Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0878

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/878 ón gCoimisiún an 21 Márta 2024 lena nglactar rialacha aonfhoirmeacha maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2024/1601

    IO L, 2024/878, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/878/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/878/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/878

    22.3.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/878 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Márta 2024

    lena nglactar rialacha aonfhoirmeacha maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/6 leagtar amach an fhaisnéis atá le bheith ar lipéadú na n-aonad beag neasphacáistíochta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta. Tá an fhaisnéis sin teoranta chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis riachtanach uile a chur ar an lipéad ar bhealach inléite.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2019/6, tá rialacha aonfhoirmeacha le glacadh maidir le méid na n-aonad beag neasphacáistíochta. Ba cheart do na rialacha aonfhoirmeacha sin rannchuidiú leis an ualach riaracháin ar shealbhóirí údaruithe a laghdú, le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus le hinfhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta a mhéadú san Aontas.

    (3)

    I gcomhréir leis an treoir atá ann cheana ó Mheitheal na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí um Athbhreithniú Cáilíochta ar Dhoiciméid, ba cheart a mheas gur aonad beag neasphacáistíochta é gach aon chineál pacáistíochta atá i dteagmháil dhíreach leis an táirge íocshláinte tréidliachta agus a bhfuil toirt ainmniúil suas le 50 ml ann agus an toirt sin san áireamh.

    (4)

    De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/6, féadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a lipéadú i roinnt teangacha. D’fhéadfadh aonaid phacáistíochta áirithe a bhfuil toirt ainmniúil níos mó ná 50 ml acu a bheith róbheag fós nó d’fhéadfadh cruth nó cumraíocht a bheith orthu a fhágann nach féidir an fhaisnéis lipéadaithe uile a leagtar amach in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/6 a chur san áireamh i bhfoirm inléite i roinnt teangacha náisiúnta. Sna cásanna sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar an tairseach 50 ml. Chun a áirithiú go gcuirfear an t-úsáideoir ar an eolas mar is ceart maidir le hairíonna an táirge, níor cheart feidhm a bheith ag an maolú sin ach amháin maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta atá faoi réir oideas tréidliachta.

    (5)

    Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó atá faoi réir iarratas atá ar bun ar údarú margaíochta ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfaidís riachtanais an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, chun infhaighteacht leanúnach na dtáirgí sin a áirithiú, ní mór foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ar lena linn ba cheart cead a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh, fiú mura gcomhlíonann an fhaisnéis ar a lipéadú a mhéid a bhaineann le haonaid neasphacáistíochta an Rialachán seo.

    (6)

    Iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a chur isteach ar údarú margaíochta nó ar athrú údaraithe margaíochta, bheadh am leordhóthanach de dhíth orthu chun a n-iarratais a choigeartú chun iad a chur i gcomhréir leis na forálacha a shocraítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 30 lá tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Na cineálacha neasphacáistíochta seo a leanas, measfar gur aonaid bheaga neasphacáistíochta iad de réir bhrí Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/6:

    (a)

    spuaicphacaí nó stiallacha;

    (b)

    ampaill agus coimeádáin bheaga aon dáileoige nach ampaill iad;

    (c)

    coimeádán nó aon chineál pacáistíochta eile atá i dteagmháil dhíreach leis an táirge íocshláinte tréidliachta agus a bhfuil toirt ainmniúil suas le 50 ml ann agus an toirt sin san áireamh.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (c), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, nó i gcás inarb ábhartha, an Coimisiún, aonaid neasphacáistíochta ilteangacha nach sáraíonn toirt 100 ml a mheas mar aonaid bheaga neasphacáistíochta i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil an t-aonad neasphacáistíochta róbheag nó tá cruth nó cumraíocht air a fhágann nach féidir an fhaisnéis lipéadaithe uile dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/6 a chur san áireamh ar bhealach inléite, agus

    (b)

    i gcás ina n-aicmítear an táirge íocshláinte tréidliachta mar tháirge atá faoi réir oideas tréidliachta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/6.

    Airteagal 2

    Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh an 11 Bealtaine 2024, nó atá faoi réir iarratas atá ar bun ar údarú margaíochta an 11 Bealtaine 2024, , a luaithe a údarófar iad, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 11 Aibreán 2031 fiú mura gcomhlíonann an fhaisnéis ar a lipéadú a mhéid a bhaineann le haonaid neasphacáistíochta an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 11 Bealtaine 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/878/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top