EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0768

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/768 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/5678/2024/INIT

IO L, 2024/768, 27.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/768/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/768/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/768

27.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/768 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2024

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 8a de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (2), chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 28 Feabhra 2025.

(3)

Ba cheart leasú a dhéanamh ar na heintitis a bhaineann le 20 duine nádúrtha agus beirt daoine dlítheanacha a áirítear ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

dTábla ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 11, 39, 41, 43, 44, 67, 68, 69, 75, 87, 117, 147, 161, 163, 165, 168, 169, 171, 173, 195 agus 205:

 

Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise

Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘11.

Aliaksandr Valerievich BYKAU

Alexander (Alexandr) Valerievich BYKOV

Аляксандр Валер’евiч БЫКАЎ

Александр Валерьевич БЫКОВ

Post/poist: Céad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre, iar-Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta, an Leifteanantchoirnéal

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta den Aireacht Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí an Aonaid Mhearfhreagartha Speisialta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre.

2.10.2020

39.

Sviatlana Piatrouna KATSUBA

Svetlana Petrovna KATSUBO

Святлана Пятроўна КАЦУБА

Светлана Петровна КАЦУБО

Post/poist: Cathaoirleach na nDaonnachtaí Sóisialta agus na nDisciplíní Dlí ag Ollscoil Theicniúil Stáit Gomel/Homyel, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)

Dáta breithe: 6.8.1959

Áit bhreithe: Podilsk, Réigiún Odessa, iarAPSS (an Úcráin anois)

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar chomhalta de choláiste CLT, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

Tá sí gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chathaoirleach na nDaonnachtaí Sóisialta agus na nDisciplíní Dlí ag Ollscoil Theicniúil Stáit Gomel/Homyel.

2.10.2020

41.

Igar Anatolievich PLYSHEUSKI

Ihor Anatolievich PLYSHEVSKIY

Iгар Анатольевiч ПЛЫШЭЎСКI

Игорь Анатольевич ПЛЫШЕВСКИЙ

Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)

Dáta breithe: 19.2.1979

Áit bhreithe: Lyuban, iarAPSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar chomhalta de choláiste CLT, ba é a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group.

2.10.2020

43.

Aleh Leanidavich SLIZHEUSKI

Oleg Leonidovich SLIZHEVSKI

Алег Леанiдавiч СЛIЖЭЎСКI

Олег Леонидович СЛИЖЕВСКИЙ

Post/poist: Ceann na Roinne Tacaíochta Dlí de Bhuanchoiste Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)

Dáta breithe: 16.8.1972

Áit bhreithe: Grodno/Hrodna, iarAPSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar chomhalta de choláiste CLT, ba é a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar ceann na Roinne Tacaíochta Dlí de Bhuanchoiste Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise.

2.10.2020

44.

Irina Aliaksandrauna TSELIKAVETS

Irina Alexandrovna TSELIKOVEC

Iрына Аляксандраўна ЦЭЛIКАВЕЦ

Ирина Александровна ЦЕЛИКОВЕЦ

Post/Poist: Iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)

Dáta breithe: 2.11.1976

Áit bhreithe: Zhlobin, iarAPSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar chomhalta de choláiste CLT, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

67.

Genadz Andreevich BOGDAN

Gennady Andreievich BOGDAN

Генадзь Андрэевiч БОГДАН

Геннадий Андреевич БОГДАН

Post/Poist: IarLeas-Cheann ar an Stiúrthóireacht um Bainistiú Maoine Uachtarán na Bealarúise

Dáta breithe: 8.1.1977

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann ar an Stiúrthóireacht um Bainistiú Maoine Uachtarán na Bealarúise, déanann sé maoirseacht ar fheidhmiú roinnt mhaith fiontar. Tugann an comhlacht sin, faoina cheannaireacht, tacaíocht airgeadais, ábhair, theicniúil, shóisialta, teaghlaigh agus leighis d'fhearas an stáit agus do na húdaráis phoblachtacha. Tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus leanann sé de thacaíocht a thabhairt do réimeas Lukashenka.

17.12.2020

68.

Ihar Paulavich BURMISTRAU

Igor Pavlovich BURMISTROV

Iгар Паўлавiч БУРМIСТРАЎ

Игорь Павлович БУРМИСТРОВ

Post/poist: Iar-Cheann Foirne agus an Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha

Dáta breithe: 30.9.1968

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir na Trúpaí Inmheánacha faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é. Tá sé de cheart aige éide agus ionchomharthaí míleata a chaitheamh.

17.12.2020

69.

Arciom Kanstantinavich DUNKA

Artem Konstantinovich DUNKO

Арцём Канстанцiнавiч ДУНЬКА

Артем Константинович ДУНЬКО

Post/poist: Leas-Cheann ar Oifig na Roinne Imscrúduithe Airgeadais Réigiún Vitebsk/Viciebsk den Choiste um Rialú Stáit, Iar-Chigire Sinsearach um Ábhair Speisialta na Roinne Imscrúduithe Airgeadais den Choiste um Rialú Stáit

Dáta breithe: 8.6.1990

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chigire Sinsearach um Ábhair Speisialta na Roinne Imscrúduithe Airgeadais den Choiste um Rialú Stáit, ba é a bhí freagrach as feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe na himscrúduithe arna seoladh i gcoinne ceannairí agus gníomhaithe sa fhreasúra.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann ar Oifig na Roinne Imscrúduithe Airgeadais Réigiún Vitebsk/Viciebsk den Choiste um Rialú Stáit.

17.12.2020

75.

Siarhei Leanidavich KALINNIK

Sergei Leonidovich KALINNIK

Сяргей Леанiдавiч КАЛИННИК

Сергей Леонидович КАЛИННИК

Post/poist: Leas-Cheann na bPóilíní Coiriúla sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Inmheánacha de Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc, iarChoirnéal Póilíní, Ceann Roinn Póilíneachta Cheantar Sovetsky, Mionsc

Dáta breithe: 23.7.1979

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Sovetsky, Mionsc, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fórsa póilíneachta áitiúil faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

De réir finnéithe, rinne sé féin maoirseacht agus ghlac sé páirt go pearsanta i gcéasadh agóideoirí a coinníodh go neamhdhleathach.

Tá sé gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann na bPóilíní Coiriúla sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Inmheánacha de Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc.

17.12.2020

87.

Aliaksandr Vasilevich SHAKUTSIN

Aleksandr Vasilevich SHAKUTIN

Аляксандр Васiльевiч ШАКУЦIН

Александр Васильевич ШАКУТИН

Post/Poist: Fear gnó, cathaoirleach bhord stiúrthóirí Amkodor holding, scairshealbhóir in SV Maschinen GmbH, UAB EM System, Anulatrans SIA, Amkodor-Tsentr, OOO Iskamed, OOO PMI Inzhiniring

Dáta breithe: 12.1.1959

Áit bhreithe: Bolshoe Babino, Orsha Rayon, Vitebsk/Viciebsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Tá sé ar cheann de na fir ghnó cheannródaíocha a oibríonn sa Bhealarúis, agus tá leasanna gnó aige san earnáil tógála, tógála innealra, talmhaíochta agus in earnálacha eile.

Tuairiscítear gurb é duine de na daoine is mó a thairbhigh as príobháidiú le linn sheal Lukashenka mar Uachtarán. Tá sé ina iarchomhalta de phraesaidiam an chomhlachais phoiblí atá ar son Lukashenka ‘Belaya Rus’ agus ina iarchomhalta den Council for the Development of Entrepreneurship in the Republic of Belarus.

I mí Iúil 2020, cháin sé go poiblí agóidí an fhreasúra sa Bhealarúis, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le beartas cos ar bolg de chuid réimeas Lukashenka i leith agóideoirí síochánta, an fhreasúra dhaonlathaigh agus na sochaí sibhialta.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

Tá leasanna gnó i gcónaí aige sa Bhealarúis.

17.12.2020

117.

Aliaksandr Henadzevich BAKHANOVICH

Aleksandr Gennadevich BAKHANOVICH

Аляĸсандр Генадзевiч БАХАНОВIЧ

Алеĸсандр Геннадьевич БАХАНОВИЧ

Post/poist: An Chéad Leas-Aire Oideachais, iar-reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest

Dáta breithe: 1972

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, ba é Aliaksandr Bakhanovich a bhí freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hollscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna. I mí Eanáir 2023, ceapadh Aliaksandr Bakhanovich mar Chéad Leas-Aire Oideachais Phoblacht na Bealarúise.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

147.

Siarhei Uladzimiravich USHAKOU

Sergei Vladimirovich USHAKOV

Сяргей Уладзiмiравiч УШАКОЎ

Сергей Владимирович УШАКОВ

Post/poist: Ceann, agus iarLeas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc

Dáta breithe: 22.8.1980

Áit bhreithe: Mionsc, iarAPSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc, ina rinne sé maoirseacht ar na póilíní coiriúla, bhí Siarhei Ushakou freagrach as gníomhaíochtaí na ndaoine faoina cheannas, go háirithe an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh i gCúige Frunzensky i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020 agus as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ghinearálta a rinneadh ar agóideoirí síochánta. Rinne oifigigh a bhí faoi mhaoirseacht dhíreach Ushakou úsáid céasadh ar dhaoine a bhí á gcoinneáil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Is é ceann reatha Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc é.

21.6.2021

161.

Ihar Uladzimiravich HOLUB

Igor Vladimirovich GOLUB

Iгар Уладзiмiравiч ГОЛУБ

Игорь Владимирович ГОЛУБ

Post/poist: Stiúrthóir Roinn Eitlíochta na hAireachta Iompair agus Cumarsáide, iar-Cheannasaí Aerfhórsa agus Aerchosanta na bhFórsaí Armtha

Dáta breithe: 19.11.1967

Áit bhreithe: Chernigov, réigiún Chernigovskaya, iarAPSS (an Úcráin anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Maorghinearál

Pasuimhir BY: KH2187962

Aitheantas pearsanta: 3191167E003PB1

Sa phost a bhí aige mar Cheannasaí an Aerfhórsa agus na bhFórsaí Aerchosanta d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Bealarúise, ba é Ihar Holub a bhí freagrach as an gcinneadh a rinne Ceannasaíocht na nAerfhórsaí agus na bhFórsaí Aerchosanta, ar threoracha Lukashenka, aerárthaí míleata a sheoladh an 23 Bealtaine 2021 chun an tuirlingt éigeantais ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc a thionlacan gan údar cuí a bheith leis.

Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tar éis na heachtra, rinne Ihar Holub preasráitis in éineacht le Artem Sikorsky, Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta Iompair in Aireacht Iompair na Bealarúise, agus thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Bhealarúis, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir Roinn Eitlíochta Aireacht Iompair agus Cumarsáide na Bealarúise.

21.6.2021

163.

Leanid Mikalaevich CHURO

Leonid Nikolaevich CHURO

Леанiд Мiкалаевiч ЧУРО

Леонид Николаевич ЧУРО

Post/Poist: cathaoirleach Chónaidhm Fichille na Poblachta — an comhlachas poiblí dar teideal ‘Cónaidhm Fichille na Bealarúise’, iar-Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, Fiontar atá faoi Úinéireacht an Stáit

Dáta breithe: 8.7.1956

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir BY: P4289481

Aitheantas pearsanta: 3080756A068PB5

Sa phost a bhí aige mar iar-Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, fiontar atá faoi úinéireacht an Stáit, bhí Leanid Churo freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar chathaoirleach Chónaidhm Fhichille na Poblachtacha — an comhlachas poiblí dar teideal ‘Cónaidhm Fichille na Bealarúise’.

21.6.2021

165.

Artsiom Igaravich SIKORSKI

Artem Igorevich SIKORSKIY

Арцём Iгаравiч СIКОРСКI

Артем Игоревич СИКОРСКИЙ

Post/poist: Ard-Stiúrthóir an BELAERONAVIGATSIA, Fiontar atá faoi Úinéireacht an Stáit, iar-Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta san Aireacht Iompair agus Chumarsáide

Dáta breithe: 1983

Áit bhreithe: Soligorsk, Réigiún Mhionsc, iar-APSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: Fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir BY: MP3785448

Aitheantas pearsanta: 3240483A023PB7

Sa phost a bhí aige mar iar-Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta in Aireacht Iompair agus Cumarsáide na Bealarúise, bhí Artsiom Sikorski freagrach as bainistiú stáit i réimse na heitlíochta sibhialta agus as maoirseacht a dhéanamh ar rialú aerthráchta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go Mionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus i gcoinne fhreasúra dhaonlathaigh na Bealarúise.

Tar éis na heachtra, rinne sé preasráitis in éineacht le Ceannasaí an Aerfhórsa agus Fórsaí Aerchosanta fhórsaí armtha Phoblacht na Bealarúise, Ihar Holub, inar thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, fiontar atá faoi úinéireacht an stáit.

21.6.2021

168.

Anatol Piatrovich LAPO

Anatoliy Petrovich LAPPO

Анатоль Пятровiч ЛАПО/ЛАППО

Анатолии Петрович ЛАППО

Post/Poist: Iar-Leifteanant-Ghinearál, Cathaoirleach ar Choiste Teorann Stáit Phoblacht na Bealarúise (a ceapadh an 29 Nollaig 2016), Príomh-Thoscaire na Teorann Stáit

Dáta breithe: 24.5.1963

Áit bhreithe: Kulakovka, Réigiún Mogilev, iar-APSS (an Bhealarúis anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: MP4098888

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3240563K033PB5

Sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach an Choiste Teorann Stáit , bhí Anatol Lapo freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas, ar doiciméadaíodh ina leith go raibh siad ag stiúradh, ag treorú nó ag brú daoine chun an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais a thrasnú, agus go n-éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn sin a thrasnú de bharr a dteip d’aon ghnó a ndualgais a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a eagrú a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.

Cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é i mí na Bealtaine 2023.

2.12.2021

169.

Kanstantsin Henadzevich MOLASTAU

Konstantin Gennadevich MOLOSTOV

Канстанцiн Генадзьевiч МОЛАСТАЎ

Константин Геннадьевич МОЛОСТОВ

Post/poist: Coirnéal, Cathaoirleach an Choiste Teorann Stáit, iarCheann Ghrúpa Teorann Grodno (a ceapadh an 1 Deireadh Fómhair 2014), Aonad Míleata 2141, Toscaire don Teorainn Stáit

Dáta breithe: 30.5.1970

Áit bhreithe: Krasnoarmeysk, Réigiún Saratov, Cónaidhm na Rúise

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: KH2479999

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3300570K025PB3

Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorann Grodno, bhí Kanstantsin Molastau freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Grodno a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

Cheap Lukashenka é mar Chathaoirleach Choiste na Teorann Stáit.

2.12.2021

171.

Ihar Mikalaevich GUTNIK

Igor Nikolaevich GUTNIK

Iгар Мiкалаевiч ГУТНIК

Игорь Николаевич ГУТНИК

Post/poist: Coirnéal, Leas-Chathaoirleach Choiste Teorann an Stáit, iar-Cheann Ghrúpa Teorann Brest

Dáta breithe: 17.12.1974

Áit bhreithe: Sráidbhaile Zabolotye, Ceantar Smolevichi, Réigiún Mhionsc, iar-APSS (an Bhealarúis anois)

Seoladh: 90 Heroes of Defense of the Brest Fortress St., 224018, Brest, an Bhealarúis

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: BM1962867

Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorann Brest, bhí Ihar Gutnik, a ndearnadh feisire ar Chomhairle Réigiúnach Brest dó in 2018 mar dhuine de na hiarrthóirí a bhí dílis do Lukashenka, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Brest a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

Cheap Lukashenka é mar Leas-Chathaoirleach Choiste Teorann an Stáit.

2.12.2021

173.

Maksim Viktaravich BUTRANETS

Maxim Viktorovich BUTRANETS

Максiм Вiктаравiч БУТРАНЕЦ

Максим Викторович БУТРАНЕЦ

Post/poist: Ceann Ghrúpa Teorann Brest, Ceann Ghrúpa Teorann Smorgon, Aonad Míleata 2044 (a ceapadh i mí an Mhárta 2018), Toscaire don Teorainn Stáit

Dáta breithe: 12.12.1978

Áit bhreithe: Sverdlovsk, iar-APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorainn Smorgon, bhí Maksim Butranets freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Smorgon a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dúirt Maksim Butranets freisin gur fhan líon na n-imirceach ag an teorainn idir an Bhealarúis agus an Liotuáin ag an ngnáthleibhéal, in ainneoin an mhéadaithe mhóir a chonacthas ar thaobh na Liotuáine. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

Ceapadh é ina Cheann ar Ghrúpa Teorann Brest.

2.12.2021

195.

Ivan Ivanavich GALAVATYI

Ivan Ivanovich GOLOVATY

Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ

Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ

Post/poist: Ard-Stiúrthóir na Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belaruskali’, Cathaoirleach bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company.

Comhalta de Buanchoiste Comhairle na Poblachta de Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise le haghaidh Gnóthaí Eachtracha agus an tSlándáil Náisiúnta

Dáta breithe: 15.6.1976

Áit bhreithe: Lonnaíocht Pogost, ceantar Soligorsk, Cúige Mhionsc, an Bhealarúisis

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is é Ivan Galavatyi Ard-stiúrthóir Belaruskali, fiontar atá faoi úinéireacht an stáit, ar foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh é do réimeas Lukashenka. Is comhalta é de Chomhairle na Poblachta agus den Tionól Náisiúnta. Tá poist arda eile aige freisin sa Bhealarúis agus fuair sé an iliomad gradam stáit, lena n-áirítear gradaim ó Lukashenka, le linn a ghairme. Bhí dlúthbhaint aige le Lukashenka agus le baill dá theaghlach. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Tá baint dhíreach ag Ivan Galavatyi, mar ard-stiúrthóir ar Belaruskali, le hathlonnú leanaí Úcránacha ó chríocha faoi fhorghabháil ag réimeas Lukashenka i gcomhar leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá Ivan Galavatyi ag tacú le réimeas Lukashenka.

Baineadh préimheanna d’fhostaithe OJSC ‘Belaruskali’ a ghlac páirt i stailceanna agus agóidí síochánta i ndiaidh thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta Lúnasa 2020 agus ligeadh chun bealaí iad. Bhagair Alexander Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Dá bhrí sin, mar cheann Belaruskali, tá Ivan Galavatyi freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois.

3.6.2022

205.

Sviatlana Aliaksandrauna BANDARENKA

Svetlana Aleksandrovna BONDARENKO

Святлана Аляксандраўна БАНДАРЭНКА

Светлана Александровна БОНДАРЕНКО

Post/poist: Breitheamh de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, iarBhreitheamh den chúirt i ndúiche Moskovsky i Mionsc

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh i ndúiche Moskovsky i Mionsc, bhí Sviatlana Bandarenka freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht. Tá pianbhreith gearrtha aici ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise as páirt a ghlacadh in agóidí agus as barúlacha frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Ghearr sí pianbhreith freisin ar an iriseoir Ekaterina Borisevich agus ar an dochtúir éigeandála san ospidéal Artyom Sorokin as rúin leighis a nochtadh faoi Roman Bondarenko, ar bhuail na fórsaí slándála chun báis é.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

Cheap Lukashenka í mar bhreitheamh de Cúirt Uachtarach na Bealarúise.

3.8.2023’

(2)

i dTábla ‘B. Daoine Dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 17 agus 28:

 

Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise

Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘17.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia Belarusian Airlines’

ААТ ‘вiякампанiя Белавiя’

ОАО ‘виакомпания Белавиа’

Seoladh: 14A Nemiga St., 220004 Mionsc, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 4.1.1996

Cláruimhir: 600390798

Is í an OJSC Belavia Belarusian Airlines an chuideachta aerlíne náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit. Tá eitleáin rialtais na Bealarúise a úsáideann an tUachtarán Aliaksandr Lukashenk faoi úinéireacht Belavia Belarusian Airlines freisin agus oibríonn sé iad. Gheall Aliaksandr Lukashenka go dtabharfadh a rialtas gach tacaíocht is féidir do Belavia tar éis don Aontas Eorpach a chinneadh cosc ar aerlínte na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus ar rochtain ag aerlínte na Bealarúise ar aerfoirt an Aontais a thabhairt isteach. Chuige sin, d’aontaigh sé le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, maidir le hoscailt bealaí nua aerlínte do Belavia a phleanáil. In 2021, dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Belavia go bhfuair sé tacaíocht rialtais chun eitiltí chuig Cónaidhm na Rúise a athbhunú. Tá an chuideachta aerlíne náisiúnta díolmhaithe freisin ó cháin bhreisluacha a íoc ag rialtas na Bealarúise i ndáil le haerárthaí agus comhpháirteanna a allmhairítear i gcríoch Phoblacht na Bealarúise. Thairis sin, in 2014, tá iasachtaí faighte ag Belavia ó bhanc atá faoi úinéireacht an stáit chun aerárthaí nua a fháil.

Anuas air sin, dúirt bainistíocht Belavia lena fostaithe gan agóid a dhéanamh i gcoinne na neamhrialtachtaí toghchánaíochta agus na hollchoinneála sa Bhealarúis toisc gur fiontar é Belavia atá faoi úinéireacht Stáit.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

2.12.2021

28.

Cuideachta Comhstoic Oscailte (OJSC) ‘Belaruskali’

Адкрытае акцыянернае таварыства ‘Беларуськалiй’

Открытое акционерное общество ‘Беларуськалий’

Seoladh: 5 Korzha St., Soligorsk, 223710 Minsk Region/Oblast, Belarus

Dáta clárúcháin: 23.12.1996

Cláruimhir: 600122610

Is fiontar atá faoi úinéireacht an stáit é OJSC Belaruskali agus atá ar cheann de na táirgeoirí potaise is mó ar domhan. D’ainneoin gur tháinig laghdú ó 20 % go 9 % ar a sciar domhanda sa mhargadh domhanda potais in 2022, tá Belaruskali fós ar cheann de na honnmhaireoirí potaise is suntasaí agus is foinse mhór ioncaim é do bhuiséad stáit na Bealarúise. Chuir AlexanderLukashenka síos ar Belaruskali mar ‘taisce náisiúnta, ábhar bróid, ceann de cholúin onnmhairí na Bealarúise’. Is foinse mhór é freisin d’airgeadra eachtrach do réimeas Lukashenka.

Tá baint dhíreach ag Belaruskali le hathlonnú leanaí Úcránacha ó chríocha atá faoi fhorghabháil ag réimeas Lukashenka i gcomhar leis an Rúis. Ó thosaigh mór-ionradh neamhdhleathach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, tá breis agus 2 050 leanbh Úcránach curtha chuig saoráid Dubrava, atá faoi úinéireacht OJSC Belaruskali. Dá bhrí sin, tá OJSC ‘Belaruskali’ ag tacú le réimeas Lukashenka.

Rinneadh imeaglú ar fhostaithe OJSC ‘Belaruskali’ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 agus leag bainistíocht na cuideachta as a bpost iad ina dhiaidh sin. Bhagair Alexander Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Dá bhrí sin, tá ‘Belaruskali’ freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

3.6.2022’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/768/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top