Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0371

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/371 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú maidir le marcáil táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

    C/2024/242

    IO L, 2024/371, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/371/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/371/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/371

    23.4.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/371 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Eanáir 2024

    lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú maidir le marcáil táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 11(11) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2020/2184, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuireann ábhair áirithe a thagann i dteagmháil le huisce le haghaidh a óil ag an duine isteach ar shláinte an duine go díreach ná go hindíreach, nach ndéanann siad dochar díobhálach do dhath, boladh ná blas an uisce, nach gcuireann siad le fás miocróbach san uisce ná nach láisteann siad éilleáin isteach san uisce ar leibhéil is airde ná is gá i bhfianaise an chuspóra a bheartaítear leo.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 11(11) de Threoir (AE) 2020/2184, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh marcáil fheiceálach inléite shoiléir agus dhoscriosta a úsáidfear chun a léiriú go bhfuil táirge a thagann i dteagmháil le huisce le haghaidh a óil ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir sin. Beidh an mharcáil a bhunaítear leis an Rialachán seo ag gabháil le táirge ar eisíodh Dearbhú Comhréireachta an Aontais Eorpaigh ina leith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/370 (2) ón gCoimisiún [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C (2024)241].

    (3)

    Na sonraíochtaí comhchuibhithe do shuíomh agus dearadh na marcála, baineann siad le táirgí atá beartaithe lena n-úsáid i suiteálacha nua nó, i gcás oibreacha deisiúcháin nó atógála, i suiteálacha atá ann cheana, chun uisce le haghaidh a óil ag an duine a astarraingt, a chóireáil, a stóráil nó a dháileadh agus atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil leis an uisce sin.

    (4)

    Chun a áirithiú go bhfuil an mharcáil feiceálach go leordhóthanach agus sainaitheanta go soiléir, ba cheart íosmhéid a leagan amach don mharcáil agus ba cheart siombail agus téacs faisnéise a bheith sa mharcáil.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Áireofar sa mharcáil dá dtagraítear in Airteagal 11(11) de Threoir (AE) 2020/2184 (an ‘mharcáil’) an tsiombail a thugtar san Iarscríbhinn. Beidh an tsiombail 5 mm ar airde ar a laghad.

    I gcás nach féidir an tsiombail den íosmhéid a ghreamú den táirge, greamófar í den phacáistíocht agus den doiciméadacht.

    Greamófar an tsiombail go feiceálach doscriosta de dhromchla amháin nó níos mó den táirge, d’aon doiciméad teicniúil nó riaracháin a ghabhann leis an táirge (an ‘doiciméadacht’) agus de phacáistíocht an táirge.

    2.   Áireofar sa mharcáil ar dhoiciméadacht agus pacáistíocht an táirge an téacs faisnéise seo a leanas freisin:

    ‘ÓIRIÚNACH LE hAGHAIDH UISCE ÓIL’.

    3.   An téacs faisnéise dá dtagraítear i mír 2, beidh sé feiceálach go soiléir agus cuirfear faoin tsiombail é, sa chás uachtair agus in Helvetica Bolt le clómhéid íosta de 5 mm.

    An téacs faisnéise a ghreamófar den doiciméadacht, scríobhfar é i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh, mura bhforálann an Ballstát sin a mhalairt.

    An téacs faisnéise a ghreamófar den phacáistíocht, scríobhfar é in ar a laghad ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh.

    Féadfaidh tuilleadh teangacha a úsáid le haghaidh an téacs faisnéise ná mar a éilítear sa mír seo, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis chéanna ar fáil i ngach teanga a úsáidtear.

    I gcás ina n-aistrítear an téacs faisnéise go teanga eile seachas na teangacha a éilítear dá dtagraítear sa mír seo, cuirfear an téacs aistrithe faoin téacs faisnéise sna teangacha sin a éilítear.

    4.   Maidir le dath agus cur i láthair na marcála, beidh siad de chineál a fhágann go seasann an tsiombail amach go soiléir.

    5.   Féadfar lipéadú eile a ghreamú den táirge, den doiciméadacht agus den phacáistíocht, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar infheictheacht, inléiteacht agus brí na marcála.

    6.   Beidh gach cuid den mharcáil suite cóngarach don lipéadú eile ar an táirge, ar an doiciméadacht agus ar an bpacáistíocht.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2026.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanair 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/370 ón gCoimisiún an 23 Eanair 2024 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagan síos le haghaidh táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus na rialacha maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá páirteach sna nósanna imeachta sin a ainmniú (IO L, 2024/370, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/370/oj).


    IARSCRÍBHINN

    SIOMBAIL

    Image 1


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/371/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top