This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0873
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/873 of 30 January 2024 amending Delegated Regulation (EU) 2019/331 as regards transitional Union-wide rules for harmonised free allocation of emission allowances
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe
C/2024/441
IO L, 2024/873, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/873 |
4.4.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/873 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10a(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh Treoir 2003/87/CE a athbhreithniú agus a leasú chun í a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena socraítear sprioc mar atá laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Baineann an t-athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE freisin le leithdháileadh lamháltas saor in aisce agus ceanglaítear leis athruithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (4). |
(2) |
Le Treoir (AE) 2023/959, tugtar isteach oibleagáidí maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ar oibreoirí suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh. Ós rud é nach gá do na suiteálacha sin lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir sin, is iomchuí gan an teas a sheachadann na suiteálacha sin ar shuiteálacha eile mar a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE) a mheas chun críche leithdháilte saor in aisce. |
(3) |
Chun leictriú próiseas tionsclaíoch a dhreasú mar theicneolaíocht thábhachtach chun astaíochtaí ó phróisis den sórt sin a laghdú go mór agus chun cóir chomhionann próiseas a chumhdaítear le tagarmharcanna táirgí agus tagarmharcanna teasa agus breosla a áirithiú, ba cheart, i bprionsabal, teas intomhaiste agus teas nach teas intomhaiste é a tháirgtear ó leictreachas a bheith incháilithe do leithdháileadh saor in aisce faoi na tagarmharcanna teasa agus breosla. |
(4) |
I gcás C-271/20 (5), rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go gcaithfear le fuinneamh ceimiceach a stóráiltear san amhábhar agus a scaoiltear mar theas le linn an phróisis dócháin mar bhreosla chun críche leithdháilte saor in aisce. Ós rud é go scaoileann próisis dócháin den sórt sin astaíochtaí seachas gáis ceaptha teasa, is iomchuí an teas a scaoiltear le linn próisis dócháin den sórt sin a eisiamh go sainráite ó leithdháileadh saor in aisce faoin tagarmharc breosla chun sláine comhshaoil a áirithiú, go háirithe i bhfianaise scaoileadh ocsaídí sulfair le linn próisis dócháin den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid an tagarmhairc breosla a theorannú do phróisis dócháin nuair is í giniúint teasa nach teas intomhaiste é an príomhchuspóir. |
(5) |
Le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE, soláthraítear sainordú don Choimisiún chun cur chun feidhme na coinníollachta nua maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chomhtháthú sa timthriall 5 bliana atá ann cheana le haghaidh suiteálacha a dhéanann iarratas ar leithdháileadh saor in aisce arna bhunú leis an Rialachán seo, chun comhchuibhiú le nósanna imeachta atá ann cheana a áirithiú agus chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint. |
(6) |
Ba cheart don údarás inniúil an plean um modheolaíocht faireacháin a fhormheas chun comhsheasmhacht leis na rialacha faireacháin a áirithiú. De bharr srianta ama, níor ghá formheas ón údarás inniúil chun tuarascálacha sonraí bonnlíne a chur isteach in 2019, an bhliain inar tugadh isteach na pleananna um modheolaíocht faireacháin le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/331. Níl gá leis an díolúine sin a thuilleadh agus níor cheart feidhm a bheith aici a thuilleadh. |
(7) |
Foráiltear le Treoir 2003/87/CE nach dtabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i ndáil le táirgeadh táirgí a chumhdaítear leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), le céimniú amach de réir a chéile ar leithdháileadh saor in aisce le linn idirthréimhse. Chun cur chun feidhme comhchuibhithe na forála sin a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí faisnéis agus fianaise a sholáthar, go háirithe bunaithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) arna mbunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (7), ar na hearraí a tháirgtear. |
(8) |
Chun nósanna imeachta a shimpliú, go háirithe i ndáil le tuairisciú bliantúil ar leibhéal na gníomhaíochta agus maidir le coigeartuithe ina dhiaidh sin ar leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún (8), ba cheart sonraí maidir le gach foshuiteáil, lena n-áirítear foshuiteálacha beaga, a thuairisciú mar bhonn chun coigeartuithe a dhéanamh níos déanaí ar leithdháileadh saor in aisce. |
(9) |
Chun leictriú próiseas tionsclaíoch a dhreasú chun astaíochtaí ó phróisis den sórt sin a laghdú go mór, is gá na rialacha maidir le hinmhalartacht breosla agus leictreachais a bhaint. Dá bharr sin, próisis atá leictrithe go mór nó go hiomlán a chumhdaítear le CTA AE, ba cheart go dtairbheoidís de leithdháileadh saor in aisce ar an mbealach céanna le próisis a bhfuil astaíochtaí arda díreacha acu. Dá bhrí sin, ba cheart méid an leithdháilte saor in aisce a chinneadh gan beann ar sciar na n-astaíochtaí díreacha agus indíreacha le haghaidh suiteálacha a thagann faoin tagarmharc céanna. Cé go gcumhdófar le leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na bpróiseas sin astaíochtaí indíreacha freisin, ní gá go gciallódh sé go bhfuil aghaidh tugtha go hiomlán ar na rioscaí a bhaineann le sceitheadh carbóin arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE le haghaidh na bpróiseas sin. Féadfar éagsúlacht a bheith i gcostais indíreacha a chuirtear ar aghaidh chuig tomhaltóirí leictreachais ar bhonn an mheascáin leictreachais i limistéar geografach ábhartha. Maidir le haon leithdháileadh saor in aisce a dheonaítear d’astaíochtaí indíreacha ó phróisis leictrithe, níor cheart go ndéanfaí réamhbhreith ar an bhféidearthacht cúiteamh a fháil ar chostais indíreacha i gcomhréir le hAirteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE. Ina dhiaidh sin, bearta airgeadais chun costais indíreacha a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a chúiteamh, níor cheart go ndéanfaí na costais indíreacha céanna a chumhdaítear leis an leithdháileadh saor in aisce a chúiteamh leo. Chun tagarmharcanna leictreachais a chinneadh, is iomchuí sonraí a bhailiú maidir le tomhaltas leictreachais le haghaidh tagarmharcanna táirgí ábhartha. |
(10) |
Chun aisghabháil teasa ó fhoshuiteálacha le tagarmharc breosla agus ó fhoshuiteálacha astaíochtaí próisis a dhreasú a thuilleadh, ba cheart an teas sin a bheith incháilithe do leithdháileadh saor in aisce de bhreis ar an leithdháileadh atá bunaithe ar ídiú breosla agus ar astaíochtaí próisis. Ba cheart a mheas go maolaítear an riosca a bhaineann le comhaireamh dúbailte leis na nuashonruithe ar luach an tagarmhairc breosla agus ar an iolraitheoir a chuirtear i bhfeidhm ar astaíochtaí próisis i gcomhréir le hAirteagal 16(2), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/331. |
(11) |
Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart an fhaisnéis faoi na pleananna um aeráidneodracht a chomhtháthú sna bearta cur chun feidhme náisiúnta atá ann cheana agus a fheidhmíonn mar bhonn le leithdháileadh saor in aisce a ríomh. |
(12) |
Chun luach saothair a thabhairt do na gníomhaithe is fearr agus don nuálaíocht, díolmhaítear le Treoir 2003/87/CE suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun mheán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla faoi thagarmharc ar leith, ó chur i bhfeidhm an fhachtóra ceartúcháin trasearnála. Ós rud é go sainmhínítear tagarmharcanna ar leibhéal na foshuiteála, is iomchuí an díolúine a spreagadh má chomhlíonann leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa foshuiteála amháin ar a laghad an tairseach, ar choinníoll go rannchuidíonn an fhoshuiteáil sin go mór leis an leithdháileadh saor in aisce iomlán le haghaidh na suiteála. |
(13) |
Chun cur chun feidhme comhchuibhithe na gcoigeartuithe ar leithdháileadh agus an scor d’oibríocht a éascú, ba cheart lamháltais bhreise nach dtugann oibreoir ar ais go cuí a asbhaint ón leithdháileadh saor in aisce don oibreoir lena mbaineann. |
(14) |
Chun a áirithiú go gceartóidh oibreoirí aon neamhchomhréireacht nó aon earráid i dtuarascálacha sonraí bonnlíne a mbíonn tionchar acu ar chinneadh na leibhéal gníomhaíochta stairiúil, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gceartófar na hearráidí nó na neamhchomhréireachtaí sin agus ní hamháin na ceartuithe a iarraidh. |
(15) |
Chun a áirithiú go bhfuil na leibhéil ghníomhaíochta stairiúla ionadaíoch, a mhéid is féidir, do thimthriallta an tionscail agus chun tionchar imthosca speisialta, amhail géarchéimeanna eacnamaíocha, a laghdú, ba cheart na leibhéil sin a ríomh trí úsáid a bhaint as airmheán na leibhéal gníomhaíochta le linn na tréimhse bonnlíne. |
(16) |
Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe agus ceart, is iomchuí cinneadh na leibhéal gníomhaíochta stairiúil a shoiléiriú i gcásanna nár thosaigh foshuiteáil ar ghnáthoibriú ach le linn na tréimhse bonnlíne. I ndáil leis sin, ba cheart leibhéil ghníomhaíochta stairiúla a bheith bunaithe ar ghníomhaíochtaí na mblianta féilire iomlána. |
(17) |
Leithdháileadh saor in aisce le haghaidh astaíochtaí próisis nach gcumhdaítear le tagarmharcanna táirgí, tá siad bunaithe ar mharthanacht astaíochtaí stairiúla. Ó bhí 2013 ann, tugadh leithdháileadh saor in aisce ar leibhéal 97 % de na hastaíochtaí stairiúla. Chun an laghdú ar astaíochtaí próisis den sórt sin a dhreasú agus chun ailíniú níos fearr a áirithiú le leithdháileadh saor in aisce le haghaidh astaíochtaí próisis a chumhdaítear le tagarmharcanna táirgí, is gá leibhéal an leithdháilte saor in aisce le haghaidh astaíochtaí próisis nach gcumhdaítear le tagarmharcanna táirgí a laghdú go 91 %, méid atá comhionann le laghdú bliantúil 0,3 % mar an t-íosráta nuashonraithe a chuirtear i bhfeidhm ar thagarmharcanna táirgí i gcomhréir le hAirteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir iolrúcháin laghdaithe ón 1 Eanáir 2028 chun ailíniú níos fearr a dhéanamh leis an amlíne maidir le réitigh a chur in úsáid chun astaíochtaí próisis a mhaolú, amhail gabháil agus stóráil carbóin. |
(18) |
Chun a áirithiú go ndéantar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh earraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/956 a chéimniú amach de réir a chéile, ba cheart an fachtóir ábhartha SCCT a leagtar amach in Airteagal 10a(1a), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE, a chur i bhfeidhm maidir leis an réamh-leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na foshuiteála lena mbaineann. Ba cheart athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar raon feidhme SCCT agus ar an bhfachtóir ábhartha SCCT a tugadh isteach i Rialachán (AE) 2023/956 a léiriú sa chéimniú amach de réir a chéile comhfhreagrach den leithdháileadh saor in aisce. |
(19) |
Le Treoir (AE) 2023/959, baintear coincheap na ngineadóirí leictreachais ón 1 Eanáir 2026 mar aon leis an láimhseáil shonrach a bhaineann leo i dtéarmaí leithdháileadh saor in aisce ó CTA AE. Dá bhrí sin, is gá forálacha gaolmhara i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a scriosadh dá réir sin. |
(20) |
Chun an chothroime iomaíochta a choinneáil ar bun idir suiteálacha atá ann faoi láthair agus iontrálaithe nua, is gá athruithe ar na rialacha faoi seach maidir le hiontrálaithe nua a léiriú a mhéid a bhaineann le leibhéil ghníomhaíochta stairiúla agus leithdháileadh lamháltas saor in aisce. |
(21) |
Chun tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tugadh isteach foráil maidir le coinníollacht leithdháilte saor in aisce i ndáil le cur chun feidhme beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh in Airteagal 10a, an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, ar gá é a fhorlíonadh. Maidir le moltaí a áirítear i dtuarascálacha iniúchóireachta fuinnimh nó i gcórais bainistithe fuinnimh dheimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 10a(1), an tríú fomhír, den Treoir sin, atá ar leibhéal na cuideachta, is gá iad a aistriú go leibhéal na suiteála. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart don údarás inniúil a mheas go bhfuil na moltaí sin curtha chun feidhme ach amháin nuair a bheidh an cur chun feidhme curtha i gcrích agus nuair a bheidh sé deimhnithe ag an bhfíoraitheoir go bhfuil sé curtha i gcrích. Chun an dreasacht a thugtar le tabhairt isteach na coinníollachta a chosaint, ba cheart an deis a thabhairt do shuiteáil an leithdháileadh saor in aisce laghdaithe a aisghabháil tar éis na bearta molta a chur chun feidhme mar chuid den tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta agus tar éis gur fíoraíodh cur chun feidhme na mbeart molta. Ba cheart timthriall bliantúil a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinníollacht suiteálacha neamhchomhlíontacha tar éis na leibhéil ghníomhaíochta bhliantúla a thuairisciú. Ba cheart d’oibreoirí suiteálacha neamhchomhlíontacha a bhfuil an laghdú 20 % ar leithdháileadh saor in aisce rompu fianaise fhíoraithe a sholáthar don údarás inniúil maidir le cur chun feidhme na mbeart molta uile chun a áirithiú go n-aisghabhfar leithdháileadh saor in aisce arna laghdú de bharr coinníollachta. |
(22) |
Tar éis rialacha nua a thabhairt isteach maidir le coinníollacht an leithdháilte saor in aisce ar phleananna um aeráidneodracht de bhun Airteagal 10a(1) agus Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE, tá céimeanna nós imeachta na coinníollachta le forlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, den Treoir sin, tá pleananna um aeráidneodracht le bunú ag na hoibreoirí faoin 1 Bealtaine 2024. Chun an choinníollacht a ailíniú leis an nós imeachta atá ann cheana maidir le hiarratas ar leithdháileadh saor in aisce, ba cheart na pleananna um aeráidneodracht a chur isteach faoin 30 Bealtaine 2024, nó de réir mar is iomchuí ag brath ar an teorainn ama mhalartach arna socrú ag na Ballstáit chun iarratais den sórt sin a chur isteach. I gcomhréir le hAirteagal 10a(1) de Threoir 2003/87/CE, is iad na suiteálacha lena mbaineann an choinníollacht sin na suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha in 2016 agus 2017. Chun na críche sin, ba cheart úsáid a bhaint as an ríomh chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a chinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (9). Tá an cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis fhíoraithe maidir le héifeachtúlacht gás ceaptha teasa na suiteálacha arna dtuairisciú de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE i dtaca le 2016 agus 2017. Ós rud é go sainmhínítear tagarmharcanna ar leibhéal na foshuiteála, is iomchuí tairseach a thabhairt isteach le haghaidh foshuiteálacha beaga nach bhfuil feidhm ag an gcoinníollacht faoina bun, ar choinníoll nach rannchuidíonn an fhoshuiteáil le níos mó ná 20 % den réamh-leithdháileadh saor in aisce iomlán den tsuiteáil. |
(23) |
Chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó théamh ceantair a dhreasú agus a bhrostú, leagtar amach le hAirteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE tuilleadh rialacha maidir leis an gcoinníollacht i ndáil le pleananna um aeráidneodracht i gcás suiteálacha téimh ceantair. Dá thoradh sin, féadfaidh na suiteálacha CTA a sholáthraíonn teas do chórais téimh cheantair iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh breise saor in aisce sa tréimhse ó 2026 go 2030. Chun deimhneacht a sholáthar d’oibreoirí na bhfoshuiteálacha téimh ceantair a dhéanann iarratas ar leithdháileadh breise saor in aisce, ar deimhneacht í i dtaca leis na coinníollacha breise maidir le héacht suntasach i ndáil le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa roimh 2030, is gá luach na lamháltas breise saor in aisce a shocrú de réir mhéid na hinfheistíochta atá le déanamh. Chun bheith comhsheasmhach, maidir leis an bpraghas carbóin a úsáidtear chun luach airgeadúil na lamháltas sin a chinneadh, ba cheart é a úsáid ar an gcaoi chéanna le hAirteagal 10c(3) de Threoir 2003/87/CE. Chun soiléireacht a sholáthar maidir le leibhéal agus cineál na hinfheistíochta a cheanglaítear ar na hoibreoirí agus chun cóir chomhionann a áirithiú do na suiteálacha uile lena mbaineann, ba cheart laghdú mór ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú trí úsáid a bhaint as conair líneach den mheánfhachtóir líneach laghdaithe le linn na tréimhse idir meánphointe na tréimhse bonnlíne 2019-2023, is é sin 2021, agus 2030 i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2003/87/CE. Is é an ceanglas laghdaithe céanna a bhíonn mar thoradh ar an modheolaíocht sin ar gach oibreoir téimh ceantair lena mbaineann agus ní cheanglaítear léi go mbunófar rátaí laghdaithe a bhaineann go sonrach le suiteáil. |
(24) |
Chun dreasachtaí na coinníollachta dúbailte a chosaint agus chun iarmhairtí míréasúnta a sheachaint, níor cheart an choinníollacht maidir le leithdháileadh saor in aisce ar chur chun feidhme na mbeart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus coinníollacht an leithdháilte saor in aisce maidir le pleananna um aeráidneodracht a bheith carnach. Ciallaíonn sé sin gur cheart feidhm a bheith ag an laghdú 20 % ar leithdháileadh saor in aisce mura gcomhlíontar coinníollacht amháin nó an dá choinníollacht faoi Airteagal 10a(1), an tríú fomhír agus an cúigiú fomhír de Threoir 2003/87/CE. |
(25) |
I gcomhréir le hAirteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE, leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 (10) ón gCoimisiún ábhar agus formáid íosta na bpleananna um aeráidneodracht. Is iomchuí freisin athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar na pleananna um aeráidneodracht, chun go bhféadfaí spriocanna agus garspriocanna idirmheánacha a athbhreithniú agus a athsholáthar, ag cur san áireamh teicneolaíochtaí nua agus laghduithe astaíochtaí a baineadh amach nó nár baineadh amach cheana féin, mar a shainmhínítear le haghaidh gach tréimhse fíorúcháin in 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, chomh fada agus a oireann siad do chuspóir na haeráidneodrachta mar a shainmhínítear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119. |
(26) |
Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart d’údaráis inniúla pleananna um aeráidneodracht a fhoilsiú. Le foilsiú pleananna um aeráidneodracht, déantar foráil maidir le tuilleadh feasachta agus tuisceana ar laghdú gás ceaptha teasa laistigh den tsuiteáil. Chun faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint, ba cheart d’oibreoirí suiteálacha a bheith in ann a iarraidh go scriosfaí eilimintí áirithe atá íogair ó thaobh na tráchtála de ón leagan de na pleananna um aeráidneodracht atá le cur ar fáil go poiblí. Ba cheart bonn cirt cuí a bheith ag gabháil le hiarrataí den sórt sin. |
(27) |
Chun cur chun feidhme rialacha maidir le cumaisc agus scoilteanna suiteálacha a éascú agus sainiúlachtaí na suiteálacha lena mbaineann á gcur san áireamh i bhfianaise rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce, is iomchuí tuilleadh solúbthachta a sholáthar chun cásanna de leibhéil éagsúla leithdháilte a bhfuil bonn cirt leo a chumhdach roimh an gcumasc nó an scoilt agus ina ndiaidh, tríd an gceanglas mar atá an leibhéal céanna leithdháilte a bheith ann tar éis an chumaisc nó na scoilte a bhaint. |
(28) |
Chun leithdháileadh saor in aisce nach bhfuil bonn cirt leis ar shuiteálacha nach n-oibríonn a thuilleadh a sheachaint, níor cheart aon leithdháileadh saor in aisce a dheonú don chuid den bhliain féilire tar éis lá scoir na n-oibríochtaí. |
(29) |
Chun dreasachtaí a neartú maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun cothroime iomaíochta idir teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ann cheana a áirithiú, déantar foráil le Treoir 2003/87/CE maidir le hathbhreithniú ar na tagarmharcanna ex ante uile-Aontais arna gcinneadh d’fhonn modhnú féideartha a dhéanamh ar shainmhínithe agus teorainneacha córais na dtagarmharcanna táirge atá ann cheana. Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích agus sainaithníodh roinnt tagarmharcanna ann ar cheart modhnuithe ar shainmhínithe agus teorainneacha córais a thabhairt isteach chun dreasachtaí breise nó soiléirithe teicniúla den sórt sin a sholáthar. |
(30) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a dhreasú maidir le táirgí iarnmhéine ceirtleánaithe mar chothú i dtáirgeadh príomhúil cruach agus chun riachtanais na dteicneolaíochtaí cruach glas a mheas, is iomchuí tagarmharc na méine sintéaraithe a oscailt do tháirgí malartacha. Chun na dreasachtaí sin a uasmhéadú, maidir le lipéad an tagarmhairc agus na sainmhínithe ar tháirgí a chumhdaítear agus na sainmhínithe ar theorainneacha córais, ba cheart iad a choimeád neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. |
(31) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus saor ó charbón a dhreasú maidir le táirgeadh cruach príomhúla agus chun cothroime iomaíochta a chruthú idir an bealach atá ann cheana maidir le foirnéis soinneáin atá bunaithe ar chóc agus teicneolaíocht an laghdaithe dhírigh, ba cheart an tagarmharc maidir le miotal te a mhodhnú i dtéarmaí breiseanna leis na sainmhínithe ar na táirgí a chumhdaítear agus i dtéarmaí na dteorainneacha córais. |
(32) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a dhreasú maidir le ceanglóirí hiodrálacha malartacha a tháirgeadh mar mhalairt ar chlincear stroighne báine agus léithe, is iomchuí na tagarmharcanna maidir le clincear stroighne léithe agus clincear stroighne báine a oscailte do tháirgí malartacha. Chun leithdháileadh míchuí a sheachaint, níor cheart breithniú a dhéanamh ar tháirgí a chumhdaítear le tagarmharcanna táirgí eile ná le seachtháirgí nó dramhaíl a eascraíonn as próisis eile. |
(33) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun cur chun feidhme comhchuibhithe rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a éascú i dtéarmaí cóireála ar astaíochtaí ó imoibreoirí dé-ocsaíde carbóin, maidir le tagarmharc na luatha sóide ba cheart a shoiléiriú go gcumhdaítear na próisis sin le teorainn córais an tagarmhairc táirge sin. |
(34) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun comhaireamh dúbailte a sheachaint i dtéarmaí leithdháileadh saor in aisce do tháirgeadh cruach ó iarann spúinseach agus chun a áirithiú nach bhforluíonn na tagarmharcanna táirgí maidir le miotal te, cruach charbóin ó stuafhoirnéis leictreach agus cruach ard-chóimhiotail ó stuafhoirnéis leictreach, is gá cruach a tháirgtear as iarann spúinseach a eisiamh ón sainmhíniú ar na tagarmharcanna maidir le cruach charbóin ó stuafhoirnéis leictreach agus cruach ard-chóimhiotail ó stuafhoirnéis leictreach. |
(35) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus saor ó charbóin a dhreasú maidir le hidrigin a tháirgeadh agus chun cothroime iomaíochta a chruthú idir teicneolaíochtaí nua gus teicneolaíochtaí atá ann cheana amhail leictrealú uisce, le Treoir (AE) 2023/959 cuireadh síneadh leis an tuairisc ghníomhaíochta maidir le hidrigin a tháirgeadh chun táirgeadh hidrigine glaise a áireamh agus íslíodh tairseach an táirgthe. Ba cheart an tagarmharc hidrigine a mhodhnú dá réir. Mar sin féin, níor cheart do na próisis leictrealaithe inar seachtháirge an hidrigin tairbhiú de leithdháileadh saor in aisce faoin tagarmharc hidrigine ná faoin tagarmharc amóinia, ós rud é nach bhfuil na teicneolaíochtaí sin nua agus go bhfuil príomhchuspóir eile acu seachas hidrigin a tháirgeadh. Chun soiléiriú breise a thabhairt ar na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce, is iomchuí hidrigin a úsáidtear chun amóinia a tháirgeadh a eisiamh go sainráite ón tagarmharc táirge maidir le hidrigin. |
(36) |
I ndiaidh an athbhreithnithe, chun cur chun feidhme na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a comhchuibhiú a thuilleadh i ndáil le haol agus aol dolaimíteach a tháirgeadh agus chun comhsheasmhacht leis an tuairisciú bliantúil ar astaíochtaí a áirithiú, is iomchuí na tagairtí do mheastacháin choimeádacha maidir leis an gcion d’ocsaíd chailciam shaor agus ocsaíd mhaignéisiam a scriosadh. |
(37) |
Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhéine fuinnimh tháirgeadh na meascán d’ocsaíd eitiléine agus gliocól eitiléine agus ar chomhshuíomh meascán gáis de hidrigin agus aonocsaíd charbóin, is iomchuí an ríomh ar na leibhéil ghníomhaíochta stairiúla a choigeartú le haghaidh tagarmharcanna táirgí maidir le hocsaíd eitiléine/gliocól eitiléine agus hidrigin. |
(38) |
Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na hathruithe sna rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar thagarmharcanna táirgí, coinníollacht an leithdháilte saor in aisce a thabhairt isteach agus deireadh a chur le leithdháileadh saor in aisce de réir a chéile de bharr SCCT, ba cheart an raon feidhme maidir le bailiú sonraí a shocrú dá réir i gcomhthéacs iarrataí ar leithdháileadh saor in aisce. Tá gá le hathruithe comhchosúla maidir le cion íosta na bpleananna um modheolaíocht faireacháin. |
(39) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a leasú dá réir sin. |
(40) |
Ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2024. Mar sin féin, chun ualach riaracháin míchuí a laghdú agus intuarthacht na leibhéal leithdháilte saor in aisce a áirithiú, i gcás iontrálaithe nua ar cuireadh a n-iarratais ar leithdháileadh saor in aisce faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2023 agus i gcás suiteálacha atá ann faoi láthair, forálacha maidir le sainmhínithe ar thagarmharcanna, loisceoirí dramhaíola, SCCT, foshuiteálacha beaga, inmhalartaitheacht breosla agus leictreachais, aisghabháil teasa ó fhoshuiteálacha le tagarmharc breosla agus ó fhoshuiteálacha astaíochtaí próisis, leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le suiteálacha atá ann faoi láthair, leithdháileadh ar leibhéal na suiteála do suiteálacha atá ann faoi láthair, leithdháileadh le haghaidh hastaíochtaí próisis nach gcumhdaítear le tagarmharcanna táirgí, an coincheap na ngineadóirí leictreachais a bhaint, agus leithdháileadh i leith galchraiceála agus monaiméir clóiríde vinile, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2026. Níor cheart go ndéanfadh na leasuithe difear do leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025. Chun cóir chomhionann agus cothroime iomaíochta a áirithiú le haghaidh iontrálaithe nua a bhfuil dátaí éagsúla iarratais ar leithdháiltí acu, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach maidir le hiarratas a dhéanamh. Maidir le hiontrálaithe nua a gcuirtear a n-iarratais ar leithdháileadh saor in aisce isteach faoin 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar an Rialachán seo maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2024, ach maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2023, tá feidhm ag an Rialachán ina leagan is infheidhme an 31 Nollaig 2023. |
(41) |
Ós rud é go ndéantar leithdháileadh saor in aisce a ríomh bunaithe ar bhlianta féilire iomlána agus go mbíonn feidhm ón 1 Eanáir 2024 ag formhór na leasuithe a thugtar isteach ar Threoir 2003/87/CE le Treoir (AE) 2023/959, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024. |
(42) |
Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne ós rud é go gceanglaítear ar oibreoirí a rialacha a chomhlíonadh maidir le tuairisciú a dhéanamh ar shonraí bonnlíne ó mhí Aibreáin, mí na Bealtaine, nó mí an Mheithimh 2024 ar aghaidh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 4, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Oibreoir suiteála a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar leithdháileadh saor in aisce nó a bhfuil leithdháileadh saor in aisce á fháil aige de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh sé faireachán ar na sonraí atá le cur isteach mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, bunaithe ar phlean um modheolaíocht faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil.’ |
(4) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (f):
|
(9) |
leasaítear Airteagal 18(1) mar a leanas:
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 19, 20 agus 21: ‘Airteagal 19 Leithdháileadh i leith galchraiceála De mhaolú ar Airteagal 16(2), pointe (a), agus Airteagal 18(1), pointe (a), an réamhlíon lamháltas astaíochtaí bliantúil a leithdháiltear saor in aisce maidir le foshuiteáil le tagarmharc táirge agus a bhaineann le ceimiceáin ardluacha (HVC) a tháirgeadh, comhfhreagróidh sé don luach a bhaineann le tagarmharc an táirge galchraiceála le haghaidh na tréimhse leithdháilte ábhartha arna iolrú faoin leibhéal gníomhaíochta stairiúil a chinntear i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Cuirfear le toradh an ríomha sin 1,78 tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh an tona hidrigine faoi airmheán táirgthe stairiúil hidrigine ó bheatha fhorlíontach arna shloinneadh i dtonaí hidrigine, 0,24 tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh an tona eitiléine faoi airmheán táirgthe stairiúil eitiléine ó bheatha fhorlíontach arna shloinneadh i dtonaí eitiléine, agus 0,16 tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh an tona HVC faoi airmheán táirgthe stairiúil ceimiceán ardluacha eile seachas hidrigin agus eitiléin ó bheatha fhorlíontach arna shloinneadh i dtonaí HVC. Airteagal 20 Leithdháileadh i leith monaiméir clóiríde vinile De mhaolú ar Airteagal 16(2), pointe (a), agus Airteagal 18(1), pointe (a), an réamhlíon lamháltas astaíochtaí bliantúil a leithdháiltear saor in aisce maidir le foshuiteáil agus a bhaineann le monaiméir clóiríde vinile (VCM) a tháirgeadh, comhfhreagróidh sé do luach an tagarmhairc VCM le haghaidh na tréimhse leithdháilte ábhartha arna iolrú faoin leibhéal gníomhaíochta stairiúil maidir le táirgeadh VCM arna shloinneadh mar thonaí agus arna iolrú faoin líon astaíochtaí díreacha a bhaineann le táirgeadh VCM, lena n-áirítear astaíochtaí ón nglanteas a allmhairítear, arna ríomh ar bhonn allmhairiú an ghlanteasa stairiúil arna shloinneadh mar theirigiúil arna iolrú faoi luach an tagarmhairc teasa le haghaidh na tréimhse leithdháilte ábhartha, i gcaitheamh na tréimhse bonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 15(2) nó i gcaitheamh na chéad bhliana féilire i ndiaidh na bliana féilire ina dtosaíonn an ghnáthoibríocht dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (a), de réir mar is iomchuí, arna shloinneadh mar choibhéis tonaí dé-ocsaíde carbóin agus suim na n-astaíochtaí díreacha sin agus na n-astaíochtaí a bhaineann le hidrigin chun VCM a tháirgeadh i gcaitheamh na tréimhse bonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 15(2) nó i gcaitheamh na chéad bhliana féilire i ndiaidh na bliana féilire ina dtosaíonn an ghnáthoibríocht dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (a), de réir mar is iomchuí, arna shloinneadh mar choibhéis tonaí dé-ocsaíde carbóin arna ríomh ar bhonn an tomhaltais teasa stairiúil a eascraíonn as dóchán hidrigine arna shloinneadh mar theirigiúil arna iolrú faoi luach an tagarmhairc teasa le haghaidh na tréimhse leithdháilte ábhartha. Airteagal 21 Sreabha teasa idir suiteálacha I gcás ina gcuimsíonn foshuiteáil le tagarmharc táirge teas intomhaiste a allmhairítear ó shuiteáil nó ó eintiteas nach n-áirítear in CTA AE nó a áirítear chun críocha Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE agus chun na gcríoch sin amháin, déanfar an réamhlíon lamháltas astaíochtaí bliantúil a leithdháiltear saor in aisce maidir leis an bhfoshuiteáil le tagarmharc táirge lena mbaineann arna chinneadh de bhun Airteagal 16(2), pointe (a), nó Airteagal 18(1), pointe (a), de réir mar is iomchuí, a laghdú de réir an mhéid teasa arna allmhairiú go stairiúil ó shuiteáil nó ó eintiteas eile nach n-áirítear in CTA AE nó a áirítear chun críocha Airteagail 14 agus 15 den Treoir agus chun na gcríoch sin amháin sa bhliain lena mbaineann arna iolrú faoi luach an tagarmhairc teasa maidir le teas intomhaiste le haghaidh na tréimhse leithdháilte ábhartha.’ |
(11) |
scriostar Airteagal 22; |
(12) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 22a Coinníollacht an leithdháilte saor in aisce maidir le cur chun feidhme na mbeart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh 1. Méid deiridh na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce, arna chinneadh de bhun Airteagal 16(8) den Rialachán seo don tsuiteáil dá dtagraítear in Airteagal 10a(1), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, laghdófar faoi 20 % é i gcomhréir le hAirteagal 10a(1) den Treoir sin mura féidir leis an oibreoir a léiriú chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil na moltaí uile faoi Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) curtha chun feidhme. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag aon laghdú den sórt sin más féidir leis an oibreoir a léiriú chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil feidhm ag aon cheann de na coinníollacha a leanas:
2. Déanfaidh an t-oibreoir nós imeachta maidir le cur chun feidhme na moltaí a bhunú, a chur chun feidhme, a dhoiciméadú agus a choinneáil ar bun agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a léiriú. 3. Seiceálfaidh an fíoraitheoir mar chuid den fhíorú ar an tuarascáil ar shonraí bonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2) cé acu a chuirtear chun feidhme na moltaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, nó nach gcuirtear, agus cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, i gcás inarb infheidhme. I gcás inarb ábhartha, seiceálfaidh an fíoraitheoir, mar chuid den fhíorú ar an tuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (*3), cé acu a chuirtear chun feidhme na moltaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, nó nach gcuirtear, agus cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, i gcás inarb infheidhme. 4. Ní mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil na moltaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, curtha chun feidhme ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
Airteagal 22b Coinníollacht an leithdháilte saor in aisce maidir le pleananna um aeráidneodracht 1. Chun críocha Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, an líon lamháltas astaíochtaí bliantúil deiridh a leithdháiltear saor in aisce, arna chinneadh de bhun Airteagal 16(8) den Rialachán seo, laghdófar faoi 20 % é maidir le suiteáil ag a bhfuil foshuiteálacha le tagarmharc táirge i gcás ina raibh na leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid ceann amháin ar a laghad de na foshuiteálacha sin le tagarmharc táirge níos airde ná an 80ú peircintíl de na leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí ábhartha in 2016 agus 2017. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag aon laghdú den sórt sin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1, an chéad fhomhír, i gcás nach gcuireann an fhoshuiteáil ábhartha le tagarmharc táirge le níos mó ná 20 % de shuim na réamhlíonta bliantúla lamháltas astaíochtaí de chuid na bhfoshuiteálacha uile, a leithdháileadh saor in aisce i leith na tréimhse ó 2021 go 2025, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16, míreanna 2 go 5. 3. Chun críocha Airteagal 10b(4), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, an réamhlíon lamháltas astaíochtaí bliantúil a leithdháiltear saor in aisce ar fhoshuiteáil téimh ceantair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16, míreanna 2 agus 3, den Rialachán seo, méadófar faoi 30 % den líon arna ríomh i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 16 é, i gcás ina bhfuil iarratas curtha isteach ag oibreoir foshuiteála téimh ceantair i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo agus, i leith na tréimhse go dtí deireadh 2025 nó i leith na tréimhse 2026 go 2030, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
Chun críocha pointe (b), cinnfear luach eacnamaíoch na lamháltas 30 % breise tríd an líon breise lamháltas saor in aisce le linn na tréimhse ó 2026 go 2030 a iolrú faoi mheánphraghas na lamháltas ar an ardán ceantála coiteann sa bhliain féilire roimh an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus é sin a iolrú faoin bhfachtóir arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14(6), de réir mar is infheidhme maidir leis an tsuiteáil. Chun críocha pointe (c), bíonn laghduithe astaíochtaí suntasach i gcás ina ndéantar na hastaíochtaí sonracha, arna sloinneadh mar thonaí CO2 in aghaidh an teirigiúil de théamh ceantair a sholáthraítear, ón tsuiteáil nó ón gcuideachta téimh ceantair, a laghdú faoi bhun mheán na n-astaíochtaí sonracha le linn na tréimhse bonnlíne ábhartha ag a bhfuil ráta laghdaithe astaíochta atá coibhéiseach le cur i bhfeidhm na bhfachtóirí líneacha laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE, ag tosú ó mheánphointe na tréimhse bonnlíne ábhartha. 4. Seiceálfaidh an t-údarás inniúil, faoin 30 Meán Fómhair 2024, go bhfuil ábhar agus formáid na bpleananna um aeráidneodracht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441. Airteagal 22c Cineál neamhcharnach an laghdaithe 20 % in Airteagail 22a agus 22b Ní chuirfear an laghdú 20 % dá dtagraítear in Airteagail 22a agus 22b i bhfeidhm maidir le suiteáil ach aon uair amháin sa tréimhse leithdháilte ábhartha. Airteagal 22d An plean um aeráidneodracht a thabhairt cothrom le dáta 1. Ag tráthanna a shonraítear sa phlean um aeráidneodracht dá dtagraítear in Airteagal 22b agus cibé uair is gá, déanfaidh na hoibreoirí meastóireacht ar éifeachtacht an phlean um aeráidneodracht ó thaobh laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa de agus cuirfidh siad gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun feidhme i gcás inarb iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na garspriocanna agus na spriocanna. Ní dhéanfaidh aon nuashonrú difear ach amháin do gharspriocanna agus spriocanna amach anseo. 2. I gcás ina ndéantar an plean um aeráidneodracht a thabhairt cothrom le dáta i leith garspriocanna agus spriocanna, cuirfidh an t-oibreoir an plean nuashonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil gan moill mhíchuí. Airteagal 22e An plean um aeráidneodracht a fhoilsiú 1. Foilseoidh na húdaráis inniúla an plean um aeráidneodracht a cuireadh isteach de bhun Airteagal 22b. 2. I gcás ina measann oibreoir go bhfuil eilimintí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa phlean um aeráidneodracht, ar eilimintí iad a dhéanfadh díobháil dá leasanna tráchtála dá nochtfaí iad, féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh ar an údarás inniúil gan na heilimintí sin a fhoilsiú. I gcás ina bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, foilseoidh an t-údarás inniúil an plean um aeráidneodracht gan na heilimintí sin.’ (*2) Treoir 2012/27 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/2023-05-04)." (*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/2021-01-01).’;" ; |
(13) |
in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Glacfaidh an Coimisiún Cinneadh bunaithe ar an bhfógra a fuarthas, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ábhartha ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé na hathruithe isteach i gClárlann an Aontais, arna chur ar bun de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE, agus sa loga idirbheartaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 20 den Treoir sin.’ |
(14) |
scriostar Airteagal 25(4); |
(15) |
leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
|
(16) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(17) |
cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III; |
(18) |
leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(19) |
leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(20) |
leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(21) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn VIII. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2024.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 1, pointí (1), (4)(a), (4)(b), (4)(c)(ii), (4)(d)(i), (4)(d)(ii), (4)(d)(iv), (6) agus (7), (10) agus (11) agus pointí (16) agus (17) maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2026 d’iontrálaithe nua ar cuireadh a n-iarratais isteach faoin 31 Nollaig 2023 do shuiteálacha atá ann faoi láthair.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
(3) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
(5) Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Cúigiú Dlísheomra) an 25 Samhain 2021, Cás – C-271/20, Aurubis AG v Bundesrepublik Deutschland, ECLI:EU:C:2021:959.
(6) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).
(7) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 87, 15.3.2021, lch. 29
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú (IO L, 2023/2441, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Roinn 1 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2:
Mura dtugtar aon tagairt eile, tagraíonn na tagarmharcanna táirgí uile do 1 tona de tháirge a tháirgtear arna shloinneadh mar tháirgeadh indíolta (glan) agus d’íonacht 100 % den tsubstaint lena mbaineann. Áirítear le gach sainmhíniú ar phróisis agus ar astaíochtaí a chumhdaítear (teorainneacha córais) bladhmanna nuair is ann dóibh.’. |
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331:
‘IARSCRÍBHINN III
‘Leibhéil ghníomhaíochta stairiúil le haghaidh tagarmharcanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 15(8) agus in Airteagal 17(f)
1.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc i dtaca leis an táirge scaglainne dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo ar bhonn na bhfeidhmeanna éagsúla CWT, a sainmhínithe, an bonn le haghaidh tréchuir chomh maith leis na fachtóirí CWT mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn II, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALCWT |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil arna shloinneadh mar CWT |
TPi,k |
: |
tréchur na feidhme CWT i i mbliain k den tréimhse bhonnlíne |
CWTi |
: |
Fachtóir CWT na feidhme CWT i |
TPAD,k |
: |
tréchur na feidhme CWT ‘Driogadh Amhola san Atmaisféar’ i mbliain k den tréimhse bhonnlíne |
2.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc maidir le táirge aoil dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALlime,standard |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh aoil arna shloinneadh i dtonaí aoil íon chaighdeánaigh |
mCaO,k |
: |
cion CaO saor san aol táirgthe i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh mar mhais-tiúchan |
mMgO,k |
: |
cion MgO saor san aol táirgthe i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh mar mhais-tiúchan |
HALlime,uncorrected,k |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil neamhcheartaithe do tháirgeadh aoil i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh i dtonaí aoil |
3.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag tagarmharc táirge aoil dholaimítigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALdolime,standard |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh aoil dholaimítigh arna shloinneadh i dtonaí aoil dholaimítigh íon chaighdeánaigh |
mCaO,k |
: |
cion CaO saor san aol dolaimíteach táirgthe i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh mar mhais-tiúchan |
mMgO,k |
: |
cion MgO saor san aol dolaimíteach táirgthe i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh mar mhais-tiúchan |
HALdolime,uncorrected,k |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil neamhcheartaithe do tháirgeadh aoil dholaimítigh i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh i dtonaí aoil |
4.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc i dtaca le táirge galchraiceála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALHVC,net |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do cheimiceáin ardluacha glan ar cheimiceáin ardluacha a tháirgtear ó bheatha bhreise arna shloinneadh i dtonaí HVC |
HALHVC,total,k |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil maidir le táirgeadh iomlán ceimiceán ardluacha i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh i dtonaí HVC |
HSFH,k |
: |
beatha fhorlíontach stairiúil hidrigine i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna sloinneadh i dtonaí hidrigine |
HSFE,k |
: |
beatha fhorlíontach stairiúil eitiléine i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna sloinneadh i dtonaí eitiléine |
HSFO,k |
: |
beatha fhorlíontach stairiúil ceimiceán ardluacha eile seachas hidrigin agus eitiléin i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna sloinneadh i dtonaí HVC |
5.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc maidir le comhdhúile aramatacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo ar bhonn na bhfeidhmeanna éagsúla CWT, a sainmhínithe, an bonn le haghaidh tréchuir chomh maith leis na fachtóirí CWT mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn II, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALCWT |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil arna shloinneadh mar CWT |
TPi,k |
: |
tréchur na feidhme CWT i i mbliain k den tréimhse bhonnlíne |
CWTi |
: |
Fachtóir CWT na feidhme CWT i |
6.
I gcás ina dtáirgtear meascán d’aonocsaíd hidrigine agus d’aonocsaíd charbóin, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann leis an táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc i dtaca leis an táirge hidrigine dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALH2 |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh gáis hidrigine dá dtagraítear 100 % hidrigin |
HALH2,act |
: |
táirgeadh iarbhír hidrigine |
HALH2, WGS |
: |
táirgeadh breise hidrigine faoi imoibriú aistrithe gás chuig uisce (WGS) iomlán teoiriciúil, arna ríomh tríd an gcóimheas stócaiméadrach mar HALCO, act x 0,071967 t H2/tCO don imoibriú WGS |
HALCO, act |
: |
táirgeadh iarbhír aonocsaíde carbóin |
Emact |
: |
astaíochtaí iarbhír a bhaineann le táirgeadh hidrigine |
EmWGS |
: |
astaíochtaí breise a bhaineann le táirgeadh hidrigine ó imoibriú WGS iomlán teoiriciúil |
Cinnfear na hastaíochtaí iarbhír a bhaineann le táirgeadh hidrigine mar a leanas:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
Emact |
: |
astaíochtaí iarbhír a bhaineann le táirgeadh hidrigine |
DirEmact |
: |
astaíochtaí díreacha iarbhír gan astaíochtaí a bhaineann le teas a áireamh, roimh aon ghabháil carbóin le húsáid nó le haghaidh stóráil gheolaíoch. I gcás astaíochtaí a eascraíonn as bithmhais, déanfar na hastaíochtaí a ríomh mar an luach fuinnimh ó bhithmhais arna iolrú faoi fhachtóir astaíochta an gháis nádúrtha in ionad na n-astaíochtaí iarbhír |
Heatexport,act |
: |
glanmhéid iarbhír teasa arna onnmhairiú |
BMheat |
: |
luach an tagarmhairc maidir le teas le haghaidh teas intomhaiste don tréimhse leithdháilte ábhartha |
Cinnfear na hastaíochtaí breise a bhaineann le táirgeadh hidrigine ón aistriú gás chuig uisce teoiriciúil iomlán mar a leanas:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
COWGS |
: |
an méid CO a tháirgtear roimh an gcomhshó teoiriciúil breise go CO2 tríd an imoibriú WGS |
MCO2 |
: |
mais mhóilíneach CO2 (44,01 g/mol) |
MCO |
: |
mais mhóilíneach CO (28,01 g/mol) |
Heatexport,WGS |
: |
glan-onnmhairiú teasa breise teoiriciúil tar éis imoibriú iomlán WGS ag glacadh leis 99,5 % aisghabháil teasa, arna ríomh trí eantalpacht imoibrithe an imoibrithe WGS (–20,439 GJ/t H2 táirgthe) arna iolrú le HALH2,WGS agus leis an 99,5 % éifeachtacht aisghabhála |
BMheat |
: |
luach an tagarmhairc maidir le teas le haghaidh teas intomhaiste don tréimhse leithdháilte ábhartha |
7.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc i dtaca leis an táirge gáis shintéisigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALsyngas |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh gáis shintéisigh dá dtagraítear 47 % hidrigin |
VFH2,k |
: |
toirtchodán táirgeachta stairiúil den hidrigin íon i méid iomlán na hidrigine agus na haonocsaíde carbóin i mbliain k den tréimhse bhonnlíne |
HALH2+CO,k |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh gháis shintéisigh ag tagairt don chion stairiúil hidrigine arna shloinneadh mar mhéadair chiúbacha NORM in aghaidh na bliana ag tagairt do 0 °C agus 101,325 kPa i mbliain k den tréimhse bhonnlíne |
8.
Maidir leis an leibhéal gníomhaíochta stairiúil a bhaineann le táirge don tréimhse bhonnlíne do tháirgí a bhfuil feidhm ag an tagarmharc i dtaca le táirge ocsaíde eitiléine/gliocóil eitiléine dá dtagraítear in Iarscríbhinn I maidir leo, cinnfear de réir na foirmle seo a leanas é:
inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
HALEO/EG |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh ocsaíde eitiléine/gliocóil eitiléine arna shloinneadh i dtonaí coibhéisí ocsaíde eitiléine |
HALi,k |
: |
leibhéal gníomhaíochta stairiúil do tháirgeadh ocsaíde eitiléine nó gliocóil i i mbliain k den tréimhse bhonnlíne arna shloinneadh i dtonaí |
CFEOE,i |
: |
fachtóir coinbhéartachta don ocsaíd eitiléine nó do ghliocól i gcoibhneas le hocsaíd eitiléine |
Cuirfear na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas i bhfeidhm:
Ocsaíd eitiléine: 0,926 |
Gliocól eitiléine: 0,717 |
Gliocól dé-eitiléine: 1,174 |
Gliocól trí-eitiléine: 1,429 |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 mar a leanas:
(1) |
i Roinn 1.3 cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 1.4:
|
(3) |
Leasaítear Roinn 2.3 mar a leanas:
|
(4) |
i Roinn 2.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(5) |
Leasaítear Roinn 2.5 mar a leanas:
|
(6) |
Leasaítear Roinn 2.6 mar a leanas:
|
(7) |
Leasaítear Roinn 2.7 mar a leanas:
|
(8) |
Leasaítear Roinn 3.1 mar a leanas:
|
(9) |
i Roinn 3.2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 mar a leanas:
(1) |
leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(2) |
i bpointe 2, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):
|
IARSCRÍBHINN V
Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/331 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de Roinn 4.2: ‘Measfaidh an t-údarás inniúil costais a bheith míréasúnta i gcás inar mó meastachán costais an oibreora ná tairbhe modheolaíochta ar leith maidir lena gcinneadh. Chuige sin, ríomhfar an tairbhe trí fhachtóir feabhsúcháin a iolrú faoi phraghas tagartha dá dtagraítear in Airteagal 18, mír 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (*1) agus áireofar le costais tréimhse dímheasa iomchuí bunaithe ar shaolré eacnamaíoch an trealaimh, i gcás inarb infheidhme.’ (*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).’;" |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 9:
|
(3) |
Leasaítear Roinn 10 mar a leanas:
|
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).’;’
IARSCRÍBHINN VI
‘IARSCRÍBHINN VIII
Ballstáit incháilithe a chinneadh de bhun Airteagal 22b(3)
Féadfaidh suiteálacha i mBallstáit áirithe tairbhiú de leithdháileadh breise saor in aisce do théamh ceantair de bhun Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE.
1. Modheolaíocht
De réir Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE, comhlíonfar an coinníoll seo a leanas do mheán na mblianta 2014 go 2018, chun go mbeidh na Ballstáit incháilithe do leithdháileadh breise saor in aisce de bhun Airteagal 22b(3):
2. Ballstáit incháilithe
De réir na modheolaíochta a thuairiscítear i bpointe 1, féadfaidh suiteálacha atá lonnaithe sna Ballstáit seo a leanas tairbhiú de leithdháileadh breise saor in aisce de bhun Airteagal 22b(3):
a) |
an Bhulgáir, |
b) |
an tSeicia, |
c) |
an Laitvia, |
d) |
an Pholainn. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)