Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1244

    Rialachán (AE) 2024/1244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/101/2023/REV/1

    IO L, 2024/1244, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1244

    2.5.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1244 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2024

    maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceanglaítear ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar gheallsealbhóirí ardchaighdeáin trédhearcachta, rannpháirtíocht an phobail agus rochtana ar an gceartas a chur i bhfeidhm go héifeachtach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.

    (2)

    Le Coinbhinsiún Aarhus, arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach an 17 Feabhra 2005 le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle (5), aithnítear go rannchuidíonn rochtain mhéadaithe an phobail ar fhaisnéis chomhshaoil agus scaipeadh faisnéise den sórt sin go mór le feasacht níos fearr ar chúrsaí comhshaoil, le saormhalartú tuairimí, le rannpháirtíocht níos éifeachtaí ag an bpobal sa chinnteoireacht chomhshaoil agus, ar deireadh, le comhshaol níos fearr. Thairis sin, aithnítear le Coinbhinsiún Aarhus an ceart chun rúndacht sonraí pearsanta agus/nó comhad a bhaineann le duine nádúrtha a chosaint, i gcás nár thoiligh an duine sin leis an bhfaisnéis a nochtadh don phobal, i gcás ina bhforáiltear do rúndacht den sórt sin sa dlí náisiúnta. I gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais go gcoinneofar faisnéis tráchtála nó thionsclaíoch faoi rún chun leas eacnamaíoch dlisteanach a chosaint, ba cheart an rúndacht sin a choimirciú.

    (3)

    Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, faoi seach, faoi chuimsiú an Rialacháin seo. Dá réir sin, tá sé de cheart ag ábhair sonraí go gcuirfí ar an eolas iad faoi phróiseáil a gcuid sonraí faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi fheidhmiú a gceart faoi na Rialacháin sin.

    (4)

    An 2 Nollaig 2005, dhaingnigh an Comhphobal Eorpach Prótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (‘an Prótacal’) le Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle (8).

    (5)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), bunaíodh Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán chun an Prótacal a chur chun feidhme.

    (6)

    Leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, a foilsíodh an 13 Nollaig 2017, thángthas ar an gconclúid gur cheart oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí fhéachaint a thuilleadh ar shineirgí le dlí comhshaoil gaolmhar eile an Aontais maidir le truailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear go háirithe Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (11). Cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil freisin gur gá roghanna maidir le faisnéis bhreise chomhthéacsúil a fhiosrú chun na sonraí a thuairiscítear a dhéanamh níos éifeachtaí.

    (7)

    Le teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], bunaítear plean gníomhaíochta de chuid Aontais maidir leis an truailliú nialasach, fuinneamh, dícharbónú agus an geilleagar ciorclach, agus cuirtear chun cinn úsáid éifeachtach na faisnéise a thuairiscítear sa chreat faireacháin agus ionchais truaillithe nialasaigh níos leithne agus faoin gcreat faireacháin dá bhforáiltear san 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil.

    (8)

    I gcomhréir leis na conclúidí ón gCoimisiún ina thuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, a foilsíodh an 13 Nollaig 2017, i mí an Mheithimh 2021, d’fhorbair an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’), Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (‘an Tairseach’) chun teacht in ionad an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán, agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar shineirgí le tuairisciú a dhéantar faoi Threoir 2010/75/AE.

    (9)

    Trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain ar líne atá saor in aisce a sholáthar don phobal ar thacar sonraí atá níos comhtháite agus níos comhleanúnaí maidir leis na príomhbhrúnna comhshaoil a ghineann suiteálacha tionsclaíocha, ós rud é gur uirlis chostéifeachtach iad sonraí den sórt sin chun comparáidí agus cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí comhshaoil, feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a spreagadh, treochtaí a rianú, dul chun cinn a léiriú maidir le truailliú a laghdú, suiteálacha a thagarmharcáil, faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta, tosaíochtaí a leagan síos agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar trí bheartais chomhshaoil agus cláir chomhshaoil de chuid an Aontais agus trí bheartais chomhshaoil náisiúnta agus cláir chomhshaoil náisiúnta.

    (10)

    Ba cheart, ar an Tairseach, na sonraí a áirítear inti a chur i láthair i bhfoirmeacha comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe ionas go mbeidh úsáideoirí ina ann cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh chomh maith le modh leictreonach a sholáthar chun sonraí a asbhaint ar bhealach éasca, lena n-áirítear i bhfoirm tacair sonraí atá bunaithe ar iarratais.

    (11)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais tuairiscithe ar leibhéal na suiteála chun sineirgí a chur chun feidhme idir an Tairseach agus na tacair sonraí maidir le brúnna comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear na cinn a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE, agus chun comhleanúnachas le cur chun feidhme na Treorach sin a áirithiú agus chun tacú lena cur chun feidhme.

    (12)

    Chun ceanglais an Phrótacail a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal agus, i gcomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe sin, ba cheart an tsaoráid lena mbaineann an tsuiteáil, nó cuid di, a léiriú. Ina theannta sin, agus d’fhonn sineirgí a bhaint amach le dlí comhshaoil gaolmhar an Aontais lena ndéantar difear do shuiteálacha tionsclaíocha, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith ailínithe leis na gníomhaíochtaí tionsclaíocha faoi Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann le Treoir 2010/75/AE agus le gníomhaíochtaí áirithe a chumhdaítear le Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

    (13)

    Chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil suiteálacha tionsclaíocha, ba cheart, trí bhíthin na sonraí atá le háireamh sa Tairseach, scaoileadh truailleán áirithe sa chomhshaol, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ar fuíolluisce é ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán os cionn na dtairseach cainníochtúil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II a chumhdach.

    (14)

    Ba cheart sonraí a áireamh sa Tairseach freisin maidir leis an úsáid a bhaineann na suiteálacha lena mbaineann as uisce, fuinneamh agus amhábhair ábhartha chun go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo geilleagar ciorclach agus an-tíosach ar acmhainní. Leis na sonraí atá le háireamh sa Tairseach, ba cheart amhábhair ábhartha a úsáidtear sa phróiseas táirgthe agus a bhfuil éifeacht nó tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol a chumhdach. Ba cheart an cinneadh maidir le cé na hamhábhair atá le meas mar amhábhair ábhartha a bheith bunaithe ar an obair a rinneadh sa phróiseas as a dtagann tarraingt suas na ndoiciméad tagartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil de bhun Threoir 2010/75/AE.

    (15)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil leis an tuairisciú a dhéanann oibreoirí chuig údaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta na n-amhábhar ábhartha a bhunú atá le tuairisciú ag na hoibreoirí tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na tionscail lena mbaineann agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil chun cinn. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    (16)

    Ba cheart d’oibreoirí suiteálacha faisnéis a thuairisciú maidir le toirt táirgeachta agus uaireanta oibriúcháin na suiteála lena mbaineann chun gur féidir na sonraí arna dtuairisciú maidir le scaoiltí truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán a chur i gcomhthéacs. Ba cheart an fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, a láimhseáil i gcomhréir le forálacha rúndachta an Rialacháin seo.

    (17)

    Ba cheart tairbhe fhoriomlán na Tairsí maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a bhaineann le suiteálacha tionsclaíocha a uasmhéadú trí fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE a áireamh mar aon le sreafaí faisnéise eile a eascraíonn as dlí comhshaoil an Aontais maidir leis an athrú aeráide, cosaint aeir, uisce agus talún, dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola, lena n-áirítear an tuairisciú faoi Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Treoir 2010/75/AE. Thairis sin, chun luach na Tairsí a uasmhéadú d’úsáideoirí, ba cheart í a dhearadh chun éascú a dhéanamh ar chomhtháthú a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo le sreafaí ábhartha eile sonraí comhshaoil.

    (18)

    Chun críoch na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart d’oibreoirí nó do na Ballstáit a léiriú an bhfuil sonraí maidir le scaoileadh truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán faoi bhun na dtairseach tuairiscithe.

    (19)

    Chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí tuairiscithe agus chun a n-inchomparáideacht a áirithiú, is iomchuí comhchuibhiú a dhéanamh ar na modhanna cainníochtaithe atá le húsáid ag oibreoirí agus scaoileadh truailleán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ina bhfuil na truailleáin sin, aistrithe dramhaíola ón láithreán agus úsáid acmhainní á dtuairisciú. Ós rud é gurb é tomhas an modh cainníochtaithe is cruinne, ba cheart d’oibreoirí tomhas a úsáid chun críoch cainníochtaithe. I gcás nach bhfuil sé indéanta tomhas a dhéanamh, ba cheart do na hoibreoirí ríomh a úsáid. Níor cheart meastachán a úsáid ach amháin mar rogha dheiridh.

    (20)

    Toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ag oibreoirí suiteálacha táirgthe beostoic agus dobharshaothraithe chun scaoileadh truailleán a dhéantar d’aon ghnó a chainníochtú go cruinn, ba cheart na Ballstáit a bheith i dteideal scaoiltí den sórt sin a chainníochtú ar a son.

    (21)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cineál agus formáid na faisnéise atá le soláthar agus na sprioc-amanna tuairiscithe a leagan síos. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (22)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá rochtain thapa ar fhaisnéis chomhshaoil do shaoránaigh an Aontais, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfeadh na Ballstáit agus an Coimisiún na sonraí ar fáil go poiblí a thapúla agus is féidir go teicniúil. Chuige sin, cé go bhfuil an sprioc-am beacht tuairiscithe le leagan síos i ngníomh cur chun feidhme, níor cheart é a bheith níos déanaí ná 11 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe lena mbaineann.

    (23)

    I gcás inarb iomchuí, trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain a éascú ar fhaisnéis faoi scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata chun é a chur ar a gcumas do chinnteoirí scaoileadh truailleán a chur i gcomhthéacs agus an réiteach is éifeachtaí a roghnú chun an truailliú a laghdú.

    (24)

    Maidir le sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit agus oibreoirí, ba cheart iad a bheith ar ardcháilíocht, go háirithe maidir lena gcruinneas, a n-iomláine, a gcomhsheasmhacht agus a n-inchreidteacht. Ba cheart do na húdaráis inniúla, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a sholáthraíonn oibreoirí.

    (25)

    An rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil a thuairiscíonn na Ballstáit, ba cheart í a bheith neamhshrianta agus níor cheart eisceachtaí ón riail sin a bheith ann ach amháin i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), de réir mar is iomchuí.

    (26)

    Ba cheart rannpháirtíocht an phobail in aon fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach a áirithiú trí dheiseanna luatha éifeachtacha a chur ar fáil chun barúlacha, faisnéis, anailís agus tuairimí a thíolacadh le haghaidh an phróisis cinnteoireachta i ndáil leis sin.

    (27)

    Chun úsáideacht agus tionchar na Tairsí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, treoraíocht a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus aird ar leith á tabhairt ar chur chun feidhme forálacha nach raibh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar earnálacha nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin.

    (28)

    Chun é a chur ar chumas an Choimisiúin liosta na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha nó talmhaíochta a bhfuil feidhm ag ceanglais tuairiscithe maidir leo a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú chun Iarscríbhinn I a ailíniú le leasuithe ar an bPrótacal.

    (29)

    Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun tairseacha tuairiscithe a chinneadh, chun truailleáin a chur léi, ar truailleáin iad atá faoi réir bearta sonracha rialála faoi dhlí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus an uisce agus maidir le ceimiceáin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus Treoracha 2000/60/CE (19), 2004/107/CE (20), 2006/118/CE (21), 2008/50/CE (22), 2008/105/CE (23) agus (AE) 2020/2184 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus chun léiriú a dhéanamh ar athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir leis na truailleáin atá le tuairisciú nó a dtairseacha tuairiscithe. Chun cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo a éascú, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantar athbhreithniú ar liosta na substaintí agus na dtairseach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear, inter alia, measúnú ar an ngá atá leis na tairseacha tuairiscithe do shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus do shubstaintí ábhartha eile a laghdú.

    (30)

    Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (31)

    Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pionóis is infheidhme maidir lena sáruithe a leagan síos agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad.

    (32)

    Ós rud é gur gá Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a mhodhnú go substaintiúil, ba cheart é a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, soiléireachta agus trédhearcachta.

    (33)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar an rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis ar an gcomhshaol trí bhunachar sonraí leictreonach comhtháite agus comhleanúnach a bhunú ar fud an Aontais agus faireachán ar thruailliú tionsclaíoch chun rannchuidiú lena chosc agus lena laghdú a chumasú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go bhfuil gá le hinchomparáideacht sonraí sna Ballstáit ar mhaithe le hardleibhéal comhchuibhithe agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (34)

    Na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu ón mbliain tuairiscithe 2027 ar aghaidh chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do na hoibreoirí na bearta is gá a dhéanamh.

    (35)

    Chun leanúnachas sonraí agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 go dtí deireadh na bliana tuairiscithe 2026,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bailiú agus tuairisciú sonraí comhshaoil maidir le suiteálacha tionsclaíocha agus bunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (‘an Tairseach’) ar leibhéal an Aontais i bhfoirm bunachar sonraí ar líne lena dtugtar rochtain ar shonraí den sórt sin don phobal.

    Leis an Rialachán seo, cuirtear Prótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (‘an Prótacal’) chun feidhme.

    Airteagal 2

    Cuspóirí

    Is iad cuspóirí an Rialacháin seo feabhas a chur ar an rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis tríd an Tairseach a bhunú, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht chomhshaoil a éascú chomh maith le foinsí truaillithe thionsclaíoch a shainaithint, agus faireachán ar thruailliú tionsclaíoch a chumasú chun rannchuidiú lena chosc agus lena laghdú.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus aon ghníomhaíochtaí eile atá bainteach go díreach leis na gníomhaíochtaí ar an láithreán céanna a bhfuil nasc teicniúil acu leis na gníomhaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar astaíochtaí agus ar thruailliú;

    (2)

    ciallaíonn ‘saoráid’ suiteáil amháin nó níos mó, nó codanna díobh, atá ar an láithreán céanna agus atá á hoibriú nó á n-oibriú ag an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna;

    (3)

    ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach na suiteála agus na saoráide;

    (4)

    ciallaíonn ‘an pobal’ an pobal mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Threoir 2010/75/AE;

    (5)

    ciallaíonn ‘scaoileadh’ aon tabhairt isteach truailleáin sa chomhshaol mar thoradh ar aon ghníomhaíocht dhaonna, cibé acu gníomhaíocht a dhéantar d’aon ghnó nó gníomhaíocht a dhéantar de thaisme, cibé acu an gnáthghníomhaíocht nó gníomhaíocht nach gnáthghníomhaíocht í, lena n-áirítear doirteadh, astú, sceitheadh, instealladh, diúscairt nó dumpáil, nó trí chórais séarachais gan cóireáil fuíolluisce deiridh;

    (6)

    ciallaíonn ‘truailleán’ substaint nó grúpa substaintí ar féidir léi nó leo dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine mar gheall ar a hairíonna nó a n-airíonna agus ar a tabhairt nó a dtabhairt isteach sa chomhshaol;

    (7)

    ciallaíonn ‘substaint’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2010/75/AE;

    (8)

    ciallaíonn ‘oibreoir’ oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2010/75/AE;

    (9)

    ciallaíonn ‘aistriú ón láithreán’ dramhaíl atá beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha agus truailleáin i bhfuíolluisce atá beartaithe le haghaidh cóireáil fuíolluisce a ghluaiseacht thar theorainneacha suiteála;

    (10)

    ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE;

    (11)

    ciallaíonn ‘fuíolluisce’ fuíolluisce uirbeach, fuíolluisce tí agus fuíolluisce tionsclaíoch, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (1), (2) agus (3), de Threoir 91/271/CEE, faoi seach, agus aon uisce úsáidte eile atá faoi réir rialáil ag dlí an Aontais mar gheall ar na substaintí nó na réada atá ann;

    (12)

    ciallaíonn ‘foinsí idirleata’ an t-iliomad foinsí beaga nó scaipthe ónar féidir truailleáin a scaoileadh isteach san aer, san uisce nó sa talamh, ar féidir a gcomhthionchar ar na meáin sin a bheith suntasach agus nach bhfuil sé praiticiúil tuarascálacha a bhailiú ó gach foinse aonair ina leith;

    (13)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás náisiúnta nó na húdaráis náisiúnta, nó aon chomhlacht inniúil eile nó comhlachtaí inniúla eile, arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit;

    (14)

    ciallaíonn ‘dramhaíl ghuaiseach’ dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 2008/98/CE;

    (15)

    ciallaíonn ‘oibríocht aisghabhála’ aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;

    (16)

    ciallaíonn ‘oibríocht diúscartha’ aon cheann de na hoibríochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;

    (17)

    ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ an bhliain féilire nach mór sonraí a bhailiú ina leith;

    (18)

    ciallaíonn ‘dobharshaothrú’ dobharshaothrú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

    Airteagal 4

    Ábhar na Tairsí

    1.   Áireofar sa Tairseach an méid seo a leanas:

    (a)

    sonraí maidir le scaoileadh truailleán dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a);

    (b)

    sonraí maidir le haistrithe dramhaíola ón láithreán dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), agus truailleáin i bhfuíolluisce dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c);

    (c)

    faisnéis faoi shuiteálacha aonair, arna dtuairisciú ag na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE, go háirithe Airteagal 72 di;

    (d)

    sonraí maidir le húsáid uisce, fuinnimh agus amhábhar ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (d);

    (e)

    faisnéis chomhthéacsúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e);

    (f)

    sonraí maidir le scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata dá dtagraítear in Airteagal 8(1), i gcás ina bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil.

    2.   Áireofar sa Tairseach naisc chuig an méid seo a leanas:

    (a)

    cláir náisiúnta ar scaoileadh agus aistriú truailleán arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an bPrótacal;

    (b)

    cláir, bunachair sonraí nó suíomhanna gréasáin eile atá ann cheana agus atá inrochtana go poiblí, arna mbunú ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, lena dtugtar rochtain ar na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir leis an athrú aeráide, maidir le cosaint an aeir, an uisce agus na talún agus maidir le bainistiú dramhaíola.

    Airteagal 5

    Dearadh agus struchtúr na Tairsí

    1.   Cuirfidh an Coimisiún an Tairseach ar fáil ar bhealach atá inrochtana go poiblí, lena gcuirtear na sonraí i láthair i bhformáid chaighdeánaithe, i bhfoirmeacha comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe araon d’fhonn ar a laghad cuardaigh, asbhaint sonraí agus íoslódálacha de thacair sonraí atá bunaithe ar iarratais de réir na nithe seo a leanas a chumasú:

    (a)

    saoráid, lena n-áirítear máthairchuideachta na saoráide i gcás inarb infheidhme, agus a suíomh geografach, lena n-áirítear an abhantrach;

    (b)

    suiteáil;

    (c)

    gníomhaíocht;

    (d)

    tarlú ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais;

    (e)

    truailleán, dramhaíl nó acmhainn, de réir mar is iomchuí;

    (f)

    an meán comhshaoil, eadhon aer, uisce nó talamh, ina scaoiltear an truailleán;

    (g)

    aistrithe dramhaíola ón láithreán agus, de réir mar is iomchuí, a gcinn scríbe;

    (h)

    aistrithe truailleán i bhfuíolluisce ón láithreán;

    (i)

    foinsí idirleata; agus

    (j)

    úinéir nó oibreoir na suiteála.

    2.   Dearfar an Tairseach chun go mbeidh sé chomh héasca agus is féidir don phobal rochtain a fháil ar na sonraí inti agus, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, go mbeidh rochtain ar fáil ar na sonraí go leanúnach agus go héasca ar an idirlíon. Áireofar sa Tairseach na sonraí uile a tuairiscíodh le haghaidh na 10 mbliana tuairiscithe roimhe sin ar a laghad. Cuirfear san áireamh i ndearadh na Tairsí go bhféadfaí í a leathnú amach anseo.

    Airteagal 6

    Tuairisciú arna dhéanamh ag oibreoirí chuig na húdaráis inniúla

    1.   Gach oibreoir suiteála a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar gníomhaíochtaí iad a chomhlíonann nó a théann thar na tairseacha acmhainneachta is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn sin, agus a scaoileann aon cheann de na truailleáin a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcainníocht os cionn na dtairseach is infheidhme, nó a sháraíonn na tairseacha dramhaíola a leagtar amach i bpointe (b) den mhír seo, déanfaidh sé an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas ar a laghad a thuairisciú dá údarás inniúil ar bhonn bliantúil, mura bhfuil faisnéis ná sonraí den sórt sin ar fáil don údarás inniúil cheana:

    (a)

    sonraí maidir le scaoileadh aon truailleáin a liostaítear in Iarscríbhinn II san aer, san uisce agus sa talamh lena sáraítear an tairseach is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn sin;

    (b)

    sonraí maidir le haistrithe dramhaíola guaisí ón láithreán ar mó iad ná 2 thona in aghaidh na bliana in aghaidh na saoráide nó maidir le haistrithe dramhaíola neamhghuaisí ón láithreán ar mó iad ná 2 000 tona in aghaidh na bliana in aghaidh na saoráide, i gcás aon oibríocht aisghabhála nó diúscartha cé is moite de chóireáil talún agus d’instealladh domhain, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, trí léiriú le ‘R’ (aisghabháil) nó le ‘D’ (diúscairt) an bhfuil an dramhaíl beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha, faoi seach, agus, i gcás gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola guaisí, ainm agus seoladh an ghnóthais a rinne na hoibríochtaí aisghabhála nó diúscartha ina raibh baint ag an dramhaíl agus an láithreáin iarbhír ina ndearnadh na hoibríochtaí aisghabhála nó diúscartha; dramhaíl atá faoi réir oibríochtaí cóireála talún nó oibríochtaí diúscartha insteallta dhomhain, ní thuairisceoidh ach oibreoir na suiteála óna dtagann an dramhaíl í mar scaoileadh sa talamh;

    (c)

    sonraí maidir le haistrithe aon truailleáin a liostaítear in Iarscríbhinn II ón láithreán i bhfuíolluisce atá beartaithe le haghaidh cóireáil fuíolluisce lena sáraítear an tairseach a shonraítear i gcolún 1b den Iarscríbhinn sin;

    (d)

    sonraí maidir le húsáid uisce, fuinnimh agus amhábhair ábhartha mar a chinntear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír;

    (e)

    faisnéis lenar féidir na sonraí a thuairiscítear faoi phointí (a) go (d) a chur i gcomhthéacs, lena n-áirítear an méid táirgeachta agus líon na n-uaireanta oibriúcháin;

    (f)

    faisnéis faoi an gcumhdaítear an tsuiteáil le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Treoir 91/271/CEE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE, Treoir (AE) 2015/2193 nó aon dlí comhshaoil eile de chuid an Aontais a shainaithnítear san fhormáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo;

    (g)

    faisnéis faoin tsaoráid lena mbaineann an tsuiteáil.

    Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, liosta d’amhábhair ábhartha atá le tuairisciú faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena sonraítear na cineálacha agus na haonaid, ar bhonn na ndoiciméad tagartha maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Threoir 2010/75/AE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme sin agus déanfaidh sé athchóiriú orthu, i gcás inarb ábhartha.

    2.   I gcás nach sáraítear na tairseacha is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II le scaoileadh dá dtagraítear i mír 1, an chéad fomhír, pointe (a), nó aistriú truailleán ón láithreán dá dtagraítear i mír 1, an chéad fomhír, pointe (c), nó i gcás nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach i mír 1, an chéad fomhír, pointe (b), le haistrithe dramhaíola ón láithreán, dearbhóidh oibreoir na suiteála lena mbaineann, ina thuarascáil, go bhfuil scaoileadh na dtruailleán nó na n-aistrithe truailleán nó dramhaíola ón láithreán faoi bhun na dtairseach sin.

    Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thuairisciú ach amháin sa chéad tuarascáil le haghaidh suiteála, nó cuid di, arna tarraingt suas ag oibreoir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó sa chéad tuarascáil arna tarraingt suas ag oibreoir tar éis an trátha nach sáraíonn scaoileadh na dtruailleán nó na n-aistrithe truailleán nó dramhaíola ón láithreán na tairseacha is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II a thuilleadh.

    3.   Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo á hullmhú acu, bainfidh oibreoirí úsáid as an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil. Gheobhaidh na hoibreoirí na sonraí trí thomhas a dhéanamh. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is fearr atá ar fáil mar thoradh ar thomhas a dhéanamh, i gcás nach indéanta tomhas a dhéanamh nó i gcás nach inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de tomhas a dhéanamh, gheobhaidh na hoibreoirí na sonraí trí bhíthin ríomh a dhéanamh. I gcás nach indéanta tomhas ná ríomh a dhéanamh, féadfaidh na hoibreoirí na sonraí a fháil trí mheastachán a dhéanamh. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sonraí faireacháin, fachtóirí astaíochta, cothromóidí maischothromaíochta, faireachán indíreach nó ríomhanna eile, breithiúnais innealtóireachta agus modhanna eile atá i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, le modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.

    4.   Sonróidh oibreoirí sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 na modhanna a úsáidtear chun na sonraí a fháil. I gcás ina bhfuarthas na sonraí trí thomhas a dhéanamh, léireofar an modh anailíseach. I gcás ina bhfuarthas na sonraí trí ríomh a dhéanamh, léireofar an modh ríofa.

    5.   Áireofar ar na scaoiltí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a thuairiscítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, na scaoiltí uile ó gach foinse a áiritear in Iarscríbhinn I ar láithreán na suiteála.

    6.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, déanfar sonraí maidir le scaoiltí agus aistrithe a thuairisciú mar iomláin na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar d’aon ghnó, na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar de thaisme, na ngnáthghníomhaíochtaí uile agus na ngníomhaíochtaí uile nach gnáthghníomhaíochtaí iad. Agus na sonraí sin á soláthar acu, sonróidh oibreoirí, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, aon sonraí a bhaineann le scaoileadh de thaisme truailleán.

    7.   Baileoidh oibreoir gach suiteála, a mhinice is iomchuí, na sonraí is gá chun a chinneadh cé acu de scaoiltí agus d’aistrithe na suiteála, nó cuid di, ón láithreán atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe faoi mhír 1, an chéad fhomhír.

    8.   Coimeádfaidh oibreoir gach suiteála na taifid, ar taifid iad ónar díorthaíodh na sonraí tuairiscithe, ar fáil dá údarás inniúil ar feadh 5 bliana ó dheireadh na bliana tuairiscithe lena mbaineann. Tabharfar tuairisc sna taifid sin freisin ar an modheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a bhailiú.

    9.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na scaoiltí a dhéantar d’aon ghnó dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo a chainníochtú iad féin thar ceann oibreoirí suiteálacha a chumhdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa dara agus sa seachtú ró d’Iarscríbhinn I. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 8 den Airteagal seo maidir leis na hoibreoirí sin i leith scaoiltí den sórt sin.

    10.   Chun críocha Airteagal 7, cinnfidh na Ballstáit dáta faoina bhfuil oibreoirí leis na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar dá n-údaráis inniúla.

    11.   Go dtí dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 15(3), i gcás nach gcomhlíonann suiteáil, nó cuid di, na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, ach ar cuid de shaoráid í a chomhlíonann na coinníollacha sin, beidh an tsuiteáil sin, nó an chuid sin di, faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a bhunaítear san Airteagal seo, cé is moite de na hoibleagáidí a bhunaítear i mír 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 7

    Tuairisciú arna dhéanamh ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún

    1.   Ar bhonn bliantúil, tráth nach déanaí ná 11 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, trí mhodh leictreonach, lena n-áirítear na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 6, i bhformáid atá le bunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

    2.   Cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’), na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit san áireamh sa Tairseach laistigh de 1 mhí amháin tar éis do na Ballstáit an tuairisciú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le mír 1.

    Airteagal 8

    Sonraí maidir le scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata

    1.   Áireoidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, sonraí maidir leis an scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata sa Tairseach, i gcás inarb ann do shonraí den sórt sin agus inar thuairiscigh na Ballstáit cheana iad.

    2.   Leis na sonraí atá ar fáil ar an Tairseach, cuirfear ar chumas úsáideoirí scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata a chuardach agus a shainaithint de réir dí-chomhiomlánú geografach leormhaith agus áireofar sna sonraí sin faisnéis faoin gcineál modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a dhíorthú.

    3.   I gcás ina gcinneann sé nach ann d’aon sonraí maidir le scaoileadh truailleán ó fhoinsí idirleata, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuairisciú a thionscnamh ar an scaoileadh truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.

    Airteagal 9

    Dearbhú cáilíochta agus measúnú

    1.   Áiritheoidh oibreoirí suiteála atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 6 go mbeidh na sonraí a thuairiscíonn siad ar ardcháilíocht.

    2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cháilíocht na sonraí a sholáthraíonn na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir le cruinneas, iomláine, comhsheasmhacht agus inchreidteacht na sonraí sin. I gcás easnaimh cháilíochtúla a bheith sna sonraí arna soláthar de bhun Airteagal 6, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, déanfaidh na hoibreoirí lena mbaineann na sonraí ceartaithe a sholáthar do na húdaráis inniúla gan mhoill.

    Airteagal 10

    Rochtain ar fhaisnéis

    1.   Cuirfidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht, na sonraí a áirítear sa Tairseach ar fáil go poiblí ar an idirlíon saor in aisce laistigh de 1 mhí amháin tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(1).

    2.   I gcás nach féidir leis an bpobal rochtain éasca a fháil ar na sonraí a áirítear sa Tairseach, éascóidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún rochtain leictreonach ar an Tairseach in áiteanna atá inrochtana go poiblí.

    3.   Maidir le sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 6 agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 8(1), cuirfidh gach Ballstát ar fáil go poiblí iad ar bhealach leanúnach, saor in aisce agus gan rochtain a bheith coinníollach ar chlárú.

    Airteagal 11

    Rúndacht

    I gcás ina measann Ballstát sonraí a bheith rúnda i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2003/4/CE, déanfar léiriú ar leithligh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo le haghaidh na bliana tuairiscithe lena mbaineann le haghaidh gach suiteála nach féidir sonraí a chur ar fáil don phobal ina leith agus soláthrófar na cúiseanna leis sin.

    Airteagal 12

    Rannpháirtíocht an phobail

    1.   Tabharfaidh an Coimisiún deiseanna luatha agus éifeachtacha don phobal páirt a ghlacadh san fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach, lena n-áirítear trí fhothú acmhainneachta agus ullmhúchán leasuithe ar an Rialachán seo.

    2.   Beidh an deis ag an bpobal barúlacha, faisnéis, anailísí agus tuairimí a thíolacadh laistigh de thréimhse ama réasúnta agus in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    3.   Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar ionchur den sórt sin agus cuirfidh sé an pobal ar an eolas faoi thoradh rannpháirtíocht an phobail.

    Airteagal 13

    Treoraíocht

    Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht agus i gcomhairle leis na Ballstáit, treoraíocht lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil, lena dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    nósanna imeachta tuairiscithe, agus aird ar leith á tabhairt ar fhorálacha nach raibh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus ar earnálacha nár cumhdaíodh leis an Rialachán sin, lena n-áirítear treoirlínte teicniúla maidir le modhanna lena n-éascaítear anailís chun faireachán a dhéanamh ar PFAS, amhail teorainneacha braite, luachanna paraiméadracha agus minicíocht samplála;

    (b)

    na sonraí atá le tuairisciú;

    (c)

    dearbhú cáilíochta agus measúnú;

    (d)

    léiriú ar an gcineál sonraí is féidir a choinneáil siar agus, i gcás sonraí rúnda, na cúiseanna leis na sonraí sin a choinneáil siar;

    (e)

    tagairt do mhodhanna atá formheasta go hidirnáisiúnta chun scaoileadh a chinneadh agus a shampláil agus anailís a dhéanamh air;

    (f)

    ainmneacha aon mháthairchuideachtaí;

    (g)

    modhanna ríofa, lena n-áirítear fachtóirí astaíochta in aghaidh na teicneolaíochta laghdaithe, le haghaidh táirgeadh beostoic agus dobharshaothraithe;

    (h)

    conas na sainmhínithe a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le láithreáin, saoráidí agus suiteálacha a chur i bhfeidhm sa chleachtas trí bhíthin, inter alia, liosta de shamplaí nó mínithe sonracha, pictiúr, líníochtaí, léaráidí nó aon amharcthagairt nó tacaíocht eile.

    Déanfar na treoirlínte a bhaineann le pointí (a) go (g) den chéad mhír a tharraingt suas den chéad uair faoin 1 Eanáir 2026.

    Déanfar na treoirlínte a bhaineann le pointe (h) den chéad mhír a tharraingt suas den chéad uair faoin 1 Eanáir 2025, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit.

    Airteagal 14

    Múscailt feasachta

    Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún feasacht an phobail chun cinn maidir leis an Tairseach agus maidir le tuiscint agus úsáid na sonraí a áirítear inti.

    Airteagal 15

    Leasuithe ar na hIarscríbhinní

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú chun í a ailíniú leis an bPrótacal tar éis aon leasú ar a iarscríbhinní a ghlacadh.

    2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:

    (a)

    truailleán a chur léi, i gcás ina bhfuil drochthionchar ag scaoileadh an truailleáin sin san aer, san uisce nó sa talamh ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine, nó inar féidir drochthionchar a bheith ag scaoileadh an truailleáin sin san aer, san uisce nó sa talamh ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine, lena n-áirítear truailleán a scaoiltear ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tá an truailleán ainmnithe mar shubstaint a chumhdaítear faoi iontráil in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó faoi shrian atá in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin;

    (ii)

    tá an truailleán ainmnithe mar shubstaint tosaíochta faoi Threoir 2000/60/CE nó 2008/105/CE;

    (iii)

    tá an truailleán san áireamh sna liostaí faire arna mbunú faoi chuimsiú Threoir 2006/118/CE nó 2008/105/CE nó Threoir (AE) 2020/2184;

    (iv)

    tá an truailleán faoi réir luachanna teorann nó srianta eile faoi Threoir 2004/107/CE, 2006/118/CE, 2008/50/CE nó (AE) 2020/2184;

    (b)

    tairseacha maidir leis an scaoileadh truailleán a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an sprioc a bhaint amach maidir le 90 % ar a laghad de scaoileadh gach truailleáin san aer, san uisce agus sa talamh ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabháil, lena n-áirítear tairseacha nialasacha le haghaidh substaintí arb ionann iad agus guais an-ard do shláinte an duine nó don chomhshaol;

    (c)

    truailleán a chur léi nó a bhaint agus, i gcás inar gá, an tairseach is infheidhme a leasú chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú leis an bPrótacal;

    (d)

    truailleán nach bhfuil ainmnithe a thuilleadh mar shubstaint tosaíochta dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den mhír seo nó atá bainte de na liostaí faire dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) a bhaint.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 2 faoin 31 Nollaig 2025. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh tar éis an dáta sin i gcomhréir le mír 2.

    Airteagal 16

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 15(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Bealtaine 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 15(1) agus (2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(3) nó Airteagal 15(1) nó (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 17

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 18

    Pionóis agus bearta dearbhaithe comhlíontachta

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan moill mhíchuí agus tabharfaidh siad fógra dó, gan moill mhíchuí, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfar ar na rialacha nó na bearta sin.

    2.   Áireofar fíneálacha ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí leis na pionóis arna mbunú de bhun an Airteagail seo ar an nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

    (a)

    cineál, tromchúis agus fairsinge an tsáraithe, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach;

    (b)

    méid an lochta a bhaineann leis an sárú;

    (c)

    cineál athdhéanta nó aonuaire an tsáraithe.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit bearta dearbhaithe comhlíontachta a ghlacadh chun na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chosc agus a bhrath.

    Airteagal 19

    Athbhreithniú

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na nIarscríbhinní a ghabhann leis, gach 5 bliana ar a laghad ó dháta a chur i bhfeidhm. Beidh sé mar chuspóir leis an athbhreithniú, i measc nithe eile, a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a ailíniú le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Tabharfar aird chuí sa phróiseas athbhreithnithe ar thionscnaimh idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar scaoileadh truailleán ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus ar an tionchar atá ag scaoileadh truailleán den sórt sin ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol, ar dhea-chleachtais na mBallstát agus ar an dul chun cinn maidir leis sin, agus ar an dul chun cinn sa taighde agus sa teicneolaíocht.

    I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis, nó iad araon, a leasú.

    Airteagal 20

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028.

    Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 21

    Forálacha idirthréimhseacha

    D’ainneoin Airteagal 20, an chéad mhír, den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 d’fheidhm a bheith aige maidir leis an tuairisciú le haghaidh na bliana 2026.

    Airteagal 22

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MICHEL


    (1)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 130.

    (2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 154.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.

    (4)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

    (5)  Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (8)  Cinneadh ón gComhairle 2006/61/CE an 2 Nollaig 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal NA/CEE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (IO L 32, 4.2.2006, lch. 54).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

    (10)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

    (11)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

    (12)  Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide san aer a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1).

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (14)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

    (15)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

    (16)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

    (17)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (18)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (19)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (20)  Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3).

    (21)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

    (22)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

    (23)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

    (24)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).

    (25)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (26)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

    (27)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).


    IARSCRÍBHINN I

    Gníomhaíochtaí

    Gníomhaíocht

    Tairseach Acmhainneachta

    1

    Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE

    Os cionn na dtairseach acmhainneachta is infheidhme a leagtar amach i dTreoir 2010/75/AE

    2

    Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2010/75/AE

    Os cionn na dtairseach acmhainneachta is infheidhme a leagtar amach i dTreoir 2010/75/AE

    3

    Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/2193 (i gcás nach gcumhdaítear iad le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE)

    Gléasraí dócháin ag a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe 20 MW ar a laghad agus atá faoi bhun 50 MW

    4

    Mianadóireacht faoi thalamh agus oibríochtaí gaolmhara, lena n-áirítear eastóscadh amhola nó gáis ar tír nó amach ón gcósta (i gcás nach gcumhdaítear iad le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE)

    Gan tairseach acmhainneachta (tá na suiteálacha uile faoi réir tuairiscithe)

    5

    Mianadóireacht dromchla agus cairéalacht (i gcás nach gcumhdaítear iad le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE)

    I gcás ina bhfuil dromchla an limistéir atá go héifeachtach faoi réir oibríocht eastóscach cothrom le 25 heicteár

    6

    Gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh

    Ag a bhfuil acmhainneacht 100 000 coibhéis daonra nó níos mó

    7

    Dobharshaothrú beathabhunaithe

    Ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta bhliantúil atá os cionn 500 tona

    8

    Suiteálacha chun longa a thógáil agus/nó a dhíchóimeáil, agus chun longa a phéinteáil nó an phéint a bhaint díobh

    Ag a bhfuil acmhainneacht le haghaidh longa 100 m ar fad

    9

    Leictrealú uisce chun hidrigin a tháirgeadh

    Táirgeadh ar scála tionsclaíoch


    IARSCRÍBHINN II

    Truailleáin (1)

    Uimh.

    Uimhir CAS

    Truailleán (1)

    Tairseach maidir le scaoiltí

    (colún 1)

    san aer

    (colún 1a)

    kg/bliain

    san uisce

    (colún 1b)

    kg/bliain

    sa talamh

    (colún 1c)

    kg/bliain

    1

    74-82-8

    Meatán (CH4)

    100 000

     (2)

    2

    630-08-0

    Aonocsaíd charbóin (CO)

    500 000

    3

    124-38-9

    Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

    100 milliún

    4

     

    Hidreafluaracarbóin (HFCanna) (3)

    100

    5

    10024-97-2

    Ocsaíd nítriúil (N2O)

    10 000

    6

    7664-41-7

    Amóinia (NH3)

    10 000

    7

     

    Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin (NMVOC)

    100 000

    8

     

    Ocsaídí nítrigine (NOx/NO2)

    100 000

    9

     

    Sárfhluaracarbóin (PFCanna) (4)

    100

    10

    2551-62-4

    Heicseafluairíd sulfair (SF6)

    50

    11

     

    Ocsaídí sulfair (SOx/SO2)

    150 000

    12

     

    Nítrigin iomlán

    50 000

    50 000

    13

     

    Fosfar iomlán

    5 000

    5 000

    14

     

    Hidreaclórafluaracarbóin (HCFCanna) (5)

    1

    15

     

    Clórafluaracarbóin (CFCanna) (6)

    1

    16

     

    Halóin (7)

    1

    17

     

    Arsanaic agus comhdhúile (mar As) (8)

    20

    5

    5

    18

     

    Caidmiam agus comhdhúile (mar Cd) (8)

    10

    5

    5

    19

     

    Cróimiam agus comhdhúile (mar Cr) (8)

    100

    50

    50

    20

     

    Copar agus comhdhúile (mar Cu) (8)

    100

    50

    50

    21

     

    Mearcair agus comhdhúile (mar Hg) (8)

    10

    1

    1

    22

     

    Nicil agus comhdhúile (mar Ni) (8)

    50

    20

    20

    23

     

    Luaidhe agus comhdhúile (mar Pb) (8)

    200

    20

    20

    24

     

    Sinc agus comhdhúile (mar Zn) (8)

    200

    100

    100

    25

    15972-60-8

    Alaclór

    1

    1

    26

    309-00-2

    Aildrin

    1

    1

    1

    27

    1912-24-9

    Atraisín

    1

    1

    28

    57-74-9

    Clórdán

    1

    1

    1

    29

    143-50-0

    Clóirdeacón

    1

    1

    1

    30

    470-90-6

    Clóirfeinveanfos

    1

    1

    31

    85535-84-8

    Clóralcáin, C10-C13

    1

    1

    32

    2921-88-2

    Clóirpireafos

    1

    1

    33

    50-29-3

    DDT

    1

    1

    1

    34

    115-32-2

    Déchófól

    1

    1

    1

    35

    107-06-2

    1, 2-déchlóireatán (EDC)

    1 000

    10

    10

    36

    75-09-2

    Déchlóraimeatán (DCM)

    1 000

    10

    10

    37

    60-57-1

    Dé-eildrin

    1

    1

    1

    38

    330-54-1

    Dé-úrón

    1

    1

    39

    115-29-7

    Ionsulfán

    1

    1

    40

    72-20-8

    Eindrin

    1

    1

    1

    41

     

    Comhdhúile orgánacha halaiginithe (mar AOX) (9)

    1 000

    1 000

    42

    76-44-8

    Heipteaclór

    1

    1

    1

    43

    118-74-1

    Heicseaclóraibeinséin (HCB)

    10

    1

    1

    44

    87-68-3

    Heicseaclórabútaidéin (HCBD)

    1

    1

    45

    608-73-1

    1, 2,3, 4,5, 6-heicseaclóraicioglaiheacsán (HCH)

    10

    1

    1

    46

    58-89-9

    Liondán

    1

    1

    1

    47

    2385-85-5

    Miréis

    1

    1

    1

    48

     

    PCDD + PCDF (dé-ocsainí + fúráin) (mar Teq) (10)

    0,0001

    0,0001

    0,0001

    49

    608-93-5

    Peinteaclóraibeinséin

    1

    1

    1

    50

    87-86-5

    Peinteaclóraifeanól (PCP)

    10

    1

    1

    51

    335-67-1

    Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA) agus a shalainn

    1

    1

    1

    52

    355-46-4

    Aigéad sárfhluaraiheacsáin-1-sulfónach (PFHxS) agus a shalainn;

    1

    1

    1

    53

    1336-36-3

    Défheinilí polaclóirínithe (PCBanna)

    0,1

    0,1

    0,1

    54

    122-34-9

    Siomaisín

    1

    1

    55

    127-18-4

    Teitreaclóireitiléin (PER)

    2 000

    10

    56

    56-23-5

    Teitreaclóraimeatán (TCM)

    100

    1

    57

    12002-48-1

    Tríchlóraibeinséiní (TCBanna) (isiméirí uile)

    10

    1

    58

    71-55-6

    1, 1,1-tríchlóireatán

    100

    59

    79-34-5

    1, 1,2, 2-teitreaclóireatán

    50

    60

    79-01-6

    Tríchlóireitiléin

    2 000

    10

    61

    67-66-3

    Tríchlóraimeatán

    500

    10

    62

    8001-35-2

    Tocsaiféin

    1

    1

    1

    63

    75-01-4

    Clóiríd vinile

    1 000

    10

    10

    64

    120-12-7

    Antraicéin

    50

    1

    1

    65

    71-43-2

    Beinséin

    1 000

    200 (mar BTEX) (11)

    200 (mar BTEX) (11)

    66

     

    Défheiniléitir bhróimínithe (PBDE) (12)

    1

    1

    67

     

    Naoinilfeanól agus Eatocsaláití naoinilfeanóil (NP/NPEnna)

    1

    1

    68

    100-41-4

    Beinséin eitile

    200 (mar BTEX) (11)

    200 (mar BTEX) (11)

    69

    75-21-8

    Ocsaíd eitiléine

    1 000

    10

    10

    70

    34123-59-6

    Iseaprótúrón

    1

    1

    71

    91-20-3

    Naftailéin

    100

    10

    10

    72

     

    Comhdhúile orgánastáin (mar Sn iomlán)

    50

    50

    73

    117-81-7

    Dé-(2-eitilheicsil)taláit (DEHP)

    10

    1

    1

    74

    108-95-2

    Feanóil (mar C iomlán) (13)

    20

    20

    75

     

    Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) (14)

    50

    5

    5

    76

    108-88-3

    Tolúéin

    200 (mar BTEX) (11)

    200 (mar BTEX) (11)

    77

     

    Tríbhúitiltin agus comhdhúile (15)

    1

    1

    78

     

    Trífheiniltin agus comhdhúile (16)

    1

    1

    79

     

    Carbón orgánach iomlán (TOC) (mar C iomlán nó COD/3)

    50 000

    80

    1582-09-8

    Trífhlurailin

    1

    1

    81

    1330-20-7

    Xiléiní (17)

    200 (mar BTEX) (11)

    200 (mar BTEX) (11)

    82

     

    Clóirídí (mar Cl iomlán)

    2 mhilliún

    2 mhilliún

    83

     

    Clóirín agus comhdhúile neamhorgánacha (mar HCl)

    10 000

    84

    1332-21-4

    Aispeist

    1

    1

    1

    85

     

    Ciainídí (mar CN iomlán)

    50

    50

    86

     

    Fluairídí (mar F iomlán)

    2 000

    2 000

    87

     

    Fluairín agus comhdhúile neamhorgánacha (mar HF)

    5 000

    88

    74-90-8

    Ciainíd hidrigine (HCN)

    200

    89

     

    Ábhar cáithníneach (PM10)

    50 000

    90

    1806-26-4

    Ochtailfeanóil agus Eatocsaláití ochtailfeanóil

    1

    91

    206-44-0

    Fluaraintéin

    1

    92

    465-73-6

    Isidrin

    1

    93

    36355-1-8

    Heicseabrómaidhéfheinil

    0,1

    0,1

    0,1

    94

    191-24-2

    Beinsi(g,h,i)peiriléin

     

    1

     


    (1)  Mura sonraítear a mhalairt, tuairisceofar aon truailleán a shonraítear san Iarscríbhinn seo mar mhais iomlán an truailleáin sin nó, i gcás inar grúpa substaintí an truailleán, mar mhais iomlán an ghrúpa.

    (2)  Le fleiscín (—), léirítear nach ngníomhachtaítear ceanglais tuairiscithe leis an bparaiméadar ná leis an meán atá i gceist.

    (3)  Mais iomlán fluaracarbón hidrigine: suim HFC23, HFC32, HFC41, HFC4310mee, HFC125, HFC134, HFC134a, HFC152a, HFC143, HFC143a, HFC227ea, HFC236fa, HFC245ca, HFC365mfc.

    (4)  Mais iomlán sárfhluaracarbón: suim CF4, C2F6, C3F8, C4F10, c-C4F8, C5F12, C6F14.

    (5)  Mais iomlán na substaintí, lena n-áirítear a n-isiméirí, a liostaítear i nGrúpa VIII d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

    (6)  Mais iomlán na substaintí, lena n-áirítear a n-isiméirí, a liostaítear i nGrúpaí I agus II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

    (7)  Mais iomlán na substaintí, lena n-áirítear a n-isiméirí, a liostaítear i nGrúpaí III agus VI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009.

    (8)  Tuairisceofar na miotail uile mar mhais iomlán na dúile sna foirmeacha ceimiceacha uile atá i láthair sa scaoileadh.

    (9)  Comhdhúile orgánacha halaiginithe is féidir a asú go carbón gníomhachtaithe arna sloinneadh mar chlóiríd.

    (10)  Arna sloinneadh mar I-TEQ.

    (11)  Tá truailleáin aonair le tuairisciú i gcás ina sáraítear an tairseach le haghaidh BTEX (an paraiméadar suime de bheinséin, tholúéin, bheinséin eitile, xiléiní).

    (12)  Mais iomlán na ndéfheiniléitear bróimínithe seo a leanas: peintea-BDE, ochta-BDE agus deaca-BDE.

    (13)  Mais iomlán feanóil agus feanól simplithe malartaithe arna sloinneadh mar charbón iomlán.

    (14)  Maidir le scaoiltí san aer a thuairisciú, tá hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) le tomhas mar bheinsi[a]piréin (50-32-8), beinsea[b]fluaraintéin (205-99-2), beinsea[k]fluaraintéin (207-08-9) agus indéini(1,2,3-cd)piréin (193-39-5) mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

    (15)  Mais iomlán comhdhúl tríbhúitiltine, arna sloinneadh mar mhais tríbhúitiltine.

    (16)  Mais iomlán comhdhúl trífheiniltine, arna sloinneadh mar mhais trífheiniltine.

    (17)  Mais iomlán xiléine (ortai-xiléin, meiti-xiléin, parai-xiléin).


    IARSCRÍBHINN III

    Tábla comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 166/2006

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2, pointe (1)

    Airteagal 3, pointe (4)

    Airteagal 2, pointe (2)

    Airteagal 3, pointe (13)

    Airteagal 2, pointe (3)

    Airteagal 3, pointe (1)

    Airteagal 2, pointe (4)

    Airteagal 3, pointe (2)

    Airteagal 2, pointe (5)

    Airteagal 3, pointe (3)

    Airteagal 2, pointe (6)

    Airteagal 3, pointe (8)

    Airteagal 2, pointe (7)

    Airteagal 3, pointe (17)

    Airteagal 2, pointe (8)

    Airteagal 3, pointe (7)

    Airteagal 2, pointe (9)

    Airteagal 3, pointe (6)

    Airteagal 2, pointe (10)

    Airteagal 3, pointe (5)

    Airteagal 2, pointe (11)

    Airteagal 3, pointe (9)

    Airteagal 2, pointe (12)

    Airteagal 3, pointe (12)

    Airteagal 2, pointe (13)

    Airteagal 3, pointe (10)

    Airteagal 2, pointe (14)

    Airteagal 3, pointe (14)

    Airteagal 2, pointe (15)

    Airteagal 3, pointe (11)

    Airteagal 2, pointe (16)

    Airteagal 3, pointe (16)

    Airteagal 2, pointe (17)

    Airteagal 3, pointe (15)

    Airteagal 3, pointe (a)

    Airteagal 4(1), pointe (a)

    Airteagal 3, pointe (b)

    Airteagal 4(1), pointe (b)

    Airteagal 3, pointe (c)

    Airteagal 4(1), pointe (f)

    Airteagal 4(1)

    Airteagal 5(1)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 5(1), pointe (a)

    Airteagal 6(1), pointe (a)

    Airteagal 5(1), pointe (b)

    Airteagal 6(1), pointe (b)

    Airteagal 5(1), pointe (c)

    Airteagal 6(1), pointe (c)

    Airteagal 5(1), an dara fomhír

    Airteagal 5(1), an tríú fomhír

    Airteagal 6(4)

    Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír

    Airteagal 6(5)

    Airteagal 5(2)

    Airteagal 6(6)

    Airteagal 5(3)

    Airteagal 6(7)

    Airteagal 5(4)

    Airteagal 5(5)

    Airteagal 6(8)

    Airteagal 6

    Airteagal 6(1), pointe (b)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 6(10)

    Airteagal 7(2)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 7(3)

    Airteagal 7(2)

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 9(3)

    Airteagal 9(4)

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 10(2)

    Airteagal 10(2)

    Airteagal 11

    Airteagal 11

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 13

    Airteagal 15

    Airteagal 14

    Airteagal 18

    Airteagal 15

    Airteagal 18a

    Airteagal 16

    Airteagal 19

    Airteagal 17

    Airteagal 20

    Airteagal 18

    Airteagal 21

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn II


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1244/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top