|
Ainmneacha (Traslitriú i script na Laidine)
|
Ainmneacha
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
‘73.
|
Yuri KONOVEEV
|
Юрий КОНОВЕЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Ceann díorma SUS ‘PKT’ i gcoilíneacht phionósach IK-3
Dáta breithe: 7.5.1987
Áit bhreithe: Rivne, iarUSSR (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Yuri Konoveev ceann díorma SUS agus na gcealla pionóis PKT (ar a dtugtar freisin ceann na roinne oibre oideachais) i gcoilíneacht phionósach IK-3, áit a bhfuil sé ag obair ó 2019 ar a laghad. Cuireadh Alexei Navalny faoina údarás ón 25 Nollaig 2023 go dtí go bhfuair Navalny bás an 16 Feabhra 2024.
Sa phost sin, rinne Konoveev maoirseacht ar na bardaí a bhí freagrach as an drochíde a thugtaí do Alexei Navalny agus dhéanadh sé teagmháil go díreach leis uair sa mhí ar a laghad. Mar gheall ar a fhreagracht as na cealla pionóis, chinntigh sé go ndearnadh réimeas leithlisithe fhisicigh arb fhéidir a chur ar Navalny. Sa ról atá aige maoirseacht a dhéanamh aige ar (ath)oideachas na ndaoine faoi choinneáil, bhí sé freagrach as tacú le córas atá bunaithe ar spiorad na ndaoine faoi choinneáil a chloí, rud a chothaíonn easpa dóchais iomlán agus dálaí maireachtála mídhaonna. Thug finnéithe fianaise gur tharla sáruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs obair oideachasúil na ndaoine faoi choinneáil agus forordaíodh an céasadh go neamhbhalbh i ndoiciméid oibriúcháin na ranna. Bhí Yuri Konoveev i gceannas freisin ar na tástálacha imscrúdaithe agus ar na clóis aclaíochta inar buaileadh breoite Alexei Navalny, más fíor. Tá míchlú ar chóilíneacht phionósach IK-3 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, an leithlisiú iomlán, an céasadh agus an foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh inti.
Dá bhrí sin, tá Konoveev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
74.
|
Alexei Vassilyevich LISYUK
ar a dtugtar freisin
Alexei Vassilyevich LYSYUK
|
Алексей Васильевич ЛИСЮК
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Dochtúir sláinteachais ghinearálta; Ceann an aonad leighis i gcoilíneacht phionósach IK-3
Dáta breithe: 1984
Áit bhreithe: Ussuriysk, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is dochtúir sláinteachais ghinearálta é Alexei Lisyuk agus tá sé ina cheann ar aonad leighis choilíneacht phionósach IK-3 ó mhí Lúnasa 2023 ar a laghad.
Sa phost sin, bhí Lisyuk freagrach as sláinte Alexei Navalny ón 25 Nollaig 2023 go dtí go bhfuair Navalny bás an 16 Feabhra 2024. Rinne Lisyuk faillí ar dhálaí coinneála agus sláinte uafásacha Navalny, theip air a chinntiú go raibh acmhainneachtaí athbheochana leordhóthanacha san aonad agus theip air a ordú go dtabharfaí go dtí an t-ospidéal is gaire in am é tar éis dó titim as a sheasamh an 16 Feabhra 2024.
Tá míchlú ar choilíneacht phionósach IK-3 mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, an leithlisiú iomlán, an céasadh agus an foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh inti agus as droch-chaighdeán na seirbhísí leighis.
Dá bhrí sin, tá Lisyuk freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
|
22.3.2024
|
75.
|
Wadim Konstantinowitsch KALININ
|
Вадим Kонстантинович КАЛИНИН
|
Post/poist: Ceann chóilíneacht phionósach IK-3
Dáta breithe: 7.3.1973
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Wadim Konstantinowitsch Kalinin Ceann choilíneacht phionósach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus a bhfuil ról bainistíochta aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta I gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Wadim Konstantinowitsch Kalinin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneálacha treallacha, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
76.
|
Sergey Nikolaevich KORZHOV
|
Сергей Николаевич КОРЖОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Leas-cheann choilíneacht phionósach IK-3
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Sergey Nikolaevich Korzov ina leas-cheann ar choilíneacht phionósach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla, céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Sergey Nikolaevich Korzhov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
77.
|
Vasily Alexandrovich VYDRIN
|
Василий Александрович ВЫДРИН
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Leas-cheann choilíneacht phionósach IK-3
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Vasily Alexandrovich Vydrin ina leas-cheann ar choilíneacht phionósach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar an ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3 bhí foréigean fisiceach, mar shampla, céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Vasily Alexandrovich Vydrin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
78
|
Vladimir Ivanovich PILIPCHIK
|
Владимир Иванович ПИЛИПЧИК
|
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Vladimir Ivanovich Pilipchik ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce chomh maith.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Ivanovich PILIPICHIK freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
79.
|
Alexander Vladimirovich GOLYAKOV
|
Александр Владимирович ГОЛЯКОВ
|
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Vladimirovich Golyakov ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3.
Laistigh de shlabhra ceannais choilíneacht phionósach IK-3, agus é mar chuid oifigiúil de ‘foireann ceannais shinsearach’ Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise (FSIN) agus ról bainistíochta á ghlacadh aige, cuirtear de chúram go díreach air cinntí feidhmiúcháin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as na dálaí foriomlána príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce.
Dá bhrí sin, tá Alexander Vladimirovich Golyakov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
80.
|
Alexander Valerievich OBRAZTSOV
|
Александр Валерьевич ОБРАЗЦОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Valerievich Obraztsov ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3.
Sa phost sin, tá sé freagrach go díreach as na dálaí príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar ‘Polar Wolf’ de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce.
Dá bhrí sin, tá Alexander Valerievich Obraztsov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
81.
|
Igor Borisovich RAKITIN
|
Игорь Борисович РАКИТИН
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets
Dáta breithe: 5.10.1973
Áit bhreithe: Réigiún Tyumen, Poblacht iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 100602094834
|
Tá Igor Borisovich Rakitin ina stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Chónaidhm na Rúise ó bhí an 28 Iúil 2020 ann.
Faoina cheannas, bunaíodh patrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha i Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets. Faoina cheannas, tharla cleachtais chéastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha IK-3 ‘Polar Wolf’ agus IK-8 ‘Polar Bear’. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide.
Sa phost atá aige mar stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme do Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets, tá Igor Borisovich Rakitin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
82.
|
Valeriy Gennadyevich BOYARINEV
|
Валерий Геннадьевич БОЯРИНЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Céad-leas-stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise
Grád: Maorghinearál
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 2.9.1970
Áit bhreithe: Berezovskiy, Krasnoyarskiy Kray, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 190113308460
|
Tá Valeriy Gennadyevich Boyarinev ina chéad-leas-stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise ó bhí an 4 Iúil 2022 ann. Ceapadh é le foraithne ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise.
Faoina cheannas, bunaíodh patrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha na Rúise, lena n-áirítear an choilíneacht phríosúin inar coinníodh Alexei Navalny. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide.
Sa phost atá aige mar Chéad Leas-Stiúrthóir, thug Valeriy Gennadyevich Boyarinev na horduithe go pearsanta chun teorainn a chur leis an méid bia a bhí ag Navalny agus é ag fanacht i gcoilíneacht phionósach IK-6 i Réigiún Vladimirskaya.
Trí lá tar éis bhás Navalny i gcoilíneacht phionósach faoina mhaoirseacht, rinneadh Maor-Ghinearál den tseirbhís inmheánach de Boyarinev le foraithne ón Uachtarán.
Dá bhrí sin, tá Valeriy Gennadyevich Boyarinev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
83.
|
Dmitriy Andreevich ARTYUKHOV
|
Дмитрий Андреевич АРТЮХОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Gobharnóir Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 17.2.1988
Áit bhreithe: Réigiún Tyumen, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 720414941639
|
Is é Dmitriy Andreevich Artyukhov Gobharnóir Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets Chónaidhm na Rúise ó bhí an 29 Bealtaine 2018 ann.
Faoina rialtas, rinneadh doiciméadú ar phatrún forleathan córasach céastóireachta i gcoilíneachtaí pionósacha, lena n-áirítear an choilíneacht inar coinníodh Alexei Navalny, ar fud an réigiúin. Áirítear leis an bpatrún sin díothacht cúraim leighis, bascadh, tréimhsí fada gaibhniúcháin aonair, díothacht bhia agus instealladh substaintí anaithnide.
Léiríonn cruinnithe idir Dmitriy Andreevich Artyukhov agus ceannaire an chórais phionósaigh go raibh an rialtas réigiúnach ar an eolas faoi na cleachtais sin agus go raibh glacadh acu leo agus léiríonn siad an dlúthchomhar idir an rialtas réigiúnach agus an tseirbhís pheannaideach.
Sa phost atá aige mar Ghobharnóir ar Réigiún Féinrialaitheach Yamal-Nenets, thacaigh Dmitriy Andreevich Artyukhov le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis agus bhí baint aige leis na sáruithe sin, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
84.
|
Kirill Sergeevich NIKIFOROV
|
Кирилл Сергеевич НИКИФОРОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov
Dáta breithe: 14.3.1992
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov é Kirill Sergeevich Nikiforov, a dhiúltaigh cás dlí cheannaire an fhreasúra Alexei Navalny i gcoinne IK-6 chun achomharc a dhéanamh ar a aistriú chuig cillín pionóis ar feadh 12 lá. Agus é sa phríosún in IK-6, is minic a cuireadh na hoifigigh Alexei Navalny i gcillín pionóis i gcás mionsáruithe líomhnaithe. Dá bhrí sin, chaith sé míonna ar leithlis, rud a d’fhág gur tháinig meath suntasach ar a shláinte.
Dá bhrí sin, ina cháil mar bhreitheamh de Chúirt Chathair Kovrov, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear coinneáil threallach chomh maith le céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, mar aon leis an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
|
22.3.2024
|
85.
|
Andrey Aleksandrovich SUVOROV
|
Андрей Александрович СУВОРОВ
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Chathair Mhoscó
Dáta breithe: 2.3.1980
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh é Andrey Aleksandrovich Suvorov i gCúirt Chathair Mhoscó, a ghearr téarma 19 mbliana ar Alexei Navalny i gcoilíneacht réimis speisialta faoi dhálaí mídhaonna in 2023, as ar eascair meath tromchúiseach ar shláinte Navalny.
Dá bhrí sin, ina cháil mar bhreitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó, tá Suvorov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear coinneáil threallach, céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith leis an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
|
22.3.2024
|
86.
|
Aleksandr Aleksandrovich MUKHANOV
|
Александр Александрович МУХАНОВ
|
Post/poist: Stiúrthóir ar IK-2
Dáta breithe: 7.12.1984
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Aleksandr Aleksandrovich Mukhanov ina Stiúrthóir ar choilíneacht cheartúcháin Uimh. 2 (IK-2), áit ar coinníodh Alexei Navalny ó mhí an Mhárta 2021 go dtí mí an Mheithimh 2022.
Tá míchlú ar IK-2 mar gheall ar na drochdhálaí coinneála atá ann. Diúltaíodh rochtain a thabhairt do Navalny, a nimhíodh le déanaí, ar dhochtúirí sibhialtacha sa choilíneacht sin, in ainneoin na bagartha ar a shláinte.
Sa phost sin, tá Aleksandr Aleksandrovich Mukhanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, chomh maith leis an sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
87.
|
Roman Alexandrovitch VIDYUKOV
|
Роман Александрович ВИДЮКОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Imscrúdaitheoir ag Coiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 30.7.1980
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is imscrúdaitheoir ag Coiste Imscrúdaitheach Stáit Chónaidhm na Rúise é Roman Alexandrovitch Vidyukov.
Is é a bhí i gceannas ar an imscrúdú ar cheann de na cásanna ina raibh Alexei Navalny páirteach agus inar gearradh téarma príosúnachta 9 mbliana air in 2022. Bhí sé ina bhall freisin den fhoireann réamh-imscrúdaithe don chás ‘sciúrtha airgid’ i gcoinne fhondúireacht Navalny in aghaidh éilliú. Ina theannta sin, bhí sé i gceannas ar an imscrúdú i gcoinne Lilia Chanysheva, iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, a ciontaíodh as ‘pobal antoisceach a chruthú’. Gearradh téarma príosúnachta 7 mbliana go leith in 2023 ar Lilia Chanysheva.
Le linn na gcásanna cúirte sin, líomhnaíodh go ndearna Roman Alexandrovitch Vidyukov bagairt ar fhinné, chun iallach a chur air fianaise a thabhairt a bheadh fabhrach don imscrúdú le linn chás calaoise Navalny.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
|
22.3.2024
|
88.
|
Evgenia Sergeevna NIKOLAEVA
|
Евгения Сергеевна НИКОЛАЕВА
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó
Dáta breithe: 9.7.1981
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is breitheamh í Evgenia Sergeevna Nikolaeva sa Chúirt Dúiche in Basmanny, Moscó ó bhí 2016 ann.
Tá roinnt rialuithe eisithe aici i gcoinne freasúraí polaitiúla (lena n-áirítear Alexei Navalny, Ilia Yashin agus Vladimir Kara-Murza), rud a chuireann, dá bhrí sin, leis an gcos ar bolg polaitiúil sa Rúis. I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir sí Alexey Liptser agus Igor Sergunin, dlíodóirí Navalny, faoi choinneáil réamhthrialach ar feadh 2 mhí. Roimhe sin, chruthaíodh sí deacrachtaí do phríosúnaigh pholaitiúla arís is arís eile, lena n-áirítear trí shíneadh a chur leis na téarmaí coinneála in ionad coinneála réamhthrialach d’iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, Lilia Chanysheva. Dhiúltaigh sí freisin aghaidh a thabhairt ar ghearáin i dtaobh neamhghníomh Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise ar líomhain nimhiú Navalny.
Dá bhrí sin, sa phost atá aici, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach, agus as an sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é an méid sin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
|
22.3.2024
|
89.
|
Natalia Nikolaevna DUDAR
|
Наталия Николаевна ДУДАРЬ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó
Dáta breithe: 13.6.1974
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is breitheamh í Natalia Nikolaevna Dudar sa Chúirt Dúiche in Basmanny, Moscó.
Ina post, d’eisigh sí roinnt rialuithe i gcoinne agóideoirí síochánta agus lucht an fhreasúra pholaitiúil, lena n-áirítear fostaithe Fhondúireacht Alexey Navalny in aghaidh Éilliú (FBK), Ilia Yashin agus Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí orduithe chun cuardaigh a dhéanamh ar fhostaithe FBK agus gairis chúléisteachta a shuiteáil ar a gcuid guthán. Chuir sí síneadh leis an ngabháil in ionad coinneála réamhthrialach Lilia Chanysheva, iarcheann cheanncheathrú Navalny in Ufa, ar cuireadh ina leith pobal antoisceach a chruthú.
Dá bhrí sin, tá Natalia Nikolaevna Duda freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar cúis mhór imní é maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE.
|
22.3.2024
|
90.
|
Oleg Vladimirovich SEVOSTYANOV
|
Олег Владимирович СЕВОСТЬЯНОВ
|
Post/poist: Ceann Roinne Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise do Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets
Dáta breithe: 16.10.1968
Áit bhreithe: Bratsk, réigiún Irkutsk, iarUSSR(Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 622701024605
|
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Oleg Vladimirovich Sevostyanov. Is Ceann Roinne Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise do Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets é.
Sa phost sin, tá sé freagrach as cosaint chearta agus shaoirsí an duine agus cosaint cearta agus saoirsí sibhialta a áirithiú i Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets. Tá coilíneacht phionósach IK-3, áit inar éag Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, agus áit a bhfuil míchlú uirthi mar gheall ar an mbrú fisiceach agus síceolaíoch, leithlisiú iomlán, céasadh agus foréigean a dhéantar ar phríosúnaigh chomh maith le droch-chaighdeán na seirbhísí leighis, lonnaithe in Réigiún Féinrialaitheach Yamalo-Nenets.
Dá bhrí sin, tá Oleg Vladimirovich Sevostyanov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
91.
|
Vsevolod Lvovich VUKOLOV
|
Всеволод Львович ВУКОЛОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 7.4.1969
Áit bhreithe: Moscó, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 770405292394
|
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Vsevolod Lvovich Vukolov. Is é Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise é.
Sa phost sin, tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an tSeirbhís Pheannaideach Chónaidhme agus ar an Roinn Beartais Stáit i Réimse an Chórais Pionóis. Dá réir sin, bhí sé freagrach as pianbhreitheanna príosúin Alexei Navalny, polaiteoir Rúiseach de chuid an fhreasúra, a fhorghníomhú, agus as a shábháilteacht agus a dhea-bhail i bpríosúin na Rúise. Ós rud é gurbh é a rinne maoirseacht ar phríosúnú Alexei Navalny, is é atá freagrach faoi dheoidh as bás Alexei Navalny i gcoilíneacht phionósach IK-3.
Dá bhrí sin, tá Vsevolod Lvovich Vukolov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
92.
|
Viktor Evdokimovich GAVRILOV
|
Виктор Евдокимович ГАВРИЛОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Ceann na Roinne Iompair i Seirbhís Slándála Eacnamaíochta de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB)
Dáta breithe: 1961
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Daoine aonair comhlachaithe: Aleksandr Vasilievich Bortnikov
|
Is é Viktor Evdokimovich Gavrilov Ceann na Roinne Iompair i Seirbhís Slándála Eacnamaíochta na Seirbhíse Slándála Cónaidhme.
Sa phost sin, bhí sé freagrach as gníomhaireachtaí rialtais éagsúla a chomhordú nuair a d'fhill Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, ar Mhoscó tar éis dó cóireáil a fháil don nimh Novichok in 2021. Gabhadh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún é mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí.
Dá bhrí sin, tá Viktor Evdokimovich Gavrilov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
93.
|
Ilya Nikolayevich KRUGLYSHEV
|
Илья Николаевич КРУГЛЫШЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Comhairleoir Dlí Sinsearach i Seirbhís Dlí na Roinne Eagraíochtúla agus Anailísí de chuid Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Réigiún Vladimir
Grád: Captaen
Dáta breithe: 23.2.1986
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Ilya Nikolayevich Kruglyshev. Is Comhairleoir Dlí Sinsearach i Seirbhís Dlí na Roinne Eagraíochtúla agus Anailísí de chuid Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Réigiún Vladimir é, agus rinne sé ionadaíocht do choilíneacht phionósach IK-6 i gcásanna cúirte arna gcomhdú ag Alexei Navalny i gcoinne choilíneacht phionósach IK-6.
Sa phost sin, bhí baint dhíreach aige le ceapadh na ndálaí céastóireachta do Alexei Navalny i gcoilíneacht phionósach Uimh. 6 in Melekhovo, réigiún Vladimir. Chomh maith leis sin, níor mheas sé na gearáin a rinne Alexei Navalny maidir leis na coinníollacha a bhaineann le pianbhreith (lena n-áirítear na gearáin a rinneadh i dtaca le gan a bheith in ann cion breise bia a cheannach).
Dá bhrí sin, tá Ilya Nikolayevich Kruglyshev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
94.
|
Dmitry Evgenievich SAMOILOV
|
Дмитрий Евгеньевич САМОЙЛОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh ar Chúirt Chathair Kovrov
Dáta breithe: 6.4.1970
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh Rúiseach é Dmitry Evgenievich Samoilov atá ag obair i gCúirt Chathair Kovrov.
Sa phost sin, dhiúltaigh sé arís agus arís eile éisteacht le héilimh Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, i gcoinne choilíneacht cheartúcháin IK-6, a bhí dírithe ar a chearta a athbhunú agus a chosaint, cearta a sháraigh ceannaireacht an IK-6. Bhain éilimh Navalny le rochtain ar chúnamh leighis, rochtain ar fhaisnéis, agus an ceart teagmháil a dhéanamh lena theaghlach.
Dá bhrí sin, tá Dmitry Evgenievich Samoilov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
95.
|
Ilnar Irfanovich BASYROV
|
Ильнар Ирфанович БАСЫРОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó
Dáta breithe: 8.6.1981
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Eintitis chomhlachaithe: Cúirt Cathrach Mhoscó
|
Tá Ilnar Irfanovich Basyrov ag obair mar bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó ón 28 Bealtaine 2014. Ceapadh é le foraithne ó uachtarán.
Sa phost sin, bhí baint dhíreach aige le triail Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra. I dtriail a raibh údar polaitiúil léi, d’fhógair sé Alexei Navalny ciontach, agus chuir sé i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh Navalny in ann a bheith páirteach i ngníomhaíocht pholaitiúil.
Dá bhrí sin, tá Ilnar Irfanovich Basyrov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
96.
|
Sergey Anatolevich MOROZ
|
Сергей Анатольевич МОРОЗ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Ceann Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme Chónaidhm na Rúise le haghaidh Moscó
Dáta breithe: 15.9.1968
Áit bhreithe: Zaporozhye, PPS na hÚcráine, (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is oifigeach de chuid na Rúise é Sergey Anatolevich Moroz. Is é Ceann na Seirbhíse Peannaidí Cónaidhme i Moscó é.
Sa phost sin, chuir sé Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, ar liosta cónaidhme na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu. Cúisítear Moroz mar gheall ar uirísliú agus foréigean foircneach a bheith déanta aige ar dhaoine atá faoi choinneáil ar theacht dóibh faoi choinneáil.
Dá bhrí sin, tá Sergey Anatolevich Moroz freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
97.
|
Elena Evgenievna MOROZOVA
|
Елена Евгеньевна МОРОЗОВА
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Khimki
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is breitheamh Rúiseach í Elena Evgenievna Morozova atá ag obair i gCúirt Cathrach Khimki.
Ina post, chinn sí Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, a chur faoi choimeád ar feadh 30 lá, nuair a d’fhill sé ar Mhoscó tar éis dó cóireáil a fháil nuair a tugadh an nimh novichok dó. Sháraigh an triail ar a raibh sí ina cathaoirleach caighdeáin maidir le triail chóir, lena n-áirítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar na ndoiciméad díotála agus trialach, an deis dul i gcomhairle le dlíodóir, agus rochtain phoiblí ar an triail.
Dá bhrí sin, tá Elena Evgenievna Morozova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
98.
|
Musa Abdurakhmanovich MUSAEV
|
Муса Абдурахманович МУСАЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Mhoscó
Dáta breithe: 14.10.1951
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh Rúiseach é Musa Abdurakhmanovich Musaev atá ag obair i gCúirt Réigiúnach Mhoscó.
Ina phost, chuir sé tús le himeachtaí dlíthiúla maidir le ceannaire fhreasúra na Rúise, Alexei Navalny, a ghabháil nuair a d’fhill sé ón nGearmáin, áit a raibh cóireáil á fáil aige tar éis an nimh Novichok a ghlacadh. Sheas sé leis an gcinneadh Navalny a ghabháil ar feadh 30 lá, agus dhiúltaigh sé dá achomharc. Rinneadh an cinneadh le linn éisteacht ghairid nár mhair ach cúig nóiméad.
Dá bhrí sin, tá Musa Abdurakhmanovich Musaev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
99.
|
Mikhail Yurievich PTITSYN
|
Михаил Юрьевич ПТИЦЫН
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is Cathaoirleach ar Chúirt Cathrach Mhoscó é Mikhail Yurievich Ptitsyn.
Sa phost sin, rinne sé cinneadh dearfach i leith thogra Sheirbhís Pheannaideach Chónaidhme na Rúise maidir le pianbhreith iomlán a chur in ionad phianbhreith phromhaidh cheannaire an fhreasúra, Alexei Navalny. Dá bhrí sin, ní raibh Navalny in ann gníomhú sa saol poiblí sa Rúis mar gur cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach é.
Dá bhrí sin, tá Mikhail Yurievich Ptitsyn freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
100.
|
Sergey Alekseevich RYABTSEV
|
Сергей Алексеевич РЯБЦЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh Rúiseach é Sergey Alekseevich Ryabtsev atá ag obair i gCúirt Dúiche Lefortovo i Moscó.
Sa phost sin, bhí baint aige le sabaitéireacht a dhéanamh ar an imscrúdú maidir le nimhiú Alexei Navalny trí dhiúltú aghaidh a thabhairt ar an ngearán faoi neamhghníomh Stiúrthóireacht Imscrúdaitheach Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB). Thairis sin, tugann sé pianbhreitheanna i gcoinne saoirse cainte sa Rúis go leanúnach.
Dá bhrí sin, tá Sergey Alekseevich Ryabtsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
101.
|
Petr Pavlovich SERKOV
|
Пётр Павлович СЕРКОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: An Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 7.6.1955
Áit bhreithe: Poldamasovo, réigiún Ulyanovsk, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Petr Pavlovich Serkov an Chéad Leas-Chathaoirleach ar Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise.
Sa phost sin, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil. Fuair Alexei Navalny bás de bharr gur cuireadh i gcóilíneacht phionósach é.
Dá bhrí sin, tá Petr Pavlovich Serkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
102.
|
Yuri Vasilievich SITNIKOV
|
Юрий Васильевич СИТНИКОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Breitheamh de Chúirt Uachtarach na Rúise (ar scor faoi láthair)
Dáta breithe: 17.4.1961
Áit bhreithe: Krutogorye, réigiún Lipetsk, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is iarbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Rúise é Yuri Vasilievich Sitnikov, a bhí ina chomhalta de Sheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise.
Sa phost sin, níor lig sé do Alexei Navalny seasamh sa toghchán uachtaránachta sa Rúis in 2018 i dtriail a raibh údar polaitiúil léi.
Dá bhrí sin, tá Yuri Vasilievich Sitnikovis freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe córasacha ar an gceart chun comhthionól síochánta agus chun comhlachais, agus chun saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
103.
|
Nikolay Viktorovich TIMOSHIN
|
Николай Викторович ТИМОШИН
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Comhalta Presidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 14.8.1959
Áit bhreithe: Sráidbhaile Zhidkoe, ceantar Znamensky, réigiún Oryol, iarUSSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is comhalta Presidium Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Nikolay Viktorovich Timoshin.
Sa phost sin, sheas sé leis an bhfíorasc i gcoinne Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra, in 2018. Dá thoradh sin, ciontaíodh Alexei Navalny agus cuireadh i bpríosún i gcóilíneacht phionósach ardslándála é chun nach mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht pholaitiúil.
Dá bhrí sin, tá Nikolay Viktorovich Timoshin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
104.
|
Vladimir Yurievich ZAITSEV
|
Владимир Юрьевич ЗАЙЦЕВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Cathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is Cathaoirleach ar Dhlísheomra Achomhairc Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise é Vladimir Yurievich Zaitsev.
Sa phost sin, níor lig sé do Alexei Navalny seasamh sa toghchán uachtaránachta sa Rúis in 2018 i dtriail a raibh údar polaitiúil léi.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Yurievich Zaitsev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe córasacha ar an gceart chun comhthionól síochánta agus chun comhlachais, agus chun saoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024
|
105.
|
Vladimir Sergeevich SHVEDOV
|
Владимир Сергеевич ШВЕДОВ
(litriú Rúisise)
|
Post/poist: Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Daoine aonair comhlachaithe: Vsevolod Lvovich Vukolov
Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise
|
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Ilya Nikolayevich Kruglyshev. Is é Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise.
Sa phost sin, agus é i gceannas ar bheartas an stáit i réimse fhorghníomhú pianbhreitheanna coiriúla agus achomhairc saoránach á meas aige, bhí sé freagrach as pianbhreitheanna príosúin Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra sa Rúis, a fhorghníomhú.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Sergeevich Shvedov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
|
22.3.2024’
|