Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0450

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/450 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na heilimintí íosta atá le cur san áireamh i bplean atheagrúcháin gnó agus na critéir atá le comhlíonadh lena fhormheas ag an údarás réitigh

    C/2023/7109

    IO L, 2024/450, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/450/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/450/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/450

    7.2.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/450 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Deireadh Fómhair 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na heilimintí íosta atá le cur san áireamh i bplean atheagrúcháin gnó agus na critéir atá le comhlíonadh lena fhormheas ag an údarás réitigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 37(4), an dara fomhír, agus Airteagal 38(4), an dara fomhír, de,7

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Meastar go mbainfear amach inmharthanacht fhadtéarmach an chontrapháirtí lárnaigh (CPL) tar éis chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh ábhartha i gcás inar féidir leis an CPL, ar a dhéanaí faoi dheireadh na tréimhse atheagrúcháin gnó, na ceanglais stuamachta ábhartha agus na ceanglais rialála eile ar fad a chomhlíonadh ar bhonn réamhbhreathnaitheach, agus ina bhfuil samhail ghnó inmharthana aige atá inbhuanaithe san fhadtéarma freisin.

    (2)

    Ba cheart a chur san áireamh i bplean atheagrúcháin gnó an teagmhas ba chúis le gníomhaíocht réitigh a bheith á déanamh ag an údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2021/23 (‘teagmhas truicir’). Áireofar sa phlean atheagrúcháin gnó anailís mhionsonraithe ar na tosca agus ar na himthosca as ar eascair an teagmhas sin, ar athróga tábhachtacha iad chun an plean atheagrúcháin gnó a tharraingt suas agus chun bearta atheagrúcháin gnó iomchuí a shainaithint.

    (3)

    Leagfar amach sa phlean atheagrúcháin gnó na bearta atá beartaithe chun inmharthanacht fhadtéarmacha an CPL a athbhunú. Chun an seans is fearr is féidir a bheith acu a gcuspóirí a bhaint amach, ba cheart iad a bheith oiriúnach do sheirbhísí imréitigh an CPL, ba cheart dóibh na dálaí margaidh eacnamaíocha agus airgeadais faoina bhfeidhmeoidh an CPL a chur san áireamh, ba cheart dóibh aon éifeacht ar gheallsealbhóirí ábhartha an CPL a mheas, agus ba cheart dóibh leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL agus comhlíonadh na gceanglas rialála araon a áirithiú. Chun go measfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil go bhfuil an plean atheagrúcháin gnó inchreidte, ba cheart don phlean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú ar bhonn toimhdí réalaíocha agus ba cheart dó míniú a thabhairt ar na cúiseanna lenar caitheadh amach roinnt beart malartach ón bplean atheagrúcháin gnó.

    (4)

    Amhail atheagrúchán gnó, is é is aidhm don phleanáil téarnaimh feabhas a chur ar fheidhmíocht eintitis a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha aige trí chúiseanna na ndeacrachtaí sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, chun leas cuí a bhaint as sineirgí idir an dá chineál pleanála, agus inmharthanacht agus leanúnachas sheirbhísí imréitigh an CPL á gcur san áireamh, ba cheart don phlean atheagrúcháin gnó úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá sa phlean téarnaimh, a mhéid atá an fhaisnéis sin ábhartha chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú.

    (5)

    Féadfar a áireamh i bplean atheagrúcháin gnó, i gcás inarb ábhartha, bearta chun gníomhaíochtaí an CPL a atheagrú agus a athstruchtúrú, athruithe ar chóras oibríochtúil agus ar bhonneagar an CPL, nó athruithe ar bhainistiú riosca an CPL. Chun ábharthacht gach birt a áirithiú, ba cheart cur i láthair mionsonraithe a bheith sa phlean atheagrúcháin gnó, ina gcuirfear san áireamh tionchar na mbeart atá beartaithe ar ghníomhaíochtaí an CPL, ar chomhaltaí imréitigh agus ar sholáthraithe tríú páirtí, agus ina léireofar cén chaoi a n-athbhunóidh an beart sin inmharthanacht fhadtéarmach an CPL. Go sonrach, chun a léiriú go leanfaidh an CPL de bheith i gcomhréir leis na ceanglais eagraíochtúla agus stuamachta a leagtar amach i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart aon athrú ar bhainistiú riosca an CPL a mhionsonrú agus measúnú a dhéanamh air sa phlean atheagrúcháin gnó.

    (6)

    Féadfar a áireamh i bplean atheagrúcháin gnó bearta chun cuid de shócmhainní nó de línte gnó an CPL a dhíol nó a fhoirceannadh. Chun éifeachtúlacht na mbeart sin a áirithiú, ba cheart tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na línte gnó nó ar na sócmhainní gnó a mheastar a dhíol, ar an gcaoi a n-athbhunódh an díol sin inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, agus ar aon tionchar ar leanúnachas oibríochtaí an CPL.

    (7)

    Chun cur chun feidhme inchreidte an phlean atheagrúcháin gnó a áirithiú, ba cheart tráthchlár táscach a áireamh ann chun na bearta uile atá beartaithe a chur chun feidhme. Ba cheart an tráthchlár a bheith ina chuidiú le príomh-gharspriocanna an phlean a shainaithint, lena n-áirítear céimeanna cumarsáide le geallsealbhóirí seachtracha.

    (8)

    Agus measúnú á dhéanamh an ndéanfadh an plean atheagrúcháin gnó inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú, ba cheart don údarás inniúil agus don údarás réitigh critéir feidhmiúcháin inmharthanachta agus critéir feidhmiúcháin airgeadais araon a chur san áireamh, critéir atá comhlántach lena chéile. Ba cheart na critéir feidhmiúcháin a bheith ina gcuidiú lena fhíorú go bhfuil an plean atheagrúcháin gnó comhsheasmhach le rialacha agus le rialacháin inmheánacha an CPL, agus go gceadóidh sé don CPL leanúint de bheith ag oibriú gan rioscaí móra a chruthú don chóras airgeadais, agus na ceanglais stuamachta agus eagraíochtúla uile is infheidhme á gcomhlíonadh. Ba cheart na critéir feidhmiúcháin airgeadais a bheith ina gcuidiú lena fhíorú go ráthófar leis an bplean atheagrúcháin gnó inmharthanacht fhadtéarmach airgeadais an CPL, ó thaobh cúrsaí oibríochtúla agus eacnamaíocha de araon, tar éis an atheagrúcháin.

    (9)

    Is cuid dhílis den timthriall eacnamaíoch í an luaineacht. Ba cheart a áireamh in aon phlean atheagrúcháin gnó anailísí ar chásanna malartacha, le hathruithe iomchuí ar na príomhthoimhdí bunúsacha chun toimhdí maidir leis an gcás is measa agus maidir leis an gcás is fearr a chur san áireamh. Chun inchreidteacht an phlean atheagrúcháin gnó a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil agus don údarás réitigh, agus measúnú á dhéanamh acu ar an bplean, a fhíorú go bhfuil sé ag brath ar shraith cásanna cuimsitheacha réalaíocha lena léirítear go cruinn timpeallacht mhargaidh an CPL, agus na srianta oibríochtúla agus dlíthiúla a bhaineann leis.

    (10)

    Chun cur chun feidhme inchreidte an phlean atheagrúcháin gnó a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil agus don údarás réitigh, agus measúnú á dhéanamh acu ar an bplean sin, a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais ag an ardbhainistíocht agus ag na príomhgheallsealbhóirí ar an bplean atheagrúcháin gnó. Ós rud é go bhfuil na príomhgheallsealbhóirí fíor-riachtanach nó criticiúil don CPL maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar, ba cheart comhaltaí imréitigh agus soláthraithe seirbhísí criticiúla, lena n-áirítear soláthraithe socraíochta, agus soláthraithe ardáin, a áireamh orthu.

    (11)

    Chun oiriúnacht an phlean atheagrúcháin gnó a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil agus don údarás réitigh, agus measúnú á dhéanamh acu ar an bplean, a fhíorú go gcaomhnaíonn sé feidhmeanna criticiúla an CPL, agus go gcuireann sé san áireamh saintréithe sonracha an CPL, lena n-áirítear cineál a ghníomhaíochtaí imréitigh, struchtúr an mhargaidh imréitigh, agus na hidirthuilleamaíochtaí le geallsealbhóirí eile lena n-áirítear comhaltaí imréitigh, ionaid trádála nó soláthraithe seirbhísí criticiúla. Ba cheart don údarás réitigh a mheas freisin go bhfuil an plean atheagrúcháin gnó sách gonta agus soiléir le gur féidir é a chur chun feidhme go tapa agus deimhin á dhéanamh de go gcuirtear na sonraí uile is gá san áireamh.

    (12)

    Chun comhsheasmhacht an phlean atheagrúcháin gnó a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil agus don údarás réitigh, agus measúnú á dhéanamh acu ar an bplean, an plean atheagrúcháin gnó a chur i gcomparáid le pleananna gnó níos luaithe de chuid an CPL, arna n-ullmhú faoina dtoimhdí féin ‘gnó mar is gnách’ nó i gcás ina gceanglaítear sin le hoibleagáidí rialála nó dlíthiúla.

    (13)

    Tá dlúthnasc idir na forálacha sa Rialachán seo lena chéile, ós rud é go ndéileálann siad leis an bplean atheagrúcháin gnó a cheanglaítear ar CPLanna faoi réiteach a chur isteach tar éis chur i bhfeidhm na huirlise díluachála agus comhshó. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, forálacha ar cheart dóibh a theacht i bhfeidhm go comhuaineach, is gá do na CPLanna agus do na húdaráis réitigh léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain a bheith acu ar a n-oibleagáidí agus ar a gcearta a bhaineann le pleananna atheagrúcháin gnó den sórt sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a cheanglaítear le hAirteagal 37(4) agus Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2021/23 a áireamh in aon Rialachán amháin.

    (14)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

    (15)

    Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    EILIMINTÍ ÍOSTA ATÁ LE hÁIREAMH SA PHLEAN ATHEAGRÚCHÁIN GNÓ

    Airteagal 1

    Na tosca agus na cúinsí ba údar le cliseadh an CPL nó ar dócha go gclisfí air

    In anailís mhionsonraithe ar na tosca agus na cúinsí ba údar le cliseadh an CPL nó ar dócha go gclisfí air dá dtagraítear in Airteagal 37(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar na nithe uile seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar na tosca agus ar na himthosca lena ndéantar idirdhealú soiléir idir teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana agus sna cásanna ina bhfuil meascán den dá rud ann;

    (b)

    measúnú ar na coinníollacha agus na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (a), agus Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/23 i gcás inar rannchuidigh na coinníollacha nó na himthosca sin go díreach nó go hindíreach leis an measúnú go bhfuil an CPL ag cliseadh nó gur dócha go gclisfí air;

    (c)

    tuairisc ar na bearta téarnaimh agus ar na gníomhaíochtaí réitigh arna ndéanamh nó arna gcur i bhfeidhm ag an CPL nó ag an údarás réitigh sula gcuirfear isteach an plean atheagrúcháin gnó.

    Airteagal 2

    Tuairisc ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú

    1.   I dtuairisc ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú dá dtagraítear in Airteagal 37(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar na nithe uile seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar an gcaoi a n-oireann na bearta atá le glacadh do láidreachtaí agus laigí an CPL, go háirithe i ndáil leis na seirbhísí imréitigh arna soláthar ag an CPL agus maidir leis an timpeallacht eacnamaíoch agus airgeadais ina n-oibríonn an CPL;

    (b)

    tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh leis na bearta atá le glacadh an anailís mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 1 mar aon le tuairisc ar a mhéid a dhíorthaítear na bearta sin ó na tosca agus na himthosca a sainaithníodh san anailís sin;

    (c)

    tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh sna bearta atá le glacadh aon cheann de na bearta a sainaithníodh roimhe sin sa phlean téarnaimh, i gcás ina mbeidh na bearta sin fós bailí chun go bhféadfaidh straitéis an CPL a inmharthanacht fhadtéarmach a athbhunú;

    (d)

    tuairisc ar an gcaoi ar úsáid an CPL an fhaisnéis agus na toimhdí ábhartha i ndáil leis na seirbhísí imréitigh atá beartaithe aige, an inmharthanacht oibríochtúil agus an acmhainneacht atá beartaithe dó, agus soláthraithe seirbhísí chomh maith le heintitis nasctha agus bonneagair eile an mhargaidh airgeadais (BMAnna) á gcur san áireamh; lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi ar chuir an CPL san áireamh éifeacht mheasta na mbeart atá beartaithe ar shláine an mhargaidh agus ar chobhsaíocht airgeadais, chun gach ceann de na bearta a fhorbairt faoin bplean atheagrúcháin gnó agus chun a fheidhmíocht a thuar faoi gach beart den sórt sin chun a áirithiú go n-oirfidh na bearta atá le glacadh don aidhm a inmharthanacht fhadtéarmach a athbhunú;

    (e)

    tuairisc ar an gcaoi a bhfuil nasc idir na bearta agus toradh na hanailíse ar na tosca agus ar na himthosca ba chúis le cliseadh an CPL nó ar dócha go gclisfí air, agus leis an teagmhas ba chúis leis an bplean réitigh a thionscnamh;

    (f)

    tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh sna bearta atá le glacadh:

    (i)

    aon éifeacht ábhartha ar chomhaltaí imréitigh, agus ar a gcliaint dhíreacha agus indíreacha, agus idirthuilleamaíochtaí le BMAnna agus le hionaid trádála nasctha eile;

    (ii)

    aon éifeacht ábhartha ar fheidhmiú an CPL, lena n-áirítear tacair ghlanluachála agus ceanglais chomhthaobhachta;

    (iii)

    an gá atá le leanúnachas shocruithe dlíthiúla agus teicniúla an CPL;

    (iv)

    aon athrú ábhartha atá beartaithe ar an bplean téarnaimh, a mhéid a bheidh an fhaisnéis ar fáil don CPL ag céim na pleanála atheagrúcháin gnó;

    (v)

    an gá atá le comhlíonadh na gceanglas údarúcháin ag an CPL de bhun Airteagal 16 agus Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Airteagail 9, 31, 35, 36, 39 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/23 a choinneáil ar bun nó a athbhunú.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh an leibhéal faisnéise sa tuairisc ar bhearta éagsúla a bheith éagsúil ag brath ar an dóchúlacht go nglacfaí na bearta sin faoin bplean atheagrúcháin gnó.

    2.   Aon mheasúnú agus aon toimhde a dhéanfar, lena n-áirítear breithniú ar na critéir feidhmiúcháin inmharthanachta agus ar na critéir feidhmiúcháin airgeadais a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9, chun na bearta atá le glacadh faoin bplean atheagrúcháin gnó a shainaithint, tabharfar tuairisc orthu agus cuirfear i gcomparáid iad leis na tagarmharcanna earnála iomchuí do na hionstraimí a imréitítear agus léireofar iontu na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha atá ar fáil chun na hionstraimí sin a imréiteach.

    3.   Áireofar sa phlean atheagrúcháin gnó anailís ar na toimhdí atá mar bhonn taca leis na cásanna is fearr agus leis na cásanna is measa, agus na bearta a eascraíonn as na cásanna sin. Féadfar inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú i ngach cás, cé go bhféadfadh an tréimhse cur chun feidhme, na bearta atá le glacadh agus an fheidhmíocht airgeadais a bheith éagsúil.

    4.   I gcás ina n-áirítear sa phlean atheagrúcháin gnó roinnt beart atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú, áireofar an méid seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    réasúnú maidir leis na bearta éagsúla lena n-áirítear tuairisc ar na toimhdí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm;

    (b)

    tuairisc ar an gcaoi a n-athbhunóidh gach ceann de na bearta éagsúla, go comhpháirteach nó go neamhspleách, inmharthanacht fhadtéarmach an CPL;

    (c)

    tuairisc ar an ordlathas i gcur i bhfeidhm na mbeart.

    5.   Áireofar sa phlean atheagrúcháin gnó tuairisc ghinearálta ar aon bheart malartach ar tugadh neamhaird air agus an plean atheagrúcháin gnó á tharraingt suas.

    Airteagal 3

    Atheagrú agus athstruchtúrú ghníomhaíochtaí an CPL

    I gcás ina n-áireofar ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú atheagrú agus athstruchtúrú ghníomhaíochtaí an CPL dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar na gnéithe seo a leanas freisin sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo:

    (a)

    tuairisc ar an tseirbhís gnó agus imréitigh atheagraithe ós rud é go bhfuil sé beartaithe iad a bheith mar thoradh ar an bplean atheagrúcháin gnó;

    (b)

    míniú ar na hathruithe atá beartaithe, agus a mhéid a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir an CPL a atheagrú;

    (c)

    tuairisc ar thionchar an phlean atheagrúcháin gnó ar fheidhmeanna criticiúla agus ar chroílínte gnó an CPL, go háirithe ar chumas an CPL leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar;

    (d)

    tuairisc ar a mhéid a chumhdaíonn socruithe seachfhoinsithe d’fheidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó an CPL, lena n-áirítear cibé acu a chinneann nó nach gcinneann eintiteas eile praghsanna, a sholáthraíonn córais don imréiteach, do ríomhanna corrlaigh nó do chodanna bunriachtanacha eile d’oibríochtaí an CPL, agus ar an gcaoi a leanfaidh na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó sin de bheith oibríochtúil;

    (e)

    tuairisc ar an gcaoi a ndéanfaidh an plean atheagrúcháin gnó difear do na margaí ina n-oibríonn an CPL agus do na seirbhísí imréitigh a sholáthraíonn an CPL;

    (f)

    tuairisc ar an gcaoi a n-oibreoidh an tseirbhís ghnó agus imréitigh choigeartaithe i gcás ina mbeidh socruithe déanta ag an CPL le tríú páirtithe, lena n-áirítear socruithe idir-inoibritheachta agus socruithe le soláthraithe seirbhísí, agus ar an gcaoi a mbeidh an CPL in ann leanúint dá fheidhmeanna agus dá sheirbhísí criticiúla a chur ar fáil i gcás ina mbeidh sé spleách ar na heintitis sin;

    (g)

    cur i láthair ar aon athrú atá beartaithe ar eagrú an CPL;

    (h)

    cur i láthair ar na hathruithe ar struchtúr úinéireachta an CPL agus aon athrú ar struchtúr dreasachta na mbainisteoirí;

    (i)

    i gcás inarb ábhartha, cur i láthair ar na hathruithe ar rialachas, ar eagrú agus ar fhostaithe an CPL.

    Airteagal 4

    Athruithe ar chórais oibríochtúla agus ar bhonneagar an CPL

    I gcás ina n-áireofar ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú athruithe ar chórais oibríochtúla agus ar bhonneagar an CPL dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar na gnéithe seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo:

    (a)

    cur i láthair ar na príomhchórais oibríochtúla agus ar an bpríomhbhonneagar a sainaithníodh a mbeadh tionchar ag an bplean atheagrúcháin gnó orthu agus ar an gcaoi a ndéanfar difear dóibh;

    (b)

    cur i láthair ar aon athrú atá beartaithe ar eagrú an CPL;

    (c)

    cur i láthair ar na hathruithe ar struchtúr úinéireachta an CPL agus aon athrú ar struchtúr dreasachta na mbainisteoirí;

    (d)

    i gcás inarb ábhartha, cur i láthair ar na hathruithe ar rialachas, ar eagrú agus ar fhostaithe an CPL.

    Airteagal 5

    Sócmhainní nó línte gnó a dhíol

    1.   I gcás ina n-áireofar ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú díol sócmhainní nó línte gnó dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar na gnéithe seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo:

    (a)

    tuairisc ar na bearta lena sainaithneofar cé acu de línte gnó ábhartha nó de shócmhainní ábhartha an CPL agus de na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leo, a dhéanfar a fhoirceannadh nó a dhíol, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (i)

    tuairisc ar na coinníollacha iomchuí a bhaineann leis an bhfoirceannadh nó leis an díol;

    (ii)

    modh an fhoirceanta nó an díola, lena n-áirítear na toimhdí bunúsacha agus aon chaillteanas ionchasach a d’fhéadfadh a bheith ann;

    (iii)

    an t-amscála ionchasach;

    (iv)

    aon mhaoiniú nó seirbhís arna soláthar ag an CPL eile nó don CPL eile;

    (b)

    i gcás inar cuid d’fheidhmeanna criticiúla nó de chroílínte gnó an CPL cuid den réim ghnó nó den tsócmhainn, tuairisc ar an gcaoi a bhféadfaí, a mhéid atá an fhaisnéis ar fáil don CPL, na feidhmeanna criticiúla nó na croílínte gnó sin a dheighilt ó fheidhmeanna criticiúla nó ó fheidhmeanna neamhchriticiúla eile nó ó chroílínte gnó eile i dtéarmaí eacnamaíocha, oibríochtúla agus dlíthiúla;

    (c)

    i gcás inar cuid d’fheidhmeanna criticiúla nó de chroílínte gnó an CPL cuid den réim ghnó nó den tsócmhainn, tuairisc, a mhéid atá an fhaisnéis ar fáil don CPL, ar aon éifeacht ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ag deighilt sócmhainní den sórt ar chomhaltaí imréitigh agus, a mhéid an fhaisnéis ar fáil, ar a gcliaint dhíreacha agus indíreacha, agus ar ionaid trádála agus ar BMAnna eile agus ar CPLanna eile chomh maith;

    (d)

    i gcás inarb ábhartha agus i gcás inar féidir é a shainaithint, tuairisc ar aon éifeacht ábhartha, mar gheall ar fhoirceannadh nó díol línte gnó ábhartha nó shócmhainní ábhartha agus suíomhanna an CPL maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    tacair ghlanluachála, oibríochtaí nó socruithe dlíthiúla le haghaidh comhaltaí imréitigh agus, a mhéid atá an fhaisnéis ar fáil, a gcliant díreach agus indíreach;

    (ii)

    ceanglais chomhthaobhachta a ríomh, go háirithe corrlaigh athrúcháin, agus an chaoi a bhféadfadh foirceannadh nó díol den sórt sin difear ábhartha a dhéanamh don chomhthaobhacht arna hiarraidh ag comhaltaí imréitigh, agus, a mhéid atá an fhaisnéis ar fáil, dá gcliaint dhíreacha agus indíreacha;

    (iii)

    an praghas a bhaineann le suíomhanna agus idirbhearta den sórt sin a leithdháileadh ar CPL eile agus a aistriú chuige;

    (iv)

    míniú ar an bpróiseas maidir le hinaistritheacht suíomhanna agus sócmhainní gaolmhara na gcomhaltaí imréitigh agus chliaint an CPL chuig CPL eile, i gcás ina bhfuil sé beartaithe, agus tuairisc ar a dhóchúla atá sé go n-éireodh leis an iniomparthacht sin agus na bearta a bheadh le déanamh chun í a éascú;

    (v)

    tuairisc ar an méid seo a leanas:

    (i)

    an chaoi a gcoimeádann an CPL na sonraí ábhartha maidir le suíomhanna cothrom le dáta i gcuntais leithscartha chumaisc an chliaint le linn an atheagraithe gnó;

    (ii)

    an chaoi a mbeidh an CPL in ann an fhaisnéis ábhartha a sholáthar go tapa le linn an atheagraithe chun a áirithiú gur féidir gach suíomh agus gach idirbheart, lena n-áirítear suíomhanna cliant, i gcás inar féidir iad a shainaithint, a choimeádtar ag an CPL a shainaithint agus go bhféadfaí iad a aistriú go rathúil;

    (e)

    i gcás ina soláthraíonn grúpeintitis socruithe seirbhíse nó socruithe conarthacha eile, tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar difear do ghrúpeintitis den sórt sin;

    (f)

    tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear san áireamh sa phlean atheagrúcháin gnó agus a áirithítear leanúnachas shocruithe dlíthiúla agus teicniúla an CPL agus ar an gcaoi a dtacaíonn an plean le haistriú fheidhmeanna an CPL, lena n-áirítear cur síos ar aon chomhaontú a rinneadh le BMAnna eile nó le soláthraithe seirbhísí ábhartha eile mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm an phlean atheagrúcháin gnó.

    2.   I gcás na gcodanna sin den CPL nach ndéanfar a fhoirceannadh ná a dhíol, léireofar sa phlean atheagrúcháin gnó bealaí chun aon easnamh ar a n-oibriú nó ar a bhfeidhmíocht a leigheas a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a n-inmharthanacht fhadtéarmach, fiú mura mbaineann na heasnaimh sin go díreach le cliseadh an CPL.

    Airteagal 6

    Athruithe ar bhainistiú riosca an CPL

    I gcás ina n-áireofar ar na bearta atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú athruithe ar bhainistiú riosca an CPL dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/23, áireofar tuairisc ar na gnéithe seo a leanas sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo:

    (a)

    an chaoi a mbeartaíonn an CPL a cheanglais stuamachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí athruithe a dhéanamh ar a mhodheolaíochtaí i leith cistí mainneachtana, ar a chreata bainistithe riosca corrlaigh agus leachtachta, ar bheartais infheistíochta, ar bheartais chomhthaobhachta agus ar shocruithe socraíochta, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon athrú beartaithe ar bhainistiú riosca an CPL;

    (b)

    an chaoi a mbeartaíonn an CPL a cheanglais rialála eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear athruithe eagraíochtúla a dhéanamh, lena n-áirítear athruithe ar a struchtúr eagraíochtúil, a bheartas leanúnachais gnó agus a shocruithe seachfhoinsithe, chomh maith le hathruithe ábhartha a dhéanamh ar a bhainistíocht, ar a rialacha maidir le gnó a dhéanamh, lena n-áirítear comhdhéanamh a chomhaltais, agus ar a rialacha maidir le leithscaradh agus iniomparthacht;

    (c)

    an chaoi a mbeartaíonn an CPL a cheanglais leachtachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear a oibleagáidí íocaíochta uile a chomhlíonadh, sna hairgeadraí ábhartha uile, de réir mar a bheidh siad dlite agus a mhéid is féidir leis dul ar iontaoibh na n-uirlisí leachtachta a leagtar amach ina rialacha oibríochta faoi dhálaí ábhartha an mhargaidh;

    (d)

    an chaoi a mbeartaíonn an CPL na ceanglais a chomhlíonadh maidir le hacmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe agus geallta a bheith ar fáil;

    (e)

    an chaoi a mbeartaíonn an CPL na ceanglais a chomhlíonadh chun go mbeidh sé ar a chumas a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a athshlánú.

    Airteagal 7

    An tráthchlár maidir le cur chun feidhme na mbeart atá le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú

    1.   Leis an tráthchlár maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 37(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/23 a chur chun feidhme, cumhdófar gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    an amlíne fhoriomlán agus na tráthchláir maidir leis na bearta a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme;

    (b)

    liosta de na príomhghníomhaíochtaí agus de na príomhchéimeanna, le hamlínte leithdháilte, a bheidh le déanamh ag an CPL chun gach beart a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme;

    (c)

    an sprioc-amlíne mheasta chun na bearta atheagrúcháin a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme;

    (d)

    amlíne mhionsonraithe maidir leis na hidirghníomhaíochtaí atá beartaithe leis an údarás réitigh agus leis an údarás inniúil;

    (e)

    amlíne chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, agus straitéis chumarsáide inmheánach agus sheachtrach an CPL maidir le cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó á gcur san áireamh;

    (f)

    amlíne chun cumarsáid a dhéanamh leis na geallsealbhóirí seachtracha ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó, lena n-áirítear comhaltaí imréitigh agus ceardchumainn;

    (g)

    i gcás inarb infheidhme, amlíne chun comhlíontacht an CPL a athbhunú lena cheanglais údarúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na ceanglais ábhartha faoi Rialachán (AE) 2021/23.

    2.   Áiritheoidh an CPL go mbeidh na hamlínte dá dtagraítear i mír 1 oiriúnach, agus cumasóidh sé cur chun feidhme éifeachtach na mbeart a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó.

    CAIBIDIL II

    CRITÉIR MAIDIR LE PLEANANNA ATHEAGRÚCHÁIN GNÓ A FHORMHEAS

    Airteagal 8

    Critéir feidhmiúcháin inmharthanachta

    Comhlíonfaidh an plean atheagrúcháin gnó na critéir feidhmiúcháin inmharthanachta uile seo a leanas:

    (a)

    beidh an CPL in ann, i gcomhréir lena rialacha agus lena rialacháin inmheánacha, na bearta a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó a dhéanamh;

    (b)

    tríd an bplean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme, beidh an CPL in ann, laistigh de thréimhse ama réasúnach, an inmharthanacht fhadtéarmach a athbhunú agus leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar an mbealach seo a leanas:

    (i)

    níl riosca mór ag baint leis an CPL don chóras airgeadais, agus aird á tabhairt go háirithe ar mheasúnú ar chomhchruinniú an chomhthiomsaithe rannpháirtithe imréitigh;

    (ii)

    cuireann an CPL seirbhís imréitigh ar fáil atá cobhsaí agus inmharthana, agus aird á tabhairt go háirithe ar an méid seo a leanas:

    (1)

    sreabhadh measta na n-idirbheart a chuirfear faoi bhráid an CPL lena n-imréiteach;

    (2)

    líon measta na gcomhaltaí imréitigh ag an CPL;

    (3)

    cumas an CPL leachtacht a áirithiú sna hionstraimí a imréitítear;

    (4)

    na comhaontuithe conarthacha ábhartha a choimeádfar, agus a mhéid a bheidh clásail athléimneachta conarthacha, clásail chomhoiriúnacha maidir le réiteach agus teorainneacha le cearta foirceanta in atheagrú gnó sna conarthaí sin;

    (5)

    na comhaontuithe inmheánacha a choimeádfar le linn chur i bhfeidhm an phlean atheagrúcháin gnó, lena n-áirítear tuairiscí ar aon struchtúr praghsála ar neamhthuilleamaí agus rochtain leanúnach atá beartaithe ar shócmhainní oibríochtúla;

    (6)

    leanúint de na seirbhísí atá beartaithe chuig an CPL tar éis chur i bhfeidhm an phlean atheagrúcháin gnó, arna fhianú le litreacha gealltanais na soláthraithe seirbhísí agus, i gcás nach bhfuarthas aon litir den sórt sin, le measúnú an CPL nach ndéanfaidh foirceannadh na seirbhíse sin dochar d’inmharthanacht oibríochtúil ná airgeadais an CPL;

    (c)

    áireofar sa phlean atheagrúcháin gnó tuairisc ar an modh chun luach agus indíoltacht fheidhmeanna criticiúla agus shócmhainní criticiúla an CPL a chinneadh, ag díriú ar ghnéithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an luacháil, lena n-áirítear luaineacht sa mhargadh, inrochtaineacht nó neamhchinnteacht praghsanna margaidh, srianta ama agus gnéithe dlíthiúla;

    (d)

    cumhdóidh na luachálacha faoin bplean atheagrúcháin gnó sócmhainní agus línte gnó an CPL araon atá le foirceannadh nó le díol, agus na sócmhainní agus na línte gnó atá le fanacht laistigh den CPL;

    (e)

    déanfar aon fháltais ó dhífheistiú sócmhainní nó línte gnó atá beartaithe leis an bplean atheagrúcháin gnó a ríomh go stuama agus le tagairt do thagarmharc iontaofa nó do luacháil, lena n-áirítear luacháil shaineolach, cleachtadh sondála margaidh nó luach sócmhainní nó línte gnó comhchosúla;

    (f)

    tríd an bplean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme, beidh an CPL in ann na ceanglais stuamachta agus na ceanglais rialála eile uile is infheidhme a chomhlíonadh ar bhonn réamhbhreathnaitheach, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    ní bheidh aon cheanglas á shárú a thuilleadh ag an CPL nó cuirfidh sé cosc ar shárú dóchúil ar na ceanglais sin;

    (ii)

    áirithíonn an CPL feidhmiú leanúnach a phróisis oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/23;

    (g)

    i gcás ina mbeidh ionadú na bainistíochta ag gabháil leis an réiteach agus i gcás ina mbeidh an t-athstruchtúrú sin le baint amach trí phlean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme, tabharfar aghaidh sa phlean atheagrúcháin gnó ar athstruchtúrú lena n-áirítear ionadú na bainistíochta;

    (h)

    chomh fada agus is eol don CPL, ní bheidh aon éifeacht dhiúltach ábhartha ag cur chun feidhme na mbeart a leagtar amach san atheagrú gnó ar an gcobhsaíocht margaidh ná ar an gcobhsaíocht airgeadais;

    (i)

    níl saincheisteanna a bhaineann le dlí iomaíochta an Aontais nó leis an dlí iomaíochta náisiúnta a d’fhéadfadh teacht as cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin gnó sainaitheanta ag an CPL.

    Airteagal 9

    Critéir feidhmiúcháin airgeadais

    Comhlíonfaidh an plean atheagrúcháin gnó na critéir feidhmiúcháin airgeadais uile seo a leanas:

    (a)

    beidh na ceanglais chistiúcháin faoin bplean atheagrúcháin gnó sainaitheanta ag an CPL agus foinsí an chistiúcháin sin daingnithe aige, rud lena n-áiritheofar, go háirithe, go mbeidh na páirtithe, lena n-áirítear an máthairghnóthas, comhaltaí imréitigh, agus scairshealbhóirí nó soláthraithe leachtachta an CPL, a chomhaontaíonn acmhainní airgeadais geallta a sholáthar in ann na méideanna geallta a aistriú chuig an CPL laistigh den tráthchlár is gá i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna gcomhaontú ag na páirtithe sin;

    (b)

    beidh bealaí sainaitheanta ag an CPL chun a athléimneacht airgeadais a choinneáil ar bun agus curtha san áireamh aige sa phlean atheagrúcháin gnó;

    (c)

    beidh an CPL in ann a shuíomhanna airgeadais uile a oibriú agus a chumhdach, mar a léirítear le clár comhardaithe tar éis an atheagraithe ina dtabharfar mionsonraí maidir leis an bhfiachas nua agus maidir leis an struchtúr caipitiúil nua agus maidir le héifeachtaí na n-uirlisí díluachála agus comhshó bunaithe ar an luacháil arna déanamh de bhun Airteagal 24(3) agus Airteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a mhéid a bheidh an luacháil sin tugtha chun críche tráth a bhunaítear an plean atheagrúcháin gnó;

    (d)

    beidh aon bhac airgeadais sainaitheanta agus maolaithe ag an CPL, lena n-áirítear esin a dhéanamh i gcás ina bhfuil an CPL ina pháirtí i ndlíthíocht leanúnach nó i ndíospóid a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh dá staid airgeadais.

    Airteagal 10

    Critéir feasachta agus thiomantais

    Comhlíonfaidh an plean atheagrúcháin gnó na critéir feasachta agus thiomantais uile seo a leanas:

    (a)

    admhóidh lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí bhord an CPL i scríbhinn go bhfuil siad ar an eolas faoin méid seo a leanas agus go bhfuil siad tiomanta dó:

    (i)

    cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin gnó;

    (ii)

    duine amháin nó níos mó a cheapadh a bheidh freagrach as an bplean atheagrúcháin gnó a chur i gcrích agus as sainaithint na ndaoine aonair a shanntar do róil bainistíochta sinsearaí na ranna sin;

    (b)

    tabharfar fianaise i scríbhinn ar fheasacht, tiomantas, comhar agus tacaíocht na bpríomhgheallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha seo a leanas sa phlean atheagrúcháin gnó:

    (i)

    an coiste riosca;

    (ii)

    na comhaltaí imréitigh agus a gcliaint dhíreacha agus indíreacha i gcás inar féidir iad a shainaithint;

    (iii)

    na CPLanna idir-inoibritheacha agus na soláthraithe seirbhísí criticiúla.

    Airteagal 11

    Inchreidteacht an phlean atheagrúcháin gnó

    1.   Leis an bplean atheagrúcháin gnó, cuirfear toimhdí i bhfeidhm atá inchreidte, idir an cás is fearr agus an cás is measa, agus lena n-áiritheofar go mbeidh an straitéis atheagrúcháin a leagtar amach sa phlean atheagrúcháin gnó réalaíoch iomchuí, agus go gcuirfear san áireamh ann na deiseanna agus na bagairtí don CPL sa mhargadh ábhartha.

    2.   Beidh na toimhdí sa phlean atheagrúcháin gnó bunaithe ar na margaí ábhartha ina gcuireann an CPL seirbhísí imréitigh ar fáil agus ar na tairiscintí imréitigh ó na CPLanna piaraí ábhartha, agus cuirfear i gcomparáid iad le tagarmharcanna ar fud na n-earnálacha iomchuí atá ábhartha do na CPLanna.

    3.   Beidh cásanna sochreidte mar thoradh ar gach toimhde. Díreoidh na hathruithe a chuirfear i bhfeidhm chun toimhdí an cháis is measa nó an cháis is fearr a chinneadh ar ghnéithe atá ábhartha don CPL faoin bplean atheagrúcháin gnó go háirithe chun comhréireacht agus éifeachtúlacht a áirithiú.

    4.   Ní áireofar sa phlean atheagrúcháin gnó, fiú amháin sa chás is measa nó sa chás is fearr, uirlisí réitigh atá lasmuigh de raon feidhme na scéime réitigh atá á cur chun feidhme.

    Airteagal 12

    Oiriúnacht an phlean atheagrúcháin gnó

    1.   Beidh an plean atheagrúcháin gnó comhsheasmhach, a mhéid is féidir, leis na measúnuithe a rinne an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil sa tréimhse roimh bhunú an phlean sin agus leis na luachálacha a úsáideadh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar amach in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2021/23.

    2.   Déanfaidh an plean atheagrúcháin gnó na bearta atá ann a nascadh le toradh na hanailíse ar na tosca agus na himthosca ba chúis le cliseadh an CPL nó ar dócha go gclisfí air, agus leis an teagmhas ba chúis leis an bplean réitigh a thionscnamh, lena ndéantar deighilt idir teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana, nó meascán den dá rud, ag brath ar imthosca an cháis.

    3.   Beidh an anailís ar an timpeallacht sheachtrach oibriúcháin a áirítear sa phlean atheagrúcháin gnó comhsheasmhach, a mhéid is féidir, leis an anailís ar dheiseanna agus ar bhagairtí sna margaí ábhartha, de réir mar a chinnfidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil agus a gcúraimí á ndéanamh acu.

    4.   Ní dhéanfaidh an plean atheagrúcháin gnó dochar d’fheidhmeanna criticiúla ná do chroílínte gnó an CPL ná d’fheidhmiú an chórais airgeadais ná don chobhsaíocht airgeadais fhoriomlán.

    5.   Beidh an plean atheagrúcháin gnó indéanta agus áiritheofar an méid seo a leanas leis:

    (a)

    maolú ar aon bhacainn cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail dlí an tsaothair nó socruithe conarthacha eile;

    (b)

    gur cuireadh saintréithe an CPL san áireamh sna bearta atá beartaithe, san amchlár dá gcur chun feidhme agus sa mheasúnú ar na critéir feidhmiúcháin, lena n-áirítear eagrú gnó agus seirbhísí imréitigh, na naisc le comhaltaí imréitigh, agus a mhéid atá an fhaisnéis ar fáil, cliaint dhíreacha agus cliaint indíreacha an CPL, ionaid trádála, creidiúnaithe agus soláthraithe seirbhísí criticiúla agus aon idirthuilleamaíocht ábhartha de chuid an CPL le heintitis eile atá ábhartha don CPL nó socruithe idir-inoibritheachta le BMAnna eile;

    (c)

    go gcuirfear san áireamh cás na margaí ábhartha ina soláthraíonn an CPL seirbhísí imréitigh;

    (d)

    go mbeidh an luacháil a úsáidtear chun aon fháltais ionchasacha ó dhíol sócmhainní nó línte gnó atá beartaithe sa phlean atheagrúcháin gnó stuama, iontaofa agus réadúil.

    Airteagal 13

    Comhsheasmhacht an phlean atheagrúcháin gnó

    1.   Déanfaidh an CPL an plean atheagrúcháin gnó a ailíniú le pleananna gnó a d’ullmhaigh sé roimhe sin, i gcás inarb iomchuí, nó míneoidh an CPL sa phlean atheagrúcháin gnó cén fáth a n-imíonn an plean sin go hábhartha ó na pleananna gnó a bhí ann roimhe sin.

    2.   Leis an bplean atheagrúcháin gnó, urramófar na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23.

    Airteagal 14

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/450/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top