EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0860

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/860 ón gCoimisiún an 18 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann leis an tsubstaint éastraidé-ól 17β

C/2024/1671

IO L, 2024/860, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/860/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/860/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/860

19.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/860 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann leis an tsubstaint éastraidé-ól 17β

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2), leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. Corpraíodh na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de sna ceithre Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle (3), Rialachán a aisghaireadh agus ar cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ina ionad.

(2)

Tráth a glacadh Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, áiríodh an tsubstaint éastraidé-ól 17β i dTábla 1 (‘substaintí ceadaithe’) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, ar substaint í a áiríodh in Iarscríbhinn II (‘liosta de na substaintí nach bhfuil faoi réir uasteorainneacha iarmhar’) a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 go mbeidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail lena dtoirmeasctar substaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo agus béite-agónaithe a úsáid i mbia-ainmhithe, dá bhforáiltear le Treoir 96/22/CE ón gComhairle (4).

(4)

Le Treoir 96/22/CE toirmeasctar éastraidé-ól 17β a thabhairt d’ainmhithe feirme.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint éastraidé-ól 17β a bhaint de Thábla 1 de Rialachán (AE) Uimh. 37/2010.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 152, 16.6.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/470/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/37(1)/oj).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le huasteorainneacha iarmhair do tháirgí íocshláinte tréidliachta in earraí bia de thionscnamh ainmhíoch a bhunú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1990/2377/oj).

(4)  Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE, (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/22/2008-12-18).


IARSCRÍBHINN

I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, scriostar an iontráil maidir le ‘éastraidé-ól 17β’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/860/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top