EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0436

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/436 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, trí rialacha a leagan síos maidir le hiniúchtaí a dhéanamh le haghaidh ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne

C/2023/6807

IO L, 2024/436, 2.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/436/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 02/02/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/436/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/436

2.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/436 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, trí rialacha a leagan síos maidir le hiniúchtaí a dhéanamh le haghaidh ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (1), agus go háirithe Airteagal 37(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Uirlis thábhachtach is ea iniúchtaí neamhspleácha chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena n–oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2022/2065. Cé go ndéantar foráil maidir le huirlisí cuntasachta eile sa Rialachán sin, ní hamháin trí ghrinnscrúdú poiblí breisithe ar thuarascálacha trédhearcachta agus ceanglais nochta sonraí eile, tá ról speisialta ag eagraíochtaí iniúchóireachta neamhspleácha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht soláthraithe den sórt sin leis an Rialachán sin go luath sa phróiseas. Is féidir le conclúidí agus torthaí na n–iniúchtaí neamhspleácha sin agus a moltaí a bheith fiúntach don mhaoirseacht rialála. An tráth céanna, tá iniúchtaí neamhspleácha ar cheann de roinnt foinsí faisnéise agus anailíse is féidir le rialtóirí a úsáid ina ról maoirseachta agus forfheidhmithe.

(2)

Chun a áirithiú go ndéantar iniúchtaí neamhspleácha ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, tráthúil agus inchomparáide ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065, mar a shainítear in Airteagail 92 agus 93 de sin, ba cheart don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le feidhmíocht iniúchtaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí dlíthiúla do na soláthraithe a ndéantar iniúchadh orthu agus na céimeanna nós imeachta chun a áirithiú go gcomhlíonann na heagraíochtaí a dhéanann iniúchtaí coinníollacha maidir le neamhspleáchas, gan coinbhleacht leasa, saineolas agus eitic ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(3)

Chun feidhmiú iomchuí iniúchtaí a éascú le hardleibhéal saineolais, agus chun teacht roimh iarmhairtí nach raibh beartaithe sa mhargadh le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh roinnt iniúchóirí dul i mbun iniúchtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065. I gcás inar gá, mar gheall mar shampla ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le saineolas sonrach chun oibleagáidí nó gealltanais áirithe a iniúchadh, amhail iad sin a bhaineann le dearadh agus feidhmiú córas algartamacha, tuiscint ar na rioscaí maidir le cearta bunúsacha, nó scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh, féadfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air eagraíochtaí iniúchóireachta difriúla, nó cuibhreannas eagraíochtaí, a fháil ar conradh chun an t–iniúchadh a dhéanamh. Féadfaidh eagraíochtaí iniúchóireachta an saineolas is gá a fháil ar fochonradh freisin, ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta agus na fochonraitheoirí araon na coinníollacha is gá maidir le neamhspleáchas, gan coinbhleacht leasa, oibiachtúlacht chruthaithe agus eitic ghairmiúil, agus go gcomhlíonann siad i gcomhpháirt coinníollacha maidir le saineolas teicniúil. Sna cásanna sin, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a áirithiú go fóill go ndéantar iniúchadh ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana ar a chomhlíontacht leis na hoibleagáidí agus na gealltanais uile dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(4)

Ba cheart d’eagraíochtaí iniúchóireachta na tuairimí iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 37(4), pointe (g), de Rialachán (AE) 2022/2065 a dhearbhú le leibhéal réasúnta dearbhaithe. Chun teacht ar leibhéal réasúnta dearbhaithe, ba cheart ardleibhéal muiníne, ach ní dearbhleibhéal muiníne a bheith ag an eagraíocht iniúchóireachta nárbh ann d’aon mhíráiteas, amhail mainneachtainí, mífhaisnéis, ná earráidí, nár braitheadh san iniúchadh. Chun an leibhéal dearbhaithe sin a áirithiú, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta, i measc rudaí eile, fianaise leordhóthanach a fháil agus modheolaíochtaí iniúchóireachta iomchuí a úsáid ina measúnú.

(5)

De bhun Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh go bliantúil ar a laghad, i gcomhréir leis an timthriall bliantúil de mheasúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán sin. Ach, d’fhéadfadh gá a bheith le hiniúchtaí níos minice i gcásanna áirithe. Leis an seicheamhú iniúchtaí, ba cheart leanúnachas maoirseachta a áirithiú maidir le comhlíontacht na soláthraithe a ndéantar iniúchadh orthu le Rialachán (AE) 2022/2065 agus na cóid iompair agus na prótacail ghéarchéime ábhartha. An tréimhse ina ndéantar comhlíontacht leis na hoibleagáidí agus na gealltanais iniúchta a mheasúnú le hiniúchadh ar leith, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a áirithiú go gcomhlánaíonn an tréimhse sin an tréimhse a cumhdaíodh leis an iniúchadh roimhe sin ar chomhlíontacht an tsoláthraí leis na hoibleagáidí agus na gealltanais chéanna, sin agus gurb é an t–am is déanaí a thosódh an tréimhse sin an t–am a chríochnaigh an tréimhse a cumhdaíodh san iniúchadh roimhe sin. Ós rud é go n–áirítear i gconclúid iniúchta an measúnú arna dhéanamh ag an eagraíocht iniúchóireachta agus bunú tuarascála iniúchóireachta araon, ba cheart do sholáthraithe a ndéantar iniúchadh orthu a áirithiú gur féidir iniúchtaí a thabhairt i gcrích uair sa bhliain ar a laghad mar gheall ar fhad an iniúchta agus go gcuirtear na tuarascálacha iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha ina dhiaidh sin gan moill mhíchuí, de bhun Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(6)

Cé nár cheart do sholáthraithe a ndéantar iniúchadh orthu, in aon chás, cur isteach ar fheidhmíocht an iniúchta agus a chonclúidí, ba cheart dóibh a n–oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065 lena n–áirítear trí théarmaí conarthacha a chomhaontú leis an eagraíocht iniúchóireachta agus a fhíorú, roimh eagraíocht iniúchóireachta a roghnú, go gcomhlíonann an eagraíocht sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(7)

Ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air, mar shampla, measúnú a dhéanamh ar chonarthaí a chuir sé i gcrích roimhe seo leis an eagraíocht iniúchóireachta nó ar chonarthaí a cuireadh i gcrích idir an eagraíocht iniúchóireachta agus daoine dlítheanacha atá ceangailte leis an soláthraí a ndéantar iniúchadh air. Ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air clásail a áireamh i gconarthaí le heagraíochtaí iniúchóireachta chun urramú na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 a ráthú. I gcás ina bhfuil roinnt eintiteas i gceist leis an eagraíocht iniúchóireachta, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a dheimhniú go gcomhlíonann na heintitis sin uile na coinníollacha sin, lena n–áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon fhochonraitheoir a fhostaíonn an eagraíocht iniúchóireachta chun tacú le feidhmíocht an iniúchta ar aon bhealach. Cé gur cheart do gach eintiteas a dhéanann an t–iniúchadh na ceanglais neamhspleáchais agus na ceanglais maidir le gan coinbhleacht leasa a bheith acu a chomhlíonadh go haonarach, ba cheart do na heintitis sin i gcomhpháirt na ceanglais a bhaineann le hinniúlacht, saineolas, nó acmhainní teicniúla a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin ceadú d’eintitis dhifriúla páirteanna difriúla den iniúchadh a dhéanamh agus rannchuidiú leis na cumais, an inniúlacht agus an saineolas is gá chun an t–iniúchadh a dhéanamh. Ba cheart a shonrú sa tuarascáil iniúchóireachta an fhreagracht atá ar gach ceann de na heintitis sin as na páirteanna faoi seach den iniúchadh.

(8)

De bhun Airteagal 37(3), pointe (a)(i) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air aird ar leith a thabhairt ionas go soláthróidh an eagraíocht iniúchóireachta seirbhísí neamh-iniúchóireachta don soláthraí a ndéantar iniúchadh air i gcás ina bhfuiltear ag fíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann eagraíocht iniúchóireachta na ceanglais neamhspleáchais agus na ceanglais maidir le gan coinbhleacht leasa a bheith ann. Ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air, mar shampla, measúnú a dhéanamh ar cé acu a cuireadh nó nár cuireadh seirbhísí ar fáil, amhail iad sin atá nasctha le haon chóras, bogearra nó próiseas atá bainteach le hábhair atá ábhartha don oibleagáid nó don ghealltanas iniúchta, amhail seirbhísí comhairleoireachta le haghaidh measúnuithe ar fheidhmíocht, rialachas agus bogearraí, seirbhísí oiliúna, forbairt nó coinneáil ar bun córas, nó modhnú inneachair a chur ar fochonradh. Áirítear ar sheirbhísí den sórt sin freisin seirbhísí arna gcur ar fáil don soláthraí a ndéantar iniúchadh air ina gcuimsítear comhairliúchán maidir le rialuithe inmheánacha, nó iad a fhorbairt, nó measúnú a dhéanamh, chun críocha inmheánacha, ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le Rialachán (AE) 2022/2065 nó le cóid iompair agus prótacail ghéarchéime, lena n–áirítear i gcás ina bhfuil sé sin teoranta do thástálacha poncúla, amhail tástálacha tríú páirtí maidir le feidhmíocht na gcóras modhnóireachta inneachair. Níor cheart a eisiamh leis sin eagraíochtaí iniúchóireachta a rinne iniúchtaí airgeadais reachtúla.

(9)

Mar gheall ar chastacht agus cineál áirithe iniúchtaí comhlíontachta le haghaidh Rialachán (AE) 2022/2065, tá saineolas ábhair na heagraíochta iniúchóireachta ríthábhachtach chun iniúchtaí a dhéanamh le leibhéal réasúnta dearbhaithe agus chun an breithiúnas gairmiúil agus an sceipteachas a thabhairt a chuireann ar a cumas don eagraíocht sin fios a bheith aici, mar shampla, cén fhaisnéis a theastaíonn uaithi chun na nósanna imeachta iniúchta a dhéanamh nó chun dúshlán a thabhairt d’fhaisnéis bhréagnaitheach. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a fhíorú cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an eagraíocht iniúchóireachta saineolas den sórt sin, lena n–áirítear i réimse na bainistíochta riosca, a mhéid a bhaineann le rioscaí iniúchóireachta agus ábhar Rialachán (AE) 2022/2065 araon agus, go háirithe, na rioscaí sochaíocha córasacha dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air inniúlacht agus cumais theicniúla na heagraíochta iniúchóireachta a fhíorú i bhfianaise na seirbhíse sonraí a ndéantar iniúchadh uirthi, lena n–áirítear a saineolas ar an ábhar, mar shampla a mhéid a bhaineann le feidhmiú agus éifeachtaí córas algartamach, amhail córais moltaí agus córais shochtheicneolaíocha eile arna gcoinneáil ar bun ag an soláthraí. Ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta a bheith in ann an saineolas agus na cumais is gá a chur ar fochonradh nó a fháil ar shlí eile, agus ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a fhíorú agus a áirithiú go bhfuil an eagraíocht iniúchóireachta in ann an saineolas agus na cumais sin a fháil in am le haghaidh fheidhmíocht an iniúchta.

(10)

Trína fhíorú go gcomhlíonann eagraíochtaí iniúchóireachta na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air measúnú a dhéanamh ar fhianaise ábhartha, lena n–áirítear, de réir mar is iomchuí, deimhnithe, dearbhuithe agus tuarascálacha iniúchóireachta arna n–eisiúint ag an eagraíocht iniúchóireachta. D’fhéadfaí an saineolas iomchuí a chruthú, mar shampla, trí eispéiris phraiticiúla i measúnú agus bainistiú rioscaí, agus trí ghníomhaíocht acadúil, foilseacháin eolaíocha, agus taithí le hiniúchtaí ábhartha. Ba cheart an doiciméadacht tacaíochta ábhartha uile a bheith sna tuarascálacha iniúchóireachta a dhearbhaíonn go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na coinníollacha is gá.

(11)

De bhun Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, ní mór don soláthraí a ndéantar iniúchadh air gach comhar agus cúnamh is gá a sholáthar don eagraíocht iniúchóireachta chun an t–iniúchadh a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, agus tráthúil, chomh maith le staonadh ó chur isteach ar aon bhealach ar chinntí neamhspleácha na heagraíochta iniúchóireachta. Mar shampla, níor cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air aon treoraíocht a fhorchur ná a thabhairt, ná tionchar a imirt ar shlí eile ar an eagraíocht iniúchóireachta trí aon chineál teorann nó dreasachta conarthaí nó teorainn nó dreasacht eile le linn dóibh nósanna imeachta iniúchta, modheolaíochtaí, bailiú agus próiseáil faisnéise agus fianaise iniúchóireachta, anailís, tástálacha, tuairim iniúchóireachta nó saothrú conclúidí iniúchóireachta a roghnú agus a fhorghníomhú.

(12)

Chun an comhar agus an cúnamh is gá a ráthú le linn an iniúchta, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air a áirithiú go bhfuil rochtain ag an eagraíocht iniúchóireachta ar an bhfaisnéis uile is gá le haghaidh fheidhmíocht an iniúchta. Ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air, a luaithe agus is féidir agus in aon chás sula dtosaíonn an eagraíocht iniúchóireachta ag feidhmiú nósanna imeachta iniúchta, na doiciméid agus na mínithe uile is gá a sheoladh. Mar shampla, de bhun Airteagal 41(3), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065, is é feidhm chomhlíonta an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le gach oibleagáid agus gealltanas iniúchta, rud ar cheart saothrú rialuithe inmheánacha a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a thabhairt don eagraíocht iniúchóireachta ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le rialuithe den sórt sin, agus ar aon fhaisnéis eile ina leagtar amach straitéis an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air chun comhlíontacht a áirithiú. Go háirithe, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air na tagarmharcanna a bhfuil sé ag brath orthu a chur ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú ionas gur féidir leis an eagraíocht iniúchóireachta na critéir iniúchóireachta a bhunú ar an bhfaisnéis sin. Ina theannta sin, ba cheart rochtain a thabhairt don eagraíocht iniúchóireachta ar aon anailís a d’fhéadfadh a bheith déanta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air maidir le rioscaí bunúsacha agus rioscaí rialaithe. Ba cheart don soláthraí sin faisnéis a chur ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta lena n–éascaítear tuiscint ar an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi, ar a rialachas, ar inniúlacht na bhfoirne agus na struchtúr cinnteoireachta faoi seach, lena n–áirítear a feidhm chomhlíonta, chomh maith le cuir i láthair ar a córais teicneolaíochta faisnéise (TF), a struchtúir sonraí agus taifead, agus an t–idirghníomhú idir córais algartamacha éagsúla atá ábhartha don iniúchadh.

(13)

Ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta a bheith in ann aon fhaisnéis eile is gá a iarraidh tráth ar bith i bhfeidhmíocht an iniúchta. Ba cheart rochtain ar an bhfaisnéis sin a dheonú gan moill mhíchuí ar bhealach nach gcuireann bac ar aon bhealach ar fheidhmíocht an iniúchta. Ba cheart a áireamh leis sin rochtain ar shonraí, lena n–áirítear sonraí pearsanta, a bhailítear ó fhoinsí éagsúla, amhail doiciméid, córais algartamacha, bunachair sonraí nó agallaimh, de réir mar is iomchuí. Ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air freisin rochtain a dheonú don eagraíocht iniúchóireachta ar nósanna imeachta agus próisis, córais TF, amhail córais algartamacha agus faisnéise, lena n–áirítear timpeallachtaí tástála. Chun ligean don eagraíocht iniúchóireachta iniúchadh fiúntach a dhéanamh ar chórais den sórt sin, ba cheart don soláthraí a ndéantar iniúchadh air na hacmhainní uile is gá a chur ar fáil le cuidiú leis an eagraíocht sin rochtain a fháil agus measúnú a dhéanamh ar na córais, amhail trí phearsanra inniúil an tsoláthraí a chur ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt nó chun timpeallachtaí tástála a fheidhmiú agus mínithe a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú, nó aon rochtain eile is gá ar phearsanra agus ar áitreabh, amhail foirgnimh, a éascú. D’fhéadfadh rochtain ar nósanna imeachta agus ar phróisis rochtain ar thuairiscí nó ar dhoiciméid a bhaineann le próiseas cinnteoireachta inmheánach an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air a thabhairt le fios, mar shampla. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí coimhdeacha eile ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air a bheith de dhíth freisin chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha ionas go mbeidh siad in ann a n–oibleagáid maidir le comhar agus cúnamh a chomhlíonadh. Mar shampla, d’fhéadfadh saoráidí slána arna soláthar ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air a bheith de dhíth chun agallaimh a dhéanamh le pearsanra. I gcás inar gá sin chun an t–iniúchadh a dhéanamh, ba cheart do sholáthraithe a ndéantar iniúchadh orthu an oibleagáid maidir le comhar agus cúnamh i leith eagraíocht iniúchóireachta a chomhlíonadh, i measc nithe eile, trí rochtain a éascú ar shonraí ábhartha a bhaineann lena n–oibríochtaí atá i seilbh a gconraitheoirí tríú páirtí. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, a mhéid a bhaineann le torthaí gníomhaíochtaí modhnóireachta inneachair, ábhair oiliúna nó treoraíocht a úsáideann conraitheoirí tríú páirtí a dhéanann ábhar a mhodhnú, nó díoltóirí agus soláthraithe seirbhíse le haghaidh réitigh TF, lena n–áirítear, mar shampla, algartaim agus feidhmchláir a úsáidtear i gcórais moltaí nó i gcórais fógraíochta a úsáideann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air.

(14)

Chun trédhearcacht fhiúntach a éascú ar thorthaí an iniúchta agus chun foráil a dhéanamh maidir le formáid chuimsitheach agus inchomparáide tuarascálacha iniúchóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus tuarascálacha ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 37(6) den Rialachán sin, ba cheart teimpléid a bhunú sa Rialachán seo le haghaidh na dtuarascálacha sin agus roinnt iarscríbhinní a éileamh le haghaidh gach ceann de na tuarascálacha. Cé go n–éilítear tuairisciú cuimsitheach leis na teimpléid a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do na ceanglais maidir le foilsiú tuarascálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 42(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(15)

Chun a áirithiú go bhfaigheann an eagraíocht iniúchóireachta an cúnamh uile is gá ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air, gan cur isteach ar fheidhmíocht an iniúchta, agus go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na coinníollacha uile le haghaidh ullmhú an iniúchta agus go seachadann sí an tuarascáil iniúchóireachta in am trátha agus leis an gcáilíocht is gá chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach, ba cheart a shonrú i rialacha áirithe na nósanna imeachta chun an t–iniúchadh a ullmhú. Ba cheart dualgais agus freagrachtaí an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air agus na heagraíochta iniúchóireachta, lena n–áirítear gach fochonraitheoir nó eagraíocht chomhpháirtíochta agus an fhoireann atá freagrach as an iniúchadh a dhéanamh, a leagan amach i gcomhaontú scríofa, lena n–áirítear trí théarmaí conarthacha. Ba cheart a shonrú sa chomhaontú scríofa freisin na hoibleagáidí agus na gealltanais iniúchta, an leithdháileadh acmhainní, agus rialacha na hidirghníomhaíochta agus na bpointí teagmhála idir an eagraíocht iniúchóireachta agus an soláthraí a ndéantar iniúchadh air. Ba cheart gach doiciméad tacaíochta agus conradh a chur i gceangal leis an tuarascáil iniúchóireachta, lena n–áirítear i gcás ina mbíonn na doiciméid i bhfoirm litir ghealltanais iniúchóireachta nó téarmaí conarthacha eile.

(16)

Chun forbhreathnú cuimsitheach a sholáthar agus cuntasacht na soláthraithe a ndéantar iniúchadh orthu a éascú, ba cheart a áireamh sa tuarascáil iniúchóireachta conclúid mheasúnú na heagraíochta iniúchóireachta maidir le comhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta. Ba cheart gach conclúid ón iniúchadh a bheith bunaithe ar leibhéal réasúnta dearbhaithe agus ba cheart í a bheith ‘dearfach’, ‘dearfach le barúlacha’ nó ‘diúltach’, chun bunús iomchuí a chur leis an tuairim iniúchóireachta. Conclúidí atá ‘dearfach le barúlacha’, níor cheart baint a bheith acu leis an measúnú ar chomhlíontacht féin. D’fhéadfadh barúlacha den sórt sin tagairt a dhéanamh, mar shampla, d’fhaisnéis arna cur i dtoll a chéile ag an soláthraí ar iarraidh ón eagraíocht iniúchóireachta, nó d’fheabhsuithe ar an gcoinneáil ar bun nó ar rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, nó d’fhéadfaí pleananna maolaithe breise agus feabhsuithe breise atá beartaithe ag an soláthraí a dhéanamh a thabhairt faoi deara sna barúlacha sin. In aon chás, i gcás ina measann an eagraíocht iniúchóireachta go gcomhlíonann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air oibleagáid nó gealltanas iniúchta de réir na dtagarmharcanna arna dtuairisciú ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, ach ina measann sí gur gá tuairimí maidir leis na tagarmharcanna sin a chur san áireamh, ba cheart conclúid an iniúchta a bheith ‘dearfach le barúlacha’, ós rud é go bhféadfadh na barúlacha sin an soláthraí a chur ar an eolas ar bhealach úsáideach faoi dheiseanna le haghaidh athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na tagarmharcanna, bunaithe ar eolas agus ar shaineolas na heagraíochta iniúchóireachta, chomh maith le faisnéis ó fhoinsí seachtracha. Mar shampla, d’fhéadfadh na barúlacha a bheith bunaithe ar threoraíocht ón gCoimisiún, lena n–áirítear trí threoirlínte ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, agus aon treoirlíne ábhartha eile arna heisiúint ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin, tuarascálacha ón mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den Rialachán sin, gníomhaíochtaí forfheidhmithe, cinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin sin, an cásdlí ábhartha, go háirithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhairliúcháin phoiblí, nó foinsí údarásacha ábhartha.

(17)

Chun grinnscrúdú poiblí agus maoirseacht rialála a chumasú, i gcás ina bhfuil conclúid iniúchóireachta ‘diúltach’ ach nach bhfuil feidhm aici ach ar feadh tréimhse teoranta agus go measann an eagraíocht iniúchóireachta gur chomhlíon an soláthraí a ndéantar iniúchadh air an oibleagáid nó an gealltanas an chuid eile den tréimhse iniúchta, ba cheart é sin a léiriú sa tuarascáil iniúchóireachta maidir le gach oibleagáid nó gealltanas lena mbaineann. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil barúlacha na heagraíochta iniúchóireachta maidir le haon fhaisnéis a chuireann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil dóibh a mhéid a bhaineann le pleananna maolaithe atá i bhfeidhm nó atá beartaithe chun neamhchomhlíontacht a réiteach.

(18)

I bhfianaise chineál difriúil na n–oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2065 agus na ngealltanas deonach arna ndéanamh faoi chóid iompair agus prótacail ghéarchéime de bhun Airteagail 45, 46 agus 48 den Rialachán sin, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta tuairimí iniúchóireachta a eisiúint maidir le comhlíontacht leis an gCaibidil sin agus le gach cód agus prótacal.

(19)

Chun iniúchadh a dhéanamh le leibhéal réasúnta dearbhaithe agus chun na nósanna imeachta iniúchta iomchuí a dhearadh de réir modheolaíochtaí lena n–íoslaghdaítear an riosca iniúchóireachta chuig leibhéal íseal, ba cheart meastachán de na rioscaí iniúchóireachta, is é sin an riosca go gcuireann an eagraíocht iniúchóireachta tuairim nó conclúid iniúchóireachta mhíchuí in iúl mar phríomhchuid den mhodheolaíocht chun an t–iniúchadh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar an riosca iniúchóireachta ag tús an iniúchta ar fad, sula ndeartar an mhodheolaíocht bheacht agus sula ndéantar nósanna imeachta iniúchta. Tá gá leis an anailís riosca iniúchóireachta chun ligean don eagraíocht iniúchóireachta na modheolaíochtaí beachta a roghnú don iniúchadh agus lena chinneadh cé chomh cuimsitheach agus is gá do na nósanna imeachta iniúchta a bheith chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach don tuairim iniúchóireachta. Ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta an anailís riosca iniúchóireachta a dhéanamh don mheasúnú ar chomhlíontacht le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta, agus na rioscaí bunúsacha, rioscaí rialaithe agus rioscaí braite á gcur san áireamh.

(20)

Chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar na rioscaí iniúchóireachta, ba cheart a chur san áireamh san anailís riosca iniúchóireachta cineál na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi, go háirithe a próifíl riosca, agus raon feidhme agus castacht an iniúchta. Mar shampla, is dócha go mbeidh rioscaí bunúsacha difriúla ag ardáin ar líne a cheadaíonn conclúidí cianchonarthaí idir tomhaltóirí ná mar a bheidh ag ardáin comhroinnte físeán nó innill chuardaigh. Ina theannta sin, ba cheart an comhthéacs sochaíoch agus eacnamaíoch ina gcuirtear an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi ar fáil a chur san áireamh, mar shampla a mhéid a bhaineann le grúpaí úsáideoirí tipiciúla amhail mionaoisigh, nó iompraíocht mhinic amhail minicíocht ard d’úsáid bhréagach agus iompraíochtaí comhordaithe i bhfeachtais bhréagaisnéise. Ba cheart a áireamh freisin leis an gcomhthéacs sochaíoch agus eacnamaíoch atá le cur san áireamh dóchúlacht agus, go neamhspleách, déine na risíochta ar staideanna géarchéime agus teagmhais gan choinne, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/2065.

(21)

Chun a áirithiú go léiríonn an anailís riosca iniúchóireachta éabhlóid na rioscaí a bhfuil an tseirbhís faoina réir, ba cheart an anailís riosca iniúchóireachta a bheith bunaithe freisin ar fhaisnéis ó iniúchtaí roimhe sin a raibh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air faoina réir, i gcás inarb infheidhme, agus forbairt ar fhaisnéis ó fhoinsí amhail tuarascálacha iniúchóireachta soláthraithe eile a bhfuil próifíl riosca chomhchosúil acu. Chun a áirithiú go bhfuil fianaise úrscothach i gcomhthéacsanna cosúil leo sin ina bhfeidhmíonn an soláthraí a ndéantar iniúchadh air agus foinsí údarásacha ag a bhfuil ábharthacht dhíreach maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 mar bhunús iomlán leis an anailís riosca iniúchóireachta, ba cheart a bheith ag brath san anailís freisin ar fhaisnéis ó thuarascálacha a eisíonn an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha nó ar threoirlínte ón gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme. D’fhéadfaí a áireamh le faisnéis eile freisin faisnéis ó thuarascálacha iniúchóireachta arna foilsiú de bhun Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ag soláthraithe eile ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

(22)

Ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta, gan tionchar ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air, na modheolaíochtaí iniúchóireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí agus gealltanais iniúchta a tharraingt suas. Ba cheart na critéir iniúchóireachta a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air a mhéid a bhaineann le tagarmharcanna a úsáideann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht. Féadfar a chur san áireamh sa mhodheolaíocht freisin faisnéis eile arna cur ar fáil ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, amhail an anailís ar rioscaí bunúsacha, i gcás ina bhfuil anailís den sórt sin déanta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, mar shampla trí bhearta arna bhforbairt ag an oifigeach um chomhlíontacht nó ag an gcomhlacht bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) 2022/2065 nó bearta eile atá leabaithe i bhfeidhmiú na seirbhíse le haghaidh measúnuithe riosca córasacha dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán sin.

(23)

Chun a áirithiú go bhfuil na modheolaíochtaí iniúchóireachta uile iomchuí chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach do na tuairimí iniúchóireachta, ba cheart aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí na hoibleagáide nó an ghealltanais iniúchta sa rogha modheolaíochta le haghaidh nósanna imeachta iniúchta agus ba cheart é a chur in oiriúint, mar shampla, do chineál na hoibleagáide iniúchta mar oibleagáid díchill, nó oibleagáid torthaí nach mór don soláthraí a bhaint amach chun a bheith comhlíontach. Mar shampla, trí nósanna imeachta iniúchta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le tuairisciú trédhearcachta de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2022/2065, d’fhéadfaí a cheadú don eagraíocht iniúchóireachta teacht ar chonclúid maidir le cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh na tuarascálacha laistigh de na moilleanna agus formáidí arna n–iarraidh sa Rialachán sin, chomh maith le cé acu a bhí siad críochnúil nó nach raibh agus cé acu a bhí na sonraí a tuairiscíodh cruinn, ionadaíoch agus miondealaithe go hiomchuí nó nach raibh, mar shampla, in aghaidh na catagóire d’ábhar neamhdhleathach atá curtha i ngníomh.

(24)

Ba cheart don rogha modheolaíochta a bheith ag brath freisin ar cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn léirmhínithe comhthéacsúla ón eagraíocht iniúchóireachta don mheasúnú comhlíontachta. Ba cheart an rogha modheolaíochtaí a chur in oiriúint freisin do na rioscaí bunúsacha atá nasctha leis na gníomhaíochtaí a dhéantar chun an tseirbhís a sholáthar agus an comhthéacs ina soláthraítear an tseirbhís, mar shampla, cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an tseirbhís le díol earraí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach nó cé acu mionaoisigh nó daoine eile a úsáideann an tseirbhís go príomha. Mar shampla, trí na modheolaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hoibleagáidí chun bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta, agus slándála mionaoiseach a áirithiú de bhun Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart a cheadú don eagraíocht iniúchóireachta tuiscint leordhóthanach a bheith acu ar an gcaoi a n–úsáideann mionaoisigh an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir lena bpríobháideachas, sábháilteacht agus slándáil, chomh maith le céard is beart iomchuí agus comhréireach ann i gcomhthéacs sonrach na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi agus a úsáid ag mionaoisigh. Chuige sin, ba cheart d’eagraíochtaí iniúchóireachta an measúnú a mhiondealú ina chéimeanna iomchuí. Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí iniúchóireachta de réir phróifíl riosca an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, go háirithe cé acu atá nó nach bhfuil sé ar fáil do mhionaoisigh nó cé acu atá nó nach bhfuil sé á úsáid acu den chuid is mó. Ba cheart dóibh a mheas, mar shampla, cé acu atá nó nach bhfuil uirlisí dearbhaithe aoise curtha i bhfeidhm ag an soláthraí, cé acu atá nó nach bhfuil siad éifeachtach agus conas a dhéanann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air measúnú agus faireachán ar a n–éifeachtacht. Ba cheart dóibh a mheas cé acu atá nó nach bhfuil bearta iomchuí curtha i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun úsáid sáraíochta a bhaintear as a sheirbhís a bhrath agus chun pátrúin iompraíochta a bhrath lena bhféachtar le díobháil a dhéanamh do mhionaoisigh nó ar dócha go ndéanfaidh siad díobháil do mhionaoisigh.

(25)

Ba cheart roghnú na modheolaíochtaí a chur in oiriúint do na rioscaí rialaithe atá nasctha leis na bearta comhlíontachta atá i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, chomh maith leis na rioscaí braite, is é sin an riosca gan míráitis a bhrath san fhaisnéis a chuireann an soláthraí ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta. Mar shampla, i gcás ina bhféadfadh iniúchadh ar chóras algartamach bunaithe ar phearsanú le haghaidh faighteoirí aonair na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi agus nuashonruithe athfhillteacha na gcóras algartamach a bheith i gceist le hoibleagáid iniúchta, amhail na hoibleagáidí nochta le haghaidh córas moltaí de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart a cheadú don eagraíocht iniúchóireachta leis an rogha modheolaíochta tástálacha iomchuí a dhearadh chun rioscaí braite a íoslaghdú. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina bhféachann an eagraíocht iniúchóireachta lena mheas cé acu a maolaíodh nó nár maolaíodh na rioscaí ábhartha uile i ndearadh, i bhfeidhmiú agus in úsáid feidhmchlár bunaithe ar shamhlacha teanga mórscála, amhail feidhmiúlachtaí comhrá nó córais moltaí arna gcur in úsáid ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar dtús ar oiriúnacht na rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí. Ba cheart stóinseacht na rialuithe inmheánacha sin a bheith mar bhunús leis an rogha tástálacha. Go háirithe, ach gan a bheith teoranta do na cásanna ina bhfuil na rialuithe inmheánacha lag, neamhiomlán nó éiginntitheach chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na rialacha nuair a chuirtear daonra faighteoirí na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi san áireamh, ba cheart brath sna nósanna imeachta iniúchta ar mheascán modheolaíochtaí. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh le modheolaíochtaí nósanna imeachta anailíseacha substainteacha, amhail anailís ar na hidirghníomhaíochtaí idir gach córas algartamach atá páirteach sna córais moltaí agus rialacha agus próisis chinnteoireachta lena mbaineann chun príomhpharaiméadair na gcóras moltaí sin, barúlacha na dtaifead agus na logaí digiteach a shuí. Ba cheart tástálacha ar an gcóras amhail tástálacha i dtimpeallachtaí ionsamhlaithe a áireamh leis na modheolaíochtaí freisin.

(26)

Chun a áirithiú go bhfuil an mhodheolaíocht ábhartha agus oiriúnaithe do thorthaí nua le linn fheidhmíocht an iniúchta, ba cheart roghnú na modheolaíochtaí a bheith á threorú ag breithiúnas gairmiúil na heagraíochta iniúchóireachta agus ba cheart iad a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí nua sin, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ar an eagraíocht iniúchóireachta i ndáil leis an bhfaisnéis a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air isteach. Ba cheart sceipteachas gairmiúil na heagraíochta iniúchóireachta a bhunú ar a saineolas, chomh maith le foinsí eile faisnéise a bhfuil ábharthacht ar leith léi i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 amhail tuarascálacha ón mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, treoraíocht ón gCoimisiún, tuarascálacha iniúchóireachta arna n–eisiúint ó chóid iompair nó ó phrótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45, 46 agus 48 den Rialachán sin nó faisnéis a thagann chun cinn le linn fheidhmíocht an iniúchta, lena n–áirítear nuair a bhaineann siad le teagmhais, go háirithe staideanna géarchéime, óna dteastaíonn gníomhaíochtaí breise ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun comhlíontacht a áirithiú le hoibleagáidí nó gealltanais iniúchta áirithe.

(27)

Chun a áirithiú go mbailítear fianaise iniúchta leordhóthanach le linn an iniúchta, ba cheart d’eagraíochtaí iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar rialuithe inmheánacha an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air agus nósanna imeachta iniúchta substainteacha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air. I gcásanna áirithe, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta tástálacha a dhéanamh freisin.

(28)

De bharr a chasta agus atá na córais algartamacha a úsáideann soláthraithe ardán ar líne agus a ról tábhachtach i gcomhlíonadh roinnt oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na roghanna ó thaobh na modheolaíochta is gá agus is iomchuí chun iniúchadh a dhéanamh ar chórais algartamacha. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil córais algartamacha mar chuid de na rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, agus nuair is ionann iad féin agus ábhar na n–oibleagáidí nó na ngealltanas iniúchta, amhail maidir le córais moltaí, mar shampla de bhun Airteagail 27, 34, 35, agus 38 de Rialachán (AE) 2022/2065, nó córais fógraíochta, mar shampla de bhun Airteagail 26, 28, 34, 35, agus 39 den Rialachán sin, córais modhnóireachta inneachair, mar shampla de bhun Airteagail 14, 15, 34, agus 35 den Rialachán sin, nó aon chóras algartamach eile a chuireann leis na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán sin.

(29)

Ba cheart meascán nósanna imeachta anailíseacha substainteacha a úsáid freisin, lena n–áirítear, de réir mar is iomchuí, bunaithe ar bhreithnithe ar phróisis agus gníomhaíochtaí an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air agus córais algartamacha a dhearadh, a fhorbairt, a oibriú, a thástáil agus a fhaire, nó breithnithe ar thaifid agus logaí digiteacha arna dtáirgeadh ag na córais. Ba cheart na modheolaíochtaí a chur in oiriúint do shaintréithe na gcóras algartamach, lena n–áirítear a rialachas, an idirghníomhaíocht idir córais algartamacha dhifriúla chomh maith leis na córais bainistíochta sonraí lena mbaineann, agus do na teicneolaíochtaí atá mar bhunús leis na córais algartamacha sin, amhail samhlacha giniúna nó aicmitheoirí, algartaim roghnaithe nó chuardaigh eile.

(30)

Ina theannta sin, ba cheart a áireamh le modheolaíochtaí iniúchóireachta le haghaidh córas algartamach tástálacha, mar shampla, chun faisnéis a bhailiú nach bhfuil doiciméadaithe roimhe seo ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, nó chun torthaí táscairí beachtais, tástálacha i mboscaí gainimh nó i dtimpeallachtaí ionsamhlaithe, nó tástálacha i gcórais táirgthe a atáirgeadh agus a mheasúnú go neamhspleách, lena n–áirítear trí chamchóipeáil sonraí nó tástáil sáraíochta.

(31)

De bharr gur coinníoll riachtanach é ardcháilíocht na fianaise iniúchóireachta le haghaidh eagraíocht iniúchóireachta chun tuairim iniúchóireachta a fhoirmiú le leibhéal réasúnta dearbhaithe, ba cheart an fhaisnéis a chinneann eagraíocht iniúchóireachta a úsáid mar fhianaise iniúchóireachta a bheith iomchuí agus leordhóthanach chun rioscaí iniúchóireachta a laghdú. Anuas air sin, ba cheart an fhianaise iniúchóireachta a bheith iontaofa de réir bhreithiúnas gairmiúil agus sceipteachas na heagraíochta iniúchóireachta agus, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise foinsí malartacha faisnéise. Ba cheart measúnú criticiúil ar fhianaise iniúchóireachta agus míráitis fhéideartha a áireamh sa bhreithiúnas gairmiúil agus sceipteachas. Ba cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin cháilíochta sin maidir le gach fianaise iniúchóireachta gan beann ar cé acu a chuir nó nár chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil í nó ar bailíodh í ó fhoinsí eile.

(32)

Ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta raon foinsí faisnéise a bhreithniú agus d’fhéadfaí a áireamh orthu, mar shampla, agallaimh le pearsanra nó conraitheoirí an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, lena n–áirítear oifigigh um chomhlíontacht, innealtóirí, eolaithe sonraí, ailtirí bogearraí, nó comhaltaí d’fhoirne iniúchóireachta inmheánacha. D’fhéadfaí a áireamh orthu freisin doiciméadacht theicniúil maidir le dearadh, cur chun feidhme, tástáil agus faireachán ar chóras ábhartha, lena n–áirítear cáilíocht sonraí agus rialachas agus ar nuashonruithe agus leaganacha an chórais, agus doiciméid eile maidir le próisis rialachais agus chinnteoireachta an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, lena n–áirítear i bhfianaise tosaíochtaí, acmhainní, leithdháiltí cúraimí agus freagrachtaí, nó saineolas an phearsanra ábhartha.

(33)

Chun éifeachtúlacht agus comhréireacht i bhfeidhmíocht an iniúchta a áirithiú, ba cheart a cheadú don eagraíocht iniúchóireachta sonraí agus faisnéis a shampláil, le haird chuí ar theacht ar shampla ionadaíoch, chun cur ar a cumas don eagraíocht iniúchóireachta teacht ar thuairim iniúchóireachta le leibhéal réasúnta dearbhaithe. Chun trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta iniúchta a áirithiú, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta údar a sholáthar leis na roghanna maidir le méid na samplaí agus modh na samplála sa tuarascáil iniúchóireachta. Mar shampla, ba cheart méid an tsampla agus an mhodheolaíocht a roghnú ag cur san áireamh cad atá éifeachtach chun an cuspóir maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar an oibleagáid nó gealltanas iniúchta sonrach a chomhlíonadh, agus go laghdófar a mhéid agus is féidir an riosca go bhfuil an chonclúid maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar an sampla sonrach difriúil leis an méid a bheadh sa chonclúid dá gcuirfí an nós imeachta iniúchta i bhfeidhm ar an líon foriomlán fianaise. Ba cheart méid agus modheolaíocht an tsampla a roghnú agus raon feidhme foriomlán an iniúchta á chur san áireamh, chomh maith le hathruithe inmheánacha nó seachtracha ar an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi le linn an ama sin. Ba cheart iad a chur in oiriúint freisin do shaintréithe na gcóras algartamach lena n–áirítear a mhéid a bhaineann le pearsanú trí phróifíliú. Mar chuid den bhreithniú sin ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta, mar shampla, sampla iomchuí a fháil ó chohóirt nó codanna difriúla a d’fhéadfadh eascairt as teicnící pearsantaithe, nó an lamháil earráide a shainaithint agus údar a thabhairt maidir leis an gcúis ar leibhéal inghlactha atá ann.

(34)

Mar gheall ar úrnuacht forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/2065, is gá prionsabail mhodheolaíochta a leagan amach, lena n–áirítear ceisteanna iniúchóireachta agus treoirlínte breise maidir le modheolaíochtaí iniúchóireachta a roghnú agus fianaise iniúchóireachta don mheasúnú comhlíontachta leis na forálacha sin, is é sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagail 34, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le feidhmíocht na measúnuithe riosca agus glacadh beart um maolú riosca ag soláthraithe a ndéantar iniúchadh orthu agus maidir le cur i bhfeidhm oibleagáidí i ndáil le freagairt géarchéime.

(35)

De bharr gur cheart d’eagraíochtaí iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart sonraíochtaí breise a sholáthar freisin maidir leis an iniúchadh beacht i ndáil lenar cheart comhlíontacht a mheasúnú, go háirithe chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint don eagraíocht iniúchóireachta.

(36)

I bhfianaise chineál deonach na gcód iompair agus na bprótacal géarchéime, is gá rialacha sonracha a sholáthar maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagail 45, 46 agus 48 de Rialachán (AE) 2022/2065, go háirithe chun a áirithiú go ndiúscraíonn eagraíochtaí iniúchóireachta an fhaisnéis uile is gá chun iniúchtaí a dhéanamh atá sonrach do na gealltanais faoi gach cód iompair agus prótacal géarchéime,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le feidhmíocht iniúchtaí de bhun Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

na céimeanna nós imeachta lena áirithiú go gcomhlíonann an eagraíocht atá le roghnú na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(b)

na céimeanna nós imeachta maidir leis an gcomhar agus an cúnamh a thabharfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun iniúchtaí a dhéanamh, lena n–áirítear faisnéis ábhartha a rochtain d’fhonn fianaise iniúchóireachta a fháil;

(c)

sainmhíniú agus roghnú modheolaíochtaí iniúchóireachta;

(d)

na teimpléid maidir leis an tuarascáil iniúchóireachta agus tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘eagraíocht iniúchóireachta’ eagraíocht aonair, cuibhreannas nó meascán eile eagraíochtaí, lena n–áirítear aon fhochonraitheoir, atá ar conradh ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun iniúchadh neamhspleách a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065;

(2)

ciallaíonn ‘seirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi’ ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2022/2065;

(3)

ciallaíonn ‘soláthraí a ndéantar iniúchadh air’ soláthraí seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi atá faoi réir iniúchtaí neamhspleácha de bhun Airteagal 37(1) den Rialachán sin;

(4)

ciallaíonn ‘oibleagáid nó gealltanas iniúchta’ oibleagáid nó gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 arb é is ábhar don iniúchadh;

(5)

ciallaíonn ‘critéir iniúchóireachta’ na critéir ar dá réir a dhéanann an eagraíocht iniúchóireachta measúnú orthu maidir le comhlíontacht le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta;

(6)

ciallaíonn ‘fianaise iniúchóireachta’ aon fhaisnéis a úsáideann eagraíocht iniúchóireachta chun tacú le torthaí agus conclúidí an iniúchta agus chun tuairim iniúchóireachta a eisiúint, lena n–áirítear sonraí a bhailítear ó dhoiciméid, ó bhunachair sonraí nó ó chórais TF, ó agallaimh nó ó thástáil arna ndéanamh;

(7)

ciallaíonn ‘míráiteas’ mainneachtain, mífhaisnéis nó earráid d’aon ghnó nó neamhbheartaithe sna dearbhuithe nó sna sonraí arna dtuairisciú nó arna soláthar ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air don eagraíocht iniúchóireachta, nó sa timpeallacht tástála a chuireann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta

(8)

ciallaíonn ‘riosca iniúchóireachta’ an riosca go n–eisíonn an eagraíocht iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta mhícheart nó go dtagann sí ar chonclúid mhícheart maidir le comhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hoibleagáid nó le gealltanas iniúchta, ag cur san áireamh rioscaí braite, rioscaí bunúsacha agus rioscaí rialaithe maidir leis an oibleagáid nó an gealltanas iniúchta sin;

(9)

ciallaíonn ‘riosca braite’ an riosca nach mbraitheann an eagraíocht iniúchóireachta míráiteas atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis an oibleagáid nó leis an ngealltanas iniúchta;

(10)

ciallaíonn ‘riosca bunúsach’ an riosca neamhchomhlíontachta a bhaineann go bunúsach le cineál, dearadh, gníomhaíocht agus úsáid na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi, chomh maith leis an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn sí, agus an riosca neamhchomhlíontachta a bhaineann le cineál na hoibleagáide nó an ghealltanais iniúchta;

(11)

ciallaíonn ‘riosca rialaithe’ an riosca nach ndéantar míráiteas a chosc, a bhrath agus a cheartú go tráthúil trí bhíthin rialuithe inmheánacha an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air;

(12)

ciallaíonn ‘tairseach ábharthachta’ an tairseach a ndéanfadh diallais nó míráitis ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air, go haonarach nó go comhiomlán, difear réasúnta do thorthaí, conclúidí agus tuairimí an iniúchta;

(13)

ciallaíonn ‘leibhéal réasúnta dearbhaithe’ leibhéal ard ach ní dearbhleibhéal dearbhaithe, rud a cheadaíonn don eagraíocht iniúchóireachta a dhearbhú ina tuairim iniúchóireachta agus i gconclúidí an iniúchta cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na hoibleagáidí nó na gealltanais iniúchta, bunaithe ar fhianaise leordhóthanach agus iomchuí;

(14)

ciallaíonn ‘rialú inmheánach’ aon bheart, lena n–áirítear próisis agus tástálacha, atá deartha, curtha chun feidhme agus coinnithe ar bun ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, lena n–áirítear a oifigigh um chomhlíontacht agus a chomhlacht bainistíochta, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis an oibleagáid nó leis an ngealltanas iniúchta agus é a áirithiú;

(15)

ciallaíonn ‘taighdeoir grinnfhiosraithe’ taighdeoir a ndéantar grinnfhiosrúchán air i gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(16)

ciallaíonn ‘nós imeachta iniúchta’ aon teicníocht a chuireann an eagraíocht iniúchóireachta i bhfeidhm i bhfeidhmíocht an iniúchta, lena n–áirítear bailiú sonraí, roghnú agus cur i bhfeidhm modheolaíochtaí, amhail tástálacha agus nósanna imeachta anailíseacha substainteacha, agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar chun faisnéis a bhailiú agus a anailísiú chun fianaise iniúchóireachta a bhailiú agus conclúidí an iniúchta a fhoirmliú, gan eisiúint tuairime iniúchóireachta nó na tuarascála iniúchóireachta a chur san áireamh;

(17)

ciallaíonn ‘tástáil’ modheolaíocht iniúchta arb éard atá inti ná tomhais, turgnaimh nó seiceálacha eile, lena n–áirítear seiceálacha ar chórais algartamacha, trína ndéanann an eagraíocht iniúchóireachta measúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis an oibleagáid nó leis an ngealltanas iniúchta;

(18)

ciallaíonn ‘nós imeachta anailíseach substainteach’ modheolaíocht iniúchóireachta a úsáideann an eagraíocht iniúchóireachta chun faisnéis a mheasúnú chun tátal a bhaint as rioscaí iniúchóireachta nó comhlíontacht leis an oibleagáid nó leis an ngealltanas iniúchta.

Airteagal 3

Raon feidhme an iniúchta agus leibhéal réasúnta dearbhaithe

1.   Déanfar an t–iniúchadh ar bhealach agus ar feadh ré a cheadóidh don eagraíocht iniúchóireachta measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis na hoibleagáidí agus leis na gealltanais iniúchta uile le leibhéal réasúnta dearbhaithe.

2.   Cumhdófar san iniúchadh an tréimhse a thosóidh díreach tar éis na tréimhse a chumhdaítear leis an iniúchadh roimhe sin agus dar críoch dáta lenar féidir leis an eagraíocht iniúchóireachta an t–iniúchadh a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a cheanglaítear le hAirteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena n–áirítear trína measúnú a dhearbhú de bhun mhír 1 bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh agus ar na nósanna imeachta iniúchta a cuireadh i gcrích le linn na tréimhse sin, agus tríd an tuarascáil iniúchóireachta de bhun Airteagal 37(4) den Rialachán sin a chur i gcrích agus a chur faoi bhráid an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air.

3.   I gcás nach ndearnadh aon iniúchadh roimhe sin, cumhdófar san iniúchadh an tréimhse dar tús 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 33(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, agus le fad an iniúchta beifear in ann an tuarascáil iniúchóireachta de bhun Airteagal 6(1) a chríochnú laistigh de bhliain amháin ó thús na tréimhse iniúchta ar a dhéanaí.

ROINN II

Coinníollacha maidir le feidhmíocht an iniúchta

Airteagal 4

Roghnú na heagraíochta iniúchóireachta

1.   Sula roghnóidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air eagraíocht iniúchóireachta d’fhonn an t–iniúchadh a dhéanamh, seiceálfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an eagraíocht atá le roghnú na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065.

2.   I gcás ina mbeidh níos mó ná duine dlítheanach amháin san eagraíocht iniúchóireachta atá le roghnú nó i gcás ina mbeartaíonn sé leas a bhaint as fochonraitheoir amháin nó níos mó, seiceálfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na nithe seo a leanas maidir leis na daoine dlítheanacha nó na fochonraitheoirí sin uile:

(a)

cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad go haonarach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2022/2065;

(b)

cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad i gcomhpháirt na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2065.

Airteagal 5

Comhar agus cúnamh idir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air agus an eagraíocht iniúchóireachta

1.   Tráth a chomhaontófar leis an eagraíocht iniúchóireachta, agus ar aon chaoi roimh aon nós imeachta iniúchta a dhéanamh, déanfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a tharchur chuig an eagraíocht iniúchóireachta roghnaithe:

(a)

tuairisc ar na rialuithe inmheánacha arna gcur i bhfeidhm maidir le gach oibleagáid agus gealltanas iniúchta, lena n–áirítear táscairí gaolmhara agus na tomhais láithreacha agus stairiúla uile, agus tagarmharcanna arna n–úsáid ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun comhlíontacht leis na hoibleagáidí agus leis na gealltanais iniúchta a dhearbhú nó chun faireachán a dhéanamh orthu, chomh maith le haon doiciméadacht tacaíochta;

(b)

a réamhanailís ar rioscaí bunúsacha agus rialaithe, i gcás ina bhfuil anailís den sórt sin déanta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, agus aon doiciméadacht tacaíochta;

(c)

faisnéis faoi aon struchtúr cinnteoireachta ábhartha, inniúlachtaí ranna an tsoláthraí, lena n–áirítear an fheidhm chomhlíonta de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2022/2065, córais ábhartha TF, foinsí sonraí, próiseáil agus stóráil, chomh maith le mínithe ar chórais algartamacha ábhartha agus a n–idirghníomhaíochtaí.

2.   Tabharfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air rochtain don eagraíocht iniúchóireachta, gan moill mhíchuí, ar na sonraí uile is gá le haghaidh fheidhmíocht an iniúchta, lena n–áirítear sonraí pearsanta, doiciméadacht, faisnéis faoi nósanna imeachta agus próisis, agus ar chórais teicneolaíochta faisnéise, timpeallachtaí tástála, pearsanra agus áitribh an tsoláthraí sin, agus aon fhochonraitheoir ábhartha.

3.   Cuirfidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na hacmhainní uile is gá ar fáil agus soláthróidh sé don eagraíocht iniúchóireachta an cúnamh agus na mínithe is gá chun gur féidir leis an eagraíocht anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha agus chun tástálacha a dhéanamh, lena n–áirítear i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarrfaidh an eagraíocht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 37(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 ag tríú páirtí atá ar conradh ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air.

ROINN III

Iniúchtaí a dhéanamh

Airteagal 6

Tuarascáil iniúchóireachta agus tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta

1.   Bunóidh an eagraíocht iniúchóireachta an tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, gan aon trasnaíocht ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air. Déanfar an tuarascáil iniúchóireachta sin a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad in Iarscríbhinn I, agus beidh conclúidí mionsonraithe agus réasúnaithe inti i ndáil le gach gné den teimpléad.

2.   I gcás inarb infheidhme, déanfar an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 37(6) de Rialachán (AE) 2022/2065 a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Nósanna imeachta maidir leis na hullmhúcháin don iniúchadh

1.   Déanfaidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air agus an eagraíocht iniúchóireachta comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích ina leagfar amach:

(a)

liosta uileghabhálach na n–oibleagáidí agus na ngealltanas iniúchta;

(b)

freagrachtaí na heagraíochta iniúchóireachta, lena n–áirítear, i gcás inarb infheidhme, mionsonraithe maidir le gach duine dlítheanach lena gcuimsítear an eagraíocht iniúchóireachta, agus na páirtithe a bhfuil sé de chumhacht acu an tuarascáil iniúchóireachta a shíniú;

(c)

na nósanna imeachta agus na pointí teagmhála a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta chun rochtain a iarraidh ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

an tréimhse ama don iniúchadh, lena n–áirítear dáta tosaigh agus dáta deiridh na nósanna imeachta iniúchta agus comhlánú na tuarascála iniúchóireachta;

(e)

nós imeachta maidir le conas a réiteofar díospóidí idir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air agus an eagraíocht iniúchóireachta a eascraíonn as feidhmíocht an iniúchta.

2.   Déanfar an comhaontú dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le haon chomhaontú nó litir ghealltanais eile idir an eagraíocht iniúchóireachta agus an soláthraí a ndéantar iniúchadh air a bhaineann le feidhmíocht an iniúchta, a cheangal leis an tuarascáil iniúchóireachta.

3.   I gcás ina ndéanfar athruithe ar an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1 agus an t-iniúchadh á dhéanamh, soiléireofar sa tuarascáil iniúchóireachta iad.

Airteagal 8

Tuairim iniúchóireachta, conclúidí agus moltaí an iniúchta

1.   Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta conclúidí an iniúchta atá bainte amach ag an eagraíocht iniúchóireachta maidir le comhlíontacht le gach ceann de na hoibleagáidí agus na gealltanais iniúchta. Beidh conclúidí an iniúchta:

(a)

‘dearfach’, i gcás ina dtagann an eagraíocht iniúchóireachta ar an gconclúid le leibhéal réasúnta dearbhaithe go bhfuil oibleagáid nó gealltanas iniúchta comhlíonta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, nó;

(b)

‘dearfach le barúlacha’, i gcás ina dtagann an eagraíocht iniúchóireachta ar an gconclúid le leibhéal réasúnta dearbhaithe go bhfuil oibleagáid nó gealltanas iniúchta comhlíonta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, ach:

(i)

áiríonn an eagraíocht iniúchóireachta tuairimí maidir leis na tagarmharcanna arna soláthar ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air de bhun Airteagal 5(1), pointe (a); nó

(ii)

molann an eagraíocht iniúchóireachta feabhsuithe nach bhfuil éifeacht shubstainteach acu ar a conclúid;

(c)

‘diúltach’, i gcás ina dtagann an eagraíocht iniúchóireachta ar an gconclúid le leibhéal réasúnta dearbhaithe nár chomhlíon an soláthraí a ndéantar iniúchadh air oibleagáid nó gealltanas iniúchta.

2.   I gcás ina n–áirítear i dtuarascáil iniúchóireachta moltaí oibríochtúla de bhun Airteagal 37(4), pointe (h) de Rialachán (AE) 2022/2065, beidh na moltaí sin agus a dtréimhse ama a mholtar sonrach maidir le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta a bhfuil conclúid an iniúchta a dhéantar ina leith de bhun mhír 1 ‘dearfach le barúlacha’ nó ‘diúltach’.

3.   I gcás ina n–áirítear sna moltaí oibríochtúla dá dtagraítear i mír 2 bearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach, déanfar iad a fhoirmliú ar bhealach a mhíneoidh measúnú na heagraíochta iniúchóireachta ar conas a dhéanfadh bearta den sórt sin difear don tairseach ábharthachta i gcomparáid le conclúid an iniúchta i leith na hoibleagáide nó an ghealltanais iniúchta faoi seach.

4.   Ar bhonn chonclúidí an iniúchta, áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir le comhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis na hoibleagáidí iniúchta uile dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2065.

5.   Ar bhonn chonclúidí na ngealltanas iniúchta uile, áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta nó tuairimí, de réir mar is infheidhme, maidir le comhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis na gealltanais iniúchta uile a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air faoi gach cód iompair agus prótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2065.

6.   Beidh na tuairimí iniúchóireachta de bhun mhíreanna 4 agus 5:

(a)

‘dearfach’ más ‘dearfach’ í conclúid an iniúchta atá bainte amach ag an eagraíocht iniúchóireachta maidir leis na hoibleagáidí nó na gealltanais iniúchta uile;

(b)

‘dearfach le barúlacha’ má tá conclúid iniúchta amháin ar a laghad bainte amach ag an eagraíocht iniúchóireachta atá ‘dearfach le barúlacha’ maidir le hoibleagáid nó gealltanas iniúchta agus mura bhfuil conclúid iniúchóireachta ‘diúltach’ bainte amach aici maidir le haon cheann de na hoibleagáidí nó na gealltanais iniúchta;

(c)

‘diúltach’ má tháinig an eagraíocht iniúchóireachta ar chonclúid iniúchóireachta ‘dhiúltach’ maidir le hoibleagáid nó gealltanas iniúchta amháin ar a laghad.

7.   I gcás ina measfaidh an eagraíocht iniúchóireachta, ar feadh tréimhse theoranta le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3(2), nár chomhlíon an soláthraí a ndéantar iniúchadh air oibleagáid nó gealltanas iniúchta, déanfar an measúnú sin a dhoiciméadú go cuí sa tuarascáil iniúchóireachta.

8.   I gcás nach féidir leis an eagraíocht iniúchóireachta conclúid an iniúchta a eisiúint le leibhéal réasúnta dearbhaithe de bhun mhír 1 nó tuairim iniúchóireachta de bhun mhíreanna 4 agus 5, áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta míniú ar na himthosca agus ar na cúiseanna nárbh fhéidir leibhéal dearbhaithe den sórt sin a bhaint amach.

ROINN IV

Modheolaíochtaí iniúchóireachta

Airteagal 9

Anailís ar an riosca iniúchóireachta

1.   Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta anailís chuí-réasúnaithe ar riosca iniúchóireachta arna déanamh ag an eagraíocht iniúchóireachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta.

2.   Déanfar an anailís ar riosca iniúchóireachta roimh na nósanna imeachta iniúchta a dhéanamh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta le linn fheidhmíocht an iniúchta, i bhfianaise aon fhianaise iniúchóireachta nua a mhodhnóidh go hábhartha an measúnú ar an riosca iniúchóireachta, de réir bhreithiúnas gairmiúil na heagraíochta iniúchóireachta.

3.   Déanfar na nithe seo a leanas a mheas san anailís ar riosca iniúchóireachta:

(a)

rioscaí bunúsacha;

(b)

rioscaí rialaithe;

(c)

rioscaí braite.

4.   Déanfar an anailís ar riosca iniúchóireachta ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

cineál na seirbhíse a ndéantar iniúchadh uirthi agus an comhthéacs sochaíoch agus eacnamaíoch ina n–oibrítear an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi, lena n–áirítear dóchúlacht agus déine na risíochta ar staideanna géarchéime agus teagmhais gan choinne;

(b)

cineál na n–oibleagáidí agus na ngealltanas;

(c)

faisnéis iomchuí eile, lena n–áirítear:

(i)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis ó iniúchtaí roimhe seo a raibh an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi faoina réir;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis ó thuarascálacha arna n–eisiúint ag an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha nó treoraíocht ón gCoimisiún, lena n–áirítear treoirlínte arna n–eisiúint de bhun Airteagal 35(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2022/2065, agus aon treoraíocht ábhartha eile arna heisiúint ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065;

(iii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis ó thuarascálacha iniúchóireachta arna foilsiú de bhun Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ag soláthraithe eile ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne a oibríonn i gcoinníollacha comhchosúla nó a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla leis an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi.

Airteagal 10

Modheolaíochtaí iniúchóireachta iomchuí

1.   Gan dochar do na modheolaíochtaí iniúchóireachta sonracha a leagtar amach in Airteagail 13, 14, agus 15, déanfar iniúchtaí trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí iniúchóireachta iomchuí chun na rioscaí iniúchóireachta arna measúnú a laghdú go dtí leibhéal a chuirfidh ar a cumas don eagraíocht iniúchóireachta teacht ar chonclúidí iniúchta ar leibhéal réasúnta dearbhaithe.

2.   Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta tuairisc ar na modheolaíochtaí iniúchóireachta arna gceapadh ag an eagraíocht iniúchóireachta sula ndéanfaidh sí aon nós imeachta iniúchta, lena n–áirítear ar a laghad:

(a)

na critéir iniúchóireachta, chun comhlíontacht le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta a mheasúnú, arna sainiú ar bhonn faisnéise de bhun Airteagal 5(1), pointe (a), agus an tairseach ábharthachta a nglactar léi agus a shloinntear i dtéarmaí cáilíochtúla nó cainníochtúla, de réir mar is iomchuí;

(b)

gach tástáil agus nós imeachta anailíseach substainteach agus fianaise iniúchóireachta a bheartaíonn an eagraíocht iniúchóireachta a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le gach oibleagáid nó gealltanas iniúchta.

Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta tuairisc ar aon athrú ar na modheolaíochtaí a úsáideadh le linn fheidhmíocht an iniúchta i gcomparáid leis na modheolaíochtaí a ceapadh roimh nósanna imeachta iniúchta a dhéanamh.

3.   I gcás ina bhfuil amhras réasúnta ar eagraíocht iniúchóireachta maidir leis an bhfaisnéis arna measúnú i bhfeidhmíocht an iniúchta, go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis arna cur i láthair ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, déanfar rogha agus cur i bhfeidhm na modheolaíochta a chur in oiriúint chun an fhianaise iniúchóireachta is gá a thabhairt don eagraíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 11.

4.   Measfar go dtiocfaidh amhras réasúnta dá dtagraítear i mír 3 chun cinn, go háirithe, i gcás inarb ann d’aon cheann de na heilimintí seo a leanas:

(a)

breithiúnas gairmiúil agus sceipteachas maidir le measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis, lena n–áirítear maidir le rialuithe inmheánacha an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, rud is cúis le hamhras réasúnta a bheith ag an eagraíocht iniúchóireachta;

(b)

tásca seachtracha a dhíríonn ar rioscaí iniúchóireachta, go háirithe tuarascálacha ón mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2022/2065, treoraíocht ón gCoimisiún lena n–áirítear trí threoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán sin, agus aon treoraíocht ábhartha eile arna heisiúint ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065, agus tuarascálacha iniúchóireachta arna n–eisiúint de bhun na gcód iompair nó na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45, 46 agus 48 den Rialachán sin;

(c)

faisnéis a bhaineann le teagmhais a tharlaíonn le linn fheidhmíocht an iniúchta, lena n–áirítear staideanna géarchéime, a éilíonn gníomhaíochtaí breise ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun comhlíontacht le hoibleagáidí nó le gealltanais iniúchta áirithe a áirithiú.

5.   Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna nósanna imeachta iniúchta:

(a)

feidhmíocht na dtástálacha agus na nósanna imeachta anailíseacha substainteacha maidir leis na rialuithe inmheánacha atá curtha i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air le haghaidh gach ceann de na hoibleagáidí nó na gealltanais iniúchta;

(b)

feidhmíocht nósanna imeachta anailíseacha substainteacha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le gach oibleagáid agus gealltanas iniúchta, lena n–áirítear a mhéid a bhaineann le córais algartamacha;

(c)

feidhmíocht tástálacha, lena n–áirítear maidir le córais algartamacha, maidir leis na hoibleagáidí agus na gealltanais iniúchta a bhfuil amhras réasúnta ar an eagraíocht iniúchóireachta ina leith, dá dtagraítear i mír 4, agus maidir le hoibleagáidí agus gealltanais iniúchta i gcás ina measann an eagraíocht iniúchóireachta gur gá tástálacha a dhéanamh ina rogha modheolaíochta de bhun mhír 1.

6.   I gcás ina gceanglaítear leis na hoibleagáidí nó na gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 ar an soláthraí a ndéantar iniúchadh air faisnéis áirithe a thuairisciú go poiblí, áireofar sna modheolaíochtaí iniúchóireachta measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a thuairiscítear saor ó earráid ábhartha nó ó easnamh toisc go bhféadfaidís a bheith míthreorach murach sin.

Airteagal 11

Cáilíocht na fianaise iniúchóireachta

Beidh conclúidí an iniúchta agus na tuairimí iniúchóireachta bunaithe ar fhianaise iniúchóireachta a chomhlíonfaidh an dá cheanglas seo a leanas:

(a)

tá sé ábhartha agus leordhóthanach rioscaí iniúchóireachta a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 9 a laghdú, agus é a chur ar a cumas don eagraíocht iniúchóireachta conclúidí an iniúchta agus tuairimí iniúchóireachta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)

tá sé iontaofa, de réir bhreithiúnas gairmiúil agus sceipteachas na heagraíochta iniúchóireachta.

Airteagal 12

Modhanna samplála

1.   I gcás ina mbeidh fianaise iniúchóireachta bunaithe, go páirteach nó go hiomlán, ar shampla de shonraí nó d’fhaisnéis, roghnófar méid an tsampla agus an mhodheolaíocht le haghaidh samplála d’fhonn an riosca braite a íoslaghdú agus gan aon trasnaíocht ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air.

2.   Roghnófar méid an tsampla agus an mhodheolaíocht le haghaidh samplála ar bhealach a áiritheoidh ionadaíochas na sonraí nó na faisnéise agus, de réir mar is iomchuí, ag cur san áireamh gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

ionadaíochas an tsampla don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3);

(b)

athruithe ábhartha ar an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi le linn na tréimhse sin;

(c)

athruithe ábhartha ar an gcomhthéacs ina soláthraítear an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi le linn na tréimhse sin;

(d)

gnéithe ábhartha de chórais algartamacha, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear pearsantú bunaithe ar phróifíliú nó ar chritéir eile;

(e)

saintréithe nó deighiltí ábhartha eile de na sonraí, den fhaisnéis agus den fhianaise atá á meas;

(f)

léiriú agus anailís iomchuí ar ábhair imní a bhaineann le grúpaí áirithe de réir mar is iomchuí, amhail mionaoisigh nó grúpaí leochaileacha agus mionlaigh, i ndáil leis an oibleagáid nó leis an ngealltanas iniúchta.

3.   Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta bonn cirt maidir le méid an tsampla a roghnaíodh agus maidir leis an modheolaíocht le haghaidh samplála.

Airteagal 13

Modheolaíochtaí sonracha chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le measúnú riosca

1.   Áireofar sa mheasúnú a dhéanfar ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 anailís ar na nithe seo a leanas uile, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil sainaithint, anailís agus measúnú dúthrachtach déanta ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar na rioscaí sistéamacha san Aontas dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena n–áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar:

(i)

conas a shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na rioscaí a bhaineann lena sheirbhís, agus gnéithe réigiúnacha agus teangeolaíocha den úsáid a bhaintear as a sheirbhís á gcur san áireamh, lena n–áirítear i gcás ina bhfuil na gnéithe sin sonrach do Bhallstát, agus cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear na rioscaí go hiomchuí;

(ii)

conas a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air anailís agus measúnú ar gach riosca, lena n–áirítear conas a mheas sé dóchúlacht agus déine na rioscaí, agus cé acu a bhí an measúnú iomchuí nó nach raibh;

(iii)

conas a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na tosca dá dtagraítear in Airteagal 34(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065 a shainaithint, a anailísiú agus a mheasúnú, cé acu a sainaithníodh go hiomchuí iad nó nár sainaithníodh, agus a mhéid a imríonn tosca den sórt sin tionchar ar na rioscaí a shainaithnítear i mír 1 den Airteagal sin;

(iv)

cad iad na foinsí faisnéise a d’úsáid an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, conas a bhailigh sé an fhaisnéis, lena n–áirítear cé acu a bhraith sé nó nár bhraith sé ar léargais eolaíocha agus theicniúla agus conas a bhraith sé orthu;

(v)

cé acu a rinne nó nach ndearna an soláthraí a ndéantar iniúchadh air toimhdí maidir le rioscaí leis na grúpaí is mó a mbíonn tionchar ag na rioscaí sonracha orthu a thástáil agus conas a rinne sé iad a thástáil;

(b)

cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an measúnú riosca laistigh de na tréimhsí ama a leagtar amach in Airteagal 34(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065 agus, i gcás inarb infheidhme, laistigh de na tréimhsí ama a leagtar síos do ghníomhaíochtaí arna mbunú mar bhearta maolaithe riosca chun rioscaí sistéamacha a bhrath de bhun Airteagal 35(1), pointe (f) den Rialachán sin;

(c)

conas a shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air feidhmiúlachtaí ar dócha go mbeidh tionchar criticiúil acu ar na rioscaí a ndéanfar measúnuithe riosca ina leith sula gcuirfear in úsáid iad, de bhun d’Airteagal 34(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, cé acu a sainaithníodh na feidhmiúlachtaí sin i gceart nó nár sainaithníodh, agus cé acu a rinneadh an measúnú riosca go hiomchuí nó nach ndearnadh;

(d)

cé acu a shainaithin nó nár shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air i gceart an doiciméadacht tacaíochta ba cheart a chaomhnú maidir leis an measúnú riosca agus cé acu a chuir sé nó nár chuir sé na modhanna is gá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcaomhnófar an doiciméadacht sin ar feadh 3 bliana ar a laghad, de bhun Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2022/2065, agus cé acu a caomhnaíodh an doiciméadacht dá réir sin nó nár caomhnaíodh.

2.   Gan dochar d’aon anailís eile is gá chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach, áireofar sna modheolaíochtaí chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065, ar a laghad, measúnú a dhéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

na rialuithe inmheánacha atá curtha i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na measúnuithe riosca maidir le gach toisc dá dtagraítear in Airteagal 34(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065; maidir leis an measúnú sin:

(i)

beidh sé bunaithe ar nósanna imeachta anailíseacha substainteacha, le haghaidh na rialuithe inmheánacha sin;

(ii)

beidh sé bunaithe ar thástálacha i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil na rialuithe inmheánacha sin iontaofa, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad a cheapadh agus a fhorghníomhú go dúthrachtach agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar faireachán orthu leis an dúthracht chéanna;

(iii)

déanfar meastóireacht ann ar conas a rinne an t–oifigeach nó na hoifigigh um chomhlíontacht a gcúraimí dá dtagraítear i ndáil le hAirteagal 41(3), pointí (b), (d), (e) agus, i gcás inarb infheidhme (f), de Rialachán (AE) 2022/2065 agus conas a bhí baint ag comhlacht bainistíochta an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis na cinntí a bhaineann le bainistíocht riosca de bhun Airteagal 41(6) agus (7) den Rialachán sin;

(b)

na gníomhaíochtaí, na modhanna agus na próisis a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air i bhfeidhm chun comhlíontacht le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus torthaí an Rialacháin sin a áirithiú; bunófar measúnú den sórt sin ar:

(i)

nósanna imeachta anailíseacha substainteacha;

(ii)

tástálacha, lena n–áirítear córais algartamacha, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ar an eagraíocht iniúchóireachta, tar éis thorthaí na nósanna imeachta anailíseacha substainteacha agus an mheasúnaithe ar rialuithe inmheánacha, nó i gcás ina measann an eagraíocht iniúchóireachta gur gá tástálacha a dhéanamh ina rogha modheolaíochta de bhun Airteagal 10(1).

3.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis a ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta anailís uirthi chun tacú leis an measúnú a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, ach ní bheidh sí teoranta di:

(a)

an tuarascáil measúnaithe riosca don tréimhse ábhartha iniúchta, arna tarraingt suas ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air lena n–áirítear, i gcás inar gá, faisnéis rúnda nach cuid den fhaisnéis arna foilsiú de bhun Airteagal 42(2) den Rialachán sin í, agus na doiciméid tacaíochta uile;

(b)

i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha measúnaithe riosca eile ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air agus a ndoiciméid tacaíochta;

(c)

faisnéis arna cur isteach ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air de bhun Airteagal 5;

(d)

gach tuarascáil trédhearcachta ábhartha ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(e)

aon torthaí eile tástála, doiciméadacht, fianaise, ráitis a rinneadh mar fhreagra ar cheisteanna i scríbhinn nó ó bhéal a chuir an eagraíocht iniúchóireachta chuig pearsanra an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, agus barúlacha a tugadh ar áitribh, i gcás inarb infheidhme;

(f)

fianaise ábhartha eile, lena n–áirítear bunaithe ar fhaisnéis a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil;

(g)

i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus treoraíocht ón gCoimisiún, lena n–áirítear treoirlínte arna n–eisiúint de bhun Airteagal 35(3) den Rialachán sin agus aon treoraíocht ábhartha eile arna heisiúint ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065.

4.   Féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis arna hanailísiú ag an eagraíocht iniúchóireachta, de réir mar is iomchuí, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena n–áirítear ó thuarascálacha iniúchóireachta, measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, maidir le hardáin an-mhór eile ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, nó le sonraí agus taighde arna gcur ar fáil go poiblí ag taighdeoirí grinnfhiosraithe de bhun Airteagal 40(8), pointe (g), den Rialachán.

Airteagal 14

Modheolaíochtaí sonracha chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le rioscaí a mhaolú

1.   Áireofar sa mheasúnú a dhéanfar ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 anailís ar na nithe seo a leanas uile, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:

(a)

conas a shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air bearta maolaithe riosca le haghaidh gach ceann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, agus cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh bearta maolaithe riosca den sórt sin ar bhealach dúthrachtach;

(b)

conas a mheas an soláthraí a ndéantar iniúchadh air cé acu a bhí nó nach raibh na bearta maolaithe riosca in Airteagal 35(1) pointí (a) go (k), de Rialachán (AE) 2022/2065 infheidhme maidir leis an tseirbhís a ndéantar iniúchadh uirthi agus cé acu a bhí nó nach raibh conclúid an mheasúnaithe sin iomchuí, lena n–áirítear a mhéid a bhaineann leis na bearta sin nár chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air i bhfeidhm;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil na bearta maolaithe a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air i bhfeidhm réasúnta, comhréireach agus éifeachtach chun na rioscaí faoi seach a mhaolú, lena n–áirítear trí na nithe seo a leanas a dhéanamh

(i)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a fhreagraíonn siad nó nach bhfreagraíonn siad i gcomhpháirt do na rioscaí uile, agus aird ar leith á tabhairt ar na rioscaí a bhaineann le feidhmiú na gceart bunúsach;

(ii)

measúnú comparáideach a dhéanamh ar an gcaoi ar tugadh aghaidh ar na rioscaí sular cuireadh na bearta sonracha maolaithe riosca i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin;

(iii)

cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh na bearta maolaithe riosca a cheapadh agus a fhorghníomhú go hiomchuí.

2.   Gan dochar d’aon anailís eile is gá chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a bhaint amach, áireofar sna modheolaíochtaí chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065, ar a laghad, measúnú arna dhéanamh ag an eagraíocht iniúchóireachta ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

na rialuithe inmheánacha atá curtha i bhfeidhm ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus cé acu atá nó nach bhfuil siad réasúnta, comhréireach agus éifeachtach; maidir leis an measúnú sin:

(i)

beidh sé bunaithe ar nósanna imeachta anailíseacha substainteacha le haghaidh na rialuithe inmheánacha sin;

(ii)

beidh sé bunaithe ar thástálacha i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil na rialuithe inmheánacha sin iontaofa, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad a cheapadh agus a fhorghníomhú go dúthrachtach agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar faireachán orthu leis an dúthracht chéanna;

(iii)

déanfar meastóireacht ann ar conas a rinne an t–oifigeach nó na hoifigigh um chomhlíontacht a gcúraimí dá dtagraítear i ndáil le hAirteagal 41(3), pointí (b), (d), (e) agus, i gcás inarb infheidhme, (f), de Rialachán (AE) 2022/2065, agus conas a bhí comhlacht bainistíochta an tsoláthraí bainteach de bhun Airteagal 41(6) agus (7) den Rialachán sin;

(b)

bearta maolaithe arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe a ndéantar iniúchadh orthu; bunófar measúnú den sórt sin ar:

(i)

nósanna imeachta anailíseacha substainteacha;

(ii)

tástálacha, lena n–áirítear córais algartamacha, i gcás ina bhfuil amhras réasúnta ar an eagraíocht iniúchóireachta, tar éis thorthaí na nósanna imeachta anailíseacha substainteacha agus an mheasúnaithe ar rialuithe inmheánacha, nó i gcás ina measann an eagraíocht iniúchóireachta gur gá tástálacha a dhéanamh ina rogha modheolaíochta de bhun Airteagal 10(1).

3.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis a ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta anailís uirthi chun tacú leis an measúnú a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, ach ní bheidh sí teoranta di:

(a)

na tuarascálacha ar mheasúnú riosca agus ar mhaolú riosca don tréimhse ábhartha iniúchta, arna dtarraingt suas ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air lena n–áirítear, i gcás inar gá, faisnéis rúnda nach cuid den fhaisnéis arna foilsiú de bhun Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 í, agus na doiciméid tacaíochta uile;

(b)

i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha eile ar mheasúnú riosca agus ar mhaolú riosca an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air agus a dhoiciméid tacaíochta;

(c)

faisnéis arna cur isteach ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air de bhun Airteagal 5;

(d)

gach tuarascáil trédhearcachta ábhartha ón soláthraí a ndéantar iniúchadh air dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(e)

i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha ón am atá thart ar mhaolú riosca agus a ndoiciméid tacaíochta, a bhaineann le tréimhsí nach gcumhdaítear leis an tréimhse iniúchta, lena n–áirítear, i gcás inar gá, faisnéis rúnda nach cuid den fhaisnéis arna foilsiú de bhun Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 í;

(f)

aon torthaí eile tástála, doiciméadacht, fianaise, ráitis a rinneadh mar fhreagra ar cheisteanna i scríbhinn nó ó bhéal a chuir an eagraíocht iniúchóireachta chuig pearsanra an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air, agus barúlacha a tugadh ar áitribh, i gcás inarb infheidhme;

(g)

fianaise ábhartha eile, lena n–áirítear bunaithe ar fhaisnéis a chuir an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ar fáil;

(h)

i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 agus treoraíocht ón gCoimisiún, lena n–áirítear treoirlínte arna n–eisiúint de bhun Airteagal 35(3) den Rialachán sin agus aon treoraíocht ábhartha eile arna heisiúint ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065.

4.   Féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis arna hanailísiú ag an eagraíocht iniúchóireachta, de réir mar is iomchuí, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, lena n–áirítear ó thuarascálacha iniúchóireachta, measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, maidir le hardáin an-mhór eile ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, nó le sonraí agus taighde arna gcur ar fáil go poiblí ag taighdeoirí grinnfhiosraithe de bhun Airteagal 40(8), pointe (g), de Rialachán (AE) 2022/2065.

Airteagal 15

Modheolaíochtaí sonracha chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le sásra práinnfhreagartha

1.   Áireofar sa mheasúnú a dhéanfar ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 36(1), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/2065, ach ní bheidh sé teoranta dóibh, anailís ar cé acu a rinne nó nach ndearna an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na gníomhaíochtaí riachtanacha, agus conas a rinne sé iad, go háirithe:

(a)

cé acu a shainaithin nó nár shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na córais ábhartha a bhfuil baint acu le feidhmiú agus le húsáid a sheirbhíse a chuireann go mór leis an mbagairt thromchúiseach agus cé acu a sainaithníodh na córais sin go hiomchuí nó nár sainaithníodh;

(b)

cé acu a rinne nó nach ndearna an soláthraí a ndéantar iniúchadh air sainiú agus faireachán ar an rannchuidiú mór leis an mbagairt thromchúiseach agus conas a rinne sé é agus cé acu ab iomchuí measúnú a dhéanamh air nó nárbh iomchuí;

(c)

aon cheanglas eile a shonraítear i gcinneadh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 36(1) nó (7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, de réir mar is iomchuí.

2.   Áireofar sa mheasúnú a dhéanfar ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 36(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065, ach ní bheidh sé teoranta di, anailís ar cé acu a rinne nó nach ndearna an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na gníomhaíochtaí riachtanacha agus conas a rinne sé iad, go háirithe:

(a)

cé acu a shainaithin nó nár shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air bearta chun aon rannchuidiú leis an mbagairt thromchúiseach a chosc, a dhíchur nó a theorannú agus conas a rinne sé é sin;

(b)

cé acu a thug nó nár thug agus conas a thug bearta a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air aghaidh ar thromchúis na bagartha tromchúisí, ar an bpráinn atá ann, agus cé acu a bhí na bearta iomchuí ina leith sin nó nach raibh;

(c)

cé acu a shainaithin nó nár shainaithin agus conas a shainaithin an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na páirtithe lena mbaineann na bearta agus a leasanna dlisteanacha, agus conas a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air measúnú ar thionchar iarbhír nó ionchasach na mbeart ar chearta na bpáirtithe sin, lena n–áirítear cearta bunúsacha, agus leasanna dlisteanacha;

(d)

cé acu a bhí nó nach raibh na bearta a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air éifeachtach agus comhréireach;

(e)

aon cheanglas eile a shonraítear i gcinneadh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 36(1) nó (7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, de réir mar is iomchuí.

3.   Áireofar sa mheasúnú a dhéanfar ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 36(1), an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2065, ach ní bheidh sé teoranta dó, anailís ar conas a rinne an soláthraí a ndéantar iniúchadh air an ghníomhaíocht riachtanach, go háirithe maidir le cé acu a sholáthair nó nár sholáthair an soláthraí a ndéantar iniúchadh air an fhaisnéis don Choimisiún a cheanglaítear sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 36(1) nó (7), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, agus cé acu a bhí nó nach raibh na tuarascálacha sin cruinn.

Airteagal 16

Iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le hiniúchadh neamhspleách

1.   Déanfar measúnú ar chomhlíontacht na n–oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus sa Rialachán seo i ndáil leis an iniúchadh nó leis na hiniúchtaí a dhéanfar don tréimhse bhliantúil roimh an iniúchadh reatha.

2.   I dteannta le mír 1, áireofar san iniúchadh measúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir leis an iniúchadh reatha.

3.   I gcás ina ndearna an eagraíocht iniúchóireachta chéanna an t–iniúchadh nó na hiniúchtaí roimhe sin dá dtagraítear i mír 1 leis an iniúchadh reatha, nó i gcás ina bhfuil ar a laghad eintiteas dlítheanach amháin a ghlac páirt san iniúchadh roimhe sin san eagraíocht iniúchóireachta ag déanamh an iniúchta reatha, áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta míniú ar na céimeanna a chuir an eagraíocht iniúchóireachta i bhfeidhm chun oibiachtúlacht an mheasúnaithe a áirithiú.

Airteagal 17

Iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na cóid iompair agus leis na prótacail ghéarchéime

1.   Cuirfidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air na nithe seo a leanas ar fáil don eagraíocht iniúchóireachta:

(a)

liosta agus téacs na gcód iompair uile dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus de na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48 den Rialachán sin, a bhfuil an soláthraí a ndéantar iniúchadh air ina shínitheoir dóibh;

(b)

liosta mionsonraithe gealltanas laistigh de na cóid iompair agus na prótacail ghéarchéime sin atá glactha ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na príomhtháscairí feidhmíochta arna gcomhaontú faoi gach cód iompair agus prótacal géarchéime;

(d)

i gcás inarb infheidhme, aon tomhas, sonraí agus doiciméadacht atá ar fáil, agus aon tuarascáil a d’ullmhaigh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air maidir le comhlíontacht na ngealltanas arna nglacadh ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air, lena n–áirítear rochtain ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí ábhartha uile a bhaineann le feidhmiú na seirbhísí a thairgeann an soláthraí a ndéantar iniúchadh air atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an chóid iompair nó an phrótacail géarchéime;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tomhais, sonraí agus doiciméadacht eile arna n–ullmhú ag sínitheoirí an chóid iompair nó an phrótacail géarchéime, agus na measúnuithe ón gCoimisiún nó ón mBord dá dtagraítear in Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2022/2065.

2.   Áireofar sa mheasúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air leis na cóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2022/2065, ach ní bheidh sé teoranta dó, tomhas na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna gcomhaontú sa chód iompair de bhun Airteagal 45(3) den Rialachán sin, lena sonraítear tairseach ábharthachta na gconclúidí iniúchta, agus cé acu atá na sonraí tuairiscithe cruinn nó nach bhfuil.

ROINN V

Forálacha deiridh

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

TEIMPLÉAD DON TUARASCÁIL INIÚCHÓIREACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Clár na n–ábhar

Image 1

ROINN B: Eagraíocht(aí) iniúchóireachta

Chun an chuid thíos a líonadh isteach, cuir isteach an oiread línte agus is gá in aghaidh an phointe.

1.

Ainm(neacha) na heagraíochta/na n–eagraíochtaí atá san eagraíocht iniúchóireachta:

2.

Faisnéis faoi fhoireann iniúchóireachta na heagraíochta iniúchóireachta:

I gcás gach comhalta den fhoireann iniúchóireachta, déan na nithe seo a leanas a sholáthar:

1.

a n-ainm pearsanta;

2.

an eagraíocht aonair, cuid den eagraíocht iniúchóireachta, a bhfuil siad cleamhnaithe léi;

3.

a seoladh ríomhphoist ghairmiúil;

4.

tuairiscí ar a bhfreagrachtaí agus ar an obair a rinne siad le linn an iniúchta.

3.

Cáilíochtaí na n–iniúchóirí:

a.

Forbhreathnú ar cháilíochtaí gairmiúla na ndaoine aonair a rinne an t–iniúchadh, lena n–áirítear réimsí saineolais, deimhnithe, de réir mar is infheidhme:

b.

Doiciméid lena bhfianaítear go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/2065, agus gur cuireadh i gceangal iad mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo:

4.

Neamhspleáchas na n–iniúchóirí:

a.

Dearbhú leasanna:

b.

Tagairtí d’aon chaighdeán atá ábhartha do neamhspleáchas na foirne iniúchóireachta agus a gcloíonn an eagraíocht iniúchóireachta nó na heagraíochtaí iniúchóireachta leo:

c.

Liosta doiciméad lena bhfianaítear go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointí (a) agus (c) de Rialachán (AE) 2022/2065 atá i gceangal mar iarscríbhinní a ghabhann leis an tuarascáil seo:

5.

Tagairtí d’aon chaighdeán iniúchóireachta a chuirtear i bhfeidhm san iniúchadh, de réir mar is infheidhme:

6.

Tagairtí d’aon chaighdeán bainistíochta cáilíochta a gcloíonn an eagraíocht iniúchóireachta leo, de réir mar is infheidhme:

Image 2

Image 3

Image 4

Image 5

Image 6

Image 7

ROINN F.1: Dul i gcomhairle le tríú páirtithe

Déan an roinn seo arís de réir an tríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis, agus déan ainm na roinne a incrimintiú faoi aon (mar shampla, F.1, F.2, agus mar sin de).

1.

Ainm an tríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis:

2.

Ionadaí agus faisnéis teagmhála an tríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis:

3.

Dáta(í) an chomhairliúcháin:

4.

Ionchur arna sholáthar ag tríú páirtí


ROINN G: Aon fhaisnéis eile is mian leis an gcomhlacht iniúchóireachta a áireamh sa tuarascáil iniúchóireachta (amhail tuairisc ar theorainneacha bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ann).

 


 

An oiread línte agus is gá a áireamh i gcomhréir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí agus an chumhachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) pointe b)

Dáta:

Sínithe ag:

Áit:

In ainm:

 

Freagrach as:

Iarscríbhinní a ghabhann leis an Tuarascáil Iniúchóireachta (de réir mar is infheidhme):

Doiciméid a iarrtar de bhun Airteagal 7(2) den Rialachán seo.

Doiciméid a bhaineann leis an anailís riosca iniúchóireachta de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo.

Doiciméid lena bhfianaítear go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/2065.

Doiciméid lena bhfianaítear go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/2065.

Doiciméid lena bhfianaítear go gcomhlíonann an eagraíocht iniúchóireachta na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 37(3), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2065.

Doiciméadacht agus torthaí d’aon tástáil a rinne an eagraíocht iniúchóireachta, lena n–áirítear a mhéid a bhaineann le córais algartamacha an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air.

Cóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 45 agus 46 de Rialachán (AE) 2022/2065 faoina ndearna an soláthraí a ndéantar iniúchadh air gealltanais, lena n–áirítear léiriú soiléir ar aon ghealltanas a tugadh agus ar aon eochairtháscaire feidhmíochta comhaontaithe i leith an ghealltanais sin.

Prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2022/2065 arna gcur chun feidhme ag an soláthraí a ndéantar iniúchadh air.

Aon iarscríbhinn eile is mian leis an eagraíocht iniúchóireachta a chur san áireamh.


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD DON TUARASCÁIL AR CHUR CHUN FEIDHME NA hINIÚCHÓIREACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Clár na n–ábhar

ROINN A: Faisnéis Ghinearálta

1.

Soláthraí a ndéantar iniúchadh air:

 

2.

Seoladh an tsoláthraí a ndéantar iniúchadh air:

 

3.

Tuarascáil iniúchóireachta ar a bhfuil an tuarascáil cur chun feidhme seo bunaithe

Dáta glactha na tuarascála iniúchóireachta: …

Tagairt don tuarascáil iniúchóireachta (mar shampla URL):

 

4.

Faisnéis faoin iniúchadh foluiteach agus faoi na páirtithe lena mbaineann (féach ranna A agus B den tuarascáil iniúchóireachta tagartha):

 

5.

An dtagraítear sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta do thuarascáil iniúchóireachta maidir le comhlíontacht leis na hoibleagáidí agus na gealltanais uile de bhun Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 is infheidhme maidir leis an soláthraí a ndéantar iniúchadh air?

Tagraítear/Ní thagraítear (más ‘Ní thagraítear’, tabhair le fios cad iad na hoibleagáidí agus na gealltanais a chumhdaítear sa tuarascáil iniúchóireachta tagartha)

 

6.

I gcás inarb infheidhme, tagairtí do thuarascálacha iniúchóireachta eile a eascraíonn as iniúchtaí de bhun Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2022/2065 a bhfuil nó a mbeidh an soláthraí a ndéantar iniúchadh air faoina réir maidir leis an tréimhse iniúchta:

 

 

Image 8

Image 9

Image 10


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/436/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top