Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0353

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/353 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2024/367

    IO L, 2024/353, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/353/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/353/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/353

    19.1.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/353 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Eanáir 2024

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile a bhaineann le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Ullmhóid ar meascán é ina bhfuil, de réir meáchain, cion 17 % de nisin, ar peiptíd iltimthriallach é, agus cion 83 % de chlóiríd sóidiam.

    Cuirtear clóiríd sóidiam léi ar dtús le linn céim íonaithe i dtáirgeadh nisine. I gcéim eile ina dhiaidh sin, cuirtear clóiríd sóidiam breise léi chun an ullmhóid a chaighdeánú do ghníomhaíocht antaibheathach shainithe, agus chun na críche sin amháin.

    Úsáidtear an ullmhóid mar bhreiseán bia chun fás baictéarach a chosc.

    3824 99 96

    Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 1 a ghabhann le Caibidil 29 agus le foclaíocht na gcód AC 3824 , 3824 99 agus 3824 99 96 .

    An chlóiríd sóidiam atá san ullmhóid, cuirtear í léi chun críoch caighdeánaithe agus ní chun críoch cothaitheach. Úsáidtear an ullmhóid mar bhreiseán teicniúil bia agus ní mheastar gur meascán ceimiceán í ina bhfuil earraí bia nó substaintí eile a bhfuil luach cothaitheach acu de réir bhrí Nóta 1(b) a ghabhann le Caibidil 38. Dá bhrí sin, eisiatar aicmiú mar ullmhóid bhia faoi cheannteideal 2106 (féach Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le Caibidil 38, Ginearálta, an cúigiú mír).

    Eisiatar aicmiú i gCaibidil 29 toisc gur cuireadh clóiríd sóidiam léi d’aon turas chun an ullmhóid a dhéanamh an-oiriúnach d’úsáid shonrach mar bhreiseán bia a bhfuil gníomhaíocht antaibheathach shainithe aige. Thairis sin, ní eisíontas í clóiríd sóidiam a thagann as an bpróiseas monaraíochta (féach Nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 29 agus Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le Caibidil 29, Ginearálta, pointe (A), an dara mír agus an cúigiú mír).

    Dá bhrí sin, tá an ullmhóid le haicmiú faoi chód AC 3824 99 96 amhail ullmhóidí eile de chuid na dtionscal ceimiceach nó na dtionscal gaolmhar, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile (féach freisin, de réir analaí, tuairim 3824.99/3 ar aicmiú an Chórais Chomhchuibhithe).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/353/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top