This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0403
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/403 of 30 January 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2017/373 as regards the definition of SIGMET and certain requirements for special visual flight rules and air traffic control clearances
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/403 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SIGMET agus le ceanglais áirithe le haghaidh rialacha amharceitilte speisialta agus ceadanna rialaithe aerthráchta
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/403 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SIGMET agus le ceanglais áirithe le haghaidh rialacha amharceitilte speisialta agus ceadanna rialaithe aerthráchta
C/2024/455
IO L, 2024/403, 11.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/403/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/403 |
11.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/403 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SIGMET agus le ceanglais áirithe le haghaidh rialacha amharceitilte speisialta agus ceadanna rialaithe aerthráchta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1), pointe (a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (2), leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (‘BAT/SAL’) agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta (‘feidhmeanna líonra BAT’) eile maidir leis an ngnáth-aerthrácht agus a bhformhaoirseacht. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha coiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht is infheidhme maidir leis an ngnáth-aerthrácht (dá ngairtear ‘rialacha an aeir’). Leasaíodh forálacha áirithe den Rialachán sin a bhaineann le soláthar seirbhísí aerthráchta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/404 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
D’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart forálacha comhfhreagracha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir sin. Baineann sé sin go háirithe le sainmhíniú ar fhaisnéis a bhaineann le dálaí meitéareolaíocha suntasacha agus le forálacha áirithe maidir le ceadanna a bhaineann le Rialacha Amharceitilte (‘RAE’) speisialta. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo agus leibhéal ard aonfhoirmeach de shábháilteacht eitlíochta sibhialta san Aontas a áirithiú, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt don earnáil agus d’údaráis inniúla na mBallstát oiriúnú do na bearta arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo. Ar an mbonn sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm. |
|
(6) |
Thug Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh cúnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, agus an 18 Lúnasa 2023 chuir sí Tuairim Uimh. 02/2023 lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, IV agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) IO L 62, 8.3.2017, lch. 1.
(3) IO L 281, 13.10.2012, lch. 1.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/404 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a mhéid a bhaineann le nuashonruithe ar fhorálacha ábhartha ICAO, leis an nós imeachta a chur i gcrích maidir le teip radachumarsáide agus leis an bhforlíonadh don Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a bhaint (IO L, 2024/404, 11.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, IV agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (93):
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn IV, fochuid B, leasaítear pointe ATS.TR.270 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn VI, fochuid B, pointe AIS.TR.330 NOTAM, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (f):
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/403/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)