EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1193

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1193 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2024 maidir le húdarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013

C/2024/2593

IO L, 2024/1193, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1193/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1193/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1193

25.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1193 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Aibreán 2024

maidir le húdarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 ón gCoimisiún, údaraíodh hiodrocsaíd sóidiam ar feadh thréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘rialtáin aigéadachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 5 Meán Fómhair 2023 (3) go bhfuil hiodrocsaíd sóidiam fós sábháilte le haghaidh na spriocspeiceas faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair, ar choinníoll nach gcuirfidh an tiúchan iomlán sóidiam i mbeatha as do chothromaíocht fhoriomlán na leictrilíte. D’athdhearbhaigh an tÚdarás ina chonclúid roimhe seo go bhfuil an breiseán creimneach agus chuir sé in iúl freisin nach bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin toisc nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe moladh maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar moladh é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin.

(5)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar hiodrocsaíd sóidiam mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann hiodrocsaíd sóidiam na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais.

(7)

Mar thoradh ar údarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 a aisghairm dá réir sin.

(8)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú hiodrocsaíde sóidiam a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Údarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘rialtáin aigéadachta’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus sna réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2013 maidir leis an údarú ullmhóide arb é atá inti hiodrocsaíde sóidiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha (IO L 49, 22.2.2013, lch. 52). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/161/oj).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2023;21(9):8249.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail a bhaineann le hiarratais ar údaruithe breiseán beatha (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: rialtáin aigéadachta

1j524

Hiodrocsaíd sóidiam

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Hiodrocsaíd sóidiam 50 % w/w

(tuaslagán uisce)

———————————

Tréithriú na substainte gníomhaí

Hiodrocsaíd sóidiam ≥ 98,0 % alcaile iomlán (arna ríomh mar NaOH)

NaOH Uimh. CAS: 1310-73-2

Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

———————————

Modh anailíse  (1)

Hiodrocsaíd sóidiam a chinneadh sa bhreiseán beathaithe: Tíotraiméadracht — Coimre Chomhcheangailte FAO JECFA maidir le Sonraíochtaí Breiseán Bia, Monagraf Uimh. 1 (2006) ‘hiodrocsaíd sóidiam’.

Cait,

madraí agus éisc ornáideacha

1.

Sonraigh sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán:

‘Ní chuirfidh an tiúchan iomlán sóidiam a bheidh mar thoradh air sin isteach ar chothromaíocht fhoriomlán na leictrilíte’.

2.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

15 Bealtaine 2034


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1193/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top