This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024O3131
Guideline (EU) 2024/3131 of the European Central Bank of 14 November 2024 amending Guideline (EU) 2024/3129 on the management of collateral in Eurosystem credit operations (ECB/2024/22) (ECB/2024/36)
Treoirlíne (AE) 2024/3131 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2024/36)
Treoirlíne (AE) 2024/3131 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2024/36)
ECB/2024/36
IO L, 2024/3131, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3131/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3131 |
20.12.2024 |
TREOIRLÍNE (AE) 2024/3131 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 14 Samhain 2024
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2024/3129 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) (BCE/2024/36)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 3.1, 9.2, 12.1, 14.3, 17, 18.2, an chéad fhleasc d’Airteagal 20 agus Airteagal 22 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Lúnasa 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/22), (1)a bhfuil a dáta cur i bhfeidhm ailínithe le dáta tosaigh oibríochtaí Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS). |
|
(2) |
An 25 Meán Fómhair 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe seoladh ECMS a athsceidealú i bhfianaise an mheasúnaithe go raibh gá le ham breise chun ullmhacht leordhóthanach a bhaint amach chun tús rianúil a chur leis na hoibríochtaí. An 24 Deireadh Fómhair 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe gur cheart gurb é an 16 Meitheamh 2025 dáta tosaigh oibríochtaí ECMS. |
|
(3) |
Dá réir sin, ba cheart dáta chur i bhfeidhm Threoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22) a leasú chun dáta tosaigh nua oibríochtaí ECMS a léiriú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart coigeartú a dhéanamh freisin ar an spriocdháta atá ann do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu fógra a thabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach maidir lena mbearta cur chun feidhme. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREORLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
In Airteagal 16 de Chinneadh (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Glacfaidh bainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu na bearta is gá chun an Treoirlíne sin a chomhlíonadh agus chun iad a chur i bhfeidhm amhail ón 16 Meitheamh 2025. Tabharfaidh siad fógra faoi na téacsanna agus faoi na meáin a bhaineann leis na bearta sin do BCE faoin 4 Nollaig 2024 ar a dhéanaí.’
Airteagal 2
Teacht in éifeacht
Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht ar an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 14 Samhain 2024.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22) IO L, 2024/3129, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3131/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)