This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0859
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/859 of 18 March 2024 amending Regulation (EU) No 37/2010 as regards the classification of the substance sodium salicylate with respect to its maximum residue limit in foodstuffs of animal origin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/859 ón gCoimisiún an 18 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte salaicioláit sóidiam i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/859 ón gCoimisiún an 18 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte salaicioláit sóidiam i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
C/2024/1668
IO L, 2024/859, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/859/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/859 |
19.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/859 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte salaicioláit sóidiam i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
(2) |
Áirítear an tsubstaint salaicioláit sóidiam sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe. |
(3) |
An 30 Meán Fómhair 2022, de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, chuir Dopharma B.V. iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘Gníomhaireacht’) chun an iontráil atá ann cheana maidir leis an tsubstaint salaicioláit sóidiam a leathnú chun sicín a chumhdach. |
(4) |
An 5 Deireadh Fómhair 2023, ar bhonn na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, coiste a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 139 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus tar éis di breithniú a dhéanamh ar an iarratas ó Dopharma B.V., mhol an Ghníomhaireacht na huasteorainneacha iarmhar le haghaidh na substainte salaicioláit sóidiam i sicín a leathnú agus MRLanna uimhriúla a bhunú. |
(5) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid freisin gurb iomchuí na MRLanna le haghaidh salaicioláit sóidiam i sicín a eachtarshuí ó fhíocháin sicín go fíocháin speiceas eile éanlaithe clóis seachas turcaí. |
(6) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí an MRL molta a bhunú le haghaidh salaicioláit sóidiam i bhfíocháin sicín agus é a eachtarshuí go speicis eile éanlaithe clóis seachas turcaí, ach gan dul thar ainmhithe nach dtáirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine ós rud é nár soláthraíodh aon sonraí iarmhar le haghaidh uibheacha. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála maidir leis an tsubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ‘salaicioláit sóidiam’:
Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas Ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme Theiripeach |
‘Salaicioláit sóidiam |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Bó-ainmhithe, Muc-ainmhithe |
Níl gá le MRL |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Le haghaidh úsáid béil. Ná húsáidtear in ainmhithe as a dtáirgtear bainne lena chaitheamh ag an duine. |
GAN IONTRÁIL |
Gach bia-speiceas seachas éisc eite |
Níl gá le MRL |
Le haghaidh úsáid logánta amháin. |
||||
Aigéad salaicileach |
Turcaí |
400 μg/kg 2 500 μg/kg 200 μg/kg 150 μg/kg |
Matán Craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha An t-ae An duán |
Ná húsáidtear in ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine. |
Oibreáin fhrith-athlastacha / Oibreáin fhrith-athlastacha neamhstéaróideacha’. |
|
Éanlaith chlóis seachas turcaí |
250 μg/kg 250 μg/kg 500 μg/kg 1 000 μg/kg |
Matán Craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha An t-ae An duán |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/859/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)