This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1200
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1200 of 18 April 2024 concerning the renewal of the authorisation of a preparation of Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 and Enterococcus faecium DSM 21913 as a feed additive for chickens for fattening, chickens reared for laying and minor poultry species for fattening and reared for laying or breeding, the authorisation of that preparation as a feed additive for use in feed and in water for drinking for chickens reared for breeding, turkeys for fattening and turkeys reared for breeding (holder of authorisation: Biomin GmbH) and repealing Implementing Regulations (EU) No 544/2013 and (EU) 2015/1105
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1200 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 maidir le húdarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, maidir le húdarú na hullmhóide sin mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 agus (AE) 2015/1105
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1200 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 maidir le húdarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, maidir le húdarú na hullmhóide sin mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 agus (AE) 2015/1105
C/2024/2447
IO L, 2024/1200, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1200/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1200 |
22.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1200 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Aibreán 2024
maidir le húdarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, maidir le húdarú na hullmhóide sin mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 agus (AE) 2015/1105
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus salivarius ssp. salivarius DSM 16351) agus Enterococcus faecium DSM 21913 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha le haghaidh sicíní lena ramhrú agus, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1105 ón gCoimisiún (3) údaraíodh í lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis, seachas béaróga, mar aon lena húsáid in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis, seachas béaróga, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, bhain an t-iarratas sin freisin le húdarú úsáidí nua na hullmhóide céanna mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) agus Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 15 Samhain 2023 (4) maidir leis an ullmhóid Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 go bhfuil sé sábháilte do na spriocspeicis, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe agus mheas an tÚdarás go raibh feidhm ag an gconclúid sin maidir leis na spriocspeicis a ndearnadh iarraidh ar úsáidí nua ina leith. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl atá san ullmhóid sin ach gur cheart a mheas gur íogróir riospráide atá inti. Chuir an tÚdarás in iúl nár ghá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 i gcomhthéacs athnuachan an údaraithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis, seachas béaróga. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid gur measadh go raibh an ullmhóid sin éifeachtúil i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis atá ag fás, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhoiriúnacht úsáid coicideastat a bhfuil údarú ann ina leith. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann ullmhóid Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 na coinníollacha, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na hullmhóide sin a athnuachan lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, agus ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin. Is iomchuí a léiriú comhoiriúnacht úsáid na hullmhóide sin leis na coicideastait amóiniam madúraimícine, déchlasairil, hidreaclóiríd róibeinidín, dé-coicíonáit, naraisin, niocarbaisin, meascán de niocarbaisin agus naraisin. Ina theannta sin, ós rud é nach bhféadfar na coicideastait sin a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ná catagóir a liostaítear san Iarscríbhinn, níor cheart a n-úsáid chomhuaineach leis an ullmhóid Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a bheith indéanta ach amháin i gcomhréir lena gcoinníollacha féin maidir le húdarú mar bhreiseáin bheathaithe. Faoi dheireadh, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 agus (AE) 2015/1105 a aisghairm. |
|
(8) |
Ós rud é nach gceanglaítear, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe a chur i bhfeidhm láithreach maidir le hullmhóid Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, údaraítear í lena húsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Aisghairmeacha
Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 agus (AE) 2015/1105.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
1. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn iontu agus atá beartaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Bealtaine 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 544/2013 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2013 maidir le húdarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Lactobacillus salivarius ssp. salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (IO L 163, 15.6.2013, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/544/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1105 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 maidir le húdarú ullmhóide de Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Lactobacillus salivarius ssp. salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis, seachas béaróga, agus maidir le húdarú an bhreiseáin beathaithe sin lena úsáid in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 544/2013 a mhéid a bhaineann le huaschion an bhreiseáin bheathaithe sin in ábhar beatha iomlán agus a chomhoiriúnacht le coicideastait (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (IO L 181, 9.7.2015, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1105/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(12):8356.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
CFU/l d’uisce óil |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||||||||||||||
|
4b1890 |
Biomin GmbH |
Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 ina bhfuil íoschion 10 × 109 CFU/g de bhreiseán (cóimheas 3:1:6) Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284, Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 agus Enterococcus faecium DSM 21913 Modh anailíse (1) Sainaithint: Modhanna seicheamhaithe DNA nó Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) - CEN/TS 17697. Áireamh Bifidobacterium animalis ssp. animalis DSM 16284
|
Gach speiceas éanlaithe clóis lena ramhrú Gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga Gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin |
- |
1 × 108 |
- |
5 × 107 |
- |
|
12.5.2034 |
||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1200/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)