Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1072

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1072 ón gCoimisiún an 25 Eanair 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh

    C/2024/255

    IO L, 2024/1072, 15.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1072/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1072/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1072

    15.4.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1072 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Eanair 2024

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 24, pointí (c) agus (g), agus Airteagal 36, pointe (b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear ar údaráis chustaim, faoi réir coinníollacha áirithe, cinntí a dhéanamh maidir le faisnéis taraife cheangailteach (‘cinntí BTI’) agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (‘cinntí BOI’).

    (2)

    Le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i gcásanna sonracha, ceanglaítear ar na húdaráis chustaim cinntí a dhéanamh, ar cinntí iad a bhaineann le faisnéis cheangailteach maidir le tosca eile dá dtagraítear i dTeideal II den Rialachán sin. Ceann de na tosca eile sin nach bhfuil faoi réir cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach go fóill is ea luach earraí chun críocha custaim, dá dtagraítear i dTeideal II, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (3)

    Cinntí a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach (‘cinntí BVI’), ba cheart iad a thabhairt isteach sa reachtaíocht custaim chun trédhearcacht, deimhneacht dhlíthiúil, comhlíonadh agus aonfhoirmeacht na luachála custaim a mhéadú, chun tairbhe oibreoirí eacnamaíocha, údarás custaim agus leasanna airgeadais an Aontais.

    (4)

    Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc cineálacha éagsúla faisnéise ceangailtí, a mhéid is féidir, ba cheart na forálacha a bhaineann le cinntí BVI a ailíniú le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (2) a bhaineann le cinntí BTI agus cinntí BOI.

    (5)

    Ba cheart Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú chun cinntí BVI a chur faoi réir na heisceachta céanna leis an gceart chun éisteacht a fháil leis na cinn is infheidhme maidir le cinntí BTI agus BOI faoi Airteagal 22(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (6)

    Ba cheart Airteagal 18a nua a thabhairt isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chun luacháil custaim a shainaithint mar chás le haghaidh cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach, chun raon feidhme ábhartha cinntí den sórt sin a shainiú, chun na cásanna nach nglacfar le hiarratas ar chinneadh BVI a shonrú, agus chun a ngné cheangailteach a shuí i ndáil leis na húdaráis chustaim agus le sealbhóir an chinnidh araon, chomh maith lena dtréimhse bhailíochta, trí fhorálacha atá comhchosúil leis na forálacha is infheidhme maidir le cinntí BTI agus BOI, de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (7)

    Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ndéanfar gach malartú faisnéise, amhail dearbhuithe, iarratais nó cinntí, idir údaráis chustaim na mBallstát agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim na mBallstát, agus stóráil na faisnéise sin, de réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht chustaim, trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid. Ba cheart Airteagal 19(3) agus Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a scriosadh dá réir sin toisc go bhfuil sé beartaithe iarratais BOI agus cinntí BOI a áireamh sa chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3) arna leasú.

    (8)

    Maidir le hAirteagal 20 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ina ndéantar foráil maidir le teorainneacha ama breisithe chun cinntí BTI agus cinntí BOI a dhéanamh i gcás ina gcuirtear glacadh na gcinntí sin ar fionraí toisc nach n-áirithítear an t-aicmiú taraife ceart agus aonfhoirmeach nó an cinneadh tionscnaimh ceart agus aonfhoirmeach, ba cheart é a leathnú chuig cinntí BVI a ghlacadh i gcás ina gcuirtear glacadh na gcinntí sin ar fionraí toisc nach n-áirithítear cinneadh ceart aonfhoirmeach maidir leis an luach custaim.

    (9)

    Ba cheart Airteagal 20a nua a thabhairt isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 chun cinntí BVI a chur faoi réir forálacha maidir le bainistiú cinntí den sórt sin atá comhchosúil leis na forálacha dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 le haghaidh cinntí BTI agus BOI.

    (10)

    D’fhonn cur i bhfeidhm comhleanúnach na gcinntí BVI a áirithiú, lena n-áirítear an méid a bhaineann lena mbainistiú trí chóras leictreonach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna faoina n-imscarfar an córas leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    (11)

    Maidir le forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le deireadh a chur leis an eisceacht maidir le teicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil maidir le hiarratais ar chinntí BOI agus maidir le cinntí BOI faoi seach, ba cheart feidhm a bheith acu ó dháta imscartha an chórais leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, chun críocha na gcinntí sin.

    (12)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear pointe (e) isteach in Airteagal 10 mar a leanas:

    ‘(e)

    nuair a bheidh baint aici le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 18a(1).’;

    (2)

    i dTeideal I, Caibidil 2, Rannóg 2, Fo-rannóg 3, cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 18a

    Cinntí a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach

    (Airteagal 35 den Chód)

    1.   Nuair a dhéanfar iarratas, déanfaidh údaráis chustaim cinntí maidir le faisnéis luachála cheangailteach (‘cinntí BVI’), ar cinntí iad lena soláthrófar an modh iomchuí luachála custaim nó na critéir chustaim, agus cur i bhfeidhm na luachála custaim sin, agus ar cinntí iad a úsáidfear chun luach custaim earraí a chinneadh faoi chúinsí áirithe.

    Ní ghlacfar le hiarratas den sórt sin i gceann ar bith de na cúinsí seo a leanas:

    (a)

    i gcás inar sealbhóir cinnidh a dhéanfaidh nó a rinne cheana féin an t-iarratas i ndáil le hearraí faoin na cúinsí céanna lena gcinntear an luach custaim, nó i gcás ina ndéanfar nó a rinneadh cheana féin cinneadh thar a cheann, ag an oifig custaim chéanna nó ag oifig custaim eile;

    (b)

    i gcás nach mbainfidh an t-iarratas le haon úsáid a bheartófar a bhaint as an gcinneadh BVI ná le haon úsáid a bheartófar a bhaint as nós imeachta custaim.

    2.   Ní bheidh cinntí BVI ceangailteach ach amháin i ndáil le luach custaim na n-earraí a chinneadh:

    (a)

    ar údaráis chustaim, i leith shealbhóir an chinnidh, ach amháin i dtaca le hearraí a dtabharfar na foirmiúlachtaí custaim ina leith chun críche i ndiaidh an dáta a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm;

    (b)

    ar shealbhóir an chinnidh, i leith na n-údarás custaim, ach amháin le héifeacht ón dáta a bhfaighidh sé nó sí fógra faoin gcinneadh nó an dáta a measfar an fógra sin a bheith faighte aige.

    3.   Beidh cinntí BVI bailí ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a dtiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm.

    4.   Chun cinneadh BVI a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs nós imeachta custaim áirithe, beidh sealbhóir an chinnidh in ann a chruthú go mbeidh na hearraí lena mbaineann agus na cúinsí lena gcinnfear an luach custaim ag freagairt i ngach slí do na cúinsí a mbeidh tuairisc orthu sa chinneadh.’

    (3)

    Scriostar Airteagal 19(3);

    (4)

    in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    ‘I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis chustaim go bhfuil glacadh cinnidh a bhaineann le faisnéis cheangailteach curtha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 34(10), pointe (a), den Chód, le haghaidh chinntí BTI agus BOI, nó i gcomhréir le hAirteagal 20a(7), pointe (a), le haghaidh chinneadh BVI, déanfar síneadh breise a chur leis an teorainn ama le haghaidh glacadh an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 22(3), an chéad fhomhír, den Chód, go dtí go gcuirfidh an Coimisiún in iúl do na húdaráis chustaim go n-áirithítear an t-aicmiú taraife ceart aonfhoirmeach, cinneadh tionscnaimh nó cinneadh an luacha custaim.’;

    (5)

    cuirtear an tAirteagal 20 a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 20a

    Bainistiú cinntí a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach

    (Airteagal 35 den Chód)

    1.   Scoirfidh cinneadh BVI de bheith bailí roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 18a(3) sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfágtar le glacadh gnímh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nach gcomhlíontar cinneadh BVI leis an ngníomh sin, ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh sin;

    (b)

    i gcás nach mbeidh cinneadh BVI comhoiriúnach a thuilleadh le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, leis an gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 a Chur chun Feidhme (Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Luacháil Custaim), nó leis na cinntí a ghlac an Coiste um Luacháil Custaim chun an Comhaontú sin a chur chun feidhme, le héifeacht ó dháta a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Ní scoirfidh cinntí BVI de bheith bailí le héifeacht chúlghabhálach.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 23(3) agus ar Airteagal 27 den Chód, déanfar cinntí BVI a neamhniú i gcás ina mbeidh siad bunaithe ar fhaisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán ó na hiarratasóirí.

    4.   Déanfar cinntí BVI i gcomhréir le hAirteagal 23(3) agus le hAirteagal 28 den Chód a chúlghairm.

    5.   Déanfaidh na húdaráis chustaim cinntí BVI a chúlghairm i gcás nach mbeidh siad ag luí a thuilleadh le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, le héifeacht ón dáta a fhoilseofar an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    6.   I gcás ina scoirfidh cinneadh BVI de bheith bailí i gcomhréir le mír 1, nó ina ndéanfar é a chúlghairm i gcomhréir le mír 4 nó mír 5, féadfar an cinneadh BVI a úsáid fós i ndáil le conarthaí ceangailteacha a bunaíodh ar an gcinneadh sin agus a tugadh i gcrích sular scoir sé de bheith bailí nó sula ndearnadh é a chúlghairm.

    Ní bheidh an úsáid bhreisithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos faide ná 6 mhí ón dáta a scoirfidh an cinneadh BVI de bheith bailí nó a dhéanfar é a chúlghairm.

    Chun leas a bhaint as an úsáid bhreisithe a bhaintear as cinneadh BVI, déanfaidh sealbhóir an chinnidh sin iarratas a thaisceadh leis an údarás custaim a rinne an cinneadh laistigh de 30 lá ón dáta a scoirfidh an cinneadh de bheith bailí nó a dhéanfar é a chúlghairm, agus na cainníochtaí a n-iarrtar tréimhse úsáide breisithe ina leith agus an Ballstát nó na Ballstáit ina ndéanfar na hearraí a réiteach faoin tréimhse úsáide breisithe á léiriú. Déanfaidh an t-údarás custaim sin cinneadh maidir leis an úsáid bhreisithe agus cuirfidh sé an sealbhóir ar an eolas faoi, gan mhoill, agus ar a dhéanaí laistigh de 30 lá ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis uile atá riachtanach chun go mbeidh sé in ann an cinneadh sin a dhéanamh.

    7.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis chustaim:

    (a)

    go gcuirfear ar fionraí déanamh cinntí BVI i gcás earraí nach n-áirithítear cinneadh ceart agus aonfhoirmeach maidir le luach custaim ina leith; nó,

    (b)

    nuair atá an fhionraí dá dtagraítear i bpointe (a) arna haistarraingt.’

    .

    (6).

    Scriostar Airteagal 21.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2027.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Eanáir 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1072/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top