EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1194
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1194 of 24 April 2024 concerning the renewal of the authorisation of nicotinic acid and niacinamide as feed additives for all animal species and repealing Implementing Regulation (EU) No 642/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1194 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú aigéid nicitínigh agus niaicinimíde a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1194 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú aigéid nicitínigh agus niaicinimíde a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013
C/2024/2579
IO L, 2024/1194, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1194/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1194 |
25.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1194 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Aibreán 2024
maidir le húdarú aigéid nicitínigh agus niaicinimíde a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013 (2) ón gCoimisiún, údaraíodh niaicin agus niaicinimíd ar feadh thréimhse 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh dhá iarratas isteach chun údarú niaicine agus niaicinimíd le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin. Measann an Coimisiún gur cheart an t-ainm ‘aigéad nicitíneach’ a chur in ionad ainm an bhreiseáin ‘niaicin’ a úsáidtear san údarú tosaigh ós rud é go bhfuil an téarma ‘niaicin’ ar cheann de na hainmneacha cineálacha a úsáidtear le haghaidh aigéad nicitíneach ach freisin le haghaidh substaintí eile amhail nicitíonaimíd agus díorthaigh ghaolmhara. |
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 26 Meán Fómhair 2023 (3) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil an t-aigéad nicitíneach agus niaicinimíd fós sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil aigéad nicitíneach agus niaicinimíd fós éifeachtúil mar fhoinse éifeachtach niaicine i gcothú ainmhithe agus nach greannaitheoir craicinn ach greannaitheoir súl iad aigéad nicitíneach agus niaicinimíde. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach íogróirí deirmeacha iad agus gur dócha go dtarlóidh an nochtadh trí ionanálú. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar aigéad nicitíneach agus niaicinimíd mar bhreiseáin bheathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann aigéad nicitíneach agus niaicinimíd na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na mbreiseán sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
(7) |
Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú aigéid nicitínigh a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a chomhlíonadh a eascraíonn as athnuachan an údaraithe mar thoradh ar athrú ainm an bhreiseáin ‘niaicin’ a athrú go ‘aigéad nicitíneach’. |
(8) |
Mar thoradh ar údarú aigéid nicitínigh agus niaicinimíde a athnuachan, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013 a aisghairm. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’, athnuaitear iad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An tsubstaint aigéad nicitíneach a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint aigéad nicitíneach a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint aigéad nicitíneach a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 642/2013 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2013 maidir le niaicin agus niaicinimíd a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 186, 5.7.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/642/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(10):8359 agus EFSA Journal [Iris EFSA]2023;21(10):8357.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||||||
3a314 |
Aigéad nicitíneach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Aigéad nicitíneach Tréithriú na substainte gníomhaí Aigéad nicitíneach Foirm sholadach Íonacht: ≥ 99 % Ainm ceimiceach: aigéad nicitíneach Foirmle cheimiceach: C6H5NO2 Uimhir CAS: 59-67-6 Uimhir Einecs: 200-441-0 Modh anailíse (1)
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
15 Bealtaine 2034 |
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||||||
3a315 |
Niaicinimíd |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Niaicinimíd Tréithriú na substainte gníomhaí Niaicinimíd Foirm sholadach Íonacht: ≥ 99 % Ainm ceimiceach: niaicinimíd, foirmle cheimiceach nicitíonaimíde: C6H6N2O Uimhir CAS: 98-92-0 Uimhir Einecs: 202-713 Modh anailíse (2)
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
15 Bealtaine 2034 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1194/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)