This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1206
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1206 of 29 April 2024 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the extension of the approval periods of the active substances 1-decanol, 6-benzyladenine, aluminium sulfate, azadirachtin, bupirimate, dithianon, dodine, fluometuron, hexythiazox, isoxaben, lime sulphur, orange oil, prosulfuron, quinmerac, sintofen, sodium silver thiosulfate, tau-fluvalinate, tebufenozide, tembotrione and zinc phosphide
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1206 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, prósulfúrón, cuinmeireac, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1206 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, prósulfúrón, cuinmeireac, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since
C/2024/2667
IO L, 2024/1206, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1206/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1206 |
30.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1206 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Aibreán 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, prósulfúrón, cuinmeireac, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, meastar na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (2) a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Liostaítear na substaintí sin i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), liostaítear na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gCuid B den Iarscríbhinn sin, agus liostaítear substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 mar shubstaintí atá le hionadú i gCuid E den Iarscríbhinn sin. |
|
(2) |
Is i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a liostaítear na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, cuinmeireac, sintifein, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd agus foisfíd since. Is i gCuid B den Iarscríbhinn sin a liostaítear na substaintí gníomhacha ola oráiste, tiasulfáit airgid sóidiam agus teambaitrí-ón agus is i gCuid E den Iarscríbhinn sin a liostaítear an tsubstaint ghníomhach prósulfúrón. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (4) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha ola oráiste, prósulfúrón, cuinmeireac, tiasulfáit airgid sóidiam, teambaitrí-ón agus foisfíd since go dtí an 31 Iúil 2024 agus le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, déthianón, dóidín, fluaimeatúrón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, sintifein, tó-fluvailionáit agus teabúifeanóisíd go dtí an 31 Lúnasa 2024. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheasanna gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (5) agus (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (6) faoi seach. |
|
(5) |
I gcás na substaintí gníomhacha asadaraictin, búipireamáit, déthianón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, cuinmeireac, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since, níl an measúnú riosca de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann. |
|
(6) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, dóidín, fluaimeatúrón, prósulfúrón agus sintifein, tá gá le breis ama ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun teacht ar chonclúid a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, comhairliúchán le saineolaithe riachtanach ina leith. Tá gá le breis ama ag an gCoimisiún chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh. |
|
(7) |
Ós rud é gur dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa lena mbaineann in éag an 31 Iúil 2024 agus an 31 Lúnasa 2024, agus nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta lena mbaineann maidir leis an bhformheas a athnuachan. |
|
(8) |
I gcás na substaintí gníomhacha asadaraictin, búipireamáit, déthianón, heicsitiasocs, iosocsaibein, sulfar aoil, ola oráiste, cuinmeireac, tiasulfáit airgid sóidiam, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón agus foisfíd since, ós rud é nach bhfuil an measúnú riosca tugtha chun críche go fóill ag na Ballstáit is rapóirtéirí agus i bhfianaise an ama is gá chun na céimeanna atá fágtha i ngach nós imeachta athnuachana a dhéanamh, ba cheart tréimhse 29 mí de shíneadh ar na tréimhsí formheasa a shocrú i leith na substaintí sin. |
|
(9) |
I gcás na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, dóidín, fluaimeatúrón, prósulfúrón agus sintifein, ós rud é go bhfuil gá le breis ama ag an Údarás chun teacht ar chonclúid maidir lena measúnú riosca, ba cheart tréimhse 23 mhí agus 2 sheachtain de shíneadh ar an tréimhse formheasa a shocrú i leith na substaintí sin. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(11) |
I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear nach ndéantar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, is é an dáta a leagfaidh an Coimisiún síos mar dháta éaga dáta theacht i bhfeidhm Rialacháin seo nó an dáta céanna a bhí ann roimh ghlacadh an Rialacháin seo, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear maidir le hathnuachan formheasa substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flocsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití potaisiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2007/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).
IARSCRÍBHINN
I.
Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:|
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 311, cuinmeireac, cuirtear ‘31 Nollaig 2026’ in ionad an dáta; |
|
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 314, foisfíd since, cuirtear ‘31 Nollaig 2026’ in ionad an dáta; |
|
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 317, 6-beinsioladainín, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 323, dóidín, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(5) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 328, tó-fluvailionáit, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(6) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 330, búipireamáit, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(7) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 333, 1-deacanól, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(8) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 334, iosocsaibein, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(9) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 335, fluaimeatúrón, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(10) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 341, sintifein, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(11) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 343, asadaraictin, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(12) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 345, sulfar aoil, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(13) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 346, sulfáit alúmanaim, cuirtear ‘15 Iúil 2026’ in ionad an dáta; |
|
(14) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 350, teabúifeanóisíd, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(15) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 351, déthianón, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta; |
|
(16) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 352, heicsitiasocs, cuirtear ‘31 Eanáir 2027’ in ionad an dáta. |
II.
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 56, ola oráiste, ró 59, teambaitrí-ón, agus ró 63, tiasulfáit airgid sóidiam, cuirtear ‘31 Nollaig 2026’ in ionad an dáta.
III.
I gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 6, prósulfúrón, cuirtear ‘15 Meitheamh 2026’ in ionad an dáta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1206/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)