Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1249

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1249 ón gComhairle an 26 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

ST/7322/2024/INIT

IO L, 2024/1249, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1249/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1249/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1249

29.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1249 ÓN GCOMHAIRLE

an 26 Aibreán 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le 19 nduine a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dáta tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 19 nduine atá sa liosta faoin gceannteideal A ‘Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a’:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘20.

Mya Tun Oo

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: an 4.5.1961 nó an 5.5.1961;

Inscne: fireann

Is comhalta d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é an Ginearál Mya Tun Oo. Bhí sé ina Aire Cosanta ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 3 Lúnasa 2023, agus is comhalta é den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC). An 1 Feabhra 2023, ceapadh ina Leas-Phríomh-Aire é freisin. Go dtí an 1 Lúnasa 2023, ghlac sé ról an Aire Iompair agus Cumarsáide freisin. Déanann sé maoirseacht freisin ar chomhlachtaí maoirseachta eile atá faoi rialú junta a bhaineann le hinfheistíocht eachtrach agus trádáil eachtrach.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh. Ghlac Mya Tun Oo páirt i gcruinniú na Comhairle Náisiúnta Cosanta agus Slándála (NDSC) an 31 Eanáir 2022, ar dá bharr a cuireadh síneadh leis an staid éigeandála go dtí an 31 Iúil 2022. Agus é ina chomhalta de NDSC agus de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Thairis sin, ina cháil mar iar-Aire Cosanta, is ar Mya Tun Oo atá an fhreagracht as na hionsaithe a rinne na fórsaí míleata i stát Kayah an 25 Nollaig 2021 tráth a maraíodh breis is 30 duine, lena n-áirítear leanaí agus pearsanra daonnúil, agus as ollmharuithe agus céasadh sibhialtach ar fud Mhaenmar. Sa cháil a bhí aige mar Aire Cosanta, bhí an Ginearál Mya Tun Oo freagrach freisin as buamáil, aer-ruathair agus cásanna eile d’fhoréigean ar mhórscála a rinne fórsaí armtha Mhaenmar le linn 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad go bhfuil go leor de na sáruithe sin ar na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Ba é Mya Tun Oo a bhí ina Chomhcheann Foirne d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw), an tríú post is sinsearaí sa Tatmadaw, ó Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é ina Aire Cosanta. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar oibríochtaí míleata a rinneadh i stát Rakhine agus rinne sé comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach dá bhrí sin as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

22.3.2021

25.

Than Hlaing

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 1965;

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw). Ceapadh é ina Leas-Aire Gnóthaí Baile agus ina Cheann Fhórsa na Póilíneachta an 2 Feabhra 2021 agus d’éirigh sé as na cáileanna sin an 5 Bealtaine 2022.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Arna cheapadh ag SAC, bhí Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus i ngníomhaíochtaí freisin a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta ag gníomhú dóibh faoi údarás an Leifteanaint-Ghinearál Than Hlaing ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, le gabhálacha treallacha a dhéanamh agus le ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Sna cáileanna a bhí aige mar Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Fhórsa na Póilíneachta, bhí an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing freagrach go díreach as an gcinnteoireacht a bhaineann le beartais diansmachta agus gníomhaíochtaí foréigneacha a rinne na fórsaí póilíneachta i gcoinne léirsitheoirí síochánta; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

22.3.2021

27.

Thein Nyunt

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 26.12.1944;

Áit bhreithe: Kawkareik (Karen State) Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Uimhir aitheantais: 12/THAGAKA(NAING)012432;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Cathaoirleach an New National Democracy Party (NNDP);

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Thein Nyunt.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Thein Nyunt leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Thein Nyunt freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

28.

Khin Maung Swe

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 24.7.1942;

Áit bhreithe: Ngathaingchaung, Ceantar Pathein, Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Cathaoirleach an National Democratic Force party (NDF);

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Khin Maung Swe.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Khin Maung Swe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Khin Maung Swe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

29.

Aye Nu Sein

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 24.3.1957;

Áit bhreithe: Sittwe, Stát Rakhine, Maenmar/Burma;

Inscne: baineann;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit; Leaschathaoirleach an Arakan National Party;

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach í Aye Nu Sein.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Aye Nu Sein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus í freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Aye Nu Sein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

30.

Jeng Phang Naw Htaung

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC); Ceannaire Lárchomhlacht Comhairleach SAC;

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Jeng Phang Naw Htaung. Ón 1 Feabhra 2023, tá sé ina Aire Gnóthaí Eitneacha an Aontais freisin.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus mar Aire Gnóthaí Eitneacha, bhí baint dhíreach ag Jeng Phang Naw Htaung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus mar Aire Gnóthaí Eitneacha, tá Jeng Phang Naw Htaung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

31.

Maung Ha

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC); Comhalta de Lárchomhlacht Comhairleach SAC

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Maung Ha.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Maung Ha leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht á gcur i mbaol dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Maung Ha freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

32.

Sai Long Hseng

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 18.4.1947;

Áit bhreithe: Kengtung, Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Cárta fíorúcháin saoránachta: Katana (Naing) 0052495;

Uimhir NRC: 13/KATANA (N)-005249;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Sai Long Hseng.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Sai Long Hseng leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhacht Comhairleach, tá Sai Long Hseng freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

33.

Saw Daniel

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 25.11. 1957;

Áit bhreithe: Loikaw (Stát Kayah) Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Saw Daniel.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Saw Daniel leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Saw Daniel freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

34.

Dr Banyar Aung Moe

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 14.8.1947;

Inscne: fireann;

Aitheantais náisiúnta: 10RAMANAN202348;

Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit;

Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) agus dá Lárchomhlacht Comhairleach é Banyar Aung Moe.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, bhí baint dhíreach ag Banyar Aung Moe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC agus dá Lárchomhlacht Comhairleach, tá Banyar Aung Moe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

19.4.2021

40.

Tin Aung San

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 16.10.1960;

Inscne: fireann;

Aitheantais náisiúnta: 12/La Ma Na (N) 89 489

Is é an tAimiréal Tin Aung San Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar. Ina theannta sin, tá sé ina Aire Iompair agus Cumarsáide ón 3 Feabhra 2021. Ó bhí an 1 Feabhra 2023 ann, tá sé ina Leas-Príomh-Aire, agus ón 3 Lúnasa i leith, is é an tAire Cosanta é. Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é.

An 1 Feabhra 2021, rinne Fórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a chur as cumhacht. Mar chuid den coup sin, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra 2021 agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Seirbhísí Cosanta, an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra 2021, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar Aire Rialtais Iompair agus Cumarsáide, bhí sé freagrach as cumarsáid agus líonraí agus ar an gcaoi sin rinne sé cinntí agus chuir sé beartais chun feidhme lena ndearnadh saoirse rochtana ar líne ar shonraí a shainiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, is iomaí múchadh agus moilliú d’aon ghnó ar an idirlíon a tharla, chomh maith le horduithe do sholáthraithe cosc a chur ar Facebook, Twitter agus Instagram ar líne. I mí Eanáir 2022, scaipeadh dréacht nua den bhille cibearshlándála, lenar féidir mí-úsáid a bhaint as teicneolaíocht faireachais chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine aonair agus díriú orthu, agus, ar an gcaoi sin, a tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chomh maith le rochtain ar fhaisnéis a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá sé freagrach go díreach as srian a chur le saoirse an phreasa agus le rochtain ar fhaisnéis ar líne, agus as ceart chun príobháideachais mhuintir Mhaenmar a shárú. Agus an méid sin á dhéanamh aige, tá an bonn á bhaint aige den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Mar chomhalta de SAC agus mar Aire Cosanta, bhí baint dhíreach ag Tin Aung San leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tá sé freagrach go díreach chomh maith as na cinntí diansmachta a rinne SAC, lena n-áirítear reachtaíocht lena sáraítear cearta an duine, agus lena dteorannaítear saoirsí shaoránaigh Mhaenmar, agus as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag fórsaí slándála Mhaenmar.

21.6.2021

46.

Thet Thet Khine

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 19.8.1967;

Áit bhreithe: Maenmar/Burma;

Inscne: baineann

Seoladh: 127A Dhamazadei Road, Kamayut, Yangon, Maenmar/Burma;

Pasuimhir: MB132403 (Maenmar/Burma) a eisíodh an 7.5.2015, a rachaidh in éag an 6.5.2020;

Aitheantais náisiúnta: 9MAKANAN034200

Bhí Thet Khine ina Aire Leasa Shóisialaigh, Fóirithinte agus Athlonnaithe ó bhí an 4 Feabhra 2021 ann go dtí an 3 Lúnasa 2023, agus is é an tAire Óstán agus Turasóireachta é ón 3 Lúnasa 2023 i leith. Cheap an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) í, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021.

Tá tacaíocht tugtha don coup aici arís agus arís eile go poiblí. Mar Aire Rialtais, is cuid í den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina ráitis agus ina gníomhartha, thacaigh sí go poiblí leis an coup agus leis an réimeas míleata, lena n-áirítear sa ráiteas uaithi gur eagraigh an t-arm an coup mar thoradh ar chalaois toghcháin. Ina theannta sin, shéan sí go ndearna an t-arm cinedhíothú in aghaidh dhaonra Róihinse.

Dá bhrí sin, tá sí ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol, agus tugann sí tacaíocht do na gníomhaíochtaí agus beartais sin.

21.2.2022

60.

Nu Mya Zan

(ar a dtugtar freisin Daw Nu Mya Zan, Daw Nu Mara Zan)

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: baineann

An 26 Feabhra 2021, ainmníodh Nu Mya Zan ina comhalta den Union Election Commission (UEC). Nuair a ghlac sí leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína gníomhartha mar chomhalta den UEC, go háirithe trí thorthaí thoghcháin mhí na Samhna 2020 a neamhniú gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, chomh maith le cúisimh a chomhdú as calaois toghcháin i gcás na dtoghchán céanna, agus an brú faoi chois i gcoinne iarchomhaltaí den UEC, bhí baint dhíreach ag Nu Mya Zan le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ceapadh Nu Mya Zan ina Leas-Aire Gnóthaí Reiligiúnacha agus Cultúir an 2 Feabhra 2023. Mar Leas-Aire, tá sí mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.

Tá Nu Mya Zan freagrach dá bhrí sin as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as tacaíocht le gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

63.

Tayza Kyaw

(ar a dtugtar freisin U Tayza Kyaw)

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann

Tá U Tayza Kyaw ina chomhalta de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ardphoist éagsúla aige, lena n-áirítear Ceannasaí ar Northern Command agus Ceannasaí ar Bureau of Special Operations No.1 (BSO 1). Ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann, tá sé ina Cheannasaí ar Bureau Special Operations No. 3 (BSO 3), atá i gceannas ar oibríochtaí Cheanncheathrú Réigiúnach Mhíleata an Iarthair agus Cheanncheathrú Réigiúnach Mhíleata an Deiscirt.

Anuas go dtí an coup a tharla an 1 Feabhra 2021, rinne U Tayza Kyaw maoirsiú ar oibríochtaí míleata i Stát Kachin; baineadh úsáid iomarcach as an lámh láidir in aghaidh grúpaí mionlaigh eithneacha agus as foréigean neamh-idirdhealaitheach as ar eascair sárú ar chearta na sibhialtach agus a n-easáitiú éigeantach.

Ó mhí Feabhra 2021 i leith, tá U Tayza Kyaw ag déanamh maoirseachta ar BSO 1, a bhí i gceannas ar roinnt oibríochtaí míleata ar mórscála i ndlúthchomhar le U Than Hlaing, a bhfuil sé bunaithe ina leith go raibh sé freagrach as foréigean iomarcach agus sáruithe ar chearta an duine. Le linn ullmhú agus seoladh na “n-oibríochtaí imréitigh”, i réigiúin Sagaing agus Magwe, faoi chuimsiú an BSO 1, chonacthas úsáid iomarcach fornirt chomh maith le foréigean inscne.

Tá sé freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, agus as a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

64.

Ni Lin Aung

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann

Tá an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung ag obair sa Cheannasaíocht Thoir Láir ó mí Lúnasa 2022. Is iar-Cheannasaí Réigiún na Ceannasaíochta Thoir ar Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) é. Tá Stát Kayah mar chuid de dhlínse na Ceannasaíochta Thoir. Le linn ionsaí an 24 Nollaig 2021 in aice le sráidbhaile Moso i mbaileárthach Phruso, Stát Karenni (Kayah), maraíodh ar a laghad 35 duine, ina measc sibhialtaigh, leanaí agus beirt oibrithe cabhrach daonnúla ón eagraíocht neamhrialtasach Save the Children. Tá an Tatmadaw freagrach as an ionsaí. Ina cháil mar Cheannasaí ar an gCeannasaíocht Thoir, bhí an Maor-Ghinearál (roimhe seo an Bhriogáidire-Ghinearál) Ni Lin Aung i gceannas go díreach ar na haonaid i Stát Kayah, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as an sléacht sin.

An 21 Iúil 2023, ceapadh an Maor-Ghinearál Ni Lin Aung ina Leas-Aire Gnóthaí Baile agus freagracht chomhpháirteach tugtha dó mar Cheann Fhórsa na Póilíneachta. Mar Leas-Aire, tá sé mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.

Tá an Maor-Ghinearál Ni Lun Aung freagrach dá bhrí sin as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

21.2.2022

71.

U Than Swe

(ar a dtugtar freisin Than Swe)

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Dáta breithe: 1957 nó 1965;

Inscne: fireann

Is Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais é U Than Swe ó mhí Feabhra 2023. Mar Aire, tá sé mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.

Tá sé freagrach dá bhrí sin as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as tacaíocht le gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

Is iar-Chathaoirleach an Choimisiúin i gcoinne Éilliú é, agus is í an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) a cheap é ón 19 Lúnasa 2022 go dtí Feabhra 2023.

Tá an Coimisiún i gcoinne Éilliú, ansin faoi cheannaireacht U Than Swe, tar éis beartais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coup míleata a dhlisteanú, lena n-áirítear a rannpháirtíocht in imeachtaí i gcoinne ceannairí a toghadh go daonlathach, mar shampla cúisimh éillithe a thabhairt i gcoinne an Chomhairleora Stáit, Daw Aung San Suu Kyi. Dá bhrí sin, ina cháil mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún i gcoinne Éilliú, bhí U Than Swe ag gabháil do ghníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

8.11.2022

88.

Moe Aung

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Áit bhreithe: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Grád: Aimiréil

Ba é an tAimiréal Moe Aung Ardcheannasaí Chabhlach Mhaenmar. Tá sé ar cheann de hoifigigh is airde céim i bhFórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw), agus tá dlúthbhaint aige le réimeas an State Administrative Council (SAC), lena n-áirítear an tArdcheannasaí, Min Aung Hlaing agus an Leas-Ardcheannasaí Soe Win agus an Rialtas. Ó bhí an 8 Eanáir 2024 ann, tá sé ina Aire ar Aireacht 4 ag Oifig Chathaoirleach SAC agus tá sé ina Chomhairleoir Slándála Náisiúnta.

Glacann Moe Aung páirt freisin i rialachas Myanmar Economic Holdings Public Company Ltd (MEHL) agus Myanmar Economic Corporation Limited (MEC), dhá ilchuideachta faoi úinéireacht mhíleata a sholáthraíonn acmhainní eacnamaíocha agus ábharacha don arm chun a ngníomhaíochtaí a éascú. Faoina údarás agus i gcomhar leis an Aireacht Iompair agus Cumarsáide, iompraíodh saighdiúirí agus airm de bháid nó de longa go dtí an chuid thuaidh den tír ar uiscebhealaí.

Mar Aire, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.

Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Moe Aung a bhaineann a bhearta, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a ghabhann do ghníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Tá sé freagrach as an iliomad sáruithe ar chearta an duine freisin.

20.2.2023

91.

Zin Min Htet

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Áit bhreithe: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Grád: Maor-Ghinearál

Ba é an Maor-Ghinearál Zin Min Htet an Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar. Bhí baint dhíreach aige le cinnteoireacht maidir le réigiún Yangon agus bhí sé freagrach as an gcinnteoireacht sin.

Tháinig Zin Min Htet i gcomharbas ar Than Hlaing an 2 Bealtaine 2022 mar Cheann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar. Ba Ard-Chongantóir Comhpháirteach an airm é roimhe sin (2019-2022). Bhí sé mar cheannaire ar Ollscoil Ríomhaireachta agus Teicneolaíochta na Seirbhísí Cosanta freisin.

Ó bhí an 21 Iúil 2023 ann, tá sé ina Leas-Aire Spóirt agus Gnóthaí Óige.

Ina cháil mar iar-Leas-Aire Gnóthaí Baile, mar iar-Cheann Fhórsa Póilíneachta Mhaenmar, agus mar Leas-Aire Spóirt agus Gnóthaí Óige ó 2023 i leith, tá sé mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí Mhaenmar/Burma a toghadh go dlisteanach as cumhacht agus, dá bhrí sin, is duine nádúrtha é a mbaineann a ghníomhaíochtaí, a bheartais nó a ghníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Maenmar/Burma, nó a ghabhann do ghníomhaíochtaí, nó a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí, lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol. Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta agus srian á chur ar shaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, le gabhálacha treallacha agus le ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Dá bhrí sin, tá Zin Min Htet freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

20.2.2023

95.

Kyaw Swar Lin

(ar a dtugtar freisin Kyaw Swar Linn)

Náisiúntacht: Maenmar/Burma;

Áit bhreithe: Maenmar/Burma;

Inscne: fireann;

Feidhm: Ceannaire Foirne an Airm agus Ard-Cheathrúnach Fhórsaí Armtha Mhaenmar

Ceapadh an Leifteanant-Ghinearál Kyaw Swar Lin ina Ardcheathrúnach i mí na Bealtaine 2020. Is é an séú post is airde san arm i Maenmar/Burma é. Is Roinn faoi dhlínse na hAireachta Cosanta é Oifig an Ardcheathrúnaigh i Maenmar agus tá baint aici le soláthar arm agus trealaimh mhíleata d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2023 ann, tá sé ina Cheann Foirne an Airm freisin.

Ina theannta sin, reáchtálann Kyaw Swar Lin Myanmar Economic Corporation (MEC), atá ar cheann den dá ilchuideachta agus cuideachta shealbhaíochta atá á n-oibriú ag an arm agus a ghineann ioncam d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

Mar Leas-Cheann Foirne an Airm agus mar Ardcheathrúnach, tá sé mar chuid den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.

Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Kyaw Swar Lin ar lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tugann sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

20.7.2023’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1249/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top