Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0455

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/455 ón gComhairle an 2 Feabhra 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/287 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

    ST/5326/2024/INIT

    IO L, 2024/455, 2.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/455/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/455/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/455

    2.2.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/455 ÓN gCOMHAIRLE

    an 2 Feabhra 2024

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/287 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/287 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/287.

    (2)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle gníomhaíochtaí chun an bonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, lena n-áirítear iarrachtaí ar thoradh dlisteanach na dtoghchán i nGuatamala in 2023 a chur ar ceal, de shárú ar bhunreacht na tíre, an smacht reachta agus phrionsabail an daonlathais.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, measann an Chomhairle gur cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/287 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO L, 2024/287, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/287/oj.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287:

    ‘A.   Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostiú

    Dáta liostaithe

    1.

    María Consuelo PORRAS ARGUETA DE PORRES

    Post/poist: Ard-Aighne Ghuatamala, Ceann Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

    Dáta breithe: 23.8.1953

    Náisiúntacht: Guatamalach

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 2421 59605 (pas)

    Inscne: baineann

    Ina post mar Ard-Aighne Ghuatamala, an státseirbhíseach is airde in Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le Ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí nó an Phríomh-Ionchúisitheora, tá baint ag María Consuelo Porras Argueta De Porres (ar a dtugtar ‘Porras’ freisin) leis na hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán, Arévalo. Ina theannta sin, faoina ceannaireacht, tá imeachtaí treallacha tionscanta ag an Aireacht Phoiblí i gcoinne iriseoirí neamhspleácha, ionchúisitheoirí, breithiúna agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ceannairí dúchasacha agus mic léinn. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

    2.2.2024

    2.

    Ángel Arnoldo PINEDA ÁVILA

    Post/poist: Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

    Dáta breithe: 10.5.1975

    Náisiúntacht: Guatamalach

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 238937186 (pas)

    Inscne: fireann

    Is é Ángel Arnoldo Pineda Ávila Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala, (atá coibhéiseach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí). Tá sé ina leascheannasaí ar an Aireacht Phoiblí i ndiaidh an Ard-Aighne, agus ina Cheann ar Ardrúnaíocht na hinstitiúide sin. Sa phost sin, tá Ángel Arnoldo Pineda Ávila páirteach sna hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus i mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán, Arévalo. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

    2.2.2024

    3.

    José Rafael CURRUCHICHE CUCUL

    Post/poist: Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós, an Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

    Dáta breithe: 28.7.1970

    Náisiúntacht: Guatamalach

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 229488307 (pas)

    Inscne: fireann

    Is é José Rafael Curruchiche Cucul Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala). Faoina cheannaireacht, bhí FECI ar thús cadhnaíochta san imscrúdú leanúnach maidir le cruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla de chuid an Uachtaráin, Arévalo. Ghlac sé páirt phearsanta sa ruathar a thug oifig na hAireachta Poiblí ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtarach inar osclaíodh boscaí ballóide séalaithe. Ina theannta sin, bhí baint aige leis an iarraidh go gcuirfí pearsantacht dhlítheanach Movimiento Semilla ar fionraí i mí Iúil 2023. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí. Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag José Rafael Curruchiche Cucul le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

    2.2.2024

    4.

    Leonor Eugenia MORALES LAZO DE SÁNCHEZ

    Post/poist: Ionchúisitheoir san Oifig Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós, an Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

    Dáta breithe: 19.9.1979

    Náisiúntacht: Guatamalach

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 2227901800101

    Inscne: baineann

    Is ionchúisitheoir í Leonor Eugenia Morales Lazo De Sánchez san Oifig Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala). Tá sí páirteach go díreach san imscrúdú leanúnach maidir le cruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla de chuid an Uachtaráin, Arévalo. Tar éis an dara babhta de na toghcháin uachtaránachta i mí Lúnasa 2023, ghlac sí páirt phearsanta sa ruathar a thug an Aireacht Phoiblí ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtarach inar osclaíodh boscaí ballóide séalaithe. Ghlac sí páirt freisin i bpreasagallamh i mí na Nollag 2023 inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta de na toghcháin i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí. Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag Leonor Eugenia Morales Lazo De Sánchez le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

    2.2.2024

    5.

    Fredy Raúl ORELLANA LETONA

    Post/poist: Breitheamh Coiriúil Céadchéime an Seachtú Cúirt

    Dáta breithe: 4.11.1982

    Náisiúntacht: Guatamalach

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 253127548 (pas)

    Inscne: fireann

    Ina cháil mar Bhreitheamh Coiriúil Céadchéime an Seachtú Cúirt, tá Fredy Raul Orellana Letona freagrach as gníomhaíochtaí Oifig an Ionchúisitheora Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI) a mhaoirsiú agus a údarú, oifig a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala), atá ag gabháil d’imscrúdú ar neamhrialtachtaí a líomhnaítear i gcruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla, ar bhuaigh a iarrthóir an dara babhta de na toghcháin uachtaránachta i nGuatamala i mí Lúnasa 2023. Mar bhreitheamh maoirseachta, d’údaraigh Fredy Raúl Orellana Letona na ruathair a tugadh ar cheanncheathrú Movimiento Semilla i mí Iúil 2023 agus ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtaraigh (TSE) i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2023. D’ordaigh sé freisin pearsantacht dhlítheanach Movimiento Semilla a chur ar fionraí go sealadach agus dhiúltaigh sé rochtain ar an gcáschomhad don chosaint. Chumasaigh sé gníomhaíochtaí FECI chun údaráis thofa agus giúistísí an Bhinse Toghcháin Uachtarach a ionchúiseamh. Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag Fredy Raúl Orellana Letona le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

    2.2.2024‘


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/455/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top