Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0904

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/904 ón gCoimisiún an 25 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le taraif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí siúite agus táirgí snáithín cnó cócó

    C/2024/1818

    IO L, 2024/904, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/904/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/904/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/904

    26.3.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/904 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Márta 2024

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le taraif-chuótaí an Aontais le haghaidh táirgí siúite agus táirgí snáithín cnó cócó

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le GATT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéantar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir leis na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(1), pointe (b), an dara fleasc, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ó tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 taraif-chuótaí uathrialacha an Aontais maidir le dleacht nialasach le haghaidh cainníochtaí sonracha táirgí siúite agus táirgí snáithín cnó cócó, mar thoradh ar theacht i bhfeidhm scéim na bhfabhar ginearálaithe (GSP) in 1995, cuireadh síneadh leis na taraif-chuótaí arís agus arís eile. Lean an síneadh deireanach go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (2)

    Ós rud é go gcuirtear síneadh thar an 31 Nollaig 2023 le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) de bhua Rialachán (AE) 2023/2663 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart síneadh a chur leis an socrú taraif-chuóta le haghaidh táirgí siúite agus táirgí snáithín cnó cócó dá réir.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a leasú dá réir sin.

    (4)

    Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, agus chun úsáid leanúnach na dtaraif-chuótaí a áirithiú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an cúigiú colún (‘Tréimhse cuóta’) den tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs maidir le sraithuimhir 09.0107:

    ‘ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2027 ’;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs maidir le sraithuimhir 09.0109:

    ‘ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2027 ’;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs maidir le sraithuimhir 09.0111:

    ‘ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2027 ’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 5, 8.1.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2000/32/oj.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj).

    (3)  Rialachán (AE) 2023/2663 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L, 2023/2663, 27.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2663/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/904/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top