EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0879

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/879 ón gCoimisiún an 21 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Corylus avellana le haghaidh plandú atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

C/2024/1766

IO L, 2024/879, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/879/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/879/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/879

22.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/879 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Corylus avellana le haghaidh plandú atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear an géineas Corylus L. ar an liosta sin.

(3)

An 31 Márta 2023 chuir an Ríocht Aontaithe (3) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas: plandaí Corylus avellana L. le haghaidh plandú suas le 2 bhliain d’aois nach mó ná 10 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, plandaí Corylus avellana L. le haghaidh plandú suas le 7 mbliana d’aois atá fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus plandaí Corylus avellana L. le haghaidh plandú suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 20 cm an trastomhas acu ag bonn an ghais, ar plandaí iad atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (‘na plandaí ábhartha’). Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(4)

An 30 Samhain 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha (4). Shainaithin an tÚdarás Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) agus Thaumetopoea processionea mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe ar a dtugtar tuairisc sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin.

(5)

Liostaítear Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) agus Thaumetopoea processionea mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais agus lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5), faoi seach.

(6)

Ar bhonn na tuairime ón Údarás, maidir leis an riosca fíteashláintíochta a bhaineann le tabhairt isteach na bplandaí ábhartha isteach san Aontas, meastar go bhfuil sé inghlactha.

(7)

I dteannta na bplandaí ábhartha, is iomchuí gach planda Corylus avellana L. le haghaidh plandú suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 20 cm an trastomhas acu ag bonn an ghais a áireamh ann, d’ainneoin gur ar phlandaí suas le 7 mbliana d’aois atá fréamhlom agus ar na plandaí sin amháin a chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh isteach. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil riosca fíteashláintíochta níos ísle ag baint leis na plandaí sin ná na plandaí le haghaidh plandú atá 15 bliana d’aois agus atá le cur i ndamhnaí fáis, de bharr go bhfuil na plandaí sin fréamhlom, agus áirítear na plandaí sin san iarraidh sin agus bhí siad faoi réir thuairim eolaíoch an Údaráis.

(8)

Dá réir sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo iad plandaí Corylus avellana L. le haghaidh plandú suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 20 cm an trastomhas acu ag bonn an ghais, ar plandaí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/2019-12-14.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).

(3)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87)) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críche an Ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann

(4)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2024. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Corylus avellana plants from the UK. [Tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Corylus avellana ón Ríocht Aontaithe.] https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8495

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘ Corylus L., seachas plandaí Corylus avellana L. nó Corylus colurna L. le haghaidh plandú atá de thionscnamh na Seirbia’:

Corylus L., seachas:

plandaí Corylus avellana L. nó Corylus colurna L. le haghaidh plandú atá de thionscnamh na Seirbia; agus

plandaí Corylus avellana L. le haghaidh plandú atá suas le 15 bliana d’aois, nach mó ná 20 cm an trastomhas acu ag bonn an ghais agus ar plandaí iad atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/879/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top