Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1020

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1020 ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

    C/2024/2151

    IO L, 2024/1020, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1020/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1020/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1020

    2.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1020 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Márta 2024

    lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

    (2)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

    (4)

    Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

    (5)

    Tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stát South Dakota, ráig a deimhníodh an 12 Márta 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

    (6)

    Tar éis na ráige sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údarás tréidliachta na Stát Aontaithe crios srianta 10 km ar a laghad timpeall ar an mbunaíocht a bhí buailte agus chuir sé beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

    (7)

    Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus na bearta atá glactha aici chun leathadh an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráige a tharla le déanaí i stát South Dakota.

    (8)

    Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sa limistéar atá faoi shrianta arna bhunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ón limistéar sin lena mbaineann an ráig a tharla le déanaí i stát South Dakota a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

    (9)

    Ina theannta sin, sholáthair Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach táirgí áirithe san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (10)

    Chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i gcúigí Alberta agus British Columbia, ráigeanna a deimhníodh an 11 Deireadh Fómhair 2023 agus an 25 Samhain 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

    (11)

    Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontae Yorkshire, Sasana, ráig a deimhníodh an 14 Feabhra 2024 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

    (12)

    Chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríocha.

    (13)

    Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe isteach, agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe.

    (15)

    Thairis sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/748 ón gCoimisiún (4) leasaíodh na hiontrálacha a bhaineann leis na Stát Aontaithe i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn V, agus i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí dhátaí oscailte a leagan síos le haghaidh chriosanna US-2.528 agus US-2.529 an tríú tír sin a bhí iata roimhe sin. Braitheadh earráid sna rónna a bhaineann leis na criosanna sin, arna leasú le pointe 1(a)(xiv) agus pointe 2(n) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/748. Dá bhrí sin, is iomchuí an earráid sin a cheartú i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn V, agus i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir.

    (16)

    Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

    (17)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúchán ar na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe sna rónna le haghaidh chriosanna US-2.528 agus US-2.529 i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn V, agus i gCuid 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/748, is é sin an 24 Feabhra 2024.

    (18)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

    Ceartaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 24 Feabhra 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/748 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 2024/748, 23.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/748/oj).


    IARSCRÍBHINN

    CUID I

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

    (a)

    i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.196:

    CA

    Ceanada

    CA-2.196

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    11.10.2023

    18.3.2024’;

    (ii)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.221:

    CA

    Ceanada

    CA-2.221

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    25.11.2023

    18.3.2024’;

    (iii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.328:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.328

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    14.2.2024

    21.3.2024’;

    (iv)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios US-2.632 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.631:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.632

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    12.3.2024’;

     

    (b)

    i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios US-2.632 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.631:

    ‘Na Stáit Aontaithe

    US-2.632

    State of South Dakota

    Hutchinson 04

    Hutchinson County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 97.6491903°W 43.2647367°N)’ ;

    (2)

    in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

    (a)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.196:

    CA

    Ceanada

    CA-2.196

    POU, RAT

    N, P1

     

    11.10.2023

    18.3.2024

    GBM

    P1

     

    11.10.2023

    18.3.2024’;

    (b)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.221:

    CA

    Ceanada

    CA-2.221

    POU, RAT

    N, P1

     

    25.11.2023

    18.3.2024

    GBM

    P1

     

    25.11.2023

    18.3.2024’;

    (c)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.328:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.328

    POU, RAT

    N, P1

     

    14.2.2024

    21.3.2024

    GBM

    P1

     

    14.2.2024

    21.3.2024’;

    (d)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chrios US-2.632 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.631:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.632

    POU, RAT

    N, P1

     

    12.3.2024

     

    GBM

    P1

     

    12.3.2024’;

     

    CUID II

    Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

    (1)

    In Iarscríbhinn V, i gCuid 1, i Roinn B, sna hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.528 agus US-2.529:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.528

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    21.11.2023

    8.2.2024

    US-2.529

    N, P1

     

    21.11.2023

    9.2.2024’;

    (2)

    In Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, i Roinn B, sna hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna US-2.528 agus US-2.529:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.528

    POU, RAT

    N, P1

     

    21.11.2023

    8.2.2024

    GBM

    P1

     

    21.11.2023

    8.2.2024

    US-2.529

    POU, RAT

    N, P1

     

    21.11.2023

    9.2.2024

    GBM

    P1

     

    21.11.2023

    9.2.2024’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1020/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top