EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0891
Commission Regulation (EU) 2024/891 of 22 March 2024 amending Annexes II and V to Regulation (EC) No 396/2005 of the European Parliament and of the Council as regards maximum residue levels for bifenazate in or on certain products
Rialachán (AE) 2024/891 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar défheineasáite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
Rialachán (AE) 2024/891 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar défheineasáite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
C/2024/1806
IO L, 2024/891, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/891/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/891 |
25.3.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/891 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar défheineasáite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 18(1), pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás défheineasáite, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
Rinneadh formheas na substainte gníomhaí défheineasáit a athnuachan le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/698 ón gCoimisiún (2). Níorbh fhéidir an measúnú riosca do thomhaltóirí maidir le barra inite a thabhairt chun críche, toisc nár soláthraíodh an fhaisnéis ábhartha is gá chun sábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú agus nárbh fhéidir tocsaineacht meitibilíte ábhartha a chinneadh. Tharla sé sin mar gheall ar bhearnaí sna sonraí a bhféadfadh tionchar (3) a bheith acu ar an measúnú ar leibhéil iarmhar sna barra éagsúla agus mar gheall ar luachanna tagartha tocsaineolaíochta a bheith in easnamh i gcás mheitibilít D3598 (défheineasáit-déimíd) ar meitibilít í a áirítear sa sainmhíniú ar iarmhair. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) 2022/698 cuireadh srian ar úsáid na substainte gníomhaí défheineasáit chun nach gcumhdófaí léi ach barra do-ite a choimeádtar i dtithe gloine buana. |
(3) |
De réir Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le fad na dtréimhsí cairde le haghaidh díol agus dáileadh, diúscairt, stóráil, agus úsáid na stoc atá ann cheana den táirge cosanta plandaí lena mbaineann. Rachaidh uastréimhsí cairde arna ndeonú ag na Ballstáit le haghaidh défheineasáite in éag an 1 Eanáir 2024. |
(4) |
Ós rud é nach bhformheastar táirgí cosanta plandaí bunaithe ar dhéfheineasáit ach amháin lena n-úsáid i mbarra do-ite, is iomchuí na MRLanna a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcás na substainte sin a ísliú agus iad a liostú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin trína mbunú ag an teorainn chinnidh (‘LOD’) a luaithe a bheidh na tréimhsí cairde imithe in éag. Ina theannta sin, ba cheart na fonótaí ina léirítear easpa faisnéise maidir le hidrealú a scriosadh chun amhras a sheachaint. |
(5) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna Tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann le LODanna iomchuí. Mhol na saotharlanna sin LODanna a bhaineann go sonrach leis an táirge agus ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil MRLanna leagtha síos ina leith ag an LOD. |
(6) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Ba cheart tréimhse réasúnta ama a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna nua ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua a thagann as na leasuithe. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 14 Deireadh Fómhair 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/698 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach défheineasáit a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 130, 4.5.2022, lch. 3).
(3) Conclúid ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach défheineasáit. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6818.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, scriostar an colún le haghaidh défheineasáite; |
(2) |
in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach an colún seo a leanas le haghaidh défheineasáite: IARSCRÍBHINN V IARMHAIR LOTNAIDICÍDÍ AGUS UASLEIBHÉIL IARMHAR (MG/KG)
|
(*1) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/891/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)