |
|
Airteagal 31(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 35(4) |
|
Airteagal 31(3), an dara fomhír |
Airteagal 35(5) |
|
Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (a) |
Airteagal 35(5), pointe (b) |
|
Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (b) |
Airteagal 35(5), pointe (a) |
|
Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (c) |
Airteagal 35(5), pointe (c) |
|
Airteagal 31(3), an ceathrú fomhír |
— |
|
Airteagal 31(4) |
Airteagal 35(7) |
|
Airteagal 31(5) |
Airteagal 35(7), an dara fomhír |
|
Airteagal 31(6) |
— |
|
Airteagal 31(7) |
Airteagal 34(5) |
|
Airteagal 31(8) |
Airteagal 42(1) |
|
Airteagal 31(8), pointe (a) |
Airteagal 42(1), pointe (a) |
|
Airteagal 31(8), pointe (b) |
Airteagal 42(1), pointe (e) |
|
Airteagal 31(8), pointe (c) |
Airteagal 42(1), pointe (c) |
|
Airteagal 31(8), pointe (d) |
— |
|
Airteagal 31(8), pointe (e) |
Airteagal 42(1), pointe (b) |
|
Airteagal 31(8), pointe (f) |
Airteagal 42(1), pointe (g) |
|
Airteagal 31(8), pointe (g) |
Airteagal 42(1), pointe (d) |
|
Airteagal 31(8), pointe (h) |
Airteagal 42(1), pointe (h) |
|
Airteagal 31(8), pointe (i) |
— |
|
Airteagal 31(8), pointe (j) |
Airteagal 42(1), pointe (f) |
|
— |
Airteagal 42(1), pointe (i) |
|
— |
Airteagal 42(1), pointe (j) |
|
Airteagal 31(9) |
Airteagal 35(3) |
|
— |
Airteagal 42(2) |
|
— |
Airteagal 42(3) |
|
— |
Airteagal 42(4) |
|
Airteagal 32(1) |
Airteagal 39(3) |
|
Airteagal 32(2) |
Airteagal 39(4) |
|
Airteagal 33(1) |
Airteagal 39(1) |
|
Airteagal 33(2) |
Airteagal 38(1) |
|
Airteagal 33(2), pointe (a) |
Airteagal 38(1), pointe (c) |
|
Airteagal 33(2), pointe (b) |
Airteagal 38(1), pointe (a) |
|
Airteagal 33(2), pointe (c) |
Airteagal 38(1), pointe (b) |
|
Airteagal 33(2), pointe (d) |
Airteagal 38(2) |
|
Airteagal 33(2), pointe (e) |
— |
|
— |
Airteagal 38(1), pointe (d) |
|
— |
Airteagal 38(1), pointe (e) |
|
Airteagal 34(1) |
Airteagal 11(1) |
|
Airteagal 34(2) |
Airteagal 13(6) |
|
— |
Airteagal 57 |
|
Airteagal 35, an chéad fhomhír |
Airteagal 58(1) |
|
Airteagal 35, an dara fomhír |
Airteagal 58(2) |
|
— |
Airteagal 58(3) |
|
— |
Airteagal 58(4) |
|
— |
Airteagal 58(5) |
|
— |
Airteagal 60 |
|
Airteagal 36(1) |
Airteagal 61(5) |
|
— |
Airteagal 61(1) |
|
— |
Airteagal 61(2) |
|
— |
Airteagal 61(3) |
|
— |
Airteagal 61(4) |
|
Airteagal 36(2) |
— |
|
— |
Airteagal 62 |
|
— |
Airteagal 63 |
|
Airteagal 37(1) |
Airteagal 64(1) |
|
Airteagal 37(2) |
— |
|
Airteagal 37(3) |
— |
|
— |
Airteagal 64(2) |
|
— |
Airteagal 64(3) |
|
Airteagal 37(4) |
Airteagal 64(4) |
|
Airteagal 38(1) |
Airteagal 59(1) |
|
— |
Airteagal 59(2) |
|
— |
Airteagal 59(3) |
|
Airteagal 38(2), pointe (a) |
Airteagal 59(5), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 59(4) |
|
Airteagal 38(2), pointe (b) |
— |
|
Airteagal 38(2), pointe (c) |
Airteagal 59(5) |
|
— |
Airteagal 59(6) |
|
— |
Airteagal 59(7) |
|
Airteagal 38(3) |
Airteagal 59(8) |
|
Airteagal 38(4) |
Airteagal 59(9) |
|
Airteagal 38(5) |
Airteagal 64(4) |
|
Airteagal 39 |
— |
|
Airteagal 40(1) |
Airteagal 55(1) |
|
— |
Airteagal 55(2) |
|
Airteagal 40(2) |
Airteagal 55(3) |
|
Airteagal 40(3) |
Airteagal 55(3), pointe (a) |
|
— |
Airteagal 55(3), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 55(4) |
|
Airteagal 40(4) |
Airteagal 55(5) |
|
— |
Airteagal 55(6) |
|
Airteagal 40(5) |
Airteagal 55(7) |
|
Airteagal 40(6) |
— |
|
Airteagal 40(7) |
— |
|
Airteagal 41 |
Airteagal 56 |
|
Airteagal 41(1), an chéad fhomhír, pointe (a) |
Airteagal 56, pointe (a) |
|
Airteagal 41(1), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 56, pointe (b) |
|
Airteagal 41(1), an dara fomhír |
Airteagal 56, an chéad abairt |
|
Airteagal 41(2) |
— |
|
Airteagal 42 |
— |
|
Airteagal 42(1) |
Airteagal 55(4) |
|
Airteagal 42(2), an chéad fhomhír, pointe (a) |
— |
|
Airteagal 42(2), an chéad fhomhír, pointe (b) |
Airteagal 55(4) |
|
Airteagal 42(2), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 42(3) |
— |
|
Airteagal 43 |
Airteagal 43 go 54 |
|
Airteagal 44 |
Airteagal 65 |
|
Airteagal 45 |
Airteagal 66 |
|
Airteagal 45(1) |
Airteagal 66(1) |
|
Airteagal 45(2) |
Airteagal 66(2) |
|
Airteagal 45(3) |
Airteagal 66(3) |
|
Airteagal 45(4) |
Airteagal 66(4) |
|
— |
Airteagal 66(5) |
|
Airteagal 45(5) |
Airteagal 66(6) |
|
Airteagal 46 |
Airteagal 67 |
|
Airteagal 46(1) |
Airteagal 67(1) |
|
Airteagal 46(1), pointe (a)(i) |
Airteagal 67(1), pointe (b) |
|
Airteagal 46(1), pointe (a)(ii) |
Airteagal 67(1), pointe (a) |
|
Airteagal 46(1), pointe (a)(iii) |
— |
|
Airteagal 46(1), pointe (a)(iv) |
— |
|
Airteagal 46(1), pointe (b) |
— |
|
Airteagal 46(1), pointe (c) |
Airteagal 67(1), pointe (d) |
|
Airteagal 46(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 67(2) |
|
Airteagal 46(2), an dara fomhír |
— |
|
Airteagal 46(3) |
Airteagal 67(3) |
|
— |
Airteagal 67(4) |
|
— |
Airteagal 67(5) |
|
Airteagal 46(4), an chéad fhomhír |
— |
|
— |
Airteagal 67(6) |
|
Airteagal 46(4), an dara fomhír |
— |
|
— |
Airteagal 68 |
|
— |
Airteagal 68(1) |
|
Airteagal 46(5) |
Airteagal 68(2) |
|
Airteagal 46(6) |
Airteagal 68(3) agus (4) |
|
Airteagal 46(6), pointe (a) |
Airteagal 68(3), pointe (a)(i) agus (ii) |
|
Airteagal 46(6), pointe (b) |
Airteagal 68(3), pointe (b) |
|
Airteagal 46(6), pointe (c) |
— |
|
Airteagal 46(6), pointe (d) |
— |
|
— |
Airteagal 68(3), pointí (c) agus (e) |
|
Airteagal 46(7) |
Airteagal 68(4) agus (5) |
|
Airteagal 46(8) |
Airteagal 68(5), pointe (d)(i) agus (ii) |
|
Airteagal 46(9) |
— |
|
Airteagal 46(10) |
Airteagal 69 |
|
Airteagal 46(11) |
— |
|
Airteagal 47 |
Airteagal 70 |
|
Airteagal 48 |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 49 |
Airteagal 71 |
|
— |
Airteagal 72 |
|
— |
Airteagal 73 |
|
— |
Airteagal 74 |
|
— |
Airteagal 75 |
|
— |
Airteagal 76 |
|
Airteagal 50 |
Airteagal 77 |
|
Airteagal 51 |
— |
|
Airteagal 52 |
— |
|
Airteagal 53 |
Airteagal 78 |
|
Airteagal 54 |
Airteagal 79 |
|
Airteagal 55 |
— |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)