EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0346
Commission Regulation (EU) 2024/346 of 22 January 2024 amending Annex II to Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council and the Annex to Commission Regulation (EU) No 231/2012 as regards the use of trimagnesium dicitrate in food supplements
Rialachán (AE) 2024/346 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le déchiotráit trímhaignéisiam a úsáid i bhforbhianna
Rialachán (AE) 2024/346 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le déchiotráit trímhaignéisiam a úsáid i bhforbhianna
C/2024/297
IO L, 2024/346, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/346/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/346 |
23.1.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/346 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Eanáir 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le déchiotráit trímhaignéisiam a úsáid i bhforbhianna
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia, lena n-áirítear dathanna agus milseoirí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(3) |
Féadfar liostaí an Aontais in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
(4) |
An 24 Meitheamh 2015 cuireadh isteach iarratas ar údarú maidir le húsáid déchiotráite trímhaignéisiam ainhidriúla mar chobhsaitheoir agus mar oibreán frithstolptha i bhforbhianna i bhfoirm sholadach agus i bhfoirm choganta agus cuireadh ar fáil do na Ballstáit é. |
(5) |
Tá déchiotráit trímhaignéisiam ainhidriúil ceaptha lena húsáid i bhforbhianna i bhfoirm sholadach agus i bhfoirm choganta chun méideanna beaga d’uisce iarmharach a cheangal le linn na próiseála agus laistigh den phacáistíocht. |
(6) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) meastóireacht ar shábháilteacht déchiotráite trímhaignéisiam ainhidriúla (4) nuair a úsáidtear í mar bhreiseán i bhforbhianna i bhfoirm sholadach agus i bhfoirm choganta agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil aon ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de i gceist lena húsáid i bhforbhianna soladacha ar an ngnáthleibhéal úsáide atá beartaithe de 50 000 mg/kg, cé go mbeadh an úsáid ar an uasleibhéal úsáide atá beartaithe de 120 000 mg/kg, arb é sin an meastachán noctha cothúcháin ar mhaignéisiam atá mar thoradh air, os cionn an uasleibhéil iontógála (‘UI’) is inghlactha de 250 mg/lá le haghaidh maignéisiam forlíontach arna leagan síos ag an gCoiste Eolaíoch um Bia ar bhonn na héifeachta purgóidí éadroime atá aige, rud atá inchúlaithe go héasca agus ar féidir leis an gcorp dul i dtaithí uirthi go héasca laistigh de roinnt laethanta. Ar choinníoll go raibh meastacháin noctha cothúcháin ar mhaignéisiam ó úsáid an bhreiseáin bia déchiotráit trímhaignéisiam ainhidriúil san fhorbhia faoi bhun an UI, mheas an tÚdarás nach mbeadh aon ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de i gceist le gnáthleibhéil úsáide beartaithe déchiotráite trímhaignéisiam ainhidriúla mar chobhsaitheoir agus mar oibreán frithstolptha i bhforbhianna. |
(7) |
Tar éis na tuairime ón Údarás, d’ísligh an t-iarratasóir na huasleibhéil úsáide a iarradh go 100 000 mg/kg ionas nach mbeadh an teagmháil a bhíonn ag daoine fásta agus daoine scothaosta le maignéisiam mar thoradh air ar an leibhéal ard faoi na treoracha úsáide a sholáthair an monaróir le haghaidh ghnáthúsáid an fhorbhia os cionn an UI a údaraíodh mar chothaitheach i bhforbhianna. |
(8) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, úsáid déchiotráite trímhaignéisiam ainhidriúla a údarú mar chobhsaitheoir agus mar oibreán frithstolptha i bhforbhianna soladacha, agus E 345(i) a shannadh mar E-uimhir don bhreiseán sin. |
(9) |
Ba cheart na sonraíochtaí le haghaidh déchiotráit trímhaignéisiam (E 345(i)) a áireamh in Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 toisc go n-áirítear é i liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2016; 14(11):4599
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:
(1) |
i gCuid B, pointe 3 ‘Breiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí’, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh an bhreiseáin bia Fosfáití maignéisiam E 343:
|
(2) |
i gCuid E, i gcatagóir bhia 17.1. ‘Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, seachas forbhianna le haghaidh naíonán agus leanaí óga’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Pholasorbáití E 432-436:
|
IARSCRÍBHINN II
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 cuirtear isteach an iontráil seo a leanas le haghaidh E 345(i) i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 343 (ii) FOSFÁIT DÉMHAIGNÉSIAM:
‘E 345 (i) DÉCHIOTRÁIT TRÍMHAIGNÉISIAM |
|
Comhchiallaigh |
Ciotráit mhaignéisiam; ciotráit trímhaignéisiam |
Sainmhíniú |
|
Einecs |
222-093-9 |
Ainm ceimiceach |
Bis(2-hiodrocsaprópán-1,2,3- trícharbocsaláit) trímhaignéisiam, ainhidriúil |
Foirmle cheimiceach |
(C6H5O7)2 Mg3 |
Meáchan móilíneach |
451,12 (ainhidriúil) |
Measúnacht |
15,0–16,5 % Mg ar shubstaint thirim/ábhar tirim cothrom le 92,8–102,1 % de dhéchiotráit trímhaignéisiam ainhidriúil |
Tuairisc |
Púdar bán nó beagnach bán, mín, tais-scópach de bheagán |
Cuma thuaslagáin |
Nach bhfuil níos ópalaí ná fuaidreán tagartha III agus nach bhfuil níos tréandaite ná tuaslagán tagartha Y7 nó BY6 |
Aitheantas |
|
Tástáil ar chiotráit |
Deimhneach |
Tástáil ar mhaignéisiam |
Deimhneach |
pH (tuaslagán 5 %) |
6,0–8,5 |
Intuaslagthacht |
Intuaslagtha in uisce, nach mór dothuaslagtha in eatánól (96 %), tuaslagann sé in aigéad hidreaclórach caolaithe. |
Méid na gcáithníní |
trí mhodh an mhicreascóip leictreoin tarcurtha scanála - méid airmheánach (D50) na gcáithníní (uimhirbhunaithe) nach bhfuil faoi bhun 130 nm trí mhodh an díraonacháin léasair. — méid airmheánach (D50) na gcáithníní (mais-bhunaithe) nach bhfuil faoi bhun 50 nm |
Íonacht |
|
Caillteanas mar gheall ar thriomú |
Uasleibhéal de 3,5 % a chinntear ar 1 000 g de trína thriomú in oigheann ar leibhéal 180 ± 10 °C ar feadh 5 huaire |
Ocsalach/ocsaláit |
≤ 280 mg/kg (0,028 %) mar aigéad ocsalach |
Sulfáití |
≤ 2 000 mg/kg (0,2 %) |
Cailciam |
≤ 2 000 mg/kg (0,2 %) |
Iarann |
≤ 100 mg/kg |
Mearcair |
≤ 0,1 mg/kg |
Luaidhe |
≤ 1 mg/kg |
Caidmiam |
≤ 0,1 mg/kg |
Arsanaic |
≤ 1 mg/kg |
Ábhar nach bhfuil sainaitheanta |
Níl aon eisíontais a bhaineann leis an bpróiseas ná leis an táirge ann. Ní féidir láithreacht neamhbheartaithe na bhfoirmeacha hiodráitithe de dhéchiotráit trímhaignéisiam amhail an naonahiodráit a eisiamh.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/346/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)