Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0287

    Rialachán (AE) 2024/287 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa i nGuatamala

    ST/16866/2023/INIT

    IO L, 2024/287, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/287/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 02/02/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/287/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/287

    15.1.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/287 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Eanáir 2024

    a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa i nGuatamala

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/254 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/254, lena mbunaítear creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i bhfianaise na staide i nGuatamala, staid atá ina bagairt ar chobhsaíocht Ghuatamala agus an réigiúin. Déantar foráil leis an gCinneadh maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha áirithe, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta nó d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala nó a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta lena n-áirítear trí mhí-iompar tromchúiseach a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, chomh maith le mí-iompar in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá comhlachaithe leo. Na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/254.

    (2)

    Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

    (3)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus éisteacht chóir a fháil, an ceart chun cosanta, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin.

    (4)

    Maidir leis an nós imeachta chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart a áireamh ann na forais le liostú a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe nó do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a thíolacadh.

    (5)

    Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (6)

    Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo.

    (7)

    Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, agus pionóis choiriúla san áireamh mar is iomchuí. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘éileamh’ aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

    (i)

    éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

    (ii)

    éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

    (iii)

    éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

    (iv)

    frithéileamh;

    (v)

    éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar é nó í, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin nós imeachta exequatur;

    (b)

    ciallaíonn ‘conradh nó idirbheart’ aon idirbheart, i cibé foirm, agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le ‘conradh’ banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

    (c)

    ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    (d)

    ciallaíonn ‘acmhainní eacnamaíocha’ sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

    (e)

    ciallaíonn ‘reo acmhainní eacnamaíocha’ cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

    (f)

    ciallaíonn ‘reo cistí’ cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht punainne san áireamh;

    (g)

    ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta, don mhéid seo a leanas:

    (i)

    airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

    (ii)

    taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

    (iii)

    urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

    (iv)

    ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu, nó arna nginiúint astu;

    (v)

    creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

    (vi)

    litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

    (vii)

    doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

    (h)

    ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos in CAE, lena n-áirítear a n-aerspás.

    Airteagal 2

    1.   Maidir leis na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht mar a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, nó na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, faoi sheilbh nó faoi rialú acu, déanfar iad a reo.

    2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.

    3.   Áireofar in Iarscríbhinn I daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

    (a)

    atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta nó d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala, as a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí sin nó as tairbhe a bhaint astu, lena n-áirítear;

    (i)

    géarleanúint nó imeaglú a dhéanamh ar oifigigh phoiblí nó ar institiúidí poiblí a bhfuil baint acu nó a thacaíonn leis an bpróiseas toghchánaíochta, údaráis arna dtoghadh go daonlathach nó an freasúra i nGuatamala;

    (ii)

    cos ar bolg, géarleanúint nó imeaglú ar ionadaithe na sochaí sibhialta nó na meá, nó breithimh, dlíodóirí nó ionchúisitheoirí;

    (b)

    a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i nGuatamala trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

    (c)

    a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha arna n-ainmniú faoi phointí (a) agus (b).

    Airteagal 3

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a)

    go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    (d)

    go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

    (e)

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 4

    1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

    (a)

    na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

    (b)

    eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (c)

    eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

    (d)

    eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

    (e)

    eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

    (f)

    sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

    (g)

    fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

    2.   Gan dochar do mhír 1, agus de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

    3.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarás inniúil áirithe faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

    4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna dheonú faoi mhíreanna 2 agus 3 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.

    Airteagal 5

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

    (b)

    ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c)

    ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

    (d)

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 6

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dó roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

    (a)

    go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

    (b)

    nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 7

    1.   Le hAirteagal 2(2), ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais sin freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

    2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

    (a)

    ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

    (b)

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

    (c)

    íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a rinneadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

    ar choinníoll go ndéantar aon ús den sórt sin agus aon tuilleamh agus íocaíocht eile a reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1).

    Airteagal 8

    1.   Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

    (a)

    aon fhaisnéis lena n-éascófaí comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), a sholáthar láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus

    (b)

    oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

    2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 faoi réir rialacha náisiúnta nó rialacha is infheidhme eile maidir le rúndacht faisnéise atá i seilbh údarás breithiúnach, agus atá comhsheasmhach le hurramú rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, áirítear ar an gcumarsáidí sin cumarsáid a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar comhairle dlí den sórt sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha.

    3.   Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

    4.   Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

    5.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (5), Treoir (AE) 2015/849 (6) agus Treoir 2014/65/AE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith le riarthóirí clár oifigiúil ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil agus a mhalartú ga mhoill le húdaráis inniúla eile sa Bhallstát céanna, le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an malartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó fála a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe nuair a bhraitheann siad teagmhais ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú nó ina dtagtar timpeall orthu, nó teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu.

    Airteagal 9

    1.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2.

    2.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisceoidh siad laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn I cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leis iad, atá á sealbhú nó á rialú acu, d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

    (b)

    comhoibriú leis an údarás inniúil maidir le haon fhíorú faisnéise den sórt sin.

    3.   I gcás nach gcomhlíonfar mír 2, measfar gur rannpháirtíocht a bheidh ann, dá dtagraítear i mír 1, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.

    4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2(a).

    5.   Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

    6.   Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, is i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanfar í agus ní dhéanfar í ach amháin a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 10

    1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an mbeart sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

    2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Airteagal 11

    1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

    (a)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b)

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

    2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar sásamh an éilimh le mír 1.

    3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar dhlíthiúlacht neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 12

    1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a)

    cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (b)

    sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

    Airteagal 13

    1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2, leasóidh sí Iarscríbhinn I dá réir sin.

    2.   Déanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

    3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh lena mbaineann agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

    4.   Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn I go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

    5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit

    Airteagal 14

    1.   Áireofar in Iarscríbhinn I na forais le liostú daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann.

    2.   Beidh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha, áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

    Airteagal 15

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.

    2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

    Airteagal 16

    1.   Próiseálfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

    (a)

    a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b)

    a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

    (c)

    a mhéid a bhaineann leis na gCoimisiún:

    (i)

    inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, atá ar fáil go poiblí araon,

    (ii)

    faisnéis a phróiseáil faoi thionchar bhearta an Rialacháin seo, amhail luach na gcistí reoite agus faisnéis faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

    2.   I gcás inarb infheidhme, próiseálfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcás inarb infheidhme, sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine sin nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

    3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725 chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

    Airteagal 17

    1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

    3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, é a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála atá le húsáid le haghaidh na cumarsáide sin.

    Airteagal 18

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í agus chuige sin amháin.

    Airteagal 19

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

    (a)

    laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;

    (b)

    ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Ballstáit;

    (c)

    maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

    (d)

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

    (e)

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

    Airteagal 20

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO L, 2024/254, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/254/oj.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (6)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


    IARSCRÍBHINN I

    Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2

    […]


    IARSCRÍBHINN II

    Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

    AN BHEILG

    https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

    AN BHULGÁIR

    https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

    AN tSEICIA

    https://fau.gov.cz/en/international-sanctions

    AN DANMHAIRG

    http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

    AN GHEARMÁIN

    https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

    AN EASTÓIN

    https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

    ÉIRE

    https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

    AN GHRÉIG

    http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

    AN SPÁINN

    https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

    AN FHRAINC

    http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

    AN CHRÓIT

    https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

    AN IODÁIL

    https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

    AN CHIPIR

    https://mfa.gov.cy/themes/

    AN LAITVIA

    http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

    AN LIOTUÁIN

    http://www.urm.lt/sanctions

    LUCSAMBURG

    https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

    AN UNGÁIR

    https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

    MÁLTA

    https://smb.gov.mt/

    AN ÍSILTÍR

    https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

    AN OSTAIR

    https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

    AN PHOLAINN

    https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

    https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

    AN PHORTAINGÉIL

    https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

    AN RÓMÁIN

    http://www.mae.ro/node/1548

    AN tSLÓIVÉIN

    http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

    AN tSLÓVAIC

    https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

    AN FHIONLAINN

    https://um.fi/pakotteet

    AN tSUALAINN

    https://www.regeringen.se/sanktioner

    Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

    An Coimisiún Eorpach

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

    Rue Joseph II / Jozef II-straat 54

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/287/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top