This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024O3129
Guideline (EU) 2024/3129 of the European Central Bank of 13 August 2024 on the management of collateral in Eurosystem credit operations (ECB/2024/22)
Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22)
Treoirlíne (AE) 2024/3129 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22)
ECB/2024/22
IO L, 2024/3129, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
14/11/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3129 |
20.12.2024 |
TREOIRLÍNE (AE) 2024/3129 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 13 Lúnasa 2024
maidir le bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais (BCE/2024/22)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 3.1, 9.2, 12.1, 14.3, 17, 18.2, an chéad mhír d’Airteagal 20, agus Airteagal 22 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh go ndéantar creidmheas bainc ceannais a bhunú ar chomhthaobhacht leordhóthanach le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais. |
|
(2) |
Sainmhínítear na sócmhainní atá incháilithe lena n-úsáid mar chomhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i dTreoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1) agus i dTreoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach. (2) |
|
(3) |
Tá an tEurochóras tar éis cainéil a bhunú chun slógadh comhthaobhachta a éascú ar bhonn intíre agus trasteorann araon trí úsáid a bhaint, inter alia, as córais socraíochta urrús (SSSanna) agus as gníomhairí trípháirteacha (triparty agents, TPAnna) agus trí bheith ag brath ar shocruithe idir bainc cheannais an Eurochórais chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach contrapháirtí ar gach sócmhainn indíolta agus neamh-indíolta atá incháilithe lena n-úsáid in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais. |
|
(4) |
Ag an am céanna, ní hionann na nósanna imeachta chun comhthaobhacht a shlógadh agus a bhainistiú faoi láthair i measc bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCNanna), agus cuireann gach BCN a chleachtais féin chun feidhme agus oibríonn sé a chórais féin. Dá thoradh sin, bíonn contrapháirtithe neamhchosanta ar éagsúlacht nósanna imeachta nuair a bhíonn comhthaobhacht á soláthar acu don Eurochóras. |
|
(5) |
Chun éifeachtúlacht oibríochtúil agus trédhearcacht nósanna imeachta an Eurochórais a bhaineann le slógadh agus bainistiú comhthaobhachta a fheabhsú, ba cheart do BCNanna comhthaobhacht arna slógadh ag contrapháirtithe a bhainistiú ar bhealach comhchuibhithe, eadhon trí phróisis chaighdeánaithe atá aonfhoirmeach ó thaobh oibríochta de, gan beann ar an áit a bhfuil an chomhthaobhacht nó an contrapháirtí. |
|
(6) |
Chuige sin, chomhaontaigh an tEurochóras rialacha agus socruithe comhchuibhithe chun comhthaobhacht a bhainistiú agus d’fhorbair sé Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (Eurosystem Collateral Management System, ECMS) mar ardán aonair de chuid an Eurochórais lena gcuirtear ar chumas BCNanna sócmhainní incháilithe agus airgead tirim a shlógann a gcontrapháirtithe mar chomhthaobhacht a bhainistiú. |
|
(7) |
Mar sin féin, ós rud é go bhfuil difríocht idir na ceanglais dhlíthiúla maidir le héilimh chreidmheasa agus éilimh chreidmheasa bhreise (additional credit claims, ACCanna) a shlógadh ó dhlínse go dlínse, ba cheart go mbeadh na BCNanna in ann bainistiú a dhéanamh ar shlógadh intíre sócmhainní den sórt sin lasmuigh de ECMS. Thairis sin, mar gheall ar a gcineál, ba cheart ionstraimí fiachais miondíola le taca morgáistí (retail mortgage-backed debt instruments, RMBDanna) a shlógadh lasmuigh de ECMS. |
|
(8) |
Sa bhreis ar chomhthaobhacht a shlógtar chun críocha oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú, féadfaidh BCNanna, dá rogha féin, comhthaobhacht arna slógadh ag contrapháirtithe chun críocha áirithe eile a ghlacadh agus a bhainistiú, de réir mar a chinnfidh an tEurochóras ó am go ham, agus ba cheart go mbeidís in ann dul ar iontaoibh sheirbhísí ECMS ina leith sin. |
|
(9) |
Chun nósanna imeachta an Eurochórais a ailíniú le caighdeáin mhargaidh chomhaontaithe maidir le bainistiú comhthaobhachta agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le héifeachtúlacht na bainistíochta comhthaobhachta ar fud an mhargaidh airgeadais, tá sé mar aidhm ag forálacha na Treoirlíne seo na rialacha ábhartha atá leagtha amach sa Leabhar Rialacha Bainistíochta Comhthaobhachta Aonair don Eoraip (Single Collateral Management Rulebook for Europe, SCoRE) a leanúint. |
|
(10) |
Faoi láthair, is éard atá sna cainéil trínar féidir le contrapháirtithe comhthaobhacht a shlógadh in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais an cainéal slógtha intíre, an cainéal slógtha nasc, samhail chomhfhreagrach na baincéireachta ceannais (correspondent central banking model, CCBM) agus, ar fhormheas ón Eurochóras, an cainéal slógtha rochtana dírí. |
|
(11) |
Ba cheart an CCBM a leathnú chun slógadh sócmhainní indíolta agus ionstraimí fiachais neamh-indíolta arna dtacú le héilimh chreidmheasa incháilithe (debt instruments backed by eligible credit claims, DECCanna) (a) in idirbhearta uathsholáthair urrúis chomhthaobhaigh de chuid Urrúis TARGET2 (T2S) agus (b) chun críocha áirithe eile arna gcinneadh ag an Eurochóras ó am go ham a éascú. |
|
(12) |
Ba cheart go mbeadh gach BCN in ann cuntais a oscailt in SSSanna incháilithe agus/nó seirbhísí gníomhairí trípháirteacha (TPAnna) a úsáid i ndlínsí seachas dlínse bhaile an BCN gan formheas an Eurochórais a bheith de dhíth, lena n-áirítear i gcásanna nach bhfuil SSS nó TPA incháilithe ag dlínse bhaile an BCN. |
|
(13) |
Bhunaigh an tEurochóras critéir incháilitheachta nach mór do SSSanna, do naisc idir SSSanna, agus do TPAnna iad a chomhlíonadh, i gcás ina n-úsáidtear iad chun sócmhainní indíolta incháilithe agus DECCanna a shlógadh. Ba cheart na critéir sin a leasú agus a chomhdhlúthú in aon téacs amháin ar mhaithe le deimhneacht, soiléireacht agus trédhearcacht. |
|
(14) |
Chun tairbhe a bhaint as na nósanna imeachta comhchuibhithe um shocraíocht in T2S agus as a fheidhmiúlacht maidir le huathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh, níor cheart do BCNanna sócmhainní indíolta agus DECCanna a fháil ach amháin i gcuntais in SSSanna de chuid T2S. Maidir leis na cuntais ina bhfuil sócmhainní indíolta agus DECCanna i seilbh contrapháirtí roimh an slógadh, ba cheart leanúint de chead a thabhairt iad a choinneáil in SSSanna nach SSSanna de chuid T2S iad. |
|
(15) |
Ní féidir sócmhainní neamh-indíolta, cé is moite de DECCanna, a thabhairt chun socraíochta in SSS. A mhéid a bhaineann na BCNanna úsáid as ECMS chun éilimh chreidmheasa agus CCTanna a shlógadh mar chomhthaobhacht, ba cheart do na BCNanna faisnéis faoi na sócmhainní sin a thaifeadadh sa chuntas ábhartha sócmhainní inmheánacha a osclaítear i leabhair BCN an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe nó i leabhair an BCN atá ag gníomhú mar bhanc ceannais comhfhreagrach, de réir mar is infheidhme. |
|
(16) |
Ba cheart don Eurochóras aisghabháil a dhéanamh ó chontrapháirtithe ar chostais sheachtracha arna ngearradh ag taisclanna lárnacha urrús (central securities depositories, CSDs) agus ag TPAnna i leith sócmhainní indíolta agus DECCanna a shlógtar mar chomhthaobhacht. Ba cheart cead a bheith ag BCNanna costais inmheánacha a chumhdach i ndáil le héilimh chreidmheasa, CCTanna agus RMBDanna a shlógadh agus a bhainistiú trí tháillí a ghearradh ar chontrapháirtithe. |
|
(17) |
Bhainfeadh cur chun feidhme na bainistíochta comhthaobhachta tairbhe as na forálacha ábhartha a bheith ar áireamh i ngníomh dlí ar leithligh. Bheadh de thoradh air sin go mbeifí in ann paraiméadair a bhaineann le bainistiú comhthaobhachta a sholáthar i bhfoirm dhlúth fhéinchuimsitheach agus go bhféadfaí leasuithe ar an gcreat ábhartha a chuíchóiriú go pras a luaithe a dhéanann an Chomhairle Rialaithe na cinntí comhfhreagracha beartais. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, bunaítear leis an Treoirlíne seo rialacha agus socruithe comhchuibhithe do BCNanna chun comhthaobhacht arna slógadh ag contrapháirtithe a bhainistiú ar bhonn intíre agus trasteorann chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú agus chun críocha áirithe eile, agus cuirtear í in ionad na bhforálacha maidir le bainistiú comhthaobhachta atá i dTreoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) mar a thuairiscítear i dTreoirlíne (AE) 2024/3130 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/23) (3), |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear leis an Treoirlíne seo rialacha agus socruithe comhchuibhithe maidir le slógadh agus bainistiú comhthaobhachta atá incháilithe faoi Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (4) agus/nó faoi Threoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach (5) ar bhonn intíre nó trasteorann chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú. I gcás ina mbeidh aon neamhréireacht idir an Treoirlíne seo agus Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) beidh forlámhas ag an Treoirlíne seo maidir le hábhair a thagann faoina raon feidhme.
2. Bainfidh banc ceannais náisiúnta (BCNanna) úsáid as Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (Eurosystem Collateral Management System, ECMS) mar ardán aonair de chuid an Eurochórais chun an chomhthaobhacht dá dtagraítear i mír 1 a shlógadh agus a bhainistiú.
3. D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2:
|
(a) |
Beidh de rogha ag BCNanna bainistiú a dhéanamh ar shlógadh intíre éileamh creidmheasa agus éilimh chreidmheasa bhreise (additional credit claims, ACCs) lasmuigh de ECMS, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1), (2) agus (3); |
|
(b) |
Slógfaidh BCNanna ionstraimí fiachais miondíola le taca morgáistí (retail mortgage-backed debt instruments, RMBDanna) lasmuigh de ECMS. |
4. In aon chás ina ndéantar sócmhainní a shlógadh lasmuigh de ECMS, taifeadfaidh BCNanna faisnéis faoi luach comhthaobhachta na sócmhainní sin in ECMS.
5. Féadfaidh BCNanna úsáid a bhaint as ECMS freisin chun comhthaobhacht arna slógadh chun críocha áirithe eile a bhainistiú de réir mar a chinnfidh an tEurochóras ó am go ham.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treoirlíne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘éileamh creidmheasa breise’ (additional credit claim, ACC) éileamh creidmheasa breise atá incháilithe faoi Airteagal 4 de Threoirlíne BCE/2014/31 diomaite de RMBD; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘cuntas sócmhainní’: (a) i ndáil le slógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna: (i) cuntas a osclaíonn BCN ina leabhair féin; (ii) cuntas a osclaítear i leabhair de chuid córais socraíochta urrús nó i leabhair BCN eile atá ag gníomhú mar bhanc ceannais comhfhreagrach; (b) i ndáil le slógadh sócmhainní neamh-indíolta (seachas DECCanna): (i) cuntas a osclaíonn BCN ina leabhair féin; (ii) cuntas a osclaítear i leabhair BCN eile atá ag gníomhú mar bhanc ceannais comhfhreagrach. ‘cuntais sócmhainní seachtracha’ a thugtar ar chuntais den sórt sin a osclaítear le hinstitiúid seachas an banc ceannais baile; ‘cuntais sócmhainní inmheánacha’ a thugtar ar chuntais den sórt sin a osclaítear i leabhair an bhainc ceannais baile; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘banc ceannais cúnta’ (assisting central bank) nó ‘ACB’ BCN a thugann cúnamh agus comhairle do HCB maidir le héilimh chreidmheasa a shlógadh ar bhonn trasteorann; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh’ uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8); (6) |
|
(5) |
ciallaíonn ‘lá gnó’ lá gnó mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8); |
|
(6) |
ciallaíonn ‘cuntas airgid’: (a) príomhchuntas airgid; (b) cuntas airgid nach bhfuil in euro; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ (central securities depository) nó ‘CSD’ taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (7) |
|
(8) |
ciallaíonn ‘comhthaobhacht’ gach sócmhainn indíolta agus neamh-indíolta agus airgead atá incháilithe faoi Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) agus/nó faoi Threoirlíne BCE/2014/31 chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú nó a shlógtar chun críocha áirithe eile de réir mar a chinnfidh an tEurochóras ó am go ham; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘sonraí bainistíochta comhthaobhachta’ sonraí sócmhainní incháilithe, faisnéis phraghsála, agus sonraí dlúthnasc; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘réadú comhthaobhachta’ an próiseas trína bhforfheidhmíonn BCN a chearta ar shócmhainní a shlógtar mar chomhthaobhacht mar shásamh ar chreidmheas gan íoc atá tagtha chun bheith dlite; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘ath-leithdháileadh comhthaobhachta’ an próiseas trína ndéantar sócmhainní a ath-leithdháileadh ón gcuntas a ainmníodh tráth an tslógtha chuig cuntas eile; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘luach comhthaobhachta’ méid an chreidmheasa a fhéadfar a dheonú in aghaidh comhthaobhacht atá á sholáthar ag contrapháirtí tar éis caolchorrlach agus tosca eile, de réir mar a chinnfidh an tEurochóras ó am go ham, bíodh baint acu leis an tsócmhainn agus/nó leis an gcontrapháirtí nó ná bíodh, a asbhaint; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘comhthiomsú comhthaobhachta’ suim na luachanna comhthaobhachta a dhíorthaítear ó shócmhainní agus ó airgead arna shlógadh ag contrapháirtí agus a choimeádtar ann; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘suíomh comhthaobhachta’ taifead ar luach comhthaobhachta na sócmhainní agus an airgid a shlógtar mar chomhthaobhacht; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘contrapháirtí’: (a) institiúid a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar síos i gCuid a Trí de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) lena dtugtar teideal di rochtain a fháil ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais agus, maidir le rochtain ar chreidmheas ionlae, rannpháirtí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8); nó (b) eintiteas a sholáthraíonn comhthaobhacht arna bainistiú ag BCNanna chun críocha áirithe eile de réir mar a chinnfidh an tEurochóras ó am go ham; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘banc ceannais comhfhreagrach’ (correspondent central bank) ‘CCB’ BCN atá ag gníomhú thar ceann HCB i socrú CCBM; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘samhail baincéireachta ceannais comhfhreagraí’ (correspondent central banking model) ‘CCBM’ socrú arna bhunú ag an Eurochóras arb é is aidhm dó contrapháirtithe a chumasú chun sócmhainní incháilithe a shlógadh ar bhonn trasteorann, ina ngníomhaíonn bainc cheannais náisiúnta mar choimeádaithe dá chéile agus mar ghníomhairí dá chéile, agus ar dá bhun a dhéantar an méid seo a leanas: (a) soláthraíonn an HCB creidmheas nó leachtacht don chontrapháirtí, bunaithe ar shócmhainní incháilithe arna sealbhú ag an gcontrapháirtí nó de réir ordú an chontrapháirtí i gcuntas arna ainmniú ag an CCB; (b) gníomhaíonn an CCB thar ceann an HCB i leith na sócmhainní incháilithe sin agus tugann sé cúnamh agus comhairle; agus (c) i gcásanna sonraithe i ndáil le héilimh chreidmheasa, cuireann an ACB cúnamh agus comhairle ar fáil; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘éileamh creidmheasa’ éileamh creidmheasa atá incháilithe faoi Airteagal 2(13) de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60); |
|
(19) |
ciallaíonn ‘líne chreidmheasa’ an luach comhthaobhachta atá ar fáil chun creidmheas ionlae in TARGET a chomhthaobhú; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘suíomh creidmheasa’ an méid creidmheasa a chuireann an HCB ar fáil do chontrapháirtí, lena n-áirítear aon luach comhthaobhachta sa chomhthiomsú comhthaobhachta a fhorchoimeádtar chun críche sonraí; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘slógadh trasteorann’ slógadh na nithe seo a leanas: (a) sócmhainní indíolta: (i) arna sealbhú i mBallstát nach ionann é agus Ballstát an HCB; (ii) arna n-eisiúint i mBallstát nach ionann é agus Ballstát an HCB agus arna sealbhú i mBallstát an HCB; agus (c) éilimh chreidmheasa arna rialú le dlí seachas dlí na dlínse ina bhfuil an HCB bunaithe; (d) ACCanna arna rialú le dlí seachas dlí na dlínse ina bhfuil an BCN a fhaigheann an chomhthaobhacht bunaithe; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘rochtain dhíreach a shlógadh’ sócmhainní indíolta agus DECCanna a shlógadh i gcás ina bhfaigheann an BCN na sócmhainní sin isteach i gcuntas urrús atá i seilbh an BCN sin lena ngabhann CSD atá lonnaithe i ndlínse seachas an dlínse ina bhfuil an BCN bunaithe; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘nasc díreach’ socrú idir dhá SSS atá á n-oibriú ag CSDanna, ina dtagann CSD amháin chun bheith ina rannpháirtí díreach sa SSS atá á oibriú ag an CSD eile trí chuntas urrús a oscailt, ionas gur féidir urrúis a aistriú trí phróiseas cuntais reatha; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘slógadh intíre’: (a) maidir le sócmhainní indíolta agus DECCanna, slógadh sócmhainne arna heisiúint agus arna sealbhú in CSD atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an HCB bunaithe; (b) maidir le héilimh chreidmheasa agus ACCanna, slógadh éileamh creidmheasa agus ACCanna arna rialú le dlí na dlínse ina bhfuil an HCB bunaithe; agus (c) maidir le RMBDanna, RMBDanna arna n-eisiúint ag contrapháirtí atá bunaithe i mBallstát an HCB; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘sócmhainní incháilithe’ sócmhainní indíolta agus neamh-indíolta atá incháilithe faoi Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) agus faoi Threoirlíne BCE/2014/31; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘nasc incháilithe’ nasc díreach nó athsheachadta ar mheas an tEurochóras é a bheith comhlíontach leis na critéir incháilitheachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus atá ar áireamh i liosta an Eurochórais de naisc incháilithe arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Bíonn nasc athsheachadta incháilithe comhdhéanta de naisc dhíreacha incháilithe fholuiteacha; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús incháilithe’ nó ‘SSS (securities settlement system) incháilithe’ arna oibriú ag CSD ar mheas an tEurochóras é a bheith comhlíontach leis na critéir incháilitheachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus atá ar áireamh i liosta an Eurochórais de naisc incháilithe arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘gníomhaire trípháirteach incháilithe’ nó ‘TPA (triparty agent) incháilithe’ arna oibriú ag CSD ar mheas an tEurochóras é a bheith comhlíontach leis na critéir incháilitheachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus atá ar áireamh i liosta an Eurochórais de naisc incháilithe arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘an limistéar euro’ a bheith bainteach le Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige nó a bheith bunaithe sa Bhallstát sin; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘an tEurochóras’ BCE agus na BCNanna; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais’ oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais mar a shainmhínítear i bpointe in Airteagal 2, pointe (31), de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60); |
|
(32) |
ciallaíonn ‘banc ceannais baile’ (home central bank) nó ‘HCB’ BCN an Bhallstáit ina bhfuil contrapháirtí bunaithe agus a dheonaíonn creidmheas don chontrapháirtí sin in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús idirghabhálach’ (intermediary securities settlement system) nó ‘SSS idirghabhálach’ SSS a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí idir SSS eisitheora agus SSS infheisteora; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘creidmheas ionlae’ creidmheas ionlae mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8); |
|
(35) |
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús infheisteora’ (investor securities settlement system) nó ‘SSS infheisteora’ SSS ag a bhfuil nasc incháilithe le SSS eisitheora chun aistriú urrús ó rannpháirtithe sa SSS eisitheora chuig rannpháirtithe sa SSS infheisteora a éascú; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús eisitheora’ (issuer securities settlement system) nó ‘SSS eisitheora’ SSS arna oibriú ag CSD inar eisíodh urrúis; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘cainéal slógtha nasc’ sócmhainní indíolta a shlógadh trí úsáid a bhaint as nasc incháilithe; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘príomhchuntas airgid’ (main cash account) nó ‘MCA’ príomhchuntas airgid arna shealbhú chun críocha Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) agus i gcomhréir leis na forálacha sin; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘sócmhainní indíolta’ aon cheann díobh seo a leanas: (a) sócmhainní indíolta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (59), de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60); (b) sócmhainní indíolta atá incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Airteagail 3, 5 agus/nó 7 de Threoirlíne BCE/2014/31; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘cainéil slógtha’ an tsraith nósanna imeachta agus socruithe a bunaíodh chun gur féidir le contrapháirtithe sócmhainní incháilithe a shlógadh, agus is éard atá ann an cainéal slógtha intíre, cainéal slógtha nasc, an cainéal slógtha CCBM agus an cainéal slógtha rochtana dírí; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘banc ceannais náisiúnta’ nó ‘BCN’ banc ceannais náisiúnta de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘sócmhainn neamh-indíolta’: (a) sócmhainní neamh-indíolta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (70), de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60); (b) éileamh creidmheasa breise atá incháilithe faoi Airteagal 4 de Threoirlíne BCE/2014/31; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘ionstraim fiachais neamh-indíolta arna tacú le héilimh chreidmheasa incháilithe’ (DECC) ionstraim fiachais neamh-indíolta arna dtacú le héilimh chreidmheasa incháilithe mar a shainmhínítear i bpointe (70a) d’Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2015/10 (BCE/2014/60); |
|
(44) |
ciallaíonn ‘comhthiomsú’ an modh oibríochtúil a úsáideann BCNanna chun comhthaobhacht arna slógadh ag contrapháirtithe a choinneáil ar bun, trína gcuireann an contrapháirtí comhthaobhacht ar fáil do BCN chun creidmheas ón BCN sin a chomhthaobhú, agus nach ndéantar, sa mhodh oibríochtúil sin, sócmhainní incháilithe aonair a nascadh le haon oibríocht shonrach chreidmheasa de chuid an Eurochórais, cé is moite de RMBDanna atá nasctha le hoibríocht shonrach chreidmheasa; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘MCA príomha’ MCA, atá faoi úinéireacht an chontrapháirtí nó faoi úinéireacht tríú páirtí, agus atá ainmnithe ag an gcontrapháirtí chun íocaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhthaobhachta a shocrú; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘nasc athsheachadta’ nasc a bhunaítear idir SSSanna arna n-oibriú ag dhá CSD éagsúla a fhorghníomhaíonn idirbhearta urrús nó aistrithe urrús trí thríú SSS arna oibriú ag CSD atá ag gníomhú mar idirghabhálaí nó, i gcás SSSanna arna n-oibriú ag CSDanna atá rannpháirteach in Urrúis TARGET2, trí roinnt SSSanna arna n-oibriú ag CSDanna atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘ionstraim fiachais mhiondíola le taca morgáistí’ (retail mortgage-backed debt instrument) nó ‘RMBD’ sócmhainn atá incháilithe lena húsáid mar chomhthaobhacht i gcomhréir le hAirteagal 107 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) agus le hAirteagal 4 de Threoirlíne BCE/2014/31; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘mód um choinneáil áirithinte’ coinneáil sócmhainní indíolta agus/nó DECCanna a shlógtar mar chomhthaobhacht ar chuntas urrús an chontrapháirtí; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús’ (securities settlement system) nó ‘SSS’ córas socraíochta urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (10), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘TARGET’ an ghlúin nua den Chóras Mearaistrithe Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-ama, arna rialú faoi Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8); |
|
(51) |
ciallaíonn ‘mód um aistriú a chur in áirithe’ seachadadh sócmhainní indíolta nó DECCanna a shlógtar mar chomhthaobhacht ó chuntas urrús an chontrapháirtí chuig cuntas urrús an BCN; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘seirbhísí T2S’ seirbhísí T2S mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoirlíne BCE/2012/13 ón mBanc Ceannais Eorpach (8). |
Airteagal 3
Struchtúr an chuntais agus an chomhthiomsaithe
1. Chun slógadh agus bainistiú comhthaobhachta a éascú, déanfaidh BCNanna an méid seo a leanas:
|
(a) |
cuntais sócmhainní agus cuntais airgid a choinneáil ar bun; |
|
(b) |
ceangal a chur ar chontrapháirtithe cuntais sócmhainní ábhartha agus cuntais airgid ábhartha a choinneáil ar bun. |
2. Ceadóidh BCNanna dá gcontrapháirtithe údarú a thabhairt do thríú páirtí chun cuntais sócmhainní ainmnithe agus/nó cuntais airgid an chontrapháirtí a bhainistiú, agus sa chás sin beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina n-údaraíonn contrapháirtí do thríú páirtí a chuntas sócmhainní ainmnithe a bhainistiú, déanfaidh tríú páirtí a sheolann treoracha chuig an BCN agus a fhaigheann fógraí ón BCN thar ceann an chontrapháirtí cuntas sócmhainní an chontrapháirtí a bhainistiú; |
|
(b) |
i gcás ina n-údaraíonn contrapháirtí do thríú páirtí a chuntas airgid ainmnithe a bhainistiú, déanfaidh rannpháirtí TARGET eile an MCA príomha arna ainmniú ag an gcontrapháirtí a chomhbhainistiú (i gcomhréir le hAirteagal 2.1 a) agus b) d’Iarscríbhinn I, Cuid II de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8)), nó beidh an MCA príomha sin cleamhnaithe leis an rannpháirtí TARGET eile sin. |
3. Chun sócmhainní indíolta agus ionstraimí fiachais neamh-indíolta arna dtacú le héilimh chreidmheasa incháilithe (DECCanna) a fháil mar chomhthaobhacht ó chontrapháirtithe, féadfaidh BCNanna cuntais sócmhainní seachtracha a oscailt. Ní osclófar cuntais den sórt sin ach amháin in córas socraíochta urrús (SSS incháilithe).
4. Osclóidh BCNanna cuntais sócmhainní inmheánacha do gach contrapháirtí chun comhthaobhacht a fháil ó chontrapháirtithe agus/nó chun faisnéis a thaifeadadh faoin gcomhthaobhacht arna slógadh ag an gcontrapháirtí. Osclófar cuntais sócmhainní inmheánacha ar leithligh le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
(a) |
sócmhainní indíolta agus DECCanna; |
|
(b) |
sócmhainní neamh-indíolta seachas DECCanna. |
5. Bainfidh BCNanna úsáid as comhthiomsú chun comhthaobhacht arna slógadh ag a gcontrapháirtithe a choinneáil ar bun.
6. Sainaithneofar gach cuntas sócmhainní inmheánacha agus gach comhthiomsú comhthaobhachta trí bhíthin coinbhinsiún ainmniúcháin uathúil agus comhchuibhithe arna shainiú ag an Eurochóras agus arna leagan amach sa doiciméad dar teideal ‘Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties’ (Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais), arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE.
7. Faoi réir an cheanglais maidir le deighilt comhthiomsuithe a leagtar síos i mír 8, féadfar cuid de luach comhthaobhachta na comhthaobhachta slógtha a fhorchoimeád laistigh den chomhthiomsú comhthaobhachta atá ag contrapháirtí chun críocha a bhaineann leis an soláthar urrúis chomhthaobhaigh a ghabhann le hoibríochtaí creidmheasa an Eurochórais nó chun críocha áirithe eile arna gcinneadh ag an Eurochóras ó am go ham agus arna leagan amach sa doiciméad dar teideal Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties [Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais], arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE.
8. An chomhthaobhacht arna slógadh chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú, coinneofar ar bun í i gcomhthiomsú ar leithligh ó na comhthiomsuithe a úsáidtear chun comhthaobhacht a bhainistiú chun críocha eile dá dtagraítear i mír 7. Féadfaidh BCNanna a oiread comhthiomsuithe comhthaobhachta agus is gá a choinneáil ar bun in aghaidh an chontrapháirtí chun na gcríoch sin.
9. Féadfaidh BCNanna roinnt cuntais sócmhainní inmheánacha a oscailt in aghaidh an chontrapháirtí. Ní bheidh cuntas sócmhainní inmheánacha nasctha ach le comhthiomsú comhthaobhachta amháin. Féadfar comhthiomsú comhthaobhachta amháin a nascadh le roinnt cuntais sócmhainní inmheánacha.
10. Chun creidmheas ionlae a sholáthar do chontrapháirtí, ní dhéanfar ach an comhthiomsú comhthaobhachta a choinnítear ar bun chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú a nascadh leis an MCA príomhúil in TARGET atá ainmnithe ag an gcontrapháirtí.
11. Chun tacú le forghníomhú oibríochtaí bainistíochta comhthaobhachta, féichiúnóidh BCNanna príomh-MCA an chontrapháirtí in TARGET chun íoc oibleagáidí atá gan chomhlíonadh leis an Eurochóras a éascú maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, i measc nithe eile:
|
(a) |
aisíoc oibríochtaí creidmheasa atá ag teacht in aibíocht; |
|
(b) |
próiseáil ócáidí corparáideacha; |
|
(c) |
shlógadh oibríoch airgid thirim mar chomhthaobhacht; |
|
(d) |
bailiú táillí. |
Airteagal 4
Slógadh comhthaobhachta
1. Déanfar sócmhainní indíolta agus DECCanna arna slógadh mar chomhthaobhacht ag contrapháirtí a sheachadadh chuig cuntas arna shealbhú le SSS incháilithe.
2. Más rud é nach ionann an CSD ina n-eisítear an tsócmhainn agus an CSD ina sealbhaítear an tsócmhainn, ní shlógfar comhthaobhacht ach amháin má tá na SSSanna arna n-oibriú ag an dá CSD sin nasctha le nasc incháilithe.
3. Má iarrann BCN eile (mar banc ceannais baile (home central bank, (HCB)) amhlaidh, déanfaidh BCN (mar CCB) cuntas urrús leithscartha nó omnibus a choinneáil ar bun in SSS incháilithe atá bunaithe sa dlínse ina bhfuil CCB bunaithe agus sealbhóidh sé an chomhthaobhacht thar ceann an HCB.
4. Féadfaidh BCN, chun comhthaobhacht a fháil óna chontrapháirtithe, cuntas a oscailt go díreach in SSS incháilithe atá bunaithe i ndlínse seachas an dlínse ina bhfuil an BCN bunaithe.
5. Chun éilimh chreidmheasa agus CCTanna a shlógadh mar chomhthaobhacht, cuirfidh BCNanna de cheangal ar chontrapháirtithe na sócmhainní sin a shlógadh chuig cuntas sócmhainní arna ainmniú ag an HCB. Beidh de rogha ag BCN slógadh intíre éileamh creidmheasa agus CCTanna lasmuigh de ECMS a bhainistiú, agus sa chás sin cinnfidh an BCN an bhfuil gá le cuntas sócmhainní le haghaidh slógadh.
6. I gcás ina ndéantar airgead a shlógadh mar chomhthaobhacht, slógfar é ar threoir ón BCN nó ón gcontrapháirtí trí MCA príomhúil ainmnithe an chontrapháirtí a chur do dhochar agus trí chuntas an HCB a chur do shochar.
7. Ní shlógfar éilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht ach amháin trí bhíthin samhail chomhfhreagrach na baincéireachta ceannais (correspondent central banking model, CCBM) chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú. Ní shlógfar ACCanna, RMBDanna ná taiscí téarma sheasta (FTDanna) mar chomhthaobhacht trí bhíthin an CCBM.
8. Beidh éifeachtaí dlíthiúla na gcuntas reatha (sa mhód um aistriú a chur in áirithe nó sa mhód um choinneáil áirithinte) ar chuntais sócmhainní faoi rialú shocruithe conarthacha nó rialála an BCN leis an gcontrapháirtí. An úsáid a bhaintear as cuntais chun sócmhainní a shlógadh, beidh sí i gcomhréir leis na ceanglais faoin dlí náisiúnta is ábhartha maidir le heirí ar shócmhainní den sórt sin a chruthú nó a scaoileadh.
Airteagal 5
Slógadh agus díshlógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna
1. I gcás ina bhféachann contrapháirtí le sócmhainní indíolta nó DECCanna a shlógadh nó a dhíshlógadh mar chomhthaobhacht, déanfaidh BCNanna, sula nglacfaidh siad le hiarraidh ar shlógadh nó ar dhíshlógadh den sórt sin, seiceálacha bailíochtaithe, mar a shainmhíníonn an tEurochóras agus mar a leagtar amach sa doiciméad dar teideal Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties (Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais), arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE, de réir an doiciméid sin, ar na treoracha um shlógadh nó um dhíshlógadh arna dtíolacadh ag an gcontrapháirtí ábhartha.
2. Déanfar sócmhainní indíolta agus DECCanna a shlógadh ar bhonn saor ó íocaíocht (free of payment, FOP), cé is moite d’idirbhearta uathsholáthair urrúis chomhthaobhaigh, dá dtagraítear in Airteagal 8, a ndéantar socraíocht ina leith ar bhonn seachadadh in áit íocaíochta (delivery versus payment, DVP).
3. Sula nglacfaidh siad le treoir maidir le díshlógadh, laghdóidh BCNanna luach an chomhthiomsaithe ábhartha comhthaobhachta agus, más ábhartha, luach na líne creidmheasa de réir mhéid atá cothrom le luach comhthaobhachta na sócmhainní indíolta nó na DECCanna a bhfuil díshlógadh á iarraidh ina leith. Dá mbeadh luach iomlán an chomhthiomsaithe comhthaobhachta níos ísle ná an suíomh creidmheasa iomlán mar thoradh ar an laghdú sin ar luach an chomhthiomsaithe comhthaobhachta, cuirfidh na BCNanna an iarraidh ar dhíshlógadh ar feitheamh agus ní dhéanfaidh siad an coigeartú ar an gcomhthiomsú comhthaobhachta ná, más ábhartha, ar an líne chreidmheasa. Diúltóidh BCNanna do threoracha díshlógtha a bheidh fós ar feitheamh ag deireadh an lae.
4. Tiocfaidh coigeartuithe críochnaitheacha ar shuíomhanna sócmhainní agus ar an gcomhthiomsú comhthaobhachta i bhfeidhm ar dheimhniú socraíochta a fháil ó T2S.
5. Arna iarraidh sin don HCB, gníomhóidh BCN mar CCB thar ceann an HCB sin i ndáil le slógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna trí bhíthin an CCBM. I gcás slógadh agus díshlógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna trí bhíthin an CCBM, beidh an HCB freagrach as bailíocht na hiarrata ar shlógadh nó ar dhíshlógadh arna tíolacadh ag an gcontrapháirtí a sheiceáil, agus beidh an CCB freagrach as saincheisteanna a bhaineann le socrú na treorach agus ar gá idirghníomhaíocht leis an CSD lena n-aghaidh. Áiritheoidh an CCB go bhfaighidh an HCB gach faisnéis a mhalartaítear idir an CCB agus T2S.
6. D’ainneoin mhíreanna 1 go 5, féadfaidh HCB bac a chur ar shlógadh agus ar dhíshlógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna ar fhorais ábhartha, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do theagmhas mainneachtana, ar fhorais stuamachta, nó mar gheall ar aon chúis eile a measann an HCB gur gá bac a chur ar shlógadh agus ar dhíshlógadh dá barr.
7. Thairis sin, féadfaidh an HCB, nó CCB i gcás an CCBM, diúltú d’iarraidh ar shlógadh sócmhainní indíolta agus DECCanna nár thíolaic contrapháirtí an doiciméadacht chánachais is gá nó doiciméadacht eile a d’éiligh an HCB, nó an CCB, de réir mar is iomchuí, ina leith.
Airteagal 6
Slógadh agus díshlógadh sócmhainní neamh-indíolta seachas DECCanna
1. I gcás ina bhféachann contrapháirtí le héilimh chreidmheasa nó ACCanna aonair a chlárú, a shlógadh nó a dhíshlógadh mar chomhthaobhacht, déanfaidh BCNanna, sula nglacfaidh siad le hiarraidh ar chlárú, ar shlógadh nó ar dhíshlógadh den sórt sin, seiceálacha bailíochtaithe, mar a shainmhíníonn an tEurochóras agus mar a leagtar amach sa doiciméad dar teideal ‘Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties’ (Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais), arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE, de réir an doiciméid sin, ar na treoracha um chlárú, um shlógadh nó um dhíshlógadh arna dtíolacadh ag an gcontrapháirtí ábhartha.
2. Sula ndéanfar éileamh creidmheasa nó ACC aonair a shlógadh mar chomhthaobhacht, ní mór don chontrapháirtí atá ag féachaint le hé sin a dhéanamh an t-éileamh creidmheasa sin nó an ACC aonair sin a chlárú leis an HCB, nó – i gcás slógadh trí bhíthin an CCBM – le CCB. I gceachtar cás, ceanglóidh an HCB ar an gcontrapháirtí go soláthróidh sé, ar a laghad, mar chuid den phróiseas clárúcháin, tacar croí-eilimintí sonraí mar a shainmhíníonn an tEurochóras agus mar a leagtar amach sa doiciméad dar teideal ‘Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties’ (Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais), arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE.
3. Gan dochar d’oibleagáid na gcontrapháirtithe faoi Airteagal 101(1), pointe (a) (iv), de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), ceanglóidh BCNanna ar chontrapháirtithe nuashonruithe a sheoladh chuig na croí-eilimintí sonraí maidir le héilimh chreidmheasa a shlógtar nó CCTanna aonair a sholáthraítear i gcomhréir le mír 2 le linn an chéad lae gnó eile aon uair a thagann athrú ar na croí-eilimintí sonraí sin.
4. I gcás nach rialaítear an t-éileamh creidmheasa le dlí na dlínse ina bhfuil an HCB bunaithe, féadfaidh an HCB úsáid a bhaint as an CCBM chun an t-éileamh creidmheasa a shlógadh. Chun na gcríoch sin, ullmhóidh an BCN atá ag gníomhú mar CCB i gcomhréir le mír 5 sraith téarmaí agus coinníollacha, i bhfoirm Iarscríbhinn III, a bheidh le comhaontú le contrapháirtí an HCB chun slógadh a n-éileamh creidmheasa arna rialú le dlí na dlínse ina bhfuil an CCB bunaithe a éascú.
5. Arna iarraidh sin don HCB, gníomhóidh BCN mar CCB thar ceann an HCB sin i ndáil le slógadh éileamh creidmheasa, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
comhlíontar leis an éileamh creidmheasa an sainmhíniú ar éileamh creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (13), de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) agus comhlíontar leis na critéir incháilitheachta ábhartha uile a leagtar amach sa Treoirlíne sin; |
|
(b) |
féadfar an t-éileamh creidmheasa a shlógadh go dleathach idir an contrapháirtí agus an HCB (arna ionadú nuair is infheidhme ag an CCB) trí úsáid a bhaint as socruithe maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh arna rialú le dlí na dlínse ina bhfuil an CCB bunaithe; |
|
(c) |
déantar an t-éileamh creidmheasa a shlógadh chun oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais a chomhthaobhú. |
6. Déanfaidh an CCB gach beart agus gníomh is gá faoi dhlí na dlínse ina bhfuil sé bunaithe chun a áirithiú go bhfuil oibríocht CCBM bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe. Déanfaidh an CCB an méid seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis maidir leis an éileamh creidmheasa a sholáthair an contrapháirtí a sheiceáil i leith na gcritéar incháilitheachta agus, i gcás inarb infheidhme, bailíocht na sínithe a sheiceáil i leith liosta na sínithe a fuarthas; |
|
(b) |
má iarrtar sin, tabharfaidh sé cúnamh don HCB chun teacht ar chinneadh i dtaobh an ann do dhlúthnaisc, mar a thuairiscítear in Airteagal 138 de Threoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), idir an contrapháirtí agus an t-oibleagáideoir ábhartha faoin tsócmhainn, agus chun na bearta forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh. |
Tabharfaidh an HCB cúnamh don CCB (lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dó, i gcás ina bhfuil an féichiúnaí agus/nó an creidiúnaí agus/nó an ráthóir lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an HCB) trí na doiciméid uile a sholáthar go pras don CCB agus trí chur i gcrích gníomhaíochtaí nó foirmiúlachtaí ar bith a iarrann an CCB agus a bhfuil gá leo chun go mbeidh ar chumas an CCB a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
7. Ní bheidh an CCB faoi dhliteanas ag an HCB ach amháin maidir le forghníomhú faillíoch a chuid oibleagáidí faoi mhír 6, pointí (a) agus (b). Déanfar dliteanas an CCB a mheasúnú ar bhonn dhlí na dlínse ina bhfuil sé bunaithe, agus beidh sé teoranta do mhéid an éilimh creidmheasa, agus ní thabharfar aon damáiste iarmhartach san áireamh ann.
8. Ní bheidh an CCB faoi dhliteanas ag an HCB as aon oibleagáidí eile a shárú ach amháin i gcás mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, agus déanfar dliteanas CCB a mheasúnú ar bhonn dhlí na dlínse ina bhfuil sé bunaithe.
9. Gníomhóidh an BCN, arna iarraidh sin do HCB, mar ACB i ndáil le héilimh chreidmheasa a shlógadh. Cuirfidh BCN atá ag gníomhú mar ACB comhairle ar an HCB maidir le slógadh an éilimh creidmheasa chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais dhlíthiúla a bhfuil feidhm acu sa dlínse ina bhfuil an ACB bunaithe. Sonróidh an ACB go háirithe, agus i bhfoirm na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, an méid seo a leanas:
|
(a) |
an gceanglaítear clárúchán agus fógra a thabhairt agus, má cheanglaítear, na rialacha agus an fhoirm a bheidh le comhlíonadh maidir leis an gclárúchán agus leis an bhfógra sin; |
|
(b) |
ceanglais eile atá le comhlíonadh chun eire atá bailí agus infhorfheidhmithe a chruthú i leith an éilimh creidmheasa; |
|
(c) |
cibé acu is gá nó nach gá clásail bhreise a bheith sa chomhaontú um éileamh creidmheasa chun cruthú eire breise ag an HCB ar an éileamh creidmheasa slógtha a éascú tar éis a shlógtha tosaigh. |
Más gá, tabharfaidh an ACB cúnamh ó thaobh chur i gcrích na gcúraimí is gá chun na ceanglais a luaitear i bpointí (a) go (c) a chomhlíonadh.
Arna iarraidh sin don HCB, agus i gcás ina bhfuil an féichiúnaí agus/nó an ráthóir bunaithe sa dlínse ina bhfuil an ACB bunaithe, soláthróidh an ACB faisnéis ábhartha maidir leis an bhféichiúnaí agus/nó an ráthóir sin, lena n-áirítear seiceálacha dlúthnasc agus rátáil córais measúnaithe creidmheasa intí (ICAS).
10. Déanfar slógadh agus díshlógadh (a) RMBDanna agus (b) comhthiomsuithe ACCanna a chur i gcrích i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna sainiú ag an HCB.
11. Déanfar taiscí téarma sheasta (fixed term deposits, FTDanna) a shlógadh go huathoibríoch mar chomhthaobhacht mar chuid de shocraíocht an FTD. Tarlóidh an tsocraíocht trí MCA an chontrapháirtí phríomhá a chur chun dochair agus trí chuntas an HCB a chur chun sochair.
Airteagal 7
Seirbhísí bainistíochta comhthaobhachta trípháirteacha
1. Ceadóidh BCNanna do chontrapháirtithe na sócmhainní seo a leanas a shlógadh mar chomhthaobhacht don HCB trí úsáid a bhaint as seirbhísí bainistíochta comhthaobhachta trípháirteacha ó gníomhaire trípháirteach (TPA incháilithe):
|
(a) |
sócmhainní indíolta agus DECCs arna n-eisiúint sa CSD a oibríonn an SSS incháilithe ina sealbhaítear an cuntas sócmhainní; |
|
(b) |
sócmhainní indíolta arna n-eisiúint in CSD a bhfuil nasc incháilithe ag a SSS leis an SSS ina sealbhaítear an cuntas sócmhainní. |
2. Féadfar sócmhainní indíolta agus DECCanna a shlógadh trí úsáid a bhaint as seirbhísí ó TPA i gcomhréir le mír 1 trí úsáid a bhaint as an gcainéal slógtha intíre, as an gcainéal slógtha nasc, as an gcainéal CCBM nó as an gcainéal slógtha rochtana dírí de réir mar is infheidhme.
3. I gcás ina slógtar trí bhíthin an CCBM, déanfaidh an CCB, arna iarraidh sin don HCB, socruithe conarthacha leis an TPA i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh feidhm ag an deighilt freagrachta seo a leanas idir an HCB agus an CCB:
|
(a) |
Beidh an HCB freagrach as seiceáil a dhéanamh i dtaobh go bhfuil an contrapháirtí comhthaobhaithe go leordhóthanach sula n-údaraítear don TPA gníomhaíochtaí breise a dhéanamh a bhaineann le laghduithe nó dúntaí idirbhirt thrípháirtigh a phróiseáil agus le fáltais ó ócáidí corparáideacha a íoc. |
|
(b) |
Beidh an CCB freagrach as aon saincheist a bhaineann le bainistiú an idirbhirt thrípháirtigh ar gá idirghníomhú leis an TPA ina leith. Áiritheoidh an CCB go bhfaighidh an HCB gach faisnéis ábhartha a mhalartaítear idir an CCB agus an TPA. |
Airteagal 8
Uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh
1. Déanfar uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh a rochtain trí bhíthin an chainéil slógtha intíre, an chainéil slógtha nasc, an chainéil CCBM nó an chainéil slógtha rochtana dírí.
2. Gníomhóidh BCN, arna iarraidh sin do HCB, mar CCB thar ceann an HCB sin le haghaidh idirbhearta uathsholáthair urrúis chomhthaobhaigh T2S.
3. Tacófar le hidirbhearta uathsholáthair urrúis chomhthaobhaigh CCBM trí úsáid a bhaint as an mód um aistriú a chur in áirithe nó as an mód um choinneáil áirithinte, de réir mar a chinnfidh an CCB.
4. Chun tacú le forghníomhú idirbheart um uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh, saineoidh gach HCB ar bhonn laethúil liosta de shócmhainní indíolta agus de DECCanna atá incháilithe lena n-úsáid in uathsholáthar urrúis chomhthaobhaigh. Féadfar a áireamh ar an liosta sin sócmhainní arna n-eisiúint sa CSD atá ag oibriú an SSS incháilithe mar a bhfuil cuntas ag an HCB, mar aon le sócmhainní arna n-eisiúint in CSD a bhfuil nasc incháilithe ag a SSS leis an SSS incháilithe.
Airteagal 9
Bainistíocht suíomhanna creidmheasa
1. Déanfaidh BCNanna suíomh creidmheasa contrapháirtí a nuashonrú mar chuid de shocraíocht oibríocht chreidmheasa ghaolmhar an Eurochórais.
2. Socróidh BCNanna oibríochtaí creidmheasa de chuid an Eurochórais ar ghlanbhonn, ach amháin go bhféadfaidh siad na hoibríochtaí creidmheasa sin a shocrú ar bhonn comhlán i gcásanna teagmhais.
3. Maidir le contrapháirtithe a bhfuil rochtain acu ar chreidmheas ionlae in TARGET, gach luach comhthaobhachta, seachas an luach atá curtha i leith RMBDanna, i gcomhthiomsú comhthaobhachta an chontrapháirtí atá tiomnaithe do chomhthaobhú oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, ar luach comhthaobhachta é nach gá chun oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chomhthaobhú ná nach bhfuil forchoimeádta, cuirfear an luach comhthaobhachta sin ar fáil mar creidmheas i gcomhréir le mír 4.
4. Cinnfidh an HCB luach na líne creidmheasa i gcomhréir le hathruithe ar mhéid na comhthaobhachta atá ar fáil (i.e. líne chreidmheasa chomhlúthach), ach amháin i gcás ina socraíonn an contrapháirtí agus/nó an HCB uasluach na líne creidmheasa chun teorainn a chur leis an méid creidmheasa ionlae a fhéadfar a fháil in TARGET (i.e. líne chreidmheasa uasta).
5. Más rud é, de bhun mhír 4, go socraíonn an HCB agus an contrapháirtí araon uasluach difriúil don líne chreidmheasa, beidh an t-uasluach cothrom leis an gceann is ísle den dá luach.
6. I gcás ina mbíonn de thoradh ar uasluach líne creidmheasa arna socrú ag contrapháirtí go gcuirtear bac ar shocrú oibríochta creidmheasa de chuid an Eurochórais, féadfaidh an HCB an t-uasluach sin a bhaint.
Airteagal 10
Ócáidí corparáideacha
1. Tabharfaidh HCB fógra dá chontrapháirtithe sula dtarlóidh ócáidí corparáideacha arna gcur in iúl ag an CSD agus a bhfuil sócmhainní indíolta nó DECCanna a shlóg an contrapháirtí mar chomhthaobhacht i gceist iontu.
2. I gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht in ócáid chorparáideach deonach nó ina bhfuil roghanna éagsúla i gceist inti, gníomhóidh an HCB i gcomhréir leis an treoir maidir le hócáidí corparáideacha arna tíolacadh ag an gcontrapháirtí faoin spriocdháta freagartha a leagtar amach i bhfógra an BCN. Mura dtíolacann an contrapháirtí treoir maidir le hócáidí corparáideacha, beidh feidhm ag an rogha réamhshocraithe arna cur in iúl ag an CSD, i gcás inarb infheidhme.
3. Faoi réir mhíreanna 4 agus 5, i gcás ócáid chorparáideach a bhfuil sreabhadh airgid ón eisitheoir chuig an gcontrapháirtí (i.e. sreabhadh airgid deimhneach) i gceist inti, déanfaidh an HCB, tar éis na fáltais ón ócáid chorparáideach a fháil, na fáltais sin a aistriú chuig ceann de na cuntais seo a leanas:
|
(a) |
i gcás fáltais airgid atá ainmnithe in euro, an MCA príomhúil arna ainmniú ag an gcontrapháirtí; |
|
(b) |
i gcás fáltais airgid nach bhfuil ainmnithe in euro, an cuntas airgid seach-euro arna ainmniú ag an gcontrapháirtí. |
4. Ní aistreoidh an HCB na fáltais ón ócáid chorparáideach dá dtagraítear i mír 3 chuig an gcontrapháirtí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
níl comhthaobhacht leordhóthanach ag an gcontrapháirtí ina chomhthiomsú comhthaobhachta (i.e. glao ar éarlais); |
|
(b) |
cuirtear bac ar an gcomhthaobhacht a shlógann an contrapháirtí leis an Eurochóras mar gheall ar mhainneachtain nó ar fhorais stuamachta. |
5. Déanfar fáltais airgid arna n-ainmniú in euro a shlógadh go huathoibríoch mar chomhthaobhacht de réir mhéid nach mó ná méid an ghlao ar éarlais ag 16:55 CET an lá a bhfaighidh an HCB fáltais na hócáide corparáidí má bhíonn an glao ar éarlais dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), fós gan íoc an tráth sin. Aon fháltais ón ócáid chorparáideach de bhreis ar an méid is gá chun an glao ar éarlais (más ann dó) a chomhthaobhú, aistreoidh an HCB chuig an gcontrapháirtí iad.
6. I gcás sreabhadh airgid deimhneach ar shócmhainní indíolta nó ar DECCanna arna slógadh trí bhíthin an CCBM, cuirfidh an CCB na fáltais ón ócáid chorparáideach chun sochair an chuntais airgid tirim euro nó seach-euro arna ainmniú ag an HCB, de réir mar is ábhartha, chun íoc ar aghaidh na bhfáltas ag an HCB leis an MCA príomhúil a éascú, i ndáil le fáltais atá ainmnithe in euro, nó chuig an gcuntas seach-euro arna ainmniú ag an gcontrapháirtí, i ndáil le fáltais nach bhfuil ainmnithe in euro.
7. Maidir le hócáidí corparáideacha a bhfuil sreabhadh airgid ón gcontrapháirtí chuig an eisitheoir (i.e. sreabhadh airgid diúltach) i gceist iontu, déanfaidh an HCB an méid atá dlite a aisghabháil ar cheann de na bealaí seo a leanas:
|
(a) |
i gcás fáltais airgid atá ainmnithe in euro, tríd an MCA príomhúil arna ainmniú ag an gcontrapháirtí a fhéichiúnú; |
|
(b) |
i gcás fáltais airgid nach bhfuil ainmnithe in euro, tríd an gcuntas airgid thirim seach-euro arna ainmniú ag an gcontrapháirtí a fhéichiúnú nó, i gcás nach bhfuil aon údarú dochair i bhfeidhm, trí threoir a thabhairt don chontrapháirtí an cuntas airgid arna shonrú ag an HCB a chreidmheasú. |
8. I gcás sreabhadh airgid diúltach ar shócmhainní indíolta nó ar DECCanna arna slógadh trí bhíthin an CCBM, cuirfidh an HCB na fáltais ón ócáid chorparáideach chun sochair an chuntais airgid thirim euro nó seach-euro arna ainmniú ag an CCB, de réir mar is ábhartha.
9. Más rud é, tar éis íocaíocht a dhéanamh, go n-eisíonn an CSD fógra um fhreaschur chun na gluaiseachtaí airgid agus urrús atá i gceist san ócáid chorparáideach a aisiompú, déanfaidh an HCB an ghníomhaíocht seo a leanas:
|
(a) |
i gcás sreabhadh airgid deimhneach, déanfaidh an HCB cuntais céanna lena ndearnadh an íocaíocht bhunaidh a fhéichiúnú leis an méid airgid thirim atá dlite; |
|
(b) |
i gcás sreabhadh airgid diúltach, déanfaidh an HCB cuntais céanna lena ndearnadh an íocaíocht bhunaidh a chreidmheasú leis an méid airgid thirim atá dlite. |
10. Má bhaineann an fógra um fhreaschur dá dtagraítear i mír 9 le sócmhainní arna slógadh trí bhíthin an CCBM, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás sreabhadh airgid deimhneach, déanfaidh an HCB an cuntais airgid arna ainmniú ag an CCB a chreidmheasú leis an méid atá dlite; |
|
(b) |
i gcás sreabhadh airgid diúltach, déanfaidh an CCB an cuntais arna ainmniú ag an HCB a chreidmheasú leis an méid atá dlite. |
11. Maidir le fáltais ó ócáidí corparáideacha a bhaineann le sócmhainní indíolta nó le DECCanna a shlógtar trí bhíthin an CCBM, agus mura bhfuil an doiciméadacht is gá le haghaidh faoiseamh cánach curtha ar fáil ag an gcontrapháirtí nó mura bhfuil feidhm ag an bhfaoiseamh sin mar ábhar dlí, déanfaidh an CCB méid aon chánach is gá a asbhaint nó a choinneáil siar i leith aon fháltais, a bhfuil CCB faoi dhliteanas ina leith nó cuntasach do na húdaráis chánach ina leith.
Airteagal 11
Bainistíocht laethúil comhthaobhachta
1. Déanfaidh BCNanna athluacháil laethúil ar chomhthaobhacht arna slógtha i gcomhréir leis na rialacha luachála agus rialúcháin riosca a leagtar síos i dTreoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60), i dTreoirlíne BCE/2014/31 agus i dTreoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/35). (9)
2. Déanfaidh BCNanna suíomhanna creidmheasa agus suíomhanna comhthaobhachta a nuashonrú go laethúil chun ús fabhraithe a chur san áireamh.
3. Eiseoidh BCNanna glao ar éarlais deireadh lae idir 19:00 CET agus 19:30 CET gach lá gnó más rud é, tar éis athluacháil a dhéanamh ar chomhthaobhacht arna slógadh agus tar éis nuashonrú a dhéanamh ar na suíomhanna creidmheasa agus ar na suíomhanna comhthaobhachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi seach, nach bhfuil comhthaobhacht leordhóthanach ann a thuilleadh i gcomhthiomsú comhthaobhachta ar leith.
4. Féadfaidh BCNanna glaonna ar éarlais a eisiúint tráth ar bith, má bhraitear neamhdhóthanacht comhthaobhachta i rith an lae.
5. I gcás nach réitítear glao ar éarlais faoi 16:55 CET lá gnó ar leith, chun an t-easnamh atá fágtha a chomhthaobhú, déanfaidh an HCB na fáltais airgid ó ócáid chorparáideach (más ann di) a shlógadh go huathoibríoch mar chomhthaobhacht i gcomhréir le hAirteagal 10(5). Mura leor na fáltais airgid ón ócáid chorparáideach chun an glao ar éarlais a réiteach go hiomlán nó in éagmais fáltais airgid ón ócáid chorparáideach, déanfaidh an HCB airgead tirim a shlógadh go huathoibríoch mar chomhthaobhacht tríd an MCA príomhúil arna ainmniú ag an gcontrapháirtí a fhéichiúnú le méid atá cothrom leis an nglao ar éarlais. Tar éis na hathluachála laethúla ar an gcomhthiomsú comhthaobhachta agus tar éis ríomh an úis fhabhraithe ar an airgead tirim arna shlógadh mar chomhthaobhacht, díshlógfaidh an HCB go huathoibríoch aon airgead tirim arna shlógadh de bhreis ar an méid is gá chun an glao ar éarlais a chumhdach.
6. Déanfaidh BCNanna réiteach laethúil ar na sealúchais atá á sealbhú ar gach cuntas sócmhainne.
Airteagal 12
Táillí
1. I gcás sócmhainní indíolta agus DECCanna, gnóthóidh gach BCN óna chontrapháirtithe na táillí arna ngearradh ag TLUnna agus ag TPAnna. Maidir le comhthaobhacht a shlógtar trí bhíthin an CCBM, aistreoidh an HCB na táillí a bhailítear óna chontrapháirtithe chuig an CCB.
2. Maidir le héilimh chreidmheasa, ACCanna agus RMBDanna a shlógtar mar chomhthaobhacht, cinnfidh an HCB nó, i gcás comhthaobhacht a shlógtar trí bhíthin an CCBM, cinnfidh an CCB an bhfuil nó nach bhfuil táille le gearradh. I gcás ina ngearrtar táillí, cinnfidh an HCB, nó i gcás comhthaobhacht arna slógadh trí bhíthin an CCBM, cinnfidh an CCB leibhéal na táille idirbhirt agus na táille seirbhíse.
3. Déanfaidh an HCB na táillí atá dlite ó MCA príomhúil an chontrapháirtí in TARGET a fhéichiúnú ar bhonn míosúil.
Airteagal 13
Ath-leithdháileadh agus réadú comhthaobhachta
1. Féadfar comhthaobhacht a ath-leithdháileadh ón gcuntas sócmhainní a ainmníodh tráth an tslógtha chuig cuntas sócmhainní eile sna himthosca seo a leanas:
|
(a) |
i gcás cumasc nó éadáil ina bhfuil dhá chontrapháirtí nó níos mó de chuid an HCB i gceist, agus sa chás sin féadfaidh an HCB comhthaobhacht a ath-leithdháileadh ó na cuntais sócmhainní agus ó na comhthiomsuithe comhthaobhachta arna gcoinneáil ar bun ag an eintiteas cumaiscthe nó éadáilte; |
|
(b) |
i gcás mainneachtain contrapháirtí, agus sa chás sin féadfaidh an HCB comhthaobhacht a ath-leithdháileadh ó chuntas contrapháirtí go cuntas BCN a úsáidtear chun comhthaobhacht a réadú; |
|
(c) |
i gcás ina gcoinníonn contrapháirtí comhthiomsuithe comhthaobhachta iomadúla ar bun chun críoch éagsúil, féadfaidh an contrapháirtí sin comhthaobhacht a ath-leithdháileadh ó chuntas sócmhainní contrapháirtí amháin chuig cuntas sócmhainní contrapháirtí eile chun méid na comhthaobhachta arna sealbhú i gcomhthiomsú comhthaobhachta ar leith a mhéadú. |
2. I gcás ina dtagann an HCB ar an eolas faoi mhainneachtain nó fionraí contrapháirtí, forchoimeádann an HCB an ceart chun gach gníomhaíocht bainistíochta comhthaobhachta ag an gcontrapháirtí lena mbaineann a bhlocáil láithreach.
3. I gcás comhthaobhacht a shlógtar trí bhíthin an CCBM, i gcás ina dtugann an HCB fógra don CCB faoi mhainneachtain an chontrapháirtí agus ar threoir an HCB, déanfaidh an CCB an méid seo a leanas:
|
(a) |
de réir mar is infheidhme, aon bhearta agus aon ghníomhartha is gá a dhéanamh faoi dhlí na dlínse ina bhfuil CCB bunaithe chun an chomhthaobhacht a réadú thar ceann an HCB; |
|
(b) |
de réir mar is infheidhme, aon bhearta agus aon ghníomhartha is gá a dhéanamh faoi dhlí na dlínse ina bhfuil CCB bunaithe ionas gur féidir leis an HCB an chomhthaobhacht a réadú. |
Airteagal 14
Socruithe teagmhasacha
Beidh socruithe i bhfeidhm ag BCN lena chontrapháirtithe chun glacadh le treoracha um shlógadh agus um dhíshlógadh trí ríomhphost slán nó trí aon chainéal teagmhasach cumarsáide eile más rud é, in imthosca eisceachtúla, nach bhfuil contrapháirtí in ann cumarsáid a dhéanamh lena HCB trí ECMS sa mhód ‘úsáideoir go feidhmchlár’ (U2A) nó sa mhód ‘feidhmchlár go feidhmchlár’ (A2A). In imthosca den sórt sin, féadfaidh BCNanna gníomhú thar ceann a gcontrapháirtithe ar threoir a fháil uathu trí ríomhphost slán nó trí aon chainéal teagmhasach cumarsáide eile.
Airteagal 15
Bearta araíonachta socraíochta
Malartóidh BCNanna faisnéis maidir leis na pionóis a ghearrtar ar BCN as ucht teipeanna socraíochta, nó mar gheall ar theipeanna socraíochta, mar a shonraítear i bhforálacha Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhaineann le comhthaobhacht a shlógtar trí bhíthin an CCBM.
Airteagal 16
Gabháil éifeachta agus cur chun feidhme
1. Gabhfaidh éifeacht leis an Treoirlíne seo an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
2. Déanfaidh bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 18 Samhain 2024. Cuirfidh siad na téacsanna agus na modhanna a bhaineann leis na bearta sin in iúl do BCE faoin 11 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí.
Airteagal 17
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 13 Lúnasa 2024.
Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
(2) Treoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Iúil 2014 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta agus lena leasaítear Treoirlíne BCE/2007/9 (IO L 240, 13.8.2014, lch. 28).
(3) Treoirlíne (AE) 2024/3130 ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Lúnasa 2024 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2014/60) (OJ L, 2024/3130, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3130/oj).
(4) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
(5) Treoirlíne BCE/2014/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Iúil 2014 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta agus lena leasaítear Treoirlíne BCE/2007/9 (IO L 240, 13.8.2014, lch. 28).
(6) Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Nua Giniúna Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras- Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(8) Treoirlíne BCE/2012/13 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Iúil 2012 maidir le hUrrúis TARGET2 (IO L 215, 11.8.2012, lch. 19).
(9) Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Samhain 2015 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (IO L 14, 21.1.2016, lch. 30).
IARSCRÍBHINN I
CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA MAIDIR LE hÚSÁID A BHAINT AS CÓRAIS SOCRAÍOCHTA URRÚS AGUS NAISC IDIR CÓRAIS SOCRAÍOCHTA URRÚS IN OIBRÍOCHTAÍ CREIDMHEASA AN EUROCHÓRAIS
I. CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA LE hAGHAIDH CÓRAIS SOCRAÍOCHTA URRÚS (SSSanna) AGUS NAISC IDIR SSSanna
|
1. |
Cinneann an tEurochóras incháilitheacht SSS atá á oibriú ag taisclann lárnach urrús (CSD) atá bunaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige (dá ngairtear ‘oibreoir SSS’ anseo feasta) ar bhonn na gcritéar seo a leanas go léir:
|
|
2. |
Cinneann an tEurochóras incháilitheacht naisc dhírigh nó naisc athsheachadta, nach bhfuil ach SSS an limistéir euro i gceist leis, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
|
|
3. |
Sula gcinntear incháilitheacht naisc dhírigh nó naisc athsheachadta ina bhfuil rannpháirteach SSS amháin nó níos mó arna oibriú ag CSDanna atá bunaithe i Stát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) nach bhfuil an euro mar airgeadra aige (dá ngairtear anseo feasta ‘SSS LEE (de chuid an) limistéir seach-euro’ arna oibriú ag ‘oibreoir SSS LEE (de chuid an) limistéir seach-euro’), déanann an tEurochóras anailís cáis gnó ina gcuirtear san áireamh, inter alia, (a) luach na sócmhainní incháilithe arna n-eisiúint sna SSSanna sin agus (b) luach na sócmhainní incháilithe arna sealbhú ag contrapháirtithe sna SSSanna sin. |
|
4. |
I gcás ina bhfuil toradh dearfach ar an anailís cáis gnó, cinneann an tEurochóras incháilitheacht naisc a bhfuil i gceist ann SSS LEE de chuid an limistéir seach-euro ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
|
II. CEANGLAIS DE CHUID AN EUROCHÓRAIS
|
1. |
Ní mór d’oibreoir SSS, chun fóntacht dhlíthiúil a áirithiú, BCN an Bhallstáit ina bhfeidhmíonn an SSS a shásamh, trí thagairt a dhéanamh do dhoiciméadacht dhlíthiúil cheangailteach, cibé acu i bhfoirm conartha a fhorghníomhaítear go cuí nó trí thagairt a dhéanamh do théarmaí agus coinníollacha éigeantacha an oibreora SSS ábhartha nó ar shlí eile:
|
|
2. |
Ní mór d’oibreoir SSS a áirithiú, i gcás ina bhfeidhmíonn an SSS mar SSS infheisteora, go mbeidh aistrithe urrús a dhéantar trí naisc críochnaitheach de réir bhrí Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i.e. nach féidir aistrithe urrús den sórt sin a chúlghairm, a leachtú, a chealú ná a chur ar neamhní ar shlí eile. |
|
3. |
Nuair a ghníomhaíonn an SSS a oibríonn sé mar SSS eisitheora, ní mór d’oibreoir SSS a áirithiú nach mbaineann sé úsáid as institiúid tríú páirtí, amhail banc nó aon pháirtí seachas an SSS a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí idir an t-eisitheoir agus an SSS eisitheora, nó ní mór don oibreoir SSS a áirithiú go bhfuil nasc díreach nó athsheachadta ag a SSS le SSS a bhfuil an caidreamh (uathúil agus díreach) sin aige. |
|
4. |
Chun úsáid a bhaint as na naisc idir SSSanna a úsáidtear chun idirbhearta bainc ceannais a shocrú (2), ní mór saoráidí a bheith i bhfeidhm chun socraíocht ionlae saor ó íocaíocht (free of payment, FOP) a cheadú. I gcás ina n-úsáidtear socraíocht ionlae seachadta in áit íocaíochta (delivery-versus-payment, DVP), ní mór socraíocht airgid thirim a dhéanamh in airgead bainc ceannais. Féadfar socraíocht a dhéanamh i bhfíor-am ar bhonn comhlán nó i sraith baiscphróiseas lena ngabhann críochnaitheacht ionlae. Meastar go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta i gcás naisc dhíreacha agus athsheachadta ina mbraitheann na SSSanna uile atá rannpháirteach sa nasc ar sheirbhísí T2S. |
|
5. |
Maidir le huaireanta oibriúcháin agus laethanta oscailte:
|
III. NÓS IMEACHTA DON CHUR I bhFEIDHM
|
1. |
Oibreoirí SSS de chuid an limistéir euro a bhfuil sé beartaithe acu go mbainfí úsáid as a gcuid seirbhísí in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, ní mór dóibh iarratas ar incháilitheacht a thíolacadh do BCN an Bhallstáit ina bhfuil an SSS bunaithe. |
|
2. |
Maidir le naisc, lena n-áirítear naisc ina bhfuil SSS LEE nach bhfuil sa limistéar euro rannpháirteach, ní mór d’oibreoir an SSS infheisteora an t-iarratas ar incháilitheacht a thíolacadh do BCN an Bhallstáit ina n-oibríonn an SSS infheisteora. |
|
3. |
Féadfaidh an tEurochóras iarratas a dhiúltú nó, i gcás ina bhfuil an SSS nó an nasc incháilithe cheana féin, féadfaidh an tEurochóras an incháilitheacht a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más rud é:
|
|
4. |
Cuirtear cinneadh an Eurochórais maidir le hincháilitheacht SSS nó naisc in iúl don oibreoir SSS a thíolaic an t-iarratas ar incháilitheacht. Tabharfaidh an tEurochóras cúiseanna le cinneadh diúltach. |
|
5. |
Féadfar an SSS nó an nasc a úsáid le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais ach a bhfoilseofar é i liostaí an Eurochórais de SSSanna incháilithe agus de naisc incháilithe ar shuíomh gréasáin BCE. |
(1) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).
(2) Sonraítear in Airteagal 5(2) an sásra socraíochta a úsáideann an tEurochóras chun comhthaobhacht a shlógadh.
(3) Cuirtear san áireamh in CET an t-athrú go hAm Samhraidh Lár na hEorpa.
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA CHUN GNÍOMHAIRÍ TRÍPHÁIRTEACHA A ÚSÁID IN OIBRÍOCHTAÍ CREIDMHEASA AN EUROCHÓRAIS
I. CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA CHUN SEIRBHÍSÍ BAINISTÍOCHTA COMHTHAOBHACHTA TRÍPHÁIRTEACHA (TRIPARTY COLLATERAL MANAGEMENT SERVICES, TCMS) A SHOLÁTHAR DON EUROCHÓRAS AG GNÍOMHAIRÍ TRÍPHÁIRTEACHA (TPAnna)
|
1. |
Cinneann an tEurochóras incháilitheacht TPA chun TCMS a sholáthar don Eurochóras ar bhonn na gcritéar seo a leanas go léir:
|
II. CEANGLAIS DE CHUID AN EUROCHÓRAIS
|
1. |
Chun fóntacht dhlíthiúil a áirithiú, ní mór d’oibreoir TPA an BCN a cheadaíonn úsáid TCMS trí na cainéil slógtha intíre nó rochtana dírí a shásamh nach bhfuil de thoradh ar an teidlíocht ar urrúis a shealbhaítear in SSS agus a ghealltar nó a aistrítear chuig BCN i gcomhthéacs TCMS go bhfágtar an BCN, mar ghlacadóir comhthaobhachta, neamhchosanta ar dhócmhainneacht nó ar mhainneachtain an chontrapháirtí. |
|
2. |
Ní mór don BCN a áirithiú go sonraítear an méid seo a leanas sna socruithe conarthacha atá i bhfeidhm leis an TPA:
|
|
3. |
Sula ndéantar sócmhainní a leithdháileadh ar idirbheart trípháirteach, ní mór don TPA na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
|
|
4. |
Chun tacú le TPAnna agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 á bhforghníomhú acu, bainfidh an TPA úsáid as na sonraí bainistíochta comhthaobhachta a sholáthraítear dó ar bhonn laethúil. Is éard atá sna sonraí a sholáthraítear:
|
|
5. |
Soláthraítear na sonraí a shonraítear i mír 4 don TPA ag deireadh gach lae gnó agus bíonn feidhm acu ó thús an chéad lae gnó eile. Cuirtear na sonraí go léir ar fáil trí chomhad gnó ISO 20022 a úsáid. In imthosca eisceachtúla, féadfar a iarraidh ar an TPA sonraí nuashonraithe a phróiseáil agus a chur i bhfeidhm ar bhonn ionlae. Ina theannta sin, ní mór don TPA na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i ndáil leis na sonraí:
|
|
6. |
Ní mór ionadú comhthaobhachta a shocrú trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta lena nasctar scaoileadh na n-urrús a bhreactar ar dtús mar chomhthaobhacht le seachadadh na comhthaobhachta nua, i.e. ar bhonn ‘seachadadh in áit seachadadh’ (delivery-versus-delivery, DvD) nó ar bhonn ‘seachadadh in áit íocaíochta’ (delivery-versus-payment, DvP). De rogha air sin, féadfar ionadú comhthaobhachta a shocrú tríd an gcomhthaobhacht nua a thaisceadh sula scaoiltear an chomhthaobhacht a breacadh ar dtús. |
|
7. |
Ní mór bearta a bheith i bhfeidhm ag an TPA chun a áirithiú go ndéantar na hamanna oibriúcháin agus na scoithamanna a shonraítear sa Leabhar Rialacha um Bainistiú Comhthaobhachta Aonair don Eoraip a fhadú i gcás éigeandála. |
|
8. |
Chun aon ghá le réadú comhthaobhachta a éascú, ní mór don TPA na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
III. NÓS IMEACHTA DON CHUR I bhFEIDHM
|
1. |
Oibreoirí TPA de chuid an limistéir euro a bhfuil sé beartaithe acu go mbainfí úsáid as a gcuid seirbhísí in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, ní mór dóibh iarratas ar incháilitheacht a thíolacadh do BCN an Bhallstáit ina bhfuil an TPA bunaithe. |
|
2. |
Féadfaidh an tEurochóras iarratas a dhiúltú nó, i gcás ina bhfuil an TPA incháilithe cheana féin, féadfaidh an tEurochóras an incháilitheacht a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más rud é:
|
|
3. |
Cuirtear cinneadh an Eurochórais maidir le hincháilitheacht TPA in iúl don oibreoir TPA a thíolaic an t-iarratas ar incháilitheacht. Tugann an tEurochóras cúiseanna le cinneadh diúltach. |
|
4. |
Féadfar TPA a úsáid le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais ach a bhfoilseofar é i liosta an Eurochórais de TPAnna incháilithe ar shuíomh gréasáin BCE. |
IARSCRÍBHINN III
GNÉITHE COMHCHOITEANNA LE hAGHAIDH TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA NUAIR A GHNÍOMHAÍTEAR MAR CCB LE hAGHAIDH ÉILIMH CHREIDMHEASA
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Féadfaidh contrapháirtithe éilimh chreidmheasa a úsáid chun oibríochtaí creidmheasa de chuid an Eurochórais a chomhthaobhú ar bhonn trasteorann (i.e. féadfaidh contrapháirtithe cistí a fháil óna mbanc ceannais baile (HCB) féin – banc ceannais náisiúnta (NCB) an Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige ina bhfuil siad lonnaithe – trí úsáid a bhaint as éilimh chreidmheasa arna rialú le dlí seachas dlí na dlínse ina bhfuil an HCB bunaithe). Feidhmíonn BCN na tíre a dtagann an t-éileamh creidmheasa faoi rialú a dlí mar bhanc ceannais comhfhreagrach (BCC).
2. Tá feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha seo i gcás ina bhfeidhmíonn [cuir isteach ainm an CCB] mar CCB [cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: i gcás éilimh chreidmheasa arna slógadh ag [cuir isteach ainm chontrapháirtí an HCB.]]
3. Contrapháirtí atá ag iarraidh éileamh creidmheasa a shlógadh faoi rialú dhlí [cuir isteach aidiacht na tíre], comhlíonfaidh sé na forálacha seo a leanas, lena gcomhlánaítear na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme idir an contrapháirtí agus an HCB.
4. Aon ghníomh a dhéanann an CCB de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo, is thar ceann an HCB a dhéanann sé é, agus is i leith an HCB a chuirfear gníomhartha agus neamhghníomhartha an CCB. Is ar an gcontrapháirtí atá an fhreagracht as na ceanglais a leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo a chomhlíonadh.
Airteagal 2
Socrú maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh
Is é an socrú dlíthiúil um sholáthar urrúis chomhthaobhaigh a úsáidtear chun eire a chruthú ná [gealltán/sannachán/muirear foluaineach].
Airteagal 3
Comhaontú um éileamh creidmheasa
1. An comhaontú um éileamh creidmheasa, [is gá/ní gá| go mbeadh clásail bhreise ar áireamh ann.
2. [Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Ní mór na clásail bhreise seo a leanas a chur sa chomhaontú um éileamh creidmheasa: [cuir isteach téacs na gclásal breise].
Airteagal 4
Faisnéis atá le tíolacadh sula slógfar éilimh chreidmheasa den chéad uair
1. Sula ndéanfar éilimh chreidmheasa a shlógadh den chéad uair, cuirfidh an contrapháirtí an HCB ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige sócmhainní a shlógadh i gcás ina ngníomhaíonn [cuir isteach ainm an BCC] mar BCC.
2. Cuirfidh an contrapháirtí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don HCB lena tarchur ar aghaidh chuig [cuir isteach ainm an BCC] [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist]:
|
[(a) |
an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 5 maidir le foinse an mheasúnaithe creidmheasa[.][;] |
|
[(b) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: liosta de shínithe údaraithe an chontrapháirtí].] |
Airteagal 5
Foinse an mheasúnaithe creidmheasa a chlárú
1. Cláróidh contrapháirtí foinse an mheasúnaithe creidmheasa leis an HCB sula slógfar éilimh chreidmheasa den chéad uair.
2. I gcás ina ndéanann contrapháirtí an clárú a shonraítear i mír 1, soláthróidh sé na sonraí íosta a leagtar amach sa [cuir isteach tagairt d’íoscheanglais sonraí] don HCB.
3. I gcás inar mian le contrapháirtí foinse chláraithe an mheasúnaithe creidmheasa a athrú, comhlíonfaidh an contrapháirtí mír 1 agus mír 2 agus soláthróidh sé mionsonraí faoi fhoinse mhalartach an mheasúnaithe creidmheasa.
Airteagal 6
Éilimh chreidmheasa a chlárú
1. Clárófar éilimh chreidmheasa le [cuir isteach ainm an BCC] roimh an slógadh. Tíolacfaidh contrapháirtí an treoir chlárúcháin don HCB lena tarchur ar aghaidh chuig an BCC.
2. I gcás ina dtíolacann contrapháirtí an treoir chlárúcháin a shonraítear i mír 1, soláthróidh sé na sonraí íosta a leagtar amach sa [cuir isteach tagairt d’íoscheanglais sonraí].
3. Sannfaidh [cuir isteach ainm an BCC] aitheantóir éilimh creidmheasa caighdeánaithe de chuid an Eurochórais do gach éileamh creidmheasa a chláraítear go rathúil.
4. Tabharfaidh an HCB fógra don chontrapháirtí faoin aitheantóir éilimh creidmheasa de chuid an Eurochórais.
5. Luafaidh an contrapháirtí an t-aitheantóir éilimh creidmheasa de chuid an Eurochórais i ngach treoir a thíolacfaidh sé sa todhchaí maidir leis an éileamh creidmheasa.
6. [Is gá freisin/Ní gá] an t-éileamh creidmheasa a chlárú go poiblí.
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Cláróidh an BCC/an contrapháirtí an t-éileamh creidmheasa in [ainm na clárlainne] arna choinneáil ag [cuir isteach ainm an údaráis a choinníonn an chlárlann].]
[Cuir isteach an méid seo a leanas i gcás ina gcláraíonn an contrapháirtí an t-éileamh creidmheasa: Soláthróidh an contrapháirtí deimhniú ar an gclárú do [cuir isteach ainm an BCC].]
Airteagal 7
Doiciméadacht a sheachadadh
[Déanfar/Ní dhéanfar] doiciméadacht a sholáthar mar chuid den phróiseas clárúcháin.
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Soláthróidh an contrapháirtí cóip den chomhaontú um éileamh creidmheasa do [cuir isteach ainm BCC]) [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist.]
Airteagal 8
An clárúchán a dheimhniú
Measfar éileamh creidmheasa a bheith cláraithe i gcás inar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 agus, i gcás inar gá, in Airteagal 7. Soláthróidh an HCB deimhniú clárúcháin don chontrapháirtí.
Airteagal 9
Fógra a thabhairt don fhéichiúnaí agus don rathóir sula slógtar an t-éileamh creidmheasa
1. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don fhéichiúnaí sula slógtar an t-éileamh creidmheasa.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Ní mór fógra a thabhairt, de réir dhlí [cuir isteach aidiacht na tíre], sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, [ag an BCC/ag an gcontrapháirtí]. |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair a thabharfaidh an contrapháirtí an fógra, seolfaidh sé deimhniú ar an bhfógra chuig [cuir isteach ainm an BCC] [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist]. |
2. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don ráthóir sula slógtar an t-éileamh creidmheasa.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Ní mór fógra a thabhairt, de réir dhlí [cuir isteach aidiacht na tíre], sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, [ag an BCC/ag an gcontrapháirtí]. |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair a thabharfaidh an contrapháirtí an fógra, seolfaidh sé deimhniú ar an bhfógra chuig [cuir isteach ainm an BCC] [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist]. |
Airteagal 10
Éilimh chreidmheasa a shlógadh
I gcás inar cláraíodh éileamh creidmheasa agus inar comhlíonadh na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 9, féadfar an t-éileamh creidmheasa a shlógadh mar chomhthaobhacht. Chun éileamh creidmheasa a shlógadh, tíolacfaidh contrapháirtí treoracha don HCB, a sheolfaidh na treoracha chuig [cuir isteach ainm an BCC] le haghaidh tuilleadh próiseála.
Airteagal 11
Fógra a thabhairt don fhéichiúnaí agus don rathóir tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh
1. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don fhéichiúnaí tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Ní mór fógra a thabhairt, de réir dhlí [cuir isteach aidiacht na tíre], sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, [ag an BCC/ag an gcontrapháirtí]. |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair a thabharfaidh an contrapháirtí an fógra, seolfaidh sé deimhniú ar an bhfógra chuig [cuir isteach ainm an BCC] [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist].] |
2. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don ráthóir tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Ní mór fógra a thabhairt, de réir dhlí [cuir isteach aidiacht na tíre], sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, [ag an BCC/ag an gcontrapháirtí].] |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair a thabharfaidh an contrapháirtí an fógra, seolfaidh sé deimhniú ar an bhfógra chuig [cuir isteach ainm an BCC] [ar an ríomhphost/ar an bpost] chuig an seoladh seo a leanas: [cuir isteach an seoladh ríomhphoist nó an seoladh poist]. |
Airteagal 12
Athruithe lena ndéantar difear d’éilimh chreidmheasa shlógtha
1. Cuirfidh contrapháirtí aon athrú ar na gnéithe croíshonraí a bhaineann le héilimh chreidmheasa shlógtha in iúl do HCB le linn an chéad lae gnó eile.
2. Comhroinnfidh an HCB an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le [cuir isteach ainm an BCC].
Airteagal 13
Éilimh chreidmheasa a dhíshlógadh
Tíolacfaidh contrapháirtí treoracha chun éileamh creidmheasa a dhíshlógadh don HCB, a chuirfidh na treoracha sin ar aghaidh chuig [cuir isteach ainm an BCC] le haghaidh tuilleadh próiseála.
Airteagal 14
Táillí
[cuir isteach ainm an CCB] [muirearaíonn sé/ní mhuirearaíonn sé] táillí as éilimh chreidmheasa a shlógadh agus a bhainistiú. [Cuir isteach an méid seo a leanas má mhuirearaítear táillí: Tá mionsonraí na dtáillí a mhuirearaítear leagtha amach sa doiciméad dar teideal ‘Collateral management in Eurosystem credit operations – information for Eurosystem counterparties’ (Bainistiú comhthaobhachta in oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais – faisnéis do chontrapháirtithe an Eurochórais), arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Déanfaidh an HCB na táillí a fhéichiúnú ó MCA príomhúil an chontrapháirtí in TARGET ar bhonn míosúil.]
IARSCRÍBHINN IV
GNÉITHE COMHCHOITEANNA LE hAGHAIDH TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA NUAIR A GHNÍOMHAÍTEAR MAR ACB LE hAGHAIDH ÉILIMH CHREIDMHEASA
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Más rud é go rialaítear éileamh creidmheasa le dlí na dlínse an bhainc ceannais baile (home central bank, HCB), agus go bhfuil ceann amháin nó níos mó d’fhéichiúnaí, de ráthóir nó de chreidiúnaí an éilimh creidmheasa lonnaithe i mBallstát eile den limistéar euro, féadfaidh an HCB tacaíocht a iarraidh ar bhanc ceannais cúnta (assisting central bank, ACB) chun cúnamh agus comhairle a chur ar fáil don HCB i dtaobh shlógadh an éilimh creidmheasa. Is é a bheidh san ACB ná BCN an Bhallstáit ina bhfuil an féichiúnaí agus/nó an ráthóir agus/nó an creidiúnaí a ghabhann le héileamh creidmheasa lonnaithe.
2. Beidh feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha seo nuair a ghníomhaíonn [cuir isteach ainm an ACB] mar ACB.
3. Contrapháirtí atá ag iarraidh éileamh creidmheasa a shlógadh i gcás ina ngníomhaíonn [cuir isteach ainm an ACB] mar ACB, comhlíonfaidh sé na forálacha seo a leanas, lena gcomhlánaítear na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme idir an contrapháirtí agus an HCB.
Airteagal 2
Socrú maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh
Is é an socrú dlíthiúil um sholáthar urrúis chomhthaobhaigh a úsáidtear chun eire a chruthú ná [gealltán/sannachán/muirear foluaineach].
Airteagal 3
Comhaontú um éileamh creidmheasa
1. An comhaontú um éileamh creidmheasa [is gá/ní gá| go mbeadh ar áireamh ann clásail bhreise chun gur féidir eire breise a chruthú tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh.
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Beidh na clásail bhreise seo a leanas sa chomhaontú um éileamh creidmheasa: [cuir isteach téacs na gclásal breise].]
Airteagal 4
Éilimh chreidmheasa a chlárú
1. [Is gá freisin/Ní gá] an t-éileamh creidmheasa a chlárú go poiblí.
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Nuair a ghníomhaíonn [cuir isteach ainm an ACB] mar ACB, [[is gá freisin/ní gá]] clárú, i gcomhréir le ceanglais na rialacha easaontachta dlí is infheidhme sa dlínse ina bhfuil an HCB bunaithe. Déanfar an clárú i gcomhréir le rialacha na dlínse lena gceanglaítear an clárú].]
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Déanfar an clárú, in [ainm na clárlainne] atá á choinneáil ag [cuir isteach ainm an údaráis a choinníonn an clár], de réir na rialacha faoi seach is infheidhme maidir leis an gclárlann, ag [ag an HCB/ag an gcontrapháirtí].]
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair a dhéanann an contrapháirtí clárú poiblí: Nuair is é an contrapháirtí a dhéanann an clárú poiblí, seolfar deimhniú ar an gclárú chuig an HCB [ar an ríomhphost/ar an bpost].]
Airteagal 5
Fógra a thabhairt don fhéichiúnaí agus don rathóir sula slógtar an t-éileamh creidmheasa
1. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don fhéichiúnaí sula slógtar an t-éileamh creidmheasa.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Tabharfar fógra, de réir dhlí sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, [ag an HCB/ag an gcontrapháirtí].] |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra, seolfar deimhniú ar an bhfógra chuig an HCB [ar an ríomhphost/ar an bpost].] |
2. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don ráthóir sula slógtar an t-éileamh creidmheasa.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Tabharfar fógra, de réir dhlí sula slógtar an t-éileamh creidmheasa, ag [ag an HCB/ag an gcontrapháirtí].] |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra, seolfar deimhniú ar an bhfógra chuig an HCB [ar an ríomhphost/ar an bpost].] |
Airteagal 6
Fógra a thabhairt don fhéichiúnaí agus don rathóir tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh
1. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don fhéichiúnaí tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Tabharfar fógra, de réir dhlí tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh, ag [ag an HCB/ag an gcontrapháirtí].] |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra, seolfar deimhniú ar an bhfógra chuig an HCB [ar an ríomhphost/ar an bpost].] |
2. [Is gá/Ní gá] fógra a thabhairt don ráthóir tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh.
|
(a) |
[Cuir an méid seo a leanas isteach más infheidhme: Tabharfar fógra, de réir dhlí tar éis an t-éileamh creidmheasa a shlógadh, ag [ag an HCB/ag an gcontrapháirtí].] |
|
(b) |
[Cuir isteach an méid seo a leanas nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra: Nuair is é an contrapháirtí a thugann an fógra, seolfar deimhniú ar an bhfógra chuig an HCB [ar an ríomhphost/ar an bpost].] |
IARSCRÍBHINN V
CUSPÓIRÍ EILE CHUN COMHRÉIREACHT A MHONARÚ
|
|
Cuspóir |
Sainmhíniú |
|
1 |
Cúnamh Leachtachta Éigeandála |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun oibríochtaí Cúnaimh Leachtachta Éigeandála (Emergency Liquidity Assistance, ELA) a chomhthaobhú. |
|
2 |
Ráthaíocht an Chórais Íocaíochta Miondíola |
Comhthaobhacht arna forchoimeád ag rannpháirtithe sa chóras íocaíochta miondíola chun próiseáil íocaíochtaí i gcóras íocaíochta miondíola a urrú trí bhíthin ráthaíochta. |
|
3 |
Ciste Corrlaigh CCP |
Comhthaobhacht arna forchoimeád ag CCP thar ceann rannpháirtí CCP chun oibleagáidí maidir le ceanglas éarlaise a chomhlíonadh. Chun ceanglais EMIR a chomhlíonadh, déantar idirdhealú i ngach ceanglas corrlaigh idir ceanglais éarlaise ioncaim sheasta vs. ceanglais éarlaise airgid thirim/díorthach. Déantar é sin a dhifreáil tuilleadh idir trádálacha an chomhalta imréitigh féin sa leabhar vs. trádálacha do chliaint an chomhalta imréitigh. |
|
4 |
Ciste Mainneachtana CCP |
Comhthaobhacht arna forchoimeád ag CCP thar ceann rannpháirtí CCP chun oibleagáidí maidir le ceanglas cistí mainneachtana a chomhlíonadh. Chun ceanglais EMIR a chomhlíonadh, déantar idirdhealú i ngach ceanglas ciste mainneachtana idir ceanglais cistí mainneachtana ioncaim sheasta vs. ceanglais cistí mainneachtana airgid thirim/díorthach a bhaineann le trádálacha leabhair dílse an chomhalta imréitigh. |
|
5 |
Seirbhísí Bainistíochta Cúlchistí an Eurochórais |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun seirbhísí bainistithe cúlchistí an Eurochórais a sholáthar do bhainc cheannais, d’údaráis airgeadaíochta nó d’institiúidí stáit atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. |
|
6 |
Nótaí bainc |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta mar ráthaíocht chun bearna a d’fhéadfadh a bheith i dtaiscí agus aistarraingtí nótaí bainc a chumhdach. |
|
7 |
Idirbhearta FX |
Comhthaobhacht forchoimeádta chun maolú in aghaidh luaineachtaí sa ráta malairte in idirbhearta malairte eachtraí agus in idirbhearta óir. |
|
8 |
Ráthaíocht seiceanna |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun gníomhú mar ráthaíocht chun seiceanna airgeadóra arna n-eisiúint ag bainc a imréiteach/a scaipeadh. |
|
9 |
Árachas Taisce Náisiúnta |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun oibleagáidí atá dlite i leith Árachais Taiscí Náisiúnta a chomhlíonadh. |
|
10 |
Dochair Dhíreacha SEPA |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun gníomhú mar ráthaíocht chun Dochair Dhíreacha SEPA (DDS) na gcontrapháirtithe a chomhlíonadh. |
|
11 |
Íocaíochtaí Láithreacha |
Comhthaobhacht forchoimeádta chun gníomhú mar ráthaíocht chun riachtanais leachtachta éigeandála a chomhlíonadh le haghaidh scéimeanna áitiúla um Íocaíochtaí Meandracha. |
|
12 |
Saoráid Repo an Eurochórais do Bhainc Cheannais Eachtracha |
Comhthaobhacht arna forchoimeád chun leachtacht euro a sholáthar mar chomhthaobhacht do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro i gcomhthéacs shaoráid athcheannaigh an Eurochórais do bhainc cheannais. |
|
13 |
Seirbhísí Bainistíochta Airgid atá Comhthaobhaithe |
Comhthaobhacht atá forchoimeádta chun seirbhísí bainistíochta airgid comhthaobhaithe a sholáthar ag banc ceannais (ag gníomhú dó mar ghníomhaire airgeadais) do chliaint institiúideacha intíre phoiblí. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/3129/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)