This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0821
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/821 of 8 March 2024 renewing the approval of the low-risk active substance hydrolysed proteins in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council, and amending Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/821 ón gCoimisiún an 8 Márta 2024 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca próitéiní hidrealaithe a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/821 ón gCoimisiún an 8 Márta 2024 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca próitéiní hidrealaithe a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
C/2024/1418
IO L, 2024/821, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/821/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/821 |
11.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/821 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Márta 2024
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca próitéiní hidrealaithe a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2009/153/CE ón gCoimisiún (2) áirítear próitéiní hidrealaithe mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí próitéiní hidrealaithe mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Aibreán 2025. |
|
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na Spáinne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Gréige, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí próitéiní hidrealaithe a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 24 Meitheamh 2020. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas maidir le próitéiní hidrealaithe a athnuachan. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 30 Bealtaine 2023, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh próitéiní hidrealaithe na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 12 Iúil 2023 agus an 11 Nollaig 2023 faoi seach. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad. |
|
(11) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach próitéiní hidrealaithe, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(12) |
Measann an Coimisiún freisin gur substaint ghníomhach ísealriosca atá i bpróitéiní hidrealaithe de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ós rud é nach substaint ar údar imní í próitéiní hidrealaithe agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, is iomchuí formheas próitéiní hidrealaithe mar shubstaint ísealriosca a athnuachan. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch theicniúil reatha, is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. Is iomchuí, go háirithe, uasteorainneacha a shocrú le haghaidh eisíontais atá ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de san ábhar teicniúil. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún (7), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh próitéiní hidrealaithe go dtí an 15 Aibreán 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí próitéiní hidrealaithe, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Treoir 2009/153/CE ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gnáthainm agus íonacht na substainte gníomhaí próitéiní hidrealaithe (IO L 314, 1.12.2009, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/153/oj).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 10.2903/j.efsa.2023.8079. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 178, 13.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1446/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||
|
Próitéiní hidrealaithe Uimh. CAS: Ní bhaineann le hábhar Uimh. CIPAC: 901 |
Níl sé ar fáil |
Próitéiní hidrealaithe. Hidrealasáit fiochán ainmhithe gan seithí agus craicne athchogantach a áireamh (ní ann do ghnáthainm ISO):
Próitéiní hidrealaithe. Molás biatas siúcra atá saibhrithe le húiré, hidrealaithe (ní ann do ghnáthainm ISO):
Próitéiní Hidrealaithe. Hidrealasáit próitéine Collaigine (ní ann do ghnáthainm ISO):
Luaidhe, caidmiam, arsanaic, mearcair agus dé-uiréid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le táirgí leasacháin. Formaildéad faoi bhun 1 g/kg. |
1 Bealtaine 2024 |
30 Aibreán 2039 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le próitéiní hidrealaithe, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 234 maidir le próitéiní hidrealaithe; |
|
(2) |
i gCuid D, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
(1) Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/821/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)