This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024L1619
Directive (EU) 2024/1619 of the European Parliament and of the Council of 31 May 2024 amending Directive 2013/36/EU as regards supervisory powers, sanctions, third-country branches, and environmental, social and governance risks (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/79/2023/REV/1
IO L, 2024/1619, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1619 |
19.6.2024 |
TREOIR (AE) 2024/1619 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Bealtaine 2024
lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is cuspóir do na leasuithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i ndáil le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (CSR) comhchuibhiú an chreata maoirseachta baincéireachta a chur chun cinn agus, ar deireadh, an margadh inmheánach baincéireachta a dhoimhniú. Ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint lena áirithiú go gcuirfear an creat maoirseachta i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí, mar a shainmhínítear sa Treoir sin, ar bhealach comhréireach agus, go háirithe, ba cheart é a bheith d’aidhm acu costais an chomhlíonta agus an tuairiscithe a laghdú a mhéid is féidir d’institiúidí beaga neamhchasta, agus aird chuí á tabhairt ar na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil dar teideal ‘Staidéar ar an gcostas a bhaineann leis na ceanglais tuairiscithe maoirseachta a chomhlíonadh’ arna foilsiú ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) in 2021, lenar díríodh ar mheánlaghdú 10 % go 20 % ar chostais tuairiscithe. |
|
(2) |
Maidir leis na húdaráis inniúla, a mbaill foirne agus na comhaltaí dá gcomhlachtaí rialachais, ba cheart iad a bheith neamhspleách agus saor ó thionchar polaitiúil agus eacnamaíoch. Déanann rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa dochar do chóras airgeadais an Aontais agus don sprioc aontas baincéireachta comhtháite agus aontas margaí caipitil comhtháite a bhaint amach. Le Treoir 2013/36/AE, ba cheart forálacha níos mionsonraithe a leagan síos do na Ballstáit chun a áirithiú go ngníomhóidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear na baill foirne agus na comhaltaí dá gcomhlachtaí rialachais, go neamhspleách agus go hoibiachtúil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart íoscheanglais a leagan síos chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun ‘doirse imrothlacha’ a theorannú, lena bhforáiltear, go háirithe, do thréimhsí marana, toirmeasc ar ionstraimí arna n-eisiúint ag eintitis atá faoi mhaoirseacht a thrádáil, agus uastréimhse tionachta do chomhaltaí ábhartha na gcomhlachtaí rialachais. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint do na húdaráis inniúla maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc, ar treoirlínte iad atá bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. |
|
(3) |
Ba cheart baill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil atá faoi réir tréimhsí marana a bheith i dteideal cúiteamh iomchuí a fháil, arb é is cuspóir dó iad a chúiteamh as gan a bheith in ann a bheith fostaithe, ar feadh tréimhse áirithe, le heintitis a bhfuil feidhm ag na srianta marana sin maidir leo. Ba cheart an cúiteamh a bheith comhréireach le fad na tréimhse ábhartha marana agus ba cheart do gach Ballstát foirm an chúitimh a chinneadh. |
|
(4) |
Ba cheart do mhaoirseoirí gníomhú leis an leibhéal ionracais is airde agus iad i mbun a bhfeidhmeanna maoirseachta. Chun trédhearcacht a mhéadú agus ardchaighdeáin eiticiúla a áirithiú, is iomchuí do bhaill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil dearbhú leasanna a thíolacadh ar bhonn bliantúil. Leis an dearbhú sin, ba cheart faisnéis a nochtadh faoi shealúchas ionstraimí airgeadais atá ag an gcomhalta chun na rioscaí a eascraíonn as aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as na sealúchais sin a laghdú agus le go mbeadh na húdaráis inniúla in ann na rioscaí sin a bhainistiú go hiomchuí. Ba cheart dearbhú leasanna a bheith gan dochar d’aon cheanglas dearbhú rachmais a thíolacadh faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme. |
|
(5) |
Ba cheart soláthar na gcroísheirbhísí baincéireachta a liostaítear i bpointí 1, 2 agus 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a chur de choinníoll ar cheanglas údarúcháin sainráite agus comhchuibhithe i ndlí an Aontais, ina sonraítear gur cheart do ghnóthais atá bunaithe i dtríú tír a fhéachann leis na croísheirbhísí baincéireachta sin a sholáthar san Aontas brainse a bhunú i mBallstát ar a laghad agus gur cheart an brainse sin a údarú i gcomhréir le dlí an Aontais, ach amháin más mian leis an ngnóthas seirbhísí baincéireachta a sholáthar san Aontas trí fhochuideachta. |
|
(6) |
Ní bheidh aon éifeacht ar úsáid seirbhísí baincéireachta lasmuigh den Aontas, mar shampla i gcomhthéacs Chomhthuiscint na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le gealltanais i seirbhísí airgeadais. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas brainse a bhunú san Aontas maidir le cásanna sirtheoireachta droim ar ais, is é sin i gcás ina dtéann cliant nó contrapháirtí i dteagmháil le gnóthas atá bunaithe i dtríú tír ar a thionscnamh eisiach féin chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar, lena n-áirítear leanúint díobh, nó seirbhísí baincéireachta a bhfuil dlúthbhaint acu leis na seirbhísí sin a iarradh ar dtús. Agus an Treoir seo á trasuí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta a dhéanamh chun cearta faighte atá ag cliaint faoi chonarthaí atá ann cheana a chaomhnú. Níor cheart feidhm a bheith ag na bearta sin ach amháin chun an t-aistriú chuig cur chun feidhme na Treorach seo a éascú, agus ba cheart iad a dhíriú ar bhealach cúng chun teacht timpeall orthu a sheachaint. Chun cosc a chur ar an teacht timpeall ar na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí baincéireachta a bheith á soláthar trasteorann ag gnóthais tríú tír, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas brainse a bhunú san Aontas maidir le hidirbhearta idir bainc agus idir déileálaithe ach oiread. Ina theannta sin, gan dochar don chóras údarúcháin dá bhforáiltear i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas brainse a bhunú maidir le cásanna ina soláthraíonn institiúidí creidmheasa tríú tír san Aontas na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus aon seirbhísí coimhdeacha a fhreastalaíonn ar sheirbhísí coimhdeacha cabhracha, mar shampla glacadh gaolmhar taiscí nó deonú creidmheasa nó iasachtaí arb é is cuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar faoin Treoir sin, lena n-áirítear seirbhísí trádála ionstraimí airgeadais nó bainistíocht rachmais phríobháidigh a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart do dhíolúine den sórt sin comhlíonadh na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(7) |
Ba cheart an chumhacht riachtanach a bheith ag na húdaráis inniúla chun an t-údarú arna dheonú d’institiúid creidmheasa a tharraingt siar i gcás ina gcinntítear go bhfuil ag cliseadh ar institiúid creidmheasa den sórt sin nó gur dócha go gclisfidh uirthi, nach bhfuil aon ionchas réasúnta ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha san earnáil phríobháideach ná aon ghníomhaíocht mhaoirseachta eile cosc ar chliseadh institiúide creidmheasa den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta agus nach bhfuil gá le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail. I gcás den sórt sin, ba cheart institiúid creidmheasa a fhoirceannadh i gcomhréir leis na himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta is infheidhme, nó le himeachtaí eile a leagtar síos le haghaidh na n-institiúidí sin faoin dlí náisiúnta, rud a áiritheodh go scoirfeadh an institiúid go hordúil den mhargadh, agus dá bhrí sin, ba cheart don institiúid deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí ar deonaíodh an t-údarú lena n-aghaidh. Mar sin féin, níor cheart aon nasc uathoibríoch a bheith ann idir an cinneadh go bhfuil ag cliseadh ar an institiúid nó gur dócha go gclisfidh uirthi agus tarraingt siar an údaraithe, fearacht cásanna eile ina bhfuil an t-údarás inniúil i dteideal an t-údarú a tharraingt siar. Ba cheart d’údaráis inniúla a gcumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach atá comhréireach agus ina gcuirtear san áireamh gnéithe na n-imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta is infheidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta breithiúnacha atá ann cheana. Níor cheart an chumhacht chun an t-údarú a tharraingt siar a úsáid chun cosc a chur ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó a fhoirceannadh, mar shampla moratóir breithiúnach a chur i bhfeidhm nó bearta eile atá coinníollach ar cheadúnas gníomhach. |
|
(8) |
Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar máthairghnóthais de ghrúpaí baincéireachta iad, ba cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir an tsásra sainaitheanta agus formheasa a tugadh isteach le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Leis an sásra sin, cuirtear ar chumas na n-údarás inniúil cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais áirithe agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha áirithe a thabhairt faoi raon feidhme díreach a maoirseachta agus a gcumhachtaí maoirseachta de bhun Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun comhlíonadh a áirithiú ar bhonn comhdhlúite. Faoi chúinsí sonracha, ba cheart an rogha a bheith ag na húdaráis inniúla cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha arna bunú chun críche rannpháirtíochtaí i ngnóthais a shealbhú a dhíolmhú ón bhformheas. Ina theannta sin, chun freastal ar shainiúlachtaí grúpaí baincéireachta áirithe, ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a bheith in ann ligean do chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá díolmhaithe ó fhormheas a bheith eisiata ó imlíne chomhdhlúthaithe grúpa baincéireachta. Níor cheart, áfach, an chumhacht na heintitis sin a eisiamh ó imlíne chomhdhlúthaithe grúpa baincéireachta a fheidhmiú ach amháin in imthosca eisceachtúla, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sa dlí is infheidhme agus, chuige sin, ba cheart don ghrúpa baincéireachta lena mbaineann a léiriú nach bhfuil baint ag an eintiteas sealbhaíochta ba cheart a eisiamh le bainistiú an ghrúpa baincéireachta sin ná nach bhfuil sé ábhartha don bhainistiú sin. |
|
(9) |
Ba cheart na cumhachtaí uile is gá a bheith ag maoirseoirí institiúidí creidmheasa lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus lena gcumhdaítear na hoibríochtaí éagsúla a dhéanann na heintitis atá faoi mhaoirseacht. Chuige sin agus chun an cothrom iomaíochta a mhéadú, ba cheart na cumhachtaí maoirseachta uile a bheith ar fáil do mhaoirseoirí chun é a chur ar a gcumas na hoibríochtaí ábharacha a chumhdach a bhféadfaidh na heintitis atá faoi mhaoirseacht tabhairt fúthu. Ba cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla má tá ábhar imní i gceist le hoibríochtaí ábharacha arna ndéanamh ag eintiteas atá faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear eintitis atá faoi mhaoirseacht sealúchais ábharacha a fháil in eintitis airgeadais nó eintitis nach eintitis airgeadais iad, aistrithe ábhartha sócmhainní agus dliteanas ó eintitis atá faoi mhaoirseacht nó chuig na heintitis sin, agus cumaisc agus deighiltí a mbaineann eintitis atá faoi mhaoirseacht leo maidir le próifíl stuamachta an eintitis sin, nó maidir le gníomhaíochtaí féideartha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina bhfaightear sealúchais ábharacha, i gcumaisc nó i ndeighiltí. |
|
(10) |
Chun an chomhréireacht a áirithiú agus chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na cumhachtaí breise a bheidh ag na húdaráis inniúla ach amháin maidir le hoibríochtaí a mheastar a bheith ábharach. Níor cheart caitheamh le haon oibríocht go huathoibríoch mar oibríocht ábharach ach amháin oibríochtaí arb é atá iontu cumaisc nó deighiltí, arae is féidir coinne a bheith leis go mbeidh próifíl stuamachta atá an-difriúil ag an eintiteas nuachruthaithe i gcomparáid leis na heintitis a raibh páirt acu sa chumasc nó sa deighilt ar dtús. Ina theannta sin, níor cheart d’eintitis atá i mbun cumasc nó deighiltí iad a thabhairt i gcrích sula bhfaightear tuairim dhearfach roimh ré ó na húdaráis inniúla. Maidir le sealúchais a fháil, i gcás ina meastar iad a bheith ábharach, ba cheart don údarás inniúil lena mbaineann measúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar nós imeachta formheasa intuigthe. |
|
(11) |
Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann idirghabháil a dhéanamh sula ndéanfar oibríocht ábharach, ba cheart fógra a thabhairt dóibh roimh ré. Ba cheart faisnéis a bheith ag gabháil leis an bhfógra sin, faisnéis is gá ionas go bhféadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an oibríocht atá á beartú ó thaobh na stuamachta de agus ó thaobh an fhrithsciúrtha airgid agus chomhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de. Ba cheart do na húdaráis inniúla tús a chur leis an measúnú sin an tráth a fhaightear an fógra, lena n-áirítear an fhaisnéis uile a iarradh. I gcás sealúchas ábharach a fháil, nó i gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón aon ghrúpa amháin, ba cheart an measúnú sin a bheith teoranta ó thaobh ama de. |
|
(12) |
I gcás sealúchas ábharach a fháil, d’fhéadfadh sé go gcinnfidh an t-údarás inniúil cur in aghaidh na hoibríochta de bharr chonclúid an mheasúnaithe. In éagmais aon chur i gcoinne ón údarás inniúil laistigh de thréimhse ar leith, ba cheart a mheas go bhfuil an oibríocht formheasta. |
|
(13) |
Maidir leis na forálacha a bhaineann le sealúchas cáilitheach a fháil in institiúid creidmheasa, is gá iad a ailíniú le forálacha maidir le sealúchas ábharach a bheith á fháil ag institiúid, i gcás inar gá an dá mheasúnú a dhéanamh le haghaidh na hoibríochta céanna. Gan ailíniú cuí a dhéanamh, leis na forálacha sin, d’fhéadfadh sé go mbeidh neamhréireachtaí sa mheasúnú a dhéanann na húdaráis inniúla dá réir sin agus, i ndeireadh na dála, neamhréireachtaí sna cinntí a dhéanann siad. |
|
(14) |
A mhéid a bhaineann le cumaisc agus deighiltí, leagtar síos le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe, go háirithe maidir le cumaisc agus deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta measúnaithe na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa Treoir seo a bheith comhlántach leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/1132 agus níor cheart don nós imeachta sin a bheith ag teacht salach ar aon cheann dá forálacha. I gcás na gcumasc agus na ndeighiltí trasteorann sin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132, ba cheart an tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an údarás inniúil a bheith ina cuid den mheasúnú an bhfuil na coinníollacha ábhartha uile á gcomhlíonadh agus ar chur i gcrích ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile is gá le haghaidh an deimhnithe réamhchumaisc nó an deimhnithe réamhdheighilte. Ba cheart an tuairim réasúnaithe a tharchur chuig an údarás náisiúnta ainmnithe a bheidh freagrach as an deimhniú réamhchumaisc nó an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint faoi Threoir (AE) 2017/1132. |
|
(15) |
I gcásanna áirithe, mar shampla i gcás ina bhfuil baint ag eintitis arna mbunú i mBallstáit éagsúla, d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le fógraí agus measúnuithe éagsúla ó údaráis inniúla dhifriúla le haghaidh oibríochtaí, lena n-éilítear dá bhrí sin comhar éifeachtúil i measc na n-údarás sin. Is gá, dá bhrí sin, oibleagáidí comhair a shonrú, go háirithe luathfhógraí trasteorann, malartú rianúil faisnéise, lena n-áirítear le húdaráis atá freagrach as an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus as comhordú sa phróiseas measúnaithe. |
|
(16) |
Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE chun dréachtchaighdeáin rialála theicniúla, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus treoirlínte a fhorbairt chun a áirithiú go leagfar amach úsáid na gcumhachtaí maoirseachta breise go hiomchuí. Leis na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, an fhaisnéis a bheidh le fáil ag na húdaráis inniúla a shonrú, mar aon leis na heilimintí a bheidh le measúnú, agus an comhar is gá i gcás ina mbeidh níos mó ná údarás inniúil amháin i gceist. Tá na heilimintí éagsúla sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeifear in ann forálacha maidir leis na cumhachtaí breise sin a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil, leis an ualach riaracháin breise is lú is féidir, trí bhíthin modheolaíocht mhaoirseachta atá comhchuibhithe ar bhealach leordhóthanach. |
|
(17) |
Is faoi réir an dlí náisiúnta atá rialáil brainsí a bhunaíonn gnóthais i dtríú tír chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar i mBallstát agus ní dhéantar comhchuibhiú uirthi ach go pointe an-teoranta le Treoir 2013/36/AE. Cé go bhfuil láithreacht shuntasach mhéadaitheach ag brainsí tríú tír i margaí baincéireachta an Aontais, níl siad faoi réir ach ceanglais faisnéise an-ghinearálta faoi láthair, ach ní bhíonn siad faoi réir aon chaighdeáin stuamachta ná aon socruithe comhair maoirseachta ar leibhéal an Aontais. In éagmais iomlán creat stuamachta coiteann, fágtar go mbíonn brainsí tríú tír faoi réir ceanglas náisiúnta éagsúil ar leibhéil stuamachta agus raon feidhme éagsúla. Thairis sin, níl faisnéis chuimsitheach agus na huirlisí maoirseachta is gá ag na húdaráis inniúla chun faireachán cuí a dhéanamh ar na rioscaí sonracha a chruthaítear le grúpaí tríú tír atá ag feidhmiú i mBallstát amháin nó níos mó trí bhíthin brainsí agus fochuideachtaí. Níl aon socrú maoirseachta comhtháite ann faoi láthair i ndáil leo agus níl sé d’oibleagáid ar an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar gach brainse de ghrúpa tríú tír faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí agus fochuideachtaí eile den ghrúpa céanna. Le tírdhreach rialála ilroinnte mar sin, cruthaítear rioscaí do chobhsaíocht airgeadais agus do shláine margaidh an Aontais, rioscaí ar cheart aghaidh a thabhairt orthu go cuí trí chreat rialála comhchuibhithe maidir le brainsí tríú tír. Ba cheart íoscheanglais choiteanna maidir le húdarú, caighdeáin stuamachta, rialachas inmheánach, maoirseacht agus tuairisciú a bheith sa chreat sin. Leis an tacar ceanglas sin, ba cheart cur leo siúd a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm cheana maidir le brainsí tríú tír ina gcríocha agus ba cheart ceanglais chomhchosúla nó choibhéiseacha a chuireann tríú tíortha i bhfeidhm maidir le brainsí eachtracha a chur san áireamh, chun an chomhsheasmhacht idir na Ballstáit a áirithiú agus creat rialála an Aontais maidir le brainsí tríú tír a ailíniú leis na cleachtais idirnáisiúnta reatha sa réimse seo. |
|
(18) |
Agus brainsí tríú tír á n-údarú agus maoirseacht á déanamh acu, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a bhfeidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. Chuige sin, ní mór dóibh rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis uile is gá faoi cheannghnóthas an bhrainse tríú tír ó údaráis mhaoirseachta an tríú tír ábhartha agus ní mór dóibh a bheith in ann a ngníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú go héifeachtach le gníomhaíochtaí údaráis mhaoirseachta an tríú tír. Sula gcuirfidh brainse tríú tír tús lena ghníomhaíochtaí i mBallstát, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint le comhaontú a thabhairt i gcrích le húdarás maoirseachta an tríú tír lena mbaineann le gur féidir comhar agus malartú faisnéise a dhéanamh. Ba cheart comhaontú mar sin a bheith bunaithe ar na socruithe riaracháin samhlacha a d’fhorbair ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 33(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis faoi na comhaontuithe sin a chur faoi bhráid ÚBE. I gcás nach féidir comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích ar bhonn na samhla a d’fhorbair ÚBE, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann socruithe eile a úsáid, mar shampla malartú litreacha, chun a áirithiú gur féidir leo a bhfeidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú. |
|
(19) |
Ar chúiseanna comhréireachta, ba cheart na híoscheanglais a fhorchuirtear ar bhrainsí tríú tír a bheith i gcoibhneas leis an riosca a bhaineann leo don chobhsaíocht airgeadais agus do shláine an mhargaidh san Aontas agus sna Ballstáit. Ba cheart, dá bhrí sin, brainsí tríú tír a aicmiú in aicme 1, i gcás ina meastar go mbaineann riosca níos airde leo, nó, seachas sin, in aicme 2, i gcás ina meastar go bhfuil siad beag agus neamhchasta agus nach mbaineann riosca suntasach leo don chobhsaíocht airgeadais ar bhealach a bheadh comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar ‘institiúid bheag neamhchasta’ i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá réir sin, brainsí tríú tír a bhfuil sócmhainní cláraithe acu i mBallstát arb ionann nó ar mó iad ná EUR 5 bhilliún, ba cheart a mheas go mbaineann riosca níos airde leo de bharr na méide agus na castachta níos mó a bhaineann leo, toisc go bhféadfadh suaitheadh suntasach i margadh na seirbhísí baincéireachta nó i gcóras baincéireachta an Bhallstáit a bheith mar thoradh ar a gcliseadh. Maidir le brainsí tríú tír a údaraítear chun glacadh le taiscí miondíola, ba cheart a mheas ar an gcuma chéanna go mbaineann riosca níos airde leo gan beann ar a méid, i gcás ina sáraíonn méid na dtaiscí miondíola sin tairseach áirithe, a mhéid a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar thaisceoirí an-leochaileach agus a d’fhéadfadh sé go gcaillfí muinín i sábháilteacht agus i bhfóntacht chóras baincéireachta an Bhallstáit agus a chumas coigilteas na saoránach a chosaint dá gclisfeadh orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, an dá chineál brainsí tríú tír sin a aicmiú mar bhrainsí tríú tír aicme 1. |
|
(20) |
Ba cheart brainsí tríú tír a aicmiú freisin mar aicme 1 i gcás ina bhfuil an ceannghnóthas faoi réir rialála agus nach gcinntear formhaoirseacht agus cur chun feidhme an rialacháin sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis an méid a cheanglaítear le Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás ina liostaítear an tríú tír ábhartha mar thríú tír ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas maidir le frithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. Baineann riosca suntasach leis na brainsí tríú tír sin don chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus sa Bhallstát ina mbunaítear iad, arae leis an gcreat rialála nó leis na creataí um fhrithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ní ghabhtar go leordhóthanach na rioscaí sonracha a eascraíonn as na gníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát, nó na rioscaí do chontrapháirtithe sa Bhallstát a eascraíonn as an ngrúpa tríú tír nó ní cheadaítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar na rioscaí sin. Chun coibhéis chaighdeáin bhaincéireachta stuamachta agus mhaoirseachta an tríú tír le caighdeáin an Aontais a chinneadh, ba cheart é a bheith ar a chumas ag an gCoimisiún treoir a thabhairt do ÚBE measúnú a dhéanamh agus tuarascáil a eisiúint maidir le creat rialála baincéireachta an tríú tír ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚBE a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar bhealach dian agus trédhearcach agus i gcomhréir le modheolaíocht fhónta. Thairis sin, ba cheart do ÚBE dul i gcomhairle agus i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta an tríú tír agus leis na ranna rialtais atá i gceannas ar a rialáil baincéireachta freisin agus, i gcás inarb iomchuí, le páirtithe ón earnáil phríobháideach, agus féachaint le cothrom na Féinne a thabhairt do na páirtithe sin agus an deis a thabhairt dóibh doiciméadacht a chur isteach agus uiríll a dhéanamh laistigh de thréimhsí ama réasúnta. Thairis sin, ba cheart do ÚBE a áirithiú go mbeidh réasúnú cuí leis an tuarascáil arna heisiúint, go leagfar amach tuairisc mhionsonraithe ar na hábhair arna measúnú inti agus go seachadfar í laistigh de thréimhse réasúnta. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir le coibhéis creataí rialála baincéireachta brainsí tríú tír. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(21) |
Ba cheart cumhacht shainráite a bheith ag údaráis inniúla a cheangal, ar bhonn cás ar chás, go ndéanfaidh brainsí tríú tír iarratas ar údarú i gcomhréir le Teideal III, Caibidil 1, de Threoir 2013/36/AE, ar a laghad i gcás ina bhfuil na brainsí sin ag gabháil do ghníomhaíochtaí le cliaint nó le contrapháirtithe i mBallstáit eile de shárú ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh, i gcás ina mbaineann riosca suntasach leo do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe nó i gcás ina bhfuil méid comhiomlán shócmhainní na mbrainsí tríú tír go léir san Aontas atá sa ghrúpa tríú tír céanna cothrom le EUR 40 billiún, nó níos mó ná sin nó i gcás ina bhfuil méid shócmhainní an bhrainse tríú tír sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe cothrom le EUR 10 mbilliún nó níos mó ná sin. Thairis sin, ba cheart a cheangal ar údaráis inniúla measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil tábhacht shistéamach ag baint le brainsí tríú tír i gcás ina bhfuil méid comhiomlán shócmhainní na mbrainsí tríú tír uile san Aontas a bhaineann leis an ngrúpa tríú tír céanna cothrom le EUR 40 billiún, nó níos mó ná sin. Maidir leis na brainsí tríú tír uile a bhaineann leis an ngrúpa tríú tír céanna atá bunaithe i mBallstát amháin nó ar fud an Aontais, ba cheart iad a bheith faoi réir measúnú den sórt sin arna dhéanamh ag a n-údaráis inniúla faoi seach. Leis an measúnú sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh, i gcomhréir le critéir shonracha, ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann leibhéal analógach riosca leis na brainsí sin do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó a Bhallstát mar institiúidí a shainmhínítear mar ‘institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo’ faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go bhfuil tábhacht shistéamach leis na brainsí tríú tír, ba cheart dóibh ceanglais a fhorchur ar na brainsí sin atá iomchuí chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú. Chun na gcríoch sin, ba cheart é a bheith ar a gcumas do na húdaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú mar fho-institiúidí faoi Threoir 2013/36/AE chun leanúint de ghníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh sa Bhallstát nó ar fud an Aontais. Thairis sin, ba cheart é a bheith ar a gcumas ag na húdaráis inniúla ceanglais eile a fhorchur, go háirithe oibleagáid maidir le sócmhainní nó gníomhaíochtaí brainsí tríú tír san Aontas a athstruchtúrú ionas nach mbeidh tábhacht shistéamach ag baint leis na brainsí sin a thuilleadh, nó ceanglas maidir le ceanglais chaipitil bhreise, leachtachta, tuairiscithe nó nochta a chomhlíonadh, i gcás inar leordhóthanach sin chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis inniúla gan aon cheann de na ceanglais sin a fhorchur ar bhrainsí tríú tír a meastar tábhacht shistéamach a bheith ag baint leo, agus sa chás sin ba cheart dóibh fógra réasúnaithe a thabhairt do ÚBE agus d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil brainsí tríú tír nó fo-institiúidí eile bunaithe ag an ngrúpa tríú tír ábhartha. Chun na himpleachtaí uile-Aontais a mheas, ba cheart d’údaráis inniúla a chinneann a gcumhacht a fheidhmiú chun údarú mar fho-institiúid a chur de cheangal, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, roimh ré, agus leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. |
|
(22) |
Chun comhsheasmhacht cinntí maoirseachta a chur chun cinn maidir le grúpa tríú tír ag a bhfuil brainsí agus fochuideachtaí ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla, agus an measúnú ar thábhacht shistéamach á dhéanamh acu, dul i gcomhairle le ÚBE agus le húdaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil brainsí tríú tír nó fo-institiúidí eile bunaithe ag an ngrúpa tríú tír ábhartha, chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an mbrainse tríú tír ábhartha do Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe. |
|
(23) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithnithe a dhéanamh go tráthrialta an bhfuil na ceanglais ábhartha faoi Threoir 2013/36/AE á gcomhlíonadh ag na brainsí tríú tír, agus ba cheart dóibh bearta maoirseachta a fhorchur ar na brainsí sin chun a áirithiú go bhfuil siad á gcomhlíonadh nó go n-athbhunófar an comhlíonadh. Chun gur fusa maoirseacht éifeachtach a dhéanamh féachaint an bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh ag brainsí tríú tír agus chun gur féidir forléargas cuimsitheach a fháil ar ghníomhaíochtaí grúpaí tríú tír laistigh den Aontas, ba cheart tuairisciú coiteann maoirseachta agus airgeadais a chur ar fáil d’údaráis inniúla i gcomhréir le teimpléid chaighdeánaithe. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina leagtar amach na teimpléid sin. Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí uile grúpaí tríú tír a oibríonn san Aontas trí bhrainsí tríú tír faoi réir maoirseacht chuimsitheach, chun cosc a chur ar dhul timpeall ar na ceanglais is infheidhme maidir leis na grúpaí sin faoi dhlí an Aontais agus chun rioscaí féideartha do chobhsaíocht airgeadais san Aontas a íoslaghdú, is gá socruithe comhair iomchuí a chur chun feidhme idir na húdaráis inniúla. Go sonrach, ba cheart brainsí tríú tír aicme 1 a thabhairt faoi raon feidhme choláistí maoirseoirí na ngrúpaí tríú tír san Aontas. I gcás nach ann do choláiste mar sin go fóill, ba cheart do na húdaráis inniúla coláiste ad hoc a bhunú le haghaidh gach brainse tríú tír in aicme 1 den ghrúpa céanna i gcás ina bhfeidhmíonn an grúpa sin i níos mó ná Ballstát amháin. |
|
(24) |
Ba cheart creat an Aontais maidir le brainsí tríú tír a chur i bhfeidhm gan dochar don rogha atá ag na Ballstáit faoi láthair ceangal a chur ar ghnóthais tríú tír ó thríú tíortha áirithe ar bhonn ginearálta gníomhaíochtaí baincéireachta a dhéanamh ina gcríoch trí fho-institiúidí a údaraítear i gcomhréir le Teideal III, Caibidil I, de Threoir 2013/36/AE, agus trí na fo-institiúidí sin amháin. D’fhéadfadh sé go dtagródh an ceanglas sin do thríú tíortha a chuireann caighdeáin stuamachta agus maoirseachta baincéireachta i bhfeidhm nach bhfuil coibhéiseach leis na caighdeáin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit nó do thríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras maidir le frithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. |
|
(25) |
D’ainneoin na rialacha rúndachta is infheidhme faoi láthair, ba cheart malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis chánach a fheabhsú. Ar aon chaoi, ba cheart an malartú faisnéise a bheith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus, i gcás ina dtiocfaidh an fhaisnéis ó Bhallstát eile, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha teacht ar chomhaontú maidir lena nochtadh. |
|
(26) |
Maidir le hinstitiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is ríthábhachtach go gcomhlíonann siad na ceanglais stuamachta chun a sábháilteacht agus a bhfóntacht a áirithiú agus chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, ar leibhéal an Aontais ina hiomláine agus i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag údaráis inniúla náisiúnta chun bearta tráthúla agus cinntitheacha a dhéanamh i gcás nach ndéanann na hinstitiúidí sin, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais sin agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin na ceanglais stuamachta nó na cinntí maoirseachta a chomhlíonadh. |
|
(27) |
Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i réimse na gcumhachtaí smachtbhannaí a fhorchur, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, d’íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus do bhearta eile riaracháin i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE, agus sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó cinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil bunaithe ar na forálacha sin nó an Rialachán sin. Leis na pionóis riaracháin sin, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin agus bearta eile riaracháin, ba cheart íoscheanglais áirithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear na híoschumhachtaí ba cheart a thabhairt d’údaráis inniúla chun é a chur ar a gcumas dóibh iad a fhorchur, na critéir ba cheart d’údaráis inniúla a chur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, ceanglais foilsithe nó leibhéil na bpionós riaracháin agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE tuairisciú a dhéanamh ar an gcomhar idir údaráis inniúla i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na bpionós riaracháin, na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus beart riaracháin eile. |
|
(28) |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis riaracháin a fhorchur i gcás ina mbíonn an sárú ábhartha faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta freisin. Agus an cineál pionós riaracháin nó an cineál beart riaracháin eile agus leibhéal na bpionós riaracháin airgid á gcinneadh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla aird a thabhairt ar aon phionós coiriúil a forchuireadh roimhe sin i leith an tsáraithe chéanna ar an duine nádúrtha nó ar an duine dlítheanach atá freagrach as an sárú sin. Déantar amhlaidh chun a áirithiú go mbeidh déine na bpionós riaracháin uile agus na mbeart riaracháin eile a fhorchuirtear chun críoch pionóis, i gcás ina mbeidh carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla ann ag eascairt as an iompar éagórach céanna, teoranta dá bhfuil riachtanach i bhfianaise thromchúis an tsáraithe lena mbaineann. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit sásraí iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha ar an eolas go cuí, ar mhodh tráthúil, faoi aon imeachtaí riaracháin nó coiriúla arna dtionscnamh in aghaidh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna. |
|
(29) |
Ba cheart éifeacht dhíspreagthach a bheith ag pionóis riaracháin airgid chun cosc a chur ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag sárú forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE nó atá ag sárú Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 gabháil den iompar céanna nó d’iompar comhchosúil sa todhchaí. Ba cheart pionóis riaracháin airgid ar dhaoine dlítheanacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe a mhéid a bhaineann le huasmhéid na bpionós sin a chinneadh, lenar cheart glanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais ábhartha a chur san áireamh. Mar sin féin, an glanláimhdeachas bliantúil iomlán de réir bhrí Threoir 2013/36/AE, níl sé uileghabhálach go leor ná soiléir go leor faoi láthair chun cothrom iomaíochta a áirithiú i gcur i bhfeidhm pionós riaracháin airgid. Chun ríomh comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh le Treoir 2013/36/AE do liosta eilimintí atá le cur san áireamh agus an glanláimhdeachas bliantúil iomlán á ríomh. |
|
(30) |
Sa bhreis ar phionóis riaracháin airgid, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar institiúidí, ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus ar chomhaltaí sin an chomhlachta bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta, ar bhainistíocht shinsearach, ar shealbhóirí príomhfheidhme, ar ghlacadóirí riosca ábharaigh eile agus ar aon daoine nádúrtha eile a shainaithnítear faoin dlí náisiúnta a bheith freagrach as sárú ar an oibleagáid forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, nó a bheith freagrach as sárú ar a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoi chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil ar bhonn na bhforálacha sin nó an Rialacháin sin. Ba cheart do na Ballstáit rialacha sonracha agus sásraí éifeachtacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Ba cheart na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina mbítear ag leanúint den sárú. Gan dochar do chearta nós imeachta na ndaoine dá ndéantar difear faoin dlí is infheidhme, lena n-áirítear an ceart atá ag na daoine sin éisteacht a fháil, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur gan iallach a bheith orthu réamhiarraidh, réamhordú nó réamhrabhadh a sheoladh chuig an bpáirtí a dhéanann an sárú ag iarraidh air filleadh ar an gcomhlíonadh. Ós rud é gurb é is cuspóir do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla iallach a chur ar dhaoine nádúrtha nó ar dhaoine dlítheanacha deireadh a chur le sárú leanúnach, níor cheart le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla cosc a chur ar na húdaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur i leith an tsáraithe chéanna ina dhiaidh sin. Ba cheart é a bheith indéanta íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dháta áirithe agus tús a chur lena gcur i bhfeidhm ar dháta is déanaí. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ríomh ar bhonn laethúil. |
|
(31) |
Chun an raon feidhme is leithne is féidir a áirithiú le haghaidh gníomhaíochta tar éis sáraithe agus chun gur fusa tuilleadh sáruithe a chosc, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil saruithe den sórt sin faoi réir pionós riaracháin nó beart riaracháin eile faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh do phionóis riaracháin bhreise agus leibhéal níos airde pionós riaracháin airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. |
|
(32) |
Agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á bhforchur aige, ba cheart d’údarás inniúil a chur san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar staid airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a bhfuil an sárú déanta aige agus ba cheart dó féachaint le cás a sheachaint ina n-éireoidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a bhfuil an sárú déanta aige dócmhainneach de bharr an phionóis, nó ina gcuirfí in anás tromchúiseach airgeadais é de bharr an phionóis nó ina mbeadh an pionós ina chéatadán díréireach d’ioncam bliantúil iomlán an duine nádúrtha nó de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú freisin go gcuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i bhfeidhm maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta, bainistíocht shinsearach, sealbhóirí príomhfheidhme, glacadóirí riosca ábharaigh eile agus maidir le haon daoine nádúrtha eile a shainaithnítear mar dhaoine atá freagrach go díreach as an sárú, ina n-aonar nó i dteannta a chéile. |
|
(33) |
In imthosca eisceachtúla, i gcás nach gceadaítear le córas dlí an Bhallstáit na pionóis riaracháin dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorchur, ba cheart é a bheith indéanta na rialacha maidir le pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm go heisceachtúil ar bhealach a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a thionscnamh agus a dhéanfaidh údarás breithiúnach an pionós a fhorchur. Mar sin féin, is gá do na Ballstáit sin a áirithiú go mbeidh éifeacht ag cur i bhfeidhm na rialacha agus na bpionós sin a bheidh coibhéiseach leis an éifeacht a bheadh ag na pionóis riaracháin a fhorchuireann na húdaráis inniúla. Dá bhrí sin, ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(34) |
Chun foráil a dhéanamh do smachtbhannaí iomchuí i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE agus i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart forlíonadh a dhéanamh ar an liosta sáruithe faoi réir pionós riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus beart riaracháin eile. Dá bhrí sin, ba cheart an liosta sáruithe a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE a leasú. |
|
(35) |
Tar éis Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 – Ionstraimí Airgeadais (IFRS 9) a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2018, bíonn tionchar díreach ag toradh ríomhanna na gcaillteanas creidmheasa ionchasach, atá bunaithe ar chuir chuige shamhaltúcháin, ar mhéid na gcistí dílse agus ar na cóimheasa rialála a bhíonn ag institiúidí. Tá na cuir chuige shamhaltúcháin chéanna mar bhunús freisin le haghaidh ríomh na gcaillteanas creidmheasa ionchasach i gcás ina gcuireann institiúidí creataí cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm. Dá thoradh sin, tá sé tábhachtach léargas soiléir a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag ÚBE ar an tionchar a bhíonn ag na ríomhanna sin ar an raon luachanna le haghaidh sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de agus le haghaidh ceanglais maidir le cistí dílse a eascraíonn i ndáil le neamhchosaintí comhchosúla. Chuige sin, ba cheart na cuir chuige shamhaltúcháin sin a chumhdach leis an gcleachtadh tagarmharcála freisin. Maidir le hinstitiúidí a ríomhann ceanglais maidir le cistí dílse i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe do riosca creidmheasa, ós rud é go bhféadfaidh siad samhlacha a úsáid le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a ríomh laistigh de chreat IFRS 9, ba cheart na hinstitiúidí sin a áireamh sa chleachtadh tagarmharcála, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh. |
|
(36) |
Le Rialachán (AE) 2019/876 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí chreat riosca margaidh athbhreithnithe a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht a thabhairt isteach. Maidir le paraiméadair áirithe a úsáidtear chun sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de agus ceanglais maidir le cistí dílse don riosca margaidh a ríomh, leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach atá ina chuid den chreat nua sin, is féidir le hinstitiúidí iad a shamhaltú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbíonn léargas soiléir ag na húdaráis inniúla agus ag ÚBE ar an raon luachanna le haghaidh sócmhainní atá ualaithe ó thaobh riosca de agus le haghaidh ceanglas maidir le cistí dílse a eascraíonn i ndáil le neamhchosaintí comhchosúla ní hamháin faoi chur chuige malartach na samhla inmheánaí, ach faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach freisin. Dá thoradh sin, ba cheart an cur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe agus cineálacha cur chuige na samhlacha inmheánacha a chumhdach leis an gcleachtadh tagarmharcála maidir le riosca margaidh, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh. |
|
(37) |
Leis an aistriú domhanda i dtreo geilleagar inbhuanaithe mar a chumhdaítear i gComhaontú Pháras (13), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’) agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, éileofar athrú socheacnamaíoch ó bhonn lena bhaint amach agus beidh sé ag brath ar shlógadh acmhainní suntasacha airgeadais ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a thug an Coimisiún isteach sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019, tugann an tAontas gealltanas bheith aeráidneodrach faoi 2050. Beidh ról ábhartha ag an gcóras airgeadais maidir le tacaíocht a thabhairt don aistriú sin, ról nach mbaineann leis na deiseanna a eascróidh a thapú agus tacú leo amháin, ach le bainistiú iomchuí a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis. Ós rud é go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag na rioscaí sin do chobhsaíocht na n-institiúidí aonair agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine freisin, tá gá le creat stuamachta rialála feabhsaithe lena gcomhtháthaítear na rioscaí gaolmhara ar bhealach níos fearr. |
|
(38) |
Le scála ollmhór an aistrithe i dtreo geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach, beidh tionchair mhóra ar an gcóras airgeadais. In 2018 d’aithin Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais gur foinse rioscaí airgeadais iad na rioscaí a bhaineann leis an aeráid. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 dar teideal Strategy for Financing the Transition to a Sustainable Economy [An Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ (an ‘Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe Athnuaite’], leagtar béim ar an dúshlán do gheilleagar an Aontais agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais, nach bhfacthas a leithéid riamh, a thagann ó rioscaí CSR agus a thagann ó rioscaí a eascraíonn as tionchar fisiciúil an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus dhíghrádú comhshaoil níos leithne na n-éiceachóras. Baineann sainiúlachtaí leis na rioscaí sin, mar shampla cineál réamhbhreathnaitheach na rioscaí agus na tionchair shainiúla a bheidh acu thar thréimhsí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Lena shainiúla atá na rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus na rioscaí comhshaoil eile, mar shampla rioscaí a eascraíonn as an díghrádú comhshaoil agus as cailliúint na bithéagsúlachta, a mhéid a bhaineann le rioscaí aistrithe agus fisiciúla araon, éilítear go háirithe go ndéanfar na rioscaí sin a bhainistiú thar thréimhse fhadtéarmach 10 mbliana ar a laghad. |
|
(39) |
I bhfianaise chineál fadtéarmach agus dhoimhneacht an aistrithe i dtreo geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach, tiocfaidh athruithe suntasacha ar shamhlacha gnó institiúidí. Teastaíonn coigeartú leordhóthanach na hearnála airgeadais, agus coigeartú leordhóthanach institiúidí creidmheasa go háirithe, chun cuspóir na nglanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach i ngeilleagar an Aontais faoi 2050 agus, san am céanna, na rioscaí bunúsacha á gcoinneáil faoi smacht. Ba cheart, dá bhrí sin, é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas coigeartaithe sin agus idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina ndéanann institiúidí bainistíocht ar rioscaí aeráide, agus ar rioscaí a eascraíonn as an díghrádú comhshaoil agus as cailliúint na bithéagsúlachta, ar bhealach a gcuirtear cobhsaíocht na n-institiúidí aonair, nó an chobhsaíocht airgeadais ina hiomláine i mbaol. Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh freisin, agus ba cheart é a thabhairt de chumhacht dóibh gníomhú, i gcás ina mbeidh rioscaí ann ag eascairt as treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí rialála ábhartha an Aontais agus na mBallstát i ndáil le tosca CSR, mar shampla mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta] (an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’) agus i gCreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal, arna ghlacadh an 19 Nollaig 2022 ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, agus, i gcás inarb ábhartha maidir le hinstitiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha, as a dtagann rioscaí dá samhlacha gnó agus dá straitéisí, nó don chobhsaíocht airgeadais. Ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú freisin chun spriocanna, bearta agus gníomhaíochtaí phleananna stuamachta na n-institiúidí a threisiú i gcás ina measfar nach leor iad chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí CSR sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus go bhféadfadh rioscaí ábharacha a bheith ag baint leo maidir lena n-inréiteacht i ndáil leis sin. Ba cheart rioscaí aeráide agus, ar bhonn níos leithne, rioscaí comhshaoil a mheas i dteannta rioscaí sóisialta agus rioscaí rialachais faoi chatagóir amháin rioscaí chun go bhféadfar na tosca sin a chomhtháthú go cuimsitheach agus ar bhonn comhordaithe, arae is minic iad a bheith fite fuaite le chéile. Tá dlúthbhaint ag rioscaí CSR le coincheap na hinbhuanaitheachta, arae is iad na tosca CSR trí phríomhcholún na hinbhuanaitheachta. |
|
(40) |
Chun athléimneacht leordhóthanach a choimeád in aghaidh thionchair dhiúltacha na dtosca CSR, is gá é a bheith ar a gcumas ag institiúidí atá bunaithe san Aontas rioscaí CSR a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú go sistéamach, agus ba cheart a cheangal ar a maoirseoirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí ar leibhéal na hinstitiúide aonair agus ar an leibhéal sistéamach, agus tús áite á thabhairt do thosca comhshaoil agus díriú ansin ar thosca inbhuanaitheachta eile de réir mar a fhorbraítear na modheolaíochtaí agus na huirlisí le haghaidh an mheasúnaithe. Ba cheart a cheangal ar na hinstitiúidí measúnú a dhéanamh ar ailíniú a bpunann le huaillmhian an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050 mar aon leis an díghrádú comhshaoil agus cailliúint na bithéagsúlachta a sheachaint. Ba cheart an oibleagáid a bheith ar na hinstitiúidí pleananna sonracha a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, as tosca CSR, lena n-áirítear as treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí rialála ábhartha an Aontais agus na mBallstát, mar shampla mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras, i Rialachán (AE) 2021/1119, sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus i gCreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal, agus, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha. Ba cheart a cheangal ar institiúidí socruithe stóinsithe rialachais agus próisis inmheánacha maidir le rioscaí CSR a bhainistiú a bheith acu agus straitéisí arna bhformheas ag a gcomhlachtaí bainistíochta a bheith i bhfeidhm acu lena gcuirfear san áireamh ní hamháin tionchar reatha na dtosca CSR ach a dtionchar réamhbhreathnaitheach freisin. Maidir leis an eolas comhchoiteann agus an fheasacht chomhchoiteann atá ag comhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí ar thosca CSR agus maidir leis an leithdháileadh caipitil inmheánach chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí CSR, beidh siad ríthábhachtach freisin chun an athléimneacht in aghaidh thionchair dhiúltacha na rioscaí sin a neartú. De bharr shainiúlachtaí rioscaí CSR, is féidir éagsúlacht shuntasach a bheith idir tuiscint, tomhais agus cleachtais bhainistíochta ó institiúid go hinstitiúid. Chun cóineasú ar fud an Aontais agus tuiscint aonfhoirmeach ar rioscaí CSR a áirithiú, ba cheart sainmhínithe iomchuí agus íoschaighdeáin le haghaidh an mheasúnaithe ar na rioscaí sin a sholáthar i gcreat rialála stuamachta. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart sainmhínithe a thabhairt isteach i dTreoir 2013/36/AE agus ba cheart é a thabhairt de chumhacht do ÚBE tacar íosta modheolaíochtaí tagartha a shonrú le haghaidh an mheasúnaithe ar thionchar rioscaí CSR ar chobhsaíocht airgeadais institiúidí, agus tús áite á thabhairt do thionchar na dtosca comhshaoil. Ó tharla gur de bharr chineál réamhbhreathnaitheach na rioscaí CSR atá an anailís ar chásanna agus tástálacha struis, mar aon le pleananna chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, go háirithe ina n-uirlisí measúnaithe faisnéiseacha, ba cheart an chumhacht a thabhairt do ÚBE freisin critéir aonfhoirmeacha a fhorbairt le haghaidh ábhar na bpleananna chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus le haghaidh chúlra na gcásanna agus le haghaidh chur i bhfeidhm na modhanna tástála struis. Ba cheart do ÚBE a chásanna a bhunú ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, ag cur le hobair Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais agus le hiarrachtaí an Choimisiúin an comhar idir na húdaráis phoiblí ábhartha uile a neartú d’fhonn comhbhonn modheolaíochta a fhorbairt, mar a leagtar amach sa Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe Athnuaite. Ba cheart tosaíocht a bheith ag rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí a eascraíonn as an díghrádú comhshaoil agus as cailliúint na bithéagsúlachta, i bhfianaise na práinne a bhaineann leo agus i bhfianaise na hábharthachta ar leith a bhaineann leis an anailís ar chásanna agus an tástáil struis maidir lena measúnú. |
|
(41) |
Mar phríomhsholáthraithe cistiúcháin do ghnólachtaí agus do theaghlaigh san Aontas, tá ról ábhartha ag na hinstitiúidí maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais. Ionas go mbeidh an tAontas in ann a chuspóir foriomlán aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, ní mór do na hinstitiúidí an ról atá ag cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ina mbeartais agus ina ngníomhaíochtaí. Chun freastal ar an bpróiseas comhtháthaithe sin, ní mór samhlacha gnó agus straitéisí gnó na n-institiúidí a thástáil in aghaidh chuspóirí rialála ábhartha an Aontais maidir le geilleagar inbhuanaithe, lena n-áirítear, mar shampla, in aghaidh na mbeart arna bhforordú ag an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, chun rioscaí CSR a eascraíonn as mí-ailíniú a shainaithint. I gcás ina nochtfaidh institiúidí a gcuspóirí inbhuanaitheachta agus a ngealltanais inbhuanaitheachta faoi chreataí inbhuanaitheachta éigeantacha nó deonacha eile, mar shampla faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ba cheart na cuspóirí agus gealltanais sin a bheith comhsheasmhach leis na pleananna sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí CSR a bheidh acu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh trína ngníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha ar a mhéid a théann institiúidí i ngleic le rioscaí CSR agus a mhéid a bhfuil beartais bhainistíochta agus gníomhaíochtaí oibríochtúla tionlacain acu a léirítear sna spriocanna agus sna garspriocanna a leagtar amach ina bpleananna stuamachta atá comhsheasmhach lena ngealltanais inbhuanaitheachta mar a nochtadh iad i gcomhthéacs phróiseas an choigeartaithe i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Chun formhaoirseacht riosca fhónta éifeachtach a chur chun cinn chomh maith le hiompar bainistíochta i gcomhréir lena straitéis fhadtéarmach maidir le hinbhuanaitheacht, ba cheart fonn riosca na n-institiúidí i ndáil le rioscaí CSR a bheith mar chuid lárnach dá mbeartais luacha saothair agus dá gcleachtais luacha saothair. |
|
(42) |
Is féidir impleachtaí forleathana a bheith ag rioscaí CSR do chobhsaíocht institiúidí aonair agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla na rioscaí sin a chur san áireamh go comhsheasmhach ina ngníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha, lena n-áirítear an próiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta agus an tástáil struis ar na rioscaí sin. Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), bhí tacaíocht á tabhairt ag an gCoimisiún do na húdaráis inniúla náisiúnta chun modheolaíochtaí tástála struis a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus leanfaidh sé de thacaíocht theicniúil a sholáthar i ndáil leis sin. Mar sin féin, is ar bhealach taiscéalaíoch den chuid is mó a cuireadh na modheolaíochtaí tástála struis maidir le rioscaí CSR i bhfeidhm go dtí seo. Chun an tástáil struis ar rioscaí CSR a fhréamhú go daingean agus go comhsheasmhach sa mhaoirseacht, ba cheart do ÚBE, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), treoirlínte a fhorbairt go comhpháirteach chun breithnithe comhsheasmhacha agus modheolaíochtaí coiteanna maidir leis an tástáil struis ar rioscaí CSR a áirithiú. Ba cheart tús a chur leis an tástáil struis ar na rioscaí sin le tosca a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, agus de réir mar a bheidh tuilleadh sonraí agus modheolaíochtaí maidir le rioscaí CSR ar fáil chun tacú le forbairt uirlisí breise chun measúnú a dhéanamh ar thionchar cainníochtúil na rioscaí CSR ar rioscaí airgeadais, ba cheart d’údaráis inniúla níos mó measúnuithe a dhéanamh ar thionchar na rioscaí sin ina measúnuithe leordhóthanachta ar institiúidí. Chun cóineasú cleachtas maoirseachta a áirithiú, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le rioscaí CSR a áireamh go haonfhoirmeach sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta. |
|
(43) |
Na forálacha i dTreoir 2013/36/AE maidir le creat an mhaoláin um riosca sistéamach, féadfar iad a úsáid cheana chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla rioscaí sistéamacha, lena n-áirítear rioscaí sistéamacha a bhaineann leis an athrú aeráide. A mhéid a mheasann údaráis inniúla nó údaráis ainmnithe na hinstitiúide go bhféadfadh sé go mbeadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha ag rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide don chóras airgeadais agus don fhíorgheilleagar sna Ballstáit, ba cheart dóibh ráta maoláin um riosca sistéamach a thabhairt isteach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm freisin maidir le tacair nó fothacair áirithe neamhchosaintí, mar shampla maidir leo siúd atá faoi réir rioscaí fisiciúla agus idirthréimhseacha a bhaineann leis an athrú aeráide, i gcás ina measann siad go mbeadh tabhairt isteach an ráta sin éifeachtach agus comhréireach chun na rioscaí sin a mhaolú. |
|
(44) |
Tá fás tapa tagtha ar mhargaí i gcripteashócmhainní le blianta beaga anuas. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí i ngeall ar a neamhchosaintí cripteashócmhainní nach gcumhdaítear go leordhóthanach fós leis an gcreat stuamachta reatha, d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht caighdeán le haghaidh láimhseáil stuamachta neamhchosaintí cripteashócmhainní. Baineann cuid den chaighdeán sin leis an mbainistiú riosca a dhéanann na hinstitiúidí agus le cur i bhfeidhm an phróisis athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta ar na hinstitiúidí. Ba cheart a cheangal ar institiúidí a bhfuil neamhchosaintí díreacha nó indíreacha cripteashócmhainní acu nó ar institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí gaolmhara d’aon chineál cripteashócmhainne beartais, próisis agus cleachtais bainistithe riosca a bheith i bhfeidhm acu chun na rioscaí a eascraíonn as a neamhchosaintí cripteashócmhainní a bhainistiú go hiomchuí. Go háirithe, ba cheart do na hinstitiúidí na rioscaí teicneolaíochta cripteashócmhainní, teicneolaíocht ghinearálta na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus cibir-rioscaí, rioscaí dlíthiúla, rioscaí sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus rioscaí luachála a chur san áireamh ina gcuid gníomhaíochtaí bainistithe riosca. Ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann na gníomhaíochtaí maoirseachta riachtanacha a dhéanamh i gcás ina meastar nach leor cleachtais bainistithe riosca na n-institiúidí. |
|
(45) |
Is é is cuspóir don mheasúnú ar oiriúnacht comhaltaí comhlachtaí bainistíochta a áirithiú go mbeidh na comhaltaí sin cáilithe le haghaidh a róil agus go mbeidh dea-cháil orthu. Maidir le creat ‘cuí cóir’ stóinsithe a bheith ann chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme, is fachtóir ríthábhachtach é sin chun a áirithiú go reáchtálfar institiúidí go leordhóthanach agus go ndéanfar bainistíocht iomchuí ar a rioscaí. Ní áirithítear leis na rialacha atá ann faoi láthair go ndéanann an institiúid ceapacháin measúnú oiriúnachta tráthúil ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta. Ina theannta sin, níl aon rialacha ann faoi láthair maidir leis an measúnú oiriúnachta ar shealbhóirí príomhfheidhme. Thairis sin, ní mór do na hinstitiúidí trasteorann a mbealach a dhéanamh trí éagsúlacht mhór rialacha agus próiseas náisiúnta, lena laghdaítear éifeachtúlacht an chreata atá i bhfeidhm faoi láthair. Maidir le ceanglais thar a bheith difriúil a bheith ann ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann leis an measúnú oiriúnachta, is saincheist ábhartha é sin go háirithe i gcomhthéacs an aontais baincéireachta. Dá thoradh sin, tá sé tábhachtach sraith rialacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais chun creat ‘cuí cóir’ a chur i bhfeidhm atá níos comhsheasmhaí agus intuartha. Dá ndéanfaí sin, chothófaí cóineasú maoirseachta, bheadh tuilleadh iontaoibhe idir na húdaráis inniúla agus tuilleadh deimhneachta dlíthiúla d’institiúidí. Is gné thábhachtach den mhaoirseacht iad measúnuithe ‘cuí cóir’ mar aon le sásraí eile ar nós an phróisis athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta agus rialacha luacha saothair, lena n-áirithítear rialachas fónta institiúidí. |
|
(46) |
Ba cheart na comhlachtaí bainistíochta a bheith éagsúil a ndóthain a mhéid a bhaineann le haois, inscne, cúlra geografach agus cúlra oideachais agus gairmiúil ionas go n-áiritheofar rialachas fónta, gur fusa tuairimí neamhspleácha agus cur chuige criticiúil acu, agus go mbeidh éagsúlacht tuairimí agus taithí ann. Tá tábhacht ar leith ag baint le cothromaíocht inscne chun ionadaíocht leordhóthanach an daonra a áirithiú, agus ba cheart í a chur chun cinn. |
|
(47) |
Ós rud é go bhfuil an phríomhfhreagracht orthu measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta, ba cheart d’institiúidí, agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha an measúnú oiriúnachta tosaigh a dhéanamh sula nglacfaidh comhalta nua leis an bpost, faoi réir eisceachtaí áirithe, agus ba cheart do na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh air ina dhiaidh sin. Ba cheart do na heintitis sin a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta cothrom le dáta i gcónaí. Ba cheart do na heintitis sin an fhaisnéis sin a chur in iúl don údarás inniúil. A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ba cheart do na heintitis sin na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Ba cheart do na heintitis sin na bearta is gá a dhéanamh má chinneann siad nach gcomhlíonann comhalta nó comhalta ionchasach den chomhlacht bainistíochta na ceanglais oiriúnachta. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais chéanna maidir le sealbhóirí príomhfheidhme freisin. |
|
(48) |
Chun an deimhneacht dhlíthiúil agus an intuarthacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na n-eintiteas, is gá rialacha nós imeachta a bhunú chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht sealbhóirí príomhfheidhme institiúidí móra. Leis na rialacha nós imeachta sin, ba cheart é a bheith ar chumas na n-údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise a iarraidh, i gcás inar gá, lena n-áirítear trí dhoiciméadacht, agallaimh agus éisteachtaí. Maidir le faisnéis agus doiciméid a bhfuil gá leo chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú oiriúnachta, lena n-áirítear i gcomhthéacs an iarratais oiriúnachta atá le soláthar sula nglacfaidh comhalta ionchasach le post (‘an t-iarratas oiriúnachta ex ante’) ag institiúidí móra do chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainisitíochta nó do chathaoirleach an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta, ba cheart iad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ar shlí a chinnfidh na húdaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht comhalta i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht an chomhalta sin. Níor cheart ceangal a chur ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nuair a dhéantar athnuachan ar a sainordú, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus dá bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta lena mbaineann. Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh má chinneann siad nár comhlíonadh na ceanglais oiriúnachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a cheadú ar bhonn riosca-íogair, agus rochtain a bheith acu ar an mbunachar sonraí lárnach um fhrithsciúradh airgid agus comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. |
|
(49) |
De bharr na rioscaí a bhaineann le hinstitiúidí móra a eascraíonn go háirithe as éifeachtaí gabhála a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart fógra a thabhairt gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát ina ndéantar measúnú oiriúnachta an mhaoirseora tar éis don chomhalta an post a ghlacadh sa chomhlacht bainistíochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a luaithe a bheidh rún soiléir ann comhalta den chomhlacht bainistíochta a cheapadh ina fheidhm bhainistíochta nó cathaoirleach an chomhlachta bainistíochta a cheapadh ina fheidhm mhaoirseachta. Ba cheart d’institiúidí móra a áirithiú i gcónaí go bhfaighidh na húdaráis inniúla iarratas oiriúnachta ex ante 30 lá oibre ar a dhéanaí sula nglacfaidh an comhalta ionchasachan post. Ba cheart na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha uile is gá don mheasúnú a bheith ag gabháil leis an iarratas oiriúnachta ex ante, gan beann ar cibé acu a chuireann nó nach gcuireann na húdaráis inniúla bailchríoch ar an measúnú oiriúnachta sula nglacfaidh an duine an post nó ina dhiaidh sin. Má thagann taifid choiriúla nó doiciméid eile a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta nó atá liostaithe ag údaráis inniúla chun bheith ar fáil ag céim níos déanaí, ba cheart d’údaráis inniúla na doiciméid nó an fhaisnéis sin a fháil gan moill mhíchuí. Ba cheart go gcuirfeadh an t-iarratas oiriúnachta ex ante ar chumas na n-údarás inniúil tús a chur lena n-anailís agus gníomhú i gcomhthéacs an mheasúnaithe. D’fhéadfaí a áireamh ar an ngníomhú sin go gcuirfear cosc ar an gcomhalta ionchasach dul i mbun an phoist fad is nach bhfaighidh an t-údarás inniúil faisnéis leordhóthanach, nó go rachfar i mbun idirphlé feabhsaithe i gcás ina bhfuil imní ar an údarás inniúil maidir le hoiriúnacht an chomhalta ionchasaigh d’fhonn a áirithiú go bhfuil an comhalta ionchasach oiriúnach nó go mbeidh sé oiriúnach nuair a rachaidh sé i mbun an phoist. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le módúlachtaí an idirphlé spriocdhírithe dhomhain idir an t-údarás inniúil agus an institiúid mhór d’fhonn deireadh a chur le haon chonstaicí maidir le hoiriúnacht an chomhalta ionchasaigh de mheon an chomhair. Ba cheart go gcuirfeadh an t-iarratas oiriúnachta ex ante ar chumas na n-údarás inniúil dul i mbun idirphlé luath le hinstitiúidí móra maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta nó maidir le hoiriúnacht chathaoirleach an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta sula nglacfaidh siad a bpost. Mar sin féin, ba cheart an t-iarratas oiriúnachta ex ante a bheith gan dochar do shainchumais agus do fhreagracht na hinstitiúide móire agus oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta á háirithiú acu, agus d’aon mheasúnuithe ex post arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla, i gcás ina gceadaítear sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
|
(50) |
Ina theannta sin, maidir le hinstitiúidí móra, ba cheart d’údaráis inniúla breithniú cuí a dhéanamh ar uastréimhse a shocrú chun an measúnú oiriúnachta a thabhairt i gcrích, ar a laghad maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a cheapadh agus ceann na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an príomhoifigeach airgeadais a cheapadh, le haghaidh poist sna hinstitiúidí sin. Ba cheart a bheith in ann síneadh a chur le huastréimhse den sórt sin, i gcás inarb iomchuí. |
|
(51) |
Ba cheart an measúnú oiriúnachta ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta a bheith gan dochar don dlí náisiúnta maidir le hionadaithe fostaithe sa chomhlacht bainistíochta a cheapadh agus maidir le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta a bheith á gceapadh ag comhlachtaí tofa réigiúnacha nó áitiúla. Sna cásanna sin, ba cheart coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm chun oiriúnacht na gcomhaltaí sin den chomhlacht bainistíochta a áirithiú. |
|
(52) |
Faoin 31 Nollaig 2029, ba cheart do ÚBE, i ndlúthchomhar le BCE, athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus éifeachtúlacht an chreata ‘cuí cóir’, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh freisin, go háirithe maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta. |
|
(53) |
Ba cheart do ÚBE treoirlínte a fhorbairt maidir leis na critéir chun a chinneadh an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta á ndéanamh nó go ndearnadh iarracht an méid sin a dhéanamh, nó an bhfuil riosca méadaithe ann go dtarlódh sin i dtaca le heintiteas. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, ba cheart do ÚBE comhoibriú le ESMA agus leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) (‘an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta’). I gcás nach mbeidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta oibríochtúil nuair a ullmhófar na treoirlínte sin, ba cheart do ÚBE na treoirlínte sin a ghlacadh gan iallach a bheith air comhoibriú leis an údarás sin. |
|
(54) |
I bhfianaise ról an mheasúnaithe oiriúnachta do bhainistiú stuama fónta na n-institiúidí, is gá uirlisí nua a thabhairt do na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht comhaltaí comhlachtaí bainistíochta, bainistíochta sinsearaí agus sealbhóirí príomhfheidhme, mar shampla ráitis freagrachtaí agus mapáil dualgas. Leis na huirlisí nua sin, ba cheart tacú le hobair na n-údarás inniúil agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar shocruithe rialachais institiúidí mar chuid den phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta. D’ainneoin fhreagracht chomhchoiteann fhoriomlán an chomhlachta bainistíochta, ba cheart a cheangal ar institiúidí ráitis aonair a tharraingt suas ina leagfar amach róil agus dualgais chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm bhainistíochta, bainistíochta sinsearaí agus sealbhóirí príomhfheidhme agus ina ndéanfar mapáil dualgas, lena n-áirítear mionsonraí ar na línte tuairiscithe, na línte freagrachta, agus na daoine atá mar chuid de shocruithe rialachais na hinstitiúide, agus a gcuid dualgas. Ní dhéantar a ndualgais agus a bhfreagrachtaí aonair a shainiú go soiléir ná go comhsheasmhach i gcónaí agus d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeidh forluí ann idir dhá ról nó níos mó, nó cásanna ina dtabharfar neamhaird ar réimsí dualgas agus freagrachtaí, toisc nach dtagann siad go sonrach faoi shainchúram duine aonair. Ba cheart raon feidhme dhualgais agus fhreagrachtaí gach duine a bheith sainithe go maith agus níor cheart aon chúraimí a fhágáil gan úinéireacht. Leis na huirlisí sin, ba cheart tuilleadh cuntasachta a áirithiú i measc chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm bhainistíochta, bainistíochta sinsearaí agus sealbhóirí príomhfheidhme. Ina theannta sin, i gcás ina measann na Ballstáit go bhfuil gá leis, ba cheart dóibh a bheith in ann ceanglais níos déine a ghlacadh nó a choimeád ar bun le haghaidh na n-uirlisí sin. |
|
(55) |
Níor cheart an ceanglas maidir le cistí dílse breise arna leagan síos ag údarás inniúil institiúide i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca luamhánaithe iomarcaigh a mhéadú mar thoradh ar an institiúid a bheith ag teacht faoi cheangal ag an íosráta aschuir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceteris paribus. Ina theannta sin, nuair a bheidh an institiúid ag teacht faoi cheangal ag an íosráta aschuir, ba cheart don údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglas cistí dílse breise na hinstitiúide sin agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar cibé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais sin cumhdaithe go hiomlán cheana féin ó tharla go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosráta aschuir agus a mhéid atá na ceanglais sin cumhdaithe go hiomlán. I gcás inarb amhlaidh, ba cheart a mheas go bhfuil forluí ag ceanglas cístí dílse breise na hinstitiúide leis na rioscaí a ghabhtar leis an íosráta aschuir i gceanglas cístí dílse na hinstitiúide agus, dá réir sin, ba cheart don údarás inniúil an ceanglas sin a laghdú a mhéid is gá chun deireadh a chur le haon fhorluí mar sin fad agus a bheidh an institiúid faoi cheangal ag an íosráta aschuir. |
|
(56) |
Ar an gcuma chéanna, maidir le méid ainmniúil chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bhíonn ag institiúid a cheanglaítear faoin maolán um riosca sistéamach agus faoi mhaolán O-SII, nuair a thiocfaidh sé sin faoi cheangal ag an íosráta aschuir, d’fhéadfaí sin a mhéadú cé nár tháinig méadú comhfhreagrach ar na rioscaí macrastuamachta nó sistéamacha a bhaineann leis an institiúid. Sna cásanna sin, ba cheart d’údarás inniúil na hinstitiúide nó d’údarás ainmnithe na hinstitiúide athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrúchán rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach agus a áirithiú go leanfaidh siad de bheith iomchuí agus nach ndéanfar áireamh dúbailte leo ar na rioscaí a chumhdaítear cheana de bhua go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosráta aschuir. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh chomh minic céanna agus a dhéantar an t-athbhreithniú ar na maoláin, ar rud é a dhéantar go bliantúil don mhaolán O-SII agus gach 2 bhliain don mhaolán um riosca sistéamach. Mar sin féin, ba cheart d’údarás inniúil na hinstitiúide nó d’údarás ainmnithe na hinstitiúide a bheith in ann calabrú na maolán a choigeartú ar bhonn níos minice. |
|
(57) |
Chun gur féidir an maolán um riosca sistéamach a ghníomhachtú ar bhealach tráthúil éifeachtach, is gá cur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha a shoiléiriú agus na nósanna imeachta is infheidhme a shimpliú agus a ailíniú. Ba cheart d’údaráis ainmnithe sna Ballstáit uile a bheith in ann maolán um riosca sistéamach a shocrú chun a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha ar bhealach tráthúil, comhréireach agus éifeachtach agus chun gur féidir rátaí maoláin um riosca sistéamach arna socrú ag údaráis i mBallstáit eile a aithint. Le go bhféadfadh údarás ráta maoláin um riosca sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile a aithint, níor cheart go mbeadh ag teastáil ach fógra ón údarás atá ag aithint an ráta. Chun nósanna imeachta údarúcháin neamhriachtanacha a sheachaint i gcás ina dtagann laghdú as an gcinneadh maidir le ráta maoláin a shocrú nó i gcás nach dtagann aon athrú ó na rátaí a socraíodh roimhe sin as an gcinneadh sin, is gá an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 131(15) de Threoir 2013/36/AE a ailíniú leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 133(9) den Treoir sin. Ba cheart na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 133(11) agus (12) den Treoir sin a shoiléiriú agus iad a dhéanamh níos comhsheasmhaí leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le rátaí maoláin eile um riosca sistéamach, i gcás inarb ábhartha. |
|
(58) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh i dtaca leis an tarscaoileadh chun gnólachtaí infheistíochta a údarú mar institiúidí creidmheasa, leis an liosta den fhaisnéis íosta atá le soláthar chun measúnú a dhéanamh ar oibríochtaí ábharacha, leis an bpróiseas chun measúnú a dhéanamh ar oibríochtaí ábharacha, leis na socruithe áirithinte le haghaidh brainsí tríú tír, leis an sásra um chomhar agus le feidhmiú coláistí maoirseoirí, le coincheap neamhchosaintí ar riosca mainneachtana atá ábharach i ndearbhthéarmaí agus le tairseacha le haghaidh líonta móra contrapháirtithe ábharacha agus suíomhanna in ionstraimí fiachais trádáilte nó cothromais trádáilte de chuid eisitheoirí éagsúla, agus le hinneachar íosta an cheistneora oiriúnachta, curricula vitae agus an mheasúnaithe inmheánaigh ar oiriúnacht. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. |
|
(59) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh maidir leis na formáidí agus na sainmhínithe aonfhoirmeacha chun tuairisciú a dhéanamh ar máthairghnóthas idirmheánach; an próiseas comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla maidir le sealúchas cáilitheach a fháil; an próiseas comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla i ndáil le cumasc nó deighilt; an fhaisnéis rialála agus airgeadais maidir le brainsí tríú tír agus maidir le ceannghnóthais. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. |
|
(60) |
Agus caighdeáin theicniúla agus treoirlínte á ndréachtú agus nuair a bheidh freagra á thabhairt ar cheisteanna a bhaineann lena gcur i bhfeidhm praiticiúil nó lena gcur chun feidhme praiticiúil, ba cheart do ÚBE aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta na caighdeáin agus na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm freisin gan iarracht mhíchuí. |
|
(61) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(62) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2013/36/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an saineolas, na hacmhainní, an acmhainn oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla chun feidhmeanna a bhaineann le maoirseacht stuamachta agus imscrúduithe a dhéanamh agus go bhfuil na cumhachtaí is gá acu chun na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus pionóis a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhorchur.’ |
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4a Neamhspleáchas maoirseachta na n-údarás inniúil 1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil” daoine nádúrtha atá mar chuid de chomhlacht cinnteoireachta comhchoitinne is sinsearaí an údaráis inniúil agus a bhfuil sé de chumhacht acu feidhmeanna feidhmiúcháin a fheidhmiú maidir le bainistiú laethúil fheidhm mhaoirseachta an údaráis inniúil, seachas gobharnóirí banc ceannais náisiúnta. 2. Chun neamhspleáchas na n-údarás inniúil i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a chaomhnú, soláthróidh na Ballstáit na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais, a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go neamhspleách agus go hoibiachtúil, gan treoracha a lorg nó a ghlacadh ó institiúidí atá faoi mhaoirseacht, ó aon chomhlacht de chuid an Aontais nó ó rialtas aon Bhallstáit nó ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhlachtaí rialachais na n-údarás inniúil neamhspleách ó thaobh feidhme de ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha eile. Ní dochar na socruithe sin do na socruithe faoin dlí náisiúnta trína bhfuil údaráis inniúla faoi réir cuntasacht phoiblí agus dhaonlathach. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfanfaidh aon chomhalta de chomhlacht rialachais údaráis inniúil a cheapfar tar éis 11 Eanáir 2026 in oifig ar feadh tréimhse is faide ná 14 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfar comhaltaí de chomhlacht rialachais údaráis inniúil ar bhonn critéar foilsithe atá oibiachtúil agus trédhearcach agus go bhféadfar na comhaltaí sin a bhriseadh as a bpost mura gcomhlíonfaidh siad na critéir cheapacháin a thuilleadh nó más rud é go gciontófar iad i gcion coiriúil tromchúiseach. Beidh na cúiseanna leis an dífhostú foilsithe go poiblí mura gcuirfidh comhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil lena mbaineann in aghaidh an fhoilsithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla a gcuspóirí, go mbeidh siad freagrach as a ndualgais a chomhlíonadh i ndáil leis na cuspóirí sin agus go mbeidh siad faoi réir rialú airgeadais ar bhealach nach ndéanann difear dá neamhspleáchas. Ní dochar an mhír seo do chearta agus oibleagáidí údarás inniúil de bhun na gcóras idirnáisiúnta nó Eorpach um maoirseacht airgeadais, go háirithe an córas Eorpach um maoirseacht airgeadais arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (*3), an sásra aonair maoirseachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (*4) agus Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (*5), agus an Sásra Réitigh Aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6). 3. Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun coinbhleachtaí leasa a mball foirne agus chomhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a chosc. Chun na críche sin, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha atá comhréireach le ról agus freagrachtaí na mball foirne agus chomhaltaí comhlachtaí rialachais, agus a chuirfidh cosc orthu, ar a laghad, an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointí (a)(i) agus (ii), ach amháin i gcás nach n-infheistíonn na tríú páirtithe agus na gnóthais chomhinfheistíochta den chuid is mó in ionstraimí arna n-eisiúint ag na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó a thagraíonn dóibh. 4. Tosóidh an tréimhse mharana ón dáta ar scoireadh den rannpháirtíocht dhíreach i maoirseacht na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i). Áiritheoidh na húdaráis inniúla nach mbeidh aon rochtain ag a mbaill foirne ná ag comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais ar fhaisnéis rúnda nó íogair a bhaineann leis na heintitis sin le linn na tréimhse marana. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointí (b)(i) agus (ii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 6 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar eintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i), agus ní bheidh sé níos lú ná 12 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(iii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil araon. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a bhfuil feidhm ag mír 3, pointe (b)(i), maidir leo a chur faoi réir tréimhse mharana i gcás ina bhfostaíonn iomaitheoirí díreacha ceann de na heintitis dá dtagraítear sa phointe sin iad. Chun na gcríoch sin, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar na hinstitiúidí sin agus ní bheidh sé níos lú ná 6 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil. 5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla tréimhsí marana níos giorra de 3 mhí ar a laghad a chur i bhfeidhm maidir leis na baill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le maoirseacht ar institiúidí ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le tréimhse mharana níos faide:
6. Beidh baill foirne agus comhaltaí de chomhlacht rialachais údaráis inniúil atá faoi réir an toirmisc dá bhforáiltear i mír 3, pointe (b), i dteideal cúiteamh iomchuí a fháil as an toirmeasc sin. Cinnfidh na Ballstáit foirm iomchuí an chúitimh sin. 7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil faoi réir dearbhú leasa. Áireofar sa dearbhú sin faisnéis faoi shealúchais an chomhalta i bhfoirm stoc, cothromais, bannaí, cistí frithpháirteacha, cistí infheistíochta, cistí de chineál measctha, cistí fálaithe agus cistí arna dtrádáil ar an malartán, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis imní maidir le coinbhleacht leasa. Cuirfidh na daoine lena mbaineann an dearbhú leasa isteach sula gceapfar iad, agus cuirfidh siad isteach é ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Ní dochar an dearbhú leasa d’aon cheanglas dearbhú rachmais a thíolacadh faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme. 8. I gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais ag ball foirne nó comhalta de chuid chomhlacht rialachais an údaráis inniúil, tráth a bhfostaithe nó a gceaptha nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, ar ionstraimí airgeadais iad a bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh orthu, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil a chur de cheangal ar bhonn cás ar chás go ndéanfaí na hionstraimí sin a dhíol nó a dhiúscairt laistigh de thréimhse réasúnach ama. Beidh sé de chumhacht freisin ag na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, cead a thabhairt do na comhaltaí sin ionstraimí airgeadais a dhíol nó a dhiúscairt ar leo iad tráth a bhfostaithe nó a gceaptha. 9. Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go comhréireach, déanfaidh ÚBE, faoin 10 Iúil 2026 treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla, maidir le coinbhleachtaí leasa in údaráis inniúla a chosc agus maidir lena neamhspleáchas, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh. (*3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12)." (*4) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)." (*5) Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat le haghaidh comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe (Rialachán maidir le Creat SAM) (ECB/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1)." (*6) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).’;" |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 8a mar seo a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 18, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 21a mar a leanas:
|
|
(8) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 21b: ‘6a. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na formáidí aonfhoirmeacha agus na sainmhínithe aonfhoirmeacha, agus forbróidh sé na réitigh TF atá le cur i bhfeidhm san Aontas chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a thuairisciú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’ |
|
(9) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 21c Ceanglas brainse a bhunú le haghaidh seirbhísí baincéireachta a sholáthraíonn gnóthais tríú tír 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais atá bunaithe i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 47 brainse a bhunú ar a gcríoch agus iarratas a dhéanamh ar údarú i gcomhréir le Teideal VI chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a dhéanamh sa Bhallstát ábhartha nó leanúint díobh ann. 2. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina soláthraíonn an gnóthas atá bunaithe i dtríú tír seirbhís nó gníomhaíocht do chliant nó contrapháirtí atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, cliant nó contrapháirtí arb ionann agus an méid seo a leanas:
Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (c), i gcás ina ndéanann gnóthas tríú tír cliant nó contrapháirtí, nó cliant nó contrapháirtí ionchasach, dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin, trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann féin nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnóthas tríú tír sin nó trí aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an ghnóthais sin, ní mheasfar gur seirbhís í a sholáthraítear ar a thionscnamh eisiach féin an chliaint ná an chontrapháirtí, ná an chliaint ionchasaigh ná an chontrapháirtí ionchasaigh. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus brainsí atá bunaithe ina gcríoch an fhaisnéis atá de dhíth orthu a sholáthar dóibh chun faireachán a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear ar a thionscnamh eisiach féin an chliaint nó an chontrapháirtí atá bunaithe nó lonnaithe ina gcríoch i gcás ina soláthraíonn gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha atá mar chuid den ghrúpa céanna seirbhísí den sórt sin. 3. Ní fhágfaidh tionscnamh ó chliant nó contrapháirtí dá dtagraítear i mír 2 go mbeidh an gnóthas tríú tír i dteideal catagóirí eile táirgí, gníomhaíochtaí nó seirbhísí a mhargú seachas na cinn sin a d’iarr an cliant nó an contrapháirtí, ach amháin trí bhrainse tríú tír atá bunaithe i mBallstát. Mar sin féin, ní cheanglófar brainse tríú tír a bhunú le haghaidh aon seirbhísí, gníomhaíochtaí ná táirgí atá riachtanach le haghaidh sholáthar na seirbhíse, an táirge nó na gníomhaíochta a d’iarr an cliant nó an contrapháirtí ar dtús, nó a bhfuil dlúthbhaint acu le soláthar na seirbhíse, an táirge nó na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear na seirbhísí, gníomhaíochtaí nó táirgí sin tar éis iad siúd a iarradh ar dtús. 4. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le seirbhísí ná gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, lena n-áirítear aon seirbhísí coimhdeacha cabhracha, mar shampla taisce ghaolmhar a ghlacadh nó creidmheas nó iasachtaí a dheonú arb é is cuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar faoin Treoir sin. 5. Chun cearta faighte atá ag cliaint a chaomhnú faoi chonarthaí atá ann cheana, ní dochar an ceanglas a leagtar síos i mír 1 do chonarthaí atá ann cheana agus a rinneadh roimh an 11 Iúil 2026. 6. Faoin 10 Iúil 2025, déanfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus ESMA, athbhreithniú ar cheart aon eintiteas den earnáil airgeadais sa bhreis ar institiúidí creidmheasa a dhíolmhú ón gceanglas brainse a bhunú le haghaidh seirbhísí baincéireachta arna soláthar ag gnóthais tríú tír i gcomhréir leis an Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ina leith sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais agus an tionchar ar iomaíochas an Aontais. Bunaithe ar an tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’ |
|
(10) |
in Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Admhóidh údaráis inniúla, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra faoi mhír 1 nó aon fhaisnéis bhreise faoi mhír 3 go pras agus in aon chás laghad laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis a fháil.’ ; |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(12) |
i dTeideal III, cuirtear na caibidlí seo a leanas leis: ‘CAIBIDIL 3 SEALÚCHAS ÁBHARACH A FHÁIL NÓ A DHÍFHEISTIÚ Airteagal 27a Fógra a thabhairt faoin éadáil agus measúnú a dhéanamh air 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) (“an faighteoir féideartha”) fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil i scríbhinn roimh ré i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu sealúchas ábharach a fháil, go díreach nó go hindíreach (“an éadáil atá á beartú”). Tabharfar le fios san fhógra méid na héadála atá á beartú agus an fhaisnéis ábhartha, mar a shonraítear in Airteagal 27b(5). 2. Chun críocha mhír 1, measfar sealúchas a bheith ábharach i gcás inarb ionann é agus 15 % a laghad, nó níos mó, de chaipiteal incháilithe an fhaighteora fhéideartha. 3. Chun críocha mhír 1, i gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha, beidh feidhm ag an tairseach dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa araon. I gcás nach sáraítear an tairseach dá dtagraítear i mír 2 ach ar bhonn aonair, tabharfaidh an faighteoir féideartha fógra don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin measúnú ar an éadáil atá á beartú. I gcás ina sáraítear an tairseach sin ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa, tabharfaidh an ceannaitheoir féideartha fógra don mhaoirseoir comhdhlúthaithe freisin. Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe sin measúnú ar an éadáil atá á beartú freisin. 4. I gcás inar cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) é an faighteoir féideartha, beidh feidhm ag an tairseach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn an cháis chomhdhlúite, agus is é an maoirseoir comhdhlúthaithe a bheidh ina údarás inniúil chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. 5. Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhaisnéis bhreise i gcomhréir le mír 9 agus in aon cháslaistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis bhreise a fháil. 6. Beidh 60 lá oibre ag an údarás inniúil ón dáta a admhaítear an fógra i scríbhinn agus ón dáta a fhaightear na doiciméid uile, lena n-áirítear na doiciméid sin a cheanglaíonn an Ballstát a chur leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27b(5) (“an tréimhse mheasúnaithe”) chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a dhéanamh. I gcás ina mbaineann an éadáil atá á beartú le sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), beidh an faighteoir féideartha fós faoi réir an cheanglais fógra a thabhairt agus faoi réir an mheasúnaithe faoin Airteagal sin freisin. Sa chás sin, an t-am don údarás inniúil chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 22(2) araon a dhéanamh, ní rachaidh sé in éag ach amháin nuair a rachaidh an measúnú is déanaí den dá thréimhse mheasúnaithe ábhartha in éag. 7. I gcás inar idir eintitis den ghrúpa céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó idir eintitis laistigh den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán sin atá an éadáil sealúchais ábharaigh atá á beartú le déanamh, ní cheanglófar ar an údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) den Treoir seo a dhéanamh. 8. Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir féideartha ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn sé go bhfuil an fógra faighte dá dtagraítear i mír 5. 9. Féadfaidh an t-údarás inniúil, le linn na tréimhse measúnaithe, i gcás inar gá, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnaithe, faisnéis bhreise a iarraidh, ar faisnéis í is gá chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a dhéanamh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti. 10. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí idir an dáta a iarrann an t-údarás inniúil an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ón bhfaighteoir féideartha ar an iarraidh, freagra ina soláthrófar an fhaisnéis ar fad a iarradh. Ní bheidh an fhionraí sin níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise a soláthraíodh ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr. 11. Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre ar a mhéid a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 10 sna cásanna seo a leanas:
12. I gcás ina ndéantar an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) i gcomhthráth leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1), déanfaidh an t-údarás inniúil, chun críocha Airteagal 21a(1), de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthúcháin agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21a curtha i gcrích. 13. I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh chun cur i gcoinne na héadála atá á beartú, cuirfidh sé an faighteoir féideartha ar an eolas faoi i scríbhinn, agus na cúiseanna a bhí aige lena chur i gcoinne á soláthar, laistigh de 2 lá oibre ón measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a chríochnú agus roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe. 14. I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála atá á beartú i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an ceannach atá á bheartú a bheith formheasta. 15. Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil atá á beartú a dhéanamh agus síneadh a chur léi, i gcás inarb iomchuí. Airteagal 27b Critéir mheasúnaithe 1. Agus measúnú á dhéanamh acu ar an bhfógra faoin éadáil atá á beartú dá bhforáiltear in Airteagal 27a(1) agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(9), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar a ionchasaí atá sé go ndéanfaidh an faighteoir féideartha bainistíocht fhónta stuama agus, go háirithe, ar na rioscaí a bhfuil an faighteoir féideartha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu tar éis na héadála atá á beartú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
2. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle, i gcomhthéacs a fhíoraithe, leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfaighteoir féideartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. 3. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil cur i gcoinne na héadála atá á beartú ach amháin má tá forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó mura bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an faighteoir féideartha críochnúil, d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27a(9). Chun críocha na míre seo agus maidir leis an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla tuairim dhiúltach ó na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfaighteoir féideartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, tuairim a gheobhaidh na húdaráis inniúla laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh tosaigh, a chur san áireamh go cuí agus measúnú á dhéanamh acu ar an éadáil atá á beartú, agus féadfaidh sí a bheith ina foras réasúnta le cur i gcoinne. 4. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal na héadála atá á beartú ná ní cheadóidh siad don údarás inniúil an éadáil atá á beartú a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh. 5. Foilseoidh na Ballstáit liosta den fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh. Soláthróidh an faighteoir féideartha an fhaisnéis sin don údarás inniúil tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(1). Beidh an fhaisnéis is gá comhréireach agus iomchuí do chineál na héadála atá á beartú. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta faoin Airteagal seo. 6. Gan dochar d’Airteagal 27a(5) go (11), i gcás ina dtugtar fógra faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais ábharacha san eintiteas céanna a fháil, caithfidh an t-údarás inniúil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach leis na faighteoirí féideartha. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh ÚBE Teideal II de Threoir (AE) 2017/1132 san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 27c Comhar idir údaráis inniúla 1. Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile lena mbaineann san earnáil airgeadais agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) i gcás ina mbaineann ceann de na nithe seo a leanas leis an éadáil atá á beartú:
2. I gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha agus nach sáraítear an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 27a(2) ach ar bhonn aonair, tabharfaidh an t-údarás inniúil a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú fógra don mhaoirseoir comhdhlúthaithe faoin éadáil atá á beartú laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an fógra a fháil ón bhfaighteoir féideartha, más cuid de ghrúpa é an faighteoir féideartha agus más rud é nach ionann an t-údarás inniúil agus an maoirseoir comhdhlúthaithe. Cuirfidh an t-údarás inniúil a mheasúnú ar aghaidh chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe freisin. I gcás inar cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) é an faighteoir féideartha, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú fógra don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe maidir leis an éadáil atá á beartú laistigh de 10 lá oibre tar éis don fhaighteoir féideartha an fógra a fháil, murab ionann an t-údarás inniúil sin agus an maoirseoir comhdhlúthaithe. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a mheasúnú ar aghaidh chuig an údarás inniúil sin freisin. I gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha agus ina sáraítear an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 27a(2) ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa, féachfaidh an t-údarás inniúil agus an maoirseoir comhdhlúthaithe a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú lena measúnuithe a chomhordú, go háirithe maidir lena gcomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 3. I gcás inar gá gurb é an maoirseoir comhdhlúthaithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(3) a dhéanfaidh an measúnú ar an éadáil atá á beartú, agus nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe, oibreoidh an dá údarás i gcomhairle iomlán le chéile. Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú ar an éadáil atá á beartú agus cuirfidh sé an measúnú sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe. Déanfaidh an dá údarás gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón dáta a bhfaightear an measúnú sin. Déanfar an cinneadh comhpháirteach sin a dhoiciméadú agus a réasúnú go cuí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh comhpháirteach sin in iúl don fhaighteoir féideartha. I gcás nach ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón measúnú a bheith faighte, staonfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe ó chinneadh a dhéanamh agus tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tarchur a bheith faighte ag ÚBE. Déanfaidh na húdaráis lena mbaineann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. 4. Aon fhaisnéis atá riachtanach nó atá ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe, soláthróidh na húdaráis inniúla dá chéile í gan aon mhoill. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a gcinntí a áirithiú. Chuige sin, léireofar sa chinneadh ón údarás inniúil atá freagrach as an measúnú aon tuairimí nó forchoimeádais a chuir údaráis inniúla ábhartha eile in iúl. 5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta agus foirmeacha a bhunú agus forbróidh sé teimpléid le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 27d Dífheistiú a fhógairt Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1), fógra a thabhairt don údarás inniúil i gcás ina bhfuil sé ar intinn acu sealúchas ábharach, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27a(2), a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach. Tabharfar an fógra sin i scríbhinn roimh an dífheistiú agus méid an tsealúchais lena mbaineann á tabhairt le fios. Airteagal 27e Oibleagáidí faisnéise agus pionóis I gcás nach dtugann an faighteoir féideartha fógra roimh ré faoin éadáil atá á beartú i gcomhréir le hAirteagal 27a(1) nó i gcás inar fuair sé sealúchas ábharach dá dtagraítear san Airteagal sin d’ainneoin chur i gcoinne an údaráis inniúil, ceanglóidh na Ballstáit ar an údarás inniúil bearta iomchuí a dhéanamh. I gcás ina bhfaightear sealúchas ábharach d’ainneoin chur i gcoinne an údaráis inniúil, forálfaidh na Ballstáit, gan dochar d’aon phionóis a d’fhéadfadh a bheith ann, go ndéanfar feidhmiú na gceart vótála comhfhreagrach a chur ar fionraí nó go ndéanfar na vótaí a caitheadh a dhearbhú ar neamhní. CAIBIDIL 4 AISTRITHE ÁBHARACHA SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAS Airteagal 27f Fógra a thabhairt faoi aistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil i scríbhinn roimh aon aistriú ábharach sócmhainní nó dliteanas a dhéanann siad, bíodh sé trí dhíolachán nó trí aon chineál eile idirbhirt (“an oibríocht atá á beartú”). I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le heintitis ón ngrúpa céanna, beidh na heintitis sin faoi réir na chéad fhomhíre freisin. Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh gach ceann de na heintitis atá páirteach san oibríocht chéanna atá á beartú faoi réir na hoibleagáide chun fógra a thabhairt a leagtar amach iontu ar bhonn aonair. 2. Chun críocha mhír 1, measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 10 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána, mura rud é go ndéanfar an oibríocht atá á beartú idir dhá eintiteas sa ghrúpa céanna, agus sa chás sin measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 15 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na céatadáin ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Ní chuirfear an méid seo a leanas san áireamh chun na céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh:
3. Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra faoi mhír 1 go pras agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra a fháil. Airteagal 27g Oibleagáidí faisnéise agus pionóis I gcás ina dteipeann ar na heintitis fógra a thabhairt roimh ré faoin oibríocht atá á beartú i gcomhréir le hAirteagal 27f(1), ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla bearta iomchuí a dhéanamh. CAIBIDIL 5 CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ Airteagal 27h Raon feidhme agus sainmhínithe Ní dochar an Chaibidil seo do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (*10) ná do chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/1132. Cumaisc agus deighiltí de thoradh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE, ní bheidh siad faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Airteagal 27i Fógra a thabhairt faoin gcumasc nó faoin deighilt agus measúnú a dhéanamh air nó uirthi 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) (“na geallsealbhóirí airgeadais”) a dhéanann cumasc nó deighilt (“an oibríocht atá á beartú”), fógra a thabhairt, tar éis dréacht-téarmaí na hoibríochta atá á beartú a bheith glactha agus roimh an oibríocht atá á beartú a bheith curtha i gcrích, don údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis a thiocfaidh as an oibríocht sin atá á beartú, agus an fhaisnéis ábhartha á léiriú, mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 27j(5). Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás inarb é atá san oibríocht atá á beartú deighilt, is é an t-údarás inniúil atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas a dhéanann an oibríocht atá á beartú an t-údarás inniúil a bhfuil fógra le tabhairt dó agus atá i gceannas ar an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1). 2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb éard atá san oibríocht atá á beartú cumasc nach mbaineann ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, lena n-áirítear grúpa institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach agus a ndéantar maoirseacht air mar ghrúpa, ní cheanglófar ar an údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a dhéanamh. 3. Ní dhéanfar an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) i gcás nach mór údarú i gcomhréir le hAirteagal 8, nó formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a a bheith ag an oibríocht atá á beartú. 4. Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó an fhaisnéis bhreise a chuirtear faoina bhráid i gcomhréir le mír 5 go pras agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis bhreise a fháil. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, beidh 60 lá oibre ag an údarás inniúil ón dáta a admhaítear i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus ó na doiciméid uile a fháil a éilíonn an Ballstát a chur leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27j(5) (“an tréimhse mheasúnaithe”), chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás inniúil na geallsealbhóirí airgeadais ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn sé go bhfuil an fógra faighte. 5. Féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a chur i gcrích. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise a iarraidh tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre sa tréimhse mheasúnaithe. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí idir an dáta a iarrann an t-údarás inniúil an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ó na geallsealbhóirí airgeadais ar an iarraidh, lena soláthraítear an fhaisnéis ar fad a iarradh. Ní bheidh an fhionraí sin níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise a soláthraíodh ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr. 6. Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 5, an tríú fomhír, sna cásanna seo a leanas:
7. Ní chuirfear an oibríocht atá á beartú i gcrích sula mbeidh tuairim dhearfach eisithe ag an údarás inniúil. 8. Laistigh de 2 lá oibre tar éis a mheasúnú a chríochnú, eiseoidh an t-údarás inniúil tuairim réasúnaithe dhearfach nó dhiúltach i scríbhinn chuig na geallsealbhóirí airgeadais. Tarchuirfidh na geallsealbhóirí airgeadais an tuairim réasúnaithe sin chuig na húdaráis atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as grinnscrúdú a dhéanamh ar an oibríocht atá á beartú. 9. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna agus nach gcuireann an t-údarás inniúil i gcoinne na hoibríochta atá á beartú i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an tuairim a bheith dearfach. 10. Féadfar foráil a dhéanamh sa tuairim dhearfach réasúnaithe arna heisiúint ag an údarás inniúil do thréimhse theoranta ina mbeidh an oibríocht atá á beartú le déanamh. Airteagal 27j Critéir an mheasúnaithe 1. Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27i(1) faoin oibríocht atá á beartú agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27i(5), chun fóntacht phróifíl stuamachta na ngeallsealbhóirí airgeadais a áirithiú tar éis an oibríocht atá á beartú a bheith curtha i gcrích agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil na geallsealbhóirí airgeadais neamhchosanta orthu nó na rioscaí a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu le linn na hoibríochta atá á beartú agus na rioscaí atá mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú a bhféadfadh an t-eintiteas a bheith neamhchosanta orthu, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an oibríocht atá á beartú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
Beidh an plean cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d) faoi réir faireachán iomchuí arna dhéanamh ag an údarás inniúil go dtí go dtabharfar an oibríocht atá á beartú i gcrích. 2. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle, i gcomhthéacs a fhíoraithe, leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na geallsealbhóirí airgeadais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. 3. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúla tuairim dhiúltach maidir leis an oibríocht atá á beartú a eisiúint ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an geallsealbhóir airgeadais neamhiomlán d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27i(5). Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, tuairim dhiúltach ó na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na geallsealbhóirí airgeadais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, arna fáil ag an údarás inniúil laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh tosaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil í a chur san áireamh go cuí agus measúnú á dhéanamh acu ar an oibríocht atá á beartú, agus féadfaidh sí a bheith ina foras réasúnach le haghaidh tuairim dhiúltach, mar a thagraítear dó sin sa chéad fhomhír den mhír seo. 4. Ní cheadóidh na Ballstáit d’údaráis inniúla an oibríocht atá á beartú a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh. 5. Foilseoidh na Ballstáit liosta den fhaisnéis is gá chun an measúnú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh. Soláthróidh na geallsealbhóirí airgeadais an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27i(1). An fhaisnéis is gá, beidh sí comhréireach agus iomchuí do chineál na hoibríochta atá á beartú. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta faoin Airteagal seo. Airteagal 27k Comhar idir na húdaráis inniúla 1. Agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1), rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile san earnáil airgeadais lena mbaineann i gcás ina mbaineann an oibríocht atá á beartú, sa bhreis ar na geallsealbhóirí airgeadais, le heintitis ar ceann ar bith díobh seo a leanas iad:
2. Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, dá chéile aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin dóibh nó ar a dtionscnamh féin. Aon dearcadh nó forchoimeádas a chuireann an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar cheann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i mír 1 in iúl, tabharfar le fios é i dtuairim ó údarás inniúil geallsealbhóra airgeadais. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a dtuairimí a áirithiú. 3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta agus foirmeacha comhchoiteanna a bhunú, agus forbróidh sé teimpléid le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo. Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh ÚBE Teideal II de Threoir (AE) 2017/1132 san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 27l Oibleagáidí faisnéise agus pionóis I gcás nach dtugann na geallsealbhóirí airgeadais fógra roimh ré faoin oibríocht atá á beartú i gcomhréir le hAirteagal 27i(1) nó i gcás go ndearna siad an oibríocht atá á beartú dá dtagraítear san Airteagal sin gan tuairim dhearfach a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla, ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla bearta iomchuí a dhéanamh. (*9) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29)." (*10) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).’;" |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal VI: ‘TEIDEAL VI MAOIRSEACHT STUAMACHTA A DHÉANAMH AR BHRAINSÍ TRÍÚ TÍR AGUS CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA CAIBIDIL 1 MAOIRSEACHT STUAMACHTA A DHÉANAMH AR BHRAINSÍ TRÍÚ TÍR ROINN I Forálacha ginearálta Airteagal 47 Raon feidhme agus sainmhínithe 1. Leagtar síos sa Chaibidil seo na híoscheanglais a ghabhann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith á ndéanamh ag brainse tríú tír i mBallstát:
2. I gcás ina soláthraíonn gnóthas atá bunaithe i dtríú tír gníomhaíochtaí agus seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus aon seirbhísí coimhdeacha cabhracha, amhail glacadh gaolmhar taiscí nó deonú creidmheasa nó iasachtaí arb é is cuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar faoin Treoir sin, ní áireofar an gnóthas sin faoi raon feidhme mhír 1 den Airteagal seo. 3. Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Airteagal 48 Idirdhealú a thoirmeasc Maidir le brainsí tríú tír, agus iad ag tosú ar a ngnó a dhéanamh nó ag leanúint dá ngnó a dhéanamh, ní chuirfidh na Ballstáit forálacha i bhfeidhm maidir leo a bheidh ina siocair le láimhseáil níos fabhraí ná an láimhseáil a thugtar do bhrainsí institiúidí a bhfuil a gceannoifig acu i mBallstát eile. Airteagal 48a Brainsí tríú tír a aicmiú 1. Aicmeoidh na Ballstáit brainsí tríú tír mar aicme 1 i gcás ina gcomhlíonann na brainsí sin aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Aicmeoidh na Ballstáit brainsí tríú tír nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 mar aicme 2. 3. Nuashonróidh na húdaráis inniúla aicmiú na mbrainsí tríú tír mar seo a leanas:
4. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna n-údarú faoin Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhrainsí tríú tír a údaraítear ina gcríoch, nó ar chatagóirí áirithe díobh, in ionad na gceanglas a leagtar amach sa Teideal seo. I gcás nach bhfuil feidhm ag an láimhseáil a leagtar síos sa mhír seo ach amháin maidir le catagóirí áirithe brainsí tríú tír, leagfaidh na Ballstáit amach na critéir aicmithe ábhartha chun críocha na cóireála sin. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir leis na brainsí tríú tír sin, ach amháin chun críocha Airteagal 48p. Airteagal 48b Coinníollacha le haghaidh brainsí tríú tír cáilitheacha 1. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas maidir le brainse tríú tír, measfar gur brainse tríú tír cáilitheach é an brainse sin chun críocha an Teidil seo:
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le cibé acu a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo i ndáil le creat rialála baincéireachta tríú tír nó nach gcomhlíontar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 147(2). 3. Sula nglactar an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ÚBE a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun measúnú a dhéanamh ar chreat rialála baincéireachta agus ceanglais rúndachta an tríú tír ábhartha agus tuarascáil a eisiúint maidir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ag an gcreat agus na ceanglais sin. Foilseoidh ÚBE toradh an mheasúnaithe ar a shuíomh gréasáin. 4. Coimeádfaidh ÚBE clár poiblí de na tríú tíortha agus na húdaráis tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1. 5. Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 48c, déanfaidh sé measúnú ar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 48a chun an brainse tríú tír a aicmiú mar aicme 1 nó mar aicme 2. I gcás nach luaitear an tríú tír ábhartha sa chlár poiblí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chreat rialála baincéireachta agus ceanglais rúndachta an tríú tír chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo. Aicmeoidh an t-údarás inniúil an brainse tríú tír mar aicme 1, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. ROINN II Ceanglais údarúcháin agus rialála
Airteagal 48c Coinníollacha íosta le haghaidh brainsí tríú tír a údarú 1. Éileoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 21c, go mbunóidh gnóthais tríú tír brainse ar a gcríoch sula dtosaíonn siad na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) nó sula leanann siad díobh. Beidh bunú brainse tríú tír faoi réir réamhúdarú i gcomhréir leis an gCaibidil seo. 2. Féachfaidh na húdaráis inniúla le comhaontuithe riaracháin nó socruithe eile a thabhairt i gcrích le húdaráis inniúla ábhartha tríú tír sula gcuirfidh brainse tríú tír tús lena ghníomhaíochtaí sa Bhallstát ábhartha. Beidh na comhaontuithe sin bunaithe ar na socruithe riaracháin samhlacha arna bhforbairt ag ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 33(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina bhfuil brainsí tríú tír faoi réir ceanglais náisiúnta níos déine. Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis faoi aon chomhaontuithe riaracháin nó faoi aon socruithe eile a tugadh i gcrích le húdaráis inniúla tríú tír faoi bhráid ÚBE gan mhoill. 3. Maidir leis na hiarratais ar bhrainsí tríú tír a údarú, éileoidh na Ballstáit go mbeidh clár oibríochtaí ag gabháil leo ina leagtar amach an gnó atá beartaithe, na gníomhaíochtaí atá le déanamh i measc na ngníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus struchtúr eagraíochtúil agus bainistiú riosca an bhrainse sa Bhallstát ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 48g. 4. Ní údarófar brainsí tríú tír ach i gcás ina gcomhlíontar, ar a laghad, na coinníollacha seo a leanas uile:
5. Chun measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 4, pointe (f), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta sa Bhallstát i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus gheobhaidh sé dearbhú i scríbhinn go gcomhlíontar an coinníoll sula n-údarófar an brainse tríú tír. 6. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh go leanfaidh údaruithe brainsí tríú tír arna ndeonú faoin 10 Eanáir 2027 de bheith bailí, ar choinníoll go gcomhlíonann na brainsí tríú tír ar deonaíodh na húdaruithe sin dóibh na híoscheanglais a leagtar síos sa Teideal seo. 7. Déanfaidh ÚBE faireachán ar oibríochtaí idir na brainsí tríú tír den cheannghnóthas céanna atá údaraithe i mBallstáit éagsúla agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach a chinntí faoin 10 Iúil 2028. 8. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
Airteagal 48d Coinníollacha chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar 1. Déanfaidh na Ballstáit foráil, ar a laghad, maidir leis na coinníollacha seo a leanas chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), tabharfaidh brainsí tríú tír fógra dá n-údaráis inniúla go pras i gcás ina dtarlaíonn na himthosca dá dtagraítear sa phointe sin. 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla an t-údarú a dheonaítear do bhrainse tríú tír a tharraingt siar freisin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
3. Chun measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 2, pointe (g), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta sa Bhallstát i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. 4. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta soiléire chun údarú brainse tríú tír a dhiúltú nó a tharraingt siar i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3.
Airteagal 48e Ceanglas maidir le dearlaic chaipitil 1. Gan dochar do na ceanglais chaipitil eile is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír dearlaic íosta chaipitil atá cothrom leis na méideanna seo a leanas ar a laghad a choimeád i gcónaí:
2. Comhlíonfaidh brainsí tríú tír an ceanglas maidir le dearlaic íosta chaipitil dá dtagraítear i mír 1, le sócmhainní i bhfoirm aon cheann díobh seo a leanas:
3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír na hionstraimí dearlaice caipitil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a thaisceadh i gcuntas eascró atá sa Bhallstát ina bhfuil an brainse údaraithe le hinstitiúid creidmheasa nach cuid de ghrúpa a cheannghnóthais nó, i gcás ina gceadaítear faoin dlí náisiúnta é, le banc ceannais an Bhallstáit. Beidh na hionstraimí dearlaice caipitil arna dtaisceadh sa chuntas eascró ar fáil lena n-úsáid chun críocha Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE i gcás réiteach an bhrainse tríú tír agus chun críocha fhoirceannadh an bhrainse tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 4. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an ceanglas a leagtar síos i mír 2, pointe (c), den Airteagal seo a shonrú i ndáil leis na hionstraimí atá ar fáil lena n-úsáid láithreach, gan srian, chun rioscaí nó caillteanais a chumhdach a luaithe a tharlaíonn na rioscaí nó caillteanais sin. Airteagal 48f Ceanglais maidir le leachtacht 1. Gan dochar do na ceanglais eile leachtachta is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír ar a laghad méid sócmhainní neamhualaithe agus leachtacha a choimeád i gcónaí atá leordhóthanach chun eis-sreafaí leachtachta a chumhdach thar íostréimhse 30 lá. 2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 1 an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos i gCuid a Sé, Teideal I, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (*11) a chomhlíonadh. 3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír na sócmhainní leachtacha a choimeádtar chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh a thaisceadh i gcuntas atá sa Bhallstát ina bhfuil an brainse údaraithe le hinstitiúid creidmheasa nach cuid de ghrúpa a cheannghnóthais nó, i gcás ina gceadaítear faoin dlí náisiúnta é, le banc ceannais an Bhallstáit. I gcás ina bhfuil sócmhainní leachtacha fós sa chuntas tar éis iad a chur i bhfeidhm chun eis-sreafaí leachtachta a chumhdach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh na sócmhainní leachtacha sin atá fós ann ar fáil lena n-úsáid chun críocha Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE i gcás réiteach an bhrainse tríú tír agus chun críocha fhoirceannadh an bhrainse tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 4. Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas leachtachta a leagtar síos san Airteagal seo a tharscaoileadh i gcás brainsí tríú tír cáilitheacha. Airteagal 48g Rialachas inmheánach agus bainistiú riosca 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír go mbeidh beirt ar a laghad sa Bhallstát ábhartha agus a ngnó á stiúradh go héifeachtúil a bheidh faoi réir formheas roimh ré ó na húdaráis inniúla. Beidh dea-cháil ar na daoine sin agus beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu agus caithfidh siad a ndóthain ama lena ndualgais a dhéanamh. 2. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 1 Airteagail 74 agus 75, Airteagal 76(5) agus (6), agus Airteagail 92, 94, agus 95 a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír coiste áitiúil bainistíochta a bhunú chun rialachas leordhóthanach an bhrainse a áirithiú. 3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír in aicme 2 Airteagail 74, 75, 92, 94 agus 95 a chomhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe inmheánaigh dá bhforáiltear faoi Airteagal 76(5) agus Airteagal 76(6), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an ceathrú fomhír, a bheith acu. De réir mhéid, eagrúchán inmheánach agus chineál na mbrainsí, agus raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír in aicme 2 ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 76(6), an tríú agus an cúigiú fomhír, a cheapadh. 4. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír línte tuairiscithe chuig comhlacht bainistíochta an cheannghnóthais a bhunú lena gcumhdófar na rioscaí ábharacha uile agus na beartais bainistithe riosca agus athruithe a dhéanfar ar na beartais sin agus ceanglaítear ar na brainsí freisin córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TCF) agus rialuithe leordhóthanacha a bheith acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na beartais go cuí. 5. Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar a socruithe seachfhoinsithe agus a áirithiú go bhfuil rochtain iomlán ag a n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis uile is gá leo chun a bhfeidhm mhaoirseachta a fheidhmiú. 6. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí “droim-le-droim” nó inghrúpa acmhainní leordhóthanacha a bheith acu chun riosca creidmheasa a gcontrapháirtí a shainaithint agus a bhainistiú i gceart i gcás ina n-aistrítear rioscaí ábharacha a bhaineann le sócmhainní arna gclárú ag an mbrainse tríú tír chuig an gcontrapháirtí. 7. I gcás inarb é ceannghnóthas an bhrainse tríú tír a dhéanfaidh feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an bhrainse tríú tír, déanfar na feidhmeanna sin i gcomhréir le socruithe inmheánacha nó le comhaontuithe idirghrúpa. Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír ar an bhfaisnéis uile is gá leo chun a bhfeidhm mhaoirseachta a fheidhmiú. 8. Ceanglóidh údaráis inniúla ar thríú páirtí neamhspleách measúnú a dhéanamh, ar bhonn tráthrialta, ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo agus ar na ceanglais sin a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach ag an mbrainse tríú tír agus tuarascáil a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina mbeidh a thorthaí agus a chonclúidí. 9. Faoin 10 Eanáir 2027, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis na socruithe, na próisis agus na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Treoir seo a chur i bhfeidhm i ndáil le brainsí tríú tír agus Airteagal 74(2) á chur san áireamh agus treoirlínte maidir le hAirteagal 75 agus Airteagal 76(5) agus (6) den Treoir seo a chur i bhfeidhm i ndáil le brainsí tríú tír. Airteagal 48h Ceanglais maidir le clárú 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír leabhar clárúcháin a choimeád lena gcuirtear ar chumas na mbrainsí tríú tír sin rianú a dhéanamh ar na sócmhainní agus ar na dliteanais uile arna gclárú nó arna dtionscnamh ag an mbrainse tríú tír sa Bhallstát agus taifead cuimsitheach cruinn a choimeád ar na sócmhainní agus na dliteanais sin agus iad a bhainistiú go neamhspleách laistigh den bhrainse tríú tír. Soláthrófar an fhaisnéis leordhóthanach uile is gá sa leabhar clárúcháin faoi na rioscaí a ghineann an brainse tríú tír agus faoin gcaoi a mbainistítear na rioscaí sin. 2. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír beartas a fhorbairt agus athbhreithniú agus uasdátú a dhéanamh air go tráthrialta maidir le socruithe clárúcháin le haghaidh bhainistíocht an leabhair clárúcháin dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh comhlacht rialaithe ábhartha an cheannghnóthais an beartas sin a dhoiciméadú agus a fhormheas. Leis an mbeartas tabharfar réasúnaíocht shoiléir le haghaidh na socruithe clárúcháin agus leagfar amach an chaoi a dtagann na socruithe sin le straitéis ghnó an bhrainse tríú tír. 3. Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí tríú tír a áirithiú go n-ullmhófar go tráthrialta tuairim neamhspleách réasúnaithe i scríbhinn maidir le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo agus maidir leis na ceanglais sin a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach agus an tuairim sin ina bhfuil na torthaí agus na conclúidí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. 4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na socruithe clárúcháin a chuirfidh brainsí tríú tír i bhfeidhm chun críocha an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go dtí 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 48i An chumhacht a chur de cheangal go ndéanfaí fochuideachta a bhunú 1 Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar bhrainsí tríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú faoi Theideal III, Caibidil 1, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
Féadfar an chumhacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a úsáid tar éis na bearta in Airteagail 48j nó 48o a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, nó i gcás inar féidir leis an údarás inniúil údar a thabhairt, ar fhorais seachas na forais sin a liostaítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo, nach leor na bearta sin chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní mhaoirseachta ábharacha. 2. Sula bhfeidhmeofar an chumhacht dá dtagraítear i mír 1, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE agus lena húdaráis inniúla an Bhallstáit inar bhunaigh an grúpa tríú tír ábhartha brainsí tríú tír nó fo-institiúidí eile. Chun críocha mhír 1, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 48j á dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla, nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis ainmnithe táscairí iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar an tábhacht shistéamach a bhaineann le brainsí tríú tír san áireamh, lena n-áireofar an méid seo a leanas go háirithe:
Airteagal 48j Measúnú a dhéanamh ar thábhacht shistéamach agus ceanglais ar bhrainsí tríú tír a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo 1. Beidh brainsí tríú tír faoi réir an mheasúnaithe a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil méid comhiomlán sócmhainní san Aontas mar a thuairiscítear i gcomhréir le Foroinn 4 ag na brainsí tríú tír uile san Aontas ar leis an ngrúpa tríú tír céanna iad cothrom le EUR 40 billiún nó níos mó ná sin:
Ní áireofar sa tairseach sócmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír na sócmhainní arna sealbhú ag na brainsí tríú tír maidir le hoibríochtaí margaidh bainc cheannais arna ndéanamh le bainc cheannais CEBC. 2. An t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhrainse tríú tír ar le grúpa tríú tír é i gcás ina bhfuil méid comhiomlán sócmhainní san Aontas ag na brainsí tríú tír uile san Aontas atá cothrom le EUR 40 billiún nó níos mó ná sin, déanfaidh sé measúnú i dtaobh an bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leis an mbrainse tríú tír atá faoina mhaoirseacht agus an bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leis do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó don Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. Chun na gcríoch sin, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird, go háirithe, ar na táscairí tábhachta sistéamaí dá dtagraítear in Airteagail 48i(2) agus 131(3). 3. Mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 2, rachaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás ainmnithe i gcomhairle le ÚBE agus le húdaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil brainsí tríú tír nó fo-institiúidí eile bunaithe ag an ngrúpa tríú tír ábhartha, chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann leis an mbrainse tríú tír ábhartha do Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe. Soláthróidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás ainmnithe a mheasúnú réasúnaithe ar an tábhacht shistéamach a bhaineann leis an mbrainse tríú tír don Aontas nó don Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, soláthróidh sé é do ÚBE agus d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil brainsí nó fo-institiúidí tríú tír bunaithe ag an ngrúpa tríú tír ábhartha. I gcás nach n-aontaíonn na húdaráis inniúla a rachfar i gcomhairle leo leis an measúnú ar thábhacht shistéamach an bhrainse tríú tír, cuirfidh siad an t-údarás inniúil a rinne an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar an eolas laistigh de 10 lá oibre ón measúnú a fháil. Déanfaidh na húdaráis inniúla, le cúnamh ó ÚBE, a ndícheall teacht ar chomhthoil maidir leis an measúnú agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na ceanglais spriocdhírithe dá dtagraítear i mír 4 tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a rinne an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás ainmnithe a agóid. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, déanfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír atá faoi mheasúnú cinneadh ar an measúnú ar thábhacht shistéamach an bhrainse tríú tír agus ar na ceanglais spriocdhírithe dá dtagraítear i mír 4. 4. I gcás inarb iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint, féadfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás ainmnithe an brainse tríú tír a chur faoi réir ceanglais spriocdhírithe lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:
I gcás ina measann an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás ainmnithe, go bhfuil tábhacht shistéamach ag baint le brainse tríú tír, ach go gcinneann sé gan aon cheann de na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo nó in Airteagal 48i a fheidhmiú, tabharfaidh sé fógra réasúnaithe do ÚBE agus d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil brainsí nó fo-institiúidí tríú tír bunaithe ag an ngrúpa tríú tír ábhartha faoin bhfáth ar chinn sé gan na cumhachtaí sin a fheidhmiú. 5. Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, faoin méid seo a leanas:
Airteagal 48k Faisnéis rialála agus airgeadais faoi na brainsí tríú tír agus faoin gceannghnóthas 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír faisnéis a thuairisciú go tréimhsiúil dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid seo a leanas:
Chun an fhaisnéis faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair a thuairisciú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), déanfaidh na brainsí tríú tír na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13) nó prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta is infheidhme sa Bhallstát a chur i bhfeidhm. 2. Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír an fhaisnéis seo a leanas faoina gceannghnóthas a thuairisciú dá n-údaráis inniúla:
3. Ní chuirfidh na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar síos san Airteagal seo cosc ar an údarás inniúil ceanglais bhreise maidir le tuairisciú a fhorchur ar bhrainsí tríú tír i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis an bhfaisnéis bhreise chun léargas cuimsitheach a fháil ar ghnó, ar ghníomhaíochtaí nó ar fhóntacht airgeadais na mbrainsí tríú tír nó a gceannghnóthais, chun a fhíorú go bhfuil an dlí is infheidhme á chomhlíonadh ag na brainsí tríú tír agus a gceannghnóthais agus chun a áirithiú go bhfuil an dlí sin á chomhlíonadh ag na brainsí tríú tír. Airteagal 48l Foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha agus minicíocht an tuairiscithe 1. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí agus sainmhínithe aonfhoirmeacha agus minicíocht an tuairiscithe a shonrú, agus forbróidh sé na réitigh TF a bheidh le cur i bhfeidhm chun críocha Airteagal 48k. Beidh na ceanglais maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 48k comhréireach leis an aicmiú a dhéantar ar bhrainsí tríú tír mar aicme 1 nó aicme 2. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 2. Maidir leis an bhfaisnéis rialála agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 48k, tuairisceoidh brainsí tríú tír in aicme 1 í dhá uair sa bhliain ar a laghad agus tuairisceoidh brainsí tríú tír in aicme 2 í uair amháin sa bhliain ar a laghad. 3. I gcás na gceanglas maidir le faisnéis a thuairisciú faoin gceannghnóthas a leagtar síos in Airteagal 48k(2) le haghaidh na mbrainsí tríú tír cáilitheacha, féadfaidh údarás inniúil na ceanglais sin uile nó cuid díobh a tharscaoileadh ar choinníoll go bhfuil an t-údarás inniúil sin in ann an fhaisnéis ábhartha a fháil go díreach ó údaráis mhaoirseachta an tríú tír ábhartha. ROINN III Maoirseacht Airteagal 48m Maoirseacht ar bhrainsí tríú tír agus an clár scrúdaithe maoirseachta 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla an Roinn seo agus, mutatis mutandis, Teideal VII a chomhlíonadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí tríú tír. 2. Áireoidh na húdaráis inniúla brainsí tríú tír sa chlár scrúdaithe maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 99. Airteagal 48n Próiseas chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an maoirseacht 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann na brainsí tríú tír chun feidhme chun na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir leo faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, chun aon cheanglas breise rialála faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh. 2. Ar bhonn an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht an leor na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann na brainsí tríú tír chun feidhme agus an dearlaic chaipitil agus an leachtacht atá ina seilbh le go ndéanfar bainistíocht fhónta agus cumhdach ar na rioscaí ábharacha agus go bhfuil na brainsí tríú tír inmharthana. 3. Déanfaidh na húdaráis inniúla an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na critéir chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 143(1), pointe (c). Leagfaidh na húdaráis leibhéal minicíochta agus déine síos le haghaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, minicíocht agus déine a bheidh comhréireach leis an aicmiú mar bhrainsí tríú tír in aicme 1 agus aicme 2 agus lena dtabharfar san áireamh na critéir eile atá ábhartha, mar shampla cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na mbrainsí tríú tír. 4. I gcás ina mbíonn forais réasúnta ag na húdaráis inniúla, i ngeall ar athbhreithniú, go háirithe i ngeall ar shocruithe rialachais, ar shamhail ghnó, nó ar ghníomhaíochtaí an bhrainse tríú tír sin, lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun, go raibh sin ar bun, gur féachadh nó go bhfuiltear ag féachaint lena chur ar bun, nó go bhfuil riosca níos mó ann anois go dtarlódh a leithéid sa bhrainse tríú tír atá i gceist, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin méid sin láithreach do ÚBE agus don údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. I gcás ina bhfuil méadú ar an riosca go ndéanfaí sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, rachaidh an t-údarás inniúil agus an t-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 i gcomhairle le chéile agus tabharfaidh siad fógra faoina measúnú comhpháirteach do ÚBE láithreach. Déanfaidh an t-údarás inniúil bearta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an Treoir seo, lena bhféadfaí a áireamh údarú an bhrainse tríú tír a tharraingt siar faoi Airteagal 48d(2), pointe (g), den Treoir seo. 5. Oibreoidh an t-údarás inniúil, an t-aonad um fhaisnéis airgeadais agus an t-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 i ndlúthchomhar le chéile laistigh dá n-inniúlachtaí féin agus malartóidh siad faisnéis le chéile atá ábhartha don Treoir seo, ar choinníoll nach gcuireann an comhar agus an malartú faisnéise sin as d’aon fhiosrúchán, imscrúdú ná imeachtaí leanúnacha de bhun dhlí coiriúil nó riaracháin an Bhallstáit a bhfuil an t-údarás inniúil, an t-aonad um fhaisnéis airgeadais nó an t-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 lonnaithe ann. Féadfaidh ÚBE, ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse tríú tír i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 i gcás ina mbíonn easaontas ann maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta faoin Airteagal seo a chomhordú. Sa chás sin, gníomhóidh ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 6. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), leagfar síos na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa mhír sin ar bhealach atá comhréireach le haicmiú na mbrainsí tríú tír mar aicme 1 nó aicme 2 agus le critéir iomchuí eile, mar shampla cineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Airteagal 48o Bearta agus cumhachtaí maoirseachta 1. Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar na brainsí tríú tír na bearta is gá a dhéanamh ag céim luath chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Chun críocha mhír 1, áireofar le cumhachtaí na n-údarás inniúil ar a laghad an chumhacht chun a cheangal ar na brainsí tríú tír an méid seo a leanas a dhéanamh:
Airteagal 48p Comhar idir na húdaráis inniúla agus coláistí maoirseoirí 1. Na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar bhrainsí tríú tír agus ar fho-institiúidí den ghrúpa céanna tríú tír, comhoibreoidh siad go dlúth le chéile agus roinnfidh siad faisnéis le chéile. Beidh socruithe comhordaithe agus comhair i scríbhinn i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 115. 2. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, beidh brainsí tríú tír in aicme 1 faoi réir maoirseacht chuimsitheach arna déanamh ag coláiste maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 116. Chun na gcríoch sin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
3. Chun críocha mhír 2, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh príomhúdarás inniúil amháin ann a dhéanann an ról céanna atá ag an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhréir le hAirteagal 116. Is é a bheidh ina phríomhúdarás inniúil údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse tríú tír is mó ó thaobh luach iomlán na sócmhainní atá cláraithe. 4. De bhreis ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 116, déanfaidh an coláiste maoirseoirí an méid seo a leanas:
5. Áiritheoidh an coláiste maoirseoirí comhordú agus comhar iomchuí leis na húdaráis mhaoirseachta tríú tír ábhartha, i gcás inarb iomchuí. 6. Rannchuideoidh ÚBE le feidhmiú éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun cinn agus le faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 48q Fógra a thabhairt do ÚBE Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE faoin méid seo a leanas:
Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin liosta de na brainsí tríú tír atá údaraithe chun oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Teideal seo, lena sonrófar na Ballstáit ina bhfuil siad údaraithe chun oibriú ann. CAIBIDIL 2 CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA Airteagal 48r Comhar le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le maoirseacht ar bhonn comhdhlúite 1. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó maidir leis na modhanna chun maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a fheidhmiú orthu seo a leanas:
2. Leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, lena áirithiú:
3. Gan dochar d’Airteagal 218 CFAE, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Baincéireachta Eorpach, scrúdú ar thoradh na caibidlíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar an staid a thiocfaidh as sin. 4. Tabharfaidh ÚBE cúnamh don Choimisiún chun críocha an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. (*11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1)." (*12) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)." (*13) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).’;" |
|
(14) |
in Airteagal 53(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Ní fhéadfar faisnéis rúnda a gheobhaidh na daoine, na hiniúchóirí nó na saineolaithe sin agus iad i mbun a ndualgas a nochtadh ach i bhfoirm achomair nó comhiomláin agus ar choinníoll nach féidir institiúidí creidmheasa aonair a shainaithint, gan dochar do chásanna atá cumhdaithe ag an dlí coiriúil nó an dlí cánach.’ ; |
|
(15) |
in Airteagal 56, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Ní chuirfidh Airteagal 53(1) agus Airteagal 54 bac ar mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis chánach sa Bhallstát céanna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis i mBallstát eile, ní mhalartófar í, mar a thagraítear dó sa chéad abairt den mhír seo, ach amháin le comhaontú sainráite na n-údarás inniúil a nocht í.’ ; |
|
(16) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 65 agus 66: ‘Airteagal 65 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin 1. Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 64 den Treoir seo ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i leith cinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil ar bhonn na bhforálacha sin nó an Rialacháin sin, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le hinstitiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, go bhféadfaidh údaráis inniúla, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ar chinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil ar bhonn na bhforálacha sin nó an Rialacháin sin, go bhféadfaidh siad pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, bainistíocht shinsearach, sealbhóirí príomhfheidhme, baill foirne eile a mbíonn tionchar ábharach ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 92(3) den Treoir seo agus maidir le daoine nádúrtha eile, ar choinníoll go bhfuil siad freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta. 3. Le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ní chuirfear cosc ar na húdaráis inniúla pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhorchur i leith an tsáraithe chéanna. 4. Beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí bailithe faisnéise agus na cumhachtaí imscrúdaithe ar fad is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Áireofar sna cumhachtaí sin:
5. De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit do phionóis riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a thionscnamh agus go ndéanfaidh údarás breithiúnach an pionós a fhorchur, agus é á áirithiú go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht chomhionann acu leis na pionóis riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis inniúla. Ar aon chaoi, na pionóis a fhorchuirtear, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta an dlí náisiúnta a ghlacann siad de bhun na míre seo a chur in iúl don Choimisiún faoin 10 Eanáir 2026 agus cuirfidh siad in iúl, gan mhoill, aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Airteagal 66 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar cheanglais údarúcháin agus i leith sáruithe ar cheanglais chun sealúchais ábharacha a fháil nó a dhífheistiú, agus ar cheanglais maidir le haistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas, agus maidir le cumaisc nó deighiltí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforálfar ina bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin do phionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin, ar a laghad i gcás:
2. Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit uasmhéid níos airde a shocrú do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá le cur i bhfeidhm in aghaidh an lae den sárú. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar bhonn seachtainiúil nó ar bhonn míosúil. Sa chás sin, ní rachaidh uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bheidh le cur i bhfeidhm don tréimhse ábhartha sheachtainiúil nó mhíosúil nuair a dhéantar an sárú thar uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a mbeadh feidhm acu ar bhonn laethúil i gcomhréir leis an bpointe sin don tréimhse ábhartha. Féadfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dháta áirithe agus tús a chur lena gcur i bhfeidhm ar dháta is déanaí. 3. Is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), den Airteagal seo suim na míreanna seo a leanas, arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (*15):
Chun críocha an Airteagail seo, is é a bheidh mar bhonn don ríomh ná an fhaisnéis airgeadais maoirseachta bhliantúil is déanaí a sholáthraíonn tásc os cionn nialais. I gcás nach bhfuil an duine dlítheanach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme. I gcás inar cuid de ghrúpa an gnóthas lena mbaineann, is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an glanláimhdeachas bliantúil iomlán a thiocfaidh as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh. 4. Is é a bheidh sa mheán-ghlanláimhdeachas laethúil dá dtagraítear i mír (2), pointe (b)(i), an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 3 arna roinnt ar 365. (*14) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1)." (*15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1).’;" |
|
(17) |
leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
|
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70: ‘Airteagal 70 Pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus údaráis inniúla a bheith ag feidhmiú cumhachtaí chun pionóis a fhorchur 1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin nó na mbeart eile riaracháin á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:
2. Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar agus a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchur á bhfeidhmiú acu chun a áirithiú go mbeidh de thoradh ar na pionóis agus bearta sin na torthaí is aidhm don Treoir seo. Déanfaidh siad a ngníomhartha a chomhordú freisin chun carnadh agus forluí a chosc agus pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin á gcur i bhfeidhm ar chásanna trasteorann. 3. Féadfaidh na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur i ndáil leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna atá freagrach as an ngníomh nó an neamhghníomh céanna i gcás ina bhfuil carnadh imeachtaí riaracháin agus imeachtaí coiriúla ag baint leis an sárú céanna. Mar sin féin, ní bheidh carnadh imeachtaí agus pionós mar sin ann ach amháin más fíor-riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí difriúla agus comhlántacha leasa ghinearálta a shaothrú. 4. Beidh sásraí iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit lena n-áiritheofar go gcuirfear údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha ar an eolas go cuí, ar bhealach tráthúil, i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí riaracháin agus imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna agus go bhféadfaí a chinneadh go bhfuil sé freagrach as an iompar céanna sa dá imeacht. 5. Faoin 18 Iúil 2029, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla i gcomhthéacs pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm. Thairis sin, déanfaidh ÚBE measúnú ar aon difríocht maidir le cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin idir na húdaráis inniúla i dtaca leis sin. Go háirithe, déanfaidh ÚBE measúnú ar an méid seo a leanas:
|
|
(19) |
in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Beidh straitéisí agus próisis fhónta, éifeachtacha agus chuimsitheacha i bhfeidhm ag na hinstitiúidí chun measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh caipitil inmheánaigh a mheasann siad a bheith leordhóthanach chun cineál agus leibhéal na rioscaí ar a bhfuil siad neamhchosanta nó ar a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta a chumhdach. Cuirfidh institiúidí san áireamh go sainráite an gearrthéarma, an meántéarma agus an fadtéarma maidir le rioscaí CSR a chumhdach.’ ; |
|
(20) |
in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh socruithe stóinsithe rialachais ag institiúidí, lena n-áirítear:
Beidh na beartais agus na cleachtais luacha saothair dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), inscne-neodrach.’ |
|
(21) |
leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:
|
|
(22) |
leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:
|
|
(23) |
leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:
|
|
(24) |
in Airteagal 79, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 81: ‘Airteagal 81 Riosca comhchruinnithe Áiritheoidh na húdaráis inniúla go dtabharfar aghaidh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí ar gach contrapháirtí, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha, grúpaí contrapháirtithe nasctha, agus contrapháirtithe san earnáil eacnamaíoch chéanna, sa réigiún geografach céanna nó sa ghníomhaíocht nó tráchtearra céanna, cur i bhfeidhm teicnící maolaithe riosca creidmheasa, agus lena n-áirítear go háirithe rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí móra indíreacha ar chreidmheas, mar shampla eisitheoir comhthaobhachta aonair, agus go rialófar é, lena n-áirítear trí bhíthin beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn. I gcás cripteashócmhainní gan eisitheoir inaitheanta, déanfar an riosca comhchruinnithe a mheas i dtéarmaí na neamhchosanta ar chripteashócmhainní a bhfuil gnéithe comhchosúla acu.’ |
|
(26) |
in Airteagal 83, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh institiúidí measúnú ex ante ar aon neamhchosaint ar chripteashócmhainní a bhfuil sé beartaithe acu glacadh leo agus ar leordhóthanacht na bpróiseas agus na nósanna imeachta atá ann cheana chun riosca margaidh a bhainistiú, agus go dtuairisceoidh siad ar na measúnuithe sin dá n-údarás inniúil;’ |
|
(27) |
in Airteagal 85, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh institiúidí chun feidhme beartais agus próisis chun meastóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar neamhchosaintí ar riosca oibriúcháin, lena n-áirítear rioscaí a eascraíonn as socruithe seachfhoinsithe agus neamhchosaintí díreacha agus indíreacha cripteashócmhainní agus neamhchosaintí díreacha agus indíreacha ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus chun teagmhais ard-déine ísealmhinicíochta a chumhdach. Cuirfidh institiúidí in iúl cad é atá i gceist le riosca oibriúcháin chun críocha na mbeartas agus na nósanna imeachta sin.’ |
|
(28) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 87a Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais 1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil straitéisí, beartais, próisis agus córais stóinsithe ag institiúidí chun rioscaí CSR a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, mar chuid dá socruithe rialachais, lena n-áirítear an creat bainistithe riosca a cheanglaítear faoi Airteagal 74(1). 2. Beidh na straitéisí, na beartais, na próisis agus na córais dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le scála, cineál agus castacht rioscaí CSR na samhla gnó agus raon feidhme ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, agus cuirfear san áireamh tréimhse ghearrthéarmach agus mheántéarmach agus tréimhse fhadtéarmach 10 mbliana ar a laghad. 3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh institiúidí tástáil ar a n-athléimneacht in aghaidh thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha na dtosca CSR i gcásanna bunlíne agus i ndroch-chásanna laistigh de thréimhse ama ar leith, agus tosca a bhaineann leis an gcomhshaol mar thúsphointe acu. I dtaca leis an tástáil athléimneachta sin, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh na hinstitiúidí san áireamh roinnt cásanna CSR a léiríonn na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe comhshaoil agus sóisialta agus ag beartais phoiblí ghaolmhara ar an timpeallacht ghnó fhadtéarmach. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-úsáidfidh institiúidí cásanna inchreidte sa phróiseas tástála athléimneachta, bunaithe ar na cásanna arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta. 4. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairt i gcleachtais na n-institiúidí a bhaineann lena straitéisí CSR agus lena mbainistiú riosca, lena n-áirítear na pleananna lena gcuimsítear spriocanna inchainníochtaithe agus na próisis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí CSR a thagann chun cinn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2). Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh táirgí a chuireann na hinstitiúidí ar fáil a bhaineann le hinbhuanaitheacht, a mbeartais airgeadais aistrithe, beartais ghaolmhara maidir le tionscnamh iasachtaí, agus spriocanna agus teorainneacha a bhaineann le CSR. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar stóinseacht na bpleananna sin mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta ar an maoirseacht. I gcás inarb ábhartha, le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla comhoibriú leis na húdaráis nó leis na comhlachtaí poiblí atá i gceannas ar an athrú aeráide agus ar an maoirseacht chomhshaoil. 5. Faoin 10 Eanáir 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an méid seo a leanas a shonrú:
I gcás inarb ábhartha, na modheolaíochtaí agus na toimhdí atá mar bhonn ag na spriocanna, na gealltanais agus na cinntí straitéiseacha a nochtar le hinneachar na bpleananna dá dtagraítear in Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, nó creataí nochta agus díchill chuí ábhartha eile, beidh siad comhsheasmhach leis na critéir, na modheolaíochtaí agus na spriocanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus leis na toimhdí agus na gealltanais a áirítear sna pleananna sin freisin. Tabharfaidh ÚBE na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír cothrom le dáta go tráthrialta, chun léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh rioscaí CSR a thomhas agus a bhainistiú, mar aon le forbairt chuspóirí rialála an Aontais maidir leis an inbhuanaitheacht.’ |
|
(29) |
leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:
|
|
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 91: ‘Airteagal 91 Comhlacht bainistíochta agus measúnú oiriúnachta 1. Is ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 21a(1), (“na heintitis”), a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go mbeidh a ndóthain dea-cháile i gcónaí ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, go ngníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic agus le neamhspleáchas intinne agus go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun a ndualgais a chur i gcrích agus chun na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh, cé is moite de riarthóirí sealadacha arna gceapadh ag údaráis inniúla faoi Airteagal 29(1) de Threoir 2014/59/AE agus bainisteoirí speisialta arna gceapadh ag údaráis réitigh faoi Airteagal 35(1) den Treoir sin. Ní leor ann féin duine a bheith gan ciontú coiriúil nó gan aon ionchúiseamh a bheith ar siúl ina leith faoi láthair i gcion coiriúil chun an ceanglas maidir le dea-cháil agus gníomhú ar bhealach macánta, ionraic a chomhlíonadh. 1a. Áiritheoidh na heintitis go gcomhlíonfaidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 i gcónaí agus déanfaidh siad measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, agus na hionchais mhaoirseachta á gcur san áireamh, sula rachaidh siad i mbun a bpost agus go tréimhsiúil, mar a leagtar síos sna dlíthe agus sna rialacháin, sna treoirlínte agus sna beartais oiriúnachta inmheánacha is infheidhme. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn comhaltaí nuacheaptha le cur in ionad thromlach chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta ag an am céanna agus go dtiocfadh as cur i bhfeidhm na chéad fhomhíre cás ina ndéanfadh na comhaltaí atá ag dul as oifig measúnú oiriúnachta ar na comhaltaí nua, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an measúnú a dhéanamh tar éis do na comhaltaí nuacheaptha dul i mbun a bpoist. Agus an t-iarratas á chur faoi bhráid an údaráis inniúil, i gcomhréir le mír 1f, dearbhóidh an t-eintiteas freisin gurb ann do na cúinsí sin. 1b. I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú inmheánach ar oiriúnacht dá dtagraítear i mír 1a, nach gcomhlíonann an comhalta nó an comhalta ionchasach lena mbaineann na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh na heintitis an méid seo a leanas:
1c. Áiritheoidh na heintitis go leanfaidh an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta de bheith cothrom le dáta. Soláthróidh na heintitis an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil. 1d. Áiritheoidh na Ballstáit ar a laghad, i gcás na n-eintiteas seo a leanas, go bhfaighidh an t-údarás inniúil iarratas oiriúnachta gan moill mhíchuí, agus a luaithe a bheidh rún soiléir ann comhalta den chomhlacht bainistíochta a cheapadh ina fheidhm bhainistíochta nó cathaoirleach an chomhlachta bainistíochta a cheapadh ina fheidhm mhaoirseachta, agus, ar a dhéanaí, 30 lá oibre sula rachaidh na comhaltaí ionchasacha i mbun a bpoist:
1e. Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1d:
Soláthróidh na heintitis an t-iarratas oiriúnachta agus na doiciméid a ghabhann leis don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin. I gcás nach bhfuil dóthain faisnéise ag údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta a dhéanamh bunaithe ar na míreanna a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé a cheangal nach rachaidh an comhalta ionchasach i mbun an phoist sula soláthrófar an fhaisnéis is gá, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta nach féidir an fhaisnéis sin a sholáthar. I gcás ina bhfuil imní ar an údarás inniúil faoi na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ag an gcomhalta ionchasach, rachaidh sé i mbun idirphlé feabhsaithe leis an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a sainaithníodh d’fhonn a áirithiú go bhfuil an comhalta ionchasach oiriúnach nó go dtiocfaidh sé chun bheith oiriúnach nuair a rachaidh sé i mbun an phoist. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun a shonrú cén dóigh a ndéanfar an t-idirphlé feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le hoiriúnacht. 1f. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cibé acu a bhíonn nó nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 á gcomhlíonadh i gcónaí ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta. Déanfaidh na heintitis an t-iarratas oiriúnachta agus faisnéis eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí a gcomhlachta bainistíochta a sholáthar don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin. Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh, lena n-áirítear agallaimh nó éisteachtaí. 1g. Fíoróidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i gcónaí i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena cheapadh go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh nó go ndearnadh a leithéid nó go ndearnadh iarracht a leithéid a dhéanamh, nó gur mó an riosca go dtarlóidh siad sin anois, i ndáil leis an eintiteas. 1h. I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 6 á gcomhlíonadh i gcónaí ag comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, déanfaidh na heintitis athmheasúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaighidh an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhalta bainistíochta agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gcomhaltaí lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní chuirfear ceangal ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nuair a dhéantar athnuachan ar a sainordú, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus más rud é go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht an chomhalta lena mbaineann. 1i. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a cheadú i gcomhthéacs a bhfíoraithe agus ar bhonn riosca-íogair. Féadfaidh údaráis inniúla rochtain a iarraidh freisin ar an mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19). Cinnfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh leis an Rialachán sin (“an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta”), an ndéanfaidh sé rochtain den sórt sin a dheonú nó gan a dheonú. 1j. Ar a laghad maidir le ceapadh chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta do phost sna heintitis dá dtagraítear i mír 1d, féachfaidh na húdaráis inniúla ar cheart tréimhse uasta a shocrú a ndéanfaí an measúnú oiriúnachta a chur i gcrích lena linn. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse uasta sin, i gcás inarb iomchuí. 2. Caithfidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta dóthain ama chun feidhmeanna an chomhalta sin a chomhlíonadh sna heintitis. 2a. Beidh dea-cháil ar gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, gníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic agus le neamhspleáchas intinne chun cinntí an chomhlachta bainistíochta a mheasúnú ar bhealach éifeachtach agus a cheistiú, i gcás inar gá, agus chun formhaoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht na bainistíochta. Ní bac ann féin ar ghníomhú le neamhspleáchas intinne duine a bheith ina chomhalta de chomhlacht bainistíochta de chuid institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach. 2b. Beidh an t-eolas, na scileanna agus an taithí leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta ina iomláine chun tuiscint a bheith aige ar ghníomhaíochtaí an eintitis, chomh maith leis na rioscaí gaolmhara a bhfuil sé neamhchosanta orthu, agus na tionchair a chruthaíonn sé sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus aird á tabhairt ar na tosca CSR. Beidh a dhóthain éagsúlachta ag an gcomhlacht bainistíochta le go mbeidh réimse leathan leordhóthanach taithí aige. 3. Cuirfear san áireamh sa líon stiúrthóireachtaí a fhéadfaidh comhalta den chomhlacht bainistíochta a shealbhú go comhuaineach imthosca aonair agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis. Ach amháin i gcás ina ndéanann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ionadaíocht ar leasanna Ballstáit, ón 1 Iúil 2014, ní shealbhóidh comhaltaí an chomhlachta bainistíochta in eintiteas atá mór i dtéarmaí a mhéide, a eagrúcháin inmheánaigh, a chineáil, agus raon feidhme agus chastacht a ghníomhaíochtaí, níos mó ná ceann amháin de na teaglamaí seo a leanas de stiúrthóireachtaí go comhuaineach:
4. Chun críocha mhír 3, áireofar iad seo a leanas mar stiúrthóireacht amháin:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, ciallaíonn grúpa grúpa gnóthas a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE nó grúpa gnóthas ar fochuideachtaí iad den chuideachta sealbhaíochta airgeadais chéanna nó den chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna. 5. Ní chuirfear san áireamh chun críocha mhír 3 stiúrthóireachtaí in eagraíochtaí nach saothraíonn cuspóirí ar cuspóirí tráchtála iad den chuid is mó. 6. Féadfaidh údaráis inniúla comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a údarú chun stiúrthóireacht bhreise amháin a bheith acu nach stiúrthóireacht feidhmiúcháin í. 7. Cuirfidh eintitis acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar fáil d’ionduchtú agus d’oiliúint chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear maidir le rioscaí agus tionchair CSR agus maidir le riosca TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (52c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 8. Ceanglóidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla ar eintitis agus ar a gcoistí ainmniúcháin faoi seach, i gcás ina bhfuil siad sin bunaithe, sraith leathan cáilíochtaí agus inniúlachtaí a chuardach agus comhaltaí á n-earcú acu agus an éagsúlacht agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn go comhréireach sa chomhlacht bainistíochta. Chun na críche sin, déanfaidh eintitis beartas lena gcuirtear éagsúlacht chun cinn sa chomhlacht bainistíochta a chur i bhfeidhm. 9. Baileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 435(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin do ÚBE. Úsáidfidh ÚBE an fhaisnéis sin chun cleachtais éagsúlachta a thagarmharcáil ar leibhéal an Aontais. 10. Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 91a, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na n-eintiteas a liostaítear i mír 1d den Airteagal seo chun tuilleadh sonrúcháin a dhéanamh ar inneachar íosta an cheistneora oiriúnachta, curricula vitae agus an mheasúnaithe inmheánaigh ar oiriúnacht atá le cur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1f den Airteagal seo agus in Airteagal 91a(5) a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar caighdeáin iomchuí a fhorbairt d’eintitis seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 1d den Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 11. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an méid seo a leanas:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f), comhoibreoidh ÚBE go dlúth le ESMA agus leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta. 12. Faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BCE, athbhreithniú agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1d go 1j agus ar a éifeachtaí atá siad chun a áirithiú go mbeidh an creat “cuí cóir” oiriúnach don fheidhm, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ar bhonn na tuarascála sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí. 13. Ní dochar an tAirteagal seo ná Airteagal 91a d’fhorálacha na mBallstát maidir le hionadaíocht na bhfostaithe sa chomhlacht bainistíochta. 14. Ní dochar an tAirteagal seo ná Airteagal 91a d’fhóralacha na mBallstát maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bheith á gceapadh ina fheidhm mhaoirseachta ag comhlachtaí tofa réigiúnacha nó áitiúla nó maidir le ceapacháin i gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag an gcomhlacht bainistíochta sa phróiseas a bhaineann lena chomhaltaí a roghnú agus a cheapadh. Sna cásanna sin, cuirfear coimircí iomchuí i bhfeidhm chun oiriúnacht na gcomhaltaí sin den chomhlacht bainistíochta a áirithiú. (*19) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj)’." |
|
(31) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 91a Sealbhóirí príomhfheidhme agus measúnú oiriúnachta 1. Is ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 91(1) a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go bhfuil dea-cháil leordhóthanach i gcónaí ar shealbhóirí príomhfheidhme, go ngníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic, agus go bhfuil eolas leordhóthanach, scileanna leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach acu chun a ndualgais a chur i gcrích. Ní leor ann féin duine a bheith gan ciontú coiriúil nó gan aon ionchúiseamh a bheith ar siúl ina leith faoi láthair i gcion coiriúil chun an ceanglas maidir le dea-cháil agus gníomhú ar bhealach macánta, ionraic a chomhlíonadh. 2. Áiritheoidh na heintitis go mbeidh na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh ag na sealbhóirí príomhfheidhme i gcónaí agus déanfaidh siad measúnú ar oiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme sula rachaidh siad i mbun a bpost agus go tréimhsiúil, agus na hionchais mhaoirseachta á gcur san áireamh, mar a leagtar síos sna dlíthe agus sna rialacháin, sna treoirlínte agus sna beartais oiriúnachta inmheánacha is infheidhme. 3. I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú inmheánach ar oiriúnacht dá dtagraítear i mír 2, nach gcomhlíonann duine na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh na heintitis an méid seo a leanas:
Déanfaidh na heintitis gach beart is gá chun feidhmiú iomchuí an phoist mar shealbhóir príomhfheidhme a áirithiú, lena n-áirítear duine eile a chur in ionad an tsealbhóra príomhfheidhme mura mbeadh na critéir oiriúnachta agus ceanglais á gcomhlíonadh a thuilleadh aige. 4. Áiritheoidh na heintitis go bhfuil an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme cothrom le dáta. Soláthróidh na heintitis an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil. 5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú go mbíonn na critéir oiriúnachta agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1á gcomhlíonadh i gcónaí ag na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus ag an bpríomhoifigeach airgeadais i gcás ina gceaptar na ceannairí sin nó an t-oifigeach sin i róil sna heintitis seo a leanas ar a laghad:
6. I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí ag na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh nó ag an bpríomhoifigeach airgeadais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais, déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 5 athmheasúnú ar oiriúnacht na gceannairí sin agus an oifigigh sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní cheanglófar ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh sin nuair a dhéantar a gconarthaí a athnuachan nó a shíneadh, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann. Ar a laghad i gcás cheapadh na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh sin agus an phríomhoifigigh airgeadais sin do phoist sna heintitis dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh na húdaráis inniúla ar cheart tréimhse uasta a shocrú a ndéanfaí an measúnú oiriúnachta a chur i gcrích lena linn. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse uasta sin, i gcás inarb iomchuí. 7. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus leis an bpríomhoifigeach airgeadais a cheadú i gcomhthéacs a bhfíoraithe agus ar bhonn riosca-íogair. Féadfaidh údaráis inniúla rochtain a iarraidh freisin ar an mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1620. Cinnfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta an ndéanfaidh sé an rochtain sin a dheonú nó gan a dheonú. 8. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an méid seo a leanas:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), oibreoidh ÚBE i ndlúthchomhar le ESMA agus leis an Údarás um FhrithSciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta.’ |
|
(32) |
leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
|
|
(33) |
leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:
|
|
(34) |
in Airteagal 97(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Agus an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis na critéir a nochtar de bhun Airteagal 143(1), pointe (c). Go háirithe, chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar institiúid, féadfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(35) |
leasaítear Airteagal 98 mar a leanas:
|
|
(36) |
in Airteagal 100, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘3. Institiúidí agus tríú páirtithe atá ag gníomhú i gcáil chomhairliúcháin d’institiúidí, i gcomhthéacs cleachtaí éagsúla tástála struis, staonfaidh siad ó ghníomhaíochtaí ar féidir leo cur isteach ar thástáil struis, mar shampla tagarmharcáil, malartú faisnéise eatarthu féin, comhaontuithe ar iompraíocht choiteann, nó barrfheabhsú a n-aighneachtaí sna tástálacha struis. Gan dochar do na forálacha ábhartha eile a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na cumhachtaí bailithe faisnéise agus imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun na gníomhaíochtaí sin a bhrath. 4. Tríd an gComhchoiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010, forbróidh ÚBE, ÚEÁPC agus ESMA treoirlínte chun a áirithiú go ndéanfar comhsheasmhacht, gnéithe fadtéarmacha agus comhchaighdeáin le haghaidh modheolaíochtaí measúnaithe a chomhtháthú i dtástáil struis ar rioscaí CSR. Foilseoidh an Comhchoiste na treoirlínte sin faoin 10 Eanáir 2026. Fiosróidh ÚBE, ÚEÁPC agus ESMA, tríd an gComhchoiste sin, conas is féidir rioscaí sóisialta agus rioscaí a bhaineann le rialachas a chomhtháthú i dtástáil struis.’ |
|
(37) |
in Airteagal 101, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Más rud é, i gcás deasc trádála a úsáideann samhail inmheánach riosca margaidh, go dtugann torthaí cúltástála nó an tástáil ar shannadh brabúis agus caillteanais le fios nach bhfuil an tsamhail cruinn go leor a thuilleadh, déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na coinníollacha maidir leis an gcead chun an tsamhail inmheánach a úsáid nó forchuirfidh siad bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfeabhsófar an tsamhail go pras.’ |
|
(38) |
leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:
|
|
(39) |
leasaítear Airteagal 104a mar a leanas:
|
|
(40) |
in Airteagal 104b, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘4a. I gcás ina dtagann institiúid chun bheith faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir, féadfaidh a húdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar a treoraíocht maidir le cistí dílse breise a chuirtear in iúl don institiúid sin chun a áirithiú go leanfaidh a calabrú de bheith iomchuí.’ |
|
(41) |
in Airteagal 106, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis inniúla:
Faoin 10 Iúil 2025, agus Cuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á cur san áireamh, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.’ |
|
(42) |
i dTeideal VII, Caibidil 3, cuirtear an Roinn seo a leanas isteach roimh Roinn I: ‘ROINN I Cur i bhfeidhm na Caibidle seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta Airteagal 110a Raon an chur chun feidhme maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás ina bhfuil ar a laghad gnólacht infheistíochta amháin sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033. Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta, i gcás nach bhfuil aon ghnólacht infheistíochta sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.’ |
|
(43) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121: ‘Airteagal 121 Cáiliú chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta Comhaltaí an chomhlachta bainistíochta de chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar comhaltaí nach comhaltaí a fuair formheas iad i gcomhréir le hAirteagal 21a(1), cuirfidh na Ballstáit de cheangal go mbeidh dea-cháil leordhóthanach orthu agus eolas leordhóthanach, scileanna leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach acu dá dtagraítear in Airteagal 91(1) chun na dualgais sin a chur i gcrích, agus ról sonrach cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha á chur san áireamh. Is ar na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó ar na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh an phríomhfhreagracht as oiriúnacht chomhaltaí a gcomhlachta bainistíochta a áirithiú.’ |
|
(44) |
leasaítear Airteagal 131 mar seo a leanas:
|
|
(45) |
leasaítear Airteagal 133 mar a leanas:
|
|
(46) |
leasaítear Airteagal 142 mar a leanas:
|
|
(47) |
leasaítear Airteagal 161 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 10 Eanáir 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 11 Eanáir 2026.
Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1, pointí (9) agus (13), a chomhlíonadh, ón 11 Eanáir 2027.
De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1, pointe (13), den Treoir seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 48k agus 48l de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ón 11 Eanáir 2026, agus na leasuithe a leagtar amach in Airteagal 1, pointe (9), den Treoir seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 21c(5) de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ón 11 Iúil 2026.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (44)(c) agus pointe (45)(c), ón 29 Iúil 2024.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO C 248, 30.6.2022, lch. 87.
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus Cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.
(3) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(5) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(7) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(8) Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(10) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(13) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(14) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(15) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(16) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(19) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)