Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0331

Rialachán (AE) 2024/331 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar ocsaimile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

C/2024/260

IO L, 2024/331, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/331/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/331/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/331

22.1.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/331 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar ocsaimile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 18(1), pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás na substainte gníomhaí ocsaimil, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

Chuaigh formheas na substainte gníomhaí ocsaimil in éag an 1 Bealtaine 2023 (2). Beidh gach údarú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin cúlghairthe faoin 1 Samhain 2023.

(3)

I gcomhthéacs an nós imeachta chun formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach sin (4), lena mbunaítear iontógáil laethúil inghlactha (ILI) níos ísle agus géardháileog thagartha níos ísle (ARfD).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim réasúnaithe a thabhairt, ina ndéanfaí measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na MRLanna atá ann faoi láthair, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar uasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna), i gcás ocsaimile, i gcás tomhaltóirí i bhfianaise an laghdaithe ar an ILI agus ar an ARfD sin.

(5)

Ina thuairim réasúnaithe (5), shainaithin an tÚdarás rioscaí do-ghlactha maidir le teagmháil ainsealach i gcás raon leathan aistí bia, chomh maith le rioscaí géartheagmhála i gcás réimse leathan tráchtearraí, lena n-áirítear i gcás mealbhacán agus mealbhacáin uisce a bhfuil MRLanna socraithe ina leith ar bhonn CXLanna. Dá bhrí sin, ní féidir aon MRL a choinneáil agus ba cheart MRLanna i gcás ocsaimile i ngach táirge a shocrú ag na teorainneacha cinnidh (LOD) faoi seach, ar cheart iad a shocrú in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir le hAirteagal 18(1), pointe (b) den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart na fonótaí ina léirítear easpa faisnéise maidir le cobhsaíocht stórála, meitibileacht barr agus trialacha ar iarmhair a scriosadh.

(6)

Ina theannta sin, shainaithin an tÚdarás nach dtugann luach réamhshocraithe LOD 0,01* mg/kg leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí i gcás fhormhór na dtráchtearraí, ionas gur cheart LOD do na táirgí sin a shocrú ar leibhéil níos ísle agus níos cosantaí.

(7)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá LODanna áirithe a oiriúnú. Mhol na saotharlanna sin LODanna a bhaineann go sonrach leis an táirge agus ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach.

(8)

Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(10)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna nua ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua a thagann as an modhnú ar na MRLanna.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 11 Bealtaine 2024

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí ocsaimil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 98, 11.04.2023, lch. 1)

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(4)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance oxamyl (‘Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach ocsaimil’]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(5):7296.

(5)  an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Ráiteas maidir leis an measúnú riosca ar uasleibhéil iarmhar (MRLanna) le haghaidh ocsaimile i bhfianaise chosaint an tomhaltóra. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(3):7823.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an colún le haghaidh ocsaimile:

(2)

in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach an colún seo a leanas le haghaidh ocsaimile:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Cód uimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Ocsaimil

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

 

0110010

Seadóga

0,001  ((*))

0110020

Oráistí

0,002  ((*))

0110030

Líomóidí

0,001  ((*))

0110040

Líomaí

0,001  ((*))

0110050

Mandairíní

0,001  ((*))

0110990

Eile (2)

0,002  ((*))

0120000

Cnónna crann

0,01  ((*))

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

0,001  ((*))

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

0,001  ((*))

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

0,001  ((*))

0151000

(a)

fíonchaora

 

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

 

0153000

(c)

torthaí cána

 

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,001  ((*))

0161020

Figí

0,001  ((*))

0161030

Ológa boird

0,01  ((*))

0161040

Cumcuait

0,001  ((*))

0161050

Torthaí réaltúla

0,001  ((*))

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,001  ((*))

0161070

Plumaí láva

0,001  ((*))

0161990

Eile (2)

0,001  ((*))

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,001  ((*))

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

0,005  ((*))

0163020

Bananaí

0,001  ((*))

0163030

Mangónna

0,001  ((*))

0163040

Papánna

0,001  ((*))

0163050

Pomagránaití

0,001  ((*))

0163060

Céiriomoighe

0,001  ((*))

0163070

Guábhaí

0,001  ((*))

0163080

Anainn

0,001  ((*))

0163090

Torthaí aráin

0,001  ((*))

0163100

Duraígh

0,001  ((*))

0163110

Úlla deilgneacha

0,001  ((*))

0163990

Eile (2)

0,001  ((*))

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

0,001  ((*))

0211000

(a)

prátaí

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

0,001  ((*))

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

0,002  ((*))

0231020

Piobair

0,001  ((*))

0231030

Ubhthorthaí

0,001  ((*))

0231040

Ocra

0,001  ((*))

0231990

Eile (2)

0,002  ((*))

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

0,001  ((*))

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

0,001  ((*))

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,001  ((*))

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,001  ((*))

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,001  ((*))

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

0,001  ((*))

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

 

0254000

(d)

biolair uisce

 

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

 

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

 

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

0,001  ((*))

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,001  ((*))

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,001  ((*))

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,001  ((*))

0300000

PISEÁNAIGH

0,01  ((*))

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

0,01  ((*))

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

0,005  ((*))

0500010

Eorna

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

 

0500040

Muiléad coiteann

 

0500050

Coirce

 

0500060

Rís

 

0500070

Seagal

 

0500080

Sorgam

 

0500090

Cruithneacht

 

0500990

Eile (2)

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

0610000

Taenna

0,05  ((*))

0620000

Pónairí caife

0,05  ((*))

0630000

Insiltí luibhe ó

0,05  ((*))

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

0,01  ((*))

0650000

Carúib

0,05  ((*))

0700000

LEANNLUSANNA

0,05  ((*))

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05  ((*))

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05  ((*))

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05  ((*))

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05  ((*))

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05  ((*))

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05  ((*))

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05  ((*))

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05  ((*))

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05  ((*))

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,001  ((*))

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

0,005  ((*))

1011020

Saill

0,01  ((*))

1011030

An t-ae

0,01  ((*))

1011040

An duán

0,01  ((*))

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1011990

Eile (2)

0,01  ((*))

1012000

(b)

bó-ainmhithe

 

1012010

Matán

0,005  ((*))

1012020

Saill

0,01  ((*))

1012030

An t-ae

0,01  ((*))

1012040

An duán

0,01  ((*))

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1012990

Eile (2)

0,01  ((*))

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

0,005  ((*))

1013020

Saill

0,01  ((*))

1013030

An t-ae

0,01  ((*))

1013040

An duán

0,01  ((*))

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1013990

Eile (2)

0,01  ((*))

1014000

d)

gabhair

 

1014010

Matán

0,005  ((*))

1014020

Saill

0,01  ((*))

1014030

An t-ae

0,01  ((*))

1014040

An duán

0,01  ((*))

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1014990

Eile (2)

0,01  ((*))

1015000

(e)

each-ainmhithe

 

1015010

Matán

0,005  ((*))

1015020

Saill

0,01  ((*))

1015030

An t-ae

0,01  ((*))

1015040

An duán

0,01  ((*))

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1015990

Eile (2)

0,01  ((*))

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

0,005  ((*))

1016020

Saill

0,01  ((*))

1016030

An t-ae

0,01  ((*))

1016040

An duán

0,01  ((*))

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1016990

Eile (2)

0,01  ((*))

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

0,005  ((*))

1017020

Saill

0,01  ((*))

1017030

An t-ae

0,01  ((*))

1017040

An duán

0,01  ((*))

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,01  ((*))

1017990

Eile (2)

0,01  ((*))

1020000

Bainne

 

1020010

Eallach

0,001  ((*))

1020020

Caoirigh

0,01  ((*))

1020030

Gabhar

0,01  ((*))

1020040

Capall

0,01  ((*))

1020990

Eile (2)

0,01  ((*))

1030000

Uibheacha éan

0,005  ((*))

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  ((*))

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01  ((*))

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01  ((*))

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01  ((*))

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 


((*))  Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/331/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top