This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1333
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1333 of 17 May 2024 amending and correcting Annex III to Implementing Regulation (EU) 2020/2235 as regards model certificates for the entry into the Union of live fish, live crustaceans and products of animal origin from those animals and certain fishery products, intended for human consumption
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1333 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha maidir le héisc bheo, crústaigh bheo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe sin agus táirgí áirithe iascaigh a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1333 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha maidir le héisc bheo, crústaigh bheo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe sin agus táirgí áirithe iascaigh a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas
C/2024/3220
IO L, 2024/1333, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1333/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1333 |
21.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1333 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Bealtaine 2024
lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha maidir le héisc bheo, crústaigh bheo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe sin agus táirgí áirithe iascaigh a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (2), go háirithe Airteagail 238(3) agus 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (3), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad fhomhír, pointí (a) agus Airteagal 126(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4) leagtar síos rialacha maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429, deimhnithe agus fianuithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/625, agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla bunaithe ar an dá Rialachán sin, a bhfuil gá leo, i measc nithe eile, maidir le coinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Caibidil 28 (deimhniú caighdeánach FISH-CRUST-HC) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 leagtar amach an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach maidir le héisc bheo, crústaigh bheo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine teacht isteach san Aontas. Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744 ón gCoimisiún (5) in ionad na Caibidle sin. I bpointí II.2.6.2(i) agus (iii) de Chaibidil 28 arna hionadú, bhí dhá nóta iomarcacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, ba cheart na nótaí sin a scriosadh. |
(3) |
I gCaibidil 29 (deimhniú caighdeánach EU-FISH) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, leagtar amach an deimhniú oifigiúil caighdeánach maidir le táirgí iascaigh a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine arna ngabháil ag soithí a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu agus a aistrítear i dtríú tíortha le stóráil nó gan stóráil teacht isteach san Aontas. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744, scriosadh Cuid II den Chaibidil sin go hearráideach. Dá bhrí sin, ba cheart Cuid II den Chaibidil sin a athbhunú, agus, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, ba cheart ord na bpointí a mhodhnú. |
(4) |
Aisghaireadh Treoir 96/23/CE ón gComhairle (6) agus rinneadh na forálacha atá inti maidir leis teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 29 den Treoir sin a ionchorprú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (7). Thairis sin, aisghaireadh Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (8) agus rinneadh na forálacha atá ann a ionchorprú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (9). Dá bhrí sin, is gá na tagairtí don Treoir sin agus don Chinneadh sin i gCaibidil 29, Cuid II, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a oiriúnú dá réir sa téacs atá le hathbhunú. |
(5) |
Ós rud é go bhfuil táirgí iascaigh ó ghabháil fhiáin eisiata ó chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 6 go 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, ba cheart rogha dheimhniúcháin ar leith a thabhairt isteach le haghaidh na dtáirgí sin i gCaibidil 29, Cuid II, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235. Maidir le héilleáin, sa rogha dheimhniúcháin sin ba cheart tagairt a dhéanamh do chomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (10), agus, maidir le hiarmhair lotnaidicídí, tagairt do chomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a leasú agus a cheartú dá réir sin. |
(7) |
Ós rud é gur tháinig na leasuithe a rinneadh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744 i bhfeidhm an 4 Eanáir 2024, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun trádáil a éascú, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe agus na ceartúcháin a dhéantar ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. Tá teacht i bhfeidhm práinneach na leasuithe agus na gceartúchán gan dochar don fhíoras, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744, go dtí an 15 Meán Fómhair 2024, go bhfuil coinsíneachtaí d’éisc bheo, de chrústaigh bheo agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe sin agus táirgí iascaigh áirithe a bhfuil an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil iomchuí nó an deimhniú oifigiúil iomchuí ag gabháil leo, deimhniú a eisíodh i gcomhréir leis na deimhnithe caighdeánacha a leagtar amach i gCaibidlí 28 agus 29 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, mar ab infheidhme roimh na leasuithe a rinneadh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744, go bhfuil na coinsíneachtaí sin fós údaraithe maidir lena dteacht isteach san Aontas ar choinníoll gur eisíodh an deimhniú tráth nach déanaí ná an 15 Meitheamh 2024. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/852/oj.
(2) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(3) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2235/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2744 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha agus fianú príobháideach, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí teacht isteach san Aontas nó a chur ar idirthuras tríd an Aontas, agus le deimhniúchán oifigiúil maidir le deimhnithe den sórt sin (IO L 2023/2744, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2744/oj).
(6) Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar iarmhair na substaintí sin in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/23/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2292/oj).
(8) Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/163(1)/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/405/oj).
(10) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe II.2.6.2 de Chaibidil 28:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas le Caibidil 29: ‘ ’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1333/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)