EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0946
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/946 of 18 January 2024 amending Regulation (EU) 2021/2115 of the European Parliament and of the Council as regards Member States’ allocations for direct payments
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/946 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/946 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha
C/2024/215
IO L, 2024/946, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/946/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/946 |
26.3.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/946 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Eanáir 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 87(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 88(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, chinn an Fhrainc ina Plean Straitéiseach CBT suas le 5 % dá leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha le haghaidh cineálacha idirghabhálacha in earnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 7, de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na mblianta féilire 2024 go 2027. Bainfear, dá bhrí sin, na méideanna comhfhreagracha ó leithdháiltí na Fraince le haghaidh íocaíochtaí díreacha. |
(2) |
Léiríodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/813 (2) ón gCoimisiún na hathruithe ar leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha tar éis Phleananna Straitéiseacha CBT a fhormheas, ach níor áiríodh ann na hathruithe a chinn an Fhrainc le haghaidh an chineáil sin aistrithe. Chun cinneadh an Bhallstáit sin a léiriú, is gá, dá bhrí sin, leithdháiltí na Fraince a oiriúnú le haghaidh íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní V agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir. |
(4) |
Ós rud é go mbaineann aistriú na leithdháiltí a chinn an Fhrainc le cur chun feidhme na n-idirghabhálacha sna blianta féilire 2024 go 2027, tiocfaidh sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. Chun an modhnú sin a léiriú go leordhóthanach freisin i Rialachán (AE) 2021/2115 agus ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar ar an Rialachán sin difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ón mbliain 2024, go háirithe a mhéid a bhaineann le cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith aige ón 1 Eanáir 2024. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/813 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar thacaíocht an Aontais d’fhorbairt tuaithe (IO L 102, 17.4.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/813/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh na Fraince:
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh na Fraince:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/946/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)