EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0238

Rialachán (AE) 2024/238 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le srianta a thabhairt isteach ar úsáid substaintí blaistithe áirithe

C/2024/63

IO L, 2024/238, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/238

16.1.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/238 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Eanáir 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le srianta a thabhairt isteach ar úsáid substaintí blaistithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13 (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach é i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

Ar liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 tá, i measc nithe eile, roinnt substaintí blaistithe nach raibh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) in ann riosca le haghaidh shláinte an tomhaltóra a chur as an áireamh ina leith ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil tráth a glacadh an liosta le Rialachán (AE) Uimh. 872/2012 agus mheas sé, dá bhrí sin, go raibh gá le sonraí breise chun a mheastóireacht a chríochnú. Áiríodh na substaintí sin i liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe ach ar choinníoll go gcuirfí isteach sonraí sábháilteachta lena dtabharfaí aghaidh ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sula ndeachaigh sprioc-amanna sonracha a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 in éag.

(5)

I measc na substaintí a áirítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair ach a shainaithnítear trí bhíthin tagairt fhonóta lena gceanglaítear ar an Údarás an mheastóireacht a chríochnú, tá na trí shubstaint seo a leanas ó Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 216 (FGE.216): 2-Feiniolcrotónaildéad (FL Uimh. 05.062), 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanal (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal (FL Uimh. 05.100). D’iarr an tÚdarás sonraí eolaíocha breise a chuir na hiarratasóirí isteach ina dhiaidh sin i gcás na substaintí sin.

(6)

Sa tuairim eolaíoch uaidh an 29 Meitheamh 2022 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach agus tháinig sé ar an gconclúid gur spreag substaint ionadaíoch an ghrúpa, 2-Feiniolcrotónaildéad (FL Uimh. 05.062), modh gníomhaíochta aineoigineachta. Ós rud é go raibh na staidéir micreanúicléis in-vivo neamhchonclúideach, ní féidir aineoigineacht fhéideartha in vivo a chur as an áireamh i gcás 2-Feiniolcrotónaildéid (FL Uimh. 05.062), 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanail (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanail (FL Uimh. 05.100).

(7)

Tar éis na tuairime sin agus chun meastóireacht bhreise a dhéanamh ar shábháilteacht na dtrí shubstaint sin, gheall na hoibreoirí gnó leasmhara sonraí breise a sholáthair a d’fhágfadh go bhféadfaí measúnú críochnúil a dhéanamh ar aineoigineacht in vivo na dtrí shubstaint sin (5).

(8)

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás athmheastóireacht ar na sonraí breise ó na hoibreoirí gnó leasmhara agus tar éis na tuairime eolaíche an 29 Meitheamh 2022, is iomchuí coinníollacha úsáide 2-Feiniolcrotónaildéid (FL Uimh. 05.062)„ 5-Meitil-2-feinilheics-2-éanail (FL Uimh. 05.099) agus 4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanail (FL Uimh. 05.100) a theorannú don úsáid a bhaintear astu faoi láthair.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir.

(10)

Maidir le bianna nach gcomhlíonann na coinníollacha nua a leagtar amach, inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus a cuireadh ar an margadh san Aontas nó a seachadadh ó thríú tíortha agus a bhí faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt iad a mhargú san Aontas go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha. Níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach sin maidir le hullmhóidí inar cuireadh aon cheann de na substaintí lena mbaineann agus nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, toisc go mbíonn fios ag na monaróirí táirgí bia a bhaineann úsáid as na hullmhóidí sin faoina gcomhdhéanamh nuair a bhíonn siad á n-úsáid.

(11)

Ar mhaithe le comhchuibhiú le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus chun na srianta a chur san áireamh a chomhfhreagraíonn do na catagóirí bia a úsáideann an tÚdarás le linn an mheasúnaithe teagmhála, ba cheart na catagóirí bia a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a chur in ionad na gcatagóirí bia a liostaítear i Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(12)

Ba cheart fonóta nua a chur le colún 8 i liosta an Aontais, faoi Roinn 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 chun an gá atá le sonraí breise a léiriú i gcás ina bhfuil coinne le sonraí breise chun measúnú an Údaráis a chomhlánú ina iomláine.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Maidir le bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bianna iad nach gcomhlíonann na coinníollacha nua a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, agus a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha.

2.   Maidir le bianna inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn agus a allmhairítear isteach san Aontas ó thríú tír, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éagtha, i gcás inar féidir leis allmhaireoir na mbianna sin a léiriú gur seachadadh iad ón tríú tír lena mbaineann agus go raibh siad faoi bhealach chuig an Aontas roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

3.   Na bearta idirthréimhseacha dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hullmhóidí nach bhfuil sé beartaithe iad a thomhailt mar atá siad, agus inar cuireadh aon cheann de na substaintí blaistithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, is éard is ciall le hullmhóidí meascáin ina bhfuil blastán amháin nó níos mó ná sin lenar féidir comhábhair eile bhia a mheascadh amhail breiseáin bhia, einsímí nó iompróirí chun a stóráil, díol, caighdeánú, caolú nó tuaslagadh a éascú.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).

(4)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 216, Athbhreithniú 2 (FGE.216Rev2): breithniú ar acmhainneacht ghéineatocsaineachta 2-feinil-2-ailcéanal α,β-neamhsháithithe ó fhoghrúpa 3.3 de FGE.19. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(8):7420, doi: 10.2903/j.efsa.2022.7420. Le fáil ar líne: https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/7420

(5)  Litir IOFI EFFA AS Sante - Tuairim EFSA 216 Rev2 (Iris EFSA (2022; 20(8) 7420)) - litir IOFI/EFFA leantach: deimhniú ar thástáil leantach agus ar amchláir a bhfuil coinne leo. Ares(2022)8489668

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 mar a leanas:

(1)

leasaítear Roinn 1 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ina bhfuil liosta na gcatagóirí bia:

‘Uimhir na catagóire

Catagóir Bhia

0.

Na catagóirí uile de bhianna

01.

Táirgí agus analóga déiríochta

01.1

Bainne paistéartha agus steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear bainne TUA)

01.2

Táirgí bainne coipthe neamhbhlaistithe, lena n-áirítear bláthach neamhbhlaistithe nádúrtha (gan bláthach steirilithe a áireamh), gan teaschóireáil déanta orthu tar éis coipthe

01.3

Táirgí bainne coipthe neamhbhlaistithe, iad teaschóireáilte tar éis coipthe

01.4

Táirgí bainne coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

01.5

Bainne díhiodráitithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/114/CE

01.6

Uachtar agus púdar uachtair

01.6.1

Uachtar paistéartha neamhbhlaistithe (gan uachtair shaill-laghdaithe a áireamh)

01.6.2

Táirgí uachtair bheochoipthe neamhbhlaistithe agus táirgí ionadacha ina bhfuil cion saille is lú ná 20 %

01.6.3

Uachtair eile

01.7

Cáis agus táirgí cáise

01.7.1

Cáis neamhaibí gan táirgí a thagann faoi chatagóir 16 a áireamh

01.7.2

Cáis aibithe

01.7.3

Craiceann cáise inite

01.7.4

Cáis mheidhg

01.7.5

Cáis phróiseáilte

01.7.6

Táirgí cáise (gan táirgí a thagann faoi chatagóir 16 a áireamh)

01.8

Analóga déiríochta, lena n-áirítear gealáin deochanna

01.9

Cáiséanáití inite

02.

Saillte agus olaí, agus eibleachtaí saille agus ola

02.1

Saillte agus olaí atá saor go bunúsach ó uisce (gan saill bhainne ainhidriúil a áireamh)

02.2

Eibleachtaí saille agus ola de chineál uisce-in-ola den chuid is mó

02.2.1

Im agus im comhdhlúite agus ola ime agus saill bhainne ainhidriúil

02.2.2

Eibleachtaí eile saille agus ola lena n-áirítear leatháin mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus eibleachtaí leachtacha

02.3

Ola glasraí i bhfoirm sprae le haghaidh an fhriochtáin

03.

Reoiteoga

04.

Torthaí agus glasraí

04.1

Torthaí agus glasraí neamhphróiseáilte

04.1.1

Torthaí agus glasraí úra ina n-iomláine

04.1.2

Torthaí agus glasraí, iad scafa, gearrtha agus mionstiallta

04.1.3

Torthaí agus glasraí reoite

04.2

Torthaí agus glasraí próiseáilte

04.2.1

Torthaí agus glasraí triomaithe

04.2.2

Torthaí agus glasraí i bhfínéagar, in ola, nó i sáile

04.2.3

Torthaí agus glasraí stánaithe nó buidéalaithe

04.2.4

Ullmhóidí torthaí agus glasraí, gan táirgí a chumhdaítear faoi 5.4 a áireamh

04.2.4.1

Ullmhóidí torthaí agus glasraí compóit a áireamh

04.2.4.2

Compóit gan táirgí a chumhdaítear faoi chatagóirí 16 a áireamh

04.2.5

Subha, glóthacha, marmaláidí, agus táirgí comhchosúla

04.2.5.1

Subh bhreise agus glóthach bhreise mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE

04.2.5.2

Subha, glóthacha, marmaláidí agus purée castáin milsithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/113/CE

04.2.5.3

Leatháin chomhchosúla torthaí nó glasraí eile

04.2.5.4

Imeanna cnó agus leatháin cnó

04.2.6

Táirgí prátaí próiseáilte

05.

Milseogra

05.1

Cócó agus táirgí seacláide mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/36/CE

05.2

Milseogra eile lena n-áirítear micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála

05.3

Guma coganta

05.4

Maisiúcháin, bratuithe agus líonadh, seachas líonadh atá bunaithe ar thorthaí a chlúdaítear le catagóir 4.2.4

06.

Gránaigh agus táirgí gránaigh

06.1

Grán iomlán, briste, nó calógach

06.2

Plúr agus táirgí meilte eile agus stáirsí

06.2.1

Plúr

06.2.2

Stáirsí

06.3

Gránaigh bhricfeasta

06.4

Pasta

06.4.1

Pasta úr

06.4.2

Pasta tirim

06.4.3

Pasta réamhchócaráilte úr

06.4.4

Gnocchi prátaí

06.4.5

Líonadh le haghaidh pasta líonta (ravioli agus a leithéid)

06.5

Núdail

06.6

Fuidrimh

06.7

Gránaigh réamhchócaráilte nó phróiseáilte

07.

Earraí bácála

07.1

Arán agus rollaí

07.1.1

Arán a ullmhaítear leis na comhábhair seo a leanas agus iad sin amháin: plúr cruithneachta, uisce, giosta nó laibhín, salann

07.1.2

Pain courant français; Friss búzakenyér, fehér és félbarna kenyerek

07.2

Earraí míne bácála

08.

Feoil

08.1

Feoil úr, gan ullmhóidí feola mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a áireamh

08.2

Ullmhóidí feola, gan ullmhóidí feola mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a áireamh

08.3

Táirgí feola

08.3.1

Táirgí feola gan teaschóireáil déanta orthu

08.3.2

Táirgí feola teaschóireáilte

08.3.3

Cásálacha agus bratuithe agus maisiúcháin le haghaidh feola

08.3.4

Táirgí feola traidisiúnta agus táirgí feola atá leasaithe go traidisiúnta le forálacha sonracha maidir le nítrítí agus níotráití

08.3.4.1

Táirgí traidisiúnta tumleasaithe (Táirgí feola arna leasú trí thumadh i dtuaslagán leasúcháin ina bhfuil nítrítí agus/nó níotráití, salann agus comhpháirteanna eile)

08.3.4.2

Táirgí tirimleasaithe traidisiúnta. (Sa phróiseas tirimleasaithe cuimsítear an meascán tirim leasúcháin ina bhfuil nítrítí agus/nó níotráití, salann agus comhpháirteanna eile a chur anuas ar dhromchla na feola agus leanann tréimhse chobhsaithe/aibiúcháin dá éis)

08.3.4.3

Táirgí traidisiúnta eile agus táirgí eile atá leasaithe go traidisiúnta (lena n-áirítear próisis tumtha agus tirimleasúcháin a úsáidtear in éineacht le chéile nó i gcás ina n-áirítear nítrít agus/nó níotráit i dtáirge cumaisc nó i gcás ina ndéantar an tuaslagán leasúcháin a instealladh isteach sa táirge roimh chócaireacht)

09.

Iasc agus táirgí iascaigh

09.1

Iasc agus táirgí iascaigh neamhphróiseáilte

09.1.1

Iasc neamhphróiseáilte

09.1.2

Moilisc agus crústaigh neamhphróiseáilte

09.2

Iasc nó táirgí iascaigh próiseáilte lena n-áirítear moilisc agus crústaigh

09.3

Eochraí éisc

10.

Uibheacha agus táirgí uibhe

10.1

Uibheacha neamhphróiseáilte

10.2

Uibheacha próiseáilte agus táirgí uibhe próiseáilte

11.

Siúcraí, síoróipí, mil agus milseoirí boird

11.1

Siúcraí agus síoróipí mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/111/CE

11.2

Siúcraí agus síoróipí eile

11.3

Mil mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/110/CE

11.4

Milseoirí boird

11.4.1

Milseoirí boird i bhfoirm leachtach

11.4.2

Milseoirí boird i bhfoirm phúdair

11.4.3

Milseoirí boird i dtáibléid

12.

Salainn, spíosraí, anraithí, anlainn, sailéid agus táirgí próitéine

12.1

Salann agus ionadaigh salainn

12.1.1

Salann

12.1.2

Ionadaigh salainn

12.2

Luibheanna, spíosraí, blastanais

12.2.1

Luibheanna agus spíosraí

12.2.2

Blastanais agus tarsainn

12.3

Fínéagar agus aigéad aicéiteach caolaithe (caolaithe le huisce go 4-30 % de réir toirte)

12.4

Mustard

12.5

Anraithí agus bratanna

12.6

Anlainn

12.7

Sailéid agus leathain neamh-mhilse le haghaidh ceapairí

12.8

Giosta agus táirgí giosta

12.9

Táirgí próitéine, gan táirgí a chumhdaítear faoi chatagóir 1.8 a áireamh

13.

Bianna a cheaptar le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/39/CE

13.1

Bia le haghaidh naíonán agus leanaí óga

13.1.1

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/141/CE ón gCoimisiún (1)

13.1.2

Bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/141/CE

13.1.3

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/125/CE (2) ón gCoimisiún

13.1.4

Bianna eile do leanaí óga

13.1.5

Bianna diaitéiteacha do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine arna sainmhíniú ag Treoir 1999/21/CE (3) ón gCoimisiún agus bainne foirmle speisialta do naíonáin

13.1.5.1

Bianna diaitéiteacha do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine agus bainne foirmle speisialta do naíonáin

13.1.5.2

Bianna diaitéiteacha do naíonáin agus do leanaí óga chun críoch speisialta míochaine arna sainmhíniú i dTreoir 1999/21/CE

13.2

Bianna diaitéiteacha chun críocha speisialta míochaine a shainmhínítear i dTreoir 1999/21/CE (gan táirgí ó chatagóir bhia 13.1.5 a áireamh)

13.3

Bianna diaitéiteacha le haghaidh aistí bia chun meáchan a rialú a bheartaítear a chur in ionad na hiontógála laethúla bia iomláine nó in ionad béile aonair (an aiste bia laethúil iomlán nó cuid di)

13.4

Bianna atá oiriúnach do dhaoine atá éadulangach ar ghlútan mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún (4)

14.

Deochanna

14.1

Deochanna neamhalcólacha

14.1.1

Uisce, lena n-áirítear uisce mianraí nádúrtha mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/54/CE agus fíoruisce agus gach uisce eile buidéil nó pacáilte

14.1.2

Súnna torthaí mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/112/CE agus súnna glasraí

14.1.3

Neachtair torthaí mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/112/CE agus neachtair glasraí agus táirgí comhchosúla

14.1.4

Deochanna blaistithe

14.1.5

Caife, tae, insiltí luibheanna agus torthaí, siocaire; tae, insiltí luibheanna agus torthaí agus eastóscáin siocaire; ullmhóidí tae, plandaí, torthaí agus gránach le haghaidh insiltí, chomh maith le meascáin agus meascáin ar an toirt de na táirgí sin

14.1.5.1

Caife, eastóscáin chaife

14.1.5.2

Eile

14.2

Deochanna alcólacha, lena n-áirítear deochanna neamh-mheisciúil agus deochanna ar bheagán alcóil

14.2.1

Beoir agus deochanna braiche

14.2.2

Fíon agus táirgí eile a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

14.2.3

Leann úll agus leann piorraí

14.2.4

Fíon torthaí agus fíon déanta

14.2.5

Meá

14.2.6

Deochanna biotáilleacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/787

14.2.7

Táirgí fíona cumhraithe mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014

14.2.7.1

Fíonta cumhraithe

14.2.7.2

Deochanna cumhraithe de bhunadh fíona

14.2.7.3

Manglaim chumhraithe de tháirgí fíona

14.2.8

Deochanna alcólacha eile lena n-áirítear meascáin de dheochanna alcólacha le deochanna neamhalcólacha agus deochanna alcólacha eile atá bunaithe ar alcól driogtha ar lú ná 15 % a neart alcóil de réir toirte

15.

Blastóga agus sneaiceanna réidh le hithe

15.1

Sneaiceanna bunaithe ar phrátaí, gránach, plúr nó stáirse

15.2

Cnónna próiseáilte

16.

Milseoga gan táirgí a chumhdaítear faoi chatagóirí 1, 3 agus 4 a áireamh

17.

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

17.1

Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh

17.2

Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm leachtach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh

18.

Bianna próiseáilte nach gcumhdaítear le catagóirí 1 go 17, gan bianna do naíonáin agus do leanaí óga a áireamh

(b)

faoi Cholún 8 (fonótaí), cuirtear an fonóta seo a leanas leis:

‘(5)

cuirfear sonraí eolaíocha breise isteach laistigh de thréimhse ama a chomhaontófar le Seirbhísí an Choimisiúin, tréimhse ama inar gá don Údarás an mheastóireacht a chur i gcrích.

(2)

i dTábla 1 i Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 05.062, 05.099 agus 05.100:

‘05.062

2-Feiniolcrotónaildéad

4411-89-6

1474

670

 

 

I gcatagóir 1.4 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 1.7 – gan dul thar 1,40 mg/kg

 

I gcatagóir 1.8 – gan dul thar 1,30 mg/kg

 

I gcatagóir 2.1, 2.2, 2.3 – gan dul thar 1,60 mg/kg

 

I gcatagóir 3.0 – gan dul thar 1,15 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2 – gan dul thar 0,05 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2.2 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 04.2.5 – gan dul thar 0,30 mg/kg

 

I gcatagóir 5.1 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.2 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.3 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.4 – gan dul thar 1,10 mg/kg

 

I gcatagóir 6.3 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.4 – gan dul thar 0,04 mg/kg

 

I gcatagóir 6.6 – gan dul thar 0,30 mg/kg

 

I gcatagóir 6.7 – gan dul thar 0,60 mg/kg

 

I gcatagóir 7.1 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 7.2 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 8.2, 8.3 – gan dul thar 0,80 mg/kg

 

I gcatagóir 9.2, 9.3 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 10.2 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 11.2 – gan dul thar 1,5 mg/kg

 

I gcatagóir 12.2 – gan dul thar 0,60 mg/kg

 

I gcatagóir 12.3 – gan dul thar 1,80 mg/kg

 

I gcatagóir 12.4 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 12.5 – gan dul thar 0,40 mg/kg

 

I gcatagóir 12.6 – gan dul thar 1,90 mg/kg

 

I gcatagóir 12.7 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 12.9 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 13.2, 13.3, 13.4 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.1 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.1 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.2 – gan dul thar 0,30 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.5 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.6 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 15.0 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 16 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 18.0 – gan dul thar 0,40 mg/kg

5

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

05.099

5-Meitil-2-feinilheics-2-éanal

21834-92-4

1472

10365

 

 

I gcatagóir 1.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 1.7 – gan dul thar 3,20 mg/kg

 

I gcatagóir 1.8 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 2.1, 2.2, 2.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 3.0 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2 – gan dul thar 1,10 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2.2 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2.5 – gan dul thar 2,70 mg/kg

 

I gcatagóir 5.1 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.3 – gan dul thar 2,10 mg/kg

 

I gcatagóir 6.4 – gan dul thar 0,30 mg/kg

 

I gcatagóir 6.6 – gan dul thar 3,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.7 – gan dul thar 0,06 mg/kg

 

I gcatagóir 7.1 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 7.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 8.2, 8.3 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 9.2, 9.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 10.2 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 11.1 – gan dul thar 2,40 mg/kg

 

I gcatagóir 11.2 – gan dul thar 5 mg/kg

 

I gcatagóir 11.4 – gan dul thar 0,02 mg/kg

 

I gcatagóir 12.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 12.3 – gan dul thar 3,00 mg/kg

 

I gcatagóir 12.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 12.5 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 12.6 – gan dul thar 1,60 mg/kg

 

I gcatagóir 12.7 – gan dul thar 0,60 mg/kg

 

I gcatagóir 12.9 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 13.2, 13.3, 13.4 – gan dul thar 1,10 mg/kg

 

I gcatagóir 14.1 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.1 – gan dul thar 1,25 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.5 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.6 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 15.0 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 16 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 17 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 18.0 – gan dul thar 2,30 mg/kg

5

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

05.100

4-Meitil-2-feinilpeint-2-éanal

26643-91-4

1473

10366

 

 

I gcatagóir 1.4 – gan dul thar 0,60 mg/kg

 

I gcatagóir 1.7 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 1.8 – gan dul thar 0,50 mg/kg

 

I gcatagóir 2.1, 2.2, 2.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 3.0 – gan dul thar 0,60 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2 – gan dul thar 0,09 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2.2 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 4.2.5 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 5.1 – gan dul thar 2,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.2 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 5.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.3 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.4 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 6.6 – gan dul thar 3,00 mg/kg

 

I gcatagóir 6.7 – gan dul thar 0,20 mg/kg

 

I gcatagóir 7.1 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 7.2 – gan dul thar 5,00 mg/Kg

 

I gcatagóir 8.2, 8.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 9.2, 9.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 10.2 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 11.2 – gan dul thar 0,10 mg/kg

 

I gcatagóir 12.2 – gan dul thar 0,90 mg/kg

 

I gcatagóir 12.3 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 12.4 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 12.5 – gan dul thar 0,80 mg/kg

 

I gcatagóir 12.6 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 12.7 – gan dul thar 1,50 mg/kg

 

I gcatagóir 12.9 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 13.2, 13.3, 13.4 – gan dul thar 5,00 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.1 – gan dul thar 0,08 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.2 – gan dul thar 0,08 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.5 – gan dul thar 0,08 mg/kg

 

I gcatagóir 14.2.6 – gan dul thar 0,08 mg/kg

 

I gcatagóir 15.0 – gan dul thar 1,8 mg/kg

 

I gcatagóir 16 – gan dul thar 4,00 mg/kg

 

I gcatagóir 17 – gan dul thar 0,60 mg/kg

5

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia


(1)   IO L 401, 30.12.2006, lch. 1.

(2)   IO L 339, 6.12.2006, lch. 16.

(3)   IO L 91, 7.4.1999, lch. 29.

(4)   IO L 16, 21.1.2009, lch. 3.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top