This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024O1211
Guideline (EU) 2024/1211 of the European Central Bank of 16 April 2024 on the Eurosystem’s provision of reserve management services in euro to central banks and countries located outside the euro area and to international organisations (ECB/2024/13) (recast)
Treoirlíne (AE) 2024/1211 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le soláthar seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní in euro ag an Eurochóras do bhainc cheannais agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta (BCE/2024/13) (athmhúnlú)
Treoirlíne (AE) 2024/1211 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2024 maidir le soláthar seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní in euro ag an Eurochóras do bhainc cheannais agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta (BCE/2024/13) (athmhúnlú)
ECB/2024/13
IO L, 2024/1211, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1211/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1211 |
3.5.2024 |
TREOIRLÍNE (AE) 2024/1211 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Aibreán 2024
maidir le soláthar seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní in euro ag an Eurochóras do bhainc cheannais agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta (BCE/2024/13)
(athmhúnlú)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12.1 agus Airteagal 14.3 agus Airteagal 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoirlíne (AE) 2021/564 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/9) (1). De ghrá na soiléireachta, ba cheart an Treoirlíne sin a athmhúnlú. |
(2) |
I gcomhréir le ról an euro mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta, tá an tEurochóras tar éis creat a fhorbairt chun seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní in euro a sholáthar do bhainc cheannais, d’údaráis airgeadaíochta agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais i gceartlár an chreata sin agus is éard atá iontu tacar dea-shainithe de sheirbhísí caighdeánaithe bainistíochta cúlsócmhainní lena gcuirtear ar cumas custaiméirí na cúlsócmhainní dá gcuid atá ainmnithe in euro a bhainistiú go cuimsitheach trí bhanc ceannais aonair de chuid an Eurochórais. |
(3) |
De bhun Airteagal 23 in éineacht le hAirteagal 42.4 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Reacht CEBC’ anseo feasta), féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile agus, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus gach cineál idirbheart baincéireachta a sheoladh ina gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
(4) |
Agus seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais á soláthar aige do chustaiméirí, gan beann ar an mbanc ceannais de chuid an Eurochórais trína gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil, ba cheart don Eurochóras gníomhú mar chóras aonair. Chuige sin, is é is aidhm don Treoirlíne seo a áirithiú, inter alia, go gcuirtear seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais ar fáil ar bhonn caighdeánaithe faoi théarmaí agus coinníollacha comhchuibhithe agus go bhfaighidh BCE, soláthraithe ERMS nó an tEurochóras, de réir mar is iomchuí, faisnéis leordhóthanach maidir leis na seirbhísí sin. |
(5) |
Is de chineál rúnda iad an fhaisnéis, na sonraí agus na doiciméid go léir, lena n-áirítear iad siúd a fhaightear ó chustaiméirí, arna ndréachtú ag bainc cheannais an Eurochórais agus/nó arna malartú eatarthu i gcomhthéacs seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais agus tá siad faoi réir Airteagal 37 de Reacht CEBC. Aon chomhroinnt a dhéantar ar fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta, ní mór an chomhroinnt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais lena rialaítear cosaint sonraí. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (c), de Threoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (2), níl feidhm ag forálacha na Treoirlíne sin maidir le hidirbhearta a fhorghníomhaítear agus taiscí a ghlactar faoi chuimsiú sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais. Chun amhras a sheachaint agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart é sin a shonrú sa Treoirlíne seo |
(7) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir le luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta. Leagtar amach na rátaí luacha saothair is infheidhme maidir leis na taiscí sin i roinnt gníomhartha dlíthiúla éagsúla. Chun trédhearcacht a fheabhsú, chomh maith le comhsheasmhacht ar fud na ngníomhartha dlíthiúla gaolmhara, is iomchuí rátaí luacha saothair a leagan amach ar bhealach cuimsitheach in aon ghníomh dlí amháin chun cumarsáid na rátaí luacha saothair a éascú agus chun gur féidir na rátaí sin a choigeartú amach anseo. Dá bhrí sin, áirítear sna rialacha luacha saothair a bhaineann le taiscí a ghlactar faoi chuimsiú sheirbhísí bainistithe chúlchiste an Eurochórais tagairtí d’fhorálacha ábhartha Chinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (3), arb é an gníomh aonair dlí é lena leagtar amach an luach saothair is infheidhme maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta. |
(8) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá dáta chur i bhfeidhm an Treoirlíne seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Chinneadh (AE) 2024/1209 (BCE/2024/11). Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoirlíne seo ón 1 Nollaig 2024, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar amach sa Treoirlíne seo an creat le haghaidh sholáthar sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais ag bainc cheannais an Eurochórais do chustaiméirí.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treoirlíne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ aon eagraíocht, seachas institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais, a bhunaítear trí bhíthin nó faoi údarás conradh idirnáisiúnta; |
(2) |
ciallaíonn ‘seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais’ nó ‘Eurosystem reserve management Services, ERMS’ na seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní a liostaítear in Airteagal 3 agus a fhéadfaidh soláthraithe ERMS a sholáthar do chustaiméirí agus lena gcuirtear ar chumas custaiméirí a gcúlsócmhainní a bhainistiú go cuimsitheach trí sholáthraí ERMS amháin nó níos mó; |
(3) |
ciallaíonn ‘custaiméir’ aon bhanc ceannais (lena n-áirítear aon údarás airgeadaíochta) nó aon tír (lena n-áirítear aon údarás poiblí nó gníomhaireacht rialtais) atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro, nó aon eagraíocht idirnáisiúnta a gcuireann banc ceannais amháin nó níos mó de chuid an Eurochórais seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais ar fáil dó nó di; |
(4) |
ciallaíonn ‘banc ceannais Eurochórais’ BCE nó aon bhanc ceannais náisiúnta de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige; |
(5) |
ciallaíonn ‘soláthraí ERMS’ banc ceannais Eurochórais a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní uile an Eurochórais nó fothacar de na seirbhísí sin, bíodh conradh tugtha i gcrích ag an mbanc ceannais ábhartha de chuid an Eurochórais leis an gcustaiméir nó ná bíodh; |
(6) |
ciallaíonn ‘saoráid infheistíochta ar Leibhéal 1’ saoráid theoranta le haghaidh infheistíocht go díreach leis an soláthraí ERMS; |
(7) |
ciallaíonn ‘saoráid infheistíochta ar Leibhéal 2’ saoráid le haghaidh infheistíocht ar bhonn gníomhaireachta ar an margadh le contrapháirtithe arna roghnú ag an soláthraí ERMS; |
(8) |
ciallaíonn ‘bonn gníomhaireachta’ go ngníomhaíonn an soláthraí ERMS mar ghníomhaire do chustaiméir ar cheachtar de na bealaí seo a leanas: (a) ar bhonn nochta, is é sin go ngníomhaíonn an soláthraí ERMS in ainm agus thar ceann a chustaiméara vis-à-vis a chontrapháirtí, i.e. nochtann sé céannacht a chustaiméara agus nochtann sé an fhíric go ngníomhaíonn sé mar ghníomhaire don chustaiméir sin; nó (b) ar bhonn neamhnochta, is é sin go ngníomhaíonn an soláthraí ERMS thar ceann a chustaiméara ach gan bheith in ainm a chustaiméara vis-à-vis a chontrapháirtí, i.e. nochtann sé an fhíric go ngníomhaíonn sé mar ghníomhaire thar ceann custaiméir amháin dá chustaiméirí ach ní nochtann sé céannacht an chustaiméara sin; |
(9) |
ciallaíonn ‘iarmhéid airgid farasbairr’ iarmhéid nach féidir, aon lá ar leith, freastal air faoin tsaoráid infheistíochta ar Leibhéal 1 ná faoin tsaoráid infheistíochta ar Leibhéal 2; |
(10) |
ciallaíonn ‘bonn príomhaí’ go ngníomhaíonn an soláthraí ERMS ina ainm féin agus thar a cheann féin i dtaca lena chustaiméirí agus lena chontrapháirtithe; |
(11) |
ciallaíonn ‘cúlsócmhainní’ airgead arna ainmniú in euro agus na hurrúis sin arna n-ainmniú in euro atá ar áireamh i liosta an Eurochórais de shócmhainní incháilithe indíolta, arna bhfoilsiú agus arna nuashonrú go laethúil ar shuíomh gréasáin BCE i gcomhréir le hAirteagal 61 de Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (4), cé is moite díobh seo a leanas:
|
Airteagal 3
Seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais
Féadfaidh soláthraithe ERMS gach ceann de na seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní seo a leanas nó fothacar díobh a thairiscint do chustaiméirí i gcomhréir leis an Treoirlíne seo. I gcás inarb ábhartha, is mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2024/1209 (BCE/2024/11) a bheidh an luach saothair a chuirfear i bhfeidhm:
(1) |
na seirbhísí cuntais airgid seo a leanas:
|
(2) |
na seirbhísí taisceánaigh seo a leanas:
|
(3) |
na seirbhísí socraíochta seo a leanas:
|
(4) |
na seirbhísí infheistíochta airgid thar oíche seo a leanas:
|
(5) |
na seirbhísí taisce téarma shocraithe seo a leanas:
|
(6) |
infheistíochtaí a fhorghníomhú do chustaiméirí i gcomhréir lena mbuantreoracha, nó le sainordú infheistíochta, agus i gcomhréir le tacar sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais, faoi réir an mhéid seo a leanas:
|
(7) |
orduithe custaiméirí le haghaidh ceannach nó díolacháin urrús a fhorghníomhú sa mhargadh tánaisteach lena gcumhdófar urrúis ó raon iomlán na n-urrús incháilithe a soláthraítear cuntais urrús ina leith mar a leagtar amach i bpointe (2)(a) faoi réir an mhéid seo a leanas:
|
(8) |
na seirbhísí idirbhirt malairte eachtraí seo a leanas i ndáil leis an euro in aghaidh airgeadraí agus in aghaidh óir mar maith le comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais in euro:
seirbhísí idirbhirt malairte eachtraí de chuid an Eurochórais arna dtairiscint ag soláthraithe ERMS ar bhonn príomhaí, forghníomhófar iad ina n-ainm féin agus féadfaidh siad a bheith faoi réir na dtreoirlínte arna nglacadh ag BCE ar bhonn Airteagal 31 de Reacht CEBC lena leagtar amach na tairseacha ar dá réir nó faoina mbun a fhéadfaidh bainc cheannais náisiúnta cineálacha éagsúla oibríochtaí malairte eachtraí a dhéanamh aon lá ar leith gan ceadú BCE a fháil, agus nach bhféadfaidh bainc cheannais náisiúnta, má théitear os cionn na dtairseach sin, cineálacha éagsúla oibríochtaí malairte eachtraí a dhéanamh aon lá ar leith gan ceadú BCE a fháil roimh ré. A mhéad atá na hidirbhearta a fhorghníomhaítear de bhun na Treoirlíne seo faoi réir na dtreoirlínte arna nglacadh ag BCE ar bhonn Airteagal 31 de Reacht CEBC, beidh feidhm freisin ag na treoirlínte is deireanaí a luaitear. |
Airteagal 4
Costais agus muirir sheirbhíse
Gearrfaidh soláthraithe ERMS na costais agus na muirir sheirbhíse seo a leanas ar a gcustaiméirí:
(1) |
chun go n-aisghabhfar costais inmheánacha a bhaineann leis na seirbhísí taisceánaigh agus socraíochta a sholáthraítear do chustaiméirí le haghaidh an raoin urrús incháilithe a leagtar amach in Airteagal 3, pointí (2) agus (3), na táillí seo a leanas, arna gcinneadh ag an gComhairle Rialaithe:
|
(2) |
chun orduithe urrús a fhorghníomhú, cumhdófar costais inmheánacha trí chorrlach a chinnfidh an soláthraí ERMS lena mbaineann ar bhonn idirbhirt a chur i bhfeidhm. Aon táillí seachtracha, mar shampla táillí a ghearrann CSDanna, ICSDanna agus bainc cheannais chomhfhreagracha i gcomhthéacs socruithe déthaobhacha, cuirfear ar aghaidh ina n-iomláine iad chuig na custaiméirí. Féadfaidh na táillí sin a bheith éagsúil lena chéile agus níl siad comhchuibhithe ar leibhéal an Eurochórais; |
(3) |
is éard a bheidh sna táillí a ghearrfar ar chustaiméirí i leith infheistíochtaí i gcomhréir le buantreoracha nó le sainordú infheistíochta ná na táillí a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh na hoibríochta foluití a bhaineann le hurrúis nó na seirbhíse foluití airgid. Ní chuirfear aon táillí ar leithligh ná táillí breise i bhfeidhm chun buantreoracha a fhorghníomhú sa cháil sin. Is é an soláthraí ábhartha ERMS a chinnfidh an táille i leith sainordú infheistíochta; |
(4) |
maidir leis na costais a thabhaítear agus seirbhísí idirbhirt malairte eachtraí á soláthar ar bhonn príomhaí, cuirfidh an soláthraí ábhartha ERMS corrlach i bhfeidhm idir praghas ceannaigh nó díola na malairte eachtraí, arna chinneadh ag an soláthraí ERMS ábhartha, agus an ráta atá i réim sa mhargadh ar bhonn idirbheart aonair; |
(5) |
áiritheoidh custaiméirí go mbeidh iarmhéideanna a gcuid cuntas airgid níos mó ná nialas nó cothrom le nialas tráth nach déanaí ná am scoir gnó gach lá gnó. |
Airteagal 5
Faisnéis maidir le seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais
1. Soláthróidh soláthraithe ERMS do BCE aon fhaisnéis ábhartha maidir le soláthar seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní de chuid an Eurochórais do chustaiméirí agus cuirfidh siad BCE ar an eolas nuair a thagann custaiméir ionchasach i dteagmháil leo. Féadfaidh BCE faisnéis ábhartha a chomhroinnt laistigh den BCE agus den Eurochóras ar bhonn dian is gá a bheith ar an eolas. Aon fhaisnéis ina bhfuil sonraí pearsanta, déanfar í a chomhroinnt i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais lena rialaítear cosaint sonraí. Ní áireofar sonraí idirbhirt miondealaithe de réir custaiméara aonair san fhaisnéis chomhroinnte.
2. Déanfaidh soláthraithe ERMS iarracht toiliú custaiméara a fháil chun a chéannacht a nochtadh don Eurochóras chun na gcríoch seo a leanas:
(a) |
anailís a dhéanamh ar sheirbhísí agus coinníollacha bhainistíocht cúlsócmhainní an Eurochórais, lena n-áirítear leithdháileadh saoráidí infheistíochta ar Leibhéal 1; |
(b) |
custaiméirí agus soláthraithe eile ERMS a chosaint ar dhamáiste trí mhórtheagmhais shainaitheanta, i.e. cibirionsaithe, cliseadh teicniúil nó oibríochtúil nó calaois ar thaobh an chustaiméara; |
(c) |
tacaíocht d’oibríochtaí iasachtúcháin/athcheannaigh (repo) leis an gcustaiméir; agus |
(d) |
cúraimí nó feidhmeanna comhairleacha eile de chuid an Eurochórais faoi réim shainordú BCE. |
3. Mura bhfaightear toiliú ó chustaiméir a chéannacht a nochtadh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2, soláthróidh an soláthraí ERMS lena mbaineann do BCE an fhaisnéis ábhartha (trí chód aitheantais uimhriúil faoi ainm bréige) gan céannacht an chustaiméara sin a nochtadh, agus socróidh sé teorainn an chustaiméara le haghaidh iarmhéideanna saoráide infheistíochta ar Leibhéal 1 ag nialas.
4. Féadfaidh BCE a iarraidh ar sholáthraithe ERMS faisnéis ad hoc a nochtadh dó faoi aon chustaiméir in imthosca eisceachtúla, amhail an custaiméir a bheith faoi réir, b’fhéidir, smachtbhannaí nó bearta sriantacha, agus féadfaidh sé an fhaisnéis sin a chomhroinnt laistigh den Eurochóras. Seolfaidh soláthraithe ERMS faisnéis maidir leis an gcomhroinnt ad hoc faisnéise sin chuig an gcustaiméir a luaithe is indéanta le réasún.
5. Cuirfidh bainc cheannais an Eurochórais BCE ar an eolas faoi sholáthar aon seirbhíse in euro i ndáil le hinfheistiú cúlsócmhainní nach n-áirítear in Airteagal 3 agus, dá bhrí sin, nach bhfuil faoi réir na Treoirlíne seo, agus sonróidh siad cineál na seirbhíse agus na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme.
Airteagal 6
Seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais a thoirmeasc agus a chur ar fionraí
1. Comhlíonfaidh an custaiméir reachtaíocht uile an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta uile maidir le smachtbhannaí nó bearta sriantacha agus maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a mhéid atá agus go feadh an mhéid atá an reachtaíocht sin infheidhme maidir leis an gcustaiméir, lena n-áirítear treoracha ó údaráis inniúla. Deimhneoidh an custaiméir freisin don soláthraí ERMS go gcomhlíonann sé an reachtaíocht sin agus nach bhfuil baint aige le haon chineál sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
2. Féadfaidh soláthraithe ERMS custaiméir a theorannú, a chur ar fionraí nó a eisiamh ó sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní de chuid an Eurochórais a sholáthar in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a) |
má mhainníonn an custaiméir na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; |
(b) |
má tá an custaiméir agus/nó a chúlsócmhainní faoi réir aon smachtbhannaí nó aon bhearta sriantacha a fhorchuirtear le reachtaíocht an Aontais agus/nó le reachtaíocht náisiúnta; |
(c) |
má mhainníonn an custaiméir aon oibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoirlíne seo nó sa chonradh aonair ERMS chomhlíonadh. |
3. Má dhiúltaíonn soláthraí ERMS seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní de chuid an Eurochórais a sholáthar do chustaiméir, nó má theorannaíonn sé an soláthar sin, ar bhonn birt nó cinnidh cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an soláthraí ERMS lena mbaineann fógra faoin méid sin do BCE go pras. Cuirfidh BCE, ansin, bainc cheannais eile an Eurochórais ar an eolas faoin méid sin go pras. Má dhéantar aon bheart nó aon chinneadh den sórt sin, ní bheidh de thoradh air sin go mbeidh cosc ar bhainc cheannais eile an Eurochórais seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais a sholáthar do chustaiméirí den sórt sin.
Airteagal 7
Freagracht as seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais agus dliteanas ina leith
1. Beidh gach soláthraí ERMS freagrach as aon socrú conarthach nó neamhfhoirmiúil maidir le forghníomhú seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais lena chustaiméirí agus beidh sé faoi dhliteanas i leith na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Ní chruthaíonn socrú den sórt sin ann féin cearta nó teidlíochtaí do chustaiméirí i ndáil le haon bhainc cheannais eile san Eurochóras.
2. Féadfaidh soláthraí ERMS moltaí a dhéanamh do chustaiméirí maidir le huainiú agus forghníomhú idirbhirt chun coinbhleachtaí le beartas airgeadaíochta agus ráta malairte an Eurochórais a sheachaint, agus ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don chustaiméir de dhroim na moltaí sin.
Airteagal 8
Socruithe conarthacha le custaiméirí
1. Áiritheoidh soláthraithe ERMS go nglacthar a socruithe conarthacha le custaiméirí chun an Treoirlíne seo a chur i bhfeidhm.
2. Más rud é nach n-aontaíonn custaiméir leis na hathruithe is gá chun a áirithiú go bhfuil a shocrú conarthach leis an soláthraí ERMS comhsheasmhach leis an Treoirlíne seo, déanfaidh an soláthraí ERMS an socrú conarthach a fhoirceannadh. I gcás nach bhfuil tagairt sa leasú ach do sheirbhís ar leith agus nach bhfuil tagairt ann don tacar iomlán seirbhísí, féadfaidh an soláthraí ERMS a roghnú gan foirceannadh a dhéanamh ach an tseirbhís a mbaineann na hathruithe ábhartha léi.
Airteagal 9
Ról BCE
Comhordóidh BCE soláthar ginearálta sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais agus an creat faisnéise gaolmhar agus féadfaidh sé, chun na críche sin, sonraíochtaí teicniúla inmheánacha a bhunú. Aon bhanc ceannais de chuid an Eurochórais a thiocfaidh chun bheith ina sholáthraí ERMS nó a dhéanann a stádas mar sholáthraí ERMS a fhoirceannadh, cuirfidh sé é sin in iúl do BCE.
Airteagal 10
Neamhchur i bhfeidhm Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7)
I gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (c), de Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7), níl feidhm ag forálacha na Treoirlíne sin maidir le hidirbhearta a dhéantar ná le taiscí a ghlactar faoi chuimsiú sheirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní an Eurochórais.
Airteagal 11
Treoirlíne (AE) 2021/564 (BCE/2021/9) a aisghairm
1. Aisghairtear Treoirlíne (AE) 2021/564 (BCE/2021/9) le héifeacht ón 1 Nollaig 2024.
2. Déanfar tagairtí don Treoirlíne aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoirlíne seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.
Airteagal 12
Gabháil éifeachta
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht an lá a dtabharfar fógra ina leith do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
2. Comhlíonfaidh bainc cheannais an Eurochórais an Treoirlíne seo ón 1 Nollaig 2024.
Airteagal 13
Seolaithe
Tá an Treoirlíne seo dírithe ar bhainc cheannais uile an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 16 Aibreán 2024.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2021/564 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Márta 2021 maidir le soláthar seirbhísí bainistíochta cúlsócmhainní in euro ag an Eurochóras do bhainc cheannais agus do thíortha atá lonnaithe lasmuigh den limistéar euro agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Treoirlíne (AE) 2020/1284 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/9) (IO L 119, 7.4.2021, lch. 121).
(2) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).
(3) Cinneadh (AE) 2024/1209 ón mBanc Ceannais Eorpach 16 Aibreán 2024 maidir le luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta a shealbhaítear i mbainc cheannais náisiúnta agus sa Bhanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/11) (OJ L, 2024/1209, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1209/oj).
(4) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3).
(5) Treoirlíne (AE) 2016/65 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Samhain 2015 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (BCE/2015/35) (IO L 14, 21.1.2016, lch. 30).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
Treoirlíne (AE) 2021/564 (BCE/2021/9) |
An Treoirlíne seo |
- Airteagal 1 Airteagal 2 Airteagal 3 - Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 6 Airteagal 7 - Airteagal 8 Airteagal 9 Airteagal 10 - - Airteagal 11 Airteagal 12 |
Airteagal 1 Airteagal 2 Airteagal 3 - Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 6 Airteagal 7 - Airteagal 8 Airteagal 9 - - Airteagal 10 Airteagal 11 Airteagal 12 Airteagal 13 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2024/1211/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)