Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L0299

Treoir Tarmligthe (AE) 2024/299 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an modheolaíocht chun astaíochtaí réamh-mheasta truailleán áirithe san aer a thuairisciú

C/2023/7156

IO L, 2024/299, 17.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/299/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/299/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/299

17.1.2024

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/299 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an modheolaíocht chun astaíochtaí réamh-mheasta truailleán áirithe san aer a thuairisciú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 8(2) de Threoir (AE) 2016/2284 ceanglaítear ar na Ballstáit réamh-mheastacháin náisiúnta astaíochtaí le haghaidh na dtruailleán a leagtar amach i dTábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Treoir sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 8(5) de Threoir (AE) 2016/2284 gur cheart réamh-mheastacháin náisiúnta astaíochtaí a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin agus gur cheart iad a mheas agus a chomhiomlánú de réir na n-earnálacha foinseacha ábhartha.

(3)

Ba cheart réamh-mheastacháin astaíochtaí a thuairisciú don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir (AE) 2016/2284. Beidh an tuairisciú sin comhsheasmhach leis na rialacha tuairiscithe dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún 1979 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (2) (Coinbhinsiún LRTAP).

(4)

Bunaítear na ceanglais tuairiscithe faoi Choinbhinsiún LRTAP leis na Treoirlínte maidir le hAstaíochtaí agus Sonraí Réamh-mheastacháin a thuairisciú faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (Treoirlínte Tuairiscithe). Rinne Comhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin athbhreithniú ar na Treoirlínte Tuairiscithe sin ag a 42ú seisiún i mí na Nollag 2022 (3), lena ndéantar modhnú ar na ceanglais maidir le réamh-mheastacháin astaíochtaí a thuairisciú. Faoi mhíreanna 27, 41(b) agus 46 de na Treoirlínte Tuairiscithe athbhreithnithe, ba cheart astaíochtaí réamh-mheasta a thuairisciú trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na Treoirlínte Tuairiscithe sin. Comhfhreagraíonn an teimpléad sin do struchtúr an teimpléid le haghaidh fardail astaíochtaí a thuairisciú, rud a fhágann gur cheart réamh-mheastacháin astaíochtaí a thuairisciú de réir na hainmníochta aonair le haghaidh catagóirí foinsí a thuairisciú mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún LRTAP.

(5)

Ó rinneadh athbhreithniú ar na Treoirlínte Tuairiscithe in 2022, níl an leibhéal comhiomlánaithe le haghaidh réamh-mheastacháin astaíochtaí a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i gCoinbhinsiún LRTAP a thuilleadh. An teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na Treoirlínte Tuairiscithe athbhreithnithe, tá leibhéal níos mionsonraithe ag teastáil uaidh, ar leibhéal é a chomhfhreagraíonn don leibhéal le haghaidh fardail astaíochtaí a thuairisciú a cheanglaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte Tuairiscithe athbhreithnithe agus le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/2284. Chun inchomparáideacht agus comhsheasmhacht a fheabhsú, tá sé iomchuí tuairisciú na réamh-mheastachán astaíochtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/2284 a choigeartú do thuairisciú na bhfardal astaíochtaí a cheanglaítearfaoi Threoir (AE) 2016/2284.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Treoir (AE) 2016/2284 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2016/2284 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 344, 17.12.2016, lch. 1.

(2)  Coinbhinsiún maidir le haerthruailliú trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 13).

(3)  Treoirlínte maidir le hAstaíochtaí agus Sonraí Réamh-mheastacháin a thuairisciú faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, ar Treoirlínte iad de chuid Chomhlacht Feidhmiúcháin an Choinbhinsiúin maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (ECE/EB.AIR/125, Cinntí an Chomhlachta Feidhmiúcháin 2013/3 agus 2013/4), mar a leasaíodh iad ag a 42ú seisiún i mí na Nollag 2022.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2016/2284 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla C:

‘Tábla C

Ceanglais tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí agus réamh-mheastachán dá dtagraítear in Airteagal 8(2)

Gné

Truailleáin

Amshraitheanna/spriocbhlianta

Dátaí tuairiscithe

Sonraí greillithe náisiúnta maidir le hastaíochtaí de réir catagóir fhoinseach (GNFR)

SO2, NOx, NMVOC, CO, NH3, PM10, PM2,5

miotail throma (Cd, Hg, Pb)

POPs (Iomlán PAHanna, HCB, PCBanna, dé-ocsainí/furáin)

BC (más ann dó)

Gach 4 bliana le haghaidh na bliana tuairiscithe lúide 2 (X-2)

ó 2017 ar aghaidh

1 Bealtaine (1)

Mórphointí Foinsí (LPS) de réir catagóra (GNFR)

SO2, NOx, NMVOC, CO, NH3, PM10, PM2,5

miotail throma (Cd, Hg, Pb)

POPs (Iomlán PAHanna, HCB, PCBanna, dé-ocsainí/furáin)

BC (más ann dó)

Gach 4 bliana le haghaidh na bliana tuairiscithe lúide 2 (X-2)

ó 2017 ar aghaidh

1 Bealtaine (1)

Astaíochtaí réamh-mheasta de réir chatagóir fhoinseach NFR

SO2, NOx, NH3, NMVOC, PM2,5 agus, más ann dó, BC

Débhliantúil, lena n-áirítear na bliana 2020, 2025, 2030, agus i gcás ina mbeidh sé ar fáil, 2040 agus 2050

ó 2017 ar aghaidh

15 Márta

(2)

In Iarscríbhinn IV, Cuid 2 (‘Réamh-mheastacháin náisiúnta astaíochtaí’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Measfar na réamh-mheastacháin astaíochtaí agus déanfar iad a thuairisciú de réir de réir chatagóir fhoinseach NFR. I gcás nach bhfuil sé indéanta mar gheall ar easpa mionsonraí leordhóthanacha, cuirfear bonn cirt maidir leis an tuairisciú ar leibhéal níos comhiomlánaithe san áireamh sa Tuarascáil Fhaisnéiseach Fardail. Soláthróidh na Ballstáit réamh-mheastachán ‘le bearta’ (bearta a glacadh), i gcás inarb ábhartha, réamh-mheastachán ‘le bearta breise’ (bearta atá beartaithe) le haghaidh gach truailleán i gcomhréir leis an treoir a leagadh amach sa Treoirleabhar EMEP/EEA.’.

(1)  Laistigh de thréimhse 4 seachtaine, soláthrófar ath-aighneachtaí de dheasca earráidí agus áireofar orthu míniú soiléir ar na hathruithe a rinneadh.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/299/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top