Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1004

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um oibreáin feabhsaithe bia a bhunú

C/2024/308

IO L, 2024/1004, 3.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1004/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1004/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1004

3.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1004 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Eanáir 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um oibreáin feabhsaithe bia a bhunú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go hairithe Airteagal 92(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tagraíonn ‘oibreáin feabhsaithe bia’ do bhreiseáin bhia, einsímí bia agus blastáin bhia, oibreáin ar substaintí iad a chuirtear le bia d’aon ghnó chun críche teicneolaíche nó orgánaileiptí. Tá úsáid oibreán feabhsaithe bia faoi réir nós imeachta údaraithe comhchoiteann de chuid an Aontais, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

De bhun Rialachán (AE) 2017/625, tá rialuithe oifigiúla le déanamh chun comhlíonadh na rialacha a fhíorú i réimse an bhia agus na sábháilteachta bia.

(3)

I Moladh (AE) 2023/965 ón gCoimisiún (3) tá ceanglais maidir le faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia, ceanglais a údaraítear i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 (4) agus (CE) Uimh. 1334/2008 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin maidir le bailiú sonraí a bhaineann le láithreacht agus tarlú breiseán bia agus blastán bia i mbia.

(4)

De bhun Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2017/625, tá saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh le bunú i gcás ina bhfuil gá aitheanta le cleachtais aonfhoirmeacha a chur chun cinn maidir le forbairt nó úsáid na modhanna anailíse, tástála nó diagnóise a úsáideann na saotharlanna oifigiúla atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 37(1) den Rialachán sin. Is amhlaidh sin i gcás ina mbraitheann éifeachtacht na rialuithe oifigiúla ar cháilíocht, aonfhoirmeacht agus iontaofacht na modhanna agus na dtorthaí sin.

(5)

Tá gá le saotharlann tagartha a bhunú i réimse na n-oibreán feabhsaithe bia chun bheith in ann rialuithe oifigiúla a dhéanamh go héifeachtach laistigh den Aontas. Tá gá le saotharlann tagartha a bhunú go háirithe chun leibhéal áirithe comhchuibhithe a áirithiú a mhéid a bhaineann le critéir shamplála agus modhanna anailíse a úsáidtear chun sonraí a bhaineann le breiseáin bhia agus blastáin bhia a bhailiú, agus chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna oifigiúla i réimse na n-einsímí bia.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um oibreáin feabhsaithe bia a bhunú leis an Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis seo saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um oibreáin feabhsaithe bia.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/2022-01-28.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/2021-03-27).

(3)  Moladh (AE) 2023/965 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 maidir leis an modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia (IO L 129, 16.5.2023, lch. 17,. https://eur-lex.europa.eu/eli/reco/2023/965/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1334/2023-03-21).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1004/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top