This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024L2839
Directive (EU) 2024/2839 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2024 amending Directives 1999/2/EC, 2000/14/EC, 2011/24/EU and 2014/53/EU as regards certain reporting requirements in the fields of food and food ingredients, outdoor noise, patients’ rights, and radio equipment (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2024/2839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoracha 1999/2/CE, 2000/14/CE, 2011/24/AE agus 2014/53/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an bhia agus na gcomhábhar bia, an torainn lasmuigh, chearta na n-othar, agus trealaimh raidió (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2024/2839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoracha 1999/2/CE, 2000/14/CE, 2011/24/AE agus 2014/53/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an bhia agus na gcomhábhar bia, an torainn lasmuigh, chearta na n-othar, agus trealaimh raidió (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/57/2024/REV/1
IO L, 2024/2839, 7.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2839/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2839 |
7.11.2024 |
TREOIR (AE) 2024/2839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Treoracha 1999/2/CE, 2000/14/CE, 2011/24/AE agus 2014/53/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an bhia agus na gcomhábhar bia, an torainn lasmuigh, chearta na n-othar, agus trealaimh raidió
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe maidir le faireachán cuí ar ghníomhartha dlí an Aontais agus forfheidhmiú ceart ghníomhartha dlí an Aontais a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, ceanglais den sórt sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú. |
|
(2) |
I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, thug an Coimisiún gealltanas ceanglais tuairiscithe a réasúnú agus a shimpliú, agus é ina aidhm ar deireadh ualaí den sórt sin a laghdú 25 %, gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara. |
|
(3) |
I dTreoracha 1999/2/CE (3), 2000/14/CE (4), 2011/24/AE (5) agus 2014/53/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá roinnt ceanglais tuairiscithe i réimsí an bhia agus na gcomhábhar bia, an torainn lasmuigh, chearta na n-othar, agus an trealaimh raidió. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 7(3) de Threoir 1999/2/CE, tá na Ballstáit le tuairisciú don Choimisiún gach bliain torthaí na seiceálacha a dhéanann siad sna saoráidí ionradaíochta ianúcháin agus torthaí na seiceálacha a dhéantar ag céim na margaíochta táirgí. In Airteagal 7(4) den Treoir sin, foráiltear go bhfuil an Coimisiún le tuarascáil a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit gach bliain. Foráiltear le hAirteagal 113 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) go bhfuil gach Ballstát le tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Lúnasa gach bliain, tuarascáil ina leagtar amach toradh na rialuithe oifigiúla a rinneadh an bhliain roimhe sin faoina phlean rialaithe náisiúnta ilbhliantúil. Tá na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúil le raon feidhme Threoir 1999/2/CE, i measc nithe eile, a chumhdach. Chomh maith leis sin, foráiltear le hAirteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625 go bhfuil an Coimisiún le tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú rialuithe oifigiúla sna Ballstáit a chur ar fáil don phobal gach bliain, agus na tuarascálacha bliantúla arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 113 den Rialachán sin á gcur san áireamh. Ós rud é go n-áirithítear cheana féin leis na hoibleagáidí tuairiscithe bliantúla a leagtar síos in Airteagail 113 agus 114 de Rialachán (AE) 2017/625 forfheidhmiú ghníomhartha dlí an Aontais maidir le bianna ionradaithe agus comhábhair bhia ionradaithe agus faireachán ar ghníomhartha dlí den sórt sin, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe bhliantúil chomhchosúil a leagtar síos faoi láthair i dTreoir 1999/2/CE a scriosadh chun an t-ualach riaracháin ar údaráis inniúla agus ar an gCoimisiún a laghdú. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 16 de Threoir 2000/14/CE, tá monaróirí, nó a n-ionadaithe údaraithe, le cóip den dearbhú comhréireachta CE maidir le trealamh lena úsáid lasmuigh a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a sheoladh chuig údaráis fhreagracha na mBallstát agus chuig an gCoimisiún. Tá an Coimisiún leis na sonraí a bhailiú agus le faisnéis ábhartha a fhoilsiú ar bhonn tréimhsiúil. Is féidir le tomhaltóirí teacht ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le hastaíochtaí torainn trealaimh a chumhdaítear le Treoir 2000/14/CE go díreach ar an trealamh, toisc go bhforáiltear le hAirteagal 4(1) den Treoir sin, inter alia, maidir le léiriú ar an leibhéal cumhachta fuaime dearbhaithe ar an trealamh. Dá bhrí sin, is iomarcach iad na hoibleagáidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a leagtar síos in Airteagal 16 de Threoir 2000/14/CE doiciméadacht a sholáthar, sonraí a bhailiú agus faisnéis a fhoilsiú, agus ba cheart iad a scriosadh ar mhaithe le réasúntacht agus chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin ar chuideachtaí agus ar údaráis. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 20(1), pointe (a), de Threoir 2000/14/CE, tá an Coimisiún le hathbhreithniú ar na sonraí torainn arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ós rud é nach mbaileofar sonraí torainn den sórt sin a thuilleadh, ba cheart an oibleagáid sin a scriosadh freisin. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 20(1) de Threoir 2011/24/AE, tá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach 3 bliana maidir le feidhmiú na Treorach sin. Braitheann an tuarascáil sin go mór ar an gcúnamh agus ar an bhfaisnéis sholáthraíonn na húdaráis inniúla náisiúnta. Foráiltear le hAirteagal 14(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún (8) go bhfuil meastóireacht le déanamh ar na Líonraí Tagartha Eorpacha a bunaíodh faoi Threoir 2011/24/AE gach 5 bliana. Chun na ceanglais tuairiscithe agus meastóireachta a ailíniú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú don Choimisiún agus do na Ballstáit a n-iarrtar orthu faisnéis a sholáthar maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/24/AE, ba cheart minicíocht an tuairiscithe ón gCoimisiún a athrú go dtí gach 5 bliana. Ós rud é gur foilsíodh an tuarascáil is déanaí ar fheidhmiú Threoir 2011/24/AE in 2022, ba cheart an chéad tuarascáil eile a fhoilsiú in 2027. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 47(1) de Threoir 2014/53/AE, tá na Ballstáit le tuarascálacha rialta ar chur i bhfeidhm na Treorach sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 2 bhliain ar a laghad. Tá minicíocht an tuairiscithe éigeantaigh sin níos airde ná mar is gá. Ar mhaithe le réasúntacht agus chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin ar na Ballstáit, ba cheart minicíocht an tuairiscithe éigeantaigh ó na Ballstáit a athrú go dtí gach 5 bliana, ionas go gcomhfhreagróidh sé don oibleagáid atá ar an gCoimisiúin faoi Airteagal 47(2) den Treoir sin tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na Treorach sin. Soláthrófar le minicíocht den sórt sin don Choimisiún fós an fhaisnéis is gá don mheasúnú atá le déanamh aige agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2014/53/AE, lena sonraítear na catagóirí trealaimh raidió a mbaineann an ceanglas clárúcháin leo, agus beidh an Coimisiún ábalta an fhaisnéis ó thuarascálacha na mBallstát a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla. |
|
(9) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i dTreoir 2007/2/CE a chuíchóiriú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 1999/2/CE, 2000/14/CE, 2011/24/AE agus 2014/53/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 1999/2/CE
In Airteagal 7 de Threoir 1999/2/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:
‘3. Cuirfidh gach Ballstát ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha tagartha na saoráidí ionradaíochta atá formheasta aige, téacs an doiciméid formheasa, agus aon chinneadh lena ndéantar formheas a fhionraí nó a tharraingt siar ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
4. Ar bhonn na sonraí arna soláthar i gcomhréir le mír 3, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mionsonraí na saoráidí chomh maith le haon athrú ar a stádas.’.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2000/14/CE
Leasaítear Treoir 2000/14/CE mar a leanas:
|
(1) |
scriostar Airteagal 16; |
|
(2) |
in Airteagal 20(1), scriostar pointe (a). |
Airteagal 3
Leasú ar Threoir 2011/24/AE
In Airteagal 20 de Threoir 2011/24/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 25 Deireadh Fómhair 2027 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas ar fheidhmiú na Treorach seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle í.’.
Airteagal 4
Leasú ar Threoir 2014/53/AE
In Airteagal 47 de Threoir 2014/53/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Nollaig 2027, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 13 Meitheamh 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Léireofar sna tuarascálacha sin na gníomhaíochtaí faireachais margaidh atá déanta ag na Ballstáit agus soláthrófar iontu faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá, comhlíonadh cheanglais na Treorach seo bainte amach, lena n-áirítear go háirithe ceanglais maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a shainaithint.’.
Airteagal 5
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 2, pointe (1), den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Samhain 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 29 Samhain 2025.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 7
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) IO C, C/2024/1585, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1585/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024.
(3) Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bhia arna gcóireáil le radaíocht ianúcháin (IO L 66, 13.3.1999, lch. 16).
(4) Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1).
(5) Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
(6) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(7) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (CE) Uimh. 1151/2012, (CE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar amach critéir maidir le bunú agus meastóireacht líonraí tagartha Eorpacha agus a gcuid Ball agus maidir le héascaíocht a dhéanamh do mhalartú faisnéise agus saineolais faoi bhunú agus meastóireacht líonraí den sórt sin (IO L 147, 17.5.2014, lch. 79).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2839/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)