Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0259

    Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

    ST/16832/2023/ADD/1

    IO L, 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 11/01/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/259

    11.1.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/259 ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Eanáir 2024

    lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ceanglaítear go nglactar bearta caomhnaithe agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) chomh maith le haon chomhairle a fhaightear ó chomhairlí comhairleacha.

    (2)

    Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil deiseanna iascaireachta le glacadh i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil deiseanna iascaireachta le cionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó iascaigh.

    (3)

    Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú san am céanna, chomh maith leis na tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

    (4)

    Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaíodh plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Is é is aidhm don phlean sin a áirithiú go ndéanfar an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach agus a choinneáil ar bun maidir le spriocstoc, rud a áirithíonn go ndéantar le saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1022, tá deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin le socrú chun go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) maidir le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 más féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Tá deiseanna iascaireachta le sloinneadh mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus báid spiléireachta agus ba cheart iad a shocrú i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus ba cheart iad a shloinneadh chomh maith le huasteorainneacha gabhála don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in uiscí doimhne i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus le hAirteagal 7(3), pointe (b), den Rialachán sin.

    (6)

    Ba é an chomhairle a thug STECF gur gá breis gníomhaíochta a dhéanamh agus go bhfuil gá le laghdú suntasach i ráta básmhaireachta iascaireachta le haghaidh trálaer chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach in 2025 i gcás stoic éisc go léir na Meánmhara Thiar. Bunaithe ar an gcomhairle sin, ba cheart uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaeir sa Mheánmhuir Thiar a laghdú 9.5 % le haghaidh 2024 i gcomparáid leis an mbunlíne idir 2015 agus 2017, méid a bheidh le baint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe a socraíodh le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle (3).

    (7)

    In 2023, mhol STECF go raibh tionchar ag báid spiléireachta ar sceitheoirí ós rud é go rannchuidíonn siad 7 % de thabhairt i dtír na gcolmóirí sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) i bhfolimistéir gheografacha (‘FLGanna’) 1, 2, 5, 6 agus 7, agus go rannchuidíonn siad le 13 % de na gabhálacha iomlána a thugtar i dtír in FLG 10 agus 6 % in FLGanna 8, 9, 10 agus 11. Ina theannta sin, in 2023, mhol STECF go raibh bithmhais stoic sceite colmóirí in FLGanna 1, 5, 6 agus 7 agus in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 fós faoi bhun na teorann caomhantais (BLIM), de réir bhrí Airteagal 2(10), de Rialachán (AE) 2019/1022, agus go laghdófar 89 % ar a laghad a dhéanamh ar ghabhálacha in FLGanna 1, 5, 6 agus 7 agus 40 % in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 chun FMSY a bhaint amach in 2024. Dá bhrí sin. is iomchuí, le haghaidh 2024, uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh báid spiléireachta a choinneáil ar na leibhéil chéanna arna socrú le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195, ar bhonn Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/1022.

    (8)

    In 2023, mhol STECF go bhfuil básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dhearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 fós i bhfad ó leibhéil inbhuanaithe agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le tuilleadh bearta bainistíochta. Go háirithe, mhol STECF gur cheart, chun FMSY a bhaint amach faoi 2024, na gabhálacha a laghdú 58 % ar an meán, agus go sonrach 56 % in FLGanna 1 agus 2, 59 % in FLG 5 agus 61 % in FLGanna 6 agus 7. I gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) de Rialachán (AE) 2019/1022, is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna 1-2-5-6-7 a laghdú 5 % i gcomparáid le deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (9)

    In 2023, chuir STECF in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla gorm agus dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 agus moltar an ghabháil iomlán a laghdú 39 %. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna 8-9-10-11 a laghdú 3 % i gcomparáid leis na deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (10)

    In 2023, chuir STECF in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 agus moltar an ghabháil iomlán a laghdú 31 %. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla dheirg in FLGanna 8-9-10-11 a laghdú 3 % i gcomparáid le deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (11)

    Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach, ó 2020 go 2026, córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2024 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (12)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/6 maidir le córas iarrachta iascaireachta a chur chun feidhme le haghaidh príomhstoic ghrinnill i Muir Aidriad in 2024 (FLGanna 17 agus 18), ag eascairt as Moladh CGIM/43/2019/5. Le Moladh CGIM/46/2023/6 déantar foráil maidir le laghdú 4 % ar an gcóras iarrachta iascaireachta i gcás soithí tráil dobharchú agus maidir le tar-rolladh leibhéil iarrachta 2023 le haghaidh soithí tráil bhíoma. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 4 % a asbhaint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil dobharchú a shocraítear le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 agus ba cheart an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil bhíoma a choinneáil ar leibhéil 2023.

    (13)

    Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach, ó 2022 go 2029 uasleibhéal gabhálacha agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a dhíríonn ar pheiligigh bheaga, lena ngabhann maolú maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach, idir shoithí peas-saighne nó thrálaeir pheiligeacha, a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2024 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (14)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/5 maidir le síneadh a chur le córas iascaireachta idirthréimhseach agus teorainn ghabhála le haghaidh speicis peiligeach beag a chur ar bun i Muir Aidriad in 2024 (FLGanna 17 agus 18), ag eascairt as Moladh CGIM/44/2021/20. Le Moladh CGIM/46/2023/5 déantar foráil maidir le laghdú ar na gabhálacha i gcás peiligeach beag, 5 % i gás sairdíní agus 9 % i gcás ainseabhaithe, i gcomparáid le leibhéil 2023. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 5 % i gcás sairdíní agus 9 % i gcás ainseabhaithe a asbhaint ón uasleibhéal gabhálacha arna shocrú le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (15)

    Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag atá aige ar stoic pheiligeacha bheaga agus stoic ghrinnill, agus i gcomhréir le mír 33 de Mholadh CGIM/44/2021/20 agus le mír 13 de Mholadh CGIM/43/2019/5, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus leithdháileadh íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill.

    (16)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/16 maidir le plean bainistíochta fadtéarmach don eascann Eorpach. Sa Mholadh sin coinnítear, le haghaidh 2024, na bearta idirthréimhseacha atá ann cheana, an tréimhse choiscthe 6 mhí agus an toirmeasc ar iascaireacht áineasa. Thairis sin, foráiltear leis an Moladh sin go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha bearta breise chun feidhme chun básmhaireacht iascaireachta eascann gloine a laghdú 30 % ar a laghad in 2024 i gcomparáid leis an tréimhse thagartha 2019-2021. Tá feidhm le bheith ag na bearta sin maidir le huiscí muirí uile na Meánmhara, fionnuiscí agus uiscí goirte, mar shampla inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha, i gcomhréir leis an Moladh sin. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (17)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/13 maidir le plean bainistíochta i dtaca le saothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha 1 go 27), moladh lenar cuireadh síneadh bliana le forálacha Mholadh CGIM/43/2019/4 lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh mar líon uasta údaruithe iascaireachta, agus teorainneacha saothraithe maidir leis an gcoiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (18)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/14 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe an doráid choitinn (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha 1 go 27). Leis an Moladh sin, tugadh isteach, i gcomhréir le cur chuige an réamhchúraim agus don idirthréimhse 2024 go 2026, uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh, acmhainn feiste comhthiomsaithe éisc (FADanna) in aghaidh an tsoithigh a reo, teorainn ghabhála agus tréimhse choiscthe shealadach. Maidir le hiascaigh áineasa, foráiltear freisin le Moladh CGIM/46/2023/14 go bhfuil le cloí le teorainn ghabhála laethúil chomh maith le tréimhse thoirmisc le haghaidh iascaigh thráchtála. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais don idirthréimhse 2024 go 2026. Tá na bearta sin gan dochar do na bearta bainistíochta a mholfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch laistigh de CGIM don phlean bainistíochta fadtéarmach don tréimhse 2027-2031.

    (19)

    Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/12 agus CGIM/42/2018/5. Le Moladh CGIM/45/2022/4, tugadh isteach córas iarrachta do cholmóirí (Merluccius merluccius) agus teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) chomh maith le reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (20)

    Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/7 agus CGIM/43/2019/6. Le Moladh CGIM/45/2022/5, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % de na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (21)

    Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/6 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach (folimistéir gheografacha 19 go 21), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CGIM/45/2022/6, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (22)

    Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/7 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte (folimistéir gheografacha 24 go 27), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CGIM/45/2022/7, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % de na teorainneacha gabhála maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (23)

    Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran (folimistéir gheografacha 1 go 3), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/4, CGIM/43/2019/2 agus CGIM/41/2017/2. Le Moladh CGIM/45/2022/3, tugadh isteach uasleibhéil gabhálacha le haghaidh 2023, 2024 agus 2025, líon uasta bád spiléireachta agus línte láimhe údaraithe agus bearta nua le haghaidh iascaigh áineasa. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 7 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe a leagtar síos le haghaidh deargán le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195.

    (24)

    Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh iascaigh turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach CGIM 29). Tugadh isteach le Moladh CGIM/43/2019/3, ó 2020 go 2024, TAC réigiúnach uasdátaithe agus scéim cionroinnte cuótaí maidir leis an turbard chomh maith le bearta caomhnaithe, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. I gcomhréir leis an Moladh CGIM/43/2019/3, tá na bearta caomhnaithe breise sin nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, toisc, mura bhfuil na bearta sin i bhfeidhm, níor mhór an leibhéal TAC maidir leis an turbard a laghdú chun athbhunú na stoc a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (25)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí aige in 2023, ghlac CGIM Moladh CGIM/46/2023/7 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar CGIM 29), lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/3. Coinníodh an TAC atá ann cheana sa Mholadh sin go dtí an 31 Nollaig 2024. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (26)

    Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, d’fhormheas sé tabhairt anonn cuóta turbard an Aontais nár úsáideadh le linn na bliana 2022, i bhfianaise na staide eisceachtúla a cruthaíodh de bharr an chomhthéacs réigiúnaigh sa Mhuir Dhubh. Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh ón tearcúsáid a dhéanamh ar bhonn na ranníocaíochta ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair dháilte a bhunaítear le Rialachán (AE) 2023/195 maidir le leithdháileadh bliantúil TACanna a mhodhnú.

    (27)

    Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch a chuir Meitheal CGIM maidir leis an Muir Dhubh ar fáil, ba cheart an leibhéal básmhaireachta iascaireachta salán (Sprattus sprattus) atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun inbhuanaitheacht na stoc salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú. Is iomchuí, mar sin, leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis na stoic sin.

    (28)

    Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.

    (29)

    Chun úsáid trealaimh roghnaíoch a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, le Rialachán (AE) 2022/110 (5) bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trál. Ós rud é go leanann STECF de bheith ag moladh in 2024 go ndéanfaí tuilleadh feabhais ar roghnaíocht an trealaimh iascaireachta agus ar limistéir choiscthe éifeachtúla chun éisc óga agus sceithirí a chosaint, is iomchuí 4.5 % de na laethanta iascaireachta a leithdháileadh. Má chomhlíonann soitheach dhá choinníoll, féadfaidh Ballstát comhroinnt bhreise na laethanta iascaireachta a mhéadú go 5 %. Má chomhlíonann soitheach trí choinníoll ar a laghad, féadfaidh Ballstát comhroinnt bhreise na laethanta iascaireachta a mhéadú go 6 %.

    (30)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (6), déantar forail maidir le coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 de, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á mbunú aici, cé na stoic nach mbeidh faoi réir Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar chuspóirí CBI a bhaint amach agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach mbeidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    (31)

    Ionas nach gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Raon Feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:

    (a)

    An eascann Eorpach (Anguilla anguilla) an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir;

    (b)

    an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir Thiar;

    (c)

    an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad;

    (d)

    an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad;

    (e)

    An colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile;

    (f)

    an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte;

    (g)

    an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran;

    (h)

    an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

    2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iascaigh áineasa, i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

    (b)

    ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

    (c)

    ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):

    (i)

    in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

    (ii)

    i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc thar thréimhse bliana;

    (d)

    ciallaíonn ‘cuóta’ cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

    (e)

    ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC chomhaontaithe;

    (f)

    ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

    (g)

    ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

    (h)

    ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ (FAD) aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

    Airteagal 3

    Limistéir iascaireachta

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas ar limistéir gheografacha:

    (a)

    ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE)2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

    (b)

    ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

    (c)

    ciallaíonn ‘an Mheánmhuir Thiar’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;

    (d)

    ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;

    (e)

    ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15, agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

    (f)

    ciallaíonn ‘An Mhuir Iónach’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

    (g)

    ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;

    (h)

    ciallaíonn ‘Muir Alboran’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124;

    (i)

    ciallaíonn ‘an Mhuir Dhubh’ uiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124.

    TEIDEAL II

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA AN AONTAIS

    CAIBIDIL I

    An Mheánmhuir

    Airteagal 4

    An eascann Eorpach

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le folimistéir gheografacha 1 go 27 CGIM, le huiscí goirte agus le fionnuiscí. Áirítear in uiscí goirte inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha.

    2.   Cuirfear toirmeasc ar ghabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha, mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil de thaisme, ag gach céim dá saolré ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Chuige sin, cinnfidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe amháin nó níos mó faoi réir an mhéid seo a leanas:

    (a)

    i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a bheith éagsúil laistigh de Bhallstát amháin ó limistéar iascaireachta amháin go limistéar iascaireachta eile chun patrún imirce geografaí agus aimseartha na heascainne a chur san áireamh ag na céimeanna difriúla dá saolré;

    (b)

    mairfidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe 6 mhí as a chéile ar a laghad, nó 6 mhí ar an iomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3; agus

    (c)

    Beidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle (8), leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí ag an gcéim saoil faoi seach sa Bhallstát lena mbaineann.

    3.   Bunófar an tréimhse choiscthe idir an 1 Eanáir agus an 31 Márta 2024, agus tréimhse choiscthe bhreise 3 mhí ag gach Ballstát lena mbaineann idir an 1 Aibreán agus an 30 Samhain 2024.

    4.   Toirmiscfear iascaigh áineasa na heascainne Eorpaí ag gach céim dá saolré.

    5.   Cuirfidh na Ballstáit bearta breise chun feidhme chun básmhaireacht iascaireachta eascann Eorpach ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán a laghdú. Laghdú 30 % ar a laghad a bheidh sa laghdú sin i gcomparáid leis an tréimhse thagartha 2019-2021.

    6.   Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas:

    (a)

    faoin 1 Márta 2024 maidir leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

    (b)

    laistigh de 2 sheachtain tar éis a nglactha maidir leis na bearta náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; agus

    (c)

    faoin 31 Márta 2024 maidir leis na bearta arna mbunú i gcomhréir le mír 5.

    Airteagal 5

    An coiréalach dearg

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), is iad sin iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.

    2.   Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a bhaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a bhaintear trí ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    3.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.

    4.   Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar an gcoiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

    Airteagal 6

    An dorád coiteann

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí tráchtála uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag díriú ar stoic pheiligeacha bheaga (Coryphaena hippurus) trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir. Tá feidhm aige freisin maidir le hiascaigh áineasa an doráid choiteann sa Mheánmhuir.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, in kW agus olltonnáiste (GT), de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II an líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

    4.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha dorád coiteann na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    5.   I gcás iascaigh áineasa, beidh an líon uasta gabhálacha teoranta do 10 Kg nó 5 iasc d’aon mhéid in aghaidh an lae, agus don tréimhse ón 15 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig.

    CAIBIDIL II

    An Mheánmhuir Thiar

    Airteagal 7

    Stoic ghrinnill

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus bád spiléireachta. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus le hAirteagal 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III an chionroinnt uasteorainneacha gabhála ar na Ballstáit le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

    4.   Leis an gcionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh na Ballstáit, mar a leagtar amach iad san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn III, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    beidh sí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (b)

    beidh sí gan dochar do na nithe seo a leanas:

    (i)

    malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (ii)

    asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

    (iii)

    gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (iv)

    cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (v)

    asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Airteagal 8

    Sásra cúitimh

    1.   Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú in 2024 do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu de 4.5 % arna ríomh i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go gcomhlíonann an soitheach a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad;

    (b)

    go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 50 mm aige d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 25 mm i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha séaclaí móra dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 35 mm sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad;

    (c)

    go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020, amhail greille shórtála ag a bhfuil spásáil 20 mm ar a laghad;

    (d)

    tá limistéir choiscthe shealadacha bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad;

    (e)

    gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua do cholmóirí de 26 cm ar a laghad, agus go bhfuil sé cinntithe aige go bhforfheidhmeofar bearta teicniúla iomchuí chun an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas stoc colmóirí a fheabhsú;

    (f)

    gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua maidir leis an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) 25 mm CL ar a laghad agus maidir leis an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) 35 mm CL ar a laghad, agus tá forfheidhmiú beart teicniúil iomchuí daingnithe aige chun na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas na stoc a fheabhsú;

    (g)

    tá tréimhse choiscthe 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir sna limistéir agus sna tréimhsí a aithnítear a bheith tábhachtach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, chun sceithirí stoc colmóirí a chosaint. Leis na limistéir sin cuirfear san áireamh freisin patrúin spásúla maidir le dáileadh sceithirí, lena n-áirítear doimhneachtaí ó 150 m go 500 m.. Is ó mhí Feabhra go mí an Mhárta agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Samhna a bheidh na tréimhsí coiscthe iascaireachta sealadacha;

    (h)

    Tá tréimhse choiscthe socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ina n-úsáidtear déthrálaeir;

    (i)

    Tá tréimhse choiscthe socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir ag doimhneacht níos airde ná 800m;

    (j)

    tá limistéir choiscthe bhuana bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad;

    (k)

    go n-úsáideann an soitheach sin trál a bhfuil doirse eitilte nó doirse meánuiscí nó doirse eile a laghdaíonn teagmháil na ndoirse agus an fhearais le grinneall na farraige chun gnáthóga riachtanacha éisc na speiceas grinnill a chaomhnú;

    (l)

    tá tréimhse choiscthe dar fad 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir sna limistéir agus sna tréimhsí a aithnítear a bheith tábhachtach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, chun an séacla dearg agus gorm agus/nó an séacla mór dearg a chosaint.

    2.   Má chomhlíonann soitheach dhá cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh Ballstáit an chionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a mhéadú go 5 %, arna ríomh i gcomhréir le mír 4.

    3.   Má chomhlíonann soitheach trí cinn ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise na laethanta iascaireachta a mhéadú go 6 %, arna ríomh i gcomhréir le mír 4.

    4.   Ríomhfar an chionroinnt bhreise laethanta iascaireachta ón uasiarracht a ceadaíodh sa bhonnlíne idir 2015 agus 2017 do roinn cabhlaigh ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, ón 1 Eanáir 2024.

    5.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise na laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

    6.   Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh don Choimisiún gach mí maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh na cionranna breise dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 trí úsáid a bhaint as na cóid tuairiscithe shonracha don chionroinnt sin.

    7.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 9

    Taifeadadh agus tarchur sonraí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit an iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

    2.   Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí iarrachta iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin, faoi mhír 1, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

    CAIBIDIL III

    Muir Aidriad

    Airteagal 10

    Stoic peiligeach beag

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

    2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh in kW, GT agus líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic pheiligeacha bheaga.

    4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    Airteagal 11

    Stoic ghrinnill

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh stoic ghrinnill agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta faoi raon feidhme an Airteagail seo.

    3.   Féadfaidh Ballstát a chionroinnt iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú idir grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna agus/nó den chineál céanna trealaimh, ar choinníoll go gcuirfidh sé i bhfeidhm fachtóir coinbhéartachta náisiúnta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Airteagal 12

    Tarchur sonraí

    Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    CAIBIDIL IV

    Caolas na Sicile

    Airteagal 13

    Stoic ghrinnill

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile.

    2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh colmóirí Eorpacha agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh I líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail seo.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Airteagal 14

    Séaclaí domhainmhara

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail seo.

    3.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

    Airteagal 15

    Tarchur sonraí

    I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

    CAIBIDIL V

    An Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte

    Airteagal 16

    Séaclaí domhainmhara

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill.

    3.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

    CAIBIDIL VI

    Muir Alboran

    Airteagal 17

    Deargán

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht tráchtála agus áineasa le spiléir agus línte láimhe a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran.

    2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

    3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an líon uasta bád spiléireachta agus línte láimhe atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar dheargáin.

    4.   I gcás gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa, beidh an líon uasta gabhálacha teoranta d’aon iasc amháin in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae. Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm le haghaidh an deargáin maidir le hiascaigh áineasa i Muir Alboran. Toirmeascfar iascaireacht áineasa ar an speiceas sin le linn na tréimhse coiscthe d’iascaigh thráchtála arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.

    CAIBIDIL VII

    An Mhuir Dhubh

    Airteagal 18

    Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a leithdháileadh

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    Airteagal 19

    Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a leithdháileadh

    1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

    2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh an turbaird is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

    3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    Airteagal 20

    Iarracht iascaireachta le haghaidh an turbaird a bhainistiú

    Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 18, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

    Airteagal 21

    Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird

    Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n-áirítear an turbard a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

    Airteagal 22

    Forálacha speisialta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh

    Déanfar deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a chionroinnt mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 gan dochar do na nithe seo a leanas:

    (a)

    malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

    (b)

    asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

    (c)

    asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Airteagal 23

    Tarchur sonraí

    I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír chainníochtaí stoc salán agus stoc turbard arna ngabháil in Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 24

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 ón agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

    (2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).

    (7)  Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).


    IARSCRÍBHINN I

    NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

    Is tagairtí do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Corallium rubrum

    COL

    An coiréalach dearg


    Tábla 1

    An líon uasta údaruithe iascaireachta  (*1)

    Na Ballstáit

    An coiréalach dearg COL

    An Ghréig

    12

    An Spáinn

    0  (*2)

    An Fhrainc

    32

    An Chróit

    28

    An Iodáil

    40


    Tábla 2

    Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An coiréalach dearg

    Corallium rubrum

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27

    COL/GF1-27

    An Ghréig

    1,844

     

     

    An Spáinn

    0  (*3)

     

    An Fhrainc

    1,400

     

    An Chróit

    1,226

     

    An Iodáil

    1,378

     

    An tAontas

    5,848

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    (*1)  Líon na soithí nó tumairí, nó iad araon, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, atá údaraithe chun an coiréalach dearg a shaothrú.

    (*2)  I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair go dtí mí Aibreáin 2024 maidir le hiascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne, go dtí go ndéanfar cinneadh eile ag deireadh na tréimhse sin.

    (*3)  I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair go dtí mí Aibreáin 2024 maidir le hiascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne, go dtí go ndéanfar cinneadh eile ag deireadh na tréimhse sin.


    IARSCRÍBHINN II

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste, a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann trí fheistí comhthiomsaithe éisc a úsáid sa Mheánmhuir mar aon leis an uasleibhéal gabhálacha.

    Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Coryphaena hippurus

    DOL

    An dorád coiteann

    (a)   An uasacmhainneacht cabhlaigh na soithí atá ag díriú ar an dorád coiteann trí fheistí comhthiomsaithe éisc a úsáid sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)

    An Ballstát

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Iodáil

    797

    67 925,37

    7 203

    Málta

    130

    16 662

    1 296,28

    An Spáinn

    45

    2 105,73

    153,34

    b)   An líon uasta feistí comhthiomsaithe éisc in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe díriú ar an dorád coiteann sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)

    An Ballstát

    An líon uasta feistí comhthiomsaithe éisc in aghaidh an tsoithigh

    An Iodáil

    100

    Málta

    200

    An Spáinn

    50

    c)   Uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain arna ngabháil sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27) (*1)

    Speiceas:

    An dorád coiteann

    Coryphaena hippurus

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta FLGanna CGIM 1-27

    (DOL/MED)

    An Iodáil

    1 174

     

    Uasleibhéal gabhálacha

    Málta

    517

     

    An Spáinn

    127

     

    An tAontas

    1 818

     (*1)

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    (*1)  Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach idir an 15 Lúnasa agus an 31 Nollaig 2024 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124.


    IARSCRÍBHINN III

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil (1) agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.

    Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.

    Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Aristaeomorpha foliacea

    ARS

    An séacla mór dearg

    Aristeus antennatus

    ARA

    An séacla gorm agus dearg

    Lophiidae

    HKE

    An colmóir Eorpach

    Mullus barbatus

    MUT

    An milléad riabhach

    Nephrops norvegicus

    NEP

    Gliomach na hIorua

    Parapenaeus longirostris

    DPS

    An rós-séacla domhainmhara

    1.   An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta)

    (a)   An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5,6 agus 7)

    Stocghrúpa

    Fad foriomlán na soithí

    An Spáinn

    An Fhrainc

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    Cód comhroinnte breise

    An milléad riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6

    < 12 m

    1 507

    0

    0

    EFF1/MED1_TR1

    EFF1/MED1_TR1_AA

    ≥ 12 m agus < 18 m

    16 189

    0

    0

    EFF1/MED1_TR1

    EFF1/MED1_TR2_AA

    ≥ 18 m agus < 24 m

    30 375

    3 429

    0

    EFF1/MED1_TR3

    EFF1/MED1_TR2_AA

    ≥ 24 m

    10 698

    4 173

    0

    EFF1/MED1_TR4

    EFF1/MED1_TR4_AA

    An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

    < 12 m

    0

    0

    0

    EFF2/MED1_TR1

    EFF2/MED1_TR1_AA

    ≥ 12 m agus < 18 m

    759

    0

    0

    EFF2/MED1_TR1

    EFF2/MED1_TR2_AA

    ≥ 18 m agus < 24 m

    7 690

    0

    0

    EFF2/MED1_TR3

    EFF2/MED1_TR3_AA

    ≥ 24 m

    6 173

    0

    0

    EFF2/MED1_TR4

    EFF2/MED1_TR4_AA

    b)   An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

    Stocghrúpa

    Fad foriomlán na soithí

    An Spáinn

    An Fhrainc

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    Cód comhroinnte breise

    An milléad riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10

    < 12 m

    0

    139

    1 969

    EFF1/MED2_TR1

    EFF1/MED2_TR1_AA

    ≥ 12 m agus < 18 m

    0

    556

    29 613

    EFF1/MED2_TR2

    EFF1/MED2_TR2_AA

    ≥ 18 m agus < 24 m

    0

    139

    19 915

    EFF1/MED2_TR3

    EFF1/MED2_TR3_AA

    ≥ 24 m

    0

    139

    2 658

    EFF1/MED2_TR4

    EFF1/MED2_TR4_AA

    An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

    < 12 m

    0

    0

    326

    EFF2/MED2_TR1

    EFF2/MED2_TR1_AA

    ≥ 12 m agus < 18 m

    0

    0

    2 402

    EFF2/MED2_TR2

    EFF2/MED2_TR2_AA

    ≥ 18 m agus < 24 m

    0

    0

    1 934

    EFF2/MED2_TR3

    EFF2/MED2_TR3_AA

    ≥ 24 m

    0

    0

    259

    EFF2/MED2_TR4

    EFF2/MED2_TR4_AA

    c)   An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)

    Stocghrúpa

    Fad foriomlán na soithí

    An Spáinn

    An Fhrainc

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

    < 12 m

    9 433

    6 432

    0

    EFF1/MED1_LL1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    2 148

    93

    0

    EFF1/MED1_LL2

    ≥ 18 m agus < 24 m

    74

    0

    0

    EFF1/MED1_LL3

    ≥ 24 m

    29

    0

    0

    EFF1/MED1_LL4

    d)   An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

    Stocghrúpa

    Fad foriomlán na soithí

    An Spáinn

    An Fhrainc

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

    < 12 m

    0

    1 650

    33 187

    EFF1/MED2_LL1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    0

    51

    4 748

    EFF1/MED2_LL2

    ≥ 18 m agus < 24 m

    0

    0

    26

    EFF1/MED2_LL3

    ≥ 24 m

    0

    0

    0

    EFF1/MED2_LL4

    2.   Uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara

    (a)   Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla gorm agus dearg

    Aristeus antennatus

    Limistéar:

    FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

    (ARA/GF1-7)

    An Spáinn

    787

     

    Uasleibhéal gabhálacha

    An Fhrainc

    51

     

    An Iodáil

    0

     

    An tAontas

    838

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    b)   Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) agus le haghaidh an tséacla mhóir dheirg (Aristaeomorpha foliacea) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla gorm agus dearg

    Aristeus antennatus

    Limistéar:

    FLGanna 8, 9, 10 agus 11

    (ARA/GF8-11)

    An Spáinn

    0

     

    Uasleibhéal gabhálacha

    An Fhrainc

    9

     

    An Iodáil

    236

     

    An tAontas

    245

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    Speiceas:

    An séacla mór dearg

    Aristaeomorpha foliacea

    Limistéar:

    FLGanna 8, 9, 10 agus 11

    (ARS/GF8-11)

    An Spáinn

    0

     

    Uasleibhéal gabhálacha

    An Fhrainc

    5

     

    An Iodáil

    344

     

    An tAontas

    349

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    (1)  TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP agus TSP.


    IARSCRÍBHINN IV

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

    Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Engraulis encrasicolus

    ANE

    An t-ainseabhaí

    Lophiidae

    HKE

    An colmóir Eorpach

    Mullus barbatus

    MUT

    An milléad riabhach

    Nephrops norvegicus

    NEP

    Gliomach na hIorua

    Parapenaeus longirostris

    DPS

    An rós-séacla domhainmhara

    Sardina pilchardus

    PIL

    An sairdín

    Solea solea

    SOL

    An sól coiteann

    1.   Stoic pheiligeacha bheaga – FLGanna 17 agus 18

    Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    Speicis pheiligeacha bheaga (an t-ainseabhaí agus an sairdín)

    Engraulis encrasicolus agus Sardina pilchardus

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

    (SP1/GF 17-18)

    An Iodáil

    30 672

     (*1)

    Uasleibhéal gabhálacha

    An Chróit

    47 139

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

    Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh pheiligigh bheaga

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Chróit

    PS

    249

    77 145,52

    18 537,72

    An Iodáil

    PTM, OTM agus PS

    685

    134 556,7

    25 852

    An tSlóivéin (*2)

    PS

    4

    433,7

    38,5

    2.   Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

     

     

     

     

     

    Laethanta iascaireachta 2024

    An cineál trealaimh

    Limistéar geografach

    An stoc lena mbaineann

    Fad foriomlán na soithí

    Cód an ghrúpa iarrachta

    An Iodáil

    An Chróit

    An tSlóivéin

    Tráil (OTB)

    Folimistéir CGIM 17 agus 18

    An milléad riabhach; an colmóir; an rós-séacla domhainmhara; agus gliomach na hIorua

    < 12 m

    EFF/MED3_OTB_TR1

    3 098

    9 864

     (*3)

    ≥ 12 m agus < 24 m

    EFF/MED3_OTB_TR2

    69 625

    22 981

     (*3)

    ≥ 24 m

    EFF/MED3_OTB_TR3

    6 100

    2 063

     (*3)

    Tráil bhíoma (TBB)

    Folimistéar CGIM 17

    An sól coiteann

    < 12 m

    EFF/MED3_TBB_TR1

    194

    0

    0

    ≥ 12 m agus < 24 m

    EFF/MED3_TBB_TR2

    3 635

    0

    0

    ≥ 24 m

    EFF/MED3_TBB_TR3

    3 614

    0

    0

    Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Chróit

    OTB

    495

    79 867,99

    13 267,99

    An Iodáil

    OTB agus TBB

    1 363

    260 618,37

    47 148

    An tSlóivéin  (*4)

    OTB

    11

    1 813,00

    168,67


    (*1)  Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha a rinneadh in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

    (*2)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2021/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne nó trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga, mar a taifeadadh i gcláir náisiúnta agus i gcláir CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 %teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

    (*3)  Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5.

    (*4)  Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú acu agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c) de CGIM/43/2019/5. Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha sin, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú acu.


    IARSCRÍBHINN V

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCAOLAS NA SICILE

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill agus ar shéaclaí domhainmhara.

    Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Lophiidae

    HKE

    An colmóir Eorpach

    Parapenaeus longirostris

    DPS

    An rós-séacla domhainmhara

    Aristaeomorpha foliacea

    ARS

    An séacla mór dearg

    Aristeus antennatus

    ARA

    An séacla gorm agus dearg

    1.   Stoic Ghrinnill

    (a)   An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Chipir

    OTB

    1

    265

    105

    An Spáinn

    OTB

    1

    100

    118

    An Iodáil

    OTB

    594

    144 175

    36 856

    Málta

    OTB

    15

    5 562

    2 007

    b)   Uasleibhéal iarrachta iascaireachta (i líon na laethanta iascaireachta), le haghaidh soithí tráil grinnill a dhíríonn ar an gcolmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

    An Ballstát

    Trealamh

    Fad an tsoithigh

    Cód an ghrúpa iarrachta

    Laethanta iascaireachta 2024

    CYP

    OTB

    T-12

    EFF4/MED4_OTB4

    51

    ITA

    OTB

    T-07

    EFF4/MED4_OTB1

    90

    ITA

    OTB

    T-10

    EFF4/MED4_OTB2

    188

    ITA

    OTB

    T-11

    EFF4/MED4_OTB3

    19 366

    ITA

    OTB

    T-12

    EFF4/MED4_OTB4

    3 657

    MLT

    OTB

    T-11

    EFF4/MED4_OTB3

    338

    MLT

    OTB

    T-12

    EFF4/MED4_OTB4

    165

    c)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An rós-séacla domhainmhara

    Parapenaeus longirostris

    Limistéar:

    FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

    (DPS/GF 12-16)

    An Chipir

    1

     

    Uasteorainn gabhála

    An Iodáil

    2 083

     

    Málta

    6

     

    An tAontas

    2 090

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    2.   An séacla domhainmhara

    (a)   An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13 14, 15 agus 16)

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Chipir

    OTB

    1

    265

    105

    An Spáinn

    OTB

    2

    440,56

    218,78

    An Iodáil

    OTB

    320

    93 756

    26 076

    Málta

    OTB

    15

    5 562

    2 007

    b)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla mór dearg

    Aristaeomorpha foliacea

    Limistéar:

    FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

    (ARS/GF 12-16)

    An Spáinn

    1

     

    Uasteorainn gabhála

    An Iodáil

    844

     

    An Chipir

    0

     

    Málta

    36

     

    An tAontas

    881

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    c)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla gorm agus dearg

    Aristeus antennatus

    Limistéar:

    FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

    (ARA/GF 12-16)

    An Spáinn

    1

     

    Uasteorainn gabhála réamhchúramach

    An Iodáil

    98

     

    An Chipir

    0

     

    Málta

    2

     

    An tAontas

    101

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    IARSCRÍBHINN VI

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH AGUS I MUIR NA LEIVEAINTE

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.

    Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Aristaeomorpha foliacea

    ARS

    An séacla mór dearg

    Aristeus antennatus

    ARA

    An séacla gorm agus dearg

    1.   An Mhuir Iónach

    (a)   An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21)

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Ghréig

    OTB

    240

    69 281

    23 101

    An Iodáil

    OTB

    410

    95 996

    22 252

    Málta

    OTB

    15

    5 562

    2 007

    b)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla mór dearg

    Aristaeomorpha foliacea

    Limistéar:

    FLGanna 19, 20 agus 21 (ARS/GF 19-21)

    An Ghréig

    33

     

    Uasteorainn gabhála

    An Iodáil

    303

     

    Málta

    45

     

    An tAontas

    381

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    c)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla gorm agus dearg

    Aristeus antennatus

    Limistéar:

    FLGanna 19, 20 agus 21 (ARA/GF 19-21)

    An Ghréig

    14,5

     

    Uasteorainn gabhála

    An Iodáil

    242,5

     

    Málta

    0

     

    An tAontas

    257

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    2.   Muir na Leiveainte

    (a)   An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27)

    An Ballstát

    Trealamh

    Líon soithí

    kW

    GT

    An Chipir

    OTB

    6

    2 048

    618

    An Iodáil

    OTB

    80

    37 192

    13 199

    b)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla mór dearg

    Aristaeomorpha foliacea

    Limistéar:

    FLGanna 24, 25, 26 agus 27 (ARS/GF 24-27)

    An Iodáil

    46,4

     

    Uasteorainn gabhála réamhchúramach

    An Chipir

    11,6

     

    An tAontas

    58

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    c)   Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An séacla gorm agus dearg

    Aristeus antennatus

    Limistéar:

    FLGanna 24, 25, 26 agus 27 (ARA/GF 24-27)

    An Iodáil

    9,4

     

    Uasteorainn gabhála réamhchúramach

    An Chipir

    5,6

     

    An tAontas

    15

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    IARSCRÍBHINN VII

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

    (a)   Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe, arna shloinneadh i dtonaí beomheáchain

    Speiceas:

    An deargán

    Pagellus bogaraveo

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais i Muir Alboran – FLGanna 1, 2 agus 3 (SBR/GF 1-3)

    An Spáinn

    29,76

     

    Uasleibhéal gabhálacha

    An tAontas

    29,76

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     

    b)   An líon uasta spiléar agus línte láimhe a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran (FLGanna 1, 2 agus 3)

    An Ballstát

    An deargán in FLGanna 1, 2 agus 3

    An Spáinn

    82


    IARSCRÍBHINN VIII

    DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

    Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

    Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

    Ainm eolaíoch

    Cód Alpha-3

    Gnáthainm

    Sprattus sprattus

    SPR

    An salán

    Scophthalmus maximus

    TUR

    An turbard


    Speiceas:

    An salán

    Sprattus sprattus

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

    (SPR/F3742C)

    An Bhulgáir

    8 032,50

     

    TAC anailíseach

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

    An Rómáin

    3 442,50

     

    An tAontas

    11 475

     

    TAC

    Ní bhaineann le hábhar

     


    Speiceas:

    An turbard

    Scophthalmus maximus

    Limistéar:

    Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

    (TUR/F3742C)

    An Bhulgáir

    95

     

    TAC anailíseach

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

    An Rómáin

    75

     

    An tAontas

    170

     (*1)

    TAC

    857

     


    (*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2024.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top