Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H2476

Moladh (AE) 2024/2476 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seirbhísí fuinnimh

C/2024/6330

IO L, 2024/2476, 20.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2476/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2476/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2476

20.9.2024

MOLADH (AE) 2024/2476 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2024

lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seirbhísí fuinnimh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) tugadh isteach ceanglas chun an phríomhsprioc coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

(2)

Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus cuid dá forálacha a choinneáil gan athrú agus, an tráth céanna, ceanglais nua a thabhairt isteach. Go háirithe, ardaíodh go mór an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le seirbhísí fuinnimh.

(3)

Le Treoir (AE) 2023/1791 cothaítear forbairt seirbhísí fuinnimh agus go sonrach glacadh conarthaí feidhmíochta fuinnimh. I gconradh feidhmíochta fuinnimh, ráthaíonn an soláthraí seirbhíse go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh laistigh den tréimhse chonarthach, agus seachnaíonn tairbhí na seirbhíse fuinnimh costais infheistíochta trí chuid de luach airgeadais an choigiltis fuinnimh a úsáid chun an infheistíocht a aisíoc go hiomlán nó go páirteach. Leis na conarthaí sin, cothaítear iontaoibh mhargaidh in infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh trína n-éifeachtacht a áirithiú. Is féidir leis sin cuidiú le caipiteal príobháideach a mhealladh, rud atá ríthábhachtach chun rátaí athchóirithe foirgneamh a mhéadú, an éifeachtúlacht fuinnimh sa tionsclaíocht a spreagadh, saineolas a thabhairt isteach sa mhargadh agus samhlacha gnó nuálacha a chruthú.

(4)

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 11 Deireadh Fómhair 2025. Tá gá le trasuí iomlán agus cur chun feidhme éifeachtach athmhúnlú TEF má tá an tAontas chun a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh do 2030 a bhaint amach.

(5)

Tá lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an mbealach is fearr a oireann dá gcúinsí náisiúnta chun na ceanglais maidir le seirbhísí fuinnimh a thrasuí agus a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, mholfaí forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú ar bhealach comhsheasmhach a rannchuideodh le tuiscint chomhleanúnach ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Bhallstát go chéile agus iad ag ullmhú a mbeart trasuite.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a leanúint agus [na ceanglais a thugtar isteach le] hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791 á dtrasuí ina ndlí náisiúnta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).

(2)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   RÉAMHRÁ

Leis na treoirlínte seo tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus é á thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta. I gcomparáid le Treoir 2012/27/AE, le Treoir (AE) 2023/1791 cuirtear feabhas ar na bearta a bhaineann le tacaíocht d’fhorbairt an mhargaidh do sheirbhísí fuinnimh sna Ballstáit.

Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   COMHTHÉACS DLÍTHIÚIL AGUS BEARTAIS

Le Treoir (AE) 2023/1791 aithnítear an ról tábhachtach is féidir le seirbhísí fuinnimh a imirt chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus an dícharbónú a spreagadh. Le seirbhísí fuinnimh is féidir acmhainneachtaí teicniúla agus airgeadais na dtríú páirtithe a shlógadh, ar soláthraithe seirbhísí fuinnimh speisialaithe iad de ghnáth, chun coigilteas fuinnimh agus airgeadais a fháil ar bhealach costéifeachtúil trí fheabhsuithe feidhmíochta fuinnimh in áitreabh an tomhaltóra fuinnimh. D’fhéadfadh seirbhísí fuinnimh a bheith an-úsáideach nuair atá sé deacair nó dodhéanta fiú don tomhaltóir féin bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme go hinmheánach ar aon chúis.

Leis na deicheanna de bhlianta anuas, tá ilchineálacht ollmhór de chineálacha éagsúla seirbhísí fuinnimh tagtha chun cinn sna Ballstáit (1). Tá an sainiú ar sheirbhísí fuinnimh i dTreoir (AE) 2023/1791 an-leathan, agus cumhdaítear leis na foirmeacha éagsúla ar fad. Is féidir féachaint ar chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh mar chineál seirbhíse fuinnimh atá sonrach agus thar a bheith cuimsitheach. Tá trí phríomhbhuntáiste ag baint le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid mar bhealach éifeachtach chun feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach: déantar infheistíochtaí feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú go díreach ón gcoigilteas costais fuinnimh;

déanann an soláthraí seirbhíse, a ghlacann rioscaí feidhmíochta na n-oibreacha agus na teicneolaíochta chuige féin, coigilteas fuinnimh agus costais a ráthú faoi choinníollacha áirithe;

tugann an soláthraí seirbhíse saineolas cuimsitheach le haghaidh rogha optamach de réitigh theicniúla agus/nó mhaoinithe.

Tá dhá chuspóir ag baint le hAirteagal 29: forbairt an mhargaidh seirbhísí fuinnimh a éascú trí na coinníollacha cumasúcháin a leagan síos d’oibreoirí margaidh (1) agus glacadh seirbhísí fuinnimh ag an earnáil phoiblí a chur chun cinn. Leanann an dara cuspóir loighic Threoir (AE) 2023/1791, lena dtugtar an ról ceannasach san éifeachtúlacht fuinnimh don earnáil phoiblí. Is é is aidhm don cheanglas maidir leis an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid chun foirgnimh comhlachtaí poiblí a athchóiriú sineirgí a chruthú leis na forálacha ábhartha faoi Airteagal 6 agus a gcomhlíonadh ar an láthair a chumasú.

Tá Airteagal 29 le léamh i gcomhar leis na hAirteagail seo a leanas de Threoir (AE) 2023/1791:

Airteagail 5, 6, agus 7: tá seirbhísí fuinnimh agus conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh oiriúnach go háirithe chun feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh san earnáil phoiblí. Leis an saineolas cuimsitheach agus an fheidhmíocht ráthaithe a chuireann na soláthraithe seirbhíse ar fáil, áirithítear éifeachtacht na n-infheistíochtaí. Leis an bhféidearthacht maoiniú tríú páirtí a dhéanamh agus an costas infheistíochta tosaigh a aisíoc trí choigilteas costas fuinnimh, is féidir tionscadail a dhéanamh fiú mura bhfuil cistí poiblí leordhóthanach, agus mar gheall ar an bhféidearthacht go ndéileálfar leis na conarthaí feidhmíochta fuinnimh lasmuigh den chlár comhardaithe, is féidir cuntais phoiblí a choinneáil i gcothromaíocht. Ar na cúiseanna sin, le Treoir (AE) 2023/1791 cruthaítear sineirgí i measc na bhforálacha ábhartha a bhaineann le seirbhísí fuinnimh agus an ról ceannasach atá ag an earnáil phoiblí san éifeachtúlacht fuinnimh. Go háirithe, dírítear in Airteagal 29(4) agus (5) ar fheabhas a chur ar ghlacadh na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh ag comhlachtaí poiblí chun foirgnimh mhóra a athchóiriú, rud atá nasctha leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 7(7) agus (8) gur féidir, le nósanna imeachta soláthair phoiblí, úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus sásraí maoiniúcháin tríú páirtí agus go gcuirfear deireadh le bacainní rialála agus neamhrialála, a d’fhéadfadh cur isteach ar an úsáid sin. Ar deireadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar a indéanta atá sé conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid chun conarthaí seirbhíse ina bhfuil ábhar mór fuinnimh a sholáthar;

Airteagail 8, 9 agus 10: i dtaca leis an scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir le soláthraithe seirbhísí fuinnimh forbairt margaí éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh go héifeachtach trí sholáthar deimhnithe bána a áirithiú mar mhalairt ar fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Féadfaidh na páirtithe faoi oibleagáid faoin scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh na deimhnithe bána sin a cheannach chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le coigilteas bliantúil fuinnimh críochúsáide a sholáthar;

Airteagal 11: Le hAirteagal 11(10) díolmhaítear fiontair a bhfuil conradh feidhmíochta fuinnimh fadtéarmach i bhfeidhm acu ón oibleagáid dul faoi iniúchtaí fuinnimh nó córas bainistíochta fuinnimh a bhunú, ar choinníoll go gcumhdaítear sa chonradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe is gá den chóras bainistíochta fuinnimh agus go gcomhlíonann an conradh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XV. Thairis sin, leis na forálacha lena ndírítear ar chur chun feidhme moltaí iniúchtaí fuinnimh agus ar nochtadh sonraí iniúchtaí fuinnimh, rannchuidítear le forbairt seirbhísí fuinnimh. Go sonrach, luaitear in Airteagal 11(5) nach mbeidh san áireamh in iniúchtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí an iniúchta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe nó creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.

3.   NA SAINMHÍNITHE I DTREOIR (AE) 2023/1791

Is iad sainmhínithe na dtéarmaí seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 2, pointí 11, 29, 33 de Threoir (AE) 2023/1791 na sainmhínithe is ábhartha i léirmhíniú Airteagal 29:

Seirbhís fuinnimh

Ciallaíonn ‘seirbhís fuinnimh’ an sochar fisiceach, an fóntas nó an t-earra a dhíorthaítear ó fhuinneamh a mheascadh le teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh nó le gníomhaíocht, lena bhféadfar na hoibríochtaí, an chothabháil agus an rialú is gá chun an tseirbhís a sheachadadh a áireamh, ar seirbhís í a sheachadtar ar bhonn conartha agus atá, i ngnáthchúinsí, tar éis feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó coigilteas fuinnimh phríomhúil a bheith mar thoradh air;

Soláthraí seirbhíse fuinnimh

Ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse fuinnimh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sheachadann seirbhísí fuinnimh nó bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i saoráid nó in áitreabh an chustaiméara deiridh.

Conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh

Ciallaíonn ‘conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh’ socrú conarthach idir an tairbhí agus soláthraí birt feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a fhíoraítear agus a ndéantar faireachán air le linn théarma iomlán an chonartha, i gcás ina n-íoctar as na hinfheistíochtaí (an obair, an soláthar nó an tseirbhís) sa bheart sin i ndáil le leibhéal feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna chomhaontú de réir conartha nó i ndáil le critéar feidhmíochta fuinnimh eile arna chomhaontú, amhail coigilteas airgeadais.

Ní shainmhínítear an téarma ‘ESCO’ in Airteagal 2, ach déantar tagairtí i dTreoir (AE) 2023/1791 do ESCOnna i roinnt forálacha agus aithrisí, agus tuigtear gur giorrúchán coiteann le haghaidh ‘cuideachta seirbhísí fuinnimh’ é ‘ESCO’. Le haithris 46 tacaítear leis an tuiscint sin tríd an téarma iomlán a mhíniú go soiléir agus a ghiorrúchán a chur isteach idir lúibíní: ‘cuideachtaí seirbhísí fuinnimh (ESCOnna)’.

4.   OIBLEAGÁIDÍ FAOI AIRTEAGAL 29

Le hAirteagal 29 ceanglaítear ar na Ballstáit líon roghnaithe beart beartais a chur chun feidhme lena bhfeabhsaítear an chaoi a n-úsáideann tomhaltóirí fuinnimh ó gach earnáil seirbhísí fuinnimh.

Ós rud é go bhfuil an sainiú ar sheirbhísí fuinnimh i dTreoir (AE) 2023/1791 leathan, cumhdaítear leis na cineálacha éagsúla seirbhísí fuinnimh ar fad sa mhargadh Eorpach.

Liostaítear forálacha Airteagal 29 atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit i dTábla 1.

Tábla 1

Forléargas ar fhorálacha Airteagal 29 atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit.

 

Cuspóir na forála

Déanfaidh na Ballstáit...

Creat cumasúcháin a shocrú le haghaidh margaí seirbhísí fuinnimh

Úsáid mhéadaithe agus níos fearr a bhaineann comhlachtaí poiblí as seirbhísí fuinnimh

Bacainní ar rochtain ar sheirbhísí fuinnimh a bhaint

an méid sa ró seo a chur chun cinn, tacaíocht a thabhairt dó agus eolas a chur ar fáil ina leith

Conarthaí seirbhísí fuinnimh lena ngabhann clásail ráthaíochta feidhmíochta [mír 1, pointe (a)].

Samhailchonarthaí a chomhlíonann Nóta Treorach Eurostat [mír 5, pointe (a)].

Deireadh a chur leis na bacainní rialála agus neamhrialála [mír 6, pointe (b)].

Ionstraimí airgeadais chun tacú le tionscadail seirbhísí fuinnimh [mír 1, pointe (b)].

Dea-chleachtais maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh [mír 5, pointe (b)].

Liosta na soláthraithe seirbhíse fuinnimh cáilithe agus/nó deimhnithe [mír 1, pointe (c) agus mír 3].

Bunachar sonraí maidir le tionscadail conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh atá curtha chun feidhme agus leanúnach [mír 5, pointe (c)].

Modheolaíochtaí tomhais agus fíorúcháin agus scéimeanna dearbhaithe cáilíochta [mír 1, pointe (d)].

 

Pointí teagmhála [mír 6, pointe (a)].

an méid sa ró seo a spreagadh

Forbairt lipéad cáilíochta [mír 2].

 

 

an méid sa ró seo a áirithiú

Bunú comhlachtaí comhairleacha agus idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha [mír 6, pointe (c)].

Úsáid conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóiriú foirgneamh mór, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch [mír 4].

Measúnuithe indéantachta ina n-úsáidtear seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe chun foirgnimh neamhchónaithe a athchóiriú [mír 4].

Cosc a chur ar ghníomhaíochtaí bactha dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí fuinnimh miondíola [mír 8].

Féadfaidh na Ballstáit an méid sa ró seo a dhéanamh

 

Spreagadh a thabhairt conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe [mír 4].

Sásraí aonair a bhunú nó ombudsman a ainmniú chun díospóidí a réiteach go héifeachtúil lasmuigh den chúirt [mír 7].

4.1.   Oibleagáidí a bhaineann le creat cumasúcháin a shocrú le haghaidh margaí seirbhísí fuinnimh

Le formhór na gceanglas in Airteagal 29 tagraítear do bhearta beartais arb é is cuspóir dóibh trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú agus rochtain tomhaltóirí fuinnimh ionchasacha ar sheirbhísí fuinnimh a éascú, agus bacainní ar fhorbairt an mhargaidh seirbhísí fuinnimh a bhaint an tráth céanna (2). Cuirtear i dtábhacht i mír 1 go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le rochtain níos fearr ar fhaisnéis faoin margadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun glacadh le tairiscintí seirbhísí fuinnimh (3). Ina theannta sin, le hAirteagal 29(5) ceanglaítear bearta breise go sonrach i gcás na hearnála poiblí (féach caibidil 4.2. de na treoirlínte seo).

4.1.1.   Bearta éifeachtacha faisnéise agus scaipthe

4.1.1.1.   Creat dlíthiúil

Ceanglaítear le hAirteagal 29(1), (3) agus (6) ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir le conarthaí seirbhísí fuinnimh, ionstraimí airgeadais, soláthraithe seirbhísí fuinnimh cáilithe nó deimhnithe, modheolaíochtaí tomhais agus fíorúcháin, comhlachtaí comhairleacha agus lipéid cháilíochta a dhéanamh inrochtana go héasca trí shuíomhanna gréasáin, treoirlínte nó lámhleabhair thiomnaithe.

4.1.1.2.   Treoirlínte

Chun éifeachtacht na bhforálacha sin a neartú, d’fhéadfaí bearta beartais breise a bheartú lena n-éascófaí rochtain ar an bhfaisnéis sin do spriocghrúpaí, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh acu maidir le hinfheistíochtaí coigilte fuinnimh a chur chun feidhme i ndáiríre. D’fhéadfaí an méid seo a leanas, mar shampla, a áireamh ar na bearta sin:

bearta lena nasctar faisnéis faoi sheirbhísí fuinnimh go díreach le hiniúchtaí fuinnimh. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin a áireamh i dteimpléad na tuarascála iniúchóireachta. Thairis sin, tá sé úsáideach má tá faisnéis sa tuarascáil iniúchóireachta maidir le soláthraithe seirbhíse fuinnimh cáilithe nó deimhnithe agus maidir le seirbhísí comhairleacha;

ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí le scéimeanna tacaíochta poiblí le haghaidh iniúchtaí fuinnimh in earnálacha nach gcumhdaítear leis an oibleagáid in Airteagal 11 faisnéis éigeantach faoin rogha seirbhísí fuinnimh mar choinníoll cistiúcháin;

in earnáil na bhfoirgneamh cónaithe, d’fhéadfadh lárionaid comhairle fuinnimh, amhail ionaid ilfhreastail, faisnéis faoi sheirbhísí fuinnimh a chomhtháthú níos mó agus níos mó ina seirbhísí comhairleacha.

4.1.2.   Seirbhísí tiomnaithe éascaíochta agus comhairleacha

4.1.2.1.   Creat dlíthiúil

I gcomparáid le Treoir 2012/27/AE, neartaítear le hAirteagal 29(6), pointe (c), de Threoir (AE) 2023/1791 an ceanglas atá ar na Ballstáit comhlachtaí comhairleacha agus idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn chun forbairt margaí seirbhísí fuinnimh a spreagadh.

Is féidir le comhlachtaí comhairleacha agus idirghabhálaithe neamhspleácha úsáid seirbhísí fuinnimh a éascú, mar shampla trí shamhlacha cur chun feidhme a fhorbairt nó trí chúnamh a thabhairt chun próisis soláthair a ullmhú agus a chur chun feidhme (4).

Tá an ceanglas in Airteagal 29(6), pointe (c), bunaithe ar an mbarúil a deimhníodh sa tuarascáil is déanaí ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (5) ina léirítear forbairt níos fearr ar mhargaí seirbhísí fuinnimh sna Ballstáit sin nó sna deighleoga margaidh sin ina bhfuil seirbhísí éascaíochta seanbhunaithe agus ina bhfuil rochtain éasca orthu (6).

4.1.2.2.   Treoirlínte

Seo a leanas samplaí den chaoi a bhféadfadh na Ballstáit an ceanglas a chomhlíonadh maidir le comhlachtaí comhairleacha agus idirghabhálaithe margaidh neamhspleácha a bhunú agus a chur chun cinn:

moil chomhairleacha a bhunú le haghaidh seirbhísí fuinnimh trí chúraimí na ngníomhaireachtaí fuinnimh nó na n-ionad ilfhreastail atá ann cheana a leathnú (7);

deontais cúnaimh forbartha tionscadail a sholáthar le haghaidh seirbhísí idirghabhálacha lena dtacaítear le tionscadail seirbhíse fuinnimh shonracha a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail seirbhísí fuinnimh shonracha chun doiciméid soláthair a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar an nós imeachta dámhachtana nó faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an tionscadail (8), i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair;

cláir chomhairleacha shonracha a bhunú don earnáil phoiblí: Is féidir leis na cláir sin a bheith an-éifeachtach, go háirithe don earnáil bhardasach, ar earnáil í nach bhfuil eolas leordhóthanach ag go leor cinnteoirí maidir le tionscadail seirbhísí fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, i bhformhór na riarachán réigiúnach agus na rialtas láir, tá géarghá le comhairle spriocdhírithe maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na seirbhísí fuinnimh (9).

4.1.3.   Cáilíocht, dearbhú cáilíochta agus deimhniú

4.1.3.1.   Creat dlíthiúil

Luaitear in Airteagal 29(2) go spreagfaidh na Ballstáit forbairt lipéad cáilíochta, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta i gcás inarb ábhartha (10).

Thairis sin, de bhun Airteagal 29(3), scaipfidh na Ballstáit faisnéis maidir le soláthraithe seirbhíse fuinnimh cáilithe trí liosta de sholáthraithe seirbhísí fuinnimh a chur ar fáil go poiblí, agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, lena n-áirítear a gcáilíochtaí nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2023/1791. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit comhéadan a sholáthar inar féidir le soláthraithe seirbhísí fuinnimh an fhaisnéis sin a sholáthar iad féin.

Leis na forálacha sin tugtar aghaidh ar an mbacainn a tugadh faoi deara maidir le heaspa iontaoibhe in éifeachtacht na seirbhísí fuinnimh (11). Níl iontaoibh ag go leor tomhaltóirí fuinnimh fós as gealltanais na seirbhísí fuinnimh, agus an tráth céanna níl siad toilteanach nó níl siad in ann bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá indéanta go heacnamaíoch a chur chun feidhme lena n-infheistíochtaí féin.

4.1.3.2.   Treoirlínte

Cé go raibh ceanglais Airteagal 29(2) agus (3) in Airteagal 18 de Threoir 2012/27/AE cheana féin, is ar éigean atá aon lipéad cáilíochta ar sheirbhísí fuinnimh. Ina theannta sin, i gcás inarb ann do lipéid cháilíochta cheana féin, is beag an fheasacht atá ag tomhaltóirí agus soláthraithe fuinnimh orthu (12).

Chun forbairt agus úsáid rathúil lipéad cáilíochta ar an margadh a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar raon beart a chur chun feidhme, bearta ina mbeadh na gnéithe seo a leanas go háirithe:

ardán náisiúnta a bhunú inar féidir leis na grúpaí geallsealbhóirí ábhartha uile comhoibriú chun scéim náisiúnta dearbhaithe cáilíochta nó ‘lipéad cáilíochta’ a bhunú le haghaidh seirbhísí fuinnimh. Ós rud é nach bhfuil soláthraithe seirbhíse fuinnimh ullmhaithe agus eagraithe go leordhóthanach i roinnt mhaith Ballstát chun scéimeanna dearbhaithe cáilíochta éifeachtacha a fhorbairt le haghaidh seirbhísí fuinnimh astu féin, ba cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh maidir le bheith ar thús cadhnaíochta, mar shampla trí bhíthin gníomhaireachtaí fuinnimh. Cibé acu an í an earnáil féin a bhunaíonn na scéimeanna nó an iad na húdaráis phoiblí a chruthaíonn iad, chun iontaofacht agus iontaoibh mhargaidh a bhaint amach, ba cheart do na húdaráis ábhartha iad a fhíorú, a aithint agus a chur chun cinn ar aon nós;

tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt critéar cáilíochta teicniúla le haghaidh seirbhísí fuinnimh. Cé go bhfuil comhthuiscint ann i measc saineolaithe maidir leis na príomhghnéithe lena sainítear cáilíocht i dtionscadail seirbhísí fuinnimh, is léir nach bhfuil na gnéithe sin uile chomh tábhachtach céanna i gcás gach deighleoige margaidh i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gach Ballstát critéar cáilíochta a shainiú le haghaidh seirbhísí fuinnimh, lena mbeadh baint ag na geallsealbhóirí ábhartha uile sa mhargadh agus tagairt á déanamh do na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta is infheidhme, amhail EN 17669:2022 (Conarthaí feidhmíochta fuinnimh – Íoscheanglais); IPMVP (International Performance Measurement and Verification Protocol [Prótacal Idirnáisiúnta maidir le Tomhas agus Fíorú Feidhmíochta]) agus ISO 50046 (tomhas agus fíorú coigiltis fuinnimh). Is féidir leis na Ballstáit oibriú i gcomhar agus tacaíocht a fháil ó thionscadail thiomnaithe arna gcistiú ag an Aontas chun dea-chleachtas a mhalartú agus critéir cháilíochta choiteanna a shainiú (13). Leis na critéir cháilíochta cuidítear leis an gcaidreamh idir an soláthraí seirbhíse fuinnimh agus an tomhaltóir fuinnimh a mhúnlú, rud a laghdaíonn costas an idirbhirt agus an riosca go gclisfeadh ar an tionscadal;

feabhas a chur ar an gcáilíocht seirbhísí. I bprionsabal, le lipéad cáilíochta is féidir tagairt a dhéanamh do sheirbhísí fuinnimh nó do sholáthraithe seirbhíse fuinnimh. Is féidir acmhainneacht theicniúil an tsoláthraí seirbhíse fuinnimh a léiriú trí líon leordhóthanach tionscadal tagartha ardcháilíochta, arna meas de réir na gcritéar cáilíochta teicniúla sainithe. Tá sé tábhachtach, áfach, nach gcruthaítear bacainn iontrála do sholáthraithe seirbhísí ó na Ballstáit eile leis na scéimeanna lipéadaithe náisiúnta. Ar an gcúis sin, i gcás ina mbeidh lipéad cáilíochta ina choinníoll chun seirbhís a sholáthar, ba cheart lipéid a eisítear i mBallstát eile a aithint, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le seirbhísí, má tá siad bunaithe ar chritéir cháilíochta choibhéiseacha nó chomhchoiteanna, lena n-áirítear na critéir sin a eascraíonn as na caighdeáin Eorpacha a liostaítear i bpointe (b);

tacaíocht a thabhairt do phróiseas dearbhaithe cáilíochta atá costéifeachtúil: I margaí neamhaibí, d’fhéadfadh costais próisis dearbhaithe cáilíochta a bheith ina mbacainn le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh. Moltar, dá bhrí sin, go n-íocfar as cuid de na costais sin trí bhíthin cistí poiblí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, nó go dtabharfaidh institiúid phoiblí aire don dearbhú cáilíochta;

tacaíocht phoiblí a sholáthar chun go rachaidh an scéim dearbhaithe cáilíochta i bhfód ar an margadh, agus úsáid á baint as an tsraith beart seo a leanas:

(i)

gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur chun feidhme i gcomhar leis na gníomhaíochtaí scaipthe a cheanglaítear faoi Airteagal 29(1)

(ii)

critéir cháilíochta a úsáid a bhaineann le soláthraithe seirbhíse fuinnimh i scéimeanna fóirdheontais poiblí,

(iii)

scéimeanna dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm i dtairiscintí poiblí agus oiliúint a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir le conas critéir cháilíochta teicniúla a chomhtháthú i sonraíochtaí soláthair, agus i gcomhthéacs chur chun feidhme Airteagal 29(4) agus (5) freisin, mar a thuairiscítear i roinn 4.2 de na treoirlínte seo.

4.2.   Oibleagáidí a bhaineann leis an úsáid mhéadaithe agus níos fearr a bhaineann comhlachtaí poiblí as seirbhísí fuinnimh

4.2.1.   Creat dlíthiúil

De bhun Airteagal 29(4), tá na Ballstáit le húsáid conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh nó seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile a chur chun cinn agus a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, le haghaidh athchóiriú ar fhoirgnimh mhóra (os cionn 750 méadar cearnach) atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí (14). Dá bhrí sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnú ar a indéanta atá seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe le haghaidh tionscadail athchóiriúcháin atá beartaithe d’fhoirgnimh neamhchónaithe. Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil.

Thairis sin, le hAirteagal 29(5), a raibh a inneachar ina chuid de Threoir 2012/27/AE cheana féin, ceanglaítear ar na Ballstáit tacú leis an earnáil phoiblí tairiscintí seirbhísí fuinnimh a ghlacadh trí shamhailchonarthaí a sholáthar i gcomhréir le Nóta Treorach Eurostat (15), agus trí fhaisnéis a chomhroinnt maidir le tionscadail seirbhísí fuinnimh dea-chleachtais atá curtha chun feidhme agus leanúnach san earnáil phoiblí.

4.2.2.   Measúnú a dhéanamh ar an indéantacht seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe a úsáid

Cuideoidh cur chun feidhme Airteagal 29(4) le baint amach sprioc na gcomhlachtaí poiblí maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú atá in Airteagal 5 agus le baint amach na hoibleagáide maidir le foirgnimh comhlachtaí poiblí a athchóiriú go dtí an leibhéal 'foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh' atá in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791. Éileofar leis sin, áfach, dul níos faide ná an oibríocht ghnó atá ann faoi láthair go dtí an réimse inar beag an taithí ar shamhail ESCO a úsáid (athchóiriú domhain, cineálacha oibreacha a bhaineann le himchlúdach foirgnimh). Dá bhrí sin, le forálacha Airteagal 29, má chuirtear chun feidhme go héifeachtach iad ar an láthair, ba cheart go n-éascófaí an fhorbairt ghnó sin a bhfuil riosca níos mó ag baint léi agus atá níos casta. Más indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch é, ba cheart seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe, amhail conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, a úsáid chun athchóirithe a dhéanamh ar fud an stoic phoiblí foirgneamh ina iomláine. Ba é an staidéar indéantachta a cheanglaítear faoi Airteagal 29(4) i gcás foirgnimh neamhchónaithe an rogha ionstraime chun an ceann inmharthana a roghnú ó na cásanna neamh-inmharthana. Tá bonn cirt le foirgnimh neamhchónaithe a chur faoi réir measúnú éigeantach ar a indéanta atá an chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh toisc go bhfuil forlámhas ag na foirgnimh sin sa stoc foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, agus dá bhféadfaí tithíocht shóisialta a eisiamh ó raon feidhme na hoibleagáide athchóirithe faoi Airteagal 6, ní bheadh an measúnú éigeantach infheidhme de facto maidir le tithíocht shóisialta phoiblí.

4.2.3.   Treoirlínte

D’fhéadfaí an measúnú indéantachta le haghaidh seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe a ionchorprú in uirlisí pleanála fadtéarmacha, amhail pleananna dícharbónaithe nó fuinnimh inbhuanaithe nach mór d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir (AE) 2023/1791. Ba cheart a áireamh sna pleananna sin anailís phunainne agus treochlár athchóiriúcháin don stoc foirgneamh poiblí, lena gcumhdófar ní hamháin athchóiriú domhain ach infheistíochtaí leanúnacha deisiúcháin agus feabhsúcháin freisin, de réir mar is gá le haghaidh na bhfoirgneamh aonair. Ar ndóigh, ba cheart é a bheith d’aidhm ag raon feidhme an treochláir athchóiriúcháin spriocanna beartais a bhaint amach maidir le coigilteas fuinnimh (Airteagal 5 de Threoir (AE) 2023/1791), ráta athchóirithe (Airteagal 6 de Threoir (AE) 2023/1791) agus laghduithe ar astaíochtaí. Ba cheart é sin a chomhtháthú freisin sna Pleananna Náisiúnta Athchóirithe Foirgneamh, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Athmhúnlú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh 2024/1275 (AE) (16) agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis.

Léirítear i bhFíor 1 conas a d’fhéadfadh treochlár athchóiriúcháin a bheith ina bhonn don mheasúnú indéantachta le haghaidh seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe. Sa chéad chéim, b’fhéidir gur mhaith leis an gcomhlacht poiblí cur chun feidhme inmheánach a chur i bhfeidhm trí ghnáth chonradh seirbhísí agus oibreacha, a éilíonn acmhainní airgeadais agus foirne inmheánaí leordhóthanacha. . Mar sin féin, bíonn go leor comhlachtaí poiblí thíos le heaspa acmhainní daonna, le scrogaill eagrúcháin agus le srianta airgeadais, rud a fhágann go ginearálta go mbíonn sé deacair (nó dodhéanta fiú) orthu liosta iomlán na dtionscadal athchóiriúcháin a chur chun feidhme lena n-acmhainní féin. Sa chomhthéacs sin, ní hamháin gur saineolaithe sa roinn pleanála iad acmhainní pearsanra, ach is saineolaithe iad freisin maidir le hoibriú agus cothabháil optamach foirgneamh d’fhonn an coigilteas fuinnimh atá beartaithe a bhaint amach sa chleachtas.

Fíor 1

Measúnú indéantachta do thionscadail seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe bunaithe ar phleanáil athchóirithe fhadtéarmach

Image 1

Ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh sa mheasúnú ar a indéanta atá an chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh:

saintréithe an fhoirgnimh agus go háirithe a thomhaltas fuinnimh (agus leibhéil astaíochtaí GCT más rud é gur cheart iad sin a chumhdach leis an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh) agus coinníollacha maidir le soláthar fuinnimh (amhail comhaontú ceannaigh cumhachta, más ann do cheann). Ba cheart an coigilteas fuinnimh féideartha a bheith leordhóthanach chun an conradh a dhéanamh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus chun údar cuí a thabhairt leis na hinfheistíochtaí;

na saintréithe athchóirithe (cuspóirí, riachtanais, srianta buiséid, creat ama) agus go sonrach má tá an t-athchóiriú atá beartaithe gan bearta caomhnaithe fuinnimh ar dtús (mar shampla, aghaidh an fhoighnimh a athphéinteáil), ós rud é gur deis iad na hathchóirithe sin chun an fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh a fheabhsú (mar shampla, insliú a fheabhsú);

ceapadh an pháirtí ábhartha (seachtrach nó inmheánach) chun an measúnú indéantachta a dhéanamh.

Ar an iomlán, is annamh a bhíonn cásanna ann ina ndéanfaí úsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh a eisiamh go hiomlán, go príomha mar gheall ar bhacainní nós imeachta, mar shampla, i nósanna imeachta tairisceana (mar sin féin, ba cheart bacainní den sórt sin a bhaint de réir a chéile ar bhonn Airteagal 29(6), pointe (b), de Threoir (AE) 2023/1791) nó neamhaibíocht an mhargaidh, nithe a fhágann nach mbíonn tairiscint nó glao ar thionscadail rathúil mar gheall air easpa soláthraithe conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh a bheith ar an margadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh castacht an tionscadail agus tréimhse aisíoca fhada (mar shampla, i gcás athchóiriú domhain go dtí an leibhéal foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh) a bheith ina mbacainn freisin ar úsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh.

Is éard atá sa díspreagadh i nósanna imeachta tairisceana do sholáthraithe seirbhísí conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh, a thuairiscigh rannpháirtithe sa mhargadh go minic, an fhaisnéis neamhleor a áirítear i sonraíochtaí tairisceana a chuirfeadh ar a gcumas do na tairgeoirí tairiscintí a chur isteach. Go deimhin, chun conradh feidhmíochta fuinnimh a fhorbairt, is gá mionanailís a dhéanamh ar an bhfoirgneamh lena mbaineann agus ar a úsáidí fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart dóthain ama agus daonchumhachta saineolaithe a bheith beartaithe chun na doiciméid soláthair a ullmhú, agus ba cheart dul i muinín saineolaithe seachtracha nó ceannach comhpháirteach (mar shampla, Comhlachtaí Lárnacha Ceannaigh a úsáid) nuair is gá.

Cé nach bhfuil aon chritéar eisiaimh teicniúil ná eacnamaíoch ann maidir leis an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid chun foirgnimh phoiblí a athchóiriú, d’fhéadfaí na treoircheisteanna seo a leanas go háirithe a áireamh sa mheasúnú indéantachta:

an bhfuil an tionscadal athchóiriúcháin mór go leor? Le seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe tá gá le híosluach conarthach áirithe nó dearbhchoigilteas fuinnimh mór ionas go bhféadfaí na costais uile, lena n-áirítear na costais idirbhirt, a chumhdach le coigilteas costais (17). mar gur gá do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh ní hamháin costas an tionscadail a chumhdach, ach ní mór dóibh costas tairisceana agus costas idirbhirt eile ó na hioncaim a bhfuil coinne leo a chumhdach freisin;

an féidir tionscadail athchóiriúcháin a chuachadh a mheastar ar dtús a bheith ar scála róbheag? Má dhéantar athchóirithe beaga neamhspleácha a chuachadh, d’fhéadfaidís a bheith tarraingteach do thionscadail seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe. Is iondúil go mbíonn sé níos éasca tionscadail a chuachadh más leis an úinéir céanna na foirgnimh nó na saoráidí, má tá siad i ngarchomharsanacht, agus má tá an struchtúr úsáide comhchosúil (mar shampla, scoileanna);

an meastar go n-úsáidfidh an comhlacht poiblí an foirgneamh nó an tsaoráid ar feadh fhad beartaithe iomlán an chonartha? Is éard atá i gceist le conradh feidhmíochta fuinnimh seirbhís thar roinnt blianta (18) a chuireann soláthraí seirbhíse fuinnimh ar fáil a bhaineann le foirgneamh nó saoráid amháin nó níos mó, agus is minic a bhíonn sé míbhuntáisteach don chustaiméir an conradh a fhoirceannadh roimh am;

an bhfuil conradh oibríochta agus cothabhála bactha ann le haghaidh an fhoirgnimh? I gconarthaí feidhmíochta fuinnimh, is iondúil go mbíonn oibriú agus cothabháil córas foirgneamh ina gcuid den phacáiste seirbhíse agus faoi fhreagracht soláthraithe seirbhíse fuinnimh. Más ann do chonradh fadtéarmach oibríochta agus cothabhála le soláthraí seirbhíse eile nach féidir a fhoirceannadh, is léir ón taithí a fuarthas go mbeadh sé an-deacair teorainneacha soiléire a leagan síos idir an dá sholáthraí seirbhíse, rud a d’fhéadfadh cur chun feidhme an tionscadail seirbhísí fuinnimh a dhéanamh níos casta;

an bhfuil modheolaíochtaí tomhais agus fíorúcháin ar fáil agus an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm ar chostas réasúnta? Teastaíonn iarracht shuntasach ó sheirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe chun an fheidhmíocht a thomhas nó a mheas (19) trí mhodheolaíochtaí tomhais agus fíorúcháin, ós rud é go bhfuil an luach saothair ag brath ar an bhfeidhmíocht thomhaiste. Ba cheart an costas tomhais agus fíorúcháin a bheith réasúnta i gcomhréir leis an gcoigilteas costais is féidir a bhaint amach nó le hioncaim eile an tionscadail (20).

Sa bhreis ar na ceisteanna indéantachta a luaitear thuas i bpointí (a) go (e), atá fíor-riachtanach i bhformhór na gcásanna chun seirbhís fuinnimh feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, tá roinnt tosca srianta eile ann Ní fhágann na tosca sin go bhfuil sé dodhéanta go bunúsach tionscadal seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, ach ní mór na tosca sin a chur san áireamh. Níor cheart iad a úsáid mar chritéir eisiaimh sa mheasúnú indéantachta, ach féadfar iad a chur i bhfeidhm mar pharaiméadair fhorlíontacha chun measúnú réalaíoch a dhéanamh ar an staid fhoriomlán. Is iad seo a leanas na fachtóirí srianta is mó:

athchóiriú domhain: níor cuireadh athchóiriú domhain chun feidhme ach i gcás líon beag tionscadal go dtí seo mar chuid de sheirbhís fuinnimh fheidhmíochtbhunaithe. Is féidir é sin a mhíniú toisc go n-éilítear leis na costais infheistíochta níos airde tréimhsí conartha níos faide ná 15 bliana de ghnáth Ina theannta sin, is minic a dhéantar tionscadail athchóirithe dhomhain a chur le chéile le fóirdheontais infheistíochta, agus d’fhéadfadh rochtain ar fhóirdheontais infheistíochta a bheith níos casta i gcás tionscadail seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe ná i gcás cur chun feidhme inmheánach (21). Chun an bhacainn sin a shárú, d’fhéadfadh na sásraí maoiniúcháin lenar féidir fóirdheontais phoiblí a chumasc le maoiniú príobháideach a bheith ina rogha spéisiúil, go háirithe chun an riosca breise a bhaineann leis an gconradh ráthaíochta feidhmíochta fadtéarmaí a chumhdach, riosca a d’fhéadfadh sé nach mbeadh an earnáil phríobháideach toilteanach é a chumhdach. Le cistiú an Bheartais Chomhtháthaithe is féidir deontais agus ionstraimí airgeadais a úsáid le chéile chun tacú le húsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh le haghaidh athchóiriú domhain. An bhileog eolais fi-compass maidir le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme trí Chonraitheoireacht um Fheidhmíocht Fuinnimh le hIonstraimí Airgeadais Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) sa Pholainn (22), tá sí infheidhme den chuid is mó freisin i mBallstáit eile agus tá sí ábhartha maidir le cineálacha éagsúla foirgneamh, lena n-áirítear foirgnimh phoiblí, foirgnimh a úsáidtear ar bhonn tráchtála nó foirgnimh chónaithe ilárasán;

Nóta Treorach Eurostat a chomhlíonadh  (23) : mura gcomhlíonann tionscadal seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe na ceanglais i Nóta Treorach Eurostat maidir le conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais, d’fhéadfadh an tionscadal a bheith oiriúnach mar sin féin, ach cailltear an buntáiste nach bhfuil an infheistíocht inchurtha i leith fiachas rialtais, nó inchurtha go hiomlán i leith fiachas rialtais agus cailltear an t-easnamh (24).

Ar an iomlán, leis an measúnú indéantachta ba cheart a bheith in ann scagadh a dhéanamh ar na cásanna sin ina bhfágann na coinníollacha teicniúla tosaigh nó an leagan amach institiúideach go bhfuil cur chun feidhme tionscadal seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe ina mhíbhuntáiste ó thaobh na heacnamaíochta de. Níor mhór tionscadail athchóiriúcháin nach n-éiríonn leo sa mheasúnú indéantachta a chur i gcrích trí chur chun feidhme inmheánach, is é sin le rá trí sholáthar traidisiúnta conartha foirgníochta nó oibreacha athchóirithe a úsáid. Dá réir sin, féadfar tionscadail a beartaíodh ar dtús lena gcur chun feidhme go hinmheánach a athshannadh anois lena gcur chun feidhme agus úsáid á baint as seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe. I gcás tionscadail athchóiriúcháin ar éirigh leo sa mheasúnú indéantachta – mar atá tionscadail atá mór go leor, ar tionscadail neamhspleácha iad nó cuach tionscadal, a bhfuil tréimhsí úsáide beartaithe leordhóthanacha acu, nach bhfuil aon chonradh leanúnach oibríochta agus cothabhála bactha ag gabháil leo, agus ar féidir modhanna seanbhunaithe tomhais agus fíorúcháin a chur i bhfeidhm ina leith – ba cheart don chomhlacht poiblí tionscadal seirbhísí fuinnimh iomchuí a ullmhú ina leith agus é a sholáthar i gcomhréir leis na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme (25). Mura bhfaigheann an soláthar tairiscintí sásúla ó sholáthraithe seirbhíse fuinnimh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an tseirbhís fuinnimh indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gurb é an chúis nach bhfuarthas tairiscintí sásúla gur dearadh raon feidhme an tionscadail seirbhísí fuinnimh ar bhealach míchuí, nó nach raibh acmhainneachtaí leordhóthanacha ag soláthraithe seirbhísí fuinnimh ionchasacha sa réigiún ar leith nó ag am ar leith. Chun an riosca sin a mhaolú, tá na Ballstáit le samhailchonarthaí a mholadh de bhun Airteagal 295, pointe (a), agus moltar dóibh na nósanna imeachta soláthair a oiriúnú chun rath na bpróiseas tairisceana a mhéadú.

4.3.   Samhailchonarthaí maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh

4.3.1.   Creat dlíthiúil

Le hAirteagal 29(5), pointe (a), ceanglaítear ar na Ballstáit samhailchonarthaí a sholáthar maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh san earnáil phoiblí. Sa bhreis ar na caighdeáin ábhartha agus na treoirlínte tairisceana atá ar fáil, cuirfear san áireamh i samhailchonarthaí Nóta Treorach Eurostat maidir le conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais go háirithe (26).

4.3.2.   Treoirlínte

I Nóta Treorach Eurostat maidir le Conarthaí Feidhmíochta Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais, mínítear conas ba cheart feidhm a bheith ag rialacha an Chórais Eorpaigh Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach (CEC 2010 (27)) maidir le conarthaí feidhmíochta fuinnimh. Tugann sé deis d’údaráis phoiblí infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht, saineolas agus maoiniú na hearnála príobháidí gan tionchar diúltach a imirt ar chuntais phoiblí. Chun na críche sin, liostaítear ann na coinníollacha faoinar féidir conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh lasmuigh de chláir chomhardaithe rialtais. Is iad seo a leanas na coinníollacha is tábhachtaí:

ba cheart gurb é an soláthraí seirbhísí fuinnimh a sheasfadh formhór na rioscaí agus a gheobhadh luaíochtaí a bhaineann le húsáid na sócmhainní na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus go háirithe na rioscaí feidhmíochta, cothabhála agus athchóirithe, ionas go measfar go bhfuil na sócmhainní foluiteacha fós faoi úinéireacht eacnamaíoch an tsoláthraí seirbhísí fuinnimh;

níl ach infheistíocht chaipitil as a dtagann coigilteas fuinnimh agus go pointe áirithe giniúint fuinnimh in-athnuaite incháilithe le bheith taifeadta lasmuigh de chláir chomhardaithe rialtais.

ba cheart an infheistíocht chaipitil a fhritháireamh go hiomlán le coigilteas a bhaineann go docht le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, ach níor cheart coigilteas eile a chur san áireamh (mar shampla, coigilteas costas pearsanra).

Go ginearálta, tá tionchar dearfach ag Nóta Treorach Eurostat ar nuashonrú maidir le conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh san earnáil phoiblí, toisc go gceadaítear leis roinnt tionscadal ESCO a chlárú lasmuigh den chlár comhardaithe i gcuntais phoiblí. Mar sin féin, is féidir le roinnt coinníollacha a liostaítear thuas teorainn a chur leis an bhféidearthacht infheistíochtaí poiblí a fháil, ar infheistíochtaí poiblí iad a thaifeadtar lasmuigh de chláir chomhardaithe rialtais. Go háirithe i gcás tionscadail athchóirithe dhomhain, níl sé éasca na coinníollacha a chomhlíonadh mar gheall ar an ngá atá le fad sách fada an chonartha feidhmíochta fuinnimh. Féadfar maoiniú ó chláir agus infheistíochtaí Eorpacha, amhail CFRE nó an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a asbhaint ón infheistíocht chaipitiúil agus an infheistíocht chaipitiúil in aghaidh coigiltis á ríomh. Dá bhforbrófaí samhailchonarthaí le haghaidh úsáid na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh san earnáil phoiblí lena n-áiritheofaí comhlíonadh threoir Eurostat, d’fhéadfaí cuidiú leis an mbacainn sin a shárú.

Agus na samhailchonarthaí atá i gcomhréir le Nóta Treorach Eurostat á bhforbairt agus á soláthar, moltar do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na gnéithe seo a leanas mar a leagtar amach i dTreoirleabhar Eurostat-BEI (28):

ba cheart baint dhíreach a bheith ag na hoifigí staidrimh náisiúnta le samhailchonarthaí a fhorbairt, ós rud é gurb iadsan atá freagrach as cuntais phoiblí a thuairisciú do Eurostat. Tá sé tábhachtach go mbeidh na daoine atá freagrach sna hoifigí staidrimh náisiúnta ar an eolas faoi príomhthréithe agus faoi fheidhmeanna praiticiúla na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe eile;

leis an samhailchonradh ba cheart an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil le Nóta Treorach Eurostat, chun gur féidir é a chur i bhfeidhm go praiticiúil ar an scála is mó is féidir. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas go háirithe: coinníollacha conarthacha maidir le cothabháil agus deisiú a mhionsaothrú, lena n-aistrítear an riosca infheistíochta chuig an soláthraí seirbhíse fuinnimh ach nach ndéanann difear míchuí d’inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail trí chostais bhreise a fhorchur; tréimhsí conartha fadtéarmacha a chumasú chun athchóiriú domhain a athmhaoiniú ó choigilteas fuinnimh; an fhéidearthacht an tionscadal seirbhísí fuinnimh a chumasc le fóirdheontais phoiblí, mar shampla i bhfoirm deontas nó ionstraimí airgeadais (29), i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair;

ní gá gur conradh lándhréachtaithe a bheadh i samhailchonradh; ina ionad sin, ba cheart a chumhdach leis foirmliú na ngnéithe sin den chonradh atá ríthábhachtach i gcomhthéacs na cuntasaíochta lasmuigh den chlár comhardaithe nó laistigh de ar infheistíocht sa chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, agus is féidir le codanna eile a bheith solúbtha i gcónaí.

4.4.   Conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe

4.4.1.   Creat dlíthiúil

Le hAirteagal 29(4), an dara fomhír, foráiltear go bhféadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a spreagadh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a chur le chéile le seirbhísí fuinnimh leathnaithe lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil.

Leis an bhforáil sin, iarrtar ar na Ballstáit na comhlachtaí poiblí a spreagadh chun forbairt an mhargaidh a spreagadh i dtreo gnéithe solúbthachta ó thaobh an éilimh de a chur le chéile, amhail seirbhísí freagartha don éileamh agus tionscadail seirbhísí fuinnimh.

4.4.2.   Treoirlínte

Rogha amháin chun Airteagal 29(4), an dara fomhír, a chur chun feidhme is ea an fhéidearthacht a chruthú go mbeadh míreanna tairisceana roghnacha i dtairiscintí seirbhíse poiblí fuinnimh, rud a thabharfadh an deis do thairgeoirí seirbhísí freagartha don éileamh a chomhtháthú ina dtairiscint.

Ar an gcaoi sin, ní hamháin go rannchuideodh tionscadail seirbhíse fuinnimh le héifeachtúlacht fuinnimh níos fearr, ach le córas leictreachais níos éifeachtúla freisin lena bhféadfaí táirgeadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú ar bhealach níos fearr trí sholúbthacht ó thaobh an éilimh de a mhéadú. Thabharfadh sé sin sruthanna ioncaim breise do sholáthraithe seirbhíse, d’fhorbródh sé margaí solúbthachta ar thaobh an éilimh agus sholáthródh sé tairbhí níos leithne don earnáil phoiblí agus don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear do phobail áitiúla (30). Le tionscadail éagsúla arna gcistiú ag an Aontas fiosraíodh an treo sin maidir le forbairt gnó, agus d’fhéadfaí a dtorthaí agus an méid a fuarthas amach leo a chur san áireamh agus aghaidh á tabhairt ar chur chun feidhme na forála sin (31).

5.   OIBLEAGÁIDÍ A BHAINEANN LE BACAINNÍ RIALÁLA AGUS NEAMHRIALÁLA A BHAINT

5.1.   Creat dlíthiúil

Le hAirteagal 29(6), pointe (b), ceanglaíodh ar na Ballstáit tacú le feidhmiú cuí na margaí seirbhísí fuinnimh trí bhacainní rialála agus neamhrialála a bhaint. Thairis sin, de bhun Airteagal 29(8), áiritheoidh na Ballstáit go staonfaidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola ó aon ghníomhaíocht lena gcuirtear bac ar sholáthar seirbhísí fuinnimh.

5.2.   Treoirlínte

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní a chuireann bac ar fhorbairt dhearfach na margaí seirbhísí fuinnimh, moltar go láidir do na Ballstáit grinnanailís mhargaidh a dhéanamh ina mbeidh geallsealbhóirí ó dheighleoga éagsúla de chuid an mhargaidh rannpháirteach, lena n-áirítear tomhaltóirí fuinnimh (poiblí, príobháideacha, FBManna, cónaithe, etc.), soláthraithe seirbhíse fuinnimh, institiúidí maoiniúcháin agus éascaitheoirí margaidh. Leis an anailís sin sholáthrófaí bonn láidir chun na hionstraimí beartais is iomchuí agus is tairbhiúla a bhunú chun margaí seirbhísí fuinnimh a fheabhsú. (32)

6.   CEANGLAIS MAIDIR LE PLEANÁIL AGUS TUAIRISCIÚ

6.1.   Na forálacha is infheidhme maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a nuashonrú

Le hAirteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), ceanglaítear ar na Ballstáit nuashonrú a dhéanamh ar a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) is déanaí ar tugadh fógra faoi a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024, agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin. Le hAirteagal 14(1) den Rialachán sin ceanglaítear ar na Ballstáit dréacht-nuashonrú ar a PNFA a sholáthar i gcónaí bliain roimh an sprioc-am in Airteagal 14(2).

Tagraítear do na ceanglais phleanála maidir le seirbhísí fuinnimh in Iarscríbhinn I, cuid 1, Roinn A, pointe 3.2. (iii) a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Ba cheart a chuimsiú leis an bhfaisnéis ábhartha atá le háireamh in PNFA a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791 tuairisc ar bheartas agus ar bhearta chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn san earnáil phoiblí mar aon le bearta chun deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar ghlacadh na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile.

6.2.   Tuairisciú ar dhul chun cinn

6.2.1.   Creat dlíthiúil

Leagtar síos na ceanglais tuairiscithe maidir le beartais agus bearta chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn in Airteagal 21, pointe (b)(5), agus in Iarscríbhinn IX, Cuid 2, pointí (a) agus (k) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Le hAirteagal 21, pointe (b)(5), de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit beartas agus bearta a áireamh sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn san earnáil phoiblí mar aon le bearta chun deireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar ghlacadh na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus samhlacha seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh eile.

6.2.2.   Treoirlínte

I gcomhréir le hIarscríbhinn IX, Cuid 2, pointí (a) agus (k) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhar le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791, ba cheart na gnéithe seo a leanas a áireamh san fhaisnéis ábhartha atá le háireamh sna tuarascálacha náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 29:

bearta beartais chun feabhas a chur ar thrédhearcacht fhoriomlán na margaí seirbhísí fuinnimh de bhun Airteagal 29(1), (3) agus (6) de Threoir (AE) 2023/1791, agus go háirithe, an nasc idirlín chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil liosta nó comhéadan na soláthraithe seirbhísí fuinnimh atá cáilithe nó deimhnithe agus a gcáilíochtaí nó a ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 28 den Treoir sin;

infhaighteacht lipéad cáilíochta [Airteagal 29(2) de Threoir (AE) 2023/1791] agus an úsáid iarbhír a bhaineann soláthraithe seirbhísí fuinnimh astu (an líon soláthraithe seirbhíse lipéadaithe);

infhaighteacht samhailchonarthaí le haghaidh comhlachtaí poiblí atá i gcomhréir le Nóta Treorach Eurostat maidir le Conarthaí Feidhmíochta Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais, agus samplaí de na samhailchonarthaí sin (nó i gcás ina bhfuil siad ar fáil go poiblí);

bunachar sonraí poiblí le haghaidh tionscadail seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe atá curtha chun feidhme agus leanúnach chomh maith le samplaí dea-chleachtais roghnaithe san earnáil phoiblí. Ina theannta sin, d’fhéadfaí samplaí dea-chleachtais ón earnáil phríobháideach a chur san áireamh, má tá an fhaisnéis ábhartha ar fáil nó más féidir í a bhailiú go héasca;

bearta beartais a ghlactar chun an measúnú indéantachta ar sheirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe le haghaidh tionscadail athchóiriúcháin comhlachtaí poiblí a áirithiú.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa tuairisciú:

bearta eile a rinneadh, más ábhartha, mar shampla bearta a bhaineann le bacainní rialála nó neamhrialála a bhaint nó bearta lenar fheidhmigh an Ballstát a lánrogha de bhun Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791;

táscairí foriomlána a bhaineann le forbairt an mhargaidh seirbhísí fuinnimh, amhail an líon soláthraithe seirbhísí fuinnimh (gníomhacha), luachanna conartha bliantúla iomlána, etc.


(1)  Tá roinnt faisnéise ar fáil ag https://e3p.jrc.ec.europa.eu/node/190 agus sa tuarascáil: https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC118815

(2)  Is féidir féachaint ar liosta na samplaí de bhacainní anseo: https://doi.org/10.1016/j.enpol.2017.04.023

(3)  Meastar go ginearálta go bhfuil easpa trédhearcachta sa mhargadh ar cheann de na príomhbhacainní ar fhorbairt seirbhísí fuinnimh ar fud na mBallstát. I suirbhé a rinneadh in 2019 mar chuid de QualitEE, tionscadal de chuid an Aontais, shainaithin 55 % de na freagróirí castacht an choincheapa, chomh maith leis an easpa faisnéise, mar phríomhbhacainní lena gcuirtear cosc ar chliaint conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a úsáid. Tá na torthaí comhchosúil i gcás mhargadh an tsoláthair fuinnimh, ar luaigh 52 % de na freagróirí ina leith gurb í an easpa faisnéise an phríomhbhacainn ar fheabhsú an mhargaidh (an tionscadal QualitEE, Driving Investment in Energy Efficiency Services Through Quality Assurance [Infheistíocht i Seirbhísí Éifeachtúlachta Fuinnimh a Spreagadh trí Dhearbhú Cáilíochta], Tuarascáil Chríochnaitheach, mí na Nollag 2020). Áirítear sa suirbhé torthaí ó na tíortha seo a leanas: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe.

(4)  Bleyl J. W. et al., 2014a: ESCo Project and Market Development: A Role for ‘Facilitators’ to Play, Including national perspectives of Task 16 experts, IEA DSM Task 16 [Forbairt Tionscadail agus Margaidh ESCO: Ról is féidir le ‘hÉascaitheoirí’ a imirt, agus peirspictíochtaí náisiúnta shaineolaithe Thasc 16 san áireamh’, Tasc 16 IEA DSM].

(5)   https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC133984

(6)  Deimhnítear an tábhacht a bhaineann le rochtain éasca ar sheirbhísí éascaíochta chun margaí seirbhísí fuinnimh a fhorbairt le taithí roinnt tíortha den Aontas (e.g., an Ostair, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an tSlóivéin, agus an Spáinn). Faoi láthair, is iad na gníomhaireachtaí fuinnimh den chuid is mó ar an leibhéal réigiúnach, áitiúil agus náisiúnta a ghníomhaíonn mar éascaitheoirí, in éineacht le comhairleoirí beaga éifeachtúlachta fuinnimh, cuideachtaí iniúchóireachta fuinnimh, nó roinnt comhairleoirí dlí, a thairgeann codanna dá seirbhísí i gcomhar le comhairleoirí seirbhísí fuinnimh a bhfuil taithí acu.

(7)  tá tuilleadh faisnéise le fáil anseo: https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC124675

(8)  Léiríodh leis an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh gur bealach maith iad deontais cúnaimh theicniúil le haghaidh seirbhísí éascaíochta chun bacainní forbartha tionscadail a shárú, bacainní atá thar a bheith criticiúil sa chéim réamhinfheistíochta. Moltar, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit macasamhlú ar chur chuige na Saoráide Eorpaí um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh Áirítear treoir mhionsonraithe a bhaineann le hionstraimí maoiniúcháin agus cúnamh teicniúil atá le háirithiú ag na Ballstáit sa Mholadh maidir le hAirteagal 30 (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32023H01553)

(9)  agus (5) maidir le ról na gcomhlachtaí poiblí a bhaineann le spreagadh na margaí seirbhísí fuinnimh sna Ballstáit.

(10)  Is iad seo a leanas na caighdeáin is ábhartha maidir le dearbhú cáilíochta agus cáilíocht na seirbhísí fuinnimh agus soláthraithe seirbhíse fuinnimh: EN 17669:2022 (Conarthaí feidhmíochta fuinnimh – Íoscheanglais); IPMVP (International Performance Measurement and Verification Protocol [Prótacal Idirnáisiúnta maidir le Tomhas agus Fíorú Feidhmíochta]) agus ISO 50046 (tomhas agus fíorú coigiltis fuinnimh); EN 16247-1 agus ISO 50002 (caighdeáin cháilíochta maidir le hiniúchóireacht fuinnimh);

(11)  Léirítear i suirbhé a cuireadh chun feidhme faoi chuimsiú an tionscadail QualitEE in 2019 go measann 55 % de na geallsealbhóirí go bhfuil easpa iontaoibhe i dtionscal soláthraithe na seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh ina bac mór ar chur i bhfeidhm praiticiúil na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh. De réir an tsuirbhé chéanna, tá formhór na bhfreagróirí den tuairim go bhféadfadh tuilleadh faisnéise agus cáilíocht níos airde seirbhísí iontaoibh an chliaint a mhéadú agus, dá bhrí sin, an t-éileamh a mhéadú. Ar an iomlán thacaigh na geallsealbhóirí a cuireadh faoi agallamh leis an smaoineamh córais dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an easpa iontaoibhe dhealraitheach i soláthraithe seirbhíse a shárú mar aon le héileamh íseal ó chustaiméirí. (an tionscadal QualitEE, Driving Investment in Energy Efficiency Services Through Quality Assurance [Infheistíocht i Seirbhísí Éifeachtúlachta Fuinnimh a Spreagadh trí Dhearbhú Cáilíochta], Tuarascáil Chríochnaitheach, mí na Nollag 2020). Áirítear sa suirbhé torthaí ó na tíortha seo a leanas: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe.

(12)  Is beag taithí eimpíreach atá ann ar thionchar na lipéad cáilíochta ar mhargaí seirbhísí fuinnimh. Tá forléargas ar na hiarrachtaí i dtíortha éagsúla lipéid cháilíochta a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí fuinnimh nó le haghaidh soláthraithe seirbhíse fuinnimh le fáil i dtuarascálacha tíre ón tionscadal QualitEE: https://qualitee.eu/publications/business-cases-for-national-quality-assurance-schemes-for-energy-efficiency-services/.

(13)  D’fhéadfadh forbairt na gcritéar cáilíochta le haghaidh seirbhísí fuinnimh a bheith bunaithe ar an mbunobair fhairsing ghaolmhar atá forbartha cheana féin i dtionscadail éagsúla de chuid an Aontais, amhail an tionscadal QualitEE, Guidelines for European Technical Quality Criteria for Energy Efficiency Services [Treoirlínte maidir le Critéir Cháilíochta Teicniúla Eorpacha le haghaidh Seirbhísí Éifeachtúlachta Fuinnimh], mí an Mhárta 2020, https://qualitee.eu/publications/guidelines-of-european-quality-criteria/.

(14)  Tá tuairisc mhionsonraithe ar théarma na gcomhlachtaí poiblí sa Nóta Treorach maidir le hAirteagal 5.

(15)  Nóta Treorach Eurostat, Conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais: https://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/7959867/Eurostat-Guidance-Note-Recording-Energy-Perform-Contracts-Gov-Accounts.pdf/.

(16)  Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).

(17)  Ní íosluach conarthach beacht le haghaidh seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe atá i gceist leis seo. Go sonrach i gcás conarthaí feidhmíochta fuinnimh, uaireanta tuairiscítear raon íosta idir EUR 300 000 agus EUR 500 000. Is éard atá sa luach conarthach suim fhoriomlán na n-íocaíochtaí luacha saothair leis an soláthraí seirbhíse fuinnimh thar thréimhse iomlán an chonartha, agus dá bhrí sin braitheann sé ar mhéid na híocaíochta bliantúla ar thaobh amháin, agus ar fhad an chonartha ar an taobh eile. Go pointe áirithe, is féidir an t-íosluach conarthach a dhíorthú ón mbille fuinnimh iomlán atá ag an gcliant faoi láthair, a luaitear méideanna EUR 200 000 go EUR 300 000 ar a laghad ina leith arís agus arís eile.

(18)  Bíonn na téarmaí conartha idir 7 agus 15 bliana de ghnáth. I gcásanna aonair, áfach, tá tionscadail lena mbaineann téarmaí conartha i bhfad níos faide suas le 30 bliain curtha chun feidhme cheana, go háirithe i dtaca le tionscadail athchóirithe dhomhain.

(19)  I gconarthaí feidhmíochta fuinnimh, is é an critéar feidhmíochta is tábhachtaí an coigilteas fuinnimh a bhaintear amach.

(20)  Tá roinnt samplaí ann ina bhféadfadh na modheolaíochtaí tomhais agus fíorúcháin atá ar fáil a bheith deacair a chur i bhfeidhm nó an-chostasach i gcomparáid leis an méid conarthach foriomlán, amhail tionscadail athchóiriúcháin i bhfoirgnimh an-chasta (e.g., ospidéil) nó i dtionscadail ina bhfuil difríocht mhór idir an úsáid tar éis an athchóirithe agus an úsáid roimh an athchóiriú. Mar sin féin, ní ann do riail ghinearálta don mheasúnú sin, mar sin ba cheart do shaineolaí cáilithe measúnú cás ar chás a dhéanamh.

(21)  Tá roinnt samplaí ann, áfach, inar cuireadh seirbhísí fuinnimh feidhmíochtbhunaithe i bhfeidhm le haghaidh athchóiriú domhain, agus fóirdheontais infheistíochta i gceist freisin i gcásanna áirithe (cf. REFINE-project, Tuarascáil Chríochnaitheach, mí an Mheithimh 2023, lch. 29 ff, https://refineproject.eu/refine-publications/).

(22)   Implementing Energy Efficiency projects via Energy Performance Contracting with support from ERDF financial instruments in Poland [Tionscadail Éifeachtúlachta Fuinnimh a Chur Chun Feidhme trí Chonraitheoireacht um Fheidhmíocht Fuinnimh le tacaíocht ó ionstraimí airgeadais CFRE sa Pholainn], https://www.fi-compass.eu/sites/default/files/publications/EPC_ERDF_Factsheet_RTW.pdf/.

(23)  Nóta Treorach Eurostat, http://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/7959867/Eurostat-Guidance-Note-Recording-Energy-Perform-Contracts-Gov-Accounts.pdf/.

(24)  Áirítear cur i láthair níos mionsonraithe ar ábharthacht Nóta Treorach Eurostat i roinn 4.2.3., ina dtagraítear do na foinsí is tábhachtaí freisin.

(25)  Ullmhaíodh treoirlínte maidir le soláthar poiblí tionscadal seirbhísí fuinnimh i roinnt tionscadal Aontais, mar shampla an tionscadal QualitEE, Lámhleabhar soláthair le haghaidh seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh, mí na Samhna 2019: https://qualitee.eu/publications/procurement-handbook-for-energy-efficiency-services/.

(26)  Nóta Treorach Eurostat, https://ec.europa.eu/eurostat/documents/1015035/7959867/Eurostat-Guidance-Note-Recording-Energy-Perform-Contracts-Gov-Accounts.pdf/.

(27)  Córas cuntas Eorpach – CCE 2010: https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-manuals-and-guidelines/-/ks-02-13-269

(28)  an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (i gcomhar le Eurostat), Treoir maidir le Láimhseáil Staidrimh na gConarthaí Feidhmíochta Fuinnimh, mí na Bealtaine 2018.

(29)  Chun dhá shampla a thabhairt maidir leis na cineálacha cur chuige a d’fhéadfadh a bheith ann: De réir Eurostat, i gcás na cuntasaíochta lasmuigh den chlár comhardaithe, ní mór an luach saothair don soláthraí seirbhíse fuinnimh a bheith ag brath ar an gcoigilteas fuinnimh a bhaintear amach, agus ar an gcaoi sin ní mór é a bheith solúbtha. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, nach féidir an luach saothair a roinnt ina chuid sheasta den chaiteachas caipitiúil in éineacht le cuid sholúbtha den chostas oibriúcháin, fad a ráthaítear an tráth céanna go gcúitíonn an soláthraí seirbhíse fuinnimh an custaiméir ina iomláine as easnamh feidhmíochta, toisc go n-áirithítear fós, ar an mbealach sin, go n-aistrítear an úinéireacht eacnamaíoch chuig an soláthraí seirbhíse fuinnimh. Chomh maith leis sin, leis an gceanglas nach mór don soláthraí seirbhíse fuinnimh cothabháil agus deisiú fadtéarmach na n-infheistíochtaí a dhéanamh, áiritheofar aistriú iomlán na húinéireachta eacnamaíche. Ní eisiatar leis sin, áfach, go gcúitítear cuid den chostas lena mbaineann sa chuid sheasta den chaiteachas caipitiúil den luach saothair.

(30)  Saviuc, I., Lopez, C., Puskas, A., Rollert, K. agus Bertoldi, P., 2022: Explicit Demand Response for small end-users and independent aggregators [Freagairt ar Éileamh Sainráite d’úsáideoirí deiridh beaga agus do chomhbhailitheoirí neamhspleácha], EUR 31190 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, ISBN 978-92-76-55850-7, doi:10.2760/625919, JRC129745.

(31)  Samplaí de thionscadail a mhaoinítear faoin gclár LIFE: INEXXanna (Samhlacha Seirbhísí Nuálacha um Éifeachtúlacht Fuinnimh le haghaidh Comhtháthú Earnála trí Blocshlabhra – coincheap luath a fhorbairt chun Gléasraí Fíorúla Cumhachta a chomhcheangal le seirbhísí ESCO); BungEES (pacáiste comhtháite seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh cliste a fhorbairt).

(32)  Sa mheasúnú is déanaí ón Aontas ar mhargaí na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh ar fud na mBallstát, léirítear léargas an-ilchineálach ar na bacainní is tábhachtaí maidir le glacadh na conraitheoireachta sin ar an margadh agus léiríodh freisin roinnt bacainní ar údar iontais iad do mhargaí seirbhísí fuinnimh ar fud na hEorpa. Mar shampla tugadh faoi deara, maidir le scéimeanna fóirdheontais, mura bhfuil siad deartha go hiomchuí, gur bacainní móra iad ar sholáthar seirbhísí fuinnimh. Go háirithe, tuairiscíodh é sin maidir le húsáid na deontas le haghaidh na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, réimse ina bhfuil an infhaighteacht mhéadaitheach deontas in iomaíocht leis an gconraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh cf. Moles-Grueso, S., Bertoldi, P. agus Boza-Kiss, B., Energy Performance Contracting in the EU – 2020-2021, [Conraitheoireacht um Fheidhmíocht Fuinnimh san Aontas – 2020-2021], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, doi:10.2760/751957, JRC133984.

(33)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2476/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top