Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32024L2811
Directive (EU) 2024/2811 of the European Parliament and of the Council of 23 October 2024 amending Directive 2014/65/EU to make public capital markets in the Union more attractive for companies and to facilitate access to capital for small and medium-sized enterprises and repealing Directive 2001/34/EC (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2024/2811 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2024/2811 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/39/2024/REV/1
IO L, 2024/2811, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2811/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2811 |
14.11.2024 |
TREOIR (AE) 2024/2811 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50, 53(1) agus 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leasaíodh Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar tugadh isteach laghduithe comhréireacha chun úsáid margaí fáis FBManna a fheabhsú agus chun ceanglais rialála iomarcacha ar eisitheoirí ag féachaint le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí fáis FBManna a laghdú, agus leibhéal iomchuí cosanta infheisteoirí agus sláine an mhargaidh á gcaomhnú an tráth céanna. Mar sin féin, ní mór tuilleadh leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2014/65/AE chun an próiseas um liostú a chuíchóiriú agus chun cóireáil rialála cuideachtaí a dhéanamh níos solúbtha agus níos comhréirí lena méid. |
|
(2) |
I dTreoir 2014/65/AE agus i dTreoir Tarmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún (5), leagtar amach na coinníollacha ar fúthu nach bhfuil taighde infheistíochta arna sholáthar ag tríú páirtithe do ghnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe punainne nó seirbhísí infheistíochta nó coimhdeacha eile le meas mar aslach. Chun tuilleadh taighde infheistíochta ar chuideachtaí san Aontas a chothú, go háirithe cuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe, agus chun cur le hinfheictheacht na gcuideachtaí sin, agus deiseanna níos fearr a thabhairt dóibh infheisteoirí ionchasacha a mhealladh, is gá roinnt leasuithe ar Threoir 2014/65/AE a thabhairt isteach. |
|
(3) |
Leis na forálacha a bhaineann le taighde a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta íocaíochtaí a fhaigheann siad mar choimisiúin bhróicéireachta a dheighilt ón gcúiteamh a fhaigheann siad as taighde infheistíochta a sholáthar (‘rialacha maidir le díchuachadh taighde’), nó íoc as taighde infheistíochta as a n-acmhainní féin agus measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an taighde a cheannaíonn siad bunaithe ar chritéir cháilíochta láidre agus ar na féidearthachtaí cinntí infheistíochta níos fearr a dhéanamh a bhuí le taighde den sórt sin. In 2021, leasaíodh na rialacha sin le Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun go bhféadfaí íocaíochtaí cuachta le haghaidh seirbhísí forghníomhaithe agus taighde le haghaidh eisitheoirí nár mhó a gcaipitliú margaidh ná EUR 1 bhilliún le linn na tréimhse 36 mhí sular soláthraíodh an taighde. Mar sin féin, níor mhoilligh an meath atá ag teacht ar thaighde infheistíochta. |
|
(4) |
Chun an margadh le haghaidh taighde infheistíochta a athbheochan agus chun cumhdach leordhóthanach taighde ar chuideachtaí a áirithiú, go háirithe ar na cuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe, is gá na rialacha maidir le díchuachadh taighde a choigeartú a thuilleadh chun níos mó solúbthachta a thabhairt do na gnólachtaí infheistíochta sa chaoi a roghnaíonn siad íocaíochtaí a eagrú le haghaidh seirbhísí forghníomhaithe agus taighde, agus ar an gcaoi sin teorainn a chur leis na cásanna ina bhfuil an deis ann go bhfuil íocaíochtaí ar leithligh ró-anásta. Dá réir sin, ba cheart deireadh a chur leis an tairseach caipitlithe margaidh le haghaidh cuideachtaí ar féidir athchuachadh íocaíochtaí as seirbhísí forghníomhaithe agus taighde a dhéanamh ina leith ionas go mbeidh gnólachtaí infheistíochta in ann leanúint ar aghaidh ar an mbealach is iomchuí leo ó thaobh íocaíochtaí as seirbhísí forghníomhaithe agus taighde de. Chun é sin a dhéanamh, áfach, bheadh gá le trédhearcacht vis-à-vis cliaint maidir le rogha an mhodha íocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta a gcliaint a chur ar an eolas an modh íocaíochta ar leithligh nó modh íocaíochta comhpháirteach a chuireann siad i bhfeidhm chun seirbhísí forghníomhaithe agus taighde tríú páirtí a sholáthar. An rogha atá ag gnólacht infheistíochta íocaíochtaí ar leithligh nó íocaíochtaí comhpháirteacha a chur i bhfeidhm i leith seirbhísí forghníomhaithe agus taighde, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le beartas an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart an beartas sin a chur ar fáil do na cliaint agus ba cheart a léiriú ann, ag brath ar an modh íocaíochta a roghnaíonn an gnólacht, an cineál faisnéise faoi na costais is inchurtha i leith taighde tríú páirtí. I gcás íocaíochtaí comhpháirteacha as seirbhísí forghníomhaithe agus taighde, ba cheart na cliaint a bheith i dteideal faisnéis a fháil, arna iarraidh sin dóibh agus ar bhonn bliantúil, faoi na costais iomlána is inchurtha i leith taighde tríú páirtí arna sholáthar don ghnólacht infheistíochta, más eol don ghnólacht í. Ba cheart a áireamh freisin i mbeartas an ghnólachta infheistíochta maidir le híocaíochtaí ar leithligh nó íocaíochtaí comhpháirteacha faisnéis faoi na bearta atá i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as taighde tríú páirtí a úsáid nó a sholáthar do chliaint agus seirbhísí infheistíochta á soláthar do na cliaint sin a chosc nó a bhainistiú. Gan beann ar an modh íocaíochta a roghnaítear, ba cheart don ghnólacht infheistíochta measúnú a dhéanamh freisin ar cháilíocht, inúsáidteacht agus luach an taighde a úsáideann sé chun a áirithiú go rannchuidítear leis an taighde sin le feabhas a chur ar phróiseas cinnteoireachta infheistíochta chliaint an ghnólachta, i gcás ina ndáiltear an taighde sin go díreach orthu nó i gcás ina n-úsáideann seirbhísí bainistithe punainne an ghnólachta é. Is é atá i dtráchtaireacht díolacháin agus trádála anailísí ar dhálaí an mhargaidh, smaointe trádála agus forghníomhaithe trádála, uirlisí bainistithe forghníomhaithe trádála agus anailísí saincheaptha eile a bhaineann le trádáil in ionstraimí airgeadais a fhorghníomhú. Gabhann tráchtaireacht díolacháin agus trádála den sórt sin go teagmhasach le forghníomhú idirbheart in ionstraimí airgeadais toisc go gcuireann sí ar chumas gnólachtaí infheistíochta a thairgeann seirbhísí forghníomhaithe cáilíocht an fhorghníomhaithe a bhaineann siad amach dá gcliaint a léiriú. Dá bhrí sin, ní féidir tráchtaireacht díolacháin agus trádála a dheighilt ó sheirbhísí forghníomhaithe agus níor cheart a mheas gur taighde infheistíochta an tráchtaireacht sin. |
|
(5) |
Ní leor ann féin coigeartú na rialacha díchuachta chun margadh le haghaidh taighde infheistíochta a athbheochan agus chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas cumhdach taighde atá ann le fada i gcuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe. Ba cheart bearta breise a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar chumhdach taighde na gcuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe. Trí shocruithe eagraíochtúla a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear go dtáirgtear taighde eisitheoir-urraithe i gcomhréir le cód iompair de chuid an Aontais le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe, ba cheart feabhas a chur ar an muinín as taighde den sórt sin agus ar an úsáid a bhaintear as. Ba cheart an cód iompair sin de chuid an Aontais a bhunú ar bhonn na gcaighdeán teicniúil rialála atá le forbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart, mar bheart eile chun feabhas a chur ar chumhdach taighde cuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe, cead a thabhairt d’eisitheoirí a íocann as taighde eisitheoir-urraithe cur le hinfheictheacht phoiblí an taighde sin tríd an deis a thabhairt d’eisitheoirí taighde den sórt sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ar choinníoll go bhfuil na meiteashonraí is gá ag gabháil leis. Níor cheart é a bheith ina thoradh ar na bearta sin go mbeadh cosc ar na Ballstáit ná ESMA bearta breise a bhreithniú agus a mheasúnú bunaithe ar thionscnaimh phoiblí nó phríobháideacha, amhail margaí taighde tiomnaithe a bhunú, agus inspioráid á baint as tionscnaimh rathúla a seoladh le blianta beaga anuas i roinnt ionad airgeadais, chun cumhdach taighde cuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe a athbheochan agus a n-infheictheacht a mhéadú. |
|
(6) |
Chun cur leis an aitheantas a fhaigheann an taighde eisitheoir-urraithe, ar taighde é a ullmhaítear i gcomhréir le cód iompair an Aontais le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe agus sa chaoi nach meascfaí taighde den sórt sin suas le cineálacha eile moltaí nach gcomhlíontar cód iompair sin an Aontais leo, níor cheart a údarú ach taighde eisitheoir-urraithe a ullmhaítear i gcomhréir le cód iompair an Aontais le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe a lipéadú amhlaidh. Moltaí den chineál a chumhdaítear le hAirteagal 3(1), pointe (35), de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (9) nach gcomhlíontar leo na coinníollacha is gá le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe, ba cheart caitheamh leo mar chumarsáid mhargaíochta chun críocha Threoir 2014/65/AE agus ba cheart iad a shainaithint amhlaidh. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go ndéantar taighde eisitheoir-urraithe, a lipéadaítear amhlaidh, a tháirgeadh i gcomhréir le cód iompair an Aontais le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe, ba cheart cumhachtaí maoirseachta a thabhairt d’údaráis inniúla chun a fhíorú go bhfuil socruithe eagraíochtúla i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta a tháirgeann nó a dháileann taighde den sórt sin chun comhlíonadh den sórt sin a áirithiú. I gcás nach gcomhlíonann na gnólachtaí sin cód iompair sin an Aontais, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla dáileadh an taighde sin a chur ar fionraí agus rabhadh a thabhairt don phobal, in ainneoin a lipéid, nár táirgeadh an taighde eisitheoir-urraithe i gcomhréir le cód iompair an Aontais le haghaidh taighde eisitheoir-urraithe. Ba cheart na cumhachtaí maoirseachta sin a bheith gan dochar do na cumhachtaí ginearálta maoirseachta agus don chumhacht smachtbhannaí a ghlacadh. |
|
(8) |
Le Treoir 2014/65/AE, tugadh isteach an chatagóir margaidh fáis FBManna chun infheictheacht agus próifíl na margaí atá speisialaithe in urrúis FBManna a thrádáil a mhéadú agus chun forbairt comhchaighdeáin rialála a chothú san Aontas maidir le margaí atá speisialaithe in FBManna. Tá feidhm lárnach ag na margaí fáis FBManna maidir le rochtain ar chaipiteal a éascú d’eisitheoirí níos lú trí fhreastal ar a gcuid riachtanas. Chun forbairt na margaí speisialaithe sin a chothú agus chun an t-ualach eagraíochtúil atá ar ghnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a oibríonn saoráidí trádála iltaobhacha (MTFnna) a theorannú, is gá cead a thabhairt do dheighleog de chuid MTF iarratas a dhéanamh chun bheith ina margadh fáis FBM ar choinníoll go bhfuil an deighleog sin scartha go soiléir ón gcuid eile den MTF sin. |
|
(9) |
Chun an riosca a laghdú go ndéantar leachtacht scaireanna FBManna a ilroinnt, agus i bhfianaise leachtacht níos ísle na n-ionstraimí sin, ceanglaítear le hAirteagal 33(7) de Threoir 2014/65/AE nach bhféadfar ionstraim airgeadais a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh fáis FBM amháin a thrádáil ar mhargadh fáis FBManna eile ach amháin i gcás inar cuireadh eisitheoir na hionstraime airgeadais ar an eolas faoi agus nach ndearna sé agóid faoi. Mar sin féin, ní sholáthraítear leis an Airteagal sin faoi láthair an ceanglas comhfhreagrach nach ndéanfadh an t-eisitheoir agóid i gcás inar de chineál ionaid trádála eile é an dara hionad trádála seachas margadh fáis FBManna. Dá réir sin, ba cheart an ceanglas deimhniú a fháil ón eisitheoir nach ndéanfadh sé agóid maidir le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM amháin a chuid ionstraimí a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM eile, ba cheart an ceanglas sin a leathnú chuig aon chineál eile ionaid trádála, chun an riosca a laghdú a thuilleadh go ndéanfaí leachtacht na n-ionstraimí sin a ilroinnt. Má dhéantar ionstraim airgeadais a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh fáis FBManna a thrádáil freisin ar ionad trádála de chineál eile, ba cheart don eisitheoir aon oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le rialachas corparáideach, nó nochtadh tosaigh, leanúnach nó ad hoc, i ndáil leis an ionad trádála eile sin. |
|
(10) |
Le Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), leagtar síos rialacha maidir le liostú ar mhargaí an Aontais. Is é is aidhm don Treoir sin comhordú a dhéanamh ar na rialacha maidir le hurrúis a ligean isteach sa liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú faoi na hurrúis sin chun cosaint choibhéiseach a sholáthair d’infheisteoirí ar leibhéal an Aontais. Leis an Treoir sin, leagtar síos freisin rialacha an chreata rialála agus maoirseachta do mhargaí príomhúla an Aontais. Leasaíodh Treoir 2001/34/CE go mór roinnt uaireanta. Tá Treoracha 2003/71/CE (11) agus 2004/109/CE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tagtha in ionad fhormhór na bhforálacha lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le faisnéis a sholáthar i ndáil le hiarrataí ar urrúis a ligean isteach sa liostú oifigiúil stocmhalartáin agus an fhaisnéis faoi urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála, agus tá codanna móra de Threoir 2001/34/CE curtha ar iomarcaíocht acu. I bhfianaise na n-athruithe sin, agus ós rud é go dtugtar rogha sách leathan do na Ballstáit le Treoir 2001/34/CE mar threoir chomhchuibhithe íosta imeacht ó na rialacha a leagtar síos inti, ba cheart Treoir 2001/34/CE a aisghairm chun leabhar rialacha aonair a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. |
|
(11) |
Le Treoir 2014/65/AE, mar aon le Treoir 2001/34/CE, déantar foráil do rialáil margaí in ionstraimí airgeadais agus neartaítear cosaint infheisteoirí san Aontas. Leagtar amach freisin i dTreoir 2014/65/AE rialacha maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála. Trí raon feidhme Threoir 2014/65/AE a leathnú chun forálacha sonracha ó Threoir 2001/34/CE a chumhdach, áiritheofar go gcoinneofar gach foráil ábhartha ó Threoir 2001/34/CE. Maidir le roinnt forálacha de Threoir 2001/34/CE, lena n-áirítear na ceanglais maidir le saor-chomhlúthacht agus caipitliú margaidh a bhfuil feidhm acu fós, forfheidhmíonn údaráis inniúla iad agus meastar iad a bheith ina rialacha tábhachtacha chun go bhféachann rannpháirtithe margaidh le scaireanna ar mhargaí rialáilte san Aontas a ligean isteach chun a dtrádála. Is gá, dá bhrí sin, na rialacha sin a aistriú chuig Treoir 2014/65/AE chun coinníollacha íosta sonracha a leagan amach, i bhforáil nua den Treoir sin, maidir le scaireanna ar mhargaí rialáilte a ligean isteach chun a dtrádála. Ba cheart cur i bhfeidhm na forála nua sin na forálacha ginearálta maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE a chomhlánú. |
|
(12) |
Meastar go bhfuil an leibhéal saor-chomhlúthachta íosta a cheanglaítear le Treoir 2001/34/CE, is é sin 25 %, iomarcach agus nach iomchuí é a thuilleadh. Ionas gur ann do níos mó solúbthachta d’eisitheoirí agus chun margaí caipitil an Aontais a dhéanamh níos iomaíche, ba cheart an ceanglas maidir le saor-chomhlúthacht íosta a laghdú go 10 %, ar tairseach í lena n-áiritheofar leibhéal leordhóthanach leachtachta sa mhargadh. Mar sin féin, chun gur fearr a chuirfear san áireamh saintréithe agus méideanna eisiúintí scaireanna, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann bealaí malartacha a cheadú chun a thomhas ar dáileadh líon leordhóthanach scaireanna ar an bpobal. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na tairsí 10 %, nó na gceanglas malartach a chuirtear ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun saor-chomhlúthacht íosta a áirithiú, tráth an ligin isteach chun trádála. Níor cheart an ceanglas maidir le saor-chomhlúthacht a leagtar síos i dTreoir 2001/34/CE go bhfuil líon leordhóthanach scaireanna le bheith dáilte ar an bpobal i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a choimeád ar bun toisc nach ndéantar foráil i dTreoir 2014/65/AE maidir le srian geografach den sórt sin i gcás ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála. Tá ceanglais áirithe a leagtar amach i dTreoir 2001/34/CE cumhdaithe cheana le forálacha a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm, nó tá siad imithe i léig. Dá réir sin, níor cheart na ceanglais sin a aistriú chuig Treoir 2014/65/AE. Mar shampla, an ceanglas atá ar chuideachta a cuntais bhliantúla le haghaidh tréimhse shonrach a fhoilsiú nó a chomhdú, tá sé i Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) cheana féin. Ar an dul céanna, leagtar síos cheana féin i dTreoir 2014/65/AE forálacha chun údaráis inniúla a ainmniú. Thairis sin, ní léirítear cleachtas an mhargaidh a thuilleadh leis an gceanglas maidir le méid íosta na hiasachta le haghaidh urrúis fiachais. Dá bhrí sin, níor cheart na forálacha sin a aistriú chuig Treoir 2014/65/AE. |
|
(13) |
Ní hé an coincheap maidir le hurrúis a ligean isteach chuig liostú oifigiúil ar stocmhalartáin dá bhforáiltear i dTreoir 2001/34/CE an coincheap atá i réim a thuilleadh, i bhfianaise forbairtí sa mhargadh, toisc go bhforáiltear cheana féin i dTreoir 2014/65/AE don choincheap ‘ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte’. Cé go n-úsáidtear an dá choincheap ‘ligean isteach chun liostaithe oifigiúil’ agus ‘ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte’ go hidirmhalartaithe i roinnt Ballstát, tá tábhacht fós ag baint leis an gcoincheap ‘ligean isteach chun liostaithe oifigiúil’ i mBallstáit eile le cois an choincheapa ‘ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte’, go háirithe trí rogha eile a thabhairt d’eisitheoirí urrús, go háirithe urrúis fiachais, ar mian leo níos mó infheictheachta a bheith ann ach nach rogha ábhartha nó marthanach í ina gcás siúd ligean isteach chun trádála. Beidh aisghairm Threoir 2001/34/CE gan dochar do bhailíocht agus leanúnachas na gcóras um ligean isteach chun liostaithe oifigiúil ar stocmhalartáin sna Ballstáit sin ar mian leo leanúint den chóras sin a chur i bhfeidhm. I gcás ar bith, ba cheart na Ballstáit i gcónaí a bheith in ann foráil a dhéanamh do na córais sin agus iad a rialáil faoin reachtaíocht náisiúnta (14). |
|
(14) |
Chun feabhas a chur ar infheictheacht cuideachtaí liostaithe, go háirithe cuideachtaí beagchaipitlithe agus meánchaipitlithe, agus chun coinníollacha maidir le liostú a oiriúnú chun feabhas a chur ar na ceanglais is infheidhme ar eisitheoirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Treoir 2014/65/AE a leasú. Maidir le glacadh na rialacha maidir le liostú san Aontas, ba cheart cleachtas an mhargaidh a léiriú leis an nglacadh sin chun go mbeidh an cleachtas sin éifeachtach agus chun go gcuirfear an iomaíocht chun cinn leis. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(15) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rochtain cuideachtaí beagchaipitlithe agus cuideachtaí meánchaipitlithe ar mhargaí caipitil an Aontais a éascú agus comhleanúnachas rialacha maidir le liostú an Aontais a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na bhfeabhsuithe agus na n-éifeachtaí a lorgaítear, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/65/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 51a Coinníollacha sonracha maidir le scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh margaí rialáilte gur EUR 1 000 000 ar a laghad nó méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta nach é an euro é a bheidh i gcaipitliú margaidh intuartha na cuideachta ar ina leith atáthar ag iarraidh go ligfí a scaireanna isteach chun a dtrádála, nó mura féidir é sin a mheasúnú, caipiteal agus cúlchistí na cuideachta sin, lena n-áirítear brabús agus caillteanas, ón mbliain airgeadais roimhe. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar scaireanna iad atá idirmhalartach le scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin. 3. I gcás, mar thoradh ar choigeartú ar an méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta nach é an euro é, go bhfanann an caipitliú margaidh a léirítear san airgeadra náisiúnta sin ar feadh tréimhse dar fad bliain amháin ar leibhéal atá 10 % níos mó nó 10 % níos lú, ar a laghad, ná EUR 1 000 000, déanfaidh an Ballstát, laistigh de 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag, a dhlíthe, a rialacháin nó a fhorálacha riaracháin a choigeartú chun mír 1 a chomhlíonadh. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh margaí rialáilte gur ar sheilbh an phobail, tráth a ligean isteach chun trádála, 10 % ar a laghad den chaipiteal suibscríofa a chuimsítear leis an aicme scaireanna lena mbaineann an t-iarratas ar ligean isteach chun trádála. 5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbunófar, le margaí rialáilte, tráth an ligin isteach, ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas maidir le hiarratas ar scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála:
6. I gcás ina bhfuiltear ag iarraidh go ligfí scaireanna isteach chun a dtrádála, ar scaireanna iad atá idirmhalartach le scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin, déanfaidh margaí rialáilte measúnú, d’fhonn an ceanglas a leagtar síos i mír 4 a chomhlíonadh, ar dáileadh líon leordhóthanach de scaireanna ar an bpobal i ndáil leis na scaireanna go léir a eisíodh agus ní amháin i ndáil leis na scaireanna sin atá inmhalartaithe le scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin. 7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Treoir seo a leasú trí na tairseacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo nó an tairseach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, nó iad go léir, a mhodhnú, nuair a chuireann na tairseacha is infheidhme bac ar leachtacht ar mhargaí poiblí, agus forbairtí airgeadais á gcur san áireamh.’ |
|
(5) |
in Airteagal 69(2), an chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 90, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. Faoin 5 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú ar thionchar na forála maidir le gan agóid a dhéanamh in Airteagal 33(7) maidir le hiomaíocht idir ionaid trádála, go háirithe margaí fáis FBManna, agus ar a tionchar ar rochtain ar chaipiteal do FBManna.’. |
Airteagal 2
Treoir 2001/34/CE a aisghairm
Déantar Treoir 2001/34/CE a aisghairm le héifeacht ón 5 Nollaig 2026.
Airteagal 3
Trasuí agus cur i bhfeidhm
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 6 Meitheamh 2026.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) IO C 184, 25.5.2023, lch. 103.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024.
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn (IO L 320, 11.12.2019, lch. 1).
(5) Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí ar le cliaint iad a chosaint, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le táillí, coimisiúin nó tairbhí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith a sholáthar nó a fháil (IO L 87, 31.3.2017, lch. 500).
(6) Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(8) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(10) Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).
(11) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(12) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(13) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(14) Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 179).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2811/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)