Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0997

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/997 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2024 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

    C/2024/1986

    IO L, 2024/997, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/997/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/997/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/997

    4.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/997 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Aibreán 2024

    maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe a údarú agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

    (3)

    Baineann an t-iarratas le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 a údarú mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’.

    (4)

    Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 5 Meitheamh 2023 (2), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, go bhfuil L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 sábháilte don spriocspeiceas, agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí de i gcomhréir lena riachtanais chothaitheacha, agus go bhfuil sé sábháilte do na tomhaltóirí agus don chomhshaol. Ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid i dtaobh an bhféadfadh L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 a bheith greannach don chraiceann agus do na súile nó an bhféadfadh sé a bheith ina íogróir deirmeach, ach tháinig sé ar an gconclúid gur cheart a mheas gur dócha go nochtfar trí ionanálú é. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-vailín í an tsubstaint le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha, agus gur cheart an L-vailín a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé lán-éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

    (5)

    I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a údarú. Is iomchuí an t-úsáideoir a chur ar an eolas chun go gcuirfidh sé an soláthar cothaithe san áireamh leis na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus atá riachtanach go coinníollach, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as L-vailín mar fhorlíonadh in uisce óil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údarú

    An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

    (2)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(7):8104.


    IARSCRÍBHINN

    Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

    Breiseán

    Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

    Speiceas nó catagóir ainmhí

    Uasteorainn aoise

    Íoschion

    Uaschion

    Forálacha eile

    Deireadh na tréimhse údaraithe

    mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

    Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga

    3c373

    L-vailín

    Comhdhéanamh an bhreiseáin

    L-vailín ina bhfuil íoschion 98 % (ar bhonn ábhar tirim) agus inarb é 0,5 % an t-uaschion uisce.

    Foirm sholadach

    Tréithriú na substainte gníomhaí

    L-vailín (aigéad (2S)-2-aimínea-3-meitiolbútánóch) arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 18932

    Foirmle cheimiceach: C5H11NO2

    Uimhir CAS: 72-18-4

    Modh anailíse  (1)

    Maidir le L-vailín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:

    Codex na dTáirgí Ceimiceacha Bia ‘monagraf L-vailín’

    Maidir le vailín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

    crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS)

    Maidir le vailín i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:

    crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 (2) ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F)

    Maidir le vailín in uisce a chainníochtú:

    crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS nó IEC-VIS/FLD)

    Gach speiceas ainmhíoch

    -

    -

    -

    1.

    Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus uisce a shonrú.

    2.

    Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

    3.

    An dearbhú atá le déanamh ar lipéad an bhreiseáin nó na réamh-mheascán:

    ‘Agus forlíonadh á dhéanamh le L-vailín, go háirithe trí uisce óil, cuirfear gach aimíonaigéad atá riachtanach agus gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.’

    4.

    Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

    an 24 Aibreán 2034


    (1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/997/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top