Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Dokuments 32024R0669

Rialachán (AE) 2024/669 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/5779/2024/INIT

IO L, 2024/669, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/669/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Dokumenta juridiskais statuss Spēkā

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/669/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/669

20.2.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/669 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/628 an 19 Feabhra 2024 ón gComhairle lena leasaítear Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 (2) ón gComhairle, tugtar éifeacht do Chomhsheasamh 2001/931/CBES (3).

(2)

An 19 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/628, lenar leasaíodh Comhsheasamh 2001/931/CBES chun díolúine dhaonnúil a thabhairt isteach de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sásra maolúcháin breise do na heagraíochtái agus gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine dhaonnúil sin, agus clásal athbhreithniúcháin a bhaineann leis na heisceachtaí sin.

(3)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an cúnamh agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla agus i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát;

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

4.   Gan dochar do mhír 3, agus de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

5.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarás inniúil áirithe faoi mhír 4, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de 4 seachtaine óna ndeonfar údarú den sórt sin.

7.   Déanfar míreanna 3 agus 4 a athbhreithniú gach 12 mhí ar a laghad, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

8.   Beidh feidhm ag mír 3 go dtí an 22 Feabhra 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2024/628, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/628/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 an 27 Nollaig 2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/669/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Augša