This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024H0779
Commission Recommendation (EU) 2024/779 of 26 February 2024 on Secure and Resilient Submarine Cable Infrastructures
Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha
Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha
C/2024/1181
IO L, 2024/779, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/779/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/779 |
8.3.2024 |
MOLADH (AE) 2024/779 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Feabhra 2024
maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ár ngeilleagair agus ár sochaithe ag brath níos mó agus níos mó ar fheidhmiú an Idirlín agus na nascachta idirnáisiúnta chun digitiú iomaíoch an Aontais agus gheilleagar an Aontais a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, is gné thábhachtach é bonneagar cáblaí fomhuirí sa éiceachóras idirlín níos leithne chun ceannasacht dhigiteach na hEorpa a bhaint amach, ós rud é go n-iompraítear formhór mór na tráchta sonraí idirnáisiúnta trí cháblaí fomhuirí. Go leor oileán san Aontas, lena n-áirítear na trí Bhallstát oileánacha, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha agus críocha thar lear, tá siad ag brath go hiomlán nach mór ar cháblaí fomhuirí den sórt sin maidir le cumarsáid laistigh den Aontas. I gcomhthéacs reatha an riosca mhéadaithe agus na mbagairtí slándála eascairdiúla de dhéantús an duine, i bhfianaise chineál idirnasctha agus trasnáisiúnta na mbonneagar sin, tá aird ar leith á tabhairt ag rialtais i ngach réigiún domhanda ar a spleáchas féideartha ar cháblaí criticiúla, ós rud é go n-eascraíonn iarmhairtí an-tromchúiseach as cur isteach sistéamach agus forleathan ar néal cumarsáide cáblaí fomhuirí, i gcás ionsaithe comhordaithe. |
|
(2) |
Dheimhnigh na Ballstáit go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. I nGlao Nevers an 9 Márta 2022 (1), aithníodh an tábhacht straitéiseach a bhaineann le bonneagar criticiúil amhail líonraí teileachumarsáide agus seirbhísí digiteacha maidir le go leor feidhmeanna criticiúla inár sochaithe, agus gur príomhspriocanna iad le haghaidh cibirionsaithe. |
|
(3) |
Chun obair leantach a dhéanamh ar Ghlao Nevers, rinne an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), measúnú riosca ardleibhéil ar bhonneagair agus líonraí cumarsáide, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí. Leis an measúnú riosca sin, sainaithníodh gur príomhbhagairtí iad ionsaí fisiceach/sabaitéireacht ar cháblaí fomhuirí, agus ciorruithe cumhachta a dhéanann difear do cháblaí fomhuirí a bhíonn ag brath ar athsheoltóirí. Bunaithe ar na bagairtí sin agus ar roinnt leochaileachtaí a sainaithníodh, d’fhorbair na Ballstáit tacar cásanna riosca a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo ó thaobh an Aontais de. Áirítear orthu sin go háirithe an riosca go gcuirfeadh tríú tír isteach ar sholáthróir, ar sholáthraí seirbhísí slándála bainistithe nó ar cháblaí fomhuirí agus ar an riosca go ndéanfaí ionsaí fisiceach comhordaithe/sabaitéireacht ar bhonneagar digiteach, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí. |
|
(4) |
Sa Mholadh ón gComhairle i mí na Nollag 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (2)(‘an Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil’), leagtar amach gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh ullmhacht fheabhsaithe, freagairt fheabhsaithe agus comhar idirnáisiúnta. Díríonn na gníomhaíochtaí go sonrach ar bhonneagar criticiúil a bhfuil ábharthacht mhór trasteorann ag baint leis i bpríomhearnálacha sainaitheanta, amhail fuinneamh, iompar, spás agus bonneagar digiteach. |
|
(5) |
Sa Mholadh, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar cuimsitheach a dhéanamh maidir le hathléimneacht na gcáblaí cumarsáide fomhuirí agus dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus saineolaithe ábhartha maidir le bearta iomchuí i ndáil le teagmhais mhóra a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bonneagar fomhuirí. Tá staidéir déanta ag an gCoimisiún ina leith sin agus roinnfidh sé a gconclúidí leis na Ballstáit ar an leibhéal rúndachta is iomchuí. Féachann an Moladh seo le cur chun feidhme an Mholta maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil a chomhlánú agus tacú leis. |
|
(6) |
I dTeachtaireacht Chomhpháirteach mhí an Mheithimh 2023 maidir leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch (3), moladh go leanfaí de mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí do shlándáil fhisiciúil agus do chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022, agus sainaithníodh cáblaí fomhuirí mar bhonneagar criticiúil i gcomhthéacs na rioscaí sin. I dTuarascáil 2023 maidir le staid na Deacáide Digití (4), mhol an Coimisiún go ndéanfadh na Ballstáit ‘borradh a chur faoina n-iarrachtaí, lena n-áirítear trí na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo, lena áirithiú go bhfuil bonneagair dhigiteacha Eorpacha slán agus athléimneach, go háirithe bonneagar cnámh droma agus cáblaí fomhuirí.’ |
|
(7) |
Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Deireadh Fómhair 2023, cuireadh i dtábhacht ‘an gá atá le bearta éifeachtacha chun athléimneacht a neartú agus chun slándáil an bhonneagair chriticiúil a áirithiú’, agus ‘an tábhacht atá le cur chuige cuimsitheach comhordaithe’ á chur i dtábhacht ag an am céanna. I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí go dtabharfaidh an tAontas aghaidh ar na saincheisteanna sin go tapa. |
|
(8) |
Agus bearta á ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Mholta seo, i gcás inarb infheidhme agus i gcás inarb iomchuí, bheadh orthu gníomhú i gcomhréir leis na forálacha, na hoibleagáidí agus na sásraí ar leith a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (‘Treoir CCLE’), Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (‘an Dara Treoir NIS’) agus Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (‘Treoir CER’). |
|
(9) |
Leis an Dara Treoir NIS, a chuirtear in ionad na bhforálacha faoi seach faoi EECC, maidir le slándáil líonraí agus seirbhísí agus maidir lena gcur chun feidhme agus a bhforfheidhmiú (Airteagail 40 agus 41 de EECC), tugtar sainordú do na Ballstáit beartais a ghlacadh a bhaineann le hinfhaighteacht ghinearálta, sláine ghinearálta agus rúndacht ghinearálta chroí poiblí an Idirlín a choinneáil ar bun, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cibearshlándáil cáblaí cumarsáide fomhuirí. De bhun Airteagal 23 den Dara Treoir NIS, ba cheart teagmhais a dhéanann difear do cháblaí cumarsáide fomhuirí a thuairisciú don Fhoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘CSIRT’) ábhartha nó don údarás inniúil ábhartha. I straitéis náisiúnta chibearshlándála na mBallstát, ba cheart, i gcás inarb ábhartha, cibearshlándáil cáblaí cumarsáide fomhuirí a chur san áireamh agus ba cheart a bheith ar áireamh inti mapáil ar rioscaí cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar bhearta maolaithe chun an leibhéal is airde cosanta a bhaint amach. |
|
(10) |
Is é is aidhm do Threoir CER a áirithiú go ndéanfar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun a sholáthar ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach san aon earnáil déag a chumhdaítear leis an Treoir. Áirítear leis sin athléimneacht fhisiceach eintiteas criticiúil lena soláthraítear na seirbhísí sin a fheabhsú. Le Treoir CER cumhdaítear earnáil an bhonneagair dhigitigh maidir leis an méid a bhaineann le heintitis chriticiúla san earnáil sin a shainaithint, straitéisí náisiúnta a ghlacadh, measúnuithe riosca na mBallstát agus bearta tacaíochta na mBallstát le haghaidh eintiteas ar eintitis iad a shainaithin na Ballstáit mar eintitis chriticiúla. |
|
(11) |
I Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (8), cuirtear i dtábhacht an baol méadaithe go ndéanfaidh gníomhaithe mailíseacha ionsaithe ar bhonneagar criticiúil muirí, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, agus moltar gníomhaíochtaí chun athléimneacht agus cosaint an bhonneagair sin a fheabhsú. |
|
(12) |
Mar a cuireadh i dtábhacht sa Séú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála, tá reachtaíocht shuntasach curtha ar fáil ag an Aontas i ndáil le gach rud ó eintitis chriticiúla a chosaint go cibear-athléimneacht a fheabhsú. Idir an dá linn, áfach, tá timpeallacht na bagartha slándála san Eoraip agus inár gcomharsanacht ag forbairt i gcónaí, rud a léiríonn an gá atá le hairdeall leanúnach agus ardleibhéal ullmhachta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua maidir le slándáil an bhonneagair chriticiúil, ar líne agus as líne araon. |
|
(13) |
Is é is aidhm don Mholadh seo sineirgí a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais chun slándáil agus athléimneacht an bhonneagair cáblaí fomhuirí a mhéadú. Moltar ann gníomhaíochtaí sonracha chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar chomhordú idir an tAontas agus a Bhallstáit a mhéid a bhaineann le slándáil agus athléimneacht na mbonneagar cáblaí fomhuirí atá ann cheana agus na mbonneagar cáblaí fomhuirí nua agus a mhéid a bhaineann leis an tacaíocht d’imscaradh comhpháirteach nó uasghrádú mór na mbonneagar sin trí Thionscadail Chábla ar mhaithe le Leas na hEorpa (‘CPEI’). |
|
(14) |
Áirítear le bonneagair cáblaí fomhuirí ní hamháin cáblaí ach freisin aon bhonneagar a bhaineann lena dtógáil, lena n-oibriú, lena gcothabháil agus lena ndeisiú, amhail stáisiúin tuirlingthe agus codanna talún an chábla fomhuirí a nascann leo (e.g. bealaí talún ó dhúnphoill trá go stáisiún tuirlingthe, ionad sonraí, nó pointe láithreachta), ionaid deisithe, chomh maith le flít soithí imscartha, cothabhála agus deisithe. |
|
(15) |
Tá an Grúpa Saineolaithe maidir le Bonneagar Cáblaí Fomhuirí á chur ar bun ag an gCoimisiún, de réir bhrí Chinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016, (9) Grúpa Saineolaithe ina bhfuil údaráis na mBallstát (‘an Grúpa Saineolaithe’), chun comhairle agus saineolas a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an obair leantach ar an Moladh seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(16) |
Baileoidh an Grúpa Saineolaithe na saineolaithe is gá agus feidhmeoidh sé mar ardán slán le haghaidh comhordú idir na Ballstáit agus cuirfidh sé comhairle agus cúnamh ar fáil don Choimisiún lena gcomhlánófar na róil agus na cúraimí arna ndéanamh ag an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise arna bhunú leis an Dara Treoir NIS agus ag Grúpa CER arna bhunú le Treoir CER. Ba cheart don Ghrúpa Saineolaithe malartú tapa éifeachtach faisnéise a éascú idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Mholta seo. Chun dlúthnasc a choinneáil ar bun idir ábhair slándála agus athléimneacht na mbonneagar cáblaí fomhuirí chomh maith lena gcistiú agus lena maoiniú, ba cheart do na Ballstáit laistigh den Ghrúpa Saineolaithe dul i gcomhairle go rialta leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le Grúpa CER, le Coistí na mBallstát de chláir chistiúcháin an Aontais, le húdaráis ó thríú tíortha, le hinstitiúidí forbartha poiblí agus airgeadais, le hionadaithe tionscail agus le páirtithe leasmhara eile, ba cheart dóibh iad a thabhairt cothrom le dáta agus dul i ndlúthchomhar leo, de réir mar is iomchuí. Ní mór an comhar sin a dhéanamh faoi chuimsiú shainorduithe na ngrúpaí, na gcoistí agus na n-údarás lena mbaineann faoi seach. Bheadh an comhairliúchán le Coistí chláir chistiúcháin an Aontais chomh maith le hinstitiúidí forbartha agus airgeadais dírithe go háirithe ar leas a bhaint as sineirgí chomh maith le cistiú agus maoiniú a chomhthiomsú. Ba cheart faisnéis a mhalartú ar an leibhéal rúndachta iomchuí. |
|
(17) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cibearshlándála agus slándála fisiciúla a bhaint amach i mbonneagair cáblaí fomhuirí, gan beann ar a n-úinéir, iarrtar ar na Ballstáit leis an Moladh seo bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí bonneagair cáblaí fomhuirí na caighdeáin slándála is airde (lena n-áirítear caighdeáin ar leibhéal na cosanta, i gcás inarb iomchuí). |
|
(18) |
Chun ardleibhéal cibearshlándála agus slándála fisiciúla bonneagar cáblaí fomhuirí a bhaint amach, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun faisnéis ábhartha a bhailiú (10) ó eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas nó, más gá, ó ghnóthais aonair laistigh dá ndlínse. Ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun mapáil náisiúnta bonneagair cáblaí fomhuirí a bhunú, a chomhlánú agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis na Ballstáit uile lena mbaineann. Le haon bhailiú nó malartú faisnéise, ba cheart rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú agus leasanna slándála agus tráchtála na n-eintiteas lena mbaineann a chosaint. |
|
(19) |
Mar chéim thábhachtach chun measúnú comhdhlúite a fhorbairt ar fud an Aontais, ba cheart measúnú ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais a dhéanann difear do bhonneagair cáblaí fomhuirí a dhéanamh agus a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a chur san áireamh leis sin, mar thúsphointe, measúnuithe riosca agus meastóireachtaí riosca atá ann cheana ar fud an Aontais, go háirithe iad siúd a rinneadh de bhun ‘Glao Nevers’, na Conclúidí ón gComhairle maidir le Seasamh Cibearshlándála an Aontais a Fhorbairt agus – le haghaidh chibearshlándáil líonraí 5G – tar éis Mholadh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún (11). Ba cheart mapáil ar na bonneagair atá ann cheana agus ar bhonneagair atá beartaithe a bheith san áireamh sa mheasúnú náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit na hoibleagáidí náisiúnta maidir le soláthróirí agus oibreoirí codanna íogaire den bhonneagar a threisiú tuilleadh agus an Dara Treoir NIS á cur chun feidhme acu. |
|
(20) |
Chun ullmhacht a fheabhsú agus ionchur a sholáthar le haghaidh measúnuithe riosca comhordaithe amach anseo ar leibhéal an Aontais, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun eintitis a oibríonn bonneagair cáblaí fomhuirí a chur faoi réir tástálacha struis rialta. Chuideodh tástálacha struis den sórt sin le measúnú a dhéanamh ar athléimneacht eintiteas i gcásanna éagsúla. |
|
(21) |
Ba cheart a mheas go bhfuil sé riachtanach bonneagair cáblaí fomhuirí a bhunú, a uasghrádú agus a choinneáil ar bun chomh tapa agus is féidir, agus an t-ualach riaracháin á choinneáil chomh híseal agus is féidir ag an am céanna. Chuige sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun iarratais a bhaineann le pleanáil, fáil, tógáil, oibriú, cothabháil agus deisiú na mbonneagar sin a phróiseáil ar líne a luaithe is féidir. Ba cheart na Ballstáit a chur ar an eolas maidir lena úsáidí atá sé údarás a cheapadh chun na próisis deonaithe ceadanna a éascú agus a chomhordú. D’fhéadfadh an t-údarás sin comhordaitheoir a cheapadh, comhordaitheoir a d’fheidhmeodh mar phointe teagmhála aonair don tionscadal. Thairis sin, i gcás inar gá chun maolú a dheonú faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (12) agus Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ba cheart a mheas go bhfuil pleanáil, fáil, tógáil, oibriú, cothabháil agus deisiú na mbonneagar sin ar mhaithe le leas poiblí sáraitheach de réir bhrí na dTreoracha sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá fágtha agus a leagtar amach sna forálacha sin. Tá seo gan dochar d’infheidhmeacht nó do chur chun feidhme dlíthe comhshaoil eile an Aontais. |
|
(22) |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun oibriú i gcomhar le chéile chun acmhainní cothabhála agus deisithe a fhorbairt le haghaidh bonneagair cáblaí fomhuirí. |
|
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, gur gá na measúnuithe riosca leanúnacha agus pleanáilte maidir le bonneagair dhigiteacha agus fhisiceacha atá mar bhonn le seirbhísí digiteacha a chomhlánú le measúnuithe riosca ar leith agus roghanna maidir le bearta maolaithe a bhaineann le bonneagair cáblaí fomhuirí. Iarrfar ar an nGrúpa Saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le Grúpa CER agus le tacaíocht ó ENISA, chun measúnú comhdhlúite ar fud an Aontais a dhéanamh ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais lena gcumhdaítear cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil bhonneagair cáblaí fomhuirí agus a slabhraí soláthair araon. Leis an measúnú comhdhlúite sin, d’fhéadfaí cur le torthaí na measúnuithe riosca a rinneadh, go háirithe measúnuithe riosca náisiúnta maidir le cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil bhonneagair cáblaí fomhuirí agus a slabhraí soláthair, agus iad siúd i gcomhthéacs Ghlao Nevers agus na conclúidí ón gComhairle maidir le Seasamh Cibearshlándála an Aontais a Fhorbairt agus le haghaidh líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534. Mar thoradh ar an measúnú comhdhlúite, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar mholtaí ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear bearta maolaithe atá beartaithe. |
|
(24) |
Sa chéad chéim, d’fhéadfadh an Grúpa Saineolaithe cabhrú leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe riosca náisiúnta chun faisnéis atá in easnamh a shainaithint lena gcuirfí cosc ar mheasúnú comhdhlúite ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais, go háirithe ar sholáthróirí ardriosca, agus athbhreithniú a dhéanamh ar mhapáil na mbonneagar cáblaí fomhuirí atá ann cheana agus atá beartaithe agus a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta (lena n-áirítear suíomh, acmhainneacht, saintréithe teicniúla agus úinéireacht an bhonneagair cáblaí) chomh maith leis an idirghníomhú idir sraitheanna fisiciúla agus loighciúla. D’fhéadfadh an Grúpa Saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún na bonneagair cáblaí fomhuirí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a mhapáil, bunaithe ar na cleachtaí mapála náisiúnta agus é a choinneáil cothrom le dáta, ar bhonn bliantúil ar a laghad. Ba cheart idirnaisc le bonneagair chriticiúla eile a chur san áireamh san athbhreithniú, go háirithe cáblaí leictreachais, píblínte gáis agus suiteálacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta, chomh maith le bonneagair teileachumarsáide eile. (14) Féadfar faisnéis mhapála neamhíogair a roinnt le pointí faisnéise bonneagair ábhartha, amhail i gcomhthéacs na Treorach maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (An treoir maidir le costas leathanbhanda a laghdú) agus an Ghnímh um Bonneagar Gigighiotáin a bheidh ann amach anseo. |
|
(25) |
Sa dara céim, spreagtar an Grúpa Saineolaithe le bearta a mholadh chun an fhaisnéis atá in easnamh a chomhlánú agus modheolaíocht chun an fhaisnéis bhreise a chomhdhlúthú leis na measúnuithe atá ann cheana, lena mbunaítear an bhonnlíne le haghaidh measúnú ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais. |
|
(26) |
Sa tríú céim, spreagtar an Grúpa Saineolaithe chun úsáid a bhaint as an modheolaíocht a bunaíodh sa chéim roimhe seo chun mapáil chomhdhlúite iarbhír ar fud an Aontais a dhéanamh ar bhonneagair cáblaí fomhuirí agus measúnuithe ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais bhonneagair cáblaí fomhuirí, go háirithe ar sholáthróirí ardriosca. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tograí le haghaidh bearta maolaithe, lena n-áirítear na rioscaí, na leochaileachtaí agus na spleáchais a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí Thionscadail Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcomhréir leis an Moladh seo chun bearnaí straitéiseacha a líonadh agus chun naisc nua a bhunú lena méadófaí an athléimneacht agus lena n-íoslaghdófaí riosca. Bheadh breithnithe maidir le tástálacha struis a chomhchuibhiú san áireamh sa chéim seo freisin, mar shampla, a mhéid a bhaineann le hagaí freagartha agus deisiúcháin chomh maith le heagrú freagartha ar theagmhais agus acmhainneachtaí, ar fud teorainneacha sibhialta-míleata agus náisiúnta-réigiúnacha. |
|
(27) |
Ba cheart don Ghrúpa Saineolaithe feidhmiú mar fhóram do na Ballstáit chun faisnéis a mhalartú idir a chéile agus leis an gCoimisiún, ag obair le chéile chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chreat reachtach atá ann cheana a shainaithint agus sineirgí a chruthú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin faisnéis maidir le feasacht staide, teagmhais agus freagairt ar theagmhais, chomh maith leis na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm. Ba cheart faisnéis a mhalartú ar bhealach rialta struchtúrtha agus ar an leibhéal rúndachta iomchuí, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go bhféadfadh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn cás ar chás, mar shampla i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha. |
|
(28) |
Is é is aidhm don Mholadh seo úsáid nó uasghrádú mór ar bhonneagar cáblaí fomhuirí a spreagadh trí CPEInna i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear rialacha maidir le Státchabhair. Chun é sin a dhéanamh, tá sé tábhachtach na Ballstáit a spreagadh chun oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún tríd an nGrúpa Saineolaithe chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún liosta CPEInna straitéiseacha a chomhlíonann roinnt critéar a áirítear sa Mholadh seo a mholadh. |
|
(29) |
Bunaithe ar an measúnú comhdhlúite ar fud an Aontais a luaitear thuas, spreagtar an Grúpa Saineolaithe liosta CPEInna a mholadh agus moladh a thabhairt i dtaobh conas a thabharfadh siad aghaidh ar na bearnaí straitéiseacha, na rioscaí, na leochaileachtaí agus na spleáchais a sainaithníodh ó dhearcadh uile-Aontais. Faoi réir na rialacha foluiteacha faoi seach, d’fhéadfaí an liosta a mheas faoi chláir chistiúcháin de chuid an Aontais a dtagann tionscadail den sórt sin faoina raon feidhme, go háirithe faoi Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (‘Rialachán SCE’), Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (‘Rialachán IPA III’), Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) (‘Rialachán RRF’) agus faoi na Cistí Struchtúracha. I gcás inarb infheidhme, d’fhéadfaí an liosta a léiriú sna bunghníomhartha, nó sna hiarscríbhinní a ghabhann leo, trí úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe, amhail i gcás Rialachán CSE. Níor cheart moill a chur ar thionscadail a forbraíodh faoi chuimsiú straitéis Global Gateway mar thoradh ar aon bhreithniú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) (‘an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda’). |
|
(30) |
D’fhéadfadh na critéir chun CPEInna a shainaithint a bheith bunaithe ar an méid seo a leanas: Ar an gcéad dul síos, mar réamhriachtanas, ba cheart don mhapáil fianaise a chur ar fáil maidir le bearna i mbonneagair cáblaí fomhuirí, lena n-áirítear an gá le bealaí slána nua nó malartacha a bhunú, nó acmhainneacht nó athléimneacht bhonneagair cáblaí fomhuirí atá ann cheana a mhéadú. Ina theannta sin, ba cheart do CPEInna cur go mór le slándáil shlabhra soláthair bhonneagair cáblaí fomhuirí a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart tábhacht gheostraitéiseach a bheith ag CPEInna, i bhfianaise leasanna an Aontais agus na mBallstát, agus le CPEInna ba cheart go gcomhlíonfaí riachtanais nascachta a bhfuil riosca rómhór ag baint lena gcomhlíonadh trí infheistíochtaí príobháideacha amháin. |
|
(31) |
I measc na gcritéar cur chun feidhme a d’fhéadfaí a chur san áireamh le haghaidh tionscadail straitéiseacha, áirítear infheistíocht mhór nua a áirithiú a chruthóidh cumais mhóra nua ó thaobh na slándála, na feidhmíochta agus na hathléimneachta de, ó thaobh shlándáil an tslabhra soláthair agus na hinbhuanaitheachta de. Bhainfeadh méaduithe feidhmíochta go háirithe le hacmhainneacht tréchuir sonraí agus le haga folaigh íseal. D’áireofaí ar mhéaduithe slándála agus athléimneachta measúnú scóipe na hiomarcaíochta fisicí agus loighciúla i dtionscadal, ardchaighdeáin slándála agus teicneolaíocht, amhail córais braiteora agus faireacháin, chomh maith le hacmhainneacht an chabhlaigh soithí a imscaradh, a chothabháil agus a dheisiú. |
|
(32) |
Nuair a chuirtear chun feidhme iad, ba cheart do thionscadail straitéiseacha méadú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na bbonneagar cáblaí fomhuirí trína dtionchar aeráide, fuinnimh agus comhshaoil fhoriomláin a laghdú. |
|
(33) |
Bunaithe ar an gcomhar mór le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta, go háirithe trí Chomhairlí Trádála agus Teicneolaíochta agus Comhpháirtíochtaí Digiteacha, agus i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le Taidhleoireacht Dhigiteach an Aontais an 26 Meitheamh 2023, i gcomhar leis an Aontas, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a n-iarrachtaí a neartú chun bonneagair cáblaí fomhuirí shlána, iontaofa agus athléimneacha a fhorbairt i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Mholadh seo. Má chruthaítear iad, ba cheart do CPEInna rannchuidiú lena áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas nascadh go slán lena chomhpháirtithe straitéiseacha. Baineann sé sin go háirithe le tionscadail straitéiseacha a bhaineann leis an gcomhar maidir leis an nascacht Artach, thrasatlantach agus an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Le Straitéis Global Gateway, cuirtear creat ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit chun dlúthchomhar a fhorbairt leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha chun nascacht dhigiteach iontaofa, shlán agus athléimneach a chumasú idir an tAontas agus na tíortha agus na réigiúin ar a ndírítear leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, san Afraic Fho-Shahárach, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Ag féachaint don ghá atá le cur chuige comhleanúnach a choinneáil ar bun i dtreo bonneagair cáblaí fomhuirí atá slán, iontaofa agus athléimneach agus chun foráil a dhéanamh maidir le comhlántacht idir gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as an nGrúpa Saineolaithe chun iad féin, an Coimisiún agus an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí a chomhordú agus a choinneáil ar an eolas maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Mholta seo, i ndáil le malartuithe déthaobhacha le tríú tíortha agus leis an gcomhar iltaobhach araon. |
|
(34) |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun oibriú i gcur chuige comhordaithe i bhfóraim iltaobhacha agus ilpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear G7, an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) i gcomhréir leis na prionsabail, cuspóirí agus uirlisí Thaidhleoireacht Dhigiteach an Aontais. |
|
(35) |
Ba cheart don Aontas iarracht a dhéanamh an comhar le ECAT a dhoimhniú a thuilleadh maidir leis an athléimneacht, lena n-áirítear bonneagair cáblaí fomhuirí chriticiúla, i gcomhréir leis an tríú Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT (20), comhlántach na n-iarrachtaí a chur chun cinn agus dúbláil neamhriachtanach a sheachaint, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, na cómhalartachta agus na cuimsitheachta chomh maith le neamhspleáchas cinnteoireachta gach eagraíochta. Ag tógáil ar na moltaí i dTuarascáil Mheasúnachta Deiridh Thascfhórsa AE-ECAT (21), i gcomhthéacs an Idirphlé Struchtúrtha maidir le hAthléimneacht, ba cheart d’fhoireann an Aontais féachaint, inter alia, le feasacht staide chomhroinnte le foireann ECAT a chur chun cinn a thuilleadh. |
|
(36) |
Agus é ag rannchuidiú le hinfheistíochtaí a ghiaráil le haghaidh tionchar claochlaitheach, rannchuidíonn an Moladh seo le cuspóirí Global Gateway chun nascacht dhigiteach dhomhanda a neartú, i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin an Aontais. Agus an Moladh seo á leanúint acu, ba cheart do na Ballstáit cur chuige Fhoireann na hEorpa a shaothrú agus na struchtúir rialachais atá ann cheana a bhunaigh an tAontas agus a Bhallstáit a úsáid chun straitéis Global Gateway agus na Pleananna Infheistíochta Eacnamaíocha a chur chun feidhme. |
|
(37) |
Ós rud é gur páirtithe leasmhara príobháideacha a úsáideann bonneagair cáblaí fomhuirí de ghnáth, agus i bhfianaise leasanna straitéiseacha an Aontais agus a Bhallstát araon, ba cheart CPEInna, má bhunaítear iad, a chistiú le maoiniú príobháideach, a bhféadfaí tacú leis nuair is gá trí mheascán de bhuiséad an Aontais agus den bhuiséad náisiúnta, i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair. Féadfar cláir chistiúcháin an Aontais a úsáid i gcomhcheangal le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó Bhainc Náisiúnta le haghaidh Spreagadh, ó institiúidí airgeadais forbartha agus poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí i gcomhréir leis na forálacha ábhartha lena rialaítear úsáid bhuiséad an Aontais. |
|
(38) |
Tá cáblaí fomhuirí á gcistiú ag Rialachán SCE faoi láthair mar chnámh droma a nascann críocha an Aontais agus an tAontas le tríú tíortha. Léiríonn an ró-shuibscríobh mór a thugtar faoi deara sna glaonna gaolmhara go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar chistiú cáblaí fomhuirí atá slán, athléimneach agus ardfheidhmíochta. I bhfianaise na gcostas agus na rioscaí comhsheasmhacha atá i gceist, tá tacaíocht airgeadais SCE ríthábhachtach chun riosca a mhaolú agus infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus chun tionscadail a dhéanamh iontaofa ó thaobh brabúis. |
|
(39) |
Féadfaidh an Coimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh ar fheabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí airgeadais agus saoráidí measctha chun tacú le CPEInna, trí úsáid a bhaint as buiséad ó Rialachán SCE agus as ionstraimí ábhartha eile, d’fhonn caipiteal príobháideach a mhealladh agus feidhmiú de réir théarmaí an mhargaidh, lena spreagtar na Ballstáit rannchuidiú, ar deireadh trína mBainc agus trína nInstitiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh. Féadfaidh InvestEU a bheith ina mhodh chun CPEInna a mhaoiniú. |
|
(40) |
Ba cheart an Moladh seo a bheith gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil, lena n-áirítear ceart na mBallstát soláthraithe nó soláthróirí a eisiamh óna margaí ar chúiseanna slándála náisiúnta. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
1. RAON FEIDHME AGUS CUSPÓIRÍ
|
(1) |
Sainaithnítear sa Mholadh seo sraith gníomhaíochtaí spriocdhírithe a d’fhéadfadh na Ballstáit a shaothrú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
2. SAINMHÍNITHE
|
(2) |
Chun críocha an Mholta seo, ciallaíonn ‘bonneagar cáblaí fomhuirí’ an cábla cumarsáide fomhuirí féin agus ciallaíonn sé freisin aon bhonneagar a bhaineann lena thógáil, lena oibriú, lena chothabháil agus lena dheisiú. |
|
(3) |
Maidir leis an gcuid eile, tá feidhm ag sainmhínithe Threoir (AE) 2022/2555 (‘an Dara Treoir NIS’). |
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ AR LEIBHÉAL NA MBALLSTÁT
3.1. An tSlándáil
|
(4) |
Moltar do na Ballstáit ardleibhéal slándála sa bhonneagar cáblaí fomhuirí a chur chun cinn, gan beann ar a n-úinéir, ag gníomhú dóibh, i gcás inarb infheidhme agus inarb iomchuí, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 (‘EECC’), sa Dara Treoir NIS agus i dTreoir (AE) 2022/2557 (‘Treoir CER’), chomh maith leis na gníomhaíochtaí ábhartha i Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh. Moltar dóibh a áirithiú go ndéanfar an bonneagar a bhainistiú agus a rialú go leordhóthanach sa chaoi go gcosnófar ar bhagairtí seachtracha é agus go gcaomhnófar a shlándáil, lena n-áirítear slándáil na sonraí a mhalartaítear tríd an mbonneagar. Agus an méid sin á dhéanamh ag na Ballstáit, moltar dóibh caighdeáin slándála ar leibhéal na cosanta a chur san áireamh i gcás inarb ábhartha, chun comhar le gníomhaithe míleata a éascú. |
|
(5) |
Ba cheart don Choimisiún a bheartú an fhaisnéis is gá a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas nó, más gá, ar ghnóthais aonair chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus athléimneacht na mbonneagar cáblaí fomhuirí. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun mapáil náisiúnta bonneagair cáblaí fomhuirí a bhunú, a chomhlánú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus an fhaisnéis atá in easnamh á líonadh isteach i gcleachtaí bailithe sonraí atá ann cheana. Le haon bhailiú nó le haon mhalartú faisnéise, ba cheart rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú agus slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas lena mbaineann a chosaint i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme. |
|
(6) |
Moltar do na Ballstáit measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanamh ar chibearshlándáil agus ar shlándáil fhisiciúil na mbonneagar cáblaí fomhuirí agus a slabhraí soláthair, agus measúnuithe riosca ábhartha ar leibhéal an Aontais agus torthaí tástálacha struis á gcur san áireamh. Bheadh na measúnuithe náisiúnta níos ábhartha dá n-áireofaí iontu mapáil ar na bonneagair atá ann cheana agus atá beartaithe agus dá gcuirfí critéir theicniúla agus neamhtheicniúla maidir le rioscaí slándála san áireamh iontu. |
|
(7) |
Moltar do na Ballstáit na hoibleagáidí atá ar sholáthróirí agus ar oibreoirí a threisiú agus an Dara Treoir NIS á cur chun feidhme acu, agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais faoin Moladh seo á gcur san áireamh, chun slándáil na gcodanna íogaire de na bonneagair a áirithiú chomh maith le hoibleagáidí, i gcás inarb iomchuí, amhail faisnéis ábhartha a sholáthar d’údaráis náisiúnta inniúla maidir le hathruithe atá beartaithe ar bhonneagair cáblaí fomhuirí agus ceanglais chun go ndéanfaidh saotharlanna náisiúnta iniúchóireachta/deimhniúcháin comhpháirteanna agus córais shonracha teicneolaíochta faisnéise a thástáil roimh ré chun críoch slándála agus sláine. |
3.2. Tástáil rialta struis a dhéanamh ar eintitis
|
(8) |
Moltar do na Ballstáit oibreoirí bonneagar cáblaí fomhuirí a spreagadh agus tacú leo i dtástáil rialta struis bunaithe ar phrionsabail choiteanna ar leibhéal an Aontais, agus go háirithe na measúnuithe comhdhlúite ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais na mbonneagar cáblaí fomhuirí i bpointí (16) go (20). |
|
(9) |
D’fhéadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí tástála den sórt sin leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (‘Rialachán CED’), go háirithe faoi chlár oibre cibearshlándála 2023-2024 de chuid an Chláir don Eoraip Dhigiteach. |
3.3. Luathú náisiúnta na nósanna imeachta um dheonú ceadanna
|
(10) |
Moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar iarratais riaracháin a bhaineann le pleanáil, fáil, tógáil, oibriú, cothabháil agus deisiú na mbonneagar cáblaí fomhuirí a phróiseáil ar líne agus ar bhealach éifeachtúil tráthúil. Chuige sin, spreagtar na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann chun a áirithiú go gcaitear chomh mear agus is féidir de réir dlí leis na hiarratais sin. |
|
(11) |
I gcás inarb ann don chineál seo stádais sa dlí náisiúnta, ba cheart comhairle mhaith a thabhairt do na Ballstáit an stádas tábhachta náisiúnta is airde is féidir a thabhairt do bhonneagair cáblaí fomhuirí agus caitheamh leo dá réir sin maidir le próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear ceadanna a bhaineann le measúnuithe comhshaoil agus, má fhoráiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, maidir leis an bpleanáil spásúlachta. |
|
(12) |
Moltar do na Ballstáit slándáil agus athléimneacht na mbonneagar cáblaí fomhuirí a mheas mar chúis dhianriachtanach leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)(c) de Threoir 92/43/CEE agus mar ábhar leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit féachaint ar bhonneagair cáblaí fomhuirí a phleanáil, a fháil, a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a dheisiú mar leas poiblí sáraitheach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá fágtha agus a leagtar amach sna forálacha sin. |
|
(13) |
Spreagtar na Ballstáit údarás a ainmniú a bheidh freagrach as iarratais riaracháin a éascú agus a chomhordú, ar iarratais iad a bhaineann le pleanáil, fáil, tógáil, oibriú, cothabháil agus deisiú na mbonneagar cáblaí fomhuirí. Dá réir sin, d’fhéadfadh an t-údarás comhordaitheoir a cheapadh a d’fheidhmeodh mar phointe teagmhála aonair, agus d’fhéadfadh sé meitheal a thionól ina ndéanfaí ionadaíocht do na húdaráis uile a bhfuil baint acu leis na hiarratais riaracháin chun sceideal deonaithe ceadanna a tharraingt suas agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an sceidil sin. |
|
(14) |
Más gá do dhá Bhallstát nó níos mó a bheith rannpháirteach sna cinntí atá le déanamh, ba cheart na húdaráis faoi seach a spreagadh na bearta ar fad is gá a dhéanamh ar mhaithe le comhar agus comhordú éifeachtúil agus éifeachtach eatarthu féin agus leis an gCoimisiún. D’fhéadfadh údaráis ó thríú tíortha a bheith i gceist leis sin, de réir mar is iomchuí. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun acmhainneacht chothabhála agus deisithe a fhorbairt le haghaidh cáblaí fomhuirí. Ba cheart dóibh dul i gcomhar leis an gCoimisiún chun an cabhlach reatha a mhapáil agus chun na riachtanais a shainiú ar bhealach réamhbhreathnaitheach. |
4. GNÍOMHAÍOCHTAÍ NA mBALLSTÁT AR LEIBHÉAL AN AONTAIS
|
(15) |
Ba cheart gníomhaíochtaí agus comhordú na mBallstát a leagtar amach sa roinn seo a dhéanamh faoi chuimsiú grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil. |
4.1. I dtreo measúnú comhdhlúite ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais
|
(16) |
Moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún mapáil a dhéanamh ar na bonneagair cáblaí fomhuirí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar na cleachtaí mapála náisiúnta, agus mapáil den sórt sin a choinneáil cothrom le dáta, ar bhonn bliantúil ar a laghad. Ba cheart a áireamh leis an mapáil na sonraí ábhartha uile lena mbaineann amhail an acmhainneacht atá ar fáil agus an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith ann, saintréithe teicniúla, príomhghnéithe slándála, socruithe iomarcaíochta agus/nó piarála, faisnéis úinéireachta agus rialaithe, agus saintréithe inbhuanaitheachta. |
|
(17) |
Moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe atá ann cheana agus faisnéis atá in easnamh a shainaithint lena gcuirtear cosc faoi láthair ar mheasúnú comhdhlúite ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais, go háirithe i gcás soláthróirí ardriosca, a bhaineann le bonneagair cáblaí fomhuirí, lena n-áirítear a slabhraí soláthair criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22 den Dara Treoir NIS, agus idirghaolta le bonneagair chriticiúla eile, go háirithe cáblaí leictreachais agus píblínte gáis, á gcur san áireamh. |
|
(18) |
Spreagtar na Ballstáit bearta a mholadh don Choimisiún chun an fhaisnéis atá in easnamh a chur i gcrích, chomh maith le modheolaíocht a mholadh lena bhféadfaí an measúnú comhdhlúite sin ar fud an Aontais a dhéanamh ar bhonn rialta agus a oibríochtú le haghaidh tástáil rialta struis. |
|
(19) |
Moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnuithe comhdhlúite rialta ar fud an Aontais a dhéanamh ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais na mbonneagar cáblaí fomhuirí. |
|
(20) |
Ar bhonn an mheasúnaithe sin, iarrtar ar na Ballstáit cuidiú leis an gCoimisiún ‘Bosca Uirlisí um Shlándáil Cáblaí’ a chur chun cinn, ina leagtar amach bearta maolaithe a mholtar do na Ballstáit a ghlacadh chun rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais a shainaithnítear sa mheasúnú comhdhlúite ar fud an Aontais a laghdú, go háirithe i gcás soláthróirí ardriosca. |
4.2. Comhroinnt faisnéise agus cúnamh frithpháirteach
|
(21) |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú go rialta maidir le feasacht staide, teagmhais agus freagairt ar theagmhais, chomh maith leis na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm, agus an leas is fearr is féidir á bhaint as sineirgí leis na húdaráis inniúla faoin Dara Treoir NIS agus faoi Threoir CER. Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile, go háirithe chun an tionchar ar an Aontas ina iomláine a mhaolú. |
|
(22) |
Spreagtar na Ballstáit chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann réitigh nuálacha a ghlacadh chun bagairtí ar bhonneagar cáblaí fomhuirí a bhrath agus a dhíspreagadh, agus torthaí na dtionscadal a fhaigheann cistiú ón Aontas á gcur san áireamh go háirithe. |
|
(23) |
Sna gníomhaíochtaí comhroinnte faisnéise agus cúnaimh fhrithpháirtigh sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) a láimhseáil ar leibhéil éagsúla aicmiúcháin. Chun na críche sin, spreagtar na Ballstáit chun saineolaithe a bhfuil an leibhéal iomchuí saineolais agus imréitigh slándála acu a chur ar fáil i gcomhréir le prionsabal an tionscnóra. Ba cheart do na Ballstáit leibhéal aicmiúcháin iomchuí na faisnéise a chomhroinneann siad a chinneadh freisin agus a áirithiú go mbeidh uirlisí formheasta ar fáil le haghaidh malartú éifeachtúil ar leibhéil éagsúla aicmiúcháin FRAE. |
4.3. Tionscadail Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa
|
(24) |
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún dréachtliosta de Thionscadail Cáblaí straitéiseacha ar mhaithe le Leas na hEorpa (‘CPEInna’) a mholadh, lena n-áirítear an phráinn agus an amlíne a bhaineann leo, ar tionscadail iad a bhféadfaí a mheas go bhfuil tacaíocht á fáil acu trí chláir de chuid an Aontais, arna gcomhlánú le cistí náisiúnta chun bearnaí straitéiseacha a líonadh agus naisc nua a bhunú. |
|
(25) |
Trí chur leis na measúnuithe atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit comhairle a thabhairt don Choimisiún trí na rioscaí, na leochaileachtaí agus na spleáchais sin a shainaithint, ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais iad a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí CPEInna i gcomhréir leis an Moladh seo. |
|
(26) |
Moltar do na Ballstáit liosta de thionscadail straitéiseacha a mholadh lena gcomhlíonfaí na critéir seo a leanas, gan dochar do rialacha chláir ábhartha an Aontais atá á meas le haghaidh cistiúcháin ná do rialacha maidir leis an státchabhair:
|
|
(27) |
Moltar do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar liosta na dtionscadal straitéiseach agus nuashonrú a dhéanamh air bunaithe ar na measúnuithe comhdhlúite ar fud an Aontais ar rioscaí, leochaileachtaí agus spleáchais na mbonneagar cáblaí fomhuirí i bpointe (19). Ina theannta sin, spreagtar na Ballstáit comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart do thionscadail straitéiseacha aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, na leochaileachtaí agus na spleáchais a shainaithnítear. Chun na críche sin, moltar do na Ballstáit na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
|
4.4. Comhar idirnáisiúnta
|
(28) |
Na Ballstáit agus an tAontas, agus iad ag obair de réir chur chuige Fhoireann na hEorpa (23) agus ag tógáil ar an gcomhar idirnáisiúnta atá ann cheana, ba cheart iad a spreagadh dul i gcomhar le chéile chun forbairt bonneagar cáblaí fomhuirí atá slán, iontaofa agus athléimneach a chur chun cinn le tíortha an mhéadaithe, le tríú tíortha, le comhpháirtithe straitéiseacha, agus i bhfóraim iltaobhacha agus ilpháirtithe leasmhara, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Mholadh seo, go háirithe d’fhonn CPEInna a chur chun cinn. |
5. TIONSCADAIL CÁBLAÍ AR MHAITHE LE LEAS NA hEORPA A CHISTIÚ
|
(29) |
Ba cheart CPEInna a chistiú le maoiniú príobháideach a bhféadfar tacaíocht a thabhairt dó i gcás inar gá agus inarb iomchuí le cláir de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2021/1153 (‘Rialachán SCE’), rud a d’fhéadfaí a chomhlánú le hacmhainní náisiúnta, i gcomhréir nó go comhsheasmhach, i gcás inarb infheidhme, leis na rialacha maidir leis an státchabhair. (24) D’fhéadfaí cistiú ón Aontas a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí oibríochtaí measctha, lena n-áirítear oibríochtaí atá faoi InvestEU faoi láthair, nó trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, de réir rialacha na gclár ábhartha. |
|
(30) |
Moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar rannchuidiú, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, le maoiniú CPEInna inter alia, trí rannpháirtíocht a mBanc agus a nInstitiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh nó trí rannpháirtíocht Comhpháirtithe Cur Chun Feidhme eile i saoráidí nó in oibríochtaí measctha ar leibhéal an Aontais (25) agus úsáid á baint as an mbuiséad ó chlár SCE. Leis sin, ba cheart tionchar na ranníocaíochtaí cistiúcháin phoiblí a uasmhéadú, maoiniú príobháideach a ghiaráil agus dearadh na n-infheistíochtaí a éascú, i gcomhréir nó go comhsheasmhach, i gcás inarb infheidhme, leis na rialacha maidir leis an státchabhair (26). Féadfaidh obair an Ghrúpa Saineolaithe bonn eolais a chur faoi phíblínte thionscadail SCE arna bhforbairt ag na comhpháirtithe cur chun feidhme. |
|
(31) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonann infheistíochtaí náisiúnta rialacha maidir leis an státchabhair, na Ballstáit a dhéanann comhinfheistíocht in CPEInna a roghnaíodh le haghaidh cistiú faoi Rialachán SCE nó ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu faoi Rialachán SCE, moltar dóibh féachaint an bhféadfaí bearta cabhrach a cheapadh a chomhlíonann na coinníollacha uile (27) a leagtar síos le Rialachán (AE) 651/2014 ón gCoimisiún (28) agus na leasuithe a rinneadh air. Moltar do na Ballstáit freisin féachaint an féidir tacú le CPEInna trí acmhainneacht a cheannach le haghaidh úsáid phoiblí. |
|
(32) |
Chun CPEInna a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit smaoineamh ar urrann an Bhallstáit faoi InvestEU a úsáid chun rannchuidiú le táirgí airgeadais arna n-imscaradh ag Comhpháirtithe Cur Chun Feidhme InvestEU amhail Bainc agus Institiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh, Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais eile, i gcomhréir le rialacha na gclár cistiúcháin atá i gceist. |
|
(33) |
D’fhéadfaí CPEInna a chistiú freisin trí mheáin airgeadais, mar shampla cistí cothromais. Moltar do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh, lena n-áirítear trína mBainc agus a nInstitiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh, i meáin airgeadais náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais chun tacú le bonneagair cáblaí fomhuirí. |
6. ATHBHREITHNIÚ
|
(34) |
Moltar do na Ballstáit dul i gcomhar leis an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an Mholta seo faoi mhí na Nollag 2025, d’fhonn bealaí iomchuí chun cinn a chinneadh. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sin an measúnú comhdhlúite ar fud an Aontais i bpointí (16) go (20) agus an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme CPEInna. |
7. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(35) |
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Moladh seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) https://presse.economie.gouv.fr/08-03-2022-declaration-conjointe-des-ministres-de-lunion-europeenne-charges-du-numerique-et-des-communications-electroniques-adressee-au-secteur-numerique/
(2) Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú 2023/C 20/01 (IO C 20, 20.1.2023, lch. 1).
(3) Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis an ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’, JOIN(2023) 20 final, 20.6.2023.
(4) Tuarascáil 2023 maidir le Staid na Deacáide Digití, an 27 Meán Fómhair 2023, https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/news-redirect/798346
(5) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(6) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (An Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(7) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(8) Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Athbhreithnithe Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (SSMAE) agus maidir lena Plean Gníomhaíochta, 24 Deireadh Fómhair 2023, https://www.consilium.europa.eu/media/67499/st14280-en23.pdf
(9) C(2016) 3301.
(10) Mar shampla, geoshuíomh na mbealaí, sonraíochtaí teicniúla an chábla, etc.
(11) Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).
(12) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(13) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(14) Mar shampla, ba cheart torthaí na dtástálacha struis san earnáil fuinnimh a dhéantar faoin Moladh maidir le hAthléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil a chur san áireamh.
(15) IO L 155, 23.5.2014, lch. 1.
(16) Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249,14.7.2021, lch. 38).
(17) Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(19) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(20) Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, arna shíniú an 10 Eanáir 2023 ag Ardrúnaí ECAT, ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
(21) Tascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil, Tuarascáil Mheasúnachta Deiridh, 29 Meitheamh 2023.
(22) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021, lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(23) Féachann Foireann na hEorpa le hacmhainní agus saineolas a chomhthiomsú agus is é atá inti an tAontas Eorpach, a Bhallstáit – lena n-áirítear a ngníomhaireachtaí cur chun feidhme agus a mbainc forbartha phoiblí – mar aon leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF).
(24) I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit Tionscadail Thábhachtacha Cáblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) a dhearadh freisin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTeachtaireacht IPCEI (Teachtaireacht maidir leis na critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na státchabhrach leis an margadh inmheánach chun forghníomhú IPCEInna a chur chun cinn (IO C 528, 30.12.2021, lch. 10)).
(25) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6) de Rialachán 2018/1046 (an Rialachán Airgeadais).
(26) De réir Phrionsabal an Oibreora Geilleagair Margaidh, ní thugann idirbhearta arna ndéanamh ag na Ballstáit buntáiste do ghnóthais, agus dá bhrí sin, ní státchabhair iad, má dhéanann comhlachtaí poiblí agus oibreoirí príobháideacha atá i gcás inchomparáide iad (idirbheart pari passu) faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna (agus dá bhrí sin, leis an leibhéal céanna riosca agus luaíochta). Féach roinn 4.2. den Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, IO C 262, 19.7.2016.
(27) Maidir le cabhair chun cábla fomhuirí a úsáid lena gcomhlíontar na coinníollacha uile i gCaibidil I agus coinníollacha sonracha Airteagal 52b de Rialachán (AE) 651/2014, meastar go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2) nó (3) den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh í.
(28) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/779/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)