Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1328

    Rialachán (AE) 2024/1328 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le hochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán (D4), deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán (D5) agus dóideacaimeitilcioglaiheicsisiolocsán (D6)

    C/2024/3164

    IO L, 2024/1328, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1328/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1328/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1328

    17.5.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1328 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Bealtaine 2024

    lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le hochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán (D4), deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán (D5) agus dóideacaimeitilcioglaiheicsisiolocsán (D6)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 10 Eanáir 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2018/35 (2) ón gCoimisiún lena gcuirtear srian le hochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán (‘D4’) agus deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán (‘D5’) a chur ar an margadh i dtáirgí cosmaideacha a nítear le huisce. Cuireadh an srian sin isteach mar iontráil 70 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

    (2)

    An 13 Meitheamh 2018, shainaithin Coiste na mBallstát den Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) D4, D5 agus dóideacaimeitilcioglaiheicsisiolocsán (‘D6’) mar shubstaintí ar údar mór imní (‘SVHC’) iad a bhfuil airíonna an-mharthanach agus an-inbhithbhailithe (‘vPvB’) acu. Aithníodh go bhfuil airíonna marthanacha, inbhithbhailithe agus tocsaineacha (‘PBT’) ag D4. Sainaithníodh freisin go bhfuil airíonna PBT ag D5 agus D6 nuair atá 0,1 % nó níos mó iontu de réir mheáchan D4.

    (3)

    Nuair a rinne Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta measúnú ar an togra maidir le srian a chur le D4 agus D5 a chur ar an margadh agus a úsáid, ar togra é a glacadh ar deireadh i Rialachán (AE) 2018/35, níor fágadh ar lár as riosca féideartha óna n-úsáid i dtáirgí cosmaideacha le fágáil. Ar an gcúis sin, an 15 Nollaig 2016, d’iarr an Coimisiún (3) ar an nGníomhaireacht sainchomhad a ullmhú de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘sainchomhad Iarscríbhinn XV’), d’fhonn srian féideartha a chur le D4 agus D5 i dtáirgí cosmaideacha le fágáil agus i dtáirgí tomhaltóirí agus gairmiúla eile. An 5 Feabhra 2018, d’iarr an Coimisiún (4) ar an nGníomhaireacht D6 a chur i sainchomhad Iarscríbhinn XV.

    (4)

    An 20 Márta 2019, thíolaic an Ghníomhaireacht sainchomhad Iarscríbhinn XV (5), inar léiríodh go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don chomhshaol a bhaineann le húsáid D4, D5 agus D6 nuair a scaoiltear isteach i meáin chomhthimpeallacha iad.

    (5)

    An 28 Samhain 2019, ghlac an Coiste um Measúnú Riosca a thuairim (6), lena ndeimhnítear go n-eascraíonn ábhair imní shonracha don chomhshaol as airíonna guaise D4, D5 agus D6 nuair a fhaightear iad i dtáirgí tomhaltóirí agus gairmiúla a scaoiltear isteach sna hurranna uisceacha agus sna hurranna atmaisféaracha araon.

    (6)

    Tháinig an Coiste um Measúnú Riosca ar an gconclúid gur cheart scaoileadh iomlán D4, D5 agus D6 isteach sa chomhshaol a úsáid mar athróg maidir le riosca. Tháinig an Coiste um Measúnú Riosca ar an gconclúid freisin go mbíonn scaoileadh isteach sa chomhshaol mar thoradh ar úsáidí tomhaltóirí agus gairmiúla táirgí cosmaideacha le fágáil agus táirgí tomhaltóirí agus gairmiúla eile ina bhfuil D4, D5 agus D6, agus gurb iad na húsáidí leathana spréite i dtáirgí cosmaideacha príomhfhoinse an scaoilte. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Riosca le measúnú na Gníomhaireachta i sainchomhad Iarscríbhinn XV nach ndéantar an riosca a rialú go leordhóthanach agus nach ndéantar astaíochtaí na substaintí vPvB agus PBT sin a íoslaghdú trína saolré, mar a cheanglaítear i mír 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

    (7)

    Tháinig an Coiste um Measúnú Riosca ar an gconclúid freisin gur srian spriocdhírithe é an srian atá beartaithe agus gurb é an beart is iomchuí ar fud an Aontais chun na hastaíochtaí, arb iad táirgí cosmaideacha le fágáil agus táirgí tomhaltóirí agus gairmiúla eile is cúis leo, a íoslaghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a sainaithníodh maidir lena éifeachtacht an riosca sin a laghdú, lena phraiticiúlacht, agus leis an mbealach ar féidir faireachán a dhéanamh air.

    (8)

    An 12 Márta 2020, ghlac Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch (‘SEAC’) na Gníomhaireachta a thuairim (7), lena léirítear gurb é an srian atá beartaithe, arna mhodhnú ag an gCoiste um Measúnú Riosca agus ag an gCoiste um Measúnú Socheacnamaíoch, an beart uile-Aontais is iomchuí chun astaíochtaí D4, D5 agus D6 isteach sa chomhshaol a laghdú maidir leis na tairbhí agus na costais shocheacnamaíocha a bhaineann leis.

    (9)

    D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch leis na conclúidí i sainchomhad Iarscríbhinn XV maidir le hiarchur ginearálta dhá bhliain ón srian a chur i bhfeidhm.

    (10)

    D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch freisin le hiarchur níos faide le haghaidh roinnt úsáidí sonracha. Bunaithe ar an am is gá chun ionadú a dhéanamh, d’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch le hiarchur 5 bliana le haghaidh táirgí cosmaideacha le fágáil agus feistí leighis. Toisc gur dócha nach mbeadh laghdú foriomlán ar an riosca mar thoradh ar shubstaintí malartacha nó ar theicneolaíochtaí malartacha, d’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch freisin le hiarchur 10 mbliana ar an srian ar úsáid D5 mar thuaslagóir i dtirimghlanadh teicstílí, leathair agus fionnaidh. A mhéid a bhaineann le táirgí íocshláinte agus tréidliachta, thacaigh an an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch le hiarchur 7 mbliana ar an srian. Cuirtear san áireamh leis an iarchur 7 mbliana sin an t-am is gá chun substaintí nó teicneolaíochtaí malartacha a chur in ionad úsáid D4, D5 agus D6 i dtáirgí íocshláinte agus tréidliachta, chomh maith leis an am is gá chun na táirgí sin a cháiliú agus a chlárú.

    (11)

    D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch freisin le roinnt maoluithe a moladh i sainchomhad Iarscríbhinn XV. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch leis an maolú maidir le D5 agus D6 a chur ar an margadh lena n-úsáid i bhfeistí le haghaidh cóireáil agus aire colm agus créachtaí, créachtaí a chosc, agus aire a thabhairt do stóma. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch freisin leis an maolú maidir le D5 a chur ar an margadh le haghaidh úsáid ghairmiúil i nglanadh nó in athchóiriú ealaíne agus seandachtaí, agus le tuairisc níos soiléire a chur san áireamh ar na gníomhaíochtaí ar láithreáin thionsclaíocha nach gcuirfear an srian ar D4, D5 agus D6 a chur ar an margadh i bhfeidhm orthu. D’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch leis an maolú maidir le teicstíle, leathar agus fionnadh a chur ar an margadh agus D5 a úsáid mar thuaslagóir i gcórais thirimghlanta, faoi choinníollacha áirithe.

    (12)

    Bunaithe ar fhaisnéis maidir le húsáidí i meascáin agus ar bhreithnithe forfheidhmiúcháin, d’aontaigh an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch leis na soiléirithe agus na maoluithe breise a moladh i sainchomhad Iarscríbhinn XV maidir le meascáin áirithe ina bhfuil D4, D5 agus D6 mar iarmhair ó pholaiméirí sileacóin.

    (13)

    Chuathas i gcomhairle le Fóram na Gníomhaireachta um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal 76(1), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, le linn an nós imeachta um shrianadh agus chuir an Coimisiún a mholtaí san áireamh.

    (14)

    An 25 Bealtaine 2020 chuir an Ghníomhaireacht tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Measúnú Socheacnamaíoch faoi bhráid an Choimisiúin.

    (15)

    Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil riosca do-ghlactha ann a eascraíonn as astaíochtaí D4, D5 agus D6 ó tháirgí tomhaltóirí agus gairmiúla agus gurb é an srian a mhol an Ghníomhaireacht, agus na hathruithe a mhol an Ciste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Measúnú Socheacnamaíoch air, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

    (16)

    Aontaíonn an Coimisiún leis an gconclúid, i dtuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Measúnú Socheacnamaíoch, go bhfuil an srian atá beartaithe comhlántach agus go soláthraítear leis síneadh loighciúil leis an srian atá ann cheana maidir le D4 agus D5 a chur ar an margadh i dtáirgí cosmaideacha a nítear le huisce, atá in iontráil 70 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus ar mhaithe le héascaíocht léitheoireachta, ba cheart iontráil iomlán nua a chur in ionad na hiontrála sin.

    (17)

    Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do pháirtithe leasmhara bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian atá beartaithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún tréimhse ghinearálta iarchurtha 2 bhliain, agus tréimhsí iarchurtha níos faide le haghaidh úsáidí sonracha. Chomh maith leis sin, aontaíonn an Coimisiún leis an ngá le maoluithe le haghaidh roinnt úsáidí sonracha.

    (18)

    A mhéid a bhaineann leis an tréimhse iarchurtha le haghaidh táirgí cosmaideacha seachas táirgí cosmaideacha a nítear le huisce, tugann an Coimisiún dá aire na hastaíochtaí arda ón ngrúpa táirgí sin agus an chonclúid a rinne an Coiste um Measúnú Riosca, maidir le substaintí vPvB agus PBT, gurb é fad na hidirthréimhse an ghné is criticiúla ó thaobh riosca de, toisc go mbíonn níos mó astaíochtaí ann dá fhada an mhairfidh an idirthréimhse. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí substaintí vPvB agus PBT isteach sa chomhshaol a íoslaghdú trí idirthréimhse ghearr a bheith acu. Tugann an Coimisiún dá aire freisin na costais shuntasacha ar an tionscal maidir le líon ard táirgí cosmaideacha seachas táirgí cosmaideacha a nítear le huisce a athfhoirmliú in aghaidh na bliana. I bhfianaise chost-éifeachtachtúlacht an tsriain atá beartaithe le haghaidh táirgí cosmaideacha seachas táirgí cosmaideacha a nítear le huisce agus i bhfianaise an ghá atá le hardchosaint a thabhairt do shláinte an duine agus don chomhshaol a chothromú trí na tionchair shocheacnamaíocha a íoslaghdú, chinn an Coimisiún gurb iomchuí tréimhse iarchurtha 3 bliana le haghaidh na dtáirgí sin.

    (19)

    A mhéid a bhaineann leis an tréimhse iarchurtha le haghaidh feistí leighis mar a shainítear in Airteagal 1 (4) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus ábhair imní ón earnáil agus ó roinnt Ballstát maidir leis an am measta le haghaidh céimeanna athdheartha, mar atá rogha eile a aimsiú, próiseas cáilíochta a chur i gcrích agus féachaint le meascáin nua-dheartha a chlárú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/745, measann an Coimisiún gur iomchuí tréimhse iarchurtha 7 mbliana a thabhairt le haghaidh na bhfeistí sin. Thairis sin, féadfar D4 agus D5 a fháil ag tiúchan os cionn 0,1 % i roinnt feistí diagnóiseacha in vitro (IVD) mar a shainítear in Airteagal 1 (2) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ós rud é go bhfuil ábhair imní chomhchosúla ag baint le hionadú in IVD, is iomchuí an tréimhse iarchurtha chéanna a thabhairt le haghaidh na bhfeistí sin.

    (20)

    Níor cheart an úsáid mar imoibrí saotharlainne i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhíolmhú ach má dhéantar í faoi dhálaí rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(23) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, gan a bheith teoranta do thona amháin in aghaidh na bliana.

    (21)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

    (22)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/35 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le hochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán (‘D4’) agus deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán (‘D5’) (IO L 6, 11.1.2018, lch. 45).

    (3)   https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/echa_commission_request_en.pdf/a0bdbb25-9641-9df1-9511-4208cac224ce

    (4)   https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/note_to_echa_annex_xv_d6_en.pdf/722217b2-95c1-a5a0-90c5-82f2afed48f9

    (5)   https://echa.europa.eu/documents/10162/039f5415-d7a2-b279-d270-0d07e18f6392

    (6)   https://echa.europa.eu/documents/10162/44c5f15a-a022-5084-762e-03bbb00599d5

    (7)   https://echa.europa.eu/documents/10162/a3e8195a-23d3-5859-6fdc-7805a3148b46

    (8)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 70 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006:

    ‘70.

    Ochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán (D4)

    Uimh. CAS 556-67-2

    CE Uimh. 209-136-7

    Deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán (D5)

    Uimh. CAS 541-02-6

    CE Uimh. 208-764-9

    Dóideacaimeitilcioglaiheicsisiolocsán (D6)

    Uimh. CAS 540-97-6

    CE Uimh. 208-762-8

    1.

    Ní chuirfear ar an margadh é

    (a)

    mar shubstaint léi féin,

    (b)

    mar chomhábhar de chuid substaintí eile, ná

    (c)

    i meascáin

    i dtiúchan cothrom le 0,1 % nó tiúchan is mó ná sin de réir mheáchan na substainte faoi seach tar éis an 6 Meitheamh 2026.

    2.

    Ní úsáidfear é mar thuaslagóir chun teicstílí, leathar agus fionnadh a thirimghlanadh tar éis an 6 Meitheamh 2026.

    3.

    De mhaolú air sin:

    (a)

    i gcás D4 agus D5 i dtáirgí cosmaideacha a nítear le huisce, beidh feidhm ag mír 1, pointe (c), tar éis an 31 Eanáir 2020.

    Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘táirgí cosmaideacha a nítear le huisce’ táirgí cosmaideacha mar shainítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a nitear le huisce tar éis a n-úsáide, faoi ghnáthdhálaí úsáide;

    (b)

    maidir le gach táirge cosmaideach seachas na táirgí cosmaideacha a luaitear i mír 3(a), beidh feidhm ag mír 1 tar éis an 6 Meitheamh 2027;

    (c)

    i gcás feistí mar a shainítear in Airteagal 1 (4) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus in Airteagal 1 (2) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) , beidh feidhm ag mír 1 tar éis an 6 Meitheamh 2031;

    (d)

    i gcás táirgí íocshláinte, mar a shainítear in Airteagal 1, pointe 2, de Threoir 2001/83/CE, agus i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta, mar a shainítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/6 (*4) , beidh feidhm ag mír 1 tar éis an 6 Meitheamh 2031;

    (e)

    maidir le D5 mar thuaslagóir i dtirimghlanadh teicstílí, leathair agus fionnaidh, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 tar éis an 6 Meitheamh 2034.

    4.

    De mhaolú air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    D4, D5 agus D6 a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí tionsclaíocha seo a leanas:

    mar mhonaiméir i dtáirgeadh polaiméire sileacóin;

    mar idirmheánach i dtáirgeadh substaintí sileacóin eile;

    mar mhonaiméir i bpolaiméiriú;

    i bhfoirmliú nó i bpacáistiú/athphacáistiú meascán;

    i dtáirgeadh earraí;

    i gcóireáil dromchla neamh-mhiotail;

    (b)

    D5 agus D6 a chur ar an margadh lena n-úsáid mar fheistí, mar a shainítear in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2017/745, chun coilm agus créachtaí a chóireáil agus cúram a dhéanamh dóibh, créachtaí a chosc agus cúram a dhéanamh de stóma;

    (c)

    D5 a chur ar an margadh le haghaidh úsáid ghairmiúil i nglanadh nó athchóiriú ealaíne agus seandachtaí.

    (d)

    D4, D5 agus D6 a chur ar an margadh lena n-úsáid mar imoibrí saotharlainne i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhéantar faoi dhálaí rialaithe.

    5.

    De mhaolú air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (b), maidir le D4, D5 agus D6 a chur ar an margadh:

    mar chomhpháirt de pholaiméir sileacóin leis féin;

    mar chomhábhar de pholaiméir sileacóin i meascán a maolaíodh faoi mhír 6.

    6.

    De mhaolú air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (c), maidir le meascáin a bhfuil D4, D5 nó D6 iontu a chur ar an margadh mar iarmhair ó pholaiméirí sileacóin, faoi na dálaí seo a leanas:

    (a)

    D4, D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan na substainte faoi seach sa mheascán, lena húsáid i ngreamaitheacht, séalú, greamú agus i gcásálach;

    (b)

    D4 i dtiúchan cothrom le 0,5 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain, nó D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 0,3 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan ceachtar den dá shubstaint sa mheascán lena húsáid mar bhratuithe cosanta (lena n-áirítear bratuithe muirí);

    (c)

    D4, D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 0,2 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan na substainte faoi seach sa mheascán, lena húsáid mar fheistí mar a shainítear in Airteagal 1 (4) de Rialachán (AE) 2017/745 agus in Airteagal 1 (2) de Rialachán (AE) 2017/746, seachas na feistí sin dá dtagraítear i mír 6(d);

    (d)

    D5 i dtiúchan cothrom le 0,3 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain sa mheascán nó D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain sa mheascán, lena húsáid mar fheistí mar a shainítear in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2017/745, le haghaidh lorg fiacla;

    (e)

    D4 i dtiúchan cothrom le 0,2 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain sa mheascán, nó D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan ceachtar den dá shubstaint sa mheascán lena húsáid mar bhoinn istigh sileacóin do chapaill, nó mar chrú capaill;

    (f)

    D4, D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 0,5 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan na substainte faoi seach sa mheascán, lena húsáid mar thionscnóirí greamaitheachta;

    (g)

    D4, D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan na substainte faoi seach sa mheascán, lena húsáid i bpriontáil 3T;

    (h)

    D5 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain sa mheascán nó D6 i dtiúchan cothrom le 3 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir meáchain sa mheascán, le haghaidh priontáil 3T agus déanamh múnlaí, nó le haghaidh úsáidí ardfheidhmíochta arna gcobhsú ag líonach grianchloiche;

    (i)

    D5 nó D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan ceachtar den dá shubstaint sa mheascán, lena húsáid i bpriontáil pillíní, nó i monarú pillíní priontála;

    (j)

    D6 i dtiúchan cothrom le 1 % nó tiúchan is ísle ná sin de réir mheáchan an mheascáin, le haghaidh úsáid ghairmiúil i nglanadh nó athchóiriú ealaíne agus seandachtaí.

    7.

    De mhaolú air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le D5 a chur ar an margadh lena úsáid mar thuaslagóir i gcórais dianrialaithe tirimghlanta le haghaidh teicstíle, leathair agus fionnaidh, i gcás ina ndéantar an tuaslagóir glantacháin a athchúrsáil nó a loscadh.


    (*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (athmhúnlú) (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).

    (*2)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

    (*3)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

    (*4)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 004, 7.1.2019, lch. 43).’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1328/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top