This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1239
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/1239 of 22 February 2024 amending Regulation (EU) 2018/196 of the European Parliament and of the Council on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1239 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1239 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
C/2024/1056
IO L, 2024/1239, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1239/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1239 |
29.4.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1239 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Toisc nár chuir na Stáit Aontaithe an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh [the Continued Dumping and Subsidy Offset Act] (‘CDSOA’) i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’), de bhun Rialachán (AE) 2018/196, forchuireadh dleacht chustaim bhreise ad valorem 4,3 % ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. I gcomhréir leis an údarú ó EDT cur i bhfeidhm na lamháltas maidir leis na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí, coigeartóidh an Coimisiún leibhéal na fionraíochta go bliantúil de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríonn CDSOA ar an Aontas an tráth sin. Coigeartaíodh leibhéal na fionraíochta in 2023 go dleacht chustaim bhreise ad valorem 0,164 % agus leasaíodh Rialachán (AE) 2018/196 dá réir (2). |
(2) |
Baineann na heisíocaíochtaí ó CDSOA le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith le dáileadh na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2023 (an 1 Deireadh Fómhair 2022 — an 30 Meán Fómhair 2023). Ar bhonn na sonraí a d’fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, ríomhtar gurbh é USD 34,98 leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríodh ar an Aontas. |
(3) |
Tá laghdú mór tagtha ar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe agus, mar iarmhairt air sin, ar leibhéal na fionraíochta freisin agus tá sé diomaibhseach. Ní bheadh aon éifeacht trádála ag ráta na dleachta breise ar allmhairí a bheadh ann mar thoradh air sin, is é sin 0,00002 %, agus bheadh costas riaracháin díréireach i gceist léi don Aontas. Dá bhrí sin ba cheart 0 % a bheith i ráta na dleachta breise ar allmhairí. |
(4) |
Chun a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur i bhfeidhm ráta leasaithe na dleachta allmhairiúcháin breise, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/196 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/196 lena ndéantar formáidiú an réiltín agus an téacs atá nasctha leis ar bhealach fonóta:
‘Airteagal 2
Forchuirfear dleacht ad valorem 0 % de bhreis ar an dleacht chustaim is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ar na táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 44, 16.2.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/858 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 111, 26.4.2023, lch. 15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1239/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)