This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1195
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1195 of 24 April 2024 concerning the authorisation of cassia essential oil from Cinnamomum aromaticum Nees as a feed additive for certain animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1195 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1195 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe
C/2024/2592
IO L, 2024/1195, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1195/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1195 |
25.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1195 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Aibreán 2024
maidir le húdarú bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
(2) |
Rinneadh an tsubstaint bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun údarú a dhéanamh ar bhláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin sin in uisce óil a cheadú. |
(5) |
Sa tuairim uaidh an 27 Meán Fómhair 2022 (3), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid go bhfuil bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees sábháilte d’ainmhithe gearrshaolacha (ainmhithe lena ramhrú), lena n-áirítear bainbh agus mionspeicis Suidae eile, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhfuil sé sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Chuir an tÚdarás in iúl, mar gheall ar stiréin a bheith i láthair i nduilleoga ola caisia, nach bhfuil sé in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht an bhreiseáin d’ainmhithe fadsaolacha agus ainmhithe atáirgthe, lena n-áirítear ainmhithe a thógtar le bheith ina mbéaróga/le haghaidh pórúcháin/le haghaidh atáirgthe. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, nuair a bhítear ag láimhseáil an bláthola, nach féidir nochtadh úsáideoirí gan chosaint do stiréin a chur as an áireamh agus, dá bhrí sin, chun an riosca a laghdú, gur cheart nochtadh na n-úsáideoirí a íoslaghdú. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin, ós rud é go bhfuil an tsubstaint aitheanta mar bhlastán bia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna aige i mbeatha, go bunúsach, is atá aige i mbia, nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(6) |
Ina dhiaidh sin, tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ar údarú bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees maidir le gach speiceas agus catagóir ainmhíoch ach amháin: bainbh, bainbh de mhionspeicis Suidae, speicis ainmhithe lena ramhrú (seachas eachainmhithe), salmainidí (seachas stoc goir) agus mionéisc eite (seachas stoc goir). |
(7) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, a mhéid a bhaineann le: speicis ainmhithe lena ramhrú (seachas eachainmhithe), salmainidí agus éisc eite (seachas stoc goir), bainbh agus bainbh de mhionspeicis Suidae. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú. Measann an Coimisiún, maidir le láithreacht na substaintí stiréin agus cúmairín ar údar imní iad i mbláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees, gur gá an uaschion a shocrú san ábhar beatha iomlán agus gur gá toirmeasc a chur le meascán na mbreiseán sin le breiseáin eile ina bhfuil na substaintí céanna ar ábhar imní iad. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
(8) |
Le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena gceanglaítear go dtarraingeofaí siar ón margadh breiseáin bheathaithe nár cuireadh iarratais isteach ina leith mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an spriocdháta dá bhforáiltear san fhoráil sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Rialachán a ghlacadh a bhainfeadh le breiseáin bheathaithe ar cuireadh iarratas isteach ina leith ach ar tarraingíodh siar ina dhiaidh sin é. |
(9) |
I gcás breiseáin bheathaithe ar tarraingíodh iarratas siar ina leith i gcás speicis nó catagóirí ainmhíocha áirithe amháin, níor cheart baint a bheith ag an tarraingt siar ón margadh ach leis na speicis nó catagóirí ainmhíocha sin. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees a tharraingt siar ón margadh a mhéid a bhaineann leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha nach bhfuil faoi réir an údaraithe a dheonaítear leis an Rialachán seo. |
(11) |
A mhéid a údaraítear bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees mar bhreiseán beathaithe leis an Rialachán seo, ní gá, mar gheall ar chúiseanna sábháilteachta, modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte sin a chur i bhfeidhm láithreach maidir leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha a chumhdaítear leis an údarú a dheonaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh na bpáirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
(12) |
Ina theannta sin agus a mhéid a dhéantar an breiseán beathaithe a tharraingt siar ón margadh, maidir leis na stoic atá ann cheana den bhreiseán, de na réamh-mheascáin, de na hábhair bheatha agus den bheatha chumaisc a táirgeadh leis an mbreiseán sin, is iomchuí freisin idirthréimhse a cheadú ina bhféadfaí na stoic sin a ídiú chomh maith i ndáil leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha nach gcumhdaítear leis an údarú a dheonaítear leis an Rialachán seo, ionas go mbeidh páirtithe leasmharain ann oiriúnú don oibleagáid na táirgí sin a tharraingt siar ón margadh. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Tá an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tarraingt siar ón margadh
Maidir leis an mbreiseán beathaithe bláthola caisia ó Cinnamomum aromaticum Nees, mar atá údaraithe de bhun Threoir 70/524/CEE, déanfar é a tharraingt siar ón margadh i ndáil leis na speicis agus na catagóirí ainmhíocha sin seachas na cinn a luaitear san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an údarú
1. An breiseán beathaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 agus na réamh-mheascáin ina bhfuil an breiseán sin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid i ndáil leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí a luaitear san Iarscríbhinn go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid i ndáil leis na speicis ainmhíocha agus na catagóirí a luaitear san Iarscríbhinn go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an tarraingt siar ón margadh
1. Maidir leis na stoic den bhreiseán beathaithe atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid i ndáil leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha sin seachas na cinn a luaitear san Iarscríbhinn go dtí an 15 Bealtaine 2025.
2. Maidir le réamh-mheascáin arna dtáirgeadh leis an mbreiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid i ndáil leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha sin seachas na cinn a luaitear san Iarscríbhinn go dtí an 15 Lúnasa 2025.
3. Maidir le beatha chumaisc agus ábhair bheatha arna dtáirgeadh leis an mbreiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 nó le réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid i ndáil leis na speicis agus catagóirí ainmhíocha sin seachas na cinn a luaitear san Iarscríbhinn go dtí an 15 Bealtaine 2026.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(10):7600.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||
2b131-eo |
Bláthola caisia |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola a fhaightear ó dhuilleoga, ó ghais agus ó chraobhóga Cinnamomum aromaticum Nees (1) Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Bláthola a fhaightear ó Cinnamomum aromaticum Nees trí ghaldriogadh ó dhuilleoga, ó ghais agus ó chraobhóga mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (2). Sonraíochtaí: (E)-Cainéalaildéad: 70-89 % (E)-2-Meatocsacainéalaildéad: 0-15 % Aicéatáit chionnaimile: ≤ 4 % Cúmairín: ≤ 4 % Stiréin: ≤ 0,1 % Uimhir CAS: 8007-80-5 Uimhir Einecs: 284-635-0 Uimhir FEMA: 2258 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 131 Modh anailíse (3) Maidir le (E)-cainéalaildéad (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh (ola caisia):
|
Muca lena ramhrú |
— |
— |
61 |
|
10 Bealtaine 2034 |
||||||||||
Muca lena ramhrú de mhionspeicis Suidae |
— |
— |
51 |
|||||||||||||||
Bainbh agus bainbh de mhionspeicis Suidae |
— |
— |
51 |
|||||||||||||||
Laonna lena ramhrú |
— |
— |
100 |
|||||||||||||||
Eallach lena ramhrú, caoirigh lena ramhrú agus mion-athchogantaigh lena ramhrú |
|
|
60 |
|||||||||||||||
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
— |
— |
28,5 |
|||||||||||||||
Turcaithe lena ramhrú |
— |
— |
38 |
|||||||||||||||
Coiníní lena ramhrú |
— |
— |
25 |
|||||||||||||||
Salmainidí agus mionéisc eite seachas stoc goir |
— |
— |
125 |
|||||||||||||||
Mionspeicis eile lena ramhrú seachas eachainmhithe |
— |
— |
28,5 |
(1) Comhchiallaigh a nglactar leo Cinnamomum cassia (L.) J. Presl agus Cinnamomum cassia Blume.
(2) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feedadditives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1195/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)