This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0574
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/574 of 15 February 2024 specifying the technical formats for reporting by the Member States pursuant to Regulation (EU) No 1143/2014 of the European Parliament and of the Council, and repealing Commission Implementing Regulation (EU) 2017/1454
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/574 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2024 lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/574 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2024 lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 ón gCoimisiún
C/2024/863
IO L, 2024/574, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/574/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/574 |
16.2.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/574 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Feabhra 2024
lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (1), agus go háirithe Airteagal 24(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 (2) lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. |
|
(2) |
Mar sin féin, bhí na formáidí teicniúla a úsáideadh, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454, sa chéad bhabhta tuairiscithe ag na Ballstáit, neamh-leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil na tuarascálacha ar ardchaighdeán, agus bhí débhríocht agus tearcthuairisciú ann dá thoradh sin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar neamh-leordhóthanacht den sórt sin trí bhailiú sonraí a éascú chun príomhtháscairí a dhíorthú, agus trí thús áite a thabhairt don tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil go poiblí ar an leibhéal náisiúnta cheana féin, fad a úsáidtear na buntáistí a bhaineann le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur i bhfeidhm i dtaca le sonraí spásúla agus comhleanúnachas le beartais ghaolmhara a áirithiú, amhail Treoracha 2000/60/CE (4), 2008/56/CE (5) agus 2009/147/CE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (7). |
|
(4) |
Thairis sin, le Treoir 2007/2/CE, éilítear ar údaráis phoiblí sna Ballstáit tacair sonraí spásúla a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme maidir le meiteashonraí, seirbhísí líonra agus idir-inoibritheacht tacar sonraí spásúla agus seirbhísí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún (8), lena n-áirítear na sonraí a shonraítear i roinn 18 (‘Dáileadh Speiceas’) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(5) |
Ós rud é go modhnaítear go cuimsitheach an chuid is substaintiúla den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú san Iarscríbhinn, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 a aisghairm agus a ionadú. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Speicis Choimhthíocha Ionracha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 1143/2014.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 4.11.2014, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1143/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 an 10 Lúnasa 2017 lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 208, 11.8.2017, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1454/oj).
(3) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/2/oj).
(4) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).
(5) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj).
(6) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).
(7) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hidir-inoibritheacht tacar agus seirbhísí sonraí spásúla (IO L 323, 8.12.2010, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1089/oj).
IARSCRÍBHINN
Formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014
|
FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH I gCUR I bhFEIDHM AIRTEAGAL 24(1) DE RIALACHÁN (AE) Uimh. 1143/2014 |
|
|
Ballstát |
|
|
Tréimhse tuairiscithe |
|
|
ROINN A Faisnéis atá le cur isteach maidir le gach speiceas coimhthíoch ionrach ionracha is ábhar imní don Aontas agus maidir le gach speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní ar bhonn réigiúnach faoi réir beart dá bhforáiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
|
Faisnéis faoin speiceas, a dháileadh, a stádas, a phatrúin tabhairt isteach, leata agus atáirgthe |
|||||
|
1 |
Ainm eolaíoch an speicis |
|
|||
|
2 |
Gnáthainm nó ainm coitianta an speicis (roghnach) |
|
|||
|
3 |
An bhfuil nó an raibh an speiceas i gcríoch an Bhallstáit le linn na tréimhse tuairiscithe? |
Tá, tá sé sa timpeallacht faoi láthair |
☐ |
||
|
Bhí, bhí sé sa timpeallacht le linn na tréimhse tuairiscithe, ach deimhníodh go bhfuil sé in easnamh anois |
☐ |
||||
|
Tá, tá sé faoi choimeád imshrianta |
☐ |
||||
|
Níl |
☐ |
||||
|
Neamhchinnte nó ní fios |
☐ |
||||
|
4 |
Dáileadh an speicis, lena n-áirítear faisnéis faoina stádas, a phatrúin atáirgthe, tabhairt isteach agus leata (le líonadh isteach más ‘Tá, tá sé sa timpeallacht faoi láthair’ an freagra ar cheist 3 agus sa chás sin amháin) |
||||
|
|
||||
|
Tá pobal féinchothaitheach/pobail féinchothaitheacha ann |
☐ |
|||
|
Tarlaíonn atáirgeadh, ach bíonn sé teoranta nó ócáideach |
☐ |
||||
|
Ní tharlaíonn atáirgeadh |
☐ |
||||
|
Ní tharlaíonn atáirgeadh, ach is dócha go dtarlóidh sé go luath amach anseo |
☐ |
||||
|
Ní fios an stádas atáirgthe |
☐ |
||||
|
Gnéasach |
☐ |
|||
|
Éighnéasach |
☐ |
||||
|
An dá cheann (gnéasach agus éighnéasach) |
☐ |
||||
|
Doiléir (gnéasach nó éighnéasach) |
☐ |
||||
|
Tugadh an speiceas isteach sa Bhallstát cheana féin roimh thús na tréimhse tuairiscithe |
☐ |
|||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, tugadh an speiceas isteach sa Bhallstát trí scaipeadh nádúrtha ó thír chomharsanach nó ó thír gar dó, go príomha |
☐ |
||||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, tugadh an speiceas isteach sa Bhallstát trí chúnamh neamhbheartaithe ón duine, go príomha |
☐ |
||||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, tugadh an speiceas isteach sa Bhallstát trí chúnamh beartaithe ón duine, go príomha |
☐ |
||||
|
Ní fios conas a tugadh an speiceas isteach sa Bhallstát le linn na tréimhse tuairiscithe |
☐ |
||||
|
Níl aon fhianaise ar thabhairt isteach nua sa Bhallstát le linn na tréimhse tuairiscithe |
☐ |
||||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, scaipeadh an speiceas laistigh den Bhallstát trí scaipeadh nádúrtha, go príomha |
☐ |
|||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, scaipeadh an speiceas laistigh den Bhallstát trí chúnamh neamhbheartaithe ón duine, go príomha |
☐ |
||||
|
Le linn na tréimhse tuairiscithe, scaipeadh an speiceas laistigh den Bhallstát trí chúnamh beartaithe ón duine, go príomha |
☐ |
||||
|
Ní fios conas a scaipeadh an speiceas laistigh den Bhallstát le linn na tréimhse tuairiscithe |
☐ |
||||
|
Níl aon fhianaise ann ar scaipeadh laistigh den Bhallstát le linn na tréimhse tuairiscithe |
☐ |
||||
|
5 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
|||
|
Faisnéis faoi na ceadanna a eisíodh le haghaidh an speicis seo (le haghaidh IAS ar liosta an Aontais agus sin amháin) |
|||||
|
6 |
Ar eisíodh ceadanna le haghaidh an speicis seo le linn na tréimhse tuairiscithe? |
Eisíodh |
☐ |
||
|
Níor eisíodh |
☐ |
||||
|
7 |
An bhfuil aon chead breise ann don speiceas seo atá bailí laistigh den tréimhse tuairiscithe reatha a eisíodh i dtréimhse tuairiscithe roimhe seo? |
Tá |
☐ |
||
|
Níl |
☐ |
||||
|
8 |
Le líonadh isteach i gcás inar freagra deimhneach é ceann amháin ar a laghad de na freagraí ar cheisteanna 6 agus 7 thuas agus sa chás sin amháin |
||||
|
An bhliain féilire lena mbaineann |
|
||||
|
Cuspóir an cheada |
An líon ceadanna a eisíodh le linn na bliana féilire lena mbaineann |
An líon ceadanna bailí breise le linn na bliana féilire lena mbaineann |
An líon iomlán aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann a chomhfhreagraíonn do na ceadanna eisithe/bailí |
||
|
Ceadanna le haghaidh taighde |
|
|
|
||
|
Ceadanna le haghaidh caomhnú ex situ |
|
|
|
||
|
Ceadanna le haghaidh táirgeadh eolaíoch agus leas íocshláinte ina dhiaidh sin chun sláinte an duine a chur ar aghaidh |
|
|
|
||
|
Ceadanna le haghaidh gníomhaíochtaí eile i ndiaidh údarú ón gCoimisiún (Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|
|
|
||
|
9 |
Ar tarraingíodh siar aon chead le linn na tréimhse tuairiscithe? |
An líon ceadanna a tarraingíodh siar go buan |
|
||
|
An líon ceadanna a tarraingíodh siar go sealadach |
|
||||
|
An líon aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann |
|
||||
|
An cuspóir dár eisíodh na ceadanna |
|
||||
|
10 |
Faisnéis arna cur ar fáil go poiblí ar an Idirlíon le haghaidh na gceadanna eisithe uile de réir dáta eisithe |
Ainm eolaíoch |
|
||
|
Ainm coitianta |
|
||||
|
An líon aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann. |
|
||||
|
An cuspóir dár eisíodh an cead |
|
||||
|
Cóid Ainmníochta Comhcheangailte dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1) |
|
||||
|
Nasc gréasáin chuig faisnéis ar an Idirlíon maidir leis na ceadanna a eisítear de réir mar is gá faoi Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
|
||||
|
11 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
|||
|
Faisnéis faoi chigireachtaí Le líonadh isteach i gcás inar freagra deimhneach é an freagra ar cheisteanna 6 agus 7 thuas agus sa chás sin |
|||||
|
12 |
An bhliain féilire lena mbaineann |
||||
|
Cuspóir an cheada |
An líon bunaíochtaí a ndearnadh na cigireachtaí orthu |
An líon aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann a chomhfhreagraíonn do na ceadanna i seilbh na mbunaíochtaí a ndearnadh cigireacht orthu |
An líon bunaíochtaí a ndearnadh cigireacht orthu agus a measadh a bheith neamhchomhlíontach leis na coinníollacha a leagtar amach sna ceadanna |
An líon aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann a chomhfhreagraíonn do na ceadanna i seilbh na mbunaíochtaí a ndearnadh cigireacht orthu a measadh a bheith neamhchomhlíontach leis na coinníollacha a leagtar amach sna ceadanna |
|
|
Ceadanna le haghaidh taighde |
|
|
|
|
|
|
Ceadanna le haghaidh caomhnú ex situ |
|
|
|
|
|
|
Ceadanna le haghaidh táirgeadh eolaíoch agus leas íocshláinte ina dhiaidh sin chun sláinte an duine a chur ar aghaidh |
|
|
|
|
|
|
Ceadanna le haghaidh gníomhaíochtaí eile i ndiaidh údarú ón gCoimisiún (Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|
|
|
|
|
|
13 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
|||
|
Faisnéis faoi bheart/bhearta díothaithe thapa a rinneadh maidir leis speiceas sin (Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
||||||
|
14 |
An raibh an speiceas faoi réir bearta díothaithe thapa le linn na tréimhse tuairiscithe? |
Bhí |
☐ |
|||
|
Ní raibh |
☐ |
|||||
|
15 |
Le líonadh isteach i gcás inar freagra deimhneach é an freagra ar cheist 14 thuas agus sa chás sin amháin |
|||||
|
Chumhdaigh |
☐ |
||||
|
Níor chumhdaigh |
☐ |
|||||
|
Tugadh |
☐ |
||||
|
Níor tugadh |
☐ |
|||||
|
Cuireadh |
☐ |
||||
|
Níor cuireadh |
☐ |
|||||
|
Tugadh |
☐ |
||||
|
Níor tugadh |
☐ |
|||||
|
Tugadh |
☐ |
||||
|
Níor tugadh |
☐ |
|||||
|
Dáta tosaigh |
|
||||
|
Dáta deiridh measta chur i bhfeidhm an bhirt/na mbeart |
Críochnaithe. Dáta deiridh iarbhír: |
☐ |
||||
|
Ar bun faoi láthair. Dáta deiridh measta: |
☐ |
|||||
|
Ar bun faoi láthair. Dáta deiridh neamhchinntithe |
☐ |
|||||
|
Cuid den chríoch |
|
|||||
|
Réigiún bithgheografach/Réigiúin bhithgheografacha |
|
|||||
|
Fo-aonad/fo-aonaid abhantraí |
|
|||||
|
Fo-réigiún muirí/fo-réigiúin mhuirí |
|
|||||
|
Mionsonraí breise maidir leis na pobail a bhí faoi réir na mbeart. 300 focal ar a mhéid |
|
|||||
|
|
|
Meicniúil/Fisiceach |
☐ |
|||
|
Ceimiceach |
☐ |
|||||
|
Bitheolaíoch |
☐ |
|||||
|
Eile |
☐ |
|||||
|
Mionsonraí breise maidir leis an modh/na modhanna a úsáideadh chun an speiceas a dhíothú go tapa |
|
|||||
|
Díothaithe (fuarthas réidh go hiomlán agus ar bhonn buan leis na haonáin uile) |
☐ |
||||
|
Díothaithe go sealadach (rinne aonáin athionradh ar an limistéar i ndiaidh díothú rathúil) |
☐ |
|||||
|
Díothaithe go pointe áirithe (laghdú ar an líon aonán, ach tá roinnt fós ann) |
☐ |
|||||
|
Gan aon éifeacht (gan aon laghdú ar an líon aonán nó tá an líon aonán fós ag méadú) |
☐ |
|||||
|
Ní fios |
☐ |
|||||
|
Tionchar diúltach ar na gnáthóga/ar an timpeallacht |
☐ |
||||
|
Tionchar diúltach ar speicis nach rabhthas ag díriú orthu |
☐ |
|||||
|
Tionchar diúltach ar shláinte an duine |
☐ |
|||||
|
Níor breathnaíodh aon tionchar diúltach |
☐ |
|||||
|
Ní fios |
☐ |
|||||
|
|
Tionchar in aghaidh an speicis |
|
|||
|
|
|
|||||
|
|
|
|||||
|
Le líonadh isteach le haghaidh bearta díothaithe thapa a dhíríonn ar speicis ainmhíocha agus sin amháin |
||||||
|
Rinneadh |
☐ |
||||
|
Ní dhearnadh |
☐ |
|||||
|
Mionsonraí breise faoi na bearta a rinneadh chun ainmhithe a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaingt inseachanta (roghnach) |
|
|||||
|
|
|
|
||||
|
16 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
||||
|
Faisnéis faoin mbeart/na bearta bainistíochta a rinneadh maidir leis an speiceas sin (Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|||||
|
17 |
An raibh an speiceas faoi réir bearta bainistíochta le linn na tréimhse tuairiscithe? |
Bhí |
☐ |
||
|
Ní raibh |
☐ |
||||
|
18 |
Le líonadh isteach i gcás inar freagra deimhneach é an freagra ar cheist 17 thuas agus sa chás sin amháin |
||||
|
Chumhdaigh |
☐ |
|||
|
Níor chumhdaigh |
☐ |
||||
|
Dáta tosaigh |
|
|||
|
Dáta deiridh nó dáta deiridh measta chur i bhfeidhm an bhirt/na mbeart |
Críochnaithe. Dáta deiridh iarbhír: |
☐ |
|||
|
Ar siúl faoi láthair. Dáta deiridh measta: |
☐ |
||||
|
Ar siúl faoi láthair. Dáta deiridh neamhchinntithe |
☐ |
||||
|
Cuspóir an bhirt/na mbeart |
Díothú |
☐ |
|||
|
Rialú |
☐ |
||||
|
Imshrianadh |
☐ |
||||
|
Cuid den chríoch |
|
||||
|
Réigiún bithgheografach/Réigiúin bhithgheografacha |
|
||||
|
Fo-aonad/fo-aonaid abhantraí |
|
||||
|
Fo-réigiún muirí/fo-réigiúin mhuirí |
|
||||
|
Mionsonraí breise maidir leis na pobail a bhí faoi réir na mbeart 300 focal ar a mhéid |
|
||||
|
Meicniúil/Fisiceach |
☐ |
|||
|
Ceimiceach |
☐ |
||||
|
Bitheolaíoch |
☐ |
||||
|
Eile |
☐ |
||||
|
Mionsonraí breise maidir leis an modh/na modhanna a úsáideadh chun an speiceas a bhainistiú |
|
||||
|
ROINN B Faisnéis atá le cur isteach maidir le gach ceann de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
|||||
|
1 |
Ar bhunaigh an Ballstát liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Bhallstát? Má bhunaigh, is gá ceisteanna 2 agus 3 thíos a fhreagairt maidir le gach ceann de na speicis ar an liosta sin, agus is gá ceisteanna 2 go 6 a fhreagairt maidir leis na speicis uile sin nach ábhar imní don Aontas iad freisin. |
Bhunaigh |
☐ |
||
|
Níor bhunaigh |
☐ |
||||
|
2 |
Ainm eolaíoch an speicis |
|
|||
|
3 |
Ainm coitianta an speicis (roghnach) |
|
|||
|
4a |
An bhfuil an speiceas dúchasach do chuid de chríoch an Aontais Eorpaigh? |
Tá |
☐ |
||
|
Níl |
☐ |
||||
|
4b |
An bhfuil nó an raibh an speiceas i gcríoch an Bhallstáit le linn na tréimhse tuairiscithe? (Má tá speiceas dúchasach do chuid de chríoch an Bhallstáit, tabhair freagra don mhéid a bhaineann le raon coimhthíoch an speicis agus sin amháin) |
Tá, tá sé sa timpeallacht faoi láthair |
☐ |
||
|
Bhí, bhí sé sa timpeallacht le linn na tréimhse tuairiscithe, ach deimhníodh go bhfuil sé in easnamh anois |
☐ |
||||
|
Tá, tá sé faoi choimeád imshrianta |
☐ |
||||
|
Níl |
☐ |
||||
|
Éiginnte nó ní fios |
☐ |
||||
|
5 |
Dáileadh an speicis, lena n-áirítear faisnéis faoina stádas atáirgthe (roghnach) |
||||
|
Cuireadh ar fáil iad |
☐ |
|||
|
Níor cuireadh ar fáil iad |
☐ |
||||
|
Tá pobal féinchothaitheach/pobail féinchothaitheacha ann |
☐ |
|||
|
Tarlaíonn atáirgeadh, ach bíonn sé teoranta nó ócáideach |
☐ |
||||
|
Ní tharlaíonn atáirgeadh |
☐ |
||||
|
Ní tharlaíonn atáirgeadh, ach is dócha go dtarlóidh sé go luath amach anseo |
☐ |
||||
|
Ní fios an stádas atáirgthe |
☐ |
||||
|
6 |
Beart nó bearta a cuireadh i bhfeidhm i gcríoch an Bhallstáit i ndáil leis an speiceas de bhun Airteagal 7 (is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin) |
||||
|
Srian maidir lena thabhairt isteach sa chríoch d’aon ghnó |
☐ |
||||
|
Srian maidir lena choimeád d’aon ghnó, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta |
☐ |
||||
|
Srian maidir lena phórú d’aon ghnó, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta |
☐ |
||||
|
|
Srian maidir lena iompar d’aon ghnó, seachas i gcomhthéacs díothaithe |
☐ |
|||
|
Srian maidir lena chur ar an margadh d’aon ghnó |
☐ |
||||
|
Srian maidir lena úsáid nó a mhalartú d’aon ghnó |
☐ |
||||
|
Srian maidir le ligean dó atáirgeadh, é a fhás nó a shaothrú d’aon ghnó, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta |
☐ |
||||
|
Srian maidir lena scaoileadh isteach sa timpeallacht d’aon ghnó |
☐ |
||||
|
Cosc ar thabhairt isteach nó leathadh neamhbheartaithe, lena n-áirítear trí mhórfhaillí, i gcás inarb infheidhme |
☐ |
||||
|
Beart(a) eile a cuireadh i bhfeidhm i gcríoch an Bhallstáit i ndáil leis an speiceas (is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin) |
|||||
|
Maoluithe dá bhforáiltear laistigh de chóras ceada ar aon dul le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Aghaidh tugtha orthu i bpleananna gníomhaíochta ar aon dul leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Arna chumhdach le córas faireachais ar aon dul leis an gceann in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Rialuithe oifigiúla chun cosc a chur ar thabhairt isteach d’aon ghnó ar aon dul leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Faoi réir córas luathbhraite ar aon dul leis an gceann in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Faoi réir díothú tapa tar éis luathbhraith ar aon dul leis an gceann in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Faoi réir bearta bainistíochta más leata go fairsing ar aon dul leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
Bearta athchóirithe ar aon dul leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
☐ |
||||
|
7 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
|||
|
ROINN C Faisnéis Chothrománach |
|
Faisnéis faoin bplean/na pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach (Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|||
|
1 |
Cén speiceas is ábhar imní don Aontas a ndearnadh anailís air agus a ndearnadh beartú tosaíochta ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar iad go neamhbheartaithe? |
Liosta tosaigh an Aontais |
☐ |
|
An chéad nuashonrú ar liosta an Aontais |
☐ |
||
|
An dara nuashonrú ar liosta an Aontais |
☐ |
||
|
An tríú nuashonrú ar liosta an Aontais |
☐ |
||
|
An ceathrú nuashonrú ar liosta an Aontais |
☐ |
||
|
Nuashonruithe eile ar liosta an Aontais (sonraigh cé acu) |
☐ |
||
|
2 |
An téarmeolaíocht maidir le conairí a mholtar sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (‘CBD’), an úsáidtear í san anailís agus sa bheartas tosaíochta ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar speicis go neamhbheartaithe, dá ndéantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/968 ón gCoimisiún (2)? |
Úsáidtear |
☐ |
|
Ní úsáidtear |
☐ |
||
|
3 |
Liosta conairí inar gá gníomhaíocht tosaíochta (‘conairí tosaíochta’), mar gheall ar an líon speiceas nó ar an damáiste ionchasach a dhéantar de dheasca na speiceas a thagann isteach san Aontas trí na conairí sin (Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|
|
|
|
|||
|
|
|||
|
4 |
Doiciméad a léiríonn/lena dtugtar tuairisc ar an anailís ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar go neamhbheartaithe speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (roghnach; tabhair naisc) |
|
|
|
5 |
Ar chuir an Ballstát aon phlean gníomhaíochta amháin nó sraith pleananna gníomhaíochta i dtoll a chéile? |
Aon phlean gníomhaíochta amháin |
☐ |
|
Sraith pleananna gníomhaíochta |
☐ |
||
|
6 |
Maidir leis na pleananna gníomhaíochta uile a cuireadh i dtoll a chéile, sonraigh cé na conairí tosaíochta ar tugadh aghaidh orthu le cén plean gníomhaíochta |
|
Speicis a chumhdaítear |
|
|
|||
|
|
|||
|
|
|||
|
7 |
Maidir leis na pleananna gníomhaíochta uile a tugadh i gcrích, léirigh cé acu díobh atá críochnaithe agus cé acu a bhfuiltear fós á ndréachtú |
Críochnaithe (sonraigh cé acu díobh) |
|
|
Dréacht (sonraigh cé acu díobh) |
|
||
|
8 |
Maidir leis na pleananna gníomhaíochta uile atá tugtha i gcrích, léirigh cé acu díobh a bhunaigh (i.e. glactha go foirmiúil) an Ballstát |
Bunaithe (sonraigh cé acu díobh) |
|
|
|
|
||
|
Níl sé bunaithe (sonraigh cé acu díobh) |
|
||
|
9 |
Maidir leis na pleananna gníomhaíochta bunaithe uile, léirigh cé acu díobh a chuir an Ballstát chun feidhme |
Curtha chun feidhme go hiomlán (sonraigh cé acu) |
|
|
Curtha chun feidhme go pointe áirithe (sonraigh cé acu) |
|
||
|
|
|
||
|
|
|
Níl sé curtha chun feidhme (sonraigh cé acu) |
|
|
10 |
Doiciméad an phlean/na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 |
|
|
|
11 |
Faisnéis bhreise. Mar shampla, maidir le deacrachtaí a tháinig chun cinn agus réimsí le feabhsú amach anseo (roghnach) |
|
|
|
Faisnéis faoin gcóras faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas (Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
||||
|
12 |
Tuairisc ar an gcóras faireachais |
An gcumhdaíonn an córas críoch an Bhallstáit go hiomlán, lena n-áirítear uiscí mara teorann? |
Cumhdach iomlán |
☐ |
|
Gan chumhdach/cumhdach go pointe áirithe |
☐ |
|||
|
Tuairisc agus mionsonraí breise faoi chumhdach geografach an chórais faireachais |
|
|||
|
Nasc gréasáin chuig faisnéis maidir leis an gcóras faireachais (nó doiciméad iarscríbhinne) |
|
|||
|
13 |
An bhfuil an córas faireachais á úsáid chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht beart díothaithe thapa ag céim luath den ionradh (dá bhforáiltear in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014)? |
Tá, maidir leis na bearta díothaithe thapa uile |
☐ |
|
|
Tá, maidir le roinnt bearta díothaithe thapa |
☐ |
|||
|
|
|
Níl |
☐ |
|
|
14 |
Faisnéis bhreise. Mar shampla, maidir le deacrachtaí a tháinig chun cinn agus réimsí le feabhsú amach anseo (roghnach) |
|
||
|
Faisnéis faoi na rialuithe oifigiúla is gá chun cosc a chur ar thabhairt isteach d’aon ghnó speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas (Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
||||
|
15 |
Tuairisc ar chóras na rialuithe oifigiúla |
An bhfuil na struchtúir chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh curtha i bhfeidhm agus feidhmiúil |
Tá |
☐ |
|
Go pointe áirithe |
☐ |
|||
|
Níl |
☐ |
|||
|
Tuairisc ghinearálta ar na struchtúir atá curtha i bhfeidhm. 300 focal ar a mhéid |
|
|||
|
Catagóirí earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla |
|
|||
|
|
||||
|
|
||||
|
Údaráis inniúla a dhéanann rialuithe rioscabhunaithe |
|
|||
|
Nasc gréasáin chuig faisnéis maidir leis na rialuithe oifigiúla (nó doiciméad iarscríbhinne) |
|
|||
|
16 |
Faisnéis bhreise. Mar shampla, maidir le deacrachtaí a tháinig chun cinn agus réimsí le feabhsú amach anseo (roghnach) |
|
||
|
Faisnéis faoi Bhearta a rinneadh chun an pobal a chur ar an eolas agus faoi aon ghníomhaíocht a iarradh ar shaoránaigh a dhéanamh |
|||
|
17 |
Tuairisc ar na bearta a rinneadh chun an pobal a chur ar an eolas faoi speicis choimhthíocha ionracha agus na gníomhaíochtaí a cheanglaítear ar shaoránaigh a dhéanamh (dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014) |
|
|
|
18 |
Ar áirithíodh rannpháirtíocht an phobail i bplean/i bpleananna gníomhaíochta (dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014)? |
Áirithíodh |
☐ |
|
Níor áirithíodh |
☐ |
||
|
Ar áirithíodh rannpháirtíocht an phobail i mbeart/i mbearta bainistíochta (dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014)? |
Áirithíodh |
☐ |
|
|
Níor áirithíodh |
☐ |
||
|
19 |
Mionsonraí breise faoi rannpháirtíocht an phobail i bplean/i bpleananna gníomhaíochta agus i mbearta bainistíochta (300 focal ar a mhéid) |
|
|
|
20 |
Faisnéis bhreise (roghnach) |
|
|
|
Faisnéis faoi chostas na gníomhaíochta a rinneadh chun an rialachán seo a chomhlíonadh |
||||||
|
21 |
Tuairisc ar chostas na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chomhlíonadh (dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (i) de), má bhíonn sé ar fáil |
|||||
|
Tuairisc ar chostais a tabhaíodh nó iarracht ar tugadh tacaíocht di chun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chomhlíonadh – agus iad liostaithe de réir catagóire, i gcás inar féidir |
Fothú acmhainneachta |
|
||||
|
Pleananna gníomhaíochta conairí |
|
|||||
|
An córas faireachais a oibriú |
|
|||||
|
Rialuithe oifigiúla a oibriú |
|
|||||
|
Bearta díothaithe thapa nó bearta bainistíochta a chur chun feidhme |
|
|||||
|
Cigireachtaí ar bhunaíochtaí a bhfuil ceadanna acu a oibriú |
|
|||||
|
Athchóiriú na n-éiceachóras damáistithe |
|
|||||
|
Costais eile |
|
|||||
|
Tuairisc agus léiriú ar chostais iomlána a tabhaíodh nó iarracht ar tugadh tacaíocht di chun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chomhlíonadh i gcás nach féidir costais a liostú ar leithligh de réir catagóire. Roghnaigh na catagóirí ábhartha a rannchuidíonn na costais sin nó an iarracht sin leo. |
|
|||||
|
Fothú acmhainneachta |
☐ |
Bearta díothaithe thapa nó bearta bainistíochta a chur chun feidhme |
☐ |
|||
|
An córas faireachais a oibriú |
☐ |
Cigireachtaí ar bhunaíochtaí a bhfuil ceadanna acu a oibriú |
☐ |
|||
|
Rialuithe oifigiúla a oibriú |
☐ |
Costais eile |
☐ |
|||
|
22 |
Ar cuireadh córais gnóthaithe costas i bhfeidhm, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, chun costais na mbeart a raibh gá leo chun drochthionchar speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú a aisghabháil (dá ndéantar foráil in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014)? |
Cuireadh |
☐ |
|||
|
Níor cuireadh |
☐ |
|||||
|
23 |
Faisnéis bhreise. Mar shampla, maidir le deacrachtaí a tháinig chun cinn agus réimsí le feabhsú amach anseo (roghnach) |
|
||||
|
|
||||||
|
24 |
Faisnéis bhreise – Ginearálta (roghnach) |
|
||||
Treoracha chun an fhaisnéis atá le cur isteach a thiomsú
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis i ndáil leis na ceisteanna uile a chur isteach, seachas na cinn a léirítear mar cheisteanna roghnacha.
ROINN A
Freagrófar na ceisteanna uile faoi Roinn A maidir le gach ceann de na speicis choimhthíocha ionracha a áirítear ar liosta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, sa leagan a bhí i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana féilire deiridh a chumhdaítear sa tuarascáil.
Maidir le gach ceann de na speicis is ábhar imní ar bhonn réigiúnach a ndeachaigh gníomh cur chun feidhme ina leith i bhfeidhm faoin dáta céanna, ar gníomh é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, ní fhreagrófar ach ceisteanna 1 go 5 agus 14 go 22.
Ceist 1
|
— |
Soláthair ainm eolaíoch an speicis. |
Ceist 2
|
— |
Roghnach: Soláthair ainm coitianta an speicis sa teanga náisiúnta. |
Ceist 3
|
— |
Léirigh an meastar go bhfuil an speiceas i gcríoch an Bhallstáit (gan na réigiúin is forimeallaí san áireamh i gcás inarb infheidhme). |
|
— |
Is féidir tic a chur i roinnt boscaí. |
|
— |
Maidir leis an rogha ‘Tá, tá sé faoi choimeád imshrianta’, cuir tic leis an rogha sin má tá an fhaisnéis ar fáil go héasca, i.e. ní gá taighde ná suirbhéanna ad hoc a dhéanamh. |
Ceisteanna 4.a. go 4.d.
|
— |
Más ‘Tá, tá sé sa timpeallacht faoi láthair’ an freagra ar cheist 3, soláthair comhad le sonraí faoi dháileadh an speicis agus Treoir 2007/2/CE á cur i bhfeidhm. Úsáidfidh an comhad sin na cineálacha oibiachtaí spásúla a shainmhínítear i Roinn 18 d’Iarscríbhinn IV (‘Dáileadh Speiceas’) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010. Déanfar faisnéis faoi stádas atáirgthe agus patrúin atáirgthe, tabhairt isteach agus leata a shonrú trí liostaí cód iomchuí a úsáid. |
|
— |
Ceist 4.c. - Patrúin atáirgthe. Le líonadh isteach sa chás gur rogha a) nó b) é an freagra ar cheist 4b. agus sa chás sin amháin. |
|
— |
Ceist 4.d - Patrúin tabhairt isteach. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 5
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith riachtanach chun na freagraí ar cheisteanna 1 go 4 a mhíniú. |
Ceist 6
|
— |
Léirigh, maidir le ceadanna dá dtagraítear in Airteagail 8(2) agus/nó 9(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 i ndáil leis na speicis, a eisíodh le linn na tréimhse tuairiscithe. |
Ceist 7
|
— |
Léirigh, maidir le haon chead breise dá dtagraítear in Airteagail 8(2) agus/nó 9(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 don speiceas sin atá bailí laistigh den tréimhse tuairiscithe reatha, a eisíodh i dtréimhse tuairiscithe roimhe seo. |
Ceist 8
|
— |
Le freagairt i gcás inar freagra deimhneach é an freagra ar cheisteanna 6 agus/nó 7 agus sa chás sin amháin. |
|
— |
Maidir le gach bliain féilire a chumhdaítear leis an tuarascáil, léirigh an líon ceadanna a eisíodh agus/nó atá bailí, ar ceadanna iad dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 in aghaidh na catagóire cuspóra, chomh maith leis an líon comhfhreagrach iomlán aonán/eiseamal nó an méid lena mbaineann a chumhdaítear leis na ceadanna sin, lena n-áirítear an t-aonad tomhais (an líon eiseamal, cileagram síolta, etc.). |
Ceist 9
|
— |
Léirigh ar tarraingíodh siar aon chead le linn na tréimhse tuairiscithe, go buan agus/nó go sealadach. |
Ceist 10
|
— |
Deimhnigh gur cuireadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ar fáil go poiblí ar an Idirlíon gan mhoill maidir leis na ceadanna uile a eisíodh, agus léirigh an nasc gréasáin ábhartha. |
Ceist 11
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar bheith riachtanach chun na freagraí ar cheisteanna 6 go 10 a mhíniú. |
Ceist 12
|
— |
Maidir le gach bliain féilire a chumhdaítear sa tuarascáil, soláthair an tábla, agus é líonta isteach, i ndáil leis na cigireachtaí a éilítear faoi Airteagal 8(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. |
Ceist 13
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar bheith riachtanach chun an freagra ar cheist 12 a mhíniú. Tabhair tuilleadh sonraí go háirithe faoi na cúiseanna leis an easpa cigireachtaí agus faoi aon ghníomhaíocht bheartaithe. |
Ceist 14.
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. |
Ceist 15
|
— |
Más freagra deimhneach é an freagra ar cheist 14, freagair an cheist seo. Is féidir faisnéis a sholáthar trí aonáin/pobail den speiceas lena mbaineann a ghrúpáil le chéile de réir an bhirt/na mbeart díothaithe thapa céanna, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. Má thugtar aghaidh ar phobail dhifriúla le bearta difriúla, ní mór an fhaisnéis sin a chur isteach le haghaidh gach líon den sórt sin. |
Ceist 15f.
|
— |
Cuir tic mar is iomchuí agus cuir an dáta ábhartha leis. |
Ceist 15g.
|
— |
Roghnach: Cuir tic mar is iomchuí. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 15i
|
— |
Cuir tic mar is iomchuí. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 15j
|
— |
Le freagairt i gcás ina n-áirítear an rogha ‘Tionchair dhiúltacha ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu’ sa fhreagra ar cheist 15i. agus sa chás sin amháin. |
Ceist 15k
|
— |
Le freagairt i gcás ina bhfuil an roinn seo á líonadh isteach maidir le bearta a dhíríonn ar speiceas ainmhíoch coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas nó ar bhonn réigiúnach, agus sa chás sin amháin. |
Ceist 15l.
|
— |
Roghnach: Baineann an cheist seo le speicis ainmhíocha agus neamh-ainmhíocha araon. |
Ceist 16
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar bheith riachtanach chun na freagraí ar cheisteanna 14 agus 15 a mhíniú. Tabhair tuilleadh sonraí go háirithe faoi na cúiseanna leis an easpa beart agus faoi aon ghníomhaíocht bheartaithe. |
Ceist 17
|
— |
Léirigh an raibh an speiceas faoi réir aon bheart bainistíochta le linn na tréimhse tuairiscithe. |
Ceist 18
Más freagra deimhneach é an freagra ar cheist 17, freagair an cheist seo. Is féidir faisnéis a sholáthar trí phobail éagsúla den speiceas a dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart/na bearta bainistíochta céanna a ghrúpáil le chéile, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. Má thugtar aghaidh ar phobail dhifriúla le bearta difriúla, ní mór an fhaisnéis sin a chur isteach le haghaidh gach líon den sórt sin, i.e. is féidir aithris a dhéanamh ar tháblaí le haghaidh gach fo-aonaid gheografaigh.
Ceist 18b.
|
— |
Cuir tic mar is iomchuí agus cuir an dáta ábhartha leis. |
Ceist 18c.
|
— |
Roghnach: Cuir tic mar is iomchuí. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 18e.
|
— |
Cuir tic mar is iomchuí. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 18f.
|
— |
Le freagairt i gcás ina n-áirítear an rogha ‘Tionchair dhiúltacha ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu’ sa fhreagra ar cheist 18e. agus sa chás sin amháin. |
Ceist 18g.
|
— |
Le freagairt i gcás ina bhfuil an roinn seo á líonadh isteach maidir le bearta a dhíríonn ar speiceas ainmhíoch coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas nó ar bhonn réigiúnach, agus sa chás sin amháin. |
Ceist 18h.
|
— |
Roghnach: Baineann an cheist seo le speicis ainmhíocha agus neamh-ainmhíocha araon. |
Ceist 19.
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith riachtanach chun na freagraí ar cheisteanna 17 agus 18 a mhíniú. Tabhair tuilleadh sonraí go háirithe faoi na cúiseanna leis an easpa beart agus faoi aon ghníomhaíocht bheartaithe. |
Ceist 20.
|
— |
Roghnach: Soláthair faisnéis faoi thionchar an speicis ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí éiceachórais gaolmhara, lena n-áirítear ar speicis dhúchasacha, láithreacha cosanta, gnáthóga i mbaol. Ina theannta sin, soláthair faisnéis faoi thionchair shóisialta agus eacnamaíocha an speicis chomh maith lena thionchar ar shláinte agus sábháilteacht an duine. |
Ceist 21
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí chun a léiriú an bhfuil baint ag an mBallstát le haon speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní ar bhonn réigiúnach a liostú. Soláthair ainm eolaíoch an speicis. |
Ceist 22
|
— |
Ba cheart aithris a dhéanamh ar cheist 22 le haghaidh gach speicis a luaitear faoi cheist 21. |
ROINN B
Líonfar isteach Roinn B le haghaidh gach ceann de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014.
Ceist 1
|
— |
Soiléirigh ar bhunaigh an Ballstát liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát. |
Ceist 2
|
— |
Soláthair ainm eolaíoch an speicis. |
Ceist 3
|
— |
Roghnach: Soláthair ainm coitianta an speicis sa teanga náisiúnta. |
Ceist 4a.
|
— |
Léirigh an bhfuil an speiceas dúchasach do chuid de chríoch an Aontais. |
Ceist 4b.
|
— |
Léirigh an meastar speiceas a bheith i gcríoch an Bhallstáit (má tá speiceas dúchasach do chuid de chríoch an Bhallstáit, tabhair freagra don mhéid a bhaineann leis an raon coimhthíoch agus sin amháin). |
|
— |
Is féidir tic a chur i roinnt boscaí. |
|
— |
Maidir leis an rogha ‘Tá, tá sé faoi choimeád imshrianta’, cuir tic leis an rogha seo má tá an fhaisnéis ar fáil go héasca, i.e. ní gá taighde ná suirbhéanna ad hoc a dhéanamh. |
Ceist 5
|
— |
Roghnach: Le líonadh isteach i gcás inar ‘Tá, tá sé sa timpeallacht faoi láthair’ é an freagra ar cheist 4b. agus sa chás sin amháin. Féach treoracha maidir le ceist 4 i Roinn A. Tabhair faoi deara, i gcás ina bhfuil speiceas dúchasach do chuid de chríoch an Bhallstáit, tabhair freagra ar na ceisteanna seo maidir leis an méid a bhaineann le raon coimhthíoch an speicis sa Bhallstát agus sin amháin. |
Ceist 6
|
— |
Léirigh cé na bearta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an speiceas i gceist, más infheidhme. Is féidir tic a chur i níos mó ná bosca amháin. |
Ceist 7
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise a mheastar bheith riachtanach chun na freagraí ar cheisteanna 1 go 6 a mhíniú. |
ROINN C
Ceist 1
|
— |
Sonraigh cén liosta de chuid an Aontais agus cé na nuashonruithe de chuid an Aontais a bhfuil anailís chuimsitheach ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar speicis choimhthíocha ionracha go neamhbheartaithe, chomh maith leis an mbeartú tosaíochta, déanta ina leith.
|
Ceist 2
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. |
Ceist 3
|
— |
Liostaigh na conairí a n-éilítear gníomhaíocht tosaíochta ina leith de thoradh na hanailíse ar chonairí a rinneadh de réir Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. |
Ceist 4
|
— |
Roghnach: Soláthair an doiciméad maidir le beartú tosaíochta ar chonairí a cuireadh i dtoll a chéile nó nasc chuige. |
Ceist 5
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. Plean gníomhaíochta amháin ina bhfuil roinnt caibidlí téamacha, is aon phlean gníomhaíochta amháin fós é. |
Ceist 6
|
— |
Ach na cóid thíos a úsáid, léirigh na conairí tosaíochta ábhartha a dtugtar aghaidh orthu agus an speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a chumhdaítear le haghaidh gach ceann de na conairí seo:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceist 7
|
— |
Léirigh cé na pleananna gníomhaíochta atá críochnaithe agus cé na pleananna a bhfuiltear fós á ndréachtú. |
Ceisteanna 8 agus 9
|
— |
Léirigh cé na pleananna gníomhaíochta atá bunaithe agus cé na pleananna atá curtha chun feidhme. |
Ceist 10
|
— |
Soláthair na Pleananna gníomhaíochta a glacadh nó nasc chucu. |
Ceist 11
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise faoin bPlean gníomhaíochta nó faoi na Pleananna gníomhaíochta a glacadh nó atá á n-ullmhú. |
Ceist 12
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. Soláthair mionsonraí faoi chumhdach geografach an chórais faireachais. Cuir isteach doiciméad (nó nasc gréasáin chuig doiciméad den sórt sin, más iomchuí) ina dtugtar tuairisc ar an gcóras faireachais dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 1143/2014. |
Ceist 13
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. |
Ceist 14
|
— |
Roghnach: Soláthair aon faisnéis bhreise faoin gcóras faireachais atá curtha ar bun. |
Ceist 15
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. Soláthair mionsonraí faoin gcóras rialaithe oifigiúil atá i bhfeidhm, lena n-áirítear tuairisc ar na struchtúir a úsáidtear chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh, nósanna imeachta chun malartú faisnéise ábhartha a áirithiú agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach idir na húdaráis rannpháirteacha uile atá bainteach leis an bhfíorú, dá ndéantar foráil in Airteagal 15(7) de Rialachán (AE) 1143/2014. Liostaigh na catagóirí earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla, i gcás inarb ábhartha, chun críocha Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, agus cóid Ainmníochta Comhcheangailte á n-úsáid. Léirigh cé na húdaráis inniúla a dhéanann na rialuithe oifigiúla. Cuir isteach doiciméad (nó nasc gréasáin chuig doiciméad den sórt sin, más iomchuí) ina dtugtar tuairisc ar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 1143/2014. |
Ceist 16
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise faoin gcóras rialuithe oifigiúla atá curtha ar bun. |
Ceist 17
|
— |
Tabhair tuairisc (nó soláthair nasc gréasáin ina dtugtar tuairisc) ar na bearta a rinneadh chun an pobal a chur ar an eolas i dtaca le speiceas coimhthíoch ionrach ann agus aon ghníomhaíocht a iarradh ar shaoránaigh a dhéanamh. Féadtar naisc ghréasáin chuig acmhainní idirlín a sholáthar, agus doiciméid shamplacha a uaslódáil, ar choinníoll go mbeidh tuairiscí iomchuí ar na gníomhaíochtaí atá déanta ag gabháil leo. |
Ceist 18
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. |
Ceist 19
|
— |
Soláthair mionsonraí breise faoi conas a áirithíodh rannpháirtíocht an phobail don Phlean/do na Pleananna gníomhaíochta de réir Airteagal 13 de rialachán IAS agus sna bearta bainistíochta a rinneadh. |
Ceist 20
|
— |
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise faoi bhearta a rinneadh chun an pobal a chur ar an eolas nó chun rannpháirtíocht an phobail a áirithiú. |
Ceist 21
|
— |
Sonraigh costas na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun Rialachán (AE) 1143/2014 a chomhlíonadh, agus tabhair tuairisc orthu. Ar dtús, nuair atá siad ar fáil, ba cheart na costais a tabhaíodh agus/nó an iarracht ar tugadh tacaíocht di a sholáthar, maidir le gach catagóir ar leithligh (fothú acmhainneachta, córas faireachais a oibriú, rialuithe oifigiúla a oibriú, cur chun feidhme díothaithe thapa nó beart bainistíochta, cigireachtaí ar bhunaíochtaí a bhfuil ceadanna acu a oibriú). I gcás nach féidir costais a shainaithint le haghaidh catagóirí aonair ar leithligh, ba cheart an costas iomlán a tabhaíodh nó an iarracht ar tugadh tacaíocht di a léiriú agus tuairisc a thabhairt orthu, chomh maith leis na catagóirí ábhartha a roghnú. A mhéid is féidir, áirigh faisnéis ábhartha faoi ghnóthú costas agus buntáistí na mbeart a rinneadh (costais maidir le damáiste a seachnaíodh, damáiste don bhithéagsúlacht agus d’éicisheirbhísí gaolmhara a seachnaíodh, rannchuidiú le spriocanna eile an Aontais, damáiste do shláinte an duine, don tsábháilteacht agus don gheilleagar a seachnaíodh), nuair atá an fhaisnéis sin le fáil. |
Ceist 22
|
— |
Cuir tic sa bhosca iomchuí. |
Ceist 23
|
|
Roghnach: Soláthair aon fhaisnéis bhreise, nó nasc gréasáin chuig doiciméad, faoi chostas na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chomhlíonadh, dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (i) de, lena n-áirítear mionsonraí breise faoi cheisteanna 21 agus 22. Tabhair tuilleadh sonraí go háirithe faoi na córais gnóthaithe costas a cuireadh i bhfeidhm. |
Ceist 24
|
— |
Roghnach: Cuir isteach doiciméad (nó nasc gréasáin chuig doiciméad den sórt sin) ina bhfuil aon fhaisnéis eile is mian leis an mBallstát a thabhairt i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (AE) 1143/2014 sa bhreis ar a n-iarrtar sa teimpléad seo. |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/968 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnuithe riosca i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha (IO L 174, 10.7.2018, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/968/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2016 lena nglactar liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 14.7.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1141/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1263 an 12 Iúil 2017 lena dtugtar an liosta speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cothrom le dáta (IO L 182, 13.7.2017, lch. 37, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1263/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1262 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 chun liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt cothrom le dáta (IO L 199, 26.7.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1262/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1203 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 chun liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt cothrom le dáta (IO L 186, 13.7.2022, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1203/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/574/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)