Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1227

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1227 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht ainm a cláraíodh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Gamoneu / Gamonedo (ATFC))

    C/2024/2817

    IO L, 2024/1227, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1227/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1227/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1227

    30.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1227 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Aibreán 2024

    lena bhformheastar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht ainm a cláraíodh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Gamoneu / Gamonedo’ (ATFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Spáinn isteach ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Gamoneu / Gamonedo’ atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 676/2008 ón gCoimisiún (2). San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm ‘Gamoneu / Gamonedo’ go ‘ Gamonéu’.

    (2)

    Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3).

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Gamoneu / Gamonedo’ (ATFC), formheastar leis seo é.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 676/2008 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 lena gcláraítear ainmneacha áirithe i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint [Ail de la Drôme (TGFC), Všestarská cibule (ATFC), Slovenská bryndza (TGFC), Ajo Morado de Las Pedroñeras (TGFC), Gamoneu ou Gamonedo (ATFC), Alheira de Vinhais (TGFC), Presunto de Vinhais ou Presunto Bísaro de Vinhais (TGFC)] (IO L 189, 17.7.2008, lch. 19), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/676/oj.

    (3)   IO C, C/2024/674, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/674/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1227/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top