Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0949

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/949 ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ó phaisinéirí iarnróid ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh i ndáil le moilleanna, naisc a chailltear agus cealuithe seirbhísí iarnróid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2024/1851

IO L, 2024/949, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/949/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/949/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/949

2.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/949 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2024

lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ó phaisinéirí iarnróid ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh i ndáil le moilleanna, naisc a chailltear agus cealuithe seirbhísí iarnróid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (1), agus go háirithe Airteagal 18(6) agus Airteagal 19(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/782 bunaítear rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d’iarnród chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun taisteal d’iarnród a spreagadh.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 18(7) agus Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) 2021/782, tá sé de cheart ag paisinéirí a n-iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh a chur isteach trí fhoirm choiteann a úsáid. Níor cheart do ghnóthais iarnróid diúltú d’iarraidh ar aisíocaíocht ar an bhforas sin nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin, agus ar an bhforas sin amháin, áfach.

(3)

Le húsáid na foirme, ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann na sonraí pearsanta ábhartha uile agus na sonraí turais uile is gá a sholáthar do ghnóthais iarnróid, rud a d’éascódh próiseáil iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh ag na gnóthais sin.

(4)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun iarrataí ó phaisinéirí a éascú, ba cheart iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh a chur le chéile in aon fhoirm choiteann amháin, ar ar cheart do phaisinéirí a shonrú an bhfuil siad ag déanamh iarrata ar aisíocaíocht, ar chúiteamh, nó ar an dá rogha sin.

(5)

Chun an nós imeachta maidir le hiarrataí ar chúiteamh agus/nó ar aisíocaíocht a shimpliú do phaisinéirí agus chun a áirithiú go mbeidh sé inrochtana, ba cheart an deis a bheith ag paisinéirí an fhoirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh a chur isteach mar dhoiciméad fisiciúil nó trí mheán leictreonach.

(6)

Chun críocha úsáid na foirme coitinne le haghaidh aisíocaíocht agus cúiteamh ag paisinéirí a spreagadh, ba cheart don Choimisiún an fhoirm a scaipeadh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin, lena n-áirítear i leagan atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 29 Márta 2023.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chearta Paisinéirí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, bunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus ar chúiteamh, dá dtagraítear in Airteagal 18(6) agus Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2021/782.

Féadfar an fhoirm choiteann a chur isteach mar dhoiciméad fisiciúil nó trí mheán leictreonach.

Airteagal 2

Cuirfidh an Coimisiún an fhoirm choiteann ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin, mar aon le leagan atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 172, 17.5.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

FOIRM IARRATAIS AR AISÍOCAÍOCHT AGUS AR CHÚITEAMH

faoi Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Féadfaidh paisinéirí an fhoirm seo a úsáid chun aisíocaíocht, cúiteamh nó an dá rud a iarraidh ar ghnóthais iarnróid.

Tá sé de cheart ag paisinéirí an fhoirm seo a úsáid. Ag an am céanna, tabhair faoi deara nach bhfuil sé éigeantach an fhoirm seo a úsáid. D’fhéadfadh sé go mbeadh a bhfoirm ar líne féin nó córas comhchosúil i bhfeidhm ag roinnt gnóthais iarnróid ar a suíomh gréasáin nó trí aip mhóibíleach chun iarrataí ar aisíocaíocht nó ar chúiteamh a phróiseáil. Féadfaidh teorainneacha ama maidir le hiarrataí a chur isteach a bheith i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh roinnt gnóthais iarnróid coinníollacha níos fabhraí a thairiscint maidir le haisíocaíocht agus cúiteamh i gcomparáid leis na coinníollacha dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) . Dá bhrí sin, moltar téarmaí agus coinníollacha an ghnóthais iarnróid lena mbaineann a sheiceáil.

Líon isteach na codanna ábhartha den fhoirm go soiléir I mBLOCLITREACHA.

1.   An chúis/na cúiseanna atá le d’iarraidh

Cuir cros [X] in aice le gach eachtra a bhaineann le d’iarraidh

Moill

Cealú

Nasc a cailleadh mar gheall ar mhoill nó cealú

2.   Iarraidh roimhe seo ar aisíocaíocht/cúiteamh mar gheall ar mhoill/cealú/nasc a cailleadh maidir leis an turas iarnróid céanna

D’fhéadfadh sé go mbeadh a bhfoirm ar líne féin nó córas comhchosúil i bhfeidhm ag gnóthais iarnróid ar a suíomh gréasáin nó trí aip mhóibíleach chun iarrataí ar aisíocaíocht nó ar chúiteamh a phróiseáil.

Ar iarr tú cheana féin aisíocaíocht agus/nó cúiteamh mar gheall ar chealú, moill nó nasc a cailleadh le linn an turais iarnróid chéanna tríd an gcainéal/trí na cainéil sin? Más rud é gur iarr, líon isteach an fhaisnéis thíos.

2.1.

Dáta na hiarrata ar aisíocaíocht/cúiteamh roimhe seo don turas iarnróid céanna (lá/mí/bliain): …./…./….

2.2.

Iarraidh a díríodh chuig (luaigh ainm an ghnóthais iarnróid — i gcás ina raibh baint ag roinnt gnóthas iarnróid leis an turas, luaigh iad go léir anseo le do thoil):

2.3.

An modh a úsáideadh don iarraidh sin roimhe seo (e.g. foirm ar líne nó aip mhóibíleach — luaigh tagairt na hiarrata sin, má tá sí ar fáil):

3.   Sonraí do thurais

3.1.

Ainm an ghnóthais iarnróid

3.2.

An turas sceidealaithe

3.2.1.

Dáta imeachta (lá/mí/bliain): …./…./….

3.2.2.

An stáisiún imeachta:

3.2.3.

Stáisiún an chinn scríbe:

3.2.4.

Am sceidealaithe imeachta (uair/nóiméad): ….:…

3.2.5.

Am sceidealaithe teachta ag an gceann scríbe (uair/nóiméad): ….:…

3.2.6.

Uimhir na traenach/catagóir na traenach:

3.2.7.

Uimhir/Uimhreacha Ticéid/Uimhir Thagartha Áirithinte:

3.2.8.

Praghas an ticéid/praghsanna na dticéad:

3.3.

An turas iarbhír

3.3.1.

Dáta teachta iarbhír (lá/mí/bliain): …./…./….

3.3.2.

Am imeachta iarbhír (uair/nóiméad): ….:…

3.3.3.

Am teachta iarbhír ag an gceann scríbe (uair/nóiméad): ….:…

3.3.4.

Uimhir na traenach/catagóir na traenach:

3.3.5.

Cailleadh nasc ag (stáisiún):

4.   Ábhar d’iarrata ar an ngnóthas iarnróid

Sonraigh d’éileamh/d’éilimh le cros [X].

Aisíocaíocht an ticéid/na dticéad (*) ón ngnóthas iarnróid (**), mar gheall ar thraein a cuireadh ar ceal nó ar cuireadh moill uirthi nó mar gheall ar nasc a cailleadh, rud a d’fhágfadh go mbeadh moill 60 nóiméad nó níos mó ar theacht ag an gceann scríbe deireanach.

Cúiteamh ón ngnóthas iarnróid (**) (roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas)

Maidir le moill idir 60 nóiméad agus 119 nóiméad ar theacht ag an gceann scríbe deireanach. (***)

Maidir le moill 120 nóiméad nó níos mó ar theacht ag an gceann scríbe deireanach.

Maidir le moilleanna nó cealuithe arís agus arís eile a bhain do phaisinéir a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir aige. (****)

Aisíocaíocht na gcostas ón ngnóthas iarnróid as soláthróirí eile seirbhísí iompair a úsáid nó costas eile (billí maidir le gnóthas iarnróid eile, bus, cóiste, tacsaí, óstán nó lóistín eile, béilí, sólaistí) (*****).

Tabhair do d’aire nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúiteamh agus ar aisíocaíocht ó ghnóthais iarnróid i gcás inar chaill tú nasc amháin nó níos mó i gcás ina mbeidh feidhm ag na coinníollacha uile seo a leanas:

1.

cheannaigh tú ticéad nó ticéid in aon idirbheart tráchtála amháin le haghaidh turais a raibh nasc amháin nó níos mó mar chuid de;

2.

luaitear ar na ticéid, nó ar dhoiciméad (leictreonach) eile, gurb ionann na ticéid agus conarthaí iompair ar leithligh;

3.

cuireadh an méid sin in iúl duit roimh cheannach.

(*)

Íocfar an aisíocaíocht laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil. Níl tú i dteideal aisíocaíocht a fháil ar an dticéad/na ticéid i gcás inar thairg an gnóthas iarnróid athródú ar do thuras nó leanúint de do thuras chuig do cheann scríbe deireanach agus ina ndearna sé na socruithe is gá chuige sin, agus inar ghlac tú leis an dtairiscint.

(**)

Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh de mhí amháin tar éis chur faoi bhráid na hiarrata ar chúiteamh. Tabhair do d’aire go bhféadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a chinneadh nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 4 in aghaidh an ticéid. Ina theannta sin, tabhair do d’aire go bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chúiteamh nó ar aisíocaíocht an ticéid/na dticéad ó ghnóthas iarnróid, ach ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an dá rud maidir leis an turas céanna.

(***)

Tabhair faoi deara go bhféadfaidh roinnt gnóthais iarnróid cúiteamh a dheonú faoi bhun na tairsí 60 nóiméad.

(****)

Tabhair do d’aire go luaitear na critéir maidir le moill a chinneadh agus maidir leis an gcúiteamh a ríomh i socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2021/782.

(****)

Ní chuirtear san áireamh ach costais atá iomchuí faoi Airteagal 18(3) agus Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2021/782. Tabhair do d’aire gur cheart do ghnóthais iarnróid béilí agus deochanna a thairiscint i gcomhréir réasúnta leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnta, ag cur san áireamh critéir amhail an fad ón soláthróir, an t-am is gá don seachadadh agus an costas. Íocfar aisíocaíocht na gcostas a bhaineann le soláthraithe eile seirbhísí iompair a úsáid laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil. Moltar go mór doiciméid tacaíochta ábhartha a chur isteach.

Faigh tuilleadh eolais faoi do chearta mar phaisinéir agus faoi na modhanna chun do chearta a éileamh:

Ar an suíomh gréasáin ‘An Eoraip Agatsa’: www.europa.eu/youreurope/citizens/travel

Ar an aip ‘Passenger rights’ tríd an gcód QR a scanadh.

Trí ‘Europe Direct’ ar an nguthán

00 800 6 7 8 9 10 11

Image 1

5.   Sonraí pearsanta

5.1.

Ainm

5.1.1.

Céadainm: … 5.1.2. Sloinne: …

5.2.

Seoladh

5.2.1.

Ainm na sráide: … 5.2.3. Uimhir: …

5.2.3.

Tír: … 5.2.4. Cód poist: … 5.2.5. Cathair/Baile: …

5.3.

Sonraí teagmhála

5.3.1.

Seoladh ríomhphoist (i gcás inarb infheidhme, luaigh an seoladh a úsáideadh tráth na háirithinte):

5.3.2.

Uimhir theileafóin:

5.4.

Do rogha modha íocaíochta le haghaidh aisíocaíochta/cúitimh: (ná déan ach bosca amháin a mharcáil)

☐ Airgead ☐ Dearbháin agus/nó seirbhísí eile (má thairgtear iad)

5.5.

Sonraí íocaíochta

(i gcás ina roghnaítear aisíocaíocht/cúiteamh in airgead)

5.5.1.

IBAN (uimhir chuntais):

5.5.2.

SWIFT/BIC (uimhir ródúcháin): …

5.5.3.

Modhanna íocaíochta eile a d’úsáid an paisinéir chun an ticéad a cheannach (e.g. PayPal, Apple Pay, etc.):

5.5.4.

Ainm shealbhóir an chuntais (céadainm, sloinne):

6.   Faisnéis bhreise a bhaineann le do thicéad/turas

Más mian leat, is féidir leat faisnéis bhreise a chur isteach anseo a bhaineann le do thicéad/turas, faisnéis faoi aon chostas breise a bhaineann le soláthraithe eile seirbhísí iompair nó costais eile (billí maidir le gnóthas iarnróid eile, bus, cóiste, tacsaí, óstán nó lóistín eile, béilí, sólaistí) san áireamh. Moltar go mór doiciméid tacaíochta ábhartha a chur isteach. 2 500 carachtar ar a mhéad.

CUIR NA DOICIMÉID ÁBHARTHA I gCEANGAL

(e.g., ticéad/ticéid nó áirithint/áirithintí, doiciméid le haghaidh costais bhreise a tabhaíodh san áireamh; dearbhú den mhoill/chealú i gcás inarb iomchuí)

Tá feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)) maidir le sonraí pearsanta a thugtar san fhoirm seo a phróiseáil. Tá faisnéis bhreise á cur ar fáil ag faighteoir na foirme seo faoin gcaoi a bpróiseálfar do shonraí pearsanta. Admhaím leis seo go bhfuil cead ag faighteoir na foirme coitinne aisíocaíochta agus cúitimh seo mo shonraí pearsanta a roinnt le páirtithe ábhartha eile más gá chun m’iarraidh a phróiseáil

Léirigh le cros [X]

TÁ ☐ NÍL☐

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis go léir a thugtar san fhoirm seo fíor agus cruinn ar gach slí agus le haghaidh na bpaisinéirí uile

Dáta an iarratais (lá/mí/bliain): …./…./….

Áit an iarratais: …

Ainm an phaisinéara nó a ionadaí nó a hionadaí: …


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1)

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/949/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top